‘An Óige agus an tÉireannachas’ Achoimre ar Thorthaí Chomhairliúchán an Uachtaráin, Mícheál D. Ó hUiginn ‘An Óige agus an tÉireannachas’ leis an óige, ó Bhealtaine go Samhain 2012
“Tá súil agam, agus an seimineár críochnaithe, go mbeidh na daoine sin atá i gcumhacht plúchta go leanúnach leis na smaointe seo” “Creidim gur smaoineamh cliste atá ann daoine óga a bheith bainteach le todhchaí na hÉireann, agus ba mhaith liom tuilleadh de sin a fheiceáil fiú. Cheapfainn gur smaoineamh iontach a bheadh ann clubanna agus grúpaí a bhunú i scoileanna chun ár smaointe i leith na todhchaí a phlé” “Is féidir linn seasamh suas agus troid a dhéanamh go dtí go gcloistear ár nglórtha”. Táirgeadh an doiciméad seo ar son Ghrúpa Fhorfheidhmithe ‘An Óige agus an tÉireannachas’ in Áras an Uachtaráin ag An tIonad Taighde Oideachais agus Sóisialta, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath Príomh-Thaighdeoir: Kevin Lalor Taighdeoirí: Matt Bowden, Kevin Griffin, Rosaleen McElvaney, Bernadette Quinn Riarthóir Taighde: Cathy Kelleher
Clár Réamhfhocal leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn ........................................................................iv
Achoimre ar Thorthaí an Chomhairliúcháin.......................................................................................... v
Caibidil 1: Réamhrá............................................................................................................................ 1
Caibidil 2: Anailís théamach ar aighneachtaí ar-líne agus ar aighneachtaí cruachóipe................................................................................................................. 3 2.1 Fís ............................................................................................................................................... 4 2.2.1 Fostaíocht, Fiontraíocht, Slándáil Shóisialach, Imní faoi nGeilleagar............................................ 8 2.2.2 Athchóiriú Polaitíochta ............................................................................................................ 11 2.2.3 Oideachas............................................................................................................................... 13 2.2.4 Comhionannas......................................................................................................................... 17 2.2.5 Rannpháirtíocht na hÓige......................................................................................................... 24 2.2.6 Staid na Dearfachta................................................................................................................. 30 2.2.7 Sláinte.................................................................................................................................... 33 2.2.8 An Pobal agus an tSochaí Shibhialta........................................................................................ 40 2.2.9 Féiniúlacht Éireannach............................................................................................................. 42 2.3 Moltaí [chun gnímh].................................................................................................................... 45
Caibidil 3: Anailís Théamach ar Cheardlanna Réigiúnacha................................................................. 52
Caibidil 4: Anailís Fhoriomlán ar na torthaí........................................................................................ 69
Aguisín A: Modheolaíocht.................................................................................................................. 78 Aguisín B: Líon na n-aighneachtaí de réir an chontae in Éirinn.......................................................... 91
RÉAMHFHOCAL LEIS AN UACHTARÁN MÍCHEÁL D. Ó hUIGINN Thionscain mé an comhairliúchán ‘An Óige agus an tÉireannachas’ le hóige na hÉireann mar gur chreid mé go bhfuilimid i dtréimhse ina bhfuil athrú ollmhór ar siúl. Tá an chiall a bhainimid as an athrú sin, agus an freagra a thugaimid dó mar shaoránaigh, ríthábhachtach maidir leis na cúinsí dúshlánacha atá ann faoi láthair. Saineofar ár dtodhchaí lenár bhfreagra. Caithfear deis a thabhairt cruthaitheacht, samhlaíocht agus gnaíúlacht na hóige a chur in iúl san athrú a tharlóidh. Is é an dúshlán atá romhainn, mar shaoránaigh in Éirinn, san Eoraip agus sa domhain, dul i gcúram an athraithe sin. Is deis atá in ‘An Óige agus an tÉireannachas’ don óige fís a chruthú den Éireannachas is fearr dúinn go léir, dar leo, inár nglúine éagsúla, anois agus amach anseo. Agus páirt á glacadh acu in ‘An Óige agus an tÉireannachas’ tháinig ár n-óige lena gcomhghleacaithe ar fud an domhain a chreideann gur féidir domhan nua a chruthú le lorg na daonnachta air. Sa tuarascáil seo leagtar síos torthaí comhairliúcháin a tharla in Éirinn idir 25 Bealtaine agus 29 Meán Fómhair le daoine óga idir 17 agus 26 bliain d’aois. Iarradh ar dhaoine óga a gcuid tuairimí ar thodhchaí na hÉireann a roinnt i scríbhinn, i bhfilíocht nó i bprós, nó i gceol nó i bhfíseán. Chomh maith leis sin, tionóladh ceithre cheardlann réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, i Muineachán, i gCorcaigh agus i nGaillimh. Ba mhaith liom a rá go ndeachaigh na daoine sin go léir a casadh orm sna ceardlanna réigiúnacha agus na haighneachtaí a fuarthas anseo in Áras an Uachtaráin i gcion go mór orm agus gur chorraigh siad mé. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na taighdeoirí in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath as torthaí an chomhairliúcháin a chomhordú sa tuarascáil a leanas. Ba mhaith liom, freisin, buíochas a ghlacadh leo siúd uile a thug a gcuid ama, fuinnimh agus scileanna do ‘An Óige agus an tÉireannachas’. Agus, ar an rud is tábhachtaí, ba mhaith liom fíorbhuíochas a ghlacadh leis na daoine óga a ghlac páirt sna ceardlanna nó a rinne a gcion tairbhe sa chomhairliúchán. De bharr gur roinn siad iad féin go flaithiúil – a gcuid dóchais, a n-ábhair imní, a bhfís agus a soghontacht – agus go ndearna siad machnamh lena gcomhpháirtithe ar thodhchaí na hÉireann, léiríonn siad an tsaoránacht ghníomhach agus chuimsitheach a theastaíonn chun Éire a chlaochlú agus a athnuachan i dtréimhse seo an mhórathraithe agus an mhórdhúshláin. Mícheál D. Ó hUiginn Uachtarán na hÉireann
iv
ACHOIMRE AR THORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN Ina aitheasc insealbhaithe ar an 11 Samhain 2011 dúirt an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn go gcuirfeadh sé roinnt seimineár ar siúl a dhéanfadh iniúchadh agus machnamh ar théamaí a théann thar éilimh reachtaíochta láithreacha ach atá tábhachtach i saol roinnte mhuintir na hÉireann. Shocraigh sé go mbeadh an chéad cheann de na seimineáir sin bunaithe ar an téama ‘An Óige agus an tÉireannachas.’ Ag lainseáil an phróisis chomhairliúcháin chun bonn agus taca a chur faoin Seimineár, thug an tUachtarán Ó hUiginn cuireadh don óige machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar mhaith linn maireachtáil le daoine eile; an chaoi ar cheart dár n-institiúidí oibriú agus a gcuspóir a chomhlíonadh ar leas an uile dhuine; an chaoi a sainímid an rud atá luachmhar; agus machnamh a dhéanamh ar an ngeilleagar agus a cheangal leis an tsochaí. Ina chuireadh spreag an tUachtarán Ó hUiginn daoine óga le múnlú na hÉireann athnuaite a roinnt:
“Teastaíonn tiomantas agus cion tairbhe ár n-óige chun Éire a athrú ó bhun. Tá bhur bhfuinneamh, bhur smaointe, bhur n-idéil, bhur gcruthaitheacht agus bhur misneach ag teastáil uainn anois níos mó ná riamh. Teastaíonn bhur bpaisean, bhur núáil agus bhur bhfís ó bhur dtír.”
Tá an iliomad moltaí, smaointe agus tuairimí a thug freagróirí ar chomhairliúchán an Uachtaráin Uí Uiginn sa tuarascáil seo. Bhí iomlán de 294 duine páirteach sna Ceardlanna Réigiúnacha. Fuarthas ceithre chéad agus tríocha a naoi (439) aighneacht ar leith ó dhaoine idir 17 agus 26 bliain d’aois. Chomh maith leis sin fuarthas sé aighneacht ó ghrúpaí, a léirigh tuairimí 74 rannpháirtí. Bhí tríocha a dó (32) duine aonair páirteach sa dá chuid den phróiseas. Mar sin bhí iomlán de seacht gcéad agus seachtó a cúig (775) duine idir 17 agus 26 bliain d’aois páirteach sa chomhairliúchán. Iarradh ar dhaoine óga idir 17-26 bliain d’aois trí cheist a fhreagairt: 1.
Cén fhís atá agat d’Éirinn?
2.
Céard is gá a tharlú chun an fhís sin a fhíorú?
3.
Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú?
v
Cén fhís atá agat d’Éirinn? Sonraítear an iliomad comhpháirt d’fhís na hóige d’Éirinn sa todhchaí. Bhí fís na hóige d’Éirinn sa todhchaí lán d’íomhánna, smaointe agus mothúcháin dhearfacha faoi Éirinn, Éire ar mhaith leo í a fheiceáil ag teacht ar ais agus ag athshealbhú a áite lárnaí san Eoraip agus sa domhan nó ag glacadh áite nua i ndomhan na todhchaí. Bhí Éire a bheadh comhfhiosach ón taobh sóisialta de ina fhís ag roinnt daoine óga, “tír a mbeadh tosaíocht i gcónaí ann ag feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála na ndaoine is ísle sa tsochaí”, “tír ina bhfuil oideachas ar gach uile dhuine, neart bia, teach teolaí, saoirse ó dhaoirse na cánach agus ó scáth na bochtaineachta”, tír ina dtroideann a cuid saoránach ar son “cearta daonna agus in aghaidh gach cineál claontachta agus cos ar bolg”, sochaí chomhbhách, “ina dtugtar gach tacaíocht is féidir dóibh siúd atá leochaileach”. Bhí roinnt ar lorg “córas meabhairshláinte níos fearr don óige” agus roinnt eile a chuir béim ar thábhacht an phobail i rianú ár dtodhchaí:
“’is é m’fhís d’Éirinn, tír atá tógtha ar bhonn pobail agus ar spiorad pobail. Áit ar féidir le daoine brath ar a chéile. Éire a thacaíonn le daoine ar an talamh agus iad ag obair ar leibhéal an phobail agus tionchar maith acu ann. Éire nach dtomhaistear as a rath airgeadais ach as dul chun cinn a mhuintir.”
I mbeagán focal, “Éire a thugann aire dá muintir féin”. Ba é ár n-áit ar stáitse an domhain an fhís a bhí ag roinnt daoine. Go mbeadh Éire ina “eiseamláir cheannródaíoch de shochaí fhorásach a thabharfadh faoi rudaí, go simplí” i ndomhan:
“… a fheiceann muid ag éirí láidir agus muiníneach agus meas orainn ar stáitse an domhain. Náisiún a chuireann scoláirí agus nuálaithe ar fáil mar a rinne sí san am atá caite. Sa chiall náisiúnta, ba mhaith liom Éire a fheiceáil mar thír a thugann deis oibre do chách; a thugann todhchaí don óige agus tearmann don sean.”
vi
Céard is gá a tharlú chun d’fhís a fhíorú? Tháinig roinnt réimsí a bhí ina n-ábhair imní chun tosaigh sa phróiseas comhairliúcháin, chomh maith leis na céadta smaointe agus moltaí chun céimeanna praiticiúla a thógáil chun athrú dearfach a chur i bhfeidhm i sochaí na hÉireann. Tá siad sin sonraithe ar fud na tuarascála, go háirithe sa rannóg ‘Moltaí [chun athraithe]’. Ní nach ionadh, tá na moltaí seo ag freagairt do phríomhghnéithe fhís na hóige d’Éirinn. Ba iad na réimsí ba choitianta a tháinig aníos sna haighneachtaí ar líne, sa phost agus sna ceardlanna, agus a phléitear sa tuarascáil seo dá réir sin: •
Fostaíocht, fiontraíocht, slándáil shóisialach, imní faoin ngeilleagar
•
Athchóiriú Polaitíochta
•
Oideachas
•
Comhionannas
•
Rannpháirtíocht na hÓige
•
Staid na Dearfachta
•
Sláinte
•
An Pobal agus an tSochaí Shibhialta
•
Féiniúlacht Éireannach
Fostaíocht, fiontraíocht, slándáil shóisialach, imní faoin ngeilleagar Ba é toil na hóige go spreagfaí an geilleagar agus béim á cur ar chruthú jabanna agus ar an ngá atá ann an leas agus an choimirce shóisialach a chomhtháthú níos fearr leis an gcuimsitheacht, le cultúr na fiontraíochta agus leis an dlúthpháirtíocht shóisialach. Aithníodh an cumas mór fáis atá sna tionscail chruthaitheacha, na healaíona, an drámaíocht, an ceol, an damhsa, an scannánaíocht agus cruthaitheacht nádúrtha mhuintir na hÉireann ina measc,
vii
chomh maith leis an ngá atá ann leas a bhaint as na láidreachtaí sin chun mol cultúrtha domhanda a chruthú. Rinne roinnt mhaith daoine óga tagairt do ról an leasa shóisialaigh agus cheistigh siad go minic cothromaíocht a dháilte. Ní nach ionadh, léiríodh imní faoi ualach an fhiachais phríobháidigh bhaincéireachta agus a thiontú i bhfiachas ceannasach, rud a laghdaíonn an acmhainn shóisialach agus eacnamaíochta. Anuas air sin, tá imní faoin staid eacnamaíochta fhoriomlán agus faoi fhócas an bheartais phoiblí a bheith dírithe ar an suaitheadh ó ghéarchéim na baincéireachta a chobhsú seachas a bheith ag spreagadh na fiontraíochta agus go háirithe fiontraíocht na hóige. Tríd is tríd, tá moltaí ag an óige a bhaineann lenár gcumas sóisialta agus cruthaitheach a úsáid. Ina theannta sin, chuir roinnt bheag daoine óga béim ar an ngá atá ann go dtiománfaí an fhorbairt eacnamaíochta ag tuiscint chomhchoiteann ar an gcuspóir; ar “leas an phobail”; go bhfoghlaimeoimid, mar shochaí, ó bhotúin an “Tíogair Cheiltigh”, mar a bhfuil “daoirse iomlán na nglún” ina thoradh ar an mbrabús príobháideach. Léirigh daoine óga imní shuntasach maidir le hionchais infhostaitheachta céimithe agus maidir lena léirstean gur do chuardaitheoirí poist, a bhí san fhórsa saothair cheana féin, atá scéimeanna gníomhachtaithe mhargadh an tsaothair, rud a chiallaíonn go gcoinnítear amach céimithe nua. Tá sé den ríthábhacht, mar sin, an Stát a ghníomhachtú maidir le cruthú jabanna agus le cruthú deiseanna do chéimithe taithí a fháil i dtionscail ina bhfuil siad i mbun traenála/staidéir, bunaithe ar phrionsabail an tuilleamhlathais seachas ar an bpátrúnacht:
“Níl ardoideachas ar mo mhuintir. Níl na ceangail againn le haghaidh na polaitíochta, na coláistíochta ná an ghradaim. Níl aon bhealach suas an dréimire sóisialta. Tá na cáilíochtaí, na torthaí, an cumas, an inniúlacht agus an toil agam le bheith i mo mhúinteoir bunscoile. Ní féidir liom post mar sin a fháil sa tír seo. Is múinteoir meánscoile í mo dheirfiúr agus is mar an gcéanna fírinne an scéil di sin. Tagann lagmhisneach ar chéimithe díograiseacha”.
Is éard atá i gcuid de na ráitis físe go gcruthófaí sochaí atá tiomáinte ag tuiscint ar dhlúthpháirtíocht shóisialach agus atá níos láidre ná an geilleagar:
“Baineann fostóirí úsáid as ár bhfuinneamh agus ár n-éadóchas, agus dá bhrí sin oibrímid ar feadh na n-uaireanta fada agus ní fhaighimid an t-íosphá air. Ach, nuair a bhímid ag iarraidh éirí as, cuimhnímid go bhfuil ár dtuismitheoirí ag dul in aois. Beidh ar dhuine éigin aire a thabhairt dóibh, mar a rinne siad sin dár seantuismitheoirí. Má imímid, tréigfimid an cúram a thug siad sin dúinne. Beidh an timthriall briste”.
viii
Athchóiriú Polaitíochta Bhí an t-éileamh ar an athchóiriú polaitíochta ar cheann de na téamaí ceannasacha a tháinig aníos arís agus arís eile sna haighneachtaí. Bhí sé le brath gur theastaigh tuilleadh a dhéanamh chun saoránaigh a spreagadh le bheith níos gníomhaí agus níos gafa sa pholaitíocht agus sa tsochaí shibhialta araon. Braitear go bhfuil dícheangal idir dhaoine óga agus polaiteoirí agus ní mór aghaidh a thabhairt air sin: “Tá bearna ollmhór idir óige na hÉireann agus a n-ionadaithe tofa”. Airíonn an óige nach gcloistear a nguth. Léirigh roinnt mhaith daoine an gá atá ann go mbeadh an óige níos eolaí agus níos gafa sa phróiseas polaitíochta. D’fhéadfadh an Stát é sin a éascú, mar shampla, trí thoghcháin a chur ar bun ar an Satharn, ach dúradh go forleathan go bhfuil dualgas ar dhaoine óga iad féin a bheith páirteach agus a nglórtha a chur in iúl. Tarraingíodh aird ar an ngá le cumarsáid níos fearr idir pholaiteoirí agus daoine óga. Oideachas Bhí téama an oideachais suntasach i gcuid mhór de na haighneachtaí. Ardaíodh raon leathan topaicí ach tháinig roinnt téamaí aníos arís agus arís eile. Chuir go leor daoine óga béim ar thábhacht an oideachais ina gcuid aighneachtaí agus ar an ngá le hathchóiriú mar thosaíocht. Bhí roinnt mhaith den tuairim nach raibh an córas ar an dara leibhéal, go háirithe, oiriúnach don fheidhm mar nach n-ullmhaíonn sé daoine le haghaidh na saoránachta gníomhaí agus go gcuireann sé an iomarca béime ar thacar caol scileanna atá riachtanach chun cruthú go maith i scrúdú reatha na hArdteistiméireachta. Ba é an rud ba shuntasaí an tuiscint a bhí ann go gcaithfí an t-oideachas a leathnú agus go gcuideodh sé le saoránaigh intinn oscailte a bheith acu, a bheith féintuilleamaíoch, toilteanach a bheith páirteach sa tsochaí agus ina saoránaigh gníomhacha:
“Faoi láthair ní spreagann ár gcóras léargas leathan ar an saol ná intinn oscailte. Brúnn sé cruthaitheacht agus neamhspleáchas faoi chois agus ní oileann sé daoine don saol”.
Rinneadh cáineadh láidir ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair a gceaptar é a bheith bainteach leis an ullmhú do scrúdú na hArdteistiméireachta, agus arís agus arís eile d’iarr na rannpháirtithe go gcothódh an córas smaointeoireacht níos iomláine, níos neamhspleáiche, níos cruthaithí agus níos criticiúla. Ba iad an rochtain agus an costas na príomhcheisteanna a ardaíodh maidir
ix
le hoideachas ar an tríú leibhéal. Bhí an rochtain bainteach go háirithe le córas na bpointí, córas a fhéachtar air mar chóras éagothromasach agus fadhbach. Bhí dearcadh ábhalmhór ann gur cheart go mbeadh teacht ar an tríú leibhéal saor ó chostas:
“Ba cheart na coláistí a bheith ann do gach duine, ní dóibh siúd amháin atá in acmhainn an rogha só a dhéanamh agus áit ollscoile a bhaint amach. Maidir leo siúd nár chomhlíon a lánacmhainneacht ar bhun acadúil nó pearsanta, ba cheart cúnamh sa bhreis a thabhairt dóibh chun é sin a bhaint amach.”
Chomh maith leis sin, mar a luaitear thuas, bhí tuiscint láidir ann go raibh an rochtain difreáilte de réir cúinsí sóisialta agus ní raibh sé sin inghlactha. Cuireadh in aghaidh táillí ollscoile a thabhairt isteach d’aon ghuth. Bhí roinnt éilimh ann go ndéanfaí córas na ndeontas a chothabháil agus a fheabhsú. Comhionannas Bhí an comhionannas ar cheann de na téamaí ba shuntasaí sna haighneachtaí agus sna ceardlanna réigiúnacha araon. Chuir daoine óga béim ar an ngá le meas a thabhairt do chearta na hindibhide agus do shaoirse tuairimíochta agus bhí roinnt mhaith a chuir fís d’Éirinn chun cinn ina gcuimseofaí an ilchultúrthacht. Léirítear go beacht san athfhriotal seo a leanas tuairimí roinnt mhaith de na rannpháirtithe i réimse an chomhionannais:
“San fhís atá agamsa d’Éirinn sa todhchaí, aithneofar luach an duine aonair as féin agus déanfaidh siad siúd atá i gcumhacht iarracht bunriachtanais gach aon duine aonaraigh a chomhlíonadh agus meas a thabhairt dá gcearta bunúsacha agus iad a chosaint”.
Cuireadh an milleán ar fhadhbanna struchtúrtha éagsúla as bac a chur ar ghluaiseacht na hÉireann i dtreo sochaí níos comhionainne:
“Teastaíonn bunreacht go práinneach d’Éirinn a sheasann do gach ball dár sochaí, ar neamhchead do chine, do reiligiún, do ghnéas nó do ghnéaschlaonadh.”
x
Rannpháirtíocht na hÓige D’aithin daoine óga go bhfuil gá le fóram struchtúrtha inar féidir glór na hóige a chur chun cinn, a mhisniú agus a chothú. Mhol go leor rannpháirtithe an tionscnamh An Óige agus an tÉireannachas, agus d’éiligh siad tionscnaimh bhreise chun an próiseas a thabhairt céim níos faide ar aghaidh. Is mian go mór leis an óige páirt a ghlacadh sa pholaitíocht agus sa tsochaí agus ba mhaith leo cultúr rannpháirtíochta sibhialta, agus na struchtúir a thacaíonn lena chur i bhfeidhm araon, a fhorbairt. Mothaítear ar an iomlán nach n-éistear le daoine óga:
“Caithfear an deis a thabhairt, ar an gcéad dul síos, don óige go n-éistear leo. Tá sé beagnach dodhéanta go gcloistear do ghlór inár sochaí … b’fhéidir go bhfuil easpa rannpháirtíochta ann, rud atá intuigthe go hiomlán … ní thaispeántar aon ómós dóibh”.
Tugadh le fios go gcailleann ceannairí a dhéanann neamhaird den óige deiseanna go leor: “Ceapann daoine i gcónaí go bhfuilimid óg agus neamhaibí, ach tá níos mó smaointe maithe againn ná mar a cheapann siad”. Tá níos mó ná an cruthaitheacht i gceist, ach tá réitigh phraiticiúla san áireamh chomh maith: “Creidim nach bhfuil an úsáid is féidir á baint as óige na tíre agus bun á chur faoinár gcobhsaíocht”. Léiríodh comhartha misniúil dúshlánach i gcuid mhaith d’aighneachtaí na hóige: “Ní mór don rialtas a bheith sásta agus réitithe le héisteacht le hóige na tíre”. Taispeánann an aighneacht seo a leanas an gá atá leis go bhfeicfeadh an óige deis chun dul i mbun rannpháirtíochta;
“Samhlaím ár dtír ina dtuigeann daoine óga go bhfuil ról le himirt acu sa tsochaí. Breathnaím timpeall orm féin gach lá agus feicim daoine le cumas agus le muinín. An fhadhb atá ann nach bhfeiceann na daoine seo a ndóthain deiseanna rannpháirtíochta. Cloiseann siad na drochscéalta ar fad faoi staid reatha na tíre agus mothaíonn siad díspreagtha i leith an róil atá acu ann.”
Staid na Dearfachta Chuir an óige béim ar an tábhacht a bhaineann lena bheith dearfach, arís agus arís eile. Chuir na daoine óga in iúl go láidir an gá atá leis an soirbheachas agus Éire á samhlú acu sa todhchaí agus go mbíonn siad díomách leis an diúltachas a mhothaíonn siad thart timpeall orthu.
xi
Maidir leis an gcuid is mó de na tagairtí dár n-oidhreacht, áfach, cuireadh in iúl feasacht dhomhain ar ár dtír mar náisiún den scoth agus ár muintir mar dhaoine seiftiúla, cumasacha agus dea-oilte, a bhfuil spiorad an phobail go láidir iontu.
“Tá teacht aniar iontach ionainn agus sinn ag éirí as cruachás. Is é sin an fáth go bhfuil a fhios agam inniu, ní hamháin go nglacfaimid ar bord na deacrachtaí atá romhainn ach go ndéanfaimid sin ar bhealach a chinnteoidh go mbeidh Éire arís ina háit láidir, bheo agus iontach chun maireachtála ann. ”
D’iarr roinnt mhaith daoine óga orainn imeachtaí sa tír a dhúisigh mothúchán bróid as an tír a thabhairt chun cuimhne:
“ … an t-atmaisféar carnabhail nuair a cháiligh Éire do chraobhchomórtais sacair, nó an mothúchán a bhíonn ann nuair a bhuann contae comórtas Uile-Éireann nó an gaisce a bhíonn faoin bparóiste nuair a bhuann sé craobhchomórtas an chontae – fiú ag leibhéal na Sóisear ...............gach bliain, gan teip, bíonn deis againn breith na hÉireann a cheiliúradh”.
Sláinte San áireamh sna haighneachtaí maidir leis an tsláinte bhí an mheabhairshláinte agus an féinmharú, agus na seirbhísí meabhairshláinte. Chomh maith leis sin ardaíodh ceisteanna faoin alcól, faoi chaitheamh tobac agus faoi úsáid drugaí faoi théama leathan na sláinte. Ardaíodh meabhairshláinte agus féinmharú agus is sa chéad phearsa a rinneadh cuid mhaith de na ráitis. Mar léiriú air sin, dúirt rannpháirtí amháin:
“Tá an iomarca daoine ag fáil bháis mar nach bhfuil siad ar an eolas faoin gcúnamh atá ar fáil, agus rómhinic ní féidir leo an cúnamh atá de dhíth orthu a fháil nuair a lorgaíonn siad é. Is duine óg mise, nach gcuidíonn an tseirbhís meabhairshláinte le mo mheabhairshláinte féin. Nílim ag iarraidh a bheith i m’uimhir eile i measc na gcéadta a chuireann lámh ina mbás féin gach bliain. Tá athrú ag teastáil agus teastaíonn sé anois láithreach”.
Maidir leis an gcúram sláinte ar an iomlán, bhí freagróirí den tuairim “go raibh an córas mícheart”:
“Ní mór dúinn comhrá níos leithne a bheith againn faoin míchumas, faoin tsláinte agus faoin meabhairshláinte, seachas a bheith ag labhairt ar cé mhéad a fhaigheann siad sa bhuiséad (ach, ar ndóigh, tá sé sin féin tábhachtach!)”. Freisin, “Teastaíonn dioscúrsa níos leithne
xii
uainn mar shochaí faoin mbealach a mbreathnaímid ar dhaoine faoi mhíchumas agus faoi dheacrachtaí meabhairshláinte, agus oibriú chun dúshlán na héaduairime a thabhairt tríd an oideachas.” Bhí raon aighneachtaí a bhain le gnéithe éagsúla den alcól, agus téamaí mar mhí-úsáid alcóil, ragús óil agus ólachán faoi aois san áireamh. Tá achoimre ar raon tuairimí san aighneacht seo a leanas:
“Is é an t-alcól rogha druga na hóige. Tá go leor daoine ag fulaingt de thoradh ar an iomarca ólacháin, agus iad ró-óg. Dá bharr sin, is príomhfhadhb shláinte an phobail sa tír seo an t-ólachán faoi aois”.
An Pobal agus an tSochaí Shibhialta Creideann na daoine óga go láidir sa tsaoránacht ghníomhach, san obair dheonach agus i gcabhrú le daoine eile, agus is é a ndearcadh gur cuid láidir dá dtuiscint ar an Éireannachas na luachanna sin. Tugadh le fios go soiléir sna haighneachtaí gur rud é brath an phobail a cailleadh le linn na mblianta borrtha. Sa chás seo, dúradh sna haighneachtaí cé gur cheart gur mór againn an duine aonair taobh istigh den dlúthchomhar roinnte, gur bonn easnamhach an t-indibhidiúlachas chun an spiorad agus an fuinneamh, a theastaíonn don téarnamh agus don dul chun cinn sóisialta, a sholáthar. Is cosúil gurb é spiorad sin na cuideachta i bpobal a thugann brí agus muintearas do shaolta aonair i raon cúinsí éagsúla, ón gcliabhán go dtí an uaigh:
“Is é an mhórluachacht an rud a shantaímid sa saol seo, ba mhaith linn féachaint idir an dá shúil ar ár gcomhthírigh agus a fheiceáil gur mhaith leo go rachaimid ag obair dóibh (fostaíocht/ comhghleacaí), saol sóisialta a roinnt leo (cairde), ár saol a roinnt leo (céilí) agus cé go dtuilltear agus go gcaitear airgead, go maireann an mothúchán sin go dtí ár n-anáil deiridh”.
xiii
Féiniúlacht Éireannach Is féidir na tuairimí faoin téama seo a rangú in dhá mhórchatagóir:
(i) I bhfianaise staid na heacnamaíochta reatha, na dífhostaíochta agus na heisimirce, tá comhdhéanamh na féiniúlachta Éireannaí á cheistiú
(ii) Is í an teanga Ghaeilge a shonraíonn an tÉireannachas ach teastaíonn cur chuige maidir leis an nGaeilge a chuimsíonn sa saol laethúil í ar bhealach a chabhróidh le daoine a bheith bródúil as a n-Éireannachas.
D’ardaigh roinnt mhaith daoine an téama a bhaineann le hÉirinn a chur chun cinn thar lear. Labhair na daoine óga ar an gcaoi a bhféadfadh Éire brath ar a cuid mac léinn, a céimithe agus a pobal eisimirceach chun Éire a chur chun cinn.
“Is é an rud is tábhachtaí go n-aithneoimid nach gá an rud sin a gceaptar é a bheith de dhúchas na hÉireann a choimeád agus nach gcoimeádfar é mar chuid de phróiseas leanúnach an athraithe. Is féidir linn na luachanna sin a bheadh fiúntach inár saol a phiocadh agus a roghnú agus leagan nua den Éireannachas a chruthú a bheadh tógtha ar thaithí agus ar luachanna an ama atá caite. Ba cheart go mbeadh ár n-uaillmhianta saor ó dhoicheall na staire ach go mbainfimis tairbhe as iarghaois na staire”.
Mhol roinnt daoine óga an tÉireannachas a cheiliúradh, go bhféadfaí lá náisiúnta a shocrú chun sárthaispeántas a chur ar siúl in Éirinn agus thar lear de bhia, de chultúr, de theanga, de cheol, de spórt agus de dhamhsa na hÉireann. Tá an teanga Ghaeilge tábhachtach don fhéiniúlacht Éireannach, ach tá roinnt daoine imníoch leis an gcur chuige reatha maidir leis an nGaeilge san oideachas príomhshrutha, a d’fhéadfadh a bheith fritorthúil. Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú? Maidir leis an gcéad cheist (Cén fhís atá agat d’Éirinn?), sonraítear moltaí go leor ó dhaoine sa tuarascáil chun céimeanna praiticiúla a thógáil chun a bhfís d’Éirinn a fhíorú. Luaigh roinnt mhaith díobh obair dheonach agus athrú a dhéanamh agus tús á chur le céimeanna beaga ina gclanna agus
xiv
ina bpobail. Go minic moladh clárú le páirtithe polaitíochta, páirt a ghlacadh i dtionscnaimh phobail, vótáil, agus a gcomhpháirtithe a spreagadh i dtreo an iompair fholláin. Ag an gceardlann i mBaile Átha Cliath, dúirt na rannpháirtithe go bhféadfaidís:
“Freagracht shóisialach a ghlacadh / treorú trí dhea-shampla / a bheith i d’ambasadóir, a bheith bródúil asat féin, éisteacht agus spreagadh, a bheith i do mheantóir do dhaoine eile / eiseamláirí eile de dhaoine óga atá i mbun athraithe a shainaithint.”
Sa cheardlann i gCorcaigh, ba iad na moltaí ba líonmhaire “oibriú go deonach, a bheith rannpháirteach, úsáid a bhaint as do vóta.” I nGaillimh, ba iad na príomh-mhíreanna a nótáil na rannpháirtithe chun gníomhaíochta ag an óige: •
“Faigh oideachas! Ón mbunscoil aníos, ‘oideachas le haghaidh an tsaoil, ní le haghaidh scrúduithe.’
