Peatai

Page 1

Ár bPeataí

Rang 3 & 4


Mo Pheata Boo Boo is ainm dó. Is sicín é.

Tá sé beag, bídeach. Conaíonn sé i mbotháin. Tá cleití an-mhór aige. Itheann sé cnónna agus bananaí. Gléasann sé i gcota fionnadh nuair atá sé fuar. Tá gob mór aige. Uair amháin bhí sé imithe ar strae agus bhí madra mór eile timpeall. Fangs ab ainm don mhadra seo. Bhí Boo Boo greimithe sa gheata agus chuaigh mé ag lorg é. Chonaic mé é. Bhí Fangs in aice leis! Lig mé scread asam agus rith an madra eile. Uair eile tháinig Fangs go dtí mo ghairdín agus nuair a chuaigh mé amach bhí cos Boo Boo briste agus bhí an-chuid dá chleití imithe. Thógamar é chuig an tréidlia. Bhíomar sa tréidlia ar feadh tamall ach tar éis é sin bhi sé ceart go leor.

Déanta ag Rónán


Dori is ainm do mo mhadra. Madra mór, láidir, deas, gleoite isea í. Tá coiléar gorm uirthi. Tá dath dhubh uirthi. Itheann sí an bia a bhíonn fágtha againn taréis dinnéar. Tá beirt chara aici. Marlie agus Fífí is ainm dóibh. Bionn sí ina conaí inár dteach. Bionn sí ag lorg cat chun é nó í a mharú. Tugaim í ar siúlóid liom. Tugaim bia di agus bím ag súgradh cluichí leí. Tá cóta fionnaidh uirthi. Bionn sí ag suí síos i gcónaí. Bím ag súgradh léi gach lá agus ní ghortaíonn sí aon duine mar is madra deas í. Uair amháin dhéan sí poll sa gháirdín, poll mór a bhí ann agus bhí Louise, mo dheirfiúr, ag rith. Thit Louise isteach sa pholl! Bhi Dori in an-chuid trioblóid. Sa deireadh bhí Louise go breá. Sin deireadh mo scéal faoi mo pheata!

Déanta ag Kelly


Tá peata agam. Rosie is ainm di. Is madra í. Tá sí dhá bhliain seacht mí d’aois. Fuaireamar í i bPort Láirge. Bhí sí beag bídeach nuair a fuaireamar í. Tá sí fós beag bídeach. Cheannaíomar í agus fuair sí instealladh. Bhí sí breoite insan gluaisteán ag teacht abhaile. Cheannaíomar coiléar dearg agus leaba dearg di. Nuair a shroicheamar an baile bhí mé ag súgradh léi. Bhí mé ag rith timpeall an trampailín agus bhí sí ag rith i mo dhiaidh.Nuair a thit mé bhí sí ag rith orm.[Is mise an duine is 4fearr léi, dála an scéal!]. Ansin bhí sé am dinnéar. Bhí cnónna,feoil agus uisce aici. Is iad sin na bianna is fearr léi. Ansin chuaigh sí a chodladh. Fós is cuimhin liom eachtra a bhain léi. Bhí sé an lá a tháinig Seán,Rónán agus Darragh go dtí mo theach.Dúirt mo Mham chun glaoch a chur ar Rosie. Ach níor tháinig sí!! Chuaigh mé fein, Seán, Rónán agus Darragh suas go dtí an gheata agus d’fhéachamar síos an bhóthair .Bhí Rosie ag bun an bhóthair! Chuaigh Seán, Rónán agus Darragh abhaile agus chuaigh mé agus mo Mham go dtí an tréidlia le Rosie. Níl a fhios agam cad a dhéan an tréidlia ach nuair a tháinig Rosie amach nách mór gur chonaic mé a cnámh ag gobadh amach as a craiceann! Bhí bindealán uirthi. Tháinig biseach uirthi taréis mí go leith, buíochas le Dia. An deireadh!!

Rosie

Déanta ag Liam


Papa Jim is ainm do mo pheata. Tá sé ceithre bhliain d’aois. Itheann sé sreablach tirim agus cloicheáin. Is Terrapin le bolg buí é. Tá bolg buí agus sliogáin glas air agus tá craiceann glas agus buí aige. Tá se an-fhoréigeanach! Uair amháín bhí sé ag rith timpeall an bhinse agus thit sé. Ansin chuireamar é ar ais sa tanc. Tar éis tamaill chonaiceamar saghas log air. Ach bhí sé go breá. Tá tú fós ábalta an log a fheiscint áfach. Anois tá sé go breá. Ní théann sé in aice le binsí a thuilleadh. An deireadh.