•
Bunaigh fóraim óige cosúil leis an gceann seo chun topaicí a phlé agus tabhair réitigh san aiseolas, agus
•
Ceannaigh earraí Éireannacha, bí i d’Éireannach, labhair Gaeilge.”
I gcodarsnacht leis na tuairimí sin, ba é an fócas a bhí sa tuairim ba láidre i gceardlann Mhuineacháin an easpa cumhachta: “Airímidne, glúin óg na hÉireann, nach bhfuil aon chumhacht againn aon athrú suntasach a chur i bhfeidhm mar nach bhfuil aon mheas ar ár gcuid tuairimí.” Nótáladh moltaí níos dearfaí freisin i Muineachán, agus, mar a tharla sna háiteanna eile, ba iad na smaointe ceannasacha ‘bí rannpháirteach’, ‘bain leas as ár nglórtha’, agus ‘bain úsáid as ár vóta’.
xv
CAIBIDIL 1: RÉAMHRÁ Ina aitheasc insealbhaithe an 11 Samhain 2011, gheall an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn go ndéanfadh sé roinnt seimineár a óstáil ina ndéanfaí iniúchadh agus machnamh ar théamaí a théann níos faide ná éilimh reachtaíochta láithreacha ach atá tábhachtach i saol roinnte mhuintir na hÉireann. Shocraigh sé go mbeadh an chéad cheann de na seimineáir sin ag díriú ar an téama ‘An Óige agus an tÉireannachas’. Ag lainseáil an chomhairliúcháin ‘An Óige agus an tÉireannachas’ dó, thug an tUachtarán Ó hUiginn cuireadh don óige machnamh a dhéanamh le chéile faoin gcaoi ar mhaith linn maireachtáil le daoine eile; an chaoi ar cheart dár n-institiúidí oibriú agus a gcuspóir a chomhlíonadh ar leas an uile dhuine; an chaoi a dhéanaimid céard atá luachmhar a shainmhíniú, agus machnamh a dhéanamh ar an ngeilleagar agus a cheangal leis an tsochaí. Ina chuireadh chuig an óige spreag an tUachtarán Ó hUiginn iad le bheith páirteach i múnlú Éireann athnuaite:
“Teastaíonn tiomantas agus cion tairbhe ár n-óige chun Éire a athrú ó bhun. Tá bhur bhfuinneamh, bhur smaointe, bhur n-idéil, bhur gcruthaitheacht agus bhur misneach ag teastáil uainn anois níos mó ná riamh. Teastaíonn bhur bpaisean, bhur nuáil agus bhur bhfís ó bhur dtír.”
An príomhchuspóir a bhí ag an tionscnamh ná caidreamh a dhéanamh le daoine óga mar shaoránaigh ghníomhacha mhachnamhacha in Éirinn an lae inniu agus chun iad a aithint, a dhaingniú agus a spreagadh mar cheann de na foinsí saíochta chun dul i ngleic leis na croícheisteanna sóisialta, polaitiúla, geilleagracha agus cultúrtha a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu in Éirinn. Go háirithe, an aidhm a bhí ag An Óige agus an tÉireannachas ná: •
Bealaí rannpháirtíochta a oscailt don óige agus páirt a thabhairt dóibh sa díospóireacht agus sa phlé náisiúnta faoin gcineál tíre atá anois againn, an cineál poblachta ar mhian linn a chruthú agus conas is féidir é sin a bhaint amach;
•
Réitigh nuálacha, treoraithe ag an óige, íogaire, inréadaithe ar na cúinsí ina bhfuilimid anois, agus moltaí i leith sochaí níos fearr sa todhchaí a aithint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh;
•
Éisteacht leis an óige agus a gcuid tuairimí a lorg mar gheall ar na deacrachtaí atá ag cur isteach ar dhaoine óga as cúlraí éagsúla mar dhaoine óga agus mar Éireannaigh sa lá inniu.
1
Sonraíonn an tuarascáil seo torthaí chomhairliúchán an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUiginn, An Óige agus an tÉireannachas, le daoine in aois 17-26 bliain. Ghlac iomlán 7751 duine óg páirt sa chomhairliúchán ina raibh dhá chuid ar leith. Is éard a bhí sa chéad chuid ná cuireadh aighneachtaí a chur go díreach chuig Oifig an Uachtaráin. Seoladh mórchuid na n-aighneachtaí seo ar líne via suíomh gréasáin Oifig an Uachtaráin. Cuireadh líon beag díobh isteach ar an bpost. Is éard a bhí sa dara chuid den chomhairliúchán ná ceithre cheardlann, le thart ar 75 duine óg an ceann, a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Muineachán agus i nGaillimh i rith Mheán Fómhair, 2012. Sa dá chuid den chomhairliúchán bhí an fócas ar thrí cheist a chuir an tUachtarán Ó hUiginn ar dhaoine óga: 1.
Cén fhís atá agat d’Éirinn?
2.
Céard is gá a tharlú chun an fhís sin a fhíorú?
3.
Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú?
Is éard atá i gCaibidil 2 ná anailís théamach ar na haighneachtaí ar leith a fuarthas ó 439 duine in aois 17-26. Is iomaí sin saincheist, idé agus moladh a fuarthas sna haighneachtaí agus tá siad sin roinnte isteach i naoi bpríomhchatagóir nó naoi dtéama: ‘Fostaíocht, fiontraíocht, slándáil shóisialach, imní faoin ngeilleagar’; ‘Athchóiriú Polaitíochta’; ‘Oideachas’; ‘Comhionannas’; ‘Rannpháirtíocht na hÓige’; ‘Staid na Dearfachta’; ‘Sláinte’; ‘An Pobal agus an tSochaí Shibhialta’; agus ‘Féiniúlacht Éireannach’. Tugann Caibidil 2 foramharc ar na físeanna a chuir daoine óga i láthair agus ar na bearta a mhol siad is gá chun na físeanna sin a bhaint amach. Déanann Caibidil 3 anailís ar na haschuir ó na ceithre cheardlann réigiúnacha. Sraith díospóireachtaí a mhair ar feadh an lae a bhí i ngach aon cheardlann, ag díriú ar na ‘trí cheist’ agus iad briste isteach i ngrúpaí níos lú de dheichniúr a mhol (a) na cúig phríomhfhís d’Éirinn sa todhchaí (b) na cúig phríomhathrú is gá chun an fhís sin a bhaint amach agus (c) na cúig phríomhmholadh atá acu le gur féidir leo féin agus le daoine óga eile an fhís atá acu a bhaint amach. Chaith an grúpa iomlán de thart ar 75 duine vóta ansin ar an réimse iomlán roghanna chun an ‘10 is airde’ d’fhíseanna, de bhearta agus de mholtaí a chruthú. Cuireann Caibidil 4 anailís fhoriomlán ar na torthaí i láthair. I dtosach cuirtear na haschuir as na ceithre cheardlann réigiúnacha i gcomparáid le chéile. Ina theannta sin déantar machnamh ar a mhéid gur féidir an dá chuid den phróiseas comhairliúcháin a chur i gcomparáid le chéile. Críochnaíonn an tuarascáil le dhá Aguisín, agus tugann an chéad cheann, Aguisín A, sonraí faoi phróiseas agus faoi mhodheolaíocht an chomhairliúcháin An Óige agus an tÉireannachas. Tugann Aguisín B sonraí faoi líon na n-aighneachtaí a fuarthas de réir an chontae. 1 Bhí iomlán de 294 duine páirteach sna Ceardlanna Réigiúnacha. Fuarthas ceithre chéad agus tríocha a naoi (439) aighneacht ar leith ó dhaoine idir 17 agus 26 bliain d’aois. Chomh maith leis sin fuarthas sé aighneacht ó ghrúpaí, a léirigh tuairimí 74 rannpháirtí. Bhí tríocha a dó (32) duine aonair páirteach sa dá chuid den phróiseas. Mar sin bhí iomlán de seacht gcéad agus seachtó a cúig (775) duine idir 17 agus 26 bliain d’aois páirteach sa chomhairliúchán.
2
CAIBIDIL 2: ANAILÍS THÉAMACH AR AIGHNEACHTAÍ AR-LÍNE AGUS AR AIGHNEACHTAÍ CRUACHÓIPE Déantar cur síos ar na príomhthéamaí thíos in ord na minicíochta ina luaitear iad sna haighneachtaí. Tá an Chuid seo roinnte i dtrí pháirt. Scrúdaíonn an chéad pháirt na haighneachtaí a bhfuil ‘fís’ d’Éirinn iontu. Os rud é gurb í seo an chéad cheist sa phróiseas comhairliúcháin ní haon iontas é go bhfuair an t-ábhar seo an líon is mó freagraí (232), a bhí ag réimsiú thar raon leathan téamaí. Scrúdaíonn an dara páirt na naoi dtéama is mó a bhí á bplé ag daoine óga ina gcuid aighneachtaí, go sonrach 1.
Fostaíocht, Fiontraíocht, Slándáil Shóisialach, Imní faoi nGeilleagar
2.
Athchóiriú Polaitíochta
3.
Oideachas
4.
Comhionannas
5.
Rannpháirtíocht na hÓige
6.
Staid na Dearfachta
7.
Sláinte
8.
An Pobal agus an tSochaí Shibhialta
9.
Féiniúlacht Éireannach
Díríonn an tríú páirt ar na príomhmholtaí chun gnímh a d’eascair ón bpróiseas comhairliúcháin. Maidir leis na haighneachtaí a fuarthas i leith ‘físe’ tagann siad as réimsí uile na naoi bpríomhthéama a luaitear thuas agus roinnt ábhar níos lú chomh maith. Cuirtear na moltaí ceannasacha nithiúla i láthair mar ‘chlár’ beart le machnamh a dhéanamh orthu.
3
2.1 Fís Bhí fís d’Éirinn sa todhchaí lárnach sa phróiseas comhairliúcháin seo agus ní nach ionadh, d’fhreagair daoine óga agus ‘físeanna’ i lár a gcuid freagraí. An fhís a bhí ag daoine óga d’Éirinn ná “áit ina gcreideann daoine go bhfuil rud níos mó ná iad féin le fónamh air”, “sochaí atá saor, liobrálach, daonlathach, ina bhfuil ardmheas ar réasúnaíocht, ar eolaíocht agus ar oideachas den scoth”. Thagair cuid mhaith d’áit ina n-aireodh daoine bródúil – bródúil as a bhfuil bainte amach againn, bródúil as ár gcultúr agus as ár n-oidhreacht, agus bródúil as ár n-áit a ghlacadh i measc náisiún an domhain, lena n-áirítear “mar cheannródaithe sa nuálaíocht theicneolaíochta”. Bhí na físeanna a bhí ag daoine óga d’Éirinn sa todhchaí ar maos in íomhánna, smaointe agus mothúcháin dhearfacha faoi Éirinn, an Éire ar mian leo a fheiceáil ag teacht ar ais chun a háit lárnach san Eoraip agus sa domhan a ghlacadh nó chun áit nua a ghlacadh sa domhan atá amach romhainn, Éire a sheasann “d’inghlacthacht agus do chaoinfhulaingt”, “d’ionracas agus do mhacántacht”, stát tuata nach dtaispeánann fabhar d’aon reiligiún, gnéas-chlaonadh ná cine ar leith ach sochaí chuimsitheach a cheiliúrann a cuid saoránach ilchultúrtha agus a gcultúr, ina bhfuil cearta an duine aonair agus comhionannas gach saoránach leabaithe sa reachtaíocht”. Thagair cuid mhaith daoine óga d’fhís nach cearta amháin a bheidh ag daoine ach go mbeidh freagrachtaí orthu chomh maith, “áit nach mór do dhaoine a bheith sásta leis an méid atá acu agus gan i gcónaí ag lorg níos mó... a bheith uaillmhianach ach gan a bheith santach”, áit ina fhaigheann daoine óga cnámh droma agus ní cnáimhín súgartha”, náisiún dícheallach, muiníneach ina bhfuil gach duine buíoch as a bhfuil aige agus measúil i leith daoine eile”, agus áit ina bhfuil na saoránaigh sásta oibriú go dícheallach chun an pláinéad a shábháil chun todhchaí rathúil a chinntiú do na glúine atá ag teacht”. Leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le comhfhreagracht agus ar phobail ag obair le chéile, ina mbíonn gach duine ag obair ar mhaithe le leas an phobail, agus iad feasach faoina ról chun a leas sóisialta, polaitiúil agus timpeallachta a chaomhnú”, Éire ina bhfuil “níos mó imeasctha sóisialta”, ina nglactar le difríochtaí laistigh den tsochaí, “Éire nach bhfuil aoisíoch i leith daoine óga – Éire a thuigeann go bhfuil a todhchaí ag brath ar a cuid daoine óga”. An fhís a bhí ann d’Éirinn ná d’áit ina dtugtar guth go háirithe do dhaoine óga agus ina “n-aithnítear iad mar shaoránaigh ghníomhacha....agus é ar a gcumas rudaí a athrú”, áit ina dtugtar an creideamh agus an mhuinín dóibh teacht chun cinn agus an todhchaí a chruthú”. Chonacthas do chuid mhaith go raibh sé tábhachtach go mbeadh Éire rathúil agus féinchothabhálach, áit ina mbeadh deiseanna oibre ar fáil agus go mbeadh “níos mó dreasachta chun dul amach ag
4
obair ná fanacht ar shochar sóisialta” agus go mbeadh fonn ar an óige fanacht anseo “áit ina mbeadh todhchaí sheasmhach ag daoine óga agus nach gá dóibh aghaidh a thabhairt ar an mbád bán”. Bhí fís ag roinnt daoine óga d’Éirinn ina mbeadh guth níos láidre ag an óige i rialú na tíre “go háirithe mar a bhaineann sé le nithe atá bainteach leis an óige”, ina mbeadh vóta ag daoine in aois 16 bliain agus ina gcuirfeadh an córas oideachais ar chumas páistí agus daoine óga “ a gcuid spéiseanna agus láidreachtaí féin a leanúint, pé áit ina mbeadh siad”. Bhí Éire aontaithe mar fhís ag roinnt daoine óga, “athbhreith an náisiúin mar Phoblacht nua” ba é toilmhian daoine eile “go ndéanfaí caidreamh níos dlúithe a fhorbairt idir Poblacht na hÉireann agus Tuaisceart Éireann” agus bhí moladh amháin ann go mbeadh curaclam oideachais pan-Éireannach ann a d’fhéadfaí a leathadh ar fud na 32 chontae. Chuir an duine óg a bhfuil sliocht uaidh thíos é seo i gcomhthéacs stairiúil:
“Ba mhaith liom Éire atá bunaithe ar fhorógra 1916 agus ar fhorógra 1867 go háirithe2. Éire ina bhfuil athrú iomlán ar an chóras pholaitíochta, sa dóigh is nach bhfuil muid ag déanamh aithrise ar chóras na Breataine. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na Sé Chontae is linne iad. Tá a lán fimíneachais in Éirinn an lae inniu, agus má bhí gá ann in 1892 le hÉireann a dhí-anglánú tá sé beo bríomhar inniu i 2012. Mar fhocal scoir: ní amháin saor ach Gaelach chomh maith; ní amháin Gaelach ach saor chomh maith.“
Leagadh béim ar athchóiriú polaitíochta “in Éirinn nach n-ionann polaitíocht agus drochfhocal” agus cead vótála in aois 16 bliain. Thagair cuid mhaith don tábhacht a bhí ag baint le saoránaigh a bheith freagrach as iad féin a choinneáil ar an eolas agus vóta a chaitheamh i dtoghcháin, agus níos mo daoine a spreagadh le bheith gníomhach in ionadaíocht pholaitiúil ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach “lena chinntiú go gcloistear gach glór sa tsochaí sa phróiseas déanta beart”. Cé gurb é toilmhian roinnt “tír ina ndéanfaí ár n-oidhreacht chultúir agus teanga a chaomhnú laistigh de chreat comhtháthaithe Eorpaigh níos mó” bhí daoine eile ag iarraidh go ndéanfaí “athmheasúnú ar ár n-áit san Aontas Eorpach agus go bhfillfí ar airgeadra an Phuint”. Tír inbhuanaithe agus in ann a dóthain féin a tháirgeadh a bhí mar fhís ag go leor daoine óga “Éire ina mbeadh córais oideachais, talmhaíochta agus leasa shóisialaigh a bheadh ag an am céanna láidir agus inchurtha in oiriúint, tír nach bhfuil ag brath ar leibhéil maorlathais nach gá agus ar féidir léi teacht 2
1916, Forógra Phoblacht na hÉireann, agus 1867, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann
5
slán gan stró ó luaineacht an tsaormhargaidh idirnáisiúnta”. Chuir daoine eile béim ar na hacmhainní saibhre atá againn san earnáil ardoilte teicneolaíochta, agus súil againn “geilleagar ardteicneolaíochta faoi threallús ag an bhfiontraíocht a thógáil”, “ina mbeadh ardscileanna san eolaíocht innealtóireachta agus sa teicneolaíocht”. Gné thábhachtach eile den fhís a bhí i dteanga na Gaeilge do chuid eile:
“Tír dhátheangach; áit a mbeadh tuiscint cheart ar oidhreacht an oileáin - an Ghaeilge agus na buanna a bhaineann leis an nGaeilge a bheith ag daoine ach go háirithe”.
“Éire a bheadh compordach lena cultúr féin is go mbeadh deis ag gach uile dhuine bheith iomlán líofa sa chuid is tábhachtaí den chultúr sin; ár dteanga”.
Bhain an áit atá againn ar stáitse an domhain le fís roinnt daoine eile. Go mbeadh “Éire ina treoireiseamláir don domhan de shochaí fhorásach atá sásta, go bunúsach, treabhadh chun cinn”:
“… go mbeadh Éire láidir, muiníneach agus meas orainn ar stáitse an domhain. Náisiún atá fós ag soláthar na scoláirí agus na nuálaithe mar a rinne san am atá caite. Ó thaobh na tíre de ba mhaith liom go mbeadh Éire ina tír a thugann deis oibre do gach duine, a fhéachann chuige go mbeidh todhchaí ag an óige agus a chuireann tearmann agus slándáil ar fáil do sheandaoine”.
An fhís a bhí ag roinnt daoine óga d’Éirinn ná tír a bheadh meabhrach go sóisialta, “tír ina mbeadh sé ina thosaíocht i gcónaí caighdeán maireachtála na ndaoine is ísle sa tsochaí a fheabhsú”, “ tír ina gcuirfí oideachas ar gach duine, go mbeadh dóthain bia, teach teolaí agus saoirse ó dhaoirse cánach agus ó bhagairt na bochtaineachta inti”, tír ina dtroidfeadh na saoránaigh ar son cearta an duine agus in aghaidh gach cineál claontachta agus cos ar bolg”, sochaí chomhbhách, “ ina dtacaítear leo sin atá leochaileach ar gach bealach is féidir”. Bhí roinnt ag lorg “córas meabhairshláinte níos fearr do dhaoine óga” agus leag daoine eile béim ar thábhacht an phobail chun an todhchaí a rianú:
“an fhís atá agam d’Éirinn na ceann atá tógtha ar bhunchloch an phobail agus spiorad an phobail. Áit inar féidir le daoine brath ar a chéile. Éire a thacaíonn leis na daoine atá ag obair ar an talamh istigh sa phobal agus atá ag déanamh difríochta ar leibhéal an phobail. Éire ina ndéantar rath a thomhas ní de réir rachmais ach de réir dul chun cinn na ndaoine”.
Go hachomair, “Éire a thugann aire dá muintir féin”.
6
2.2.1 Fostaíocht, Fiontraíocht, Slándáil shóisialach, Imní faoin nGeilleagar Rinne aighneachtaí ceangal soiléir idir téamaí gaolmhara na fostaíochta agus chultúr na fiontraíochta. Bhí an dá cheann lárnach i bhfís d’Éirinn a chruthaíonn saibhreas, a chuireann slándáil ar fáil dá saoránaigh agus a fhaigheann an ceann is fearr ar riachtanas na himirce nach bhfuil ar bhonn deonach. Is cosúil go bhfuil an fhostaíocht ina saincheist bhunúsach maidir le comhtháthú sóisialta a thógáil mar bhí daoine óga den tuairim mura bhfuil sé ar chumas na tíre fostaíocht a chruthú go mbeidh deighilt ann idir í féin agus a hacmhainneacht. An príomhphointe anseo ná go gcruthaíonn fostaíocht mórtas pobail náisiúnta nó ‘mórtas cine’ trí riachtanas na himirce a shlánú. Chun an sprioc seo, fostaíocht a chruthú, a bhaint amach, bhí trí phríomhthéama chun tosaigh: (i)
Cultúr na fiontraíochta a thógáil atá dírithe ar jabanna agus atá saor ó chaimiléireacht.
(ii)
Úsáid a bhaint as an earnáil phoiblí mar spreagadh chun fostaíocht a chruthú, más gá.
(iii)
Meicníochtaí a bhunú chun nuálaíocht atá dírithe ar jabanna a chur chun cinn.
Ní raibh daoine óga ar aon fhocal ar théama na himirce; d’fhéach roinnt ar an imirce mar staid a bualadh anuas ar dhaoine, chonaic daoine eile a cumas mar acmhainn chun ár dtír a shaibhriú. Chuir daoine óga béim ar an ngá a bhí le fanacht i dteagmháil leo siúd a théann ar imirce agus bealaí a aimsiú chun iad a chomhtháthú nuair is féidir trí ionadaíocht ghníomhach sa bhaile. Ach níl aon dul thar ghruamacht rudaí mar a sheasann siad faoi láthair: “táim ag obair go páirtaimseartha don chuideachta chéanna ar phá atá faoi bhun an phá íosta le 5 bliain anuas. An chéad rud atá ar m’intinn a dhéanamh nuair a bheidh mo chéim bainte amach agam ná bóthar a bhualadh amach as seo go deo”. Ina éadan sin, leag daoine óga béim ar an tábhacht a bhaineann le teacht aniar a bheith ag daoine:
“Déanaimse iarracht go pearsanta, saol atá cásmhar, comhbhách, feasach ó thaobh na polaitíochta de agus dearfach a mhaireachtáil agus súil agam go gcuirfidh an tslí maireachtála sin dóchas agus muinín isteach ionam sa chaoi nach mbeidh gá dom dul ar imirce go deo. Creidim gur féidir liom dearcadh mo ghlúine a mhúnlú tríd an dearfacht seo go fiú más duine amháin ag an am é”.
7
Ní nach ionadh léiríodh imní faoi ualach an fhiachais phríobháidigh bhaincéireachta agus a thiontú i bhfiachas ceannasach, rud a laghdaíonn an acmhainn shóisialach agus eacnamaíochta. Anuas air sin tá imní faoin staid eacnamaíochta fhoriomlán agus faoi fhócas an bheartais phoiblí a bheith ag díriú ar an suaitheadh ó ghéarchéim na baincéireachta a chobhsú seachas a bheith ag spreagadh na fiontraíochta agus go háirithe fiontraíocht na hóige. Tríd is tríd, tá moltaí ag an óige a bhaineann lenar gcumas sóisialta agus cruthaitheach a shlógadh. Ina theannta sin, chuir roinnt bheag daoine óga béim ar an ngá atá ann go mbeadh an fhorbairt eacnamaíochta á tiomáint ag tuiscint chomhchoiteann faoin gcuspóir atá léi; ar “leas an phobail”; go bhfoghlaimeoimid, mar shochaí, ó bhotúin an “Tíogair Cheiltigh”, mar a bhfuil “daoirse iomlán na nglúin” mar thoradh ar an rachmas príobháideach. “Thóg siad níos mó ná a bhí ag teastáil uathu. Thóg siad rudaí nach raibh sé ina n-acmhainn íoc astu. Teastaíonn Éire nua uainn atá saor ón tsaint”. Tá fís d’Éirinn atá dearfach agus nuálach follasach ó na daoine óga i réimse na táirgiúlachta geilleagraí atá bunaithe ar an bprionsabal gurb iad na daoine is tábhachtaí agus ní na brabúis. Tá an tuiscint ann nach dtéann an méid seo in aghaidh cultúr fiontraíochta atá beoga, cruthaitheach a ghiniúint. Tá téama anseo maidir le tionscail chruthaitheacha a ghiniúint. Tá mórchuid le tairiscint ag Éirinn do chultúr domhanda agus téann réim diaspóra na hÉireann ar fud an domhain. Sa chomhthéacs sin ceanglaítear spreagadh a thabhairt do thionscail chruthaitheacha in ealaíon, drámaíocht, ceol, damhsa agus scannáin sna haighneachtaí leis an deis a bheadh iontu chun fostaíocht a chruthú. I measc na gcéimeanna a moladh bhí go ndéanfaí idir fhiontraithe, eolaithe agus ealaíontóirí a shlógadh le chéile. Ina theannta sin, tá moladh eile ann a deir os rud é gur éirigh chomh maith linn tionscail ar nós Google agus Facebook a mhealladh anseo go bhfuil Éire suite go cuí mar mhol cultúrtha domhanda ar féidir úsáid a bhaint aisti trí chuideachtaí ar-líne, atá, mar a dúirt duine óg amháin, saor le rith maidir le costais riaracháin agus costais tosaithe. Léirigh daoine óga imní mhór maidir le hionchais fostaíochta le haghaidh céimithe agus maidir lena léirstean gur do chuardaitheoirí poist, a bhí san fhórsa saothair cheana féin, atá scéimeanna gníomhachtaithe mhargadh an tsaothair, rud a chiallaíonn go gcoinnítear amach céimithe nua. Tá sé den ríthábhacht, mar sin, an Stát a ghníomhachtú maidir le cruthú jabanna agus le cruthú deiseanna do chéimithe taithí a fháil i dtionscail ina bhfuil siad i mbun traenála/staidéir, bunaithe ar phrionsabail an tuilleamhlathais seachas ar an bpátrúnacht:
“Níl ardoideachas ar mo mhuintir. Níl na ceangail againn le haghaidh na polaitíochta, na coláistíochta ná an ghradaim. Níl aon bhealach suas an dréimire sóisialta. Tá na cáilíochtaí, na torthaí, an cumas, an inniúlacht agus an toil agam le bheith i mo mhúinteoir bunscoile. Ní
8
féidir liom post mar sin a fháil sa tír seo. Is múinteoir meánscoile í mo dheirfiúr agus is mar an gcéanna fírinne an scéil di sin. Tagann lagmhisneach ar chéimithe díograiseacha”. Slándáil Shóisialach Is éard atá i gcuid de na ráitis físe go gcruthófaí sochaí atá faoi threallús ag tuiscint ar dhlúthpháirtíocht shóisialach agus atá níos cumhachtaí ná an geilleagar:
“Baineann fostóirí úsáid as ár bhfuinneamh agus ár n-éadóchas, agus dá bhrí sin oibrímid ar feadh na n-uaireanta fada agus ní fhaighimid fiú an t-íosphá air. Ach, nuair a bhímid ag iarraidh éirí as, cuimhnímid go bhfuil ár dtuismitheoirí ag dul in aois. Beidh ar dhuine éigin aire a thabhairt dóibh, mar a rinne siad sin dár seantuismitheoirí. Má imímid, tréigfimid an cúram a thug siad sin dúinne. Beidh an timthriall briste”.
Cé go ginearálta go bhfuil tuiscint mhaith ar an ngá atá le comhtháthú sóisialta bhí roinnt bheag rannpháirtithe den tuairim go raibh siad féin níos mó i dteideal cúnaimh ná daoine atá ag fáil sochar leasa sóisialta faoi láthair. Tríd is tríd bhí líon na n-aighneachtaí dochracha a tháinig ó dhaoine óga an-bheag; bhí mórchuid díobh ag iarraidh múnla cóir, cuimsitheach den slándáil shóisialach agus den rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a chur chun cinn. Ach tá mothúchán láidir feirge agus doichill le brath ó roinnt a chreideann nach bhfuil roinnt faighteoirí leasa shóisialaigh ina theideal. Tá mothú láidir ann chomh maith go dtugann obair an mothú go bhfuil cuspóir agat sa saol agus gur le haghaidh gearrthréimhse idirlinne go hidéalach atá sochar leasa shóisialaigh ann agus tá an dúil ann go gcruthódh an Stát agus na hearnálacha ar fad an mheicníocht atá riachtanach chun leibhéil níos airde fostaíochta a bhaint amach. Níl an téarma comhpháirtíocht shóisialach le sonrú ann ach tá dúil sa chomhoibriú sóisialach agus geilleagrach agus san idirphlé ann.
9
2.2.2 Athchóiriú Polaitíochta Rinne taighdeoirí “Athchóiriú Polaitíochta” a chódú faoi 18 gcód difriúla. Bhí an fócas ar an gcóras polaitíochta náisiúnta seachas rialachas áitiúil/Réigiúnach nó caidreamh na hÉireann leis an domhan níos leithne, m.sh. tríd an Aontas Eorpach nó na Náisiúin Aontaithe. Dhéanfá iontas de ach is beag trácht a bhí ar an Troika3 mar shampla, má luadh ar chor ar bith é. Bhí an fócas go ginearálta ag díriú ar rannpháirtíocht dhaonlathach. Bhain an príomhthéama leis an ngá le cuimsiú níos mó a fhorbairt, agus rannpháirtíocht níos mó ag saoránaigh agus go háirithe ag daoine óga, i bpolaitíocht ghníomhach. Bhí mothú áirithe ann go raibh gá go n-éireodh daoine óga níos gníomhaí ach go príomha ba cheist í go n-achtódh an rialtas athruithe ionas go dtabharfaí spreagadh do dhaoine óga páirt níos mó a ghlacadh. Rinneadh roinnt cáinte ar an gcóras cánach agus bhí sé le tuiscint gur gá go n-éireodh ár sochaí níos cothroime, mar feictear faoi láthair go n-iompraíonn na haicmí níos boichte ualach éagothrom. Ar an iomlán, an phríomhthréith a bhí léirithe in aighneachtaí na ndaoine óga ná leibhéal ard míshuaimhnis agus imní faoin staid mar atá faoi láthair. Pléitear téamaí thíos, in ord minicíochta, go garbh. Níos mó daoine, daoine óga go háirithe, a thabhairt isteach sa pholaitíocht Ba é seo an téama ba láidre sa chatagóir “athchóiriú polaitíochta”. Braitheann daoine óga nach gcloistear iad. Feictear go bhfuil díscor ann idir daoine óga agus polaiteoirí agus is gá dul i ngleic leis: “Tá folús ollmhór ann idir óige na hÉireann agus a gcuid ionadaithe tofa”. Bhí glaoch sna rannchodanna go ndéanfaí níos mó chun saoránaigh a spreagadh le bheith gníomhach agus páirteach sa pholaitíocht agus sa tsochaí shibhialta araon. “Ní mór don rialtas freastal na vótálaithe agus rannpháirtíocht na hóige sa pholaitíocht a mhéadú trí thoghcháin agus reifrinn a reáchtáil ar an deireadh seachtaine”. Bhí sé le n-aireachtáil go láidir go bhfacthas go raibh go leor neamhinniúlachta i measc polaiteoirí agus bhí sé le tuiscint gur cheart rud éigin a dhéanamh faoi trí dhul amach agus vóta a chaitheamh, trí bhrústocaireacht ar ionadaithe poiblí agus gan glacadh le drochchinntí, etc. Bhí ceangal idir an téama seo agus oideachas sa mhéid gur gá go gcuirfí oideachas ar dhaoine óga maidir leis an tábhacht a bhaineann le bheith gníomhach sa saol polaitíochta.