Déanta ag Joshua


Mr. Moncaí is ainm do mo pheata. Ta coiléar aige agus tá sé déanta as bananaí. Is moncaí cliste agus sotalach é. Ta dath rua air. Téann sé fíáin nuair a fhaigheann sé banana. Uair amháin thug me úll dó agus chaith sé é i m’aghaidh! Is fuath leis éan, nuair a fheiceann se éan ar an dtalamh ag ithe barraí, itheann sé an éan. Nuair a théim amach ag siúl leis bíonn sé ag canadh agus ag scréachaigh. Na daoine is fearr ar domhain leis ná na ‘Bananaí I bPitseámaí’. Is maith leis an craiceann níos mó ná an banana atá laistigh den chraiceann. Is maith leis a bheith ag snámh le Nemo. Tá é féin agus peata Darradh, Nemo, an-mhór lena chéile. Uair amháin chuaigh sé ar thuras mhór ar feadh dhá bhliain. Tugaim 100,000 bananaí dó gach lá.

Déanta ag Seán


Mo Pheata Ruby is ainm dí. Tá sí 3 bliana d’aois. Bíonn sí ag rith i ndiaidh gluaisteán. Is Jack Russel í. Is maith léi a bheith ag lorg boladh. Tá sí an - láidir. Tá dáth bán agus spotaí donna uirthí. Uaireanta imíonn sí ar strae. Uair amháin léim sí thar an ngeata agus d’imigh sí ar strae. Dhá la i ndiaidh di bheith imithe, tháinig sí thar nais chuig an teach. Bhí áthas an domhain orainn í a fheiscint arís!

Déanta ag Lucy


Daisy is ainm di. Is meascán í de chollaí agus Jack Russel . Ta si an-ghleoite . Dhéan mé leaba di ar an bpóirse . Tugaim bia agus uisce di. Ceannaíom bréagáin di . Scuabaim mo mhadra gach lá tar éis na scoile. Ta Milly , Mack, Coco agus Maxi an-cháirdiúil léi . Bím ag súgradh léi gach lá. Togaim Daisy amach ag siúl. Uair amhain chuaigh me ag siúl agus nior dhún me an geata. D’imigh me agus tháinig Daisy amach. Tháinig tarraiceoir sios an bhóthair . Bhuail sé Daisy. Bhi sí gortaithe agus chuamar go dti an treidlia. Bhi Daisy ceart go leor tar éis tamall.

Déanta ag Emma


Mo Pheata Nemo is ainm do mo pheata. Is peata iontach, cáirdiúil, deas, sean agus tapaidh é Nemo. Nuair a bhí sé óg chuaigh sé isteach go dtí long a bhí briste agus d’fhan sé ann don oíche ar fad. Bíonn sé ag snámh go tapaidh an t-am ar fad. Tá sé an-ghníomhach. Ta dath ór agus liath air. Tugaim bia dó gach lá. Glanann mo Mhamaí an tanc. Nuair a ghlanann mo mhamaí an tanc tógann sí Nemo amach agus cuireann sí é isteach arís nuair ata sé glan. Bhí dhá iasc eile sa tanc leis ach fuair siad bás. Bhí a scálaí agus eireabaill ag titim astu toisc go raibh galar de shaghas éigin acu. Tá Nemo ina aonar anois.

Déanta ag Darragh


MO PHEATA Jaw cruncher is ainm do mo pheata. Is tíogar é. Cur sios: Is peata mór milteneach láidir é,le eireaball fiáin beag bídeach.Tá sé cáirdiúil agus lán d’fhuinneamh. Tá goile mór aige agus tá sé fíor bhríomhar. Fuar mé é i dtimpiste tragóideach. Bhí mé ar laethanta saoire san Afraic. Chonaic mé é agus bhí leon ag rith ina dhiaidh ag iarraidh breith air. Shábháíl mé é ón leon agus bhíomar cairdiúil ó shin i leith. Bhí mé ag súgradh leis uair amháin ansin tháinig leon mór milteanach inár dtreo. Bhí troid agus bhuaigh Jaw Cruncher. Rith an leon leis agus náire an domhain air. Thógamar Jaw Cruncher go dtí an tréidlia. Dúirt an tréidlia chun fanacht cúpla nóiméad fad is a bhí sé ag tabhairt aire dó. I ndiaidh sin tháinig biseach air.

Déanta ag Isaac


Einstein is ainm dó. Coimeádann mé é i gcás. Tá súile donna aige. Tá sé dubh. Cheannaigh mo Dhaidi é an bliain seo chaite . Tá sé fiáin. Tá eireaball fada aige. Snowy is ainm dá dheirfiúr. Is abhac ón Isiltír é. Glanann mo Dhaidí a chás uair sa tseachtain. Itheann sé cnónna. Tógann mé é amach nuair atá sé grianmhar. Bím ag sugradh leis cuplá uair sa tseachtain.

Déanta ag Kacie


Mo Pheata Seán is ainm do mo pheata. Is hamstar é. Tá sé aon bhlian d’aois. Tá sé gleoite, cáirdiúil agus spraoiúil. Tá sé ina chonaí i gcás sa teach. Is hamstar beag, bídeach é agus níl sé sanntach. Tá sé cáirdiúil le gach duine. Is abhac é. Itheann sé bia do hamstar agus ólann sé uisce. Tá sé an-dhubh agus liath. Fuaireamar é do bhreith-lá Maria. Chuir Andrew an t-ainm Seán air. Bhí ceithre liathroidí hamstar aige. Bhí an chéad cheann bándearg agus bhris Andrew é. An dara cheann bhris sé é fein, níl a fhios againn cad a tharla dó. Maidir leis an dtríú cheann sheas mo chara Conor air. Buíochas le Dia tá an ceathrú cheann fós aige!

Déanta ag Mícheál


Mo Pheata Rua Nua is ainm do mo chat. Is cat rua agus dathúil é Rua. Bíonn eagla ar Rua nuair a fheiceann sé luch nó éan agus ní bhíonn sé ag marú iad. Tá múchadh aige. Tá sé trí bliana d’aois. Fuair mo mham é i gCathair Chorcaí . Bhí na daoine a fuair mo mham é ó ar a laethanta saoire agus chaith duine é thar bhalla a ngáirdín. Chuaigh sé isteach go dtí na sicíní mar ní raibh aon mhamaí aige. Ní raibh siad ábalta é a choiméad mar bhí cat agus madra acu cheanna féin . Bímse ag tabhairt bia dó , ag súgradh leis agus ag cuimilt é. Is breá leis a bheith ina chodladh agus ag súgradh le mo chat eile, Darragh Dubh. Uaireanta is maith leis nuair a bhímid ag tabhairt barróga dó ach uaireanta eile ní maith leis é. Tá marcanna álainne air. Glaomar Rua Nua air mar go raibh cat againn cheana féin agus is é Rua an t-ainm a bhí air agus d’fhéach Rua cosúil leis. Cónaíonn sé istigh inár dteach.

Déanta ag Orlaith


Kitty is ainm di. Tá sí dubh agus bán. Níl ach súil amháin aici. Tugaimid bia di trí n-uaire sa ló. Tá sí 9 mbliana d’aois D’ionsaigh madra rua sí agus chaith si tamall leis an dtréilia. Bhiomar chun í a chur sios ach thógamar a suil amach in ionad é sin Níl ach súil amháin aici anois. Bhris si amach on ghairidín. Ni maith lei an bháisteach. Bíonn sí sa teach nuair a bhíonn sé ag cur báistí. Bíonn sí i dteach mo Nanó freisin.

Déanta ag Anna


Mo Pheata Jacko is ainm dó. Tá spota dubh timpeall a shúil. Ta dath donn air. Bhi timpiste aige. Chuaigh sé amach i gcomhair a bhreagán agus léim duine suas ar an mballa agus thóg siad é! Bhí an-eagla air. Thóg an duine é sa charr ach an lá dár gcionn chuala mé Jaco ag tafann. Chuaigh mé amach agus bhi Jaco amugh. Bhi sé breoite, áfach. Chuaigh mé go dtí an tréidlia leis cúpla lá i ndiadh sin. Bhi sé go breá ansin. Bhí áthas ar gach duine.

Déanta ag Ciara


Mo Pheataí Gato is ainm dó, tá sé trí bliana d’aois. Is cat é. Tá sé mar bhaibín, bionn sé ag rith sa teach gach lá. Is maith leis a bheith ag súgradh le téad ar an bhféar. Ta peata eile agam freisin. Oreo is ainm di. Tá Oreo dubh agus bán. Bíonn sí ag rith sa teach freisin, tá bréagán atá mar cheann babóige aici. Fuair mo chat Tommy bás toisc gur bhuail gluaisteán é. Táim chun border collie agus piscín a fháil i gcúpla seachtain. Is maith le Oreo a bheith ag ithe cuileoga agus is maith le Gato a bheith ag sugradh lena féileacán agus na féileacán oíche.