3 Aontas na hEorpa, An Banc Ceannais Eorpach, agus An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta atá ag déanamh faireacháin ar chistí tarrthála na hÉireann agus ar bhainistíocht eacnamaíochta ghaolmhar
10
Athchóiriú ar an gcóras cánach Ar an iomlán chreid rannpháirtithe go ngearrtar an iomarca cánach orainn mar shochaí agus bhí glaonna forleathana ann go stopfadh an rialtas de bheith ag gearradh ioncaim na ndaoine, bíodh sin tuarastail nó sochair leasa shóisialaigh. Bhí roinnt glaonna ann a d’iarr go sonrach nach gcuirfí cáin chomh trom ar dhaoine óga. Bhí mothú láidir ann go mairimid i sochaí éagothrom, áit nach n-íocann na daoine atá go maith as a gcion féin. Ní raibh mórán moltaí nithiúla ann, áfach, faoin gcaoi ina bhféadfaí bogadh chun cinn ar bhealach níos cothroime. Rinneadh beagán tagartha do na leibhéil CBL ar earraí mar alcól agus toitíní ach ní ar aon bhealach seasmhach é. Sochaí níos cuimsithí Téama tábhachtach a bhí anseo a tháinig chun cinn ar roinnt bhealaí éagsúla. Luadh athchóiriú ar an dlí chun cosaint réadach, éifeachtúil a thabhairt don phobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach (LGBT) go minic. Téama eile a bhí ann go dtabharfaí saoránacht na hÉireann d’imircigh. Feictear gur fadhbanna iad bacainní a bheith ar shaoránacht na hÉireann: “Is as an bPacastáin mise, ach tá cónaí orm in Éirinn le 16 bhliain anuas. Níl saoránacht na hÉireann agam fós mar gheall ar an dlí”. Ardaíodh ceisteanna míchumais chomh maith maidir le teanga chomharthaíochta sa dlí a thabhairt isteach. Leasú ar an mBunreacht Bhí tráchtaireachtaí mionsonracha, eolacha, ar leasú ar an mbunreacht fíor-ghann. Ón mbeagán rannpháirtithe a thagair dó tháinig na pointí seo aníos: agus iad ag tabhairt faoi leasú ar an mbunreacht ba chóir don Rialtas dul i gcomhairle leis na daoine (ag féachaint ar shamhail na hÍoslainne). Ba chóir go mbeadh aon leasú aireach faoin ngá le céimeanna a chur ann a thugann cosaint ar dhrochchleachtais rialtais agus a choinníonn smacht ar rialachas iomarcach. Bhí roinnt glaonna ann a d’iarr go mbeadh polaiteoirí níos cuntasaí agus go mbeadh cúrsaí níos oscailte ach ní raibh an oiread is a mbeifeá ag súil leis. Ba dhíol suntais é nár ardaíodh ach fíorbheagán pointí faoi rialachas áitiúil. Pointí sonracha eile a bhí ardaithe ag líon fíor-bheag rannpháirtithe ná an gá a bhí leis an gcóras aoireachta sa Dáil a athchóiriú agus glaoch go gcuirfí deireadh le críochdheighilt.
11
2.2.3. Oideachas Bhí téama an oideachais chun tosaigh i gcuid mhaith de na haighneachtaí. Ardaíodh réimse leathan topaicí ach bhí líon áirithe téamaí a tháinig aníos arís agus arís eile. Sula ndéanfaimid na téamaí sin a aithint agus a phlé is fiú roinnt tuairimí ginearálta a lua. Ar dtús tá mothú neamhshocrachta agus go fiú míshonais sa chaoi a fheiceann na rannpháirtithe staid an oideachais i láthair na huaire. Téann an imní seo i bpáirt go láidir leis an gcreideamh domhain atá ag daoine óga i dtábhacht agus i luach an oideachais agus leis an tuairim dhaingean go gcaithfidh an Stát aghaidh a thabhairt i ndáiríre ar na fadhbanna atá ag cur as don earnáil faoi láthair. Tá sé spéisiúil a thabhairt faoi deara go raibh an aird ar fad beagnach dírithe ar an dara agus ar an tríú leibhéal agus ar an trasdul idir an dá leibhéal. Níor tháinig an bunleibhéal isteach sa scéal ach go fíor-annamh. Bhain na ceisteanna a ardaíodh faoin tríú leibhéal ar fad beagnach le táillí, deontais agus le rochtain níos ginearálta. Níor ardaíodh caighdeán, ábhair agus “bealaí oibre” an tríú leibhéil ach ar éigin. Ina choinne sin bhain na ceisteanna a ardaíodh maidir leis an dara leibhéal go príomha le hábhair an churaclaim, modhanna measúnachta agus an bhfuil nó nach bhfuil sé “oiriúnach don fheidhm”. Pléitear na príomhábhair a d’ardaigh rannpháirtithe thíos. Ollchóiriú Struchtúrach ar an gcóras oideachais dara leibhéal Ar an iomlán, seo é an smaoineamh ceannasach a dúradh go follasach agus ar bhealaí intuigthe araon. Pléitear faoi roinnt téamaí anseo é. Oideachas a dhéanann daoine a réiteach ar bhealach níos fearr le haghaidh saoránachta gníomhaí Bhí mothú láidir ann nach réitíonn an córas oideachais reatha daoine ar bhealach leordhóthanach le haghaidh saoránachta. Bhí roinnt gnéithe difriúla ag baint leis. An ceann is suntasaí ná an mothú gur gá go mbeadh oideachas níos leithne ar fáil agus go gcuideodh sé le saoránaigh a bheith níos neamhchlaonta, in ann brath níos mó orthu féin, oscailte chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha: “faoi láthair ní spreagann an córas dearcadh leathan ar an saol a ghlacadh ná intinn oscailte a bheith agat. Buaileann sé cos ar an gcruthaitheacht agus ar an neamhspleáchas agus ní chuireann sé oideachas orthu don saol”. Bhí cáineadh géar ar an bhfoghlaim de ghlanmheabhair a fheictear a bheith i gceist sa réiteach don scrúdú Ardteistiméireachta agus arís agus arís eile d’iarr na rannpháirtithe go gcothódh an córas smaointeoireacht níos iomláine, níos neamhspleáchaí, níos cruthaithí agus níos criticiúla. Dúirt rannpháirtithe go mba mhian leo go ndéanfadh daoine óga staidéar toisc go bhfuil suim acu ann seachas a bheith ag staidéar ar mhaithe le pointí a shaothrú don iarratas CAO”. Feictear gur gá modhanna múinte agus stíleanna oibrithe sa
12
seomra ranga a athrú agus bhí roinnt a d’iarr “stíleanna múinte a bhainfeadh níos mó le dioscúrsa agus turgnaimh”. Bhí mothú láidir ann nár athraigh an córas oideachais chun freastal ar riachtanais Éireann atá i mbun athraithe, i dtéarmaí sóisialta, cultúrtha ná geilleagracha. Chuir rannpháirtithe luach ard ar chomhionannas agus bhí an ról atá ag oideachas chun feasacht agus tuiscint ar “dhaoine eile” a chur chun cinn an-láidir: “Ceapaim gur cheart go múinfí do dhaoine óga smaoineamh a dhéanamh dóibh féin agus cabhrú le daoine eile agus caitheamh leo i gcónaí mar dhaoine ar chomhchéim leo féin”. Bhí ilchineálacht an-tábhachtach ó thaobh na foghlama de chun meas a bheith ar chiníocha eile mar aon leis an bpobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach, ar an lucht taistil agus ar dhaoine faoi mhíchumas. Athchóiriú Curaclaim Thairis sin, bhí glaonna ann le haghaidh athruithe a d’fhéadfaí a ghrúpáil le chéile faoin teideal “athchóiriú curaclaim”. Go sonrach iarradh arís agus arís go dtógfaí Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP) i bhfad níos dáiríre ar fud na sraithe sinsearaí ar fad. Foshruth soiléir a bhí in imeachtaí polaitiúla le déanaí anseo agus braitheann rannpháirtithe go láidir gur gá daoine a réiteach níos fearr le bheith gníomhach sa vótáil agus eolas agus tuiscint níos fearr a bheith acu faoi gcaoi a n-oibríonn an pholaitíocht agus an fáth a bhfuil sé tábhachtach. Bhí sé fíorshuntasach an líon rannpháirtithe a dhírigh ar ábhar amháin meánscoile – OSSP – mar go bhfaca siad ann bealach féidearthach amháin le bogadh chun cinn ón gcás mar atá. Ina theannta sin, ba léir go raibh rannpháirtithe ar an eolas go maith faoi na deacrachtaí eacnamaíochta agus d’iarr siad go dtabharfadh an curaclam ar bord múineadh na ceannaireachta, na heacnamaíochta, na fiontraíochta, na hinbhuanaitheachta agus saincheisteanna glasa agus teicneolaíocht na faisnéise. Chonacthas go raibh deacrachtaí le múineadh teangacha, an Ghaeilge go háirithe, agus d’iarr rannpháirtithe éagsúla go gcuirfí athruithe ó bhun ar an mbealach ina ndéantar í a sheachadadh. D’aibhsigh aighneacht ó ghrúpa príosúnach óg an gá atá le gné níos praiticiúla agus níos fiosraí sa scoil mar adhmadóireacht – “Tá bua éigin ag mórán gach duine – má fhaigheann múinteoir amach é ba chóir go mbeadh an scoláire i rang ina bhféadfadh sé a chuid buanna a léiriú”. Cuireann na fir óga béim ar thábhacht na scolaíochta, an oideachais agus deiseanna. Léirítear é seo sna brionglóidí atá acu faoi thodhchaí a gcuid páistí féin, go mbeadh an t-eispéireas scoile a bheidh acu sona agus rathúil.
13
Measúnú – athchóiriú ar an Ardteistiméireacht agus ar an gcóras pointí CAO atá ag dul leis Tá míshonas ollmhór ann le córas measúnaithe reatha na hArdteistiméireachta agus leis an gcóras pointí atá ag dul leis atá ag rialú rochtana chuig an tríú leibhéal. Duine i ndiaidh duine d’iarr rannpháirtithe go ndéanfaí athchóiriú ollmhór air sin. Meastar go bhfuil sé éagothrom, neamhthairgiúil, mí-éifeachtúil agus as dáta. Bhí achainíocha ann go ndéanfaí roghanna eile a iniúchadh agus a chur in oiriúint do chúinsí na hÉireann. Oideachas Tríú Leibhéal Rochtain agus an costas na príomh-shaincheisteanna anseo. Bhain rochtain go príomha leis an gcóras pointí, córas a fheictear a bheith éagothrom agus thar a bheith trioblóideach. Bhí mothú thar na bearta ann go mba chóir go mbeadh rochtain chuig an tríú leibhéal saor in aisce: “Ba cheart na coláistí a bheith ann do gach duine, ní dóibh siúd amháin atá in acmhainn an rogha seo a dhéanamh agus áit ollscoile a bhaint amach. Maidir leo siúd nár chomhlíon a lánacmhainneacht ar bhun acadúil nó pearsanta, ba cheart cúnamh sa bhreis a thabhairt dóibh chun é sin a bhaint amach.” Chomh maith leis sin, mar a luaitear thuas, bhí tuiscint láidir ann go raibh rochtain difreáilte de réir cúinsí sóisialta agus ní raibh sé sin inghlactha. Cuireadh in aghaidh táillí ollscoile a thabhairt isteach d’aon ghuth. Bhí roinnt mhaith éilimh ann go ndéanfaí córas na ndeontas a choinneáil agus a fheabhsú. Léirthuiscint agus luach an oideachais Tháinig an pointe seo aníos i gcúpla riocht. I dtosach bhí an smaoineamh ann go mba chóir go mbeadh meas agus léirthuiscint ag daoine óga ar an oideachas atá curtha ar fáil dóibh ag an Stát. Bhí an smaoineamh intuigthe anseo nár cheart do dhaoine óga glacadh leis gan ceist ach go mba chóir dóibh ról gníomhach a imirt ina gcuid foghlama. Níos ginearálta, bhí an luach ard a chuir na rannpháirtithe ar an oideachas le mothú. Feictear go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint leis an oideachas. Cé go raibh mórchuid na cainte dírithe ar an dara leibhéal, bhí an luach a bhaineann le dul ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal agus an gá atá le rochtain oscailte chuig an tríú leibhéal an-láidir chomh maith.
14
Coláistí breisoideachais a fhorbairt Tháinig miontéama, ach fós ceann atá spéisiúil, chun cinn faoin ngá a chonacthas a bheith ann an soláthar idir an dara leibhéal agus an tríú leibhéal a láidriú – i gcoláistí breisoideachais. Chonacthas go raibh an bealach seo chun gairm a bhaint amach níos feidhmí agus luach curtha air dá réir. Ina theannta sin bhí roinnt a d’iarr go n-éascódh cláir tríú leibhéil, ar bhonn níos ginearálta, níos mó teagmhála leis an “domhan mór” trí shocrúcháin oibre nó trí chomhpháirteachas poiblí.
15
2.2.4. Comhionannas Bhí an comhionannas ar cheann de na téamaí ba shuntasaí sna haighneachtaí agus sna ceardlanna réigiúnacha araon. Chuir daoine óga béim ar an ngá le meas a thabhairt do chearta an duine aonair agus do shaoirse tuairimíochta agus bhí roinnt mhaith a chuir fís d’Éirinn chun cinn ina gcuimseofaí an ilchultúrthacht. Tá cáil ar mhuintir na hÉireann as spiorad na hoscailte, na cairdiúlachta agus na fáilte agus d’fhéadfaí é sin a aithint níos láidre sa chineál sochaí atá á forbairt againn. Léirítear go beacht san athfhriotal seo a leanas tuairimí roinnt mhaith de na rannpháirtithe i réimse an chomhionannais:
“San fhís atá agamsa d’Éirinn sa todhchaí, aithneofar luach an duine aonair as féin agus déanfaidh siad siúd atá i gcumhacht iarracht bunriachtanais gach aon duine aonaraigh a chomhlíonadh agus meas a thabhairt dá gcearta bunúsacha agus iad a chosaint”.
D’fhógair cuid mhaith daoine óga a bhfís d’Éirinn maidir leis an gcomhionannas agus aitheantas do chearta an duine aonair. Tá rannpháirtí amháin ag iarraidh “Éire ina mbeadh cuimsiú agus cothroime ina bhfocail chathaise – ní éilíteachas agus féin-ghafaíocht”. Tá fís láidir ann d’Éirinn atá cuimsitheach agus sásta glacadh le difríochtaí agus gur síneadh é ar an dualgas sibhialta a bheith measúil agus fulangach: “Is gá, ní hamháin do na daoine óga ach do mhuintir na hÉireann go ginearálta, gealltanais a thabhairt. Tá sé de dhualgas orainn, cosúil le cuid mhaith eile thart orainn, sinn féin a chur ar an eolas faoi thábhacht na fulaingthe agus an mheasa ar dhaoine eile in Éirinn sa lá inniu”. Maidir leis an Lucht Taistil a mbíonn ciníochas agus éadulaingt ag cur isteach orthu bhí dúil mhór ann go mbeimis níos uilechuimsithí in ár mbealaí agus go bhféadfaí acmhainn chun an saol a shaibhriú a dhéanamh den éagsúlacht. D’aibhsigh aighneacht amháin an pointe seo:
“Is féidir leis an Lucht taistil páirt a ghlacadh i dtionscnaimh don óige agus in eagraíochtaí eile sa tsochaí inar féidir bheith ag meascadh le daoine a thagann ó chúlraí difriúla chun tuiscint a fháil ar an saol a chaitheann siad, ach teastaíonn eagraíochtaí chomh maith don lucht taistil amháin ionas gur féidir linn a bheith ar ár gcompord agus gan bheith ag ceapadh go bhfuil breithiúnas á thabhairt orainn”.
Ardaíodh téama an chomhionannais faoi roinnt fothéamaí mar a léirítear thíos. Is iad na téamaí ná, míchumas, frithchiníochas, inscne agus léiriú gnéasach, reachtaíocht le haghaidh comhionannais, ginmhilleadh agus cearta síolraithe agus saoirse creidimh. Pointe eile a ardaíodh mar cheist a bhain le comhionannas ná an easpa cothromaíochta sa tír ó thaobh spáis de mar is i réigiún Bhaile Átha Cliath atá mórchuid den infrastruchtúr iompair.
16
Míchumas Fuarthas roinnt aighneachtaí maidir le míchumas. Trasnaíonn sé seo na réimsí idir sláinte agus comhionannas. Maidir le comhionannas ardaíonn siad dhá théama, díchur stiogma agus an cothromas cearta a bhaineann leis, agus moltaí le haghaidh feasachta méadaithe sa phobal i gcoitinne. Tagann cuid de na haighneachtaí ó dhaoine a deir go bhfuil siad faoi mhíchumas. Luaigh roinnt rannpháirtithe an smaoineamh go bhfuil gá le breis reachtaíochta chun neamhspleáchas daoine faoi mhíchumas a láidriú, agus é ráite ag duine díobh: “Ní féidir liom cáipéis dlí a shíniú gan cead tuismitheora mo dhaide atá mar phríomhchúramóir agam”. Rinne daoine eile a thrácht ina leith seo achainí go ndéanfadh muintir na hÉireann “stiogma a laghdú .....stopadh de bheith ag cur lipéad ar dhaoine faoi mhíchumas”. Deir ceann eile: “ní mór dúinn an meon aigne a scriosadh faoina mbreathnaítear ar dhaoine a tharlaíonn a bheith i gcathaoireacha rotha nó atá dall mar rud éigin corr. Ní mór dúinn cuimhneamh gur muintir amháin atá ionainn agus ní tír atá roinnte”. San áireamh sna moltaí faoi stiogma a laghdú agus réamheolas ar oideachas dúradh go bhféadfaí míchumas a chur ar an gcuraclam scoile agus ag an am céanna deireadh a chur le leithcheal sa chóras oideachais agus ina theannta sin feasacht a chothú i dtaobh a bhfuil bainte amach ag lúthchleasaithe sna Parailimpicí. Is mian le rannpháirtí atá bodhar, agus a mhúineann teanga chomharthaíochta do mhic léinn a bhfuil éisteacht acu sa choláiste, go mbeadh sé ar chumas níos mó daoine comharthaíocht a úsáid. “Bheadh sé iontach dá bhfoghlaimeodh daoine fiú beagán den teanga chomharthaíochta, go fiú le ‘hello’ etc a rá”. Iarrann déagóir go bhfuil uathachas air go ndéanfaí “leanaí atá ag forbairt ar bhealach níos tipiciúla agus daoine óga a mhúineadh faoin uathachas agus go bhfeadfaidís cairdeas a dhéanamh le daoine cosúil liomsa agus go bhfeadfaidís bheith ag foghlaim uainn agus sinne uathu”. Tá an méid sin ag teacht lena bhfuil ráite ag freagróir eile; “Tá mise faoi mhíchumas ach ní chiallaíonn sé sin nach féidir liom go leor a bhaint amach i mo shaol”. Is éard a chreideann na rannpháirtithe ná go bhfuil “an oiread sin le cur leis an saol in Éirinn” ag daoine atá faoi mhíchumas, cuma cén acmhainn atá acu. Molann roinnt aighneachtaí gur féidir níos mó comhionannais a bhaint amach trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaoine óga atá faoi mhíchumas páirt a ghlacadh ar bhonn cothroime i ndálaí príomhshrutha ar nós clubanna, grúpaí pobail agus scoile. Ag éirí as na tuairimí seo ní mór do shochaí na hÉireann a chinntiú go gcuirtear seirbhísí ar fáil chun caighdeán maith maireachtála, oideachas agus tacaíocht, chun daoine faoi mhíchumas a chumasú chun a n-acmhainneacht a chomhlíonadh, a sheachadadh. Áirítear anseo idirghabháil agus fáthmheas luath, tacaíocht le haghaidh gach duine agus tacaíocht le haghaidh cúramóirí. Ní mór tabhairt faoi chruinniú níos fearr a dhéanamh ar shonraí i leith réimse leathan míchumais, agus ina theannta sin ní mór go mbeadh daoine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu “páirteach agus cinntí tábhachta i leith a saol á ndéanamh ....Ní mór dúinn iarracht a dhéanamh chomh maith níos mó eolais a fháil i leith daoine atá faoi mhíchumas sonrach”.
17
Frithchiníochas Saincheist é an ciníochas atá ag cur as do chuid mhaith de na rannpháirtithe. Dúirt duine amháin gur bhraith sé go leor ciníochais le déanaí i mBaile Átha Cliath agus dúirt duine eile “tá daoine á gcur faoi chaint agus faoi ghníomhaíocht chiníoch gach lá” Bhí sé le mothú go láidir sna haighneachtaí go raibh gá a bheith frithchiníoch ar bhealach forghníomhach tríd an oideachas aníos tríd na glúine “ní mór oideachas a chur ar dhaoine faoin gciníochas agus iad óg”. Áirítear sna moltaí eile chun tabhairt faoi go mbunófaí “eagraíocht a thabharfadh ar dhaoine dul chuig bunscoileanna agus meánscoileanna ar fud na tíre agus iad a chur ar an eolas faoin tionchar atá ag an gciníochas ar shaoil daoine”. B’fhéidir go gcabhródh sé seo chun “an ceann is fearr a fháil ar an doicheall agus an fuath maidir le cómhaireachtáil na gciníocha”. Mar sin ní mór dúinn a bheith níos forghníomhaí faoi bheith frithchiníoch sa mhéid “nach féidir linn seasamh i leataobh fad is a bhíonn daoine sa tsochaí ag tabhairt maslaí ciniúla, ag déanamh ráiteas diúltach faoin Lucht Siúil nó ag tromaíocht orthu sin atá leochaileach”. Inscne agus Léiriú Gnéasach Cé go n-aithnítear “sa fiche bliain atá caite [gur] éirigh sochaí na hÉireann níos cuimsithí” agus go bhfuil; “athrú ag teacht ar dhearcthaí ar fud an náisiúin de réir a chéile”, dúradh chomh maith go bhfuil “mórán de mhuintir na hÉireann an-daorbhreithiúnach” agus; go bhfuil “níos mó le déanamh”. Anuas air sin “ar go leor bealaí ... [go bhfuilimid] fós an-deighilte ag ár gclaontachtaí domhainsuite agus ár míthuiscintí faoi dhaoine eile … go háirithe ... ó thaobh an dlí in Éirinn nach dtugann go dtí seo aon chosaint atá dáiríre agus éifeachtúil don phobal Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach”. Bhí roinnt rannpháirtithe a chuir gortú agus suaitheadh in iúl ar a son féin agus ar son cairde agus teaghlaigh agus d’aibhsigh duine amháin “faoi láthair tuairiscíonn óige LADT na leibhéil is airde chlaonadh féinmharaithe [á rá] tá sé aitheanta go maith i bhfoilseacháin eolaíochta gur féidir le cruthú mhothú ionannais i measc daoine LADT feidhmiú mar thoisc chosanta in aghaidh folláine íseal síceasóisialta”.
18
Saincheisteanna Aeracha agus Trasinscneacha – cearta agus féiniúlachtaí Léirigh cuid de na haighneachtaí an dúshlán pearsanta atá amach rompu agus iad i ngleic lena bhféiniúlacht ghnéasach féin. Dúirt duine amháin “is le gairid atáim tosaithe ag mothú sách muiníneach agus slán ionam féin chun insint do mo mhuintir agus do mo chuid dlúthchairde faoi mo ghnéaschlaonadh”. Tugann rannpháirtí eile fís dhearfach don todhchaí:
“An fhís atá agam ... nach gcaithfidh daoine homaighnéasacha cur suas leis an stiogmatú a d’fhulaing mise, nach nglacfar le ráitis ghoilliúnacha, mhaslacha agus go mbeidh daoine aeracha in ann dul i ngleic lena bhféiniúlacht féin sna blianta ógánacha gan an fhéiniúlacht seo a cheilt le faitíos go gcasfaí cúl leo nó níos measa”.
Is cosúil go bhfuil staid na ndaoine trasinscneacha fiú níos dúshlánaí: “tá cearta daoine trasinsneacha in Éirinn ar an meán 15 bliain ar gcúl ar cearta na ndaoine aeracha”. Dúirt rannpháirtí amháin: Ba mhaith liom cónaí i dtír (Éire) .... ina bhféadfadh daoine a airíonn gur san inscne mhícheart a rugadh iad é sin a athrú go dleathach”. Ar cheann de na príomhphointí a ardaíodh faoi léiriú gnéasach agus comhionannas ná an smaoineamh go gcuirfí “athrú ar an mbunreacht le ceart pósta a thabhairt do lánúin chomhghnéis” agus ag teacht go dlúth leis sin go mbeadh cead ag na lánúineacha sin leanbh a uchtú. Rinne roinnt daoine an argóint faoin Acht Páirtnéireachta Sibhialta 2010 cé go dtugann sé aitheantas do lánúineacha homaighnéasacha in Éirinn “is fada ó chéile iad páirtnéireacht shibhialta agus “pósadh” i ndáiríre agus fágann sé go bhfuil seasamh difriúil ó thaobh an dlí de ag páirtnéirí sibhialta seachas fear agus bean chéile”. Léiríodh tuairim easaontach freisin, áfach: “Tá mé in aghaidh póstaí aeracha. Ní dóigh liom go bhfuil sé ceart go n-athródh an rialtas rud atá chomh bunúsach sa sochaí”. Inscne agus léiriú gnéasach – céard atá le déanamh? Tugann roinnt rannpháirtithe aitheantas don obair mhaith atá á déanamh cheana ag eagraíochtaí agus deir siad go bhfuil sé ar chumas na glúine seo de dhaoine óga polaitíocht gnéasachta a chlaochlú sa tír:
“Tugann an óige in ár dtír, go háirithe laistigh den phobal LADT, tacaíocht iontach cheana féin do gach duine [i,e. Líonra Comhionannais Trasinscneach Éireann (TENI) agus Líonra Comhionannais Aerach agus Leispiach (GLEN)]. Is gá go leanfaí leis an obair seo mar go bhféadfadh sé difríocht dháiríre a dhéanamh”.
19
Tá gá le ceannaireacht pholaitiúil chun déileáil leis an gceist seo: “Caithimid vótaí ar son teachtaí, agus ní gá dóibh i gcónaí an seasamh atá acu i leith saincheisteanna a ghoilleann orainn a shoiléiriú – an cheist chonspóideach faoi chomhionannas iomlán sibhialta le haghaidh daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscneacha (fiú an Taoiseach féin níl a bharúil curtha in iúl aige)”. Ina choinne sin: dhéanfadh sé difríocht mhór “dá dtiocfadh polaiteoirí amach i bhfabhar póstaí comhghnéis”. Mar shampla: Measaim gur imir cinneadh David Norris dul san iomaíocht le haghaidh na hUachtaránachta tionchar ar an gcaoi a mhothaigh daoine faoi cheist an phósta chomhghnéis agus faoi dhaoine aeracha go ginearálta”. Saincheisteanna dlí Leagtar an milleán ar shaincheisteanna éagsúla struchtúracha faoi bhogadh na hÉireann i dtreo sochaí níos cothroime a mhúchadh: Teastaíonn bunreacht go géar in Éirinn atá ionadaíoch ar gach ball den tsochaí gan aird ar chine, reiligiún, inscne ná ar ghnéaschlaonadh”. Deir rannpháirtí amháin go dtugann “go leor de dhlíthe na hÉireann masla do shaorthoil agus do chomhionannas agus fágann siad in amhras mé faoi cé chomh saor agus atáimid i ndáiríre”. Ach, cé go dteastaíonn “níos mó reachtaíochta i leith cearta comhionainn, tá smacht ag polaiteoirí ar athruithe ar na dlíthe agus go minic baineann siad leas as an bpróiseas mar bhealach chun níos mó vótaí a fháil nó chun go mbeidh siad atofa”. Agus é ag cur in iúl go láidir gur mian leis dlíthe nach mbuaileann cos ar shaoirsí pearsanta rinne aighneacht amháin an argóint:
“is féidir dlíthe faoi ghinmhilleadh, pósadh aerach nó díchóiriú drugaí nó dlíthe eile nach gcuireann isteach go díreach ar Shaoránach gan a chead go díreach, a thabhairt isteach fad is nach bhfuil éinne ag cur ina luí orthu sin atá ina gcoinne glacadh leis na saoráidí dleathacha a chuirfeadh a dtabhairt isteach ar fáil”.
Ginmhilleadh Léiríonn aighneachtaí ar cheist an ghinmhillte na deighiltí sóisialta atá sa tír faoin gceist seo. Tá sé ardaithe mar shaincheist chomhionannais mar go mbaineann sé le cothroime cearta agus leis an meas ar shláinte agus ar bheatha na máthar agus an linbh sa bhroinn araon. Tríd is tríd tá dhá thaobh leis an argóint seo. Tá ceann amháin díobh ag iarraidh Éire a choinneáil ‘saor ó ghinmhilleadh’ tríd an dlí agus cosaint a thabhairt go forghníomhach do bheatha an linbh sa bhroinn agus do cheart céanna beatha na máthar mar atá sa Bhunreacht. Deir an taobh eile go n-onnmhairíonn Éire fadhb an ghinmhillte agus dá bharr sin gur gá an fhadhb a aithint agus reachtaíocht a rith faoina coinne.
20
Léirítear an chéad sheasamh in aighneachtaí a deir gur chóir “an bheatha sa bhroinn a chosaint” mar go gcaithfear aire a thabhairt “do na daoine leochaileacha ar fad sa sochaí” mar cheist ‘chomhionannais’ de. Dúirt freagróir amháin “Is údar bróid dom gur Éireannach mé mar tá sí ar cheann den líon beag náisiún atá fágtha ina bhfuil meas ar bheatha an linbh sa bhroinn agus is mian liom go bhfanfadh sé mar sin”. Leag cuid de na haighneachtaí béim ar an nasc atá ag an saincheist seo le gairm na míochaine agus le cúram sláinte, á rá gur gá go ndéanfaí tacaí struchtúracha a láidriú: go sonrach is gá “go leanfaí ag cur ardchaighdeán chúram sláinte réamhbhreithe agus iarbhreithe ar fáil, lena n-áirítear comhairleoireacht” agus is gá dúinn a chinntiú go “leanfaidh dochtúirí na hÉireann orthu ag comhlíonadh a ndualgas cúraim chun beatha agus cearta mná atá ag iompar clainne agus a leanaí a chosaint agus a chaomhnú i gcónaí”. Ina theannta sin ní mór “líonraí tacaíochta a thógáil le haghaidh daoine atá i ndrochstaideanna agus feasacht a ardú faoi na roghanna eile atá ar fáil”. Cuireadh tuairim chontrártha chun cinn go n-eascraíonn an seasamh frith-ghinmhillte ó thionchar na hEaglaise Caitlicí atá “i mbun póilíneachta ar cholainneacha leath an náisiúin”. Leanann siad ar aghaidh agus é le rá acu “rud iontach é creideamh mura ndéanann sé fuath a scaipeadh (m.sh. in aghaidh an phobail LADT) agus mura séanann sé a sláinte intinne, a sláinte coirp, sláinte mhothúchánach agus sláinte spioradálta orthu trí rochtain a dhiúltú dóibh ar ghinmhilleadh atá sábháilte agus ar phraghas réasúnta”. Tugann roinnt aighneachtaí tacaíocht don ghinmhilleadh go teoiriciúil agus iad ag léiriú taobh cearta na mban chun rogha a dhéanamh den díospóireacht:
“Caithfear ginmhilleadh a dhéanamh dleathach” agus ba cheart go mbeadh meas againn ar “roghanna saoil mar an mhian agus ... an ceart chun ginmhilleadh a fháil. Má chreideann mná gurb é an cinneadh mícheart dóibh é leanbh a thabhairt isteach i saol ina bhfuil siad ag streachailt cheana féin ansin ba chóir go bhféadfadh dochtúir oilte an toircheas a thobscoir”.
Ina theannta sin “maidir le cearta na mban, creidim gur chóir ginmhilleadh a dhéanamh dleathach [agus] nár chóir go mbeadh mothú ciontachta ag dul leis”. Déanann an rannpháirtí is déanaí seo a éileamh ar reachtaíocht ginmhillte a fhrámú go daingean mar cheist chomhionannas inscne. Maíonn freagróir eile go bhfuil claontacht frith-ghinmhillte sa chóras oideachais ina bhfuil “múinteoirí creidimh ag brú tuairimí ar son na beatha ar scoláirí” agus dá bharr tá “mná inár sochaí á dtarraingt anuas”. Molann an freagróir seo gur chóir mná a spreagadh ón óige chun seasamh suas dóibh féin agus a gcuid tuairimí a chur in iúl”.
21
Creideamh Bhí roinnt daoine a dúirt go raibh siad dóchasach go gcuirfeadh muintir na hÉireann fáilte roimh an gceart a bheith ann do gach duine a rogha creidimh a chleachtadh gan claontacht. An tuairim a chuir cúpla duine óg in iúl faoi chreideamh agus comhionannas ná: “ní mór go dtuigfeadh an tír seo go bhfuil teagasc áirithe na hEaglaise Caitlicí a bhí tiarnasach sa tír le fada an lá le ceistiú”. Baineann sé seo le réimse saincheisteanna mar inscne agus comhionannas gnéis. Ina theannta sin dúirt freagróir amháin “Creidim gur gá go meabhrófaí dóibh cé hiad atá siad ag déanamh ionadaíochta ar a son thuas ansin i mBaile Átha Cliath mar ní Caitlicigh chráifeacha amháin atá ann níos mó”. Leanann freagróir eile leis an téama seo agus é ag moladh, maidir le comhionannas creidimh, go mbeimis feasach gur “tír ilchineálach agus ilchultúrtha anois í, agus cé go mbraitheann go leor gur cuid lárnach de chultúr na hÉireann an creideamh, níl sé de chead ag an Stát taobhú le haon dream (i.e. aon chreideamh ar leith) thar aon cheann eile”.
22
2.2.5. Rannpháirtíocht na hÓige Phlé go leor de na freagróirí an tábhacht a bhaineann le héisteacht le “guth na hóige”. I gceangal leis seo bhí an tuairim bhunaidh gur gá do dhaoine óga freagracht a ghlacadh as seo trí bheith gníomhach agus baol na fuarchúise a sheachaint. Bhí tuairim láidir ann chomh maith go dteastaíonn struchtúir a dhéanfadh an “guth” sin a chloisteáil a éascú. Tábhacht le guth na hóige Chuir freagróir amháin an smaoineamh de “ghuth na hóige” go simplí agus go beacht nuair a dúirt sé “Is daoine óga sinn agus is mian linn go n-éistfí linn”. Tá mothú láidir i measc daoine óga gurb iad féin “todhchaí na tíre seo” agus “go mbeadh sé iontach go gcuirfí an deis ar fáil dúinn bheith páirteach i réiteach na mbeartas a bheidh ag rianú na conaire san am atá le teacht”. Cuirtear tábhacht an chomhpháirteachais seo idir daoine óga agus ‘an córas’ in iúl go láidir san athfhriotal seo a leanas atá ag pléadáil le haghaidh na tionscnaíochta seo chun torthaí praiticiúla a sholáthar:
“Ní mór go bhfeicfimis an daonlathas agus comhpháirteachas sibhialta ag obair. Ní mór go mbeadh tionscnaimh mar An Óige agus an tÉireannachas an Uachtaráin Uí Uiginn in ann seachadta i ndáiríre. NÍ MÓR go mbeadh níos mó ag baint leis ná tuarascáil agus aighneachtaí chuig ranna rialtais. Ní mór go gcruthódh sé móiminteam agus go bhfeicfí bearta á gCUR I bhFEIDHM. Táimid braon den chomhchomhairle. Is mian linn go n-éistfí linn ach go ndéanfaí beart dá réir chomh maith. Tá ceannaireacht ag teastáil uainn ón Uachtarán Ó hUiginn chun dúshlán an status quo a thabhairt agus chun go ndéanfaidh polaiteoirí beart de réir a mbriathar agus athchóiriú radacach a dhéanamh seachas a bheith ag tabhairt leithscéalta, ag sásamh na meán, an IMF agus cibé is gá chun go mbeidh siad atofa”.
Deir freagróir amháin go bhfuil gníomhaíocht na hóige tábhachtach mar “táimid i bhfad níos láidre ná na glúine níos sine mar níl faitíos orainn labhairt amach agus ní imríonn teagasc na hEaglaise Caitlicí tionchar orainn” Deir duine eile go bhfuil ‘úire’ na hóige tábhachtach: tugaimid breith ar smaoineamh/ tionscnamh de réir fiúntais agus ní de réir aoise. Tá smaoineamh maith go maith beag beann ar cé chomh sean is atá sé”. Aibhsíonn an aighneacht seo a leanas an gá atá ag daoine óga go bhfeicfidís deis chun páirt a ghlacadh
23
“Samhlaím ár dtír ina dtuigeann daoine óga go bhfuil ról le himirt acu sa tsochaí. Breathnaím timpeall orm féin gach lá agus feicim daoine le cumas agus muinín. An fhadhb atá ann ná nach bhfeiceann na daoine seo dóthain deiseanna rannpháirtíochta ann. Cloiseann siad na drochscéalta ar fad faoi staid reatha na tíre agus mothaíonn siad díspreagtha i leith an róil atá acu ann”.
Ní Éistear linn Tá mothú foriomlán ann nach n-éistear le daoine óga:
“Is gá ar dtús an deis a thabhairt do dhaoine óga go n-éistfí leo. Tá sé beagnach dodhéanta go gcloisfí do ghuth sa tsochaí seo ....b’fhéidir go bhfuil easpa comhpháirteachais ann [atá] lán-intuigthe .... ní léirítear aon mheas orthu”.
Tá sé seo forleathan ar fud na sochaí agus sna meáin: “ní chloistear ar an nuacht riamh ach a bhfuil á iarraidh ag daoine níos sine”. Ag dul níos faide bhí rannpháirtí amháin a cháin an dearcadh diúltach a chuirtear chun cinn go minic:
“Ní mór go stopfadh daoine den steiréitíopáil den óige agus iad a fheiceáil mar dhaoine aonair. Ní mór go dtuigfeadh daoine nach bhfuil glúin na ‘gcochall’ ar fad diúltach. Níor cheart neamhshuim a dhéanamh den mhaith a dhéanann go leor daoine óga mar gheall ar mhí-iompar an mhionlaigh.
“Ba chóir go mbeadh níos mó measa ar óige an lae inniu. Ní hionann sinne ar fad agus an déagóir steiréitipiciúil den aonú aois is fiche atá amuigh gach oíche den tseachtain, ag úsáid drugaí agus ag caitheamh airgid a dtuismitheoirí go fánach ar ól ... Ní mór go gcasfadh an Rialtas le daoine óga ní hamháin chun labhairt leo ach chun suí síos agus chun éisteachta leo”.
Meabhraítear go gcailleann ceannairí a dhéanann neamhshuim den óige go leor deiseanna: Glacann daoine leis i gcónaí go bhfuilimid óg agus anabaí, ach fós bíonn níos mó smaointe cliste againn ná a cheapann siad”. Cuimsíonn sé seo níos mó ná cruthaitheacht, ach áirítear ann réitigh phraiticiúla chomh maith: “Creidim gur uirlis thearc-úsáidte iad óige na tíre chun ár gcobhsaíocht a chinntiú”. Bhí tuin mhuiníneach an dúshláin in go leor d’aighneachtaí na ndaoine óga: “Ní mór don rialtas a bheith toilteanach agus réidh chun éisteacht le daoine óga na tíre”. Téann rannpháirtí amháin céim níos faide fós, á rá “leanfaimid ar aghaidh, agus coinneoimid orainn go dtí go dtógfaidh duine éigin an t-am sa deireadh éisteacht linn”.
24
Sinne an fhadhb /fuarchúis Deir roinnt rannpháirtithe go bhfuil údar maith leis an dearcadh diúltach seo faoi dhaoine óga. “Tá mórchuid buanna, cruthaitheachta agus éirim aigne sa tír .... ach táimid sásta suí siar agus bheith ag caint ar smaointe seachas rud éigin a dhéanamh”. “Casann go leor daoine orm atá ar nós cuma liom, gan smaoineamh ina gceann”. Cuirtear an milleán faoi fhuarchúis na hóige ar steiréitíopáil na meán: “Go mion minic bíonn gné-altanna fada sna nuachtáin agus ar chláir chúrsaí reatha faoi fhadhbanna óige an lae inniu. An t-ólachán, na drugaí, na hionsaithe .... ag clamhsáin nach bhfuil i ndeontas na mac léinn ach liúntas le haghaidh ólacháin”. Ach glacann údar an phíosa leis nach bhfuil daoine óga ag cuidiú lena gcás féin agus maíonn sé:
“Ní mór do dhaoine óga an íomhá atá acu a fheabhsú ..... Mar sin mar dhaoine óga ní mór dúinn tabhairt faoi fhadhb na ragús óil, fadhb úsáidte drugaí agus fadhb na hiompraíochta frithshóisialta go dána chun tacaíocht a thuilleamh chun saoil na ndaoine óga ar fad a fheabhsú”.
Buailtear an milleán ar theicneolaíocht faoi chuid den fhuarchúis: “Sa lá inniu caitheann an iomarca daoine óga uaireanta do-áirithe an chloig ar aghaidh na teilifíse agus scáileán ríomhaire agus fós níl aithne ar bith acu ar a gcomharsa trasna na sráide”. Déanann an sliocht seo a leanas cur síos sóisialta spéisiúil ar úsáid na teicneolaíochta a bheith ag laghdú comhpháirteachais shóisialaigh:
“Domhan den chumarsáid sheasta, de theachtaireachtaí láithreacha gan stop, fearann [ina n-úsáidtear] fótagraif chun saol iomlán duine a léiriú. Tá an ghlúin seo, mo ghlúinse, ‘ina ndúchasaigh theicneolaíocha’. Scríobhaimid agus foilsímid rudaí fúinn féin agus faoin domhan thart orainn ....déanaimid ár gcuid mothúchán a tvuíteáil agus ár gcuid tuairimí a phostáil. Cén fáth a bhfuil an riocht sin orainn? Ní ar theicneolaíocht atá sé. Ach orainne ... Is sinne an fhadhb – seo an córas rialaithe atá roghnaithe againn”.
25
Tá an fhuarchúis seo ag dul trí gach earnáil de chomhpháirteachas na hóige, ach dhírigh roinnt rannpháirtithe ar easpa comhpháirteachais pholaitiúil: ní mór do dhaoine stopadh den éighníomhaíocht i leith na polaitíochta”. Agus:
“Creidim gur chóir go mbeadh níos mó suime ag daoine óga sa pholaitíocht, smaoinigh ar an bhfuinneamh, ar an bhfiontraíocht agus ar an macántacht ghlan amach a thabharfaimis go Dáil Éireann! Ach cén duine ina chiall cheart a bheadh ag iarraidh páirt a ghlacadh i bhfianaise a bhfuil tarlaithe le blianta beaga anuas?”
Fóram / Bealaí cumarsáide Bhí tuairim an-láidir ann go bhfuil gá le fóram struchtúrtha ina ndéanfar guth na hóige a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú. Mhol go leor rannpháirtithe an tionscnamh An Óige agus an tÉireannachas agus mhol siad nach mbeadh anseo ach an chéad chéim sa phróiseas: “Ba mhaith liom go mbeadh sé ar mo chumas an fhís atá agam a chur i láthair i bhfóram níos saothraithe agus níos léirithí”. “Teastaíonn meicníocht rannpháirtíochta na hóige don 32 contae”. Bhí sé le rá ag duine óg amháin:
“Níl aon ghuth ag daoine óga na hÉireann san atmaisféar polaitíochta reatha faoi láthair. Níl aon ionad lárnach ann inar féidir le daoine óga síniú isteach ann chun a gcuid tuairimí a thabhairt ionas go n-éistfear leo ar bhealach neamhchlaonta”.
Clúdaíonn an easpa fhóram na hóige seo deis chun saincheisteanna ginearálta na hóige a ardú agus don chomhpháirteachas polaitíochta: “níl dóthain roghanna ann chun páirt níos mó a ghlacadh nó chun go gcloisfí mo chuid tuairimí”. Tá an easpa chomhpháirteachas polaitíochta sin leis an óige curtha go soiléir san athfhriotal seo a leanas:
“Creidim gur chóir go mbeadh sé níos éasca do dhaoine óga a bheith rannpháirteach sa pholaitíocht. Níor airigh mé riamh aon duine de mo chairde ag moladh “fág seo ag cruinniú polaitíochta’. Go cinnte, thabharfaimis smaointe luachmhara don rialtas dá n-éistfidís linn”.
Tugann cuid de na rannpháirtithe aitheantas do struchtúir atá ann cheana: “ba chóir go gcuirfí béim ar an ról atá ag eagraíochtaí mar Chomhairle na nÓg ag déanamh ionadaíochta ar son na hóige”. Ach “in ainneoin go bhfuil comhairlí óige ar fud na tíre le go leor ball iontu ní thógtar rud ar bith a deir siad nó a dhéanann siad go dáiríre”. Cuirtear é sin in iúl níos soiléire san aighneacht seo a leanas a thugann le tuiscint gurb é an príomhlocht ná easpa trédhearcachta agus ‘gníomhaíochta’ maidir le tuairimí na hóige: “[Teastaíonn fóram uainn] inar féidir súil a choinneáil ar dhul chun cinn do chuid tuairimí trí thithe an rialtais agus ina bhfeicfeá rud ag tarlú i ndáiríre chun fadhbanna a réiteach”.
26
Bí gníomhach /déan agóid Bhí mórchuid glaonna chun gnímh ó dhaoine óga agus cuimsíonn an ráiteas seo a leanas an meon foriomlán: “ba chóir dúinn an seanbhealach Éireannach – ag gearán agus gan tada a dhéanamh a chur dínn. Scríobh litreacha, déan stocaireacht le do chuid Teachtaí Dála agus glac páirt in eagraíochtaí a chreideann tú a dhéanfaidh difríocht i leith an ní atá ag déanamh tinnis duit” agus chomh maith “déan stocaireacht via meáin shóisialta, déan agóid, scríobh chuig na nuachtáin, líon ceistneoirí”. Tugann roinnt daoine faoina gcomh-ógánaigh:
“Is mian liom mo ghlúin agus an ceann a thiocfaidh ina diaidh a fheiceáil ag imeacht amach óna gcuid ríomhairí glúine agus a gcuid ipadanna agus amach ar na sráideanna ag déanamh agóide faoin gcostas maireachtála, costas cíosa, ag seasamh le dinít daoine atá tinn, bocht, agus gan oideachas mar a rinne bunaitheoirí na tíre seo ar mian leo go mbeadh na daoine saor ó dhaoirse, oideachas in aisce orthu agus saorchead acu a rogha creidimh a chleachtadh. Is mian liom go gcuirfidh mo ghlúin faoi deara don rialtas a gcuid oibre a dhéanamh ar son a gcuid fostóirí, sinne muintir na tíre”.
Tá déine na dtuairimí ag réimsiú ó “olagóidí, easumhlaíocht shibhialta” go “déan beart agus tóg páirt” níos ginearálta nó “glac freagracht phearsanta”. Is é an dearcadh ginearálta ná “is gá do dhaoine óga seasamh suas agus labhairt amach mar mura ndéanfaidh, ní dhéanfaidh éinne eile é” Go minic tá an méid sin i gceangal leis an smaoineamh “is iad na daoine óga todhchaí na hÉireann”. Léiríonn na ‘gártha chun catha’ seo a leanas an réimse moltaí a fuarthas: “Is féidir linn seasamh agus troid a dhéanamh go dtí go n-éistfear linn”. “Is féidir linn seasamh le chéile agus agóid a dhéanamh go síochánta”. “Níl aon fhaitíos orm seasamh leis na daoine atá ‘ag iarraidh’ Éire níos fearr a chruthú”. “Is féidir linn dul isteach le grúpaí atá ag stocaireacht le haghaidh athchóirithe polaitiúil”. “Is féidir linn leanúint orainn ag scríobh litreacha chuig an rialtas agus ag agóidíocht lasmuigh den Dáil”. “Polaiteoirí a thoghadh atá tiomanta d’athchóiriú sistéamach ar an gcóras polaitíochta ó bhun”. “Bí ag smaoineamh, labhair amach, déan beart. Tá an tír lán le daoine óga ildánacha atá ag cur thar maol le smaointe”.
27
“Ní mór go mbeimis cróga. Ní féidir dul i bhfolach níos mó laistiar de ráitis bhréagacha. “Seas ar son a bhfuil uait”. “Téigh i mbun feachtais agus tacaíochta”. “Foghlaim faoin bhfáth go bhfuil an córas polaitíochta atá againn chomh mífheidhmiúil”. Ta freagróirí óga i bhfabhar comhghníomhaíochta: “ba chóir go dtiocfadh mic léinn uile choláistí agus ollscoileanna na tíre le chéile agus agóid a dhéanamh in aghaidh an rialtais”. Luaitear samplaí idirnáisiúnta d’fheachtais “Breathnaigh ar óige na Fraince a thógann rudaí mórán isteach ina lámha féin … Nílim ag moladh go dtiocfaimis amach ag lasadh carranna agus mar sin ach d’fhéadfaimis an fuinneamh sin a úsáid ar bhealach maith chun difríocht a dhéanamh”. Ach tá daoine eile beagán níos ionsaithí: Tugaimis rud éigin dóibh chun machnamh air, mar an uair seo nílimid chun fanacht ciúin”. Tá sé soiléir do dhaoine óga go mba chóir dóibh a bheith ag spreagadh daoine eile chun gnímh: Is féidir linn labhairt amach agus daoine eile a spreagadh chun an rud céanna a dhéanamh” An inspreagadh foriomlán atá laistiar de go leor de na glaonna chun gnímh ná “tá raidhse tallainne, cruthaitheachta agus éirim aigne sa tír ... ach táimid sásta suí siar agus bheith ag caint faoi smaointe in áit rud éigin a dhéanamh”.
28
2.2.6. Staid na Dearfachta D’aibhsigh daoine óga an tábhacht a bhaineann le bheith dearfach arís agus arís eile. Chuir daoine óga in iúl go raibh géarghá a bheith dóchasach agus Éire sa todhchaí á samhlú agus b’oscailt súl dóibh an diúltachas a bhraitheann siad thart orthu. B’fhollasach an gá a bhí ann le spiorad an dóchais seo a choinneáil. Leag siad béim ar an tábhacht a bhaineann le teachtaireachtaí dearfacha: ‘Bí ag taibhreamh faoi agus bainfidh tú amach é’, ag cur in iúl an tábhacht a bhaineann le feasacht a ardú faoin ngá atá le hathruithe agus an gá le daoine a thabhairt le chéile chun machnamh a dhéanamh faoi smaointe don todhchaí agus úsáid a bhaint as “Éireannaigh cáiliúla” (mar Jedward agus Niall Horan) chun béim a chur ar “an méid a chiallaíonn Éire mar thír dóibh”. Bhí an téama seo faoi dhaoine a thabhairt le chéile tábhachtach “chun bheith ag obair le chéile mar fhoireann, aontaithe sa chúis chéanna – rathúnas eacnamaíochta a fháil ar ais do gheilleagar na hÉireann”. Chun troid in aghaidh “dreach an diúltachais atá ag luí anuas ar ár bhfíor-nádúr”. Bhí an gá le bheith “níos dána, sásta dul sa tseans” follasach. “Tá níos mó den mheon ‘is féidir liom’ ag teastáil sa tír seo, agus todhchaí féin-samhlaithe”. Leagadh béim ar aitheantas a thabhairt don mheon seo atá faoi bhláth cheana féin i sícé na hÉireann. Ní mór leas a bhaint as an spiorad dochloíte seo “nuair a chanamar níos airde ná gach tír eile a bhí páirteach (i gcraobh Sacar na hEorpa) cé go rabhamar ag imirt go hainnis”. Is féidir linn sochaí láidir, oilte, fhócasaithe a thógáil agus geilleagar faoi bhláth againn a chuirfidh iontas ar na náisiúin is mó sa domhan ...agus beimid inár sampla tosaigh de shochaí fhorasach a choinnigh léi ag bogadh ar aghaidh”. Ag tógáil ar an nádúr fáilteach atá againn “tír na chéad míle fáilte .... ár gcairdiúlacht, na dearcthaí sona atá againn agus an nádúr fáiltiúil”, d’fhéadfadh fís a bheith ann “d’oileán nach mbíonn aon fhonn ar thurasóir imeacht as tar éis cuairt a thabhairt air”. An gá atá le “filleadh ar an mbunrud”, meas a bheith againn ar ár dtraidisiúin, ceacht a fhoghlaim ó na botúin atá déanta againn a dúradh, agus ag an am céanna an tábhacht a bhaineann le gan a bheith ‘tarraingthe anuas’ ag ‘geimheall an mhil’ roghanna agus bealaí smaointeoireachta na nglúinte difriúla”.
“Dá ndéarfadh máthair lena leanbh ón lá a rugadh é go raibh an domhan cothrom, agus dá gcumfadh sí amhráin le canadh agus dánta le rá faoin domhan cothrom fad a bheadh an leanbh ag titim ina chodladh gach lá ag deimhniú go raibh an domhan cothrom i ndáiríre. Céard a chreidfeadh an leanbh sin ar a chéad lá ar scoil?”
29
Sa spiorad céanna bhí daoine óga ag cur béim ar leochaileacht na hóige ar féidir a ionramháil go héasca chun an rud a deirtear leo go seasta a chreidiúint agus an tábhacht a bhaineann le teachtaireachtaí dearfacha a thabhairt, teachtaireachtaí a léiríonn dearfacht agus ní doirbhíochas, a léiríonn gach a bhaintear amach agus ní cliseadh, a dhíríonn ar ár láidreachtaí agus ní ar ár laigí. Mórtas náisiúin – is tír iontach í Bhí sé le rá ag roinnt daoine óga nach bhfuil “mothú mhórtas náisiúin” sna daoine agus go bhfuil “dearmad déanta ar an oidhreacht shaibhir agus ar an dúchas, agus go bhfuil an t- oileán beag seo ag cur thar maol le Seanchaí ina suí ag an tine ag insint scéalta, as miotas agus as finscéalta na hÉireann, go bhfuil léiriúcháin á gcur ar stáitse de shaothar scríbhneoirí mar Yeats agus Singe, feiseanna áitiúla, céilithe agus damhsaí sciobóil á reáchtáil i ngach coirnéal den tír”. Bhí mórchuid na dtagairtí dár n-oidhreacht, áfach, ag cur feasacht dhomhain in iúl faoin tír mar mhór-náisiún agus faoi dhaoine atá seiftiúil, inniúil, dea-oilte agus spiorad pobail láidir iontu.
“Tá toilteanas iontach ionainn an taobh is fearr a fháil in aon chruachás fiú go minic nuair a bhreathnaíonn sé dodhéanta. Sin an fáth go bhfuil a fhios agam inniu ní hamháin go dtiocfaimid as na deacrachtaí atá romhainn ach go ndéanfaimid ar bhealach é a chinnteoidh go mbeidh Éire arís láidir, fuinniúil agus ina tír fíor-iontach le maireachtáil inti.”.
D’iarr go leor daoine óga orainn ócáidí a thabhairt chun cuimhne a spreag mothú an mhórtais as ár dtír:
“… atmaisféar an charnabhail nuair a chuaigh Éire tríd chuig na craobhchomórtais sacair, nó an chaoi a mhothaíonn siad i ngach contae nuair a bhuann siad craobh na hÉireann nó an mustar atá ag gach paróiste nuair a bhuann siad craobh an chontae – fiú ag leibhéal na sóisear .... gach bliain gan teip tá cúis againn chun breith na hÉireann a cheiliúradh”.
Mórtas náisiúnta, “Creidim in Éirinn, is tír iontach í”, áit a mbeadh bród ort a bheith mar bhaile dúchais agat” a bhí ag teacht tríd go láidir sna tuairimí a thug daoine óga sa phróiseas comhairliúcháin seo. Taispeánadh chomh maith, an chaoi ina léiríonn spórt “mothúchán an mhórtais, na cuimsitheachta agus na hiontaoibhe as a bhfoireann agus as a n-áit dúchais a fhaigheann tú tríd an spórt. Aithníodh chomh maith ó thaobh a bhfuil bainte amach sa spórt go mbíonn Éire “i mbun dornála go seasta leis na buachaillí móra” leis na blianta. Tá sé ar chumas an spóirt saol na ndaoine ar fud na tíre a chlaochlú”. Mar shampla den mhéid atá bainte amach againn “ní raibh an caidreamh idir sinne agus ár gcol ceathracha Briotanacha riamh chomh láidir agus ... tá ríméad ar an gcuid is mó dínn go bhfuil síocháin
30
faoi dheireadh againn araon” chomh maith le bheith “i bhfíorthosach gnó agus teicneolaíochta mar gheall ar ár n-aigní oilte” sna blianta borrtha. Déanfaidh mórtas as a bhfuil bainte amach againn – go hacadúil, sa spórt, sa cheol, leas dúinn amach anseo chun an tír a chur ar ais ar an stáitse dhomhanda, “tá tír iontach anseo againn agus ní mór dúinn i a cheiliúradh”. Tá teacht aniar ionainn. Táimid diongbháilte. Táimid Gaelach”. Luadh an gá a bhí le ceannaireacht láidir sa pholaitíocht agus i ngach gné den saol in Éirinn –ag cur san áireamh na heiseamláir atá againn mar Michael O’Leary agus Katie Taylor. Teastaíonn eiseamláir ó óige na hÉireann mar dhea-shamplaí dóibh. Cruthóidh sé sin an chreidiúint ó dhúchas sna daoine óga gur féidir linn ár mbrionglóidí a fhíorú”, “áit a sheasfaidh an rialtas amach mar shampla do na náisiúin eile ar fad”.
31
2.2.7. Sláinte San áireamh sna haighneachtaí ar shláinte bhí meabhairshláinte agus féinmharú agus seirbhísí meabhairshláinte. Ina theannta sin ardaíodh saincheisteanna ar alcól, ar chaitheamh tobac agus úsáid drugaí faoi théama leathan na sláinte. Rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte Ardaíodh meabhairshláinte agus féinmharú agus cuireadh go leor de na ráitis sa chéad phearsa. Mar léiriú air sin bhí sé le rá ag rannpháirtí amháin:
“Tá an iomarca daoine ag fáil bháis mar nach bhfuil siad ar an eolas faoin gcúnamh atá ar fáil agus rómhinic níl siad in ann an cúnamh atá de dhíth orthu a fháil nuair a théann siad á lorg. Is duine óg mise agus ní chabhraíonn na seirbhísí meabhairshláinte atá ar fáil dom le mo mheabharshláinte. Níl uaim críochnú suas mar uimhir eile i measc na gcéadta a chuireann lámh ina mbás féin gach bliain. Tá athrú uainn agus láithreach bonn”.
Saincheist rochtana atá ann: “teastaíonn athrú iomlán ar na seirbhísí meabhairshláinte más linn an ráta féinmharaithe in Éirinn a ísliú. Ba mhaith liom a fheiceáil go mbeadh rochtain ag gach duine óg in Éirinn ar sheirbhís meabhairshláinte d’ardchaighdeán atá feiliúnach dá aois agus in ann a chuid riachtanais a shásamh”. Stiogma Meabhairshláinte Aibhsíonn go leor aighneachtaí an easpa oideachais faoi mheabhairshláinte agus an drogall atá roimh aghaidh a thabhairt ar stiogma na meabhairshláinte in Éirinn: “Cén fáth nuair a chuirtear oideachas ar dhaoine óga na hÉireann faoi shláinte gnéis agus faoi shláinte coirp go ndéantar a laghad faoi mheabhairshláinte?” Agus iad ag díriú ar an gcontúirt a bhaineann le heaspa infheistíochta sa réimse seo tugann roinnt rannpháirtithe foláireamh faoi thionchar féideartha na faillí seo: “ba chóir go ndéanfaí meabhairshláinte a chomtháthú go hiomlán isteach sa chóras oideachais atá againn ó na naíonáin shóisearacha agus ní mór spreagadh a thabhairt do dhaoine ar feadh a saol rudaí a phlé agus gan náire ná ceann faoi a bheith orthu faoi na rudaí atá ag cur isteach orthu”. Mhaígh freagróirí gur gá dúinn an stiogma a dhíothú: “Teastaíonn uaim go bpléifeadh daoine ceisteanna meabhairshláinte mar a phléidís gnáthshlaghdán a bheith orthu” agus “Ní mór dúinn an stiogma faoi mheabhairshláinte a dhíothú. Go dtí go ndéantar é sin leanfaidh daoine ag fulaingt go ciúin agus fanfaidh siad ina dtost faoi na rudaí atá ag cur isteach orthu”. Moltar go dtabharfaí faoi mheabhairshláinte agus sláinte coirp “ar chomhchéim agus go mbeadh
32
rochtain ar chóir leighis ar fáil don dá thinneas”. Déanann rannpháirtithe fírinniú air sin nuair a deir siad “is féidir go dtiocfadh tinneas coirp de bharr fhadhbanna meabhairshláinte nach dtugtar aire dóibh ...brú méadaithe ar an ngéarchóras ospidéil ... ar chostas don duine agus don stát!” Aithnítear go bhfuil an meon i leith meabhairshláinte ag feabhsú de bheagán ach ní leor sin, go háirithe laistigh de ghrúpaí áirithe mar fhir óga: “go leor fir óga ón mheánaicme íochtarach nó ó chúlra an mhíbhuntáiste .... as a dtagaim féin ....tá faitíos orthu labhairt i measc a gcuid piaraí mar go mothaíonn siad go mbreathnófaí air mar chomhartha laige agus dá bharr sin go minic ní thugann siad aghaidh ar mhór-shaincheisteanna den dúlagar, neamhshocracht nó fearg”. Lean freagróir eile ar aghaidh leis an smaoineamh seo – “is minic nach mbíonn an fhoclaíocht ag fir óga chun iad féin a chur in iúl agus go minic níl aon tuiscint acu ar na saincheisteanna atá le sárú acu mar nach bhfuil aon chleachtadh acu ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna meabhairshláinte”. Mar gheall air sin “is údar imní an leibhéal ard féinmharaithe, go háirithe i measc na bhfear óg, atá á gcoilleadh go seasta ag coirnéail éagsúla na sochaí. Tá an tuairim ag roinnt a dúirt go bhfuil an tsochaí ag athrú go pointe maidir leis na saincheisteanna diúltacha sin”. Saincheisteanna struchtúracha faoi mheabhairshláinte Tar éis an lagchultúr/lagfheasacht i leith meabhairshláinte a aibhsiú d’aithin rannpháirtithe réimse saincheisteanna struchtúracha agus fadhbanna san earnáil seo. Tá cuid díobh an-sonrach:
“Tá an feitheamh an-fhada chun rochtain a fháil ar sheirbhísí meabhairshláinte agus bíonn idir mí agus dhá mhí le feitheamh idir gach coinne. Ba chóir go bhféadfá rochtain ar sheirbhís a fháil laistigh de sheachtain ar a laghad agus coinní a bheith ar fáil chomh minic agus a bhíonn siad uait”.
D’aibhsigh roinnt rannpháirtithe an easpa áiteanna síciatracha le haghaidh daoine óga agus iad á gcur dá bharr sin isteach i mbardaí síciatracha do dhaoine fásta atá thar a bheith mí-oiriúnach dóibh mar fhadhb bhfíor-thromchúiseach, mar atá léirithe ag an taifead seo leanas:
“Nuair a bhí mé sé bliana déag d’aois cuireadh isteach in aonad síciatrach mé do dhaoine fásta. D’ionsaigh othar eile mé, chonaic mé fir fhásta ag siúl na bpasáistí agus iad nocht, chonaic mé othar a chuir a lámh trí fhuinneog, chonaic mé bean á dó féin le toitíní. Bhí an timpeallacht ag déanamh an oiread dochair dom agus a bhí á dhéanamh de mhaitheas ach ní raibh aon tsaoráid oiriúnach eile ar fáil dom”.
Moltar roinnt cur chuigí chun feabhais a thabharfadh “córas meabhairshláinte níos duine-láraithe a
33
sholáthraíonn agus a fhéachann ar riachtanais an duine agus ní hamháin ar an riocht chineálach atá air”. Tá athruithe struchtúracha agus athruithe dearcaidh ag teastáil:
“Dá mba síceolaithe iad na ceannasaithe foirne in áit síciatraigh creidim go ndéanfadh sé difríocht ollmhór [b’fhéidir go] n-éistfí le daoine ansin seachas oideas a shíneadh chucu mar a tharlaíonn go hiondúil ...ní thuigeann siad ach sícea-chogasaíocht”.
Ar an iomlán déantar na moltaí seo chun “an stiogma atá ag baint le meabhairshláinte a phlé a laghdú ag glacadh leis go m’fhéidir go dtuigfidh daoine óga go bhfuil go leor de na húdair imní céanna acu”, ach údar imní bunúsach atá ag go leor de na tráchtairí ná seo a leanas:
“Cuireann sé dallcheo orm nach féidir linn meabhairshláinte a phlé gan breithiúnas. Is ionann é le haon tinneas eile ar féidir cóir leighis a fháil faoin a choinne agus é a leigheas. Tá an locht ar an tsochaí go bhfuil meabhairthinneas deartha le náire, crá croí agus ceann faoi. Ba mhaith liom cabhrú chun é sin athrú”.
Cúram Sláinte Tríd is tríd maidir le cúram sláinte bhí freagróirí den tuairim “go bhfuil an córas mícheart”.
“Ní mór go ndéanfaí plé níos leithne ar mhíchumas, ar shláinte agus ar mheabhairshláinte ná an méid a fhaigheann siad sa bhuiséad (atá tábhachtach, ar ndóigh!)” Ina theannta sin “Teastaíonn díospóireacht níos leithne uainn mar shochaí faoin gcaoi a fheicimid daoine faoi mhíchumas agus daoine le fadhbanna meabhairshláinte agus obair a dhéanamh chun dul i ngleic le mí-thuairimí tríd an oideachas”.
Ceann de na saincheisteanna a ardaíodh ná an mhíchothromaíocht sa chóras: “Níl córas sláinte cóir agus cothrom againn in Éirinn”, agus an tuairim fhoriomlán a bhí ann ná go mbaineann sé leis an gcostas. Dúirt duine amháin go bhfuil faitíos ar dhaoine roimh an gcóras poiblí reatha agus mar sin “ní mór do dhaoine íoc as árachas sláinte príobháideach mar go bhfuil faitíos orthu go bhfaighidh siad bás fad a mbíonn siad ar liosta feithimh le haghaidh cóir leighis in ospidéal poiblí”. Bhí moltaí ina leith seo ag réimsiú ó “chúram sláinte níos réasúnta” a iarraidh go dtí moladh ó fhreagróir amháin a dúirt “is gá an córas chúram sláinte príobháideach a dhíothú ar fad, agus go mbeidh córas amháin ann do gach duine ina gcaithfear mar a chéile le gach úsáideoir”.