Déanta ag Ciarán


Ella is ainm do mo pheata. Is leath de Chihuahua í agus leath de bhrocaire – is meascán í! Is peata eaglach,beag, bídeach í Ella. Nuair a bhi mé ag dul ar scoil bhi an doras oscailte agus rith si amach as an dteach agus suas an bhóthair Bhi mo Mham agus mo Dhaidi ag rith suas an bhóthair chun Ella a fháil. Ta sí aon bhlian d’aois. Ni itheann si bia do mhadraí. Itheann si sicín. Uair amháin fuair si 4 instealladh ón dtréidlia. Níor chuir na h-instealladh isteach uirthi in aon chor. Tá sí an-chróga.

Déanta ag Daniel


Penny is ainm di. Is madra í. Tá dath bán agus donn uirthi. Tá eireaball fada aici. Tá súile donna aici. Tá sí 15 bhlian d’aois Tá sí an-bheag Ta si an-thapaigh Itheann sí bia do mhadraí agus uaireanta itheann sí an bia a bhíonn fágtha againn taréis dinnéar. Bíonn sí ag súgradh amuigh sa chlós. Ólann sí uisce. Bíonn tart uirthi nuair ata sé te. Is breá léi nuair atá sé grianmhar.

Déanta ag Craig

MO PHEATA


Ta madra agam. Coco is ainm di. Is coilean í. Bíonn sí an-spraoiúil. Bionn sí ag súgradh gach lá. Bionn si ag súgradh le cat. Is Jack Russel í. Is madra fuinniúil, fiosrach í Coco. Is maith le Coco an trá. Ni maith léi an t-uisce. Ta leaba dearg ag Coco. Bíonn sí ag luí air go minic. Ta si cuig mhi d’aois. Chuaigh Coco ar strae uair amháin. Fuaireamar í faoin mbothán inár ngáirdín. Bhi sí greimithe! Thocail mo Dhaid poll le camán chun í a fháil amach. Nuair a tháínig sí amach bhi eagla an domhain uirthi. Bhi sí ag líocadh mé ins gach áit i ndiaidh. Bíonn si ag ithe dhá uair sa ló. Ta buachaill cara ag Coco. Maxey is ainm dó.

Déanta ag Ellie

Snowy ís ainm dó. Ís peata beag í. Tá sí bán agus tá súile dearga aici. Tá trí bháibin aici agus tá sí aon bhlian d’aois. Tá Fluffy mo choinín eile agus tá sí bán agus dúbh. Tá a mom bán agus tá a dad Sully agus tá sí dha bhliain d’aois. Bhí 7 mbaibín aici. Tá cás an-mhór aici agus téann sí a chodladh ar a 9.00. Itheann sí uair amháin san lá agus bíonn uisce aici freisin. Bhí dha chóinin ag Ben. Nibbles agus Fluffy is ainm dóibh. Tá Nibbles bán agus donn agus thug mé í do duine eile. Tá 2 choinin bán agus tá choinin amháin líath agam.Tá Snowy bán agus tá Jasper a dhad. Tá Jasper liath. Tá 2 bhuachailli agus 3 chailini sa chlann. Tá Jasper i gcás eile mar bíonn sé istigh leis an mbaibín gach lá agus bíonn an mam crosta ansin. Díolann mo Dhaid na coníní. Ta suíomh idirlíon again freisin.


Déanta ag Emily

Mo Pheata

Jack is ainm dó. Is cockatoo é. Tá sé beag, bídeach , gleoite agus cáirdiúil mar pheata. Tá sé ina chónaí i gcás. Is maith leis gallchno agus bia d’ean. Tá cleití bán aige.Uair amhain bhi Jack ag eitilt amach as an dteach. Nuair a rith sé amach nach mor gur bhuail gluaisteán é. Thit a chleiti as agus bhi sé nocht! D’fhás na cleití thar nais taréis tamaill, áfach. Féachann sé go bre, álainn arís. Tá sé fíor-dhathúil!

Déanta ag Callum

Mo Pheata Pheobe is ainm do mo mhadra Ta sí aon mhí déag d’aois Is madra cáirdúil, beag, bídeach, fuinniúil í. Is féidir léi a bheith ag rith ar feadh 20 nóiméad gan stad. Is coiléan í. Tá coiléar dubh uirthi.


Tá a leaba sa teach. Itheann sí bia do mhadraí. Tá sí an-cháirdiúil le mo mhadra eile Sully. Bíonn sí ag súgradh leis an liathróid. Bím ag súgradh leí agus ag tabhairt bia di nuair atá ocras uirthi.

Déanta ag Aoife


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.