34
Saincheisteanna Struchtúracha agus roghanna eile Aibhsíodh roinnt saincheisteanna struchtúracha. Cheistigh freagróir amháin na táillí a fhaigheann dochtúirí as cuairteanna a dhéanann daoine le cártaí leighis acu agus é ag moladh “ba chóir go bhfaigheadh an GP ráta socraithe €30”, mar baineann daoine mí-úsáid as an gcóras gan smaoineamh ar an gcostas ar an rialtas”. Rinneadh cúpla moladh maidir le gairmiúlacht na gcleachtóirí míochaine reatha agus iad den tuairim go bhfuil daoine nach bhfuil sách cáilithe ag obair san earnáil. Chuaigh freagróir amháin níos faide leis an scéal agus dúirt “dochtúirí a bhaineann mí-úsáid as an gcóras agus nach gcaitheann i gceart lena gcuid othar, ó thaobh intinne etc níor chóir go mbeadh cead acu míochaine a chleachtadh”. Cé gur bhain mórchuid na n-aighneachtaí i leith sláinte le cleachtais ghnásúla, luadh roinnt cur chuige malartach: “An fhís atá agam Éire ina dtógfaidh cúram sláinte nádúrtha iomlánaíoch áit an mhúnla míochaine atá againn faoi láthair, nár éirigh leis”. Bhí rannpháirtí eile i bhfabhar coincheap na sláinte a leathnú chun go gcuimseodh sé “ealaíon agus teiripe ealaíne, drámaíocht, ceol, ióga, pilates” ag moladh go mba chóir iad seo a dheimhniú agus a chaomhnú. An soláthar sláinte sa todhchaí San áireamh sna físeanna den soláthar sláinte ginearálta sa todhchaí in Éirinn tá:
“Ní mór go dtiocfadh deireadh leis an gcóras sláinte reatha (FSS) agus go gcuirfí córas nua, cothrom le dáta, éifeachtúil a thacaíonn le hothair i bhfeidhm. Tá suíochán folamh in Éirinn atá i m’fhís do chóras sláinte atá inniúil agus a bhfuil meas air”.
“Feicim Éire nach mbeidh aon fhaitíos orainn roimh an gcóras sláinte inti, inar féidir linn dul ar thóir chóir leighis go muiníneach, ina mbeidh a fhios againn go gcuirfear an chóir is fearr orainn”.
Alcól Bhí réimse aighneachtaí i leith gnéithe éagsúla d’alcól ag cur síos ar théamaí mar mhí-úsáid alcóil, ragús óil agus ólachán faoi aois. Cé gur labhair freagróir amháin faoin tábhacht a bhaineann le cultúr an teach tábhairne a chaomhnú, ar an iomlán réimsigh na haighneachtaí ó dhaoine a dúirt go raibh daoine óga ag cur a saol amú le halcól go dtí aighneachtaí níos ceistí a bhí ag iarraidh tuiscint a fháil ar an bhfáth go bhfuil [mí-úsáid] alcóil chomh forleathan sin agus ar deireadh moltaí faoi conas a d’fhéadfaí tabhairt faoi shaincheisteanna alcóil. Tugann an aighneacht seo a leanas achoimre ar réimse dearcthaí:
35
“Is é alcól rogha druga na hóige. Is iomaí duine óg atá ag maireachtáil leis an toradh ar bheith ag ól an iomarca agus iad ró-óg. Dá bharr sin is mórfhadhb shláinte phoiblí an t-ólachán faoi aois sa tír seo”.
Maidir leis seo, thug freagróir amháin rabhadh do dhaoine óga agus chomhairligh sé dóibh “gan iad féin a bhá san ól, sna drugaí agus sa chultúr coiteann”. Dúirt duine eile “Tagann go leor fothchonstaicí sóisialta ón alcól ...ba chóir go bhfoghlaimeodh daoine ...gurb é is cúis le níos mó den díobháil ná den mhaitheas agus gur chóir dóibh bealaí eile chun a gcuid laethanta a chaitheamh a fhoghlaim seachas a bheith ar meisce agus ag déanamh díobhála go sóisialta”. Go ginearálta, bhí na rannpháirtithe a rinne plé ar an alcól an-soiléir faoin damáiste is féidir leis a dhéanamh do dhaoine aonair agus don tsochaí, á aithint gur “fadhb dheacair í a bhrúnn é féin isteach i réimsí eile dár saol mar obair, andúil, saol sóisialta, spórt agus meabhairshláinte”. D’aibhsigh roinnt freagróirí na fáthanna bunúsacha a deir siad as a n-eascraíonn mí-úsáid alcóil: “mar dhaoine óga tá roghanna malartacha réasúnacha asraonta sóisialta ag teastáil in áit bheith ag teacht le chéile le haghaidh ólacháin sa tráthnóna”. Cheistigh duine eile “cé na háiseanna atá amuigh ansin ar féidir leis an óige bheith páirteach iontu gan dul go domhain sa phóca chun íoc astu”. Léiríonn an aighneacht phaiseanta seo an smaoineamh céanna a thuilleadh:
“Ní dóigh liom go bhfuil dóthain ama caite ag breathnú ar na riachtanais atá againn. Le bheith go hiomlán dáiríre is beag taitnimh atá le baint as an saol anseo. Tá mór-easnamh áiseanna do dhaoine óga ann agus níos minicí ná a mhalairt téann mórchuid dínn i muinín an ólacháin chun dalladh mullóg a chur orainn féin go bhfuilimid ag baint taitnimh as an saol. Is í fírinne an scéil ná go gcaithimid mórchuid dár gcuid ama ar an ríomhaire ag forbairt sórt saoil shóisialaigh shaorga, gan idirghníomhaíocht ar bith duine le duine.”
36
De réir roinnt aighneachtaí níl neamhghníomhaíocht inghlactha: “ní mór go n-athrófaí cultúr an óil”. Maidir le daoine óga moltar go ndíreofaí ar an athrú seo agus iad fós óg: “Ní mór scoláirí meánscoile a chur isteach sna hospidéil chun go bhfeicfidh siad an tionchar atá ag alcólachas agus ag mí-úsáid substaintí”. Mhol cuid de na haighneachtaí gur gá go “go gcuirfí oideachas níos fearr ar dhaoine i leith na faidhbe seo in Éirinn”. Bhainfeadh tionchar dearfach le dul i ngleic le saincheisteanna atá bainteach le halcól: “chuirfí laghdú ar rátaí coiriúlachta, ar throid ar na sráideanna agus ar liostaí feithimh in Ionaid Timpistí & Éigeandála san oíche”. Moltar réimse freagraí ar an bhfadhb seo: ag dul ó “Measaim go ndéanfadh sé difríocht ollmhór sa sochaí dá gcuirfí cáin níos airde ar bhiotáillí, ar fhíonta agus ar dhiúrnáin” go “feachtais i measc mac léinn a reáchtáil chun an comhrac in aghaidh alcólachais agus drugaí a chur chun cinn”. Cuireann freagróir amháin an milleán orthu sin atá ag díol alcóil as é a bheith ar fáil dóibh sin atá faoi aois: tá alcól ar fáil chomh forleathan na laethanta seo nach n-iarrann fostaithe cárta aitheantais ar chustaiméirí a thuilleadh. B’fhéidir gurb é sin an fáth go bhfuil cáil na meisce ar Éirinn.?” Cuireann freagróir amháin an milleán ar an alcól saor atá ar fáil i siopaí eischeadúnais agus i siopaí eile mar an phríomhfhadhb mar go bhfágann sé ansin nach bhfuil aon mhaoirseacht ar an ólachán. Mholfadh siad “go laghdófaí an cháin ar alcól a dhíoltar i dtithe óil mar thithe tábhairne, clubanna oíche agus bialanna, agus ag an am céanna go n-ardófaí an cháin ar an alcól a dhíoltar sna siopaí eischeadúnais”. Thacódh sé seo le trádáil sna tithe tábhairne ag an am céanna. Drugaí Ní raibh ach líon beag freagróirí a thrácht ar dhrugaí, agus ní raibh ach fíorbheagán comhaontaithe foriomlán eatarthu. Baineann aighneachtaí leis an díobháil atá á déanamh ag drugaí agus bhí cuid de na haighneachtaí ag díriú ar an díobháil a bhaineann le iad a bheith neamhdhleathach. Chuir na rannpháirtithe roinnt argóintí i láthair maidir le fíorú drugaí (cannabas go háirithe) agus cuireadh béim, ar an iomlán, ar an bpointe go mbeidh drugaí níos sábháilte má bhíonn siad dleathach:
37
“Má bhíonn siad dleathach “ní bheadh an oiread de mhargadh dubh ann”, agus bheadh “níos lú coiriúlachta eagraithe bainteach le drugaí .... coireanna mar robáil agus a leithéid mar bheadh praghsanna níos ísle mura mbeadh na coirpigh páirteach ann”.
Mhaigh freagróir amháin nach bhfuil “aon bhás ná tinneas tuairiscithe” as úsáid cannabais – agus:
“Is gá na dlíthe maidir le cannabas a athrú, tá sé náireach go bhfuil substaint nimhiúil [alcól], atá ina chúis le go leor fadhbanna sóisialta chomh maith le meabhairthinnis agus tinnis fhisiciúla, dleathach, agus go bhfuil substaint neamhthocsaineach, a roghnaíonn go leor daoine in Éirinn a chaitheamh, mídhleathach. Is meilt airgid na gcáiníocóirí é ...[atá] ag cur isteach ar go leor daoine óga ar bhealach diúltach ....taifead coiriúil á fháil acu de bharr an druga mós neamhdhíobhálach seo a bheith ina seilbh”.
Cé go ndíríonn an príomhbhrú fíoraithe ar channabas tá tuairimí níos láidre ag cúpla duine de na freagróirí atá ag lorg “fíorú iomlán ar gach chineál druga” chun deireadh a chur leis an ngné choiriúil, agus go ndéanfaí ardrialáil go háirithe ar ‘chruadhrugaí’. Creideann roinnt daoine óga go láidir go bhfuil an ‘córas’ ag cumasú ....drochdhaoine tríd an druga a dhéanamh mídhleathach”. I ngach cás fíoraithe cuirtear béim ar rialáil, b’fhéidir trí chártaí aitheantais fhótagrafaigh nó svaidhpchártaí agus go gcuirfí aois íosta a bheadh faoi dhianrialú i bhfeidhm. Caitheamh tobac Cé gur bhain na haighneachtaí i leith drugaí go príomha le halcól agus le drugaí mídhleathacha cuireadh líon beag ráiteas paiseanta isteach i leith chaitheamh tobac agus iad uile diúltach. D’fhógair freagróir amháin: “Creidim sa 21ú aois gur cliseadh náisiúin é go bhfuil daoine óga fós ag caitheamh tobac”, agus dúirt duine eile: “an sprioc ba cheart a bheith ann ná caitheamh tobac a dhíothú as Éirinn”. Tá freagróirí curtha as a ndóchas toisc nach bhfuil an tsochaí ag dul i ngleic go héifeachtúil le caitheamh tobac: b’fhéidir go gcuirfeadh feachtais bunaithe ar ‘MPOWER’ laghdú beag ar líon caite tobac ach tá ....thar a bheith mí-éifeachtúil bunaithe ar an líon caite tobac atá sa tír”. Chun é a thabhairt céim níos faide dúirt freagróir eile “nach bhfuil aon phlean dáiríre ann chun deireadh a chur le caitheamh tobac de réir a chéile” agus mhol go bhféadfaí deireadh a chur leis go hiomlán de réir a chéile in imeacht glúine.
38
2.2.8. An Pobal agus an tSochaí Shóisialach Chuir aighneachtaí físeanna agus moltaí in iúl ar théama an phobail ar dhá phríomhthreo: (i)
An gá atá le mothú láidir pobail nuair is í an chiall atá le pobal ná an mothú nó an spiorad a sholáthraíonn bonn le haghaidh comhoibrithe, dlúthpháirtíochta agus tearmainn
(ii)
An gá le pobail a fhorbairt mar bhonn na rannpháirtíochta ina mbeidh an óige, daoine fásta agus daoine aosta san áireamh
Bhí sé le mothú go láidir sna haighneachtaí go raibh mothú an phobail caillte ó tháinig blianta an bhorrtha. Anseo chuir aighneachtaí in iúl cé gur gá daoine aonair a aithint laistigh de mhothú comhdlúthpháirtíochta ní leor indibhidiúlachas mar bhonn chun an spiorad agus an fuinneamh a chur ar fáil i leith téarnaimh agus dul chun cinn sóisialta. Is cosúil gurb é an spiorad seo na comhaontachta sa phobal a thugann míniú agus muintearas i saol an duine aonair trí éagsúlacht staideanna ó bhreith go bás:
“A bheith tábhachtach - sin an rud atá á lorg againn sa saol, is mian linn breathnú isteach i súl ár gcomharsan agus a fheiceáil gur mian leis go mbeimis ag obair dó (fostaíocht/ comhghleacaí), am saor a chaitheamh leis (cairde), ár saol a roinnt leis (céilí) agus cén fáth nach ndéanfadh? Tagann agus imíonn an t-airgead ach fanann an mothú sin linn go dtarraingeoimid an anáil dheiridh”.
Ar an gcaoi chéanna, bhí mothú láidir sna haighneachtaí d’fhís i leith chineál forbartha atá á tiomáint ag comhoibriú nó ‘meitheal’. Is é an pobal bunchloch an gheilleagair áitiúil mar ‘is féidir linn tosú trí thacaíocht a thabhairt dár dtáirgeoirí agus dár gceirdeanna áitiúla’. Tá an gá atá le pobal a fhorbairt ar an mbonn go gcuirfí éagsúlacht san áireamh; lena n-áirítear cine, eitneacht agus féiniúlachtaí gnéis. Ina theannta sin is é an pobal bonn na dlúthpháirtíochta sóisialta atá ag teastáil chun cabhrú linn mar ‘phobal náisiúnta’ in am an ghátair:
“Ba mhaith liom go bhfanfadh daoine dearfach go dtí go mbeidh an cúlú seo thart agus daoine a fheiceáil ag cuidiú le chéile ar an drochuair mar atá faoi láthair”.
39
Sna haighneachtaí braitear pobal chomh maith mar spiorad cosanta – ag cosaint daoine leochaileacha agus ag cosaint cearta; agus ceann atá ar bhonn na dlúthpháirtíochta idirghlúineach:
“A Uachtaráin, tá súil agam go mbeidh leanaí agam lá éigin. Ba mhaith liom go bhfásfaidís i sochaí ar mór léi a leas agus a thógann céimeanna onnghníomhacha chun é a chinntiú”.
Chomh maith leis an bpobal a fheiceáil mar shamhail de chineál sláine tá tuiscint air chomh maith mar mheicníocht ar féidir le daoine óga gabháil léi chun sochaí ghníomhach shibhialta a atógáil. Leag roinnt mhaith aighneachtaí béim ar thábhacht daoine óga a bheith páirteach chun sonas agus rathúnas a thógáil:
“Measaim gur féidir le mo chomhdhaoine óga cabhrú trí pháirt níos gníomhaí a ghlacadh ina bpobail féin. D’fhéadfadh sé a bheith chomh beag le féachaint chuige nach bhfuil aon anó ar chomharsa aosta. Tosaíonn athrú le gach aon duine féin agus chun a chinntiú go mbeidh Éire ina háit rathúil sona arís tá sé den riachtanas go mbeidh gach duine feasach faoin tábhacht a bhaineann le gach guth. Tá sé in am polaiteoirí áitiúla a chrá, páirt a ghlacadh in agóidí in aghaidh éagóirí sóisialta agus a bheith eolach faoi na rudaí is gá a athrú. Faoi dhaoine óga é beart a dhéanamh agus é a dhéanamh láithreach bonn”.
Leagann an fhís agus na gníomhartha anseo béim ar rannpháirtíocht dhaoine óga agus ar aitheantas do thábhacht na gníomhaíochta, na dlúthpháirtíochta agus an phobail ó aois óg:
“An rud a chuideodh é seo a dhéanamh ná dá dtosófaí ó na bunscoileanna chun feasacht daoine óga a thógáil faoi bheith mar chuid de phobal agus chun iad a spreagadh le páirt a ghlacadh pé bealach is féidir. Mar thoradh air sin a fhoghlaim go hóg bheadh sé mar chuid de dhearcadh an linbh ar a áit sa tsochaí agus ar an méid is féidir a dhéanamh chun bheith páirteach inti”.
40
2.2.9 Féiniúlacht Éireannach Is féidir na tuairimí faoin téama seo a rangú in dhá mhórchatagóir: (i)
I bhfianaise staid na heacnamaíochta reatha, na dífhostaíochta agus na heisimirce, tá comhdhéanamh na féiniúlachta Éireannaí á cheistiú
(ii)
Is í an teanga Ghaeilge a shonraíonn an tÉireannachas ach teastaíonn cur chuige maidir leis an nGaeilge a chuimsíonn sa saol laethúil í ar bhealach a chabhróidh le daoine a bheith bródúil as a n-Éireannachas.
Sampla den gcéad téama ná an gá atá le machnamh a dhéanamh faoi na rudaí atá á ndéanamh go maith againn, más ann iad:
“Bhí míle bliain de chos ar bolg againn ag leas impiriúil agus ag an Eaglais, agus lean gaimbíneachas uafásach an Tíogair Cheiltigh é sin, a tógadh ar bhunchloch a raibh an titim i ndán di. Conas is féidir a bheith mórálach as sin? Tá sé áiféiseach go mbaineann an oiread sin daoine úsáid as an leagan cainte ‘ní féidir na hÉireannaigh a chloí’ nuair (i ndáiríre) nílimid rómhaith ag rud ar bith”.
Cé gur gnéithe criticiúla d’fhéiniúlacht iad traidisiún agus oidhreacht, tá sé le mothú go mba chóir an Ghaeilge a thógáil ar iasacht as sin agus as tuiscint ar ár n-áit i ndomhan an lae inniu.
“Is é an rud is tábhachtaí go n-aithneoimid nach gá an rud sin a cheaptar é a bheith de dhúchas na hÉireann a choimeád agus nach gcoimeádfar é mar chuid de phróiseas leanúnach an athraithe. Is féidir linn na luachanna sin a bheadh fiúntach inár saol a phiocadh agus a roghnú agus leagan nua den Éireannachas a chruthú a bheadh tógtha ar thaithí agus ar luachanna an ama atá caite. Ba cheart go mbeadh ár n-uaillmhianta saor ó dhoicheall na staire ach go mbainfimis tairbhe as iarghaois na staire”.
Is fiú an tÉireannachas a cheiliúradh dar leis na haighneachtaí. Mhol rannpháirtí amháin go ndéanfaí ‘lá náisiúnta’ a eagrú ar mhaithe le meanma a ardú agus an geilleagar a threisiú. Tá an tógáil meanman sin ag teastáil, dar le haighneacht eile, mar táimid neamhchinnte faoinár bhféiniúlacht agus nílimid chomh mórálach aisti anois.
41
“Tógadh an stát ar fad ar na luachanna a bhaineann le bheith in ár nÉireannaigh go háirithe ar mhórtas as a bheith Éireannach. Faraor, mar atá feicthe ar fud an domhain ar fad is beag ábhar mórtais atá againn. Tá ár gcairde ag fágáil ar an gcéad eitleán atá ag imeacht as seo, tá ár dtuismitheoirí ag laghdú caiteachais seachtain i ndiaidh seachtaine agus coinníonn na ciorruithe orthu ag teacht. Ar mhaithe le rudaí a athrú agus ár ngaolta a thabhairt ar ais ní mór dóibh sin atá i gcumhacht breathnú go grinn ar an áit ina bhfuilimid sa domhan anois díreach”.
Dhírigh an dara urlabhraíocht faoi Éireannachas ar áit na teanga Gaeilge agus an gá lena cumhdú agus tacú lena comhshnaidhmeadh isteach sa ghnáth-idirghníomhaíocht agus dioscúrsa an lae. “Déantar an iomarca díspeagtha ar an rud atá traidisiúnta agus Gaelach agus is gá dúinn bheith bródúil asainn féin agus ár bhféiniúlacht a chur chun cinn”. Tá an méid sin curtha in iúl i gcomhpháirt le mothú faoin Éireannachas á shaibhriú le cultúir eile. Is fearr an Ghaeilge a úsáid in imeachtaí an lae seachas an teanga a bhrú orainn. Maidir le céard is gá tarlú molann aighneacht amháin:
“Is féidir linn tosú ag labhairt níos mó Gaeilge ó lá go lá, mar shampla, ar an bpáirc le linn chluiche peile nó iománaíochta. Os rud é go bhfuil urraim ag daoine níos óige dóibh sin atá bliain nó dó níos sine agus gur maith leo bheith ag aithris orthu, ciallaíonn sé má thosaímid atá in aois 18 – 22 ag úsáid na Gaeilge le linn cluichí go ndéanfaidh siad aithris orainn agus ar an gcaoi sin cuirfear tús le hathbheochan na Gaeilge”.
Thairis sin, braitear go bhfuil gá le hoideolaíocht athnuaite don Ghaeilge nó chun Gaeilge a fhoghlaim trí Ghaeilge seachas Gaeilge a fhoghlaim mar aistriúchán ar an mBéarla:
“Measaim chomh maith go bhfuil sé an-áiféiseach bheith ag múineadh rang Gaeilge trí Bhéarla. Sa Ghaeltacht múintear ranganna go hiomlán trí Ghaeilge. Tugtar míniú ar rud ar bith nach dtuigeann scoláire trí Ghaeilge. Mar shampla mura dtuigeann scoláire an focal ‘doras’ tugtar míniú air - trí Ghaeilge - ar bhealach éigin mar “téann tú tríd chun dul isteach i dteach nó seomra, dúnann tú é má bhíonn sé fuar lasmuigh”, etc seachas go simplí ‘door’ a rá as Béarla. Forbraíonn sé sin tuiscint na scoláirí agus cuireann sé lena stór focal chomh maith”.
42
Agus fís den Éireannachas á cur in iúl tá mothú ann gur gá an teanga a dhífhorasú agus a chomhtháthú isteach sa ghnáthdhioscúrsa agus í a úsáid i ngach sórt imeachta sóisialta. Moladh praiticiúil anseo ná:
“D’fhéadfadh daoine óga teacht le chéile le haghaidh cupán tae agus grúpaí labhartha Gaeilge a chruthú ina n-ionaid óige áitiúla. D’fheadfaidís iarracht a dhéanamh cúpla focal a úsáid agus iad i mbun comhrá laethúil chun daoine thart orthu a spreagadh le tosú ag labhairt na Gaeilge chomh maith”.
Cé go dtuigtear gur féidir úsáid níos leithne Gaeilge a bhaint amach trí líon na nGaelscoileanna a mhéadú aithnítear chomh maith go bhfuil áit ann don Ghaeilge labhartha sa ghnáthchomhrá. Dá bhrí sin tá mothú láidir ann go bhfuil gá le cur chuige nua oideolaíochta Gaeilge i leith na teanga labhartha:
“Ba cheart athrú a chur ar an mbealach ina múintear an teanga sa scoil, mar creidim go gcuireann sé daoine in aghaidh na teanga in áit údar grá di a chothú. Tá an oiread sin scoláirí a n-éiríonn leo san Ardteist atá in ann aistí a scríobh agus ailt atá foghlamtha de ghlanmheabhair a atáirgeadh gan scileanna tuisceana ná sa chomhrá Gaeilge acu – agus cinnte gan aon ghrá acu don teanga ach oiread”.
Luadh an gá le “beocht a chur in athbheochan an chultúir Éireannaigh” ag tógáil “ar cháil idirnáisiúnta na hÉireann as a cultúr cruthaitheach agus as a sochaí ealaín-bhunaithe” chomh maith le tógáil ar na nithe atá uathúil faoi Éirinn, m.sh. ár dteanga “ní thuigeann go leor de mhuintir na hÉireann an luach a bhaineann le teanga náisiúnta go dtí go dtéann siad ar imirce”.
43
2.3 Moltaí [Chun Gnímh] Rinne daoine óga réimse moltaí faoi gach ar féidir a dhéanamh sa tír seo chun a bhfís a fhíorú. Ag teacht leis na príomhthéamaí a aithnítear san anailís ar na haighneachtaí, is féidir mórchuid na moltaí a mheas faoi na téamaí: •
An gá atá le meoin a athrú maidir le dearcadh níos dearfaí a bheith ann agus a bheith réidh chun glacadh le hathrú
•
Ár bhféiniúlacht a chur chun cinn agus na luachanna atá againn in Éirinn a cheiliúradh
•
Athchóiriú polaitíochta agus reachtaíochta
•
Athchóiriú oideachasúil
•
An gá atá le feasacht maidir le rioscaí sláinte
•
Bealaí le tabhairt faoin gcor chun donais san eacnamaíocht i bhfoirm smaointe nuálacha agus béim a chur ar an ngá atá le cabhrú le chéile, chun teacht in dtír ar na hacmhainní atá againn mar dhaoine
•
An gá atá le próisis leanúnacha comhchomhairle ionas gur féidir le daoine as snáitheanna éagsúla na sochaí a bheith páirteach agus ionadaíocht a bheith acu ag fóraim cinnteoireachta in éineacht leis an lucht déanta beartas.
Bhí an téama ‘bí dearfach’ le fáil go láidir sa phróiseas comhairliúcháin seo. Mhothaigh daoine óga go raibh meon an bhuaiteora ag teastáil chomh maith le fócas níos mó ar an nuálaíocht ar fud na sochaí, “Bhainfimis úsáid as ár samhlaíocht, is í an t-aon tsócmhainn í atá againn nach féidir cáin a bhuaileadh uirthi”. San áireamh sna moltaí chun athraithe bhí smaointe a mhol go ndéanfaí nuálaíocht a chúiteamh in ár sochaí, “athraigh múnla ‘Geilleagar eolasbhunaithe’ go Geilleagar na ‘Smaointe Cruthaitheacha’”. Aibhsíodh an gá a bhí ann go ndéanfadh Éireannaigh níos críonna, le níos mó taithí acu, daoine níos óige, gan mórán taithí, a spreagadh chun a gcuid scileanna, smaointe agus gnólachtaí a fhorbairt. Moladh “lá náisiúnta” mar bhealach chun gach rud Éireannach a cheiliúradh, idir bia, obair ceardaíochta, ceol agus amharclannaíocht. Ar an gcaoi sin d’fhéadfaí turasóireacht a chur chun cinn, d’fhéadfaí sárthaispeántas a dhéanamh de cheirdeanna agus de tháirgí áitiúla agus d’fhéadfaí na
44
luachanna is gaire don chroí a atreisiú i sochaí na hÉireann. D’fhéadfaí mothú pobail níos láidre, a chreideann go leor daoine atá caillte againn i sochaí na hÉireann, a chothú, trí thacaíocht a thabhairt do tháirgeoirí agus do lucht ceirde áitiúla, agus trí scéimeanna deontais a chur ar fáil do dhaoine óga ar mian leo dul ag obair in earnálacha áitiúla táirgeachta. D’fhéadfadh iarchéimithe cúnamh a thabhairt do mhic léinn scoile, go háirithe dóibh a bhfuil teipthe orthu in oideachas príomhshrutha; d’fhéadfadh fiontraithe agus ealaíontóirí cáiliúla a gcuid sárbhuanna a roinnt chun daoine eile a spreagadh chun a mbealaí féin sa saol a dhéanamh. Go ginearálta bhí obair dheonach molta ag go leor mar bhealach chun luachanna an phobail a chur chun cinn, chun lámh cúnta a thabhairt dóibh sin atá ar an ngannchuid agus chun acmhainní atá ag teastáil go géar a roinnt sa tír. Rinne beirt daoine óga moltaí mionsonraithe faoi eagraíocht nua a bhunú. D’fhéachfadh an chéad cheann, molta mar “Institiúid Amárach” le smaointe na 21ú aoise ó Éireannaigh agus ó institiúidí ar fud an domhain a ghabháil ar mhaithe le síolta na hathnuachana agus an leasaithe a chur agus leibhéal comhfheasa na sochaí a ardú”, agus an dara ceann, Éalaíon Éire; dhíreodh sé ar “na healaíona a chur ar fáil do gach leanbh agus duine óg fásta ar fud na tíre”. D’ardaigh go leor an téama Éire a chur chun cinn thar lear. Labhair daoine óga faoin gcaoi go bhféadfadh Éire brath ar a cuid mac léinn, céimithe agus ar a phobal atá ar imirce chun Éire a chur chun cinn:
“Éireannaigh óga thar lear a spreagadh chun an t-eolas faoi chultúr na hÉireann a fheabhsú i measc an phobail áitiúil sna cathracha éagsúla a bhfuil siad ina gcónaí iontu anois. Tabharfaidh daoine óga faoi thionscadail chun iarracht a dhéanamh mionfhéilte Éireannacha a chruthú in áit ar bith ina bhfuil siad .... chun céannacht Éireannach a thabhairt do cheantar tábhachtach den chathair ina gcónaíonn siad, chun spreagadh a thabhairt chun mionthaispeántais iománaíochta, seimineáir damhsa Gaelach nua-aimseartha, a eagrú”.
Dúirt duine óg eile: “ní mór dúinn Éire a chur chun cinn ar an stáitse domhanda” –in earnálacha mar “eolaíocht agus teicneolaíocht”. An teachtaireacht a bhí ann ná bheith mar ambasadóirí don tír “ní mór dúinn Éire a mholadh go hard nuair a labhraímid le daoine eile”. Chonacthas go raibh sé tábhachtach fáilte a chur roimh dhaoine éagsúla agus roimh na cultúir éagsúla a thugann siad leo “bheadh súil againn go dtabharfadh an saibhreas atá iontu spreagadh úr d’fhorbairt an chultúir Éireannaigh”. Ag an am céanna cuireadh smaointí ar aghaidh faoi bhealaí chun an teanga dhúchais a chur chun cinn, ag dul ó chláir teilifíse/ raidió tiomnaithe, go Gaelscoileanna éigeantacha, go spás cathrach a thiomnú mar cheantar ‘Gaeltachta’, agus cur le deiseanna sa scoil chun comhrá Gaeilge a fhoghlaim agus ag an am céanna bunú clubanna óige a thacaíonn leis an nGaeilge a spreagadh.
45
Cuireadh go leor moltaí ar aghaidh faoi athchóiriú polaitíochta agus bhí béim láidir curtha ar an ngá a bhí le comhairliúchán agus le deiseanna a chruthú ina bhféadfadh polaiteoirí dul i gcomhairle le pobail áitiúla agus leis an óige go háirithe. Seo cúpla ceann de na moltaí a cuireadh chun cinn; ceardlanna áitiúla, suíomhanna gréasáin idirghníomhacha ar líne, Dáil na nÓg nua, roghnú randamach (mar a tharlaíonn sa phróiseas giúiré) le haghaidh comhairleoirí áitiúla. Moladh eile a bhí ann ná go mbeadh an rialtas rite ag coiste ionadaithe poiblí a bheadh ceaptha as réimse leathan daoine gairmiúla agus tuataí a bheadh ag obair sna róil seo go páirtaimseartha. Bhí sé molta, chomh maith, ag roinnt daoine óga an aois vótála a laghdú go 16 agus níos mó ban a bheith páirteach sa pholaitíocht mar bhealaí lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht níos fearr ag daoine óga chun páirt a ghlacadh i ngnóthaí polaitíochta na hÉireann. D’ardaigh roinnt daoine an pointe go mb’fhéidir gur chóir d’Éire athbhreithniú a dhéanamh ar a ballraíocht san Aontas Eorpach agus nótáil daoine eile gur ghá dúinn ár n-oidhreacht agus ár gcultúr Éireannach a chaomhnú laistigh de chreat na hEorpa. Ar deireadh rinneadh moladh go bhféadfadh Éire agus Sasana teacht le chéile chun féidearthacht “Poblacht Nua” a phlé agus bunreacht nua a dhréachtú d’Éirinn. Téama láidir a tháinig chun cinn ná go mbeadh an óige páirteach i rialachas náisiúnta. I measc na moltaí praiticiúla moladh go gceapfadh Uachtarán na hÉireann ar a laghad duine amháin idir 16 – 18 bliain ar an gComhairle Stáit; go mbunófaí eagraíochtaí áitiúla óige inar féidir le daoine óga buaileadh lena dTeachtaí Dála, rud a thabharfadh tuiscint níos fearr dóibh ar na saincheisteanna agus na tuairimí atá ag daoine óga. Tugadh dá n-aire feasacht a ardú faoi rioscaí sláinte mar chaitheamh tobac, ólachán agus mí-úsáid substaintí eile. Smaoineamh amháin a ardaíodh ná go dtabharfaí leanaí scoile chuig ospidéil chun cuidiú iad a oiliúint sna rioscaí sláinte atá ag baint leis na hiompair seo. Moladh chomh maith caiféanna a chur chun cinn mar ionaid shóisialacha seachas tithe tábhairne. Cuid de na smaointe a cuireadh chun cinn ná comhairleoireacht ríomhchuidithe, agus cláir teilifíse atá tugtha anonn do shaincheisteanna mar dhúlagar, buairt agus féinmharú chun rochtain a fheabhsú dóibh sin atá ina dhíth. Bhí oideachas chun tosaigh go mór – an gá le meicníochtaí leanúnacha measúnachta a thabhairt isteach, an curaclam geilleagrach a fheabhsú chun saineolas a chur ar fáil don todhchaí agus scileanna fiontraíochta a mhúineadh ó aois óg (bunscoil) a bhí molta mar bhealaí go bhféadfadh an córas oideachais cabhrú chun an óige a réiteach don todhchaí agus na seansanna a fheabhsú go bhféadfaí na físeanna a bhí curtha in iúl a fhíorú. Moladh eile ná go mbeadh obair dheonach nó obair sa phobal ann as a bhféadfaí pointí a thuilleamh sa scrúdú Ardteistiméireachta agus go mbeadh luach níos mó air dá bharr sa tsochaí agus go gcuirfeadh sé le seansanna dhaoine óga breisoideachas nó fostaíocht a fháil. Moladh curaclam oideachais ‘tuaisceart-deisceart’ comhtháite trína ndéanfaí oideachas a chur ar leanaí uile an oileáin as an gcuraclam céanna. Chonacthas gur deis chun Éire a chur chun cinn a bhí ann mic léinn
46
eachtracha a mhealladh chun staidéir anseo. San áireamh i smaointe eile don churaclam bhí scileanna cócaireachta a mhúineadh, go mbeadh taithí oibre éigeantach i scoileanna, ag úsáid ríomhairí glúine in áit leabhar. Bhain duine óg amháin leas as an seanfhocal iomráiteach Síneach: “más beart bliana é, cuir rís; más beart deich mbliana é, cuir crainn; más beart don saol é, cuir oideachas ar do leanaí”. Breathnaítear ar an oideachas mar uirlis chun comhionannas a chur chun cinn chomh maith: “sna scoileanna [teastaíonn] feasacht a chruthú faoinár sochaí ilchultúrtha, éagsúil agus éagothrom, ag díriú ar na réimsí geise cosúil leis an Lucht Siúil, an pobal LADT agus daoine atá faoi mhíchumais”. Níos mó ná feasacht, “ní mór go múinfí do shaoránaigh na tíre .......a n-aigne a oscailt i leith na saoránachta cine-mheasctha atá againn agus athróga eile atá tagtha chun tosaigh le blianta beaga”. Thabharfadh na cláir seo dúshlán na steiréitíopaí agus chuirfidís tuiscint ar dhaoine chun cinn “seachas mar a thaispeántar sna meáin”. Cé go moltar é seo ar gach leibhéal oideachais “ba chóir go mbeadh níos mó béime sna bunscoileanna” ag cuimsiú na téamaí, comhionannas cine, inscne, eitneachas agus an Lucht Siúil. Imíonn moladh amháin, atá dírithe ar an todhchaí, ó fhócas athraitheach earnálach a mholadh agus deir “teastaíonn cineál eile oideachais anseo seachas cineál foirmiúil. Ní mór dúinn daoine a oiliúint sa chineáltas”. Shásódh sé sin na moltaí a bhí ag daoine eile a mhol “ní mór do dhaoine a n-aigní a oscailt faoin gcomhionannas” ina theannta sin “ba chóir neodracht inscne a úsáid agus leanaí á múineadh ó aois óg”. Thrácht go leor daoine óga ar ról an leasa shóisialaigh, agus cheistigh siad go minic cothroime an mhodha ina ndéantar é a dháileadh agus luaigh siad an éagóir a bhaineann le faighteoirí a bheith ag obair chomh maith agus ‘ag déanamh caimiléireachta in aghaidh an íocóra cánach’ Rinneadh roinnt moltaí faoi scéimeanna oibre poiblí, mar shampla:
“Ba mhaith liom a fheiceáil go mbeadh ar dhaoine nach bhfuil ag obair ach atá in ann, agus atá ag fáil sochar sóisialta, obair dheonach a dhéanamh chun é a fháil. Roghnaíonn roinnt daoine fanacht ar an dól seachas dul ag obair mar faigheann siad níos mó airgid ar an gcaoi sin. Níl ann ach an ceart go mbeadh ar na daoine sin rud éigin a thabhairt ar ais don tír chun a gcuid sochar sóisialta a fháil. Ba chóir go mbeadh méid áirithe uaireanta an chloig le déanamh mar oibrithe saorálacha i réimse dá rogha féin m.sh. le daoine gan dídean, ainmhithe, ag glanadh sráideanna, ag bailiú bruscair, ag péinteáil scoileanna, ag gearradh féir, ag cur bláthanna i bpáirceanna agus in eastáit, etc agus nuair a bhíonn na huaireanta críochnaithe acu ansin, agus ansin amháin is féidir leo a gcuid airgid a fháil. Níl sé cóir go n-íocfaí daoine chun tada a dhéanamh agus go bhfuil daoine eile atá ag obair agus ag dul chun coláiste chun caoi éigin a chur ar a saol nach bhfuil rud ar bith saor in aisce acu ach go bhfuil orthu íoc i leith
47
chothabháil na ndaoine dífhostaithe. Cén fáth nach bhféadfaí airgead a shábháil agus a chur faoi deara do gach duine a chion a dhéanamh chun Éire a rith trí obair dheonach a dhéanamh. Tá sé chomh sofheicthe, ní thuigim cén fáth nach bhfuil sé curtha i bhfeidhm roimhe seo?”. Agus:
“Níos mó scéimeanna oibre poiblí a thabhairt isteach, mar shampla bruscar a bhailiú nó sclaigeanna a líonadh, ionas go mbeidh daoine ag obair ar son a n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh seachas teacht ag an oifig agus a n-ainmneacha a shíniú uair sa tseachtain. Téann sé seo chun leasa gach duine mar ní theastaíonn ard-éirim chun obair bhunúsach a dhéanamh chun cothabháil ghinearálta na tíre a fheabhsú. Chabhródh sé chun turasóireacht a mhealladh chomh maith. Cothaíonn sé mothú mórtais chomh maith, i measc na ndaoine a dhéanann an obair sin. Ina theannta sin cothaíonn sé mothú dea-spioraid sa phobal. Agus arís chabhródh sé chun eitic oibre a fhorbairt i measc na ndaoine a thiocfadh i gcleachtadh, seachas sin, ar bheith i dteideal sochar a fhail ón stát. D’fhéadfadh sé go stopfadh sé daoine ag fanacht i dtimthriall na bochtaineachta”.
I measc smaointí eile a tugadh bhí bealaí chun scileanna tiománaithe óga a fheabhsú – trí bheith ag tosú in aois 15 bliain ach go gcaithfidís bheith faoi mhaoirseacht na dtuismitheoirí agus go mbeadh níos mó comharthaí bóthair ag cora bóthair chun uasluas isteach a thabhairt mar a dhéantar sa Nua-Shéalainn, spásanna poiblí a athbheochan, go háirithe spásanna miondíola nach bhfuil in úsáid, ‘scáileastáit’ agus suíomhanna tógála. Chonacthas infheistíocht a dhéanamh i spórt agus i gclubanna óige mar bhealach chun comhionannas a chur chun cinn agus léirthuiscint a fháil ar an éagsúlacht sa saol in Éirinn. Moladh chomh maith, feabhas a chur ar an mbanda leathan agus níos mó iompair phoiblí faoi tuath a chur ar fáil. Chun deireadh a chur leis an gcuid seo is fiú aird a tharraingt ar roinnt daoine óga a bhí páirteach sa chomhairliúchán seo a dúirt go raibh amhras orthu an gcloisfí iad:
“Bheadh sé iontach dá dtiocfadh cuid de na smaointe atá á gcur in iúl i dtionscnamh seo an Uachtaráin in áit éigin iarbhír. Anseo in Éirinn táimid go maith ag caint faoi rudaí agus ag ceapadh ansin go gciallaíonn sé sin go bhfuil rud éigin déanta againn fúthu. Tá súil agam, chomh luath agus a bheidh an seimineár thart go gcoinneofar ag tuairgneáil na ndaoine atá i gcumhacht leis na smaointe seo. D’fhéadfadh toradh iontach a bheith ar an bpróiseas seo dá gcuirfí fóram éigin leanúnach ar bun ina bhféadfaí smaointe a phlé agus a fhorbairt, agus b’fhéidir tuairisc ag teacht uaidh gach cúpla mí.”
Moltaí Nithiúla chun gnímh
48
Bhí moltaí chun gnímh ag réimsiú thar gach téama. Thíos cuirtear na moltaí is iomadúla le haghaidh gníomhaíochtaí nithiúla i láthair. Seo iad na moltaí is minice a luadh sna haighneachtaí. Gníomh: Ba chóir go dtáirgfí socrúchán/intéirneacht do dhaoine óga atá ag streachailt chun obair a fháil san earnáil phoiblí nó san earnáil phríobháideach ionas gur féidir leo a gcuid scileanna a chleachtadh agus go mbeidh siad réidh le haghaidh na fostaíochta. Gníomh: Ba chóir níos mó acmhainní a chur ar fáil d’aonad braite chalaois leasa shóisialaigh. Ba chóir tosaíocht a thabhairt do gach tionscnamh chun bunachair sonraí a chumasc ar mhaithe le cuidiú breith ar chaimiléirí leasa shóisialaigh. Gníomh: Gach vótáil a reáchtáil feasta ar an Satharn. Gníomh: Aois vótála a ísliú go 16. Gníomh: Curaclaim chéad leibhéal agus dara leibhéal a leasú chun go mbeadh béim níos mó ar rannpháirtíocht shibhialta agus ar pholaitíocht. Gníomh: Ní mór go mbeadh seans cothrom rochtana chuig tríú leibhéal ráthaithe, agus go mbeidh táillí córa agus deontais chothroma ann. Gníomh: Ní mór a chinntiú go bhfaigheann leanaí bunscoile ar fad taithí ar cheol agus ar ealaíon sa seomra ranga, mar go spreagann sé cruthaitheacht agus féinmhuinín. Gníomh: Ní mór curaclaim meánscoile a leasú chun níos mó measúnú leanúnach a thabhairt isteach agus ar an gcaoi sin muinín as múnla seanchaite an scrúdaithe cinn bhliana a laghdú. Gníomh: Ó aois óg ba chóir oideachas a chur ar na leanaí ar fad faoi fhiúntas gach aon duine, gan aird ar chine, agus faoi na tionchair dhiúltacha atá ag ciníochas ar daoine aonair agus ar an tsochaí. Gníomh: Go ndéanfadh na scoileanna ar fad cláir chomhionannais agus ilchineálachta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm go láidir. Gníomh: Go mbunófaí fóram náisiúnta comhairliúcháin na hóige ionas gur féidir tuairimí agus smaointe daoine óga a chloisteáil.
49
Gníomh: Go mbeadh ócáid leantach ag comhairliúchán An Óige agus an tÉireannachas chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn. Gníomh: Go mbunódh gach toghcheantar fóram óige chun go bhféadfadh Teachtaí Dála casadh le daoine óga chun tuiscint níos fearr a fháil ar a gcuid saincheisteanna, tuairimí agus smaointe. Gníomh: Teastaíonn saoráidí meabhairshláinte ard-iomráiteacha ar féidir teacht orthu go héasca don óige. Tá infheistíocht ag teastáil i seirbhísí comhairleoireachta don óige ar fud na tíre. Ba chóir go mbeadh comhairleoireacht ríomhchuidithe, agus cláir teilifíse atá tugtha anonn do shaincheisteanna mar dhúlagar, buairt agus féinmharú ar fáil. Gníomh: Teastaíonn feachtas sláinte phoiblí nua atá dírithe ar ógánaigh agus ar dhaoine óga faoin gcontúirt a bhaineann le halcól agus le húsáid drugaí. Ní mór dó a bheith ar chomhchéim ó thaobh na cruthaitheachta agus an fhorleithid de leis na feachtais fógraíochta atá ag tionscal an alcóil. Gníomh: Níor cheart daoine mór le rá a thagann ar cuairt anseo a thabhairt chuig tithe tábhairne ná grúdlanna le haghaidh deiseanna fótagrafaíochta. Ba chóir go mbeadh íomhá na hÉireann thar lear comhcheangailte le teachtaireachtaí dearfacha cruthaitheacha. Gníomh: Ba chóir go dtuillfeadh scoláirí meánscoile uile pointí as obair dheonach a dhéanamh, agus go mbeadh sé seo insuite sa churaclam. Gníomh: Ba chóir d’Fháilte Ireland agus dár ambasáidí agus consalachtaí cur in aghaidh Éire a dhíol mar áit le haghaidh tithe tábhairne agus alcóil. Ní mór teachtaireachtaí níos éagsúla, níos samhlaíche a fhorbairt. Gníomh: Go gcoinneodh ambasáidí agus consalachtaí achair sonraí d’Éireannaigh thar lear agus go mbeidís i dteagmháil leo agus ag tacú leo chun Éire a chur chun cinn sna tíortha ina bhfuil siad ar imirce. Gníomh: Go scrúdódh an Roinn Oideachais múnlaí rathúla as áiteanna eile (m.sh. An Bhreatain Bheag) chun teangacha a chaomhnú, agus iad a chur in oiriúint do staid na hÉireann.
50
CAIBIDIL 3: ANAILÍS THÉAMACH AR CHEARDLANNA RÉIGIÚNACHA Tionóladh ceithre cheardlann i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Muineachán agus i nGaillimh ar an 8ú, 15ú, 22ú agus an 29ú Meán Fómhair 2012 faoi seach. D’fhreastail thart ar 70-75 duine óg ar gach ceardlann agus cuireadh tús le gach seisiún le réamhfhocal ón Uachtarán, Mícheál D. Ó hUiginn.
Ba é cuspóir na gCeardlann fóram a chur ar fáil do dhaoine óga chun teacht le chéile, agus díospóireacht agus plé a dhéanamh ar na ‘trí cheist’ atá i gcroílár an tionscnaimh An Óige agus an tÉireannachas: 1.
Cén fhís atá agat d’Éirinn?
2.
Céard is gá a tharlú chun an fhís sin a fhíorú?
3.
Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú?
Rinne saineolaí comhairliúcháin óige, Olivia McEvoy Uasal, a bhfuil taithí aici, na ceardlanna uile a éascú. I ngach ionad rinneadh an grúpa a fho-roinnt i ngrúpaí níos lú a raibh 10 duine iontu a ndearna oibrithe óige deonacha agus daoine eile le taithí ar chomhairliúchán óige iad a éascú ina seal, de réir na modheolaíochta a bhfuil cur síos uirthi in Aguisín A.
51
Rinneadh struchtúrú ar na seisiúin i ngach Ceardlann sa chaoi gur taifeadadh na freagairtí is airde rangaithe ar ‘thrí cheist’ an Uachtaráin. Déantar cur síos ar na haschuir as gach ceann de na Ceardlanna Réigiúnacha thíos. Ba í an chéad chéim i ngach ceardlann go ndearna na rannpháirtithe ransú smaointe ar roinnt saincheisteanna agus topaicí. Ba iad torthaí a gcuid smaointe ná cruthú ‘scamall focal’ trí úsáid a bhaint as uaslódáil fíor-ama aighneachtaí aonfhocail ó gach duine aonair/grúpa, a ionchuireadh i mbogearra agus, ar an mbealach seo, cuireadh roinnt scamall focal suimiúla ar fáil. Baineadh úsáid as na hamharcléirithe a d’eascair dá mbarr chun an plé ar gach ceann de na trí cheardlann ina dhiaidh sin a ‘shíolú’.
Fíor 1: Scamall focal ó cheardlann Mhuineacháin
52
Fíor 2: Scamall focal ó cheardlann na Gaillimhe
Ghin gach seisiún líon leathan smaointe a ndearnadh achoimre orthu go léir agus a cuireadh ar taispeáint ar phóstaeir. Rangaíodh na smaointe trí iarraidh ar rannpháirtithe ‘ponc greamaitheach’ a chur leis an tsaincheist ba thábhachtaí dar leo, agus ar an mbealach seo bhí vóta ag gach rannpháirtí thar raon iomlán na dtopaicí a ghin na grúpaí níos lú.
53
I rith an lae, tugadh cuireadh freisin do rannpháirtithe teachtaireacht a chur ar taispeáint le postáil ar leathanach Facebook An Óige agus an tÉireannachas
54
Ceardlann Bhaile Átha Cliath, Dé Sathairn 8ú Meán Fómhair, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Bolton. Cuid 1: Cén fhís atá againn d’Éirinn? Ba é an chéad phríomhthasc do na rannpháirtithe ina ngrúpaí éascaithe a smaointe ar a bhfís d’Éirinn a phlé. Ag deireadh a gcuid plé cuireadh de chúram ar gach grúpa a gcéad chúig ‘fhís’ d’Éirinn sa todhchaí a aithint. Chuir gach ceann den 10 grúpa a dtéamaí roghnaithe i láthair an lucht freastail ar an gceardlann agus chaitheadar sin vóta ansin don ghné ba thábhachtaí, dar leo, dá bhfís phearsanta (cúig vóta an duine). Ar an mbealach seo rinne na rannpháirtithe go léir an 50 ‘fís’ d’Éirinn a cuireadh chun cinn a mheas. Fhágann cumasc téamaí comhchosúla an liosta seo a leanas de na barrfhíseanna foriomlána. Tábla 1: 10 Príomhfhís d’Éirinn – ceardlann Bhaile Átha Cliath 1
Freagracht / Trédhearcacht i gCeannairí / Airgeadas / Córais / Seirbhísí / Rialtas / Córais Pholaitíochta Cuntasacha (Athchóiriú), Struchtúir Rannpháirtíochta, Freagracht, struchtúir pháirtí, éagsúlacht dhéimeagrafach
66 Vóta
2
Oideachas Iomlán oiriúnach (lena n-áirítear riachtanais speisialta, scileanna saoil, gnéithe praiticiúla & é iomlanaíoch) Leasú Oideachais agus Scileanna – Smaointeoireacht Chriticiúil (saor, oideachas, daonlathas, glór, rannpháirtíocht)
51 Vóta
3
Comhionannas (Pósadh Aerach, Inscne, Pá / Tuarastal etc) => Comhionannas in Éirinn / Éire atá comhionann agus cumasaithe: via oideachas agus cumarsáid
44 Vóta
4
Feasacht ar Fhéinmharú & Meabhairshláinte (Príomhshruthú, cur chuige ón mbonn aníos, ionchur ó eiseamláir, neamhspleáchas ó gheis)
35 Vóta
5
Féiniúlacht Chultúrtha (Tábhacht na Gaeilge a aithint, an stair agus na healaíona)
26 Vóta
6
Saoroideachas Cáilíochta do chách + rochtain – Rochtain/rannpháirtíocht chóir agus chomhionann in Oideachas d’ardchaighdeán
20 Vóta
7
Bogadh ó Fhuarchúis go Réamhghníomhaíocht (athrú & nuálaíocht á dtreorú ag an óige, fáil réidh le béarlagair & dordfhocail i gcumarsáid leis an óige/ Rannpháirtíocht na hÓige)
20 Vóta
8
Mórtas as Éirinn agus a muintir
14 Vóta
9
Feabhas ar Phleanáil & Feidhmiú na Teicneolaíochta Glaise
12 Vóta
10
Tuilleadh Deiseanna agus níos lú Dúshaothraithe san Ógfhostaíocht
11 Vóta
Mheall athchóiriú polaitíochta an líon ba mhó vótaí ó rannpháirtithe ceardlainne Bhaile Átha Cliath. Is léir an mhíshástacht leis an gcaoi a raibh an tír agus na córais airgeadais á reáchtáil san éileamh ar cheannaireacht atá trédhearcach agus freagrach do na daoine. Is léir freisin an gá atá le gafacht agus le rannpháirtíocht sa chóras polaitíochta. Is léir freisin go mba cheist mhór do na rannpháirtithe é leasú oideachais. Léiríonn an roinnt idir dhá chatagóir thuas an défhócas ar leasú curaclaim (uimh 2) agus saincheist phraiticiúil na rochtana do chách – lena n-áirítear táillí saor in aisce (uimh 6). Chonacthas go raibh oideachas atá ábhartha don saol (agus béim ar scileanna saoil), oideachas a ullmhaíonn
55
daoine óga don mhargadh saothair, tábhachtach mar aon le tacaíocht chun cur ar chumas gach saoránach de chuid ár dtíre rochtain a fháil ar shárchaighdeán oideachais. Bhain an comhionannas an tríú líon ab airde vótaí. Breathnaíodh ar thír nach ndéanann leatrom ar aon saoránach dá cuid gan aird ar aois, stádas pósta, claonadh gnéis nó aicme shocheacnamaíoch mar chuid d’fhís na hÉireann sa todhchaí. Bhí feasacht faoi mheabhairshláinte agus féinmharú go mór i gceist freisin, an ceathrú líon is airde vótaí bainte amach aici. Tháinig féiniúlacht chultúrtha láidir a bhfuil meas aici ar an nGaeilge ina dhiaidh sin, a thabharfadh téama eile chun cuimhne, Mórtas as Éirinn agus a muintir (uimh 8). Bhí baint níos mó ag daoine óga le fóraim chinnteoireachta agus pholaitiúla tábhachtach freisin, a ceapadh. Tá meas níos mó ar ár dtimpeallacht nasctha leis an ngá teacht i dtír ar fhorbairtí teicniúla, gafa sa dara téama deireanach – ‘Feabhas i bpleanáil agus i bhfeidhmiú teicneolaíochta glaise’. Ar shaincheisteanna eile a fuair vótaí áirítear: ceartas sóisialta (7), seirbhísí sláinte a bheadh inrochtana ag cách (fiaclóireacht, meabhairshláinte, fisiciúil) (7), cur chuige pobail i leith cinnteoireachta (6), spiorad fiontraíochta (6), rialtas macánta a thuigeann a fhreagrachtaí, a ghníomhaíonn thar ceann an cheartais agus na cothroime, ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon (6), leasú bunreachta (6), agus fíordhaonlathas (5). Léirítear cuid acu seo thuas in ‘Athchóiriú Polaitíochta’.
Cuid 2: Céard is gá a tharlú chun d’fhís a fhíorú? Bhain an chéad tasc eile le rannpháirtithe ag déanamh a machnaimh ar na hathruithe bunúsacha ar ghá a tharlú in Éirinn, ar an gcaoi le teacht timpeall ar leasanna dílsithe a d’fhéadfadh a bheith ag cur stop le hathrú agus ar an gcaoi a bhféadfaí na blocanna in aghaidh an athraithe a ruaigeadh. I bpróiseas a bhí ar aon dul leis an gceann ar baineadh úsáid as i gceardlann 1, chuir an 10 ngrúpa liosta ar fáil de na ‘cúig ní is gá a tharlú chun d’fhís a fhíorú’. Ghin sé seo 50 téama freisin ar ghá rangú a dhéanamh orthu. Léirítear an 10 bpríomhthéama i dTábla 3 thíos.
Tábla 2: 10 bPríomh-mholadh chun d’Fhís a Fhíorú – ceardlann Bhaile Átha Cliath 1
Cur chun cinn na Gaeilge agus rochtain ar Ghaelscoileanna / Gaelscoileanna breise ag leibhéal na bunscoile / tacaíocht d’oiliúint inseirbhíse do na múinteoirí uile i scoileanna lánGhaeilge
37 Vóta
2
Sochaí shaolta a chruthú agus fáil réidh le tionchar eaglasta / Bunreacht saolta le meas ar 35 Vóta na cearta um chleamhnú reiligiúnach
56
3
Maoiniú don Mheabhairshláinte/ Míchumas – cruthú feasachta agus cosc/ Caighdeán Meabhairshláinte in Éirinn a fheabhsú freisin – tacaíochtaí & seirbhísí / i measc an lucht oibre/ san oideachas i scoileanna
34 Vóta
4
Leathnú rannpháirtíochta sibhialta agus rannpháirteachas le vótálaithe / Rannpháirtíocht shaoránach trí achainí / Daonlathas díreach: Reifreann tionscnaithe ag an saoránach/ athchóiriú mar vótáil ag an deireadh seachtaine agus vótáil neamhláithrí
31 Vóta
5
Polaitíocht leasaithe – Ardán neamhchlaonta don rannpháirtíocht / Cumarsáid níos fearr – mealladh a thabhairt don pholaitíocht, úsáid a bhaint as na meáin shóisialta, pobalbhreitheanna Facebook etc
29 Vóta
6
Athrú radacach ar an oideachas – inrochtaineacht, acmhainní níos mó/ Infheistíocht / seirbhísí laistigh den chóras / níos mó deiseanna le bheith feasach agus bainteach leis/deontais
27 Vóta
7
Leasú ar an mbunreacht / Reachtaíocht a rith ar shaincheisteanna éagsúla (pósadh aerach, ceisteanna inscne, ginmhilleadh, trédhearcacht, aois vótála)
23 Vóta
8
Cultúr oibrithe deonacha bríoch a chruthú ar féidir a rochtain
22 Vóta
9
Tacú le gnólachtaí áitiúla agus gníomhaíocht fhiontraíoch
10 Vóta
10
Gníomh aonair a spreagadh – tabhair faoi
8 Vóta
Bhí na tosaíochtaí don athrú roinnte go cothrom idir ‘rochtain níos mó ar Ghaelscoileanna’, laghdú ar thionchar eaglasta, seirbhísí meabhairshláinte feabhsaithe agus rannpháirtíocht shibhialta mhéadaithe. Ar thosaíochtaí tábhachtacha eile áiríodh athchóiriú polaitíochta, leasú ar an mbunreacht agus rochtain níos fearr ar oideachas agus seirbhísí níos fearr san oideachas.
Cuid 3: Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú? Sa cheardlann seo iarradh ar rannpháirtithe díriú ar ar féidir leo féin a dhéanamh chun athrú a chur i gcrích. Agus an fhormáid chéanna in úsáid, chuir rannpháirtithe a ráitis físe féin ar fáil ar ar féidir leo a dhéanamh, agus chaith na rannpháirtithe go léir vóta leis an rangú seo a leanas de ghníomhartha indéanta a chur ar fáil. Is iad seo a leanas na príomhcheisteanna cumasctha:
Tábla 3: An 10 bPríomh-mholadh – Na rudaí gur féidir le daoine aonair a dhéanamh chun a bhfís d’Éirinn a bhaint amach – ceardlann Bhaile Átha Cliath 1
Painéal d’óige na hÉireann a chruthú – ionchuir dhíreacha i gcinntí rialtais / Brú-ghrúpa Óige Éifeachtach (comhdháil bhliantúil de ghrúpaí dírithe ar an óige, daoine óga ar son daoine óga)
43 vóta
57
2
Athruithe beaga a dhéanamh i do shaol féin, sa teaghlach, sa phobal etc le neartú ina n-athruithe níos mó ar bhonn náisiúnta / Tosaigh le freagracht an duine aonair => Pobal => Náisiúnta
32 vóta
3
Bí rannpháirteach tú féin / tagaigí le chéile i ngrúpaí saoránach gníomhacha/ rannpháirtíocht réamhghníomhach/ feachtas, agóid/ stocaireacht ar TDanna etc/ Cuir do thuairim in iúl
27 vóta
4
Déan stocaireacht ar mhaithe le cur chuige iomlánaíoch don oideachas – scileanna saoil dara leibhéal/ cruthaitheacht/ tuairimí/díospóireachtaí/ nuálaíocht/ smaointeoireacht chriticiúil
25 vóta
5
Déan obair dheonach/ téigh isteach in eagrais/ téigh i gcionn ar rudaí/ aimsigh d’ardán 24 vóta féin agus bí rannpháirteach/ Déan obair dheonach agus cinntigh go mbeidh rochtain uirthi agus spreag daoine lena dhéanamh
6
Téigh i ngleic leis na meáin/ na Meáin Shóisialta/ Bunaigh grúpa Facebook do dhaoine atá 21 vóta ag freastal ar cheardlanna le leanúint leis an dinimic seo
7
Lá Athraithe Náisiúnta / Éirigh de do thóin Ghaelach, glac freagracht, ag éisteacht agus i mbun gnímh – boscaí moltaí ag ionaid líonra áitiúla
20 vóta
8
Glac freagracht shóisialach/ glac ceannas trí shampla a thabhairt/ bí i d’ambasadóir le bheith bródúil asat féin, tabhair cluas le héisteacht agus spreag, déan meantóireacht ar dhaoine eile/ Aithin Eiseamláirí eile de Dhaoine Óga atá i mbun athrú a chruthú
20 vóta
9
Faigh an ceann is fearr ar Eagla roimh Teip & Breithiúnas
18 vóta
10
Glac an fhreagracht le daoine ó mhionlaigh a chosaint ón leatrom agus ó rudaí eile. Tabhair dúshlán do dhearcaidh féin agus dearcthaí eile
17 vóta
Tá céimeanna praiticiúla i gceist i mbeagnach gach moladh ar féidir le daoine óga a ghlacadh le bheith rannpháirteach (mar dul isteach i mbrú-ghrúpaí/ grúpaí tacaíochta) agus ‘tosaigh amach go mall’ trí athruithe a dhéanamh ina saoil féin a mbeidh tionchar acu ar a dteaghlaigh agus a bpobal. Is iad obair dheonach, a bheith rannpháirteach agus dul i ngleic atá in uachtar sa sé phríomh-mholadh. Tá téamaí gaolmhara mar ‘fhreagracht a ghlacadh’ as gné ar leith den athrú in uachtar freisin sa liosta den ‘10 bPríomh-mholadh’ ar céard is féidir leat a dhéanamh ó Bhaile Átha Cliath.
58
Ceardlann Chorcaí, Dé Sathairn 15ú Meán Fómhair, Club Nemo Rangers an CLG Cuid 1: Cén fhís atá agat d’Éirinn? Mar a tharla i gCeardlann Bhaile Átha Cliath, rinne na rannpháirtithe ransú smaointe ar dtús ar ‘shaintréithe sochaí atá ag feidhmiú go maith’. Rangaigh gach ceann de na seacht ngrúpa (a raibh thart ar dheichniúr i ngach ceann acu) na cúig ghné ba thábhachtaí dá bhfís, rud a chruthaigh 35 ‘fís’ d’Éirinn. Bhí cuid acu sonrach go maith, mar shampla, ‘infreastruchtúr iompair agus fuinnimh’ agus ‘an stiogma a bhaint as meabhairshláinte’. Bhí gné mianaidhme ag baint le cuid eile, mar shampla, ‘breis dearfachta’, ‘rannpháirtíocht phobail agus freagracht shibhialta’.
Léirigh ceardlanna éagsúla roinnt téamaí comhchosúla ach foclaíocht eile in úsáid, agus mar sin tá gné den ‘vóta scoilte’ i gceist. Mar shampla, rangaigh grúpa amháin ‘éagsúlacht chultúrtha/reiligiúnach’ i measc a gcúig phríomh-mholadh. Agus rangaigh grúpa eile ‘éagsúlacht/soirbhíochas’ i measc a gcúig phríomh-mholadh siúd. Ní bhfuair na ‘físeanna’ seo ach ceithre vóta agus dhá vóta faoi seach as an 362 vóta a caitheadh, rud a fhágann gur miontionchar an tionchar ‘saofa’. Léirítear an 10 bpríomh-fhís foriomlána i dTábla 5.
Tábla 4: 10 bPríomhfhís d’Éirinn – ceardlann Chorcaí 1
Athchóiriú polaitíochta (córas feabhsaithe, oideachas/rannpháirtíocht níos mó)
32 vóta
2
Cultúr agus na healaíona, teanga agus bia
30 vóta
3
Comhionannas cearta – saor ó stiogma
28 vóta
4
Athchóiriú (polaitíochta, sóisialta, oideachais, geilleagair, cúraim sláinte, féininbhuanaithe)
24 vóta
5
Cruthaitheacht (geilleagrach, nuálaíocht)
17 vóta
6
Rannpháirtíocht le pobal agus sochaí ar bhealach díograiseach
17 vóta
7
Fostaíocht
17 vóta
8
Dearfacht níos mó
15 vóta
9
Sláinte, meabhair, fisiciúil (soláthar seirbhísí)
15 vóta
10
Costas an Oideachais! Athbhreithniú ar gach leibhéal. Comhrochtain ag cách. COMHIONANNAS
15 vóta
59
Mar a fheicimid, tá ‘athchóiriú’ agus ‘comhionannas cearta’ i gceist go láidir. Tá ‘cultúr agus na healaíona, teanga agus bia’ atá débhríoch, i gceist go láidir freisin. Tá gnéithe na cruthaitheachta, an rannpháirteachais agus na fostaíochta tábhachtach freisin i ‘bhfís Chorcaí’. Tá oideachas ag an mbun sa liosta den ’10 bPríomh-mholadh’ seo ach is fiú a thabhairt ar aird go bhfuil an ‘vóta Oideachais’ scaipthe. Ar na ‘físeanna oideachais’ eile nár bhain an liosta den 10 bpríomh-mholadh amach áirítear ‘Córas oideachais athchóirithe go hiomlán, oideachas don saol’ (14 vóta); ‘Eiseamláir oideachais iomlánaíoch, don saol agus ní do scrúduithe’ (10 vóta); agus ‘Oideachas, rochtain, caighdeáin, spreagadh smaointeoireachta criticiúla’ (7 vóta). Mar sin is léir go raibh córas oideachais leasaithe tábhachtach do rannpháirtithe Chorcaí. Taifeadadh téamaí do-áirithe eile. Seo cuid acu, gan aon ord ar leith orthu, le blaiseadh a thabhairt: •
Dearfacht sa stíl Meiriceánach
•
Tuilleadh Gaeltachtaí
•
Spraoi
•
Geilleagar brabúsach
•
Oideachas polaitíochta
•
Mórtas cine
•
Ceardlanna ar nós ceann an lae inniu
•
Soghluaiseacht shóisialach
Cuid 2: Céard is gá a tharlú chun an fhís sin a fhíorú? Sa cheardlann seo rinne rannpháirtithe ransú smaointe ar ‘athruithe bunúsacha a dhéanfá ar an gcaoi a reáchtáiltear Éire’, ‘an bhfuil leasanna dílsithe/rudaí ag cur stop le hathrú?’ agus ‘cén chaoi ar féidir na baic in aghaidh athraithe a dhíbirt?’. Arís chuir gach ceann den seacht ngrúpa cúig phríomhrud ar fáil ar ghá a tharlú le d’fhís a fhíorú, a ghin rogha de 35 tosaíocht a gcaithfí a rangú. Caitheadh iomlán 317 vóta agus ba iad seo a leanas an 10 rud is airde a rangaíodh: Tábla 5: 10 Príomh-mholadh leis an bhfís a fhíorú – ceardlann Chorcaí 1
Pleananna a chur i ngníomh
22 vóta
2
Leasú ar an oideachas, na hábhair, an curaclam (oideachas polaitíochta)
19 vóta
3
Treoirlínte dearfacha na meán (rialacha)
18 vóta
4
Fiachas a laghdú
17 vóta
5
Cur chuige foriomlán i leith oideachais (dearcadh ar fhoghlaim don saol)
17 vóta
60
6
Cultúr (tuilleadh Gaelscoileanna)
15 vóta
7
Córas oideachais (r-oideachas, cúrsaí ábhar sonrach, measúnú leanúnach, oideachas saoránach)
14 vóta
8
Cosc ar eaglais agus ar fhiontar príobháideach údarás a bheith acu ar bheartas poiblí
14 vóta
9
Tabhair ar dhaoine óga vótáil
12 vóta
10
Leasú ar an mbunreacht
11 vóta
Bhí an bhéim ar ghníomh agus ar leasú oideachais. Bhí téama an Oideachais in uachtar mar a bhí i gCeardlann 1, é san áireamh i Rang 2, 5, 6, & 7. Bhreathnaigh rannpháirtithe Chorcaí ar leasú oideachais mar mheicníocht d’athrú sóisialta níos leithne. Arís eile, faighimid blaiseadh den phlé sna ceardlanna ar ‘céard is gá a tharlú’ ó rogha de na hábhair, gan aon ord ar leith orthu: •
Cultúr an óil sna coláistí.
•
Dearcthaí i leith daoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha, Trasinscneacha a athrú
•
Dul i gcomhairle níos mó le daoine óga
•
Vótáil ar an Satharn
•
Ceangal aoireachta níos scaoilte
•
Cuótaí aoise agus inscne sa pholaitíocht
•
Rannpháirtíocht ghníomhach
•
Athrú a chur ar mheon fuarchúise
•
Oideachas saoránach
•
Saineolas níos mó sa pholaitíocht
Cuid 3: Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú? Sa cheardlann seo, iarradh ar rannpháirtithe nithe concréideacha réadacha a mholadh a bhféadfaidís siúd agus daoine óga eile a dhéanamh le hathrú a chur i gcrích. Rangaigh gach ceann de na seacht ngrúpa a gcúig phríomh-mholadh. Caitheadh iomlán 3094 vóta agus is iad seo a leanas an deich bpríomh-mholadh a rangaíodh:
4 Is fiú a thabhairt ar aird go ndeachaigh líon na vótaí a caitheadh i laghad ó 362, go 317, go 309 thar na trí cheardlann a léiríonn b’fhéidir úrnuacht i modh vótála na ‘bponc greamaitheacha’ a bhí ag dul i léig.
61
Tábla 6: 10 bPríomh-mholadh – Céard is féidir le daoine aonair a dhéanamh chun a bhfís d’Éirinn a fhíorú – ceardlann Chorcaí 1
Oibriú go deonach (pobal, grinnfhiosrúcháin, oiliúint)
24 vóta
2
Déan obair dheonach (rannpháirtíocht a spreagadh)
21 vóta
3
Tabhair dúshlán steiréitíopaí, bíodh ómós ag daoine
18 vóta
4
Treoraigh trí shampla a thabhairt (léirigh tionscnaíocht, cur tú féin in áit daoine eile)
18 vóta
5
Úsáid do vóta
16 vóta
6
Úsáid na huirlisí atá agat
14 vóta
7
Bí dílis dúinn féin, bí macánta agus bí láidir sa bhfís atá againn
14 vóta
8
Rannpháirtíocht na cosmhuintire i ngrúpaí pobail
14 vóta
9
Bí tionscantach
13 vóta
10
Laghdaigh stiogma agus steiréitíopaí faoi dhaoine óga
13 vóta
Bhí cuid mhaith den ‘vóta á scoilteadh’ sa cheardlann seo toisc foclaíocht a bhí beagán difriúil in úsáid ag grúpaí. Is léir gurb é an moladh faoi oibriú go deonach atá in uachtar, é sa 1ú agus sa 2ú háit. Is coincheap é ‘rannpháirtíocht’ atá gaolmhar leis an oibriú go deonach agus fuair sé seo 14 vóta. Ach tá a háit cheart níos airde sa rangú toisc nár bhain roinnt ‘foclaíochtaí’ Rogha 10 an Mholta amach (Bí gníomhach, bí rannpháirteach, 9 vóta; Bí bainteach le cúrsaí, 6 vóta; Feachtais, bí bainteach leo, 4 vóta, Téigh isteach i ngrúpaí sainleasa, 4 vóta).
Ar an gcaoi chéanna, fuair ‘Bain úsáid as do vóta’ 16 vóta, ach bhí ‘Bain úsáid as an vóta le dul i ngleic le polaiteoirí’ lasmuigh den 10 príomh-mholadh, 11 vóta breise aige. Mar sin is iad seo na moltaí treascracha ó cheardlann Chorcaí •
Oibriú go deonach
•
Bí rannpháirteach
•
Úsáid do vóta.
62
Ceardlann Mhuineacháin Dé Sathairn 22ú Meán Fómhair, Coláiste Naomh Mhic Cairthinn Cuid 1: Cén fhís atá agat d’Éirinn? Tá athchóiriú polaitíochta agus oideachais ceannasach i bhfíseanna d’Éirinn sa todhchaí de chuid rannpháirtithe cheardlann Mhuineachán. Bhí comhionannas, freagracht agus spiorad pobail i gceist freisin. Bhí béim chomh maith ar chúramaí ar chúramaí áitiúla iad b’fhéidir – seirbhísí sláinte níos fearr agus iompar níos fearr. Tá Éire aontaithe i measc an 10 Príomh-mholadh freisin, rud ar leith thar na ceithre cheardlann réigiúnacha uile. Tá deighilt idir an eaglais agus an stát i gceist i 10 bPríomhmholadh Mhuineacháin. Tábla 7: 10 bPríomhfhís d’Éirinn – ceardlann Mhuineacháin 1
Leasú oideachais – leasú ábhair, córas na bpointí, deiseanna, réadghníomhach agus úsáideach sa saol.
41 vóta
2
Athchóiriú Polaitíochta – trédhearcacht, cuimsitheacht agus cumarsáid níos fearr idir an leibhéal áitiúil agus náisiúnta.
36 vóta
3
Sláinte – laghdaigh costas, feabhsaigh an tseirbhís, laghdaigh am feithimh, ospidéil níos fearr, comhionannas, cúram sláinte níos fearr.
21 vóta
4
Éire níos dearfaí agus mórtas pobail níos mó aici – bród as an teanga náisiúnta.
20 vóta
5
Tá gá le freagracht thar na seirbhísí poiblí uile.
19 vóta
6
Tionscail nuálaíocha – bheadh raon ilghnéitheach deiseanna fostaíochta ag Éirinn.
19 vóta
7
Comhionannas – cine, inscne, reiligiún, LADT, cúlra etc.
16 vóta
8
Éire Aontaithe – caidreamh feabhsaithe trasteorann.
14 vóta
9
Neamhspleáchas stáit agus eaglaise.
11 vóta
10
Iompar feabhsaithe
10 vóta
Cuid 2: Céard is gá a tharlú le d’fhís a fhíorú? Mar a tharla i gceardlanna eile, rinne rannpháirtithe ransú smaointe ar ‘athruithe bunúsacha a dhéanfá ar an gcaoi a reáchtáiltear Éire’ agus ar ‘aithint constaicí agus baic ar an athrú’. Chomhlánaigh na rannpháirtithe mar ghrúpa ansin an bhileog ‘Céard is gá a tharla le d’fhís a fhíorú?’ Tábla 8: 10 bPríomh-mholadh chun an fhís a fhíorú – ceardlann Mhuineacháin 1
Cruthú Jabanna – bain úsáid as daoine dífhostaithe
38 vóta
2
Athchóiriú Polaitíochta – aois vótála níos ísle
26 vóta
3
Ní mór do pholaiteoirí suim níos mó a chur san óige agus in ár dtuairimí
23 vóta
4
Is gá an staid airgeadais a chobhsú
22 vóta
5
Cultúr – Athraigh struchtúr scrúduithe Éireannacha
19 vóta
63
6
Saineolaithe a úsáid sa Rialtas – oiliúint ar an gcaoi leis an tír a reáchtáil
17 vóta
7
Athmheasúnú a dhéanamh ar úsáid airgid agus ar bhuiséadú
14 vóta
8
Córas oideachais níos cothroime – aitheantas níos mó don tallann neamhacadúil – athraigh an córas pointí – measúnú leanúnach
10 vóta
9
Faigh tuairim mac léinn ar an gcaoi le leasú a dhéanamh ar an gcóras oideachais
9 vóta
10
Ról na meán chun féidearthacht a spreagadh – cruthú jabanna ní caillteanais jabanna; rialú agus meáin níos cothroime.
9 vóta
Ba é cruthú jabanna an moladh ba láidre ar fad, 38 vóta aige. Bhí staid airgeadais/buiséid na tíre go mór i gceist freisin. Ba tríú téama láidir é an t-oideachais a bhí i gceist i riochtanna éagsúla in uimhir 5, 8 agus 9. Ar théamaí tábhachtacha eile nár bhain an 10 bpríomhthosaíochtaí amach bhí -
dáileadh níos cothroime maoinithe, deireadh a chur le tuarastail agus bónais arda
-
rialtas níos comhoibrí
-
dearfacht – an rialtas le teachtaireacht dhearfach a thabhairt.
Cuid 3: Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh leis an bhfís seo a fhíorú? Rangaigh na grúpaí a dtosaíochtaí do ‘céard is féidir leatsa agus le daoine óga a dhéanamh eis an bhfís seo a fhíorú’ i seacht ngrúpa ceardlainne. Léiríonn seo a leanas an deich bpríomh-mholadh thar na seacht ngrúpa: Tábla 9: 10 bPríomh-mholadh – An rud ar féidir le daoine aonair a dhéanamh chun a bhfís d’Éirinn a fhíorú – ceardlann Mhuineacháin 1
Airímidne, glúin óg na hÉireann, nach bhfuil aon chumhacht againn aon athrú ceart a thionscnamh toisc easpa ómóis d’ár dtuairimí
60 vóta
2
Bí bainteach le grúpaí óige polaitiúla/neamhpholaitiúla
29 vóta
3
Roinn do chuid tuairimí – bain úsáid as líonrú sóisialta le feasacht a ardú; bain leas as deiseanna mar BYI
24 vóta
4
Daoine óga in ionaid chumhachta agus ómós/deiseanna cothroma á dtairiscint dóibh
23 vóta
5
Seasamh suas agus troid dona bhfuil uainn – ár nglórtha a úsáid
23 vóta
6
Ár nglórtha a úsáid – na meáin shóisialta bainteach le díospóireacht pholaitiúil; cuir glór na hóige in iúl.
15 vóta
7
Bí rannpháirteach – téigh isteach i gcomhairlí mac léinn/ ceardchumainn – bain an leas is 15 vóta fearr as TY; téigh isteach i ngrúpaí agus i gcumainn bainteach le do thalainn
64
8
Úsáid do vóta – cláraigh; cuir tú féin ar an eolas faoin ábhar a bhfuil vóta á chaitheamh agat air
14 vóta
9
Ní mór do dhaoine óga a bheith níos gníomhaí i struchtúir a chur ar an eolas e.g. comhairliúchán
12 vóta
10
Cuir oiliúint oraibh féin faoin bpolaitíocht
10 vóta
Tá Rogha Uimh 1 do ‘céard is féidir leat a dhéanamh’ neamhghnách i Muineachán sa mhéid go bhfuil blas diúltach air – airíonn daoine óga nach bhfuil ‘aon chumhacht acu aon athrú dáiríre a thionscnamh’. Ní hionann é seo agus na moltaí dearfacha ar an iomlán a taifeadadh in áiteanna eile. Tugadh moltaí níos dearfaí ar aird freisin agus, mar a tharla sna hionaid eile, is iad ‘bí rannpháirteach’, úsáid ár nglórtha’, agus ‘úsáid ár vóta’ a bhí in uachtar. Ar shaincheisteanna tábhachtacha eile a ardaíodh sa cheardlann agus nár cuireadh san áireamh sa 10 príomh-mholadh bhí: -
déan obair dheonach agus bí níos gníomhaí sa tsochaí
-
bí dearfach agus spreagaigí a chéile
-
bíodh tuairimí daingne agat, éirí suas agus déan rud éigin.
Mar sin, cé is móite den mholadh ab airde faoi dhaoine óga a bheith neamhchumhachtach, is ar mhaithe le cineálacha éagsúla gnímh dhearfaigh formhór na vótaí.
65
Ceardlann na Gaillimhe, Dé Sathairn 29ú Meán Fómhair, NUI Gaillimh
Cuid 1: Cén fhís atá agat d’Éirinn? Mar a tharla sna ceardlanna eile, rinne rannpháirtithe ransú smaointe ar ‘thréithe sochaí atá ag feidhmiú go maith’. Agus iad roinnte in ocht ngrúpa, rangaigh na daoine óga na gnéithe ba thábhachtaí dá bhfís, rud a chruthaigh 40 ‘fís’ d’Éirinn. Is iad seo a leanas an 10 bpríomhfhís a tháinig chun cinn: Tábla 10: 10 bPríomhfhís d’Éirinn – ceardlann na Gaillimhe 1
Cultúr agus teanga – athbheochan, marthanas, bród, cur chun cinn
63 vóta
2
Uilechuimsitheacht agus comhionannas do chách
41 vóta
3
Glacadh le meabhairshláinte & áiseanna feabhsaithe (don chéanna) e.g. ar scoil, sa phobal, saor-rochtain oscailte ar sheirbhísí agus eolas
34 vóta
4
Córas oideachais feabhsaithe (go mbeadh sé níos iomlánaíche; go bhfoghlaimeodh muid ó áiteanna ina n-oibríonn sé; tacaíocht ildisciplíne; éagsúlaithe)
32 vóta
5
Réamhghníomhaíocht agus freagracht shaoránach
22 vóta
6
Athchóiriú polaitíochta – trédhearcacht, freagracht, comhairliúchán poiblí
21 vóta
7
Deireadh a chur le tionchar eaglaise
15 vóta
8
Éire a chumasaíonn daoine fanacht ina dtír agus ina bpobail
13 vóta
9
Indibhidiúlacht & atrua á nglacadh chucu agus ómós dá chéile (gnéasacht, cine, inscne, reiligiún, luachanna)
10
Pobal gníomhach. Ag cumasú a chéile, luachanna i gcoiteann, pobail nua á nglacadh chucu, cách cuimsithe
11 vóta
Is léir tábhacht an chultúir agus na teanga, a fuair an líon is mó vótaí. Tá cuimsitheacht agus comhionannas an-tábhachtach freisin d’fhís rannpháirtithe na Gaillimhe. Tá áiseanna feabhsaithe i sláinte agus san oideachas i gceist freisin. Cé go bhfuil meabhairshláinte i gceist anseo ag uimhir a 3, ba lú go mór an tsláinte go ginearálta mar shaincheist. Fuair ‘córas sláinte feabhsaithe’ ceithre vóta. Fuair ‘Athchóiriú sláinte’, leis féin nó i gcomhar le seirbhísí poiblí eile seacht vóta. Bhí sláinte i gceist arís áfach, faoi ‘Fhorbairt Phearsanta’ (díreach lasmuigh den 10 príomh-mholadh le 10 vóta) agus bhí an bhéim anseo ar shláinte fhisiciúil, ghnéis agus meabhairshláinte ag an leibhéal pearsanta. Cuid 2: Céard is gá a tharlú le d’fhís a fhíorú? Arís eile, rinne rannpháirtithe a machnamh ar na hathruithe bunúsacha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an gcaoi a reáchtáiltear Éire; ar an gcaoi a d’fhéadfadh leasanna dílsithe nó rudaí a bheith ag cur stop le hathrú agus; ar an gcaoi a d’fhéadfaí na baic ar athrú a bhaint. I bpróiseas a bhí ar aon dul leis an
66
gceann ar baineadh úsáid as i gceardlann 1, chuir na hocht ngrúpa cúig phríomh-mholadh de ‘rudaí ar ghá a tharla le d’fhís a fhíorú’, thart ar 40 tosaíocht indéanta á nginiúint le rangú a dhéanamh orthu. Tá an 10 rud is airde liostaithe thíos: Tábla 11: 10 bPríomh-mholadh leis an bhfís a fhíorú – ceardlann na Gaillimhe 1
Leasú oideachais – SPHE /CSPE á múineadh mar ábhair thromchúiseacha; foghlaim don saol ní do na scrúduithe amháin
26 vóta
2
Athchóiriú polaitíochta (an córas aoireachta, polaitíocht pharóiste, leasú an tSeanaid)
25 vóta
3
Cruthaigh níos mó Gaelscoileanna dara leibhéal. Cuir athrú ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge ó aois luath
24 vóta
4
Seirbhísí meabhairshláinte – inrochtana ag cách i ngach pobal. Liostaí feithimh a laghdú. Eolas faoi mheabhairshláinte ag aois níos óige. Dístiogmatú.
20 vóta
5
Athbhreithniú ar an mBunreacht agus é a thabhairt cothrom le dáta – áit do chách – ionadaíocht ag cách
19 vóta
6
Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha agus cur i bhfeidhm an athbhreithnithe
18 vóta
7
Oideachas – athstruchtúrú ar scrúduithe, measúnú leanúnach, tionscadail, topaicí sóisialta/saoránaigh
17 vóta
8
Éagsúlacht – rialtas, ionad oibre, pobal
16 vóta
9
Cuir oideachas ar Éirinn faoi chumas na hóige (& athrú)
13 vóta
10
Leasú oideachais le córas níos ilghnéithí agus inacmhainne a bhaint amach
13 vóta
Is iad leasú oideachais, athchóiriú polaitíochta agus athruithe ar an gcaoi a múintear Gaeilge na moltaí atá in uachtar. Bhí oideachas go láidir i gceist thuas. Baineann pointí 1 agus 7 le saincheisteanna bainteach le leasú curaclaim, cur chuige oideolaíoch agus modhanna measúnaithe. Baineann pointe 10 le saincheisteanna rochtana ar an gcóras oideachais é féin. Tá an fócas ar theanga (cultúr traidisiúnta) an-láidir anseo freisin (é rangaithe uimh. 3 agus arís in uimh. 6). Tá fócas an-sonrach ar Acht na dTeangacha i gceist chomh maith (18 vóta). Cuid 3: Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh leis an bhfís seo a fhíorú? D’oibrigh na rannpháirtithe ar an gceist ‘céard is féidir leat féin agus le daoine óga eile a dhéanamh?’ Is iad seo a leanas an deich bpríomh-mholadh a tháinig chun cinn thar na grúpaí go léir i nGaillimh: Tábla 12: 10 bPríomh-mholadh – Céard is féidir le daoine aonair a dhéanamh lena bhfís d’Éirinn a fhíorú – ceardlann na Gaillimhe 1
Faigh oideachas! Ón mbunscoil aníos ‘faigh oideachas don saol, ní do na scrúduithe’. Bíodh CSPE á mhúineadh mar ábhar dáiríre, cuir oideachas ar dhaoine faoi thoghcháin a bheidh ag teacht aníos
36 vóta
67
2
Bunaigh fóraim don óige mar an ceann seo le topaicí a phlé & aiseolas faoi réitigh a thabhairt
27 vóta
3
Ceannaigh earraí Éireannacha agus Bí c, Labhair Gaeilge
23 vóta
4
Bí rannpháirteach i ndíospóireachtaí polaitíochta agus cultúrtha agus bíodh aigne oscailte agat
23 vóta
5
Normalaigh plé polaitíochta agus sóisialta le cairde, tabhair dúshlán tráchtaireacht dhiúltach
13 vóta
6
Treoraigh trí shampla a thabhairt. Ba chéim 1 BYI.
12 vóta
7
Coinnigh leis an BYI trí thuairiscí ar dhul chun cinn
11 vóta
8
Bí mórtasach as bheith i d’Éireannach agus déan caidreamh le cultúir eile, le hilchultúrthacht, glac le deiseanna idirnáisiúnta (NA, AE)
11 vóta
9
Caith vóta!
11 vóta
10
Coimeád ár n-ionadaithe poiblí cuntasach
11 vóta
Tagann teachtaireachtaí atá soiléir go maith agus comhsheasmhach chun cinn sa mhéid thuas. Bhí na moltaí sa chatagóir ‘faigh oideachas, bí rannpháirteach (i ndíospóireachtaí/ pléití polaitíochta), caith vóta’ den chuid is mó. Bhí an líon mór vótaí do ‘bunaigh fóraim óige mar an ceann seo’ agus ‘coinnigh leis an BYI trí thuairiscí ar dhul chun cinn’ bainteach leis an smaoineamh a bheith rannpháirteach. Ar phointí comhchosúla eile nár bhain an rangú amach áirítear ‘rianaigh an raon ábhar – bunaigh gníomhaíochtaí oibre deonaí sa scoil’ (10 vóta); ‘cinntigh go gcloistear do ghlór’ (9 vóta); ‘tar chun a bheith i do cheannaire’ (7 vóta); ‘bí rannpháirteach agus bí gafa’ (6 vóta); ‘gabh amach agus cruthaigh feasacht’ (3 vóta). Mar sin, ar an iomlán, cé gurb é an t-oideachas an príomhthéama anseo, bhí rannpháirtíocht saoránach ghníomhach gar go maith dó. Bhí féiniúlacht Éireannach a chur an iúl – féiniúlacht Éireannach chuimsitheach oscailte, an-tábhachtach freisin.
68
CAIBIDIL 4: ANAILÍS FHORIOMLÁN AR NA TORTHAÍ Tar éis mionscrúdú a dhéanamh ar na torthaí ón dá chuid ar leith den phróiseas comhairliúcháin (‘céim na n-aighneachtaí’ agus ‘céim na gceardlann), tá trí aidhm ag an gcuid dheiridh seo. Ar an gcéad dul síos, déanaimid sintéisiú ar an aschur ó na ceithre Cheardlann Réigiúnacha, agus déanaimid cíoradh ar na cosúlachtaí agus na héagsúlachtaí ó na ceithre ionad (Baile Átha Cliath, Corcaigh, Muineachán agus Gaillimh). Ar an dara dul síos, pléimid a mhéid is atá torthaí an dá chuid den phróiseas comhairliúcháin inchomparáide. Ar deireadh, pléimid cuid de na ‘glórtha easaontacha’ mar nár léirigh na rannpháirtithe go léir meon a bhí dóchasach agus dearfach go heisiatach. Comparáid de Thorthaí ó Cheardlanna Réigiúnacha Tá cosúlachtaí agus éagcosúlachtaí suimiúla le feiceáil sna tosaíochtaí agus sna moltaí a rinneadh thar na ceithre cheardlann réigiúnacha. D’fhreastail thar ar 75 duine óg idir 17-26 bliain d’aois ar gach Ceardlann. Rinneadh iarracht a chinntiú go raibh cothromaíocht inscne agus ionadaíocht ó ghlórtha nach gcloistear rómhinic i gceist. Baineadh úsáid as an bhformáid chéanna de ghrúpaí beaga agus moltaí á ndéanamh acu agus an grúpa iomlán ag vótáil ansin don ’10 bpríomh-mholadh’ i ngach ionad. Ach rinne líon mór éascaitheoirí deonacha idirghabháil ar na freagairtí a d’fhreagair go dosheachanta don éagsúlacht tuairimí trí fhocail neamhghnácha nó frásaí a úsáid chun smaointe a léiriú. Mar sin níl comparáid dhíreach idir téamaí comhionanna indéanta. Chomh maith leis sin níor chóir dúinn aon teoiricí ginearálta réigiúnacha leathana a ghiniúint bunaithe ar dhearcthaí thart ar 75 duine óg i ngach réigiún. Ach tá patrúin suimiúla i gcoiteann follasach áfach. Déantar achoimre thíos ar na príomhfhreagraí ar na ‘trí cheist’ thar na ceithre ionad. Céard é d’fhis d’Éirinn? Is iad rialtas cuntasach agus athchóiriú polaitíochta na téamaí is airde rangaithe (breis agus 30 vóta an ceann acu) i bhfís daoine óga d’Éirinn sa todhchaí (Baile Átha Cliath, Corcaigh, Muineachán); leasú oideachais (Baile Átha Cliath, Muineachán, Gaillimh); Comhionannas (Baile Átha Cliath, Gaillimh; meabhairshláinte agus feasacht faoi fhéinmharú (Baile Átha Cliath, Gaillimh); agus cultúr (Corcaigh, Gaillimh). D’ainneoin na n-éagsúlachtaí i dtéarmeolaíocht agus sa teanga a úsáideadh, tá cosúlacht shonraíoch sna gnéithe a aithníodh mar nithe tábhachtacha i bhfís daoine óga d’Éirinn sa todhchaí. Is iad sin
69
•
athchóiriú polaitíochta
•
leasú oideachais
•
comhionannas
•
meabhairshláinte agus feasacht ar fhéinmharú
•
cultúr
Ardaíodh cuid mhór saincheisteanna eile freisin ach is iad na téamaí thuas a bhí in uachtar i vótaí daoine óga ar na gnéithe ba thábhachtaí dá bhfís d’Éirinn sa todhchaí. Céard is gá a tharlú le d’fhís a fhíorú? Iarradh ar dhaoine óga thar na ceithre hionad moltaí a rangú do ‘céard is gá a tharlú le d’fhís a fhíorú?’ Féadtar achoimre a dhéanamh ar na príomh-mholtaí a rangaíodh mar a leanas ‘Cur chun cinn na Gaeilge/tuilleadh Gaelscoileanna’ (Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh); ‘sochaí shaolta agus deireadh le tionchar eaglasta’ (Baile Átha Cliath, Corcaigh); ‘maoiniú/tacaíocht do sheirbhísí meabhairshláinte’ (Baile Átha Cliath, Gaillimh); ‘athchóirithe polaitíochta (Baile Átha Cliath, Muineachán, Gaillimh) agus leasú oideachais’ (Baile Átha Cliath, Corcaigh, Muineachán, Gaillimh); ‘laghdú fiachais’ (Corcaigh, Muineachán); agus ‘cruthú jabanna’ (Muineachán). Tá sé suimiúil a thabhairt ar aird an chaoi ar rangaíodh ról na Gaeilge agus oideachas trí Ghaeilge go hard mar fhórsa don athrú dearfach. Go sonrach, rangaíodh Gaelscoileanna go han-ard i dtrí de na ceithre hionad mar rud ‘ar ghá a tharlú le d’fhís a fhíorú’. Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú? Bhí cosúlacht shuntasach sa mhéid a mhol daoine óga go bhféadfaidís a dhéanamh chun a bhfís d’Éirinn sa todhchaí a fhíorú. Bhí na moltaí dearfach i ngach cás seachas freagra Uimh. 1 i Muineachán a deir ‘Airímidne, glúin óg na hÉireann, nach bhfuil aon chumhacht againn aon athrú dáiríre a thionscnamh toisc easpa ómóis dár dtuairimí’. Níos ginearálta, ba iad na moltaí ceannasacha ná ‘cruthaigh/bí bainteach le fóram a d’fhéadfadh moltaí a dhéanamh agus tionchar a imirt ar chinnteoireacht pholaitíochta’ Baile Átha Cliath, Muineachán, Gaillimh); ‘athruithe a dhéanamh i do theaghlach féin/sa phobal, treoraigh trí shampla a thabhairt’ (Baile Átha Cliath, Muineachán, Gaillimh); agus ‘déan obair dheonach’ (Baile Átha Cliath, Corcaigh).
70
Léiríonn na freagairtí seo staid saoil na bhfreagróirí. Is annamh go mbíonn daoine óga den aois seo i riochtanna ina mbíonn cumhacht shóisialach, eacnamaíochta agus phobail acu, rud a fhágann nach bhfuil siad sa riocht go fóill gur féidir leo tarraingt ar stádas polaitíochta, tráchtála nó ‘iomráiteachais’ chun athrú a chur i gcrích. Ina ionad, aithníonn siad gur féidir leo athrú a chur i gcrích trí: •
Bheith rannpháirteach i bhfóraim chinnteoireachta
•
Treorú trí shampla a thabhairt ina dteaghlaigh/bpobail féin
•
Bheith gníomhach, rannpháirteach agus ar an eolas.
An bhfuil Torthaí an Dá Pháirt den Phróiseas Comhairliúcháin Inchomparáide? Chuir an dá chuid den phróiseas comhairliúcháin (sé sin an comhairliúchán ilmheáin agus na Ceardlanna Réigiúnacha) na trí cheist chéanna: 1.
Cén fhís atá agat d’Éirinn?
2.
Céard is gá a tharlú chun an fhís sin a fhíorú?
3.
Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís sin a fhíorú?
Ach is é seo deireadh na cosúlachta. Is dhá phróiseas an-éagsúla a bhí iontu, a raibh rannpháirtithe éagsúla iontu den chuid is mó5. Cheadaigh an próiseas aighneachta do dhaoine, ina n-am féin, ábhar a chur isteach in aon fhoirm nó d’aon fhad ar mian leo. Bhí an saoirse acu machnamh a dhéanamh agus aighneachtaí fada a ullmhú faoina dtéarmaí féin. Níor chloígh ach corr dhuine le formáid na dtrí cheist. Ina ionad, bhí an claonadh acu díriú isteach ar cheann amháin nó níos mó de cheisteanna ar leith a bhí ag déanamh imní dóibh. Dá thoradh, d’fhreagair siad na trí cheist go neamhghnách agus, mar shampla, d’fhéadfadh go raibh ‘fís’ rannpháirtí áirithe le fáil in abairt dheiridh a shainaithin fadhb ar leith. Idir an dá linn bhí struchtúr ar na ceardlanna réigiúnacha le go ndéanfadh grúpaí ráitis achoimre ghearra a mholadh agus vótáil orthu, focal singil amháin nó frása gearr go minic. Bhí cuid acu seo an-soiléir, mar ‘laghdaigh fiachas’ mar rud ‘is gá a dhéanamh’. Bhí cuid eile níos dubhfhoclaí agus ba thoradh iad ar phlé neamhthaifeadta idir grúpa 10 rannpháirtí agus éascaitheoir; is sampla ar leith é vóta ‘físe’ Uimh. 2 ó cheardlann Chorcaigh, ‘Cultúr agus na healaíona, teanga agus bia’. 5 Ghlac iomlán 294 duine páirt sna Ceardlanna Réigiúnacha agus chur 439 duine idir 17-26 bliain d’aois aighneachtaí isteach. Ní raibh baint ach ag 32 duine aonair le dhá chuid an phróisis (mar sin, bhí 701 duine aonair bainteach in iomlán). Anuas air sin, bhí sé aighneacht ghrúpa, a raibh 74 duine óga bainteach leí, a d’fhág go raibh lánsuim 775 duine óg idir 17-26 bliain d’aois bainteach leis.
71
An méid sin ráite, tháinig téamaí i gcoiteann chun cinn ón dá phróiseas. Bhí an fhís don todhchaí dearfach ar an iomlán. Sainaithníodh réimsí nithiúla don athrú/gníomh, go háirithe i réimsí na polaitíochta, an oideachais agus oideachas teanga. Rinneadh moltaí chun gnímh thar ghnéithe uile de shaol agus de shochaí na hÉireann. Ar deireadh, nuair a iarradh orthu céard ‘is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh’ mhol an móramh mór ‘bheith rannpháirteach’, ‘ár nglór/vóta a úsáid’ agus ‘oibriú go deonach’. Déanaimid achoimre thíos ar na comhfhreagairtí ar na trí cheist ach leagann béim ar theorainneacha an chleachtadh cumarsáide seo – ní nascadh simplí torthaí idir dhá snáithe an phróisis chomhairliúcháin, ach achoimre leathan ar na príomhthéamaí. Cén fhís atá agat d’Éirinn? Tá fís daoine óga d’Éirinn thar a bheith dearfach. Feiceann siad rompu Éire muiníneach tuata le sárchórais oideachais, sláinte, tacaíochta sóisialta; Éire ar féidir leo a bheith bródúil aisti ar an stáitse domhanda; áit a bhfuil meas ar na healaíona, ar chultúr, oidhreacht agus an Ghaeilge. Feiceann siad rompu áit a bhfuil ardleibhéil chomhoibríochta agus comhtháthaithe sóisialta agus pobail, áit a dtugtar cúram agus tacaíocht do dhaoine leochaileacha, áit a bhfuil meas ar chearta daonna; áit ina bhfuil glacadh le agus tuiscint do gach saoránach agus cultúr, gan aird ar chine, reiligiún nó gnéaschlaonadh. Áirítear sa bhfís freisin rathúnas eacnamaíoch, cultúr fiontraíoch agus deis oideachais agus fostaíochta do chách, áit inar féidir le daoine óga dlúth-thodhchaí a bheith acu, saor ó bhagairt na heisimirce éigeantaí agus ualach mórfhiachais shóisialaithe. Beidh meas ar bhia, ar cheirdeanna agus ar tháirgí na hÉireann agus tabharfar aitheantas go hidirnáisiúnta dóibh. Tá tuiscint ‘d’Éireannachas’, d’aitheantas ealaíne, teangeolaíochta, stairiúla agus cultúrtha uathúil a bheith ag duine, tábhachtach. Do chuid acu, bhí caidreamh níos dlúithe idir Éire agus Tuaisceart Éireann san áireamh sa bhfís. Céard is gá a tharlú chun d’fhís a fhíorú? Iarradh ar dhaoine óga na hathruithe a theastaíonn leis an Éire a fheiceann siad rompu a thabhairt i gcrích a shainaithint. Chuir a lán béim ar athchóiriú polaitíochta mar riachtanas do dhul chun cinn agus don fhorbairt. Thagair formhór na n-aighneachtaí do pholaitíocht náisiúnta in ionad áitiúil. Bhí braistint láidir go raibh neamhinniúlacht i measc polaiteoirí comhaimseartha. Thug a lán le fios go raibh sé riachtanach go mbeadh daoine óga ar an eolas níos fearr agus go mbeidís níos gafa leis an bpróiseas polaitíochta. Dúradh go forleathan go bhfuil freagracht ar dhaoine óga iad féin a bheith rannpháirteach agus a nglórtha a chur in iúl. Bíonn smaointe maithe ag daoine óga ar féidir leo a sholáthar, ach samhlaítear steiréiotíopa díobh sna meáin go tipiciúil mar anabaí agus mífhreagrach. Caithfidh daoine
72
óga dúshlán na steiréitíopaí seo a thabhairt agus na nithe dearfacha go léir atá le tairiscint acu a léiriú. Mhol a lán go dteastaíonn cumarsáid níos fearr idir polaiteoirí agus daoine óga, mar shampla úsáid á baint as na meáin shóisialta. Bhí tuairim láidir ann go bhfuil gá le fóram struchtúrtha áit ar féidir glór na hóige a chur chun cinn, a spreagadh agus a chothú. Mhol roinnt mhaith rannpháirtithe an tionscnamh An Óige agus an tÉireannachas, agus d’éiligh go mbeadh tionscnaimh gaolmhara eile ann leis an bpróiseas a chur chun cinn tuilleadh. Teastaíonn leasú dlíthiúil chun sochaí níos cothroime a chruthú agus cearta an phobail Leispiach, Aerach, Déghnéasach, Trasinscneach mar shampla a chosaint agus iad siúd a bhfuil saoránacht Éireannach á lorg acu. Cuireadh luach ard ar oideachas agus Chonacthas do dhaoine óga gur tosaíocht é leasú ar chuid mhór codanna den chóras oideachais. Meastar go háirithe nach bhfuil an córas dara leibhéil ‘oiriúnach don fheidhm’ toisc nach n-ullmhaíonn sé daoine don saoránacht ghníomhach agus go gcuireann sé béim rómhór ar thacar cúng scileanna a theastaíonn le cruthú go maith i scrúdú reatha na hArdteistiméireachta. Is éard a theastaíonn go gcuirtear oideachas ar mhic léinn sna scileanna saoil, le bheith ina saoránaigh mhaithe, aigne oscailte a bheith acu, iad cruthaitheach agus ar a gcumas smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh. Ba cheart ómós don éagsúlacht a mhúineadh. Féadfaidh athruithe ar oideachas tionchar a bheith acu ar athchóiriú polaitíochta trí bhéim níos mó ar oideachas CSPE, ar pholaitíocht agus ar ghnóthaí poiblí. Cuideoidh múineadh scileanna fiontraíocha ón mbunscoil chun daoine óga a ullmhú don todhchaí. Ba chóir go mbeadh rochtain ar an Tríú Leibhéal ar fáil do chách agus ba chóir tacaíochtaí a chur ar fáil dóibh siúd go dteastaíonn siad uathu. Ba chóir don Stát fostaíocht céimithe a éascú trí shocrúcháin agus intéirneachtaí más gá. Ní mór an geilleagar a spreagadh, béim ar chruthú jabanna agus caithfimid leas agus cosaint shóisialach a chomhtháthú níos dlúithe le cuimsitheacht, cultúr na fiontraíochta agus dlúthpháirtíocht shóisialach. Tá cumas fáis suntasach sna tionscail chruthaitheacha, lena n-áirítear na healaíona, drámaíocht, ceol, damhsa agus scannán agus ba chóir leas a bhaint as cruthaitheacht nádúrtha mhuintir na hÉireann le mol cultúrtha domhanda a chruthú. Tugadh le tuiscint go gcuirfeadh comhroghanna don sóisialú a raibh alcól lárnach ann an tsláinte chun cinn agus go laghdódh sé na fadhbanna sóisialta agus sláinte a bhuaileann líon rómhór daoine óga. Teastaíonn gníomhaíocht níos mó i gcur chun cinn teachtaireachtaí sláinte do dhaoine óga faoin dochar agus faoi na dáinséir a bhaineann le húsáid alcóil. Is gá don tseirbhís sláinte seirbhísí aois-
73
oiriúnacha agus luath-idirghabhála a chur ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar mheabhairshláinte agus ar fhéinmharú na hóige. Mhol roinnt daoine óga ceiliúradh ar an Éireannachas, lá náisiúnta ina bhféadfaí sár thaispeántas a dhéanamh ar bhia, cultúr, teanga, ceol, spórt agus damhsa na hÉireann in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Is cuid dár ‘nÉireannachas’ an Ghaeilge, ach moladh gur ghá í a úsáid i gcúinsí níos laethúla. Níl an oideolaíocht éigeantais reatha i scoileanna éifeachtach agus d’fhéadfadh go bhfuil sé fritorthúil. Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís seo a fhíorú? Chonaic daoine óga cuid mhaith deiseanna chun athrú a chur i bhfeidhm, ag tosú leo féin agus lena neasteaghlaigh/pobail agus ag leathnú amach uaidh sin. Ba í an fhreagairt ábhalmhór ‘bí rannpháirteach, bí ar an eolas, bí gníomhach’. I bhfocail rannpháirtí amháin
“Is mian liom mo ghlúin agus an ceann ina dhiaidh a fheiceáil ag éirí óna ríomhairí glúine agus a gcuid ipad agus ag dul amach ar an tsráid ag agóid faoin gcostas maireachtála, costas an chíosa, ag tacú le dínit na n-easlán, na mbocht agus daoine gan oideachas mar a rinne bunaitheoirí na tíre seo ar theastaigh uathu go siúlfadh daoine go saor, go gcuirfí oideachas go héasca orthu agus go gcleachtóidís a gcreideamh go héasca”.
Chuir cuid mhór an bhéim ar an ngá dul isteach in eagraíochtaí, mar Chumann na Mac Léinn, grúpaí óige agus grúpaí tathanta. Thagair cuid mhaith don fhiúntas a bhain leis an bhfeachtas An Óige agus an tÉireannachas agus a mian go leanfaí de agus go ndéanfaí é a fhorbairt ina deis níos leithne ina gcloisfí glórtha daoine óga, agus go dtiocfadh fíorghníomh mar thoradh air. Chonacthas do roinnt mhaith daoine óga gur bealach é an obair dheonach chun luachanna pobail a chur chun cinn, chun cuidiú leo siúd nach raibh chomh hámharach, agus le bealach a ghabháil i dtreo gnímh nithiúla don athrú dearfach. Cuireadh béim ar an tábhacht a bhain le gach vóta a úsáid ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus AE. Labhair roinnt mhaith rannpháirtithe ar an riachtanas troid in aghaidh na fuarchúise faoi pholaitíocht/ sochaí i measc daoine óga, chun seanmheon an éagaointe a chaitheamh ar shiúl, agus gan tada a dhéanamh. Chuir roinnt mhaith daoine óga béim ar an tábhacht a bhain le ‘bheith dearfach’, le leas a bhaint as ár ‘spiorad gur féidir é a dhéanamh’ agus ‘bheith mórtasach as an tír’.
74
Glórtha Easaontacha Cé go raibh toin na n-aighneachtaí thar a bheith dearfach ar an iomlán, ní mian linn mionlach na nglórtha a bhí diúltach agus criticiúil a fhágáil as an áireamh. Bhí roinnt aighneachtaí ciniciúil, mar shampla:
Cén Fhís atá agat d’Éirinn? “Ba chóir dúinn vótáil go ndéanfaí ionradh orainn toisc gur cruthaíodh gan aon amhras nach féidir leis an tír seo í féin a reáchtáil.
Céard is Féidir leatsa agus le Daoine Óga Eile a Dhéanamh chun an Fhís seo a Fhíorú? “Dul ar Eisimirce”.
Bhí claonadh na comhcheiligthe i gcuid acu:
“Chomh fada agus a thuigimse tá an dól againn anseo chun dallamullóg a chur ar an lucht oibre le go síneoidh siad gach mí á rá gur eintiteas dlíthiúil iad agus go gcoinneofar gafa sa chóras iad. Agus tá mé cinnte go bhfuil fhios agat féin nach mbíonn mórán smacht ag an Uachtarán, ag an Taoiseach etc. ar an tír chor ar bith! Tá tionchar na gcumann rúnda le brath i ngach áit!”
Bhí cuid eile callánach
“Cén fáth go bhfuil Uachtarán againn, níl ann ach ainm Uachtaráin, ba cheart dó dul agus athruithe a chur i gcríoch mar cheannaire na tíre agus gan máistreacht a bheith á imirt air ag a ghiollaí”.
“Ba mhaith liom go ndéanfaí leasú ar an liúntas tuismitheora aonair, sochar leanaí, liúntas cíosa, tithíocht, go ndéanfaí leasú orthu sin go léir. Tá daoine amuigh ansin a mbíonn leanaí acu mar gur féidir leo níos lú ná 25 uair a chloig oibre a dhéanamh in aghaidh na seachtaine, daoine a bhfuil i bhfad níos mó ina bpócaí acu ná mar atá agamsa a oibríonn 35 uair a chloig in aghaidh na seachtaine, a thiomáineann ar feadh 15 uair a chloig in aghaidh na seachtaine agus a ghearrtar cáin ag 21% air agus nach bhfaigheann liúntas ar bith !!!!!!!!!!!!!!!!!!”
75
“Ar chuimhnigh tú ariamh ar ghearradh siar ar an dól (gearradh siar ceart) agus má dhéanann siad gearán abair leo dul agus jab a fháil. Éirigh as a bheith ag íoc daoine le suí thart ar a dtóin ar feadh an lae, ná bíodh sé ró-éasca acu, agus éirigh as a bheith ag cur iallach ar dhaoine féinfhostaithe a íocann cáin ar feadh a saoil iad féin a mharú le pinsean a fháil”.
Chuir comhéadan teicneolaíochta an phróisis chomhairliúcháin isteach go mór ar chuid acu:
“Chaith mé tamall ag déanamh achoimre ar mo chuid smaointe – rud a bhí riachtanach agus tábhachtach – iad achomair le dul isteach sna boscaí seo, ach d’fhág mé líne de “Mo Sheoladh” ar lár, rud a chiallaigh nuair a chliceáil mé ar “Téigh siar” gur glanadh gach a raibh scríofa agam. Cén chiall atá leis sin? Ní smaoineamh maith é chor ar bith. Más é sin an chaoi a n-oibríonn an láithreán gréasáin seo ní mise an t-aon duine amháin a bheidh thíos leis. Cuireadh a lán ama amú ar a lán daoine, tusa san áireamh. Ba chóir go mbeadh bosca ar na láithreáin ghréasáin seo “nóta tráchta don stiúrthóir gréasáin” sa chaoi go gcuirtear an teachtaireacht chuig an duine ceart. Focal don Uachtarán féin: Jab an-mhaith go dtí seo”.
Agus ar deireadh bhí líon beag freagraí frith-inimirce:
“Faigh réidh leis na heachtrannaigh go léir atá ina gcónaí anseo ar chostas an stáit, déan mar a rinne tíortha eile i gcónaí, mar Dubai. Tabhair orthu dul abhaile agus dul ag obair ansin”.
Conclúid Léiríonn an tuarascáil seo torthaí dhá shnáithe de chomhairliúchán óige an Uachtaráin Mícheál D. O hUiginn le daoine idir 17-26 bliain d’aois, An Óige agus an tÉireannachas. Is í seo an chéad uair a ndearnadh comhairliúchán leis an aois ghrúpa seo in Éirinn. Bhí iomlán 7775 duine óg bainteach leis an bpróiseas. Níl an sampla ionadaíoch go heolaíoch agus tá neamhláithreacht cohórt áirithe suntasach (an Diaspóra Éireannach agus freagróirí ó Thuaisceart Éireann mar shampla). Bhí na haighneachtaí dearfach ó thaobh toin de ghnáth. Bhí glaoch láidir ar athchóiriú polaitíochta, oideachais agus eacnamaíochta. Bhí mian láidir freisin go gcloisfí glórtha daoine óga agus mian go mbeadh fóram ann ina bhféadfaí dearcthaí agus tuairimí daoine óga a chur ar aghaidh isteach sa bhforas polaitiúil. Ar deireadh bhí toilteanas láidir ann a ‘bheith gníomhach, bheith ar an eolas, a bheith bainteach’; obair dheonach a dhéanamh agus tús a chur le próiseas an athraithe trí ghníomhartha an duine féin ina neastheaghlach agus ina phobal féin.
76
AGUISÍN A: MODHEOLAÍOCHT Ba í aidhm fhoriomlán An Óige agus an tÉireannachas daoine óga a chur ag gabháil do ‘cheannas a ghlacadh ar an athrú’, iad ag teacht chun a bheith ina bpáirt ghníomhach de mhúnlú na hÉireann don todhchaí. Chuir an comhairliúchán roimhe ‘daoine óga a ghríosadh chun a bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus mheabhracha in Éirinn an lae inniu agus chun tacú leo mar cheann de na foinsí críonnachta i réiteach na saincheisteanna lárnacha cultúrtha, polaitíochta, eacnamaíochta agus sóisialta atá roimh Éirinn amach’ (Áras an Uachtaráin, 2012, lch. 26). Agus seo á dhéanamh rinne An Óige agus an tÉireannachas iarracht: •
‘Cainéil rannpháirtíochta do dhaoine óga a oscailt agus iad a dhéanamh rannpháirteach sa phlé agus sa díospóireacht náisiúnta faoin gcineál tíre atá againn, faoin gcineál poblachta ar mian linn a chruthú agus faoin gcaoi ar féidir é seo a bhaint amach
•
Bunréitigh inréadaithe, íogaire, treoraithe ag an óige, a aithint, a chur chun cinn agus a cheiliúradh
•
Cluas le héisteacht a thabhairt do dhaoine óga agus a dtuairimí a lorg faoi na deacrachtaí atá ag daoine óga ó chúlraí éagsúla mar dhaoine óga agus mar dhaoine Éireannacha sa lá atá inniu ann’ (Áras an Uachtaráin, 2012, lch. 3).
Leis an méid seo a bhaint amach chuaigh an tionscnamh An Óige agus an tÉireannachas i gcomhairle le daoine óga idir 25 Bealtaine 2012 agus 29 Meán Fómhair 2012 chun a dtuairimí agus a moltaí a fháil maidir le trí phríomhcheist: •
Cén fhís atá agat d’Éirinn?
•
Céard is ga a tharlú chun d’fhís a fhíorú?
•
Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís seo a fhíorú?
Áras an Uachtaráin, (2012). Being Young and Irish Brochure (leagan Béarla). Fuarthas ar 25 Bealtaine 2012 ó www. president.ie 6
77
Bhí dhá phríomhchéim sa phróiseas comhairliúcháin tosaigh. Bhí comhairliúchán ilmheáin i gceist i gCéim 1 inar lorgaíodh aighneachtaí i bhfoirmeacha éagsúla lena n-áirítear téacs, fuaim agus fís. Bhí caidreamh duine le duine i gceist i gCéim 2 trí cheithre cheardlann réigiúnacha a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Muineachán agus i nGaillimh. I gCéim 1, d’fhéadfaí aighneachtaí a dhéanamh ar fhoirm tiomanta ar líne (féach Aguisín A) a cuireadh ar láithreán gréasáin an Uachtaráin (www.president.ie); ar ríomhphost; nó sa bpost. Bhí raon na bhformáidí aighneachta a d’fhéadfadh a bheith i gceist dírithe ar dhaoine óga a chumasú chun iad féin a chur in iúl ar an mbealach ab éasca dóibh. I gCéim 2, tugadh cuireadh do dhaoine óga freastal ar cheardlanna réigiúnacha lae lena dtuairimí a roinnt faoina gcuid smaointe ar athrú. D’fhreastail an tUachtarán ar gach ceardlann réigiúnach. D’fhreastail foireann taighdeoirí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar na seimineáir seo freisin agus chuir aschuir an tseimineáir le chéile ina dhiaidh sin mar aon leis na príomhthéamaí a tháinig chun cinn óna n-anailís ar na haighneachtaí. Cuirtear na torthaí i láthair sa tuarascáil reatha. Ar thabhairt chun críche an phróisis chomhairliúcháin déanfaidh an tUachtarán an Seimineár Uachtaránachta náisiúnta (17 Samhain 2012) a thacóidh na tuairimí agus na moltaí a cuireadh chun cinn trí na haighneachtaí agus na ceardlanna réigiúnacha leis . Ag an bpointe seo beidh an deis ag daoine óga a bhfís agus a moltaí chun athraithe a chur i láthair polaiteoirí sinsearacha agus lucht déanta beartas eile. Déanfar daoine óga ag an seimineár náisiúnta seo a éascú chun dearbhú ar a bhfís do thodhchaí na hÉireann a chur ar fáil, ag tarraingt ar thorthaí an phróisis chomhairliúcháin. Tá sé lárnach d’fhís An Óige agus an tÉireannachas nach bhfuil deireadh leis an bpróiseas ansin ach go gcuirtear moltaí do ghníomh agus don athrú ar aghaidh chucu siúd atá sa riocht gur féidir leo iad a chur i gcrích.
Céim 1: Comhairliúchán Ilmheán Ba é an comhairliúchán ilmheán an chéad chéim de phróiseas comhairliúcháin An Óige agus an tÉireannachas agus reáchtáladh í idir 25 Bealtaine 2012 agus 29 Meán Fómhair 2012. Sampla Bhí an comhairliúchán oscailte d’aon duine óg in aois a 17 go 26 bliain d’aois a raibh suim aige/aici i dtodhchaí na hÉireann a mhúnlú; níor ghá go mbeadh duine ina shaoránach Éireannach, a bheith ina chónaí in Éirinn nó náisiúnachas Éireannach a bheith aige/aici le bheith rannpháirteach.
78
Cuireadh feachtas feasachta dírithe i bhfeidhm chun rochtain a fháil ar an oiread daoine óga agus ab fhéidir. Mar chuid den fheachtas seo cuireadh fógraí ar láithreáin ghréasáin a bhí dírithe ar an óige (mar Entertainment.ie; agus Spunout.ie); rinneadh craoltaí raidió ar raidió náisiúnta agus ar stáisiúin raidió dírithe ar an óige (mar Spin, iRadio, Red FM, agus Beat); cuireadh fógraí clóite agus gné-ailt isteach i nuachtáin (mar an Irish Times); agus cuireadh póstaeir agus fógráin amach sa phost go dtí eagraíochtaí óige. Anuas air seo bunaíodh leathanach Facebook An Óige agus an tÉireannachas chun an tionscnamh a chur chun cinn agus chun sárthaispeántas a thabhairt do smaointe, moltaí agus d’aiseolas ó na ceardlanna réigiúnacha. Bhí bróisiúr ar An Óige agus an tÉireannachas ar fáil i mBéarla, i nGaeilge agus ar fhormáid a bhí éasca le léamh trí láithreán gréasáin an Uachtaráin. Rinneadh teagmháil le heagraíochtaí bainteach le hÉireannaigh thar lear (mar an CLG) chun rochtain a fháil ar an Diaspóra Éireannach, agus foilsíodh gné-ailt san Huffington Post. Eitic D’fhaomhaigh Coiste Eitice Taighde Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath modheolaíocht an tionscnaimh An Óige agus an tÉireannachas. Ar láithreán gréasáin na n-aighneachtaí d’fhógair fógra feiceálach ‘Tuigim gur féidir go bhfoilseofaí agus/nó go gcraolfaí m’aighneacht agus trína cur isteach tá cead sainráite á thabhairt agam go mbainfí athúsáid as m’ábhar (Cinntítear d’anaithnideacht i bhfoilsiú nó i nochtadh poiblí an ábhair seo)”. Bhí ar rannpháirtithe ‘tic a chur i mbosca’ chun imeacht ar aghaidh ón bhfógra seo. Iarradh ar rannpháirtithe freisin ainm, inscne, seoladh poist, seoladh ríomhphoist agus dáta breithe a chur ar fáil. Achoimre na n-aighneachtaí a fuarthas Fuarthas iomlán 439 aighneacht aonair ó dhaoine óga idir 17 agus 26 bliain d’aois idir Bealtaine 2012 agus Meán Fómhair 2012. Fuarthas sé aighneacht ghrúpa breise (níor tuairiscíodh aois agus inscne rannpháirtithe grúpa i gcónaí rud a fhágann nach bhfuil siad san áireamh sna figiúirí thíos.) Mar a léirítear i bhFíor A1, b’ionann 50% [220] d’aighneachtaí aonair agus aighneachtaí baineann, b’aighneachtaí fireann 47.5% [208], agus níor sonraíodh an inscne do 2.5% [11].
79
Inscne daoine óga (n=439)
Neamhshonraithe, 11, 3%
Fireann, 208, 47%
Baineann, 220, 50%
n Baineann n Fireann n Neamhshonraithe Fíor A1: Dáileadh inscne daoine óga a rinne aighneachtaí aonair do An Óige agus an tÉireannachas (n=439) Is daoine óga naoi mbliana déag is minice a raibh ionadaíocht acu (17%) [74], daoine 18 bliain ina dhiaidh sin (14.5%) [64] agus daoine 20 bliain d’aois (14%) [61], agus an líon is lú aighneachtaí ag teacht uathu sin in aois a 26 bliain d’aois (3.5%) [15]. Léirítear dáileadh aoise na ndaoine óga a rinne aighneachtaí i bhFíor A2.
Dáileadh aoise daoine óga (n=439) 80
74
An líon daoine
70
64
61
60 50 40
44 35
41
41
36 28
30
15
20 10 0
17
18
19
20
21 22 Aois
23
24
25
26
Fíor A2: Dáileadh aoise daoine óga a rinne aighneachtaí aonair do An Óige agus an tÉireannachas (n=439)
80
Laistigh d’Éirinn ba dóiche gur tháinig freagróirí ó Bhaile Átha Cliath (101) [23%], Corcaigh ina dhiaidh sin (55) [12.5%] ná ó aon chontae eile in Éirinn. Léirítear céatadán freagróirí in aghaidh an réigiúin in Éirinn i bhFíor 3A. Mar a fheictear tháinig 42% (185) ó Chúige Laighean7; 36% (158) ó Chúige Mumhan; 14% (62) ó Chúige Chonnacht; agus 6% (26) ó Chúige Uladh. Tá briseadh síos mionsonraithe in aghaidh an chontae ar fáil in aguisín B.
Céatadán d’fhreagróirí óga laistigh d’Éirinn in aghaidh an chúige (n=437)
Anaithnid, 6, 2%
Cúige Connacht, 62, 14% n Cúige Laighean n Cúige Mumhan n Cúige Connacht n Cúige Uladh n Anaithnid
Cúige Uladh, 26, 6%
Cúige Mumhan, 158, 36%
Cúige Laighean, 185, 42%
Fíor A3: Céatadán d’fhreagróirí An Óige agus an tÉireannachas laistigh d’Éirinn de réir an réigiúin. Áirítear anseo aighneachtaí grúpa agus ní shroicheann an líon iomlán (N) de 439 mar nach bhfuil freagróirí ‘lasmuigh d’Éirinn’ san áireamh
Thuairisc ocht nduine óga go raibh cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn [An Astráil (1), An Bheilg (1), an tSín (1), an India (1) agus an Ríocht Aontaithe (4)].
Laighean: Ceatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfort, Lú, An Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Loch Garman, agus Cill Mhantáin. An Mhumhain: An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann, agus Port Láirge. Connachta: Gaillimh, Liatroim, Maigh Eo, Sligeach, agus Ros Comáin. Ulaidh: Aontroim, Ard Mhacha, an Cabhán, Doire, Dún na nGall, an Dún, Fear Manach, Muineachán agus Tír Eoghain. 7
81
B’ionann agus 681 líon iomlán na n-aighneachtaí a fuarthas, a rinne 664 duine aonair agus grúpaí/ eagraíochtaí a rinne ionadaíocht thar ceann daoine óga8. Fágadh aighneachtaí ó 219 duine aonair (33%) as an áireamh san anailís seo toisc gur tháinig siad ó dhéagóirí níos óige, ó dhaoine fásta níos sine agus uathu sin nár nocht a n-aoiseanna. Léirítear miondealú ar fhreagróirí de réir céatadáin laistigh agus lasmuigh den sprioc-raon aoise (17-26 bliain) i bhFíor A4.
Céatadán d’fhreagróirí laistigh agus lasmuigh den sprioc-raon aoise 17-26 bliain (n=664)
6, 1%
75, 12%
112, 18% n Laistigh den raon aoise (17-26 bliain) n Thar aois >26 n Faoi ais <17 n Ní bhaineann*
439, 69%
Fíor A4: Céatadán d’fhreagróirí laistigh agus lasmuigh den sprioc-raon aoise 17-26 bliain (N=664). *Tagraíonn ní bhaineann le hábhar d’aighneachtaí ó ghrúpaí/eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann daoine óga.
Mar a fheictear i bhFíor A5, rinne 112 duine aonair (18%) thar an aois 26 bliain, aighneacht. Is na daoine sa chatagóir aoise 27-30 ba mhinice a léiríodh ina measc (36%) [40].
Rinne roinnt daoine aonair il-aighneachtaí. Rinne sé ghrúpa/eagraíocht a dhéanann ionadaíocht thar ceann daoine óga aighneachtaí. 8
82
Fíor A5: Dáileadh aoise iad siúd thar an sprioc-raon aoise a rinne aighneachtaí do An Óige agus an tÉireannachas (n=112)
DÁILEADH aoise daoine aonair thar aois (n=112) 40
40
Líon na ndaoine
35 30
25
25 20 15
12
14 9
10
4
5 0
7 1
0
0
27-30 31-35 36-40 41-45 46-50 51-55 56-60 61-65 66-70 70+
Raon Aoise San iomlán rinne 75 duine aonair (11%) faoi aois a 17 aighneachtaí do An Óige agus an tÉireannachas. Ina measc siúd ba iad siúd in aois a 16 ba mhinice ionadaíochta (25) [33.3%]. Léiríonn Fíor A6 dáileadh aoise an ghrúpa seo.
Dáileadh aoise daoine aonair faoi bhun aoise (n=75) 25
25
Líon na ndaoine
20 15 10 5 0
14
14
13 Aois
14
13
7 2 <10
0 11
12
15
16
Fíor A6: Dáileadh aoise iad siúd faoi bhun an sprioc-raon aoise a rinne aighneachtaí do An Óige agus an tÉireannachas (n=75)
83
Níor nocht cúig faoin gcéad (32) díobh siúd a rinne aighneachtaí do An Óige agus an tÉireannachas a n-aois. Thuairisc 11 díobh siúd lasmuigh den sprioc-raon aoise go raibh cónaí orthu lasmuigh d’Éirinn [An Fhrainc (3), an Iodáil (1), an tSeapáin (2), an Ríocht Aontaithe (2), agus na Stáit Aontaithe (3)]. Anailís ar na sonraí Fuarthas aighneachtaí i raon formáidí lena n-áirítear téacs, fuaim agus fís. Uaslódáladh téacs iomlán gach aighneachta go NVivo (leagan. 10), pacáiste bogearraí a úsáideadh chun cuidiú le hanailís cháilíochtúil sonraí. Léadh gach iontráil go cúramach agus ‘códaíodh’ í, faoinar tugadh ar aird na príomhthopaicí/téamaí a ardaíodh san aighneacht. Bhí roinnt aighneachtaí gearr agus dhírigh isteach ar shaincheist aonair, cé go raibh cinn eile fada go maith agus leag béim ar raon topaicí. D’oibrigh anailísithe ina mbeirteanna agus rinne tagairt rialta d’obair an duine eile chun a chinntiú, chomh fada agus ab fhéidir, go raibh tuiscint roinnte ar chodanna á cur i bhfeidhm. Ghin an próiseas seo 173 cód. Ar ndóigh, bhí cosúlachtaí agus forluiteacha sna téamaí. Mar shampla, tháinig ‘Oideachas’ chun cinn mar théama ceannasach, agus aighneachtaí ar fud an speictrim ón mbunoideachas, oideachas dara leibhéal, oideachas saoránach, breisoideachais, oideachas tríú leibhéal, táillí coláiste agus mar sin de. Ba í an chéad chéim eile an 173 cód a bhriseadh anuas ar na príomhthéamaí. Rinne an grúpa iomlán é seo agus b’éigean comóntachtaí a aimsiú thar na cóid le 11 príomhthéama a shainaithint. Is iad seo a leanas iad: 1.
Fís (232 foinse, i.e., a luadh i 232 aighneacht)
2.
Fostaíocht, Fiontraíocht, Slándáil Shóisialach, Imní faoin nGeilleagar (174)
3.
Athchóiriú polaitíochta (163)
4.
Oideachas (162)
5.
Comhionannas (122)
6.
Rannpháirtíocht na hÓige (106)
7.
Moltaí [le haghaidh gnímh] (105)
8.
Staid na Dearfachta (89)
84
9.
Sláinte (82)
10.
An Pobal agus an tSochaí Shibhialta (74)
11.
Féiniúlacht Éireannach (52)
Aithníodh roinnt mhaith miontéamaí eile ach d’airíomar gur chuimsigh an rogha thuas na téamaí ceannasacha sna haighneachtaí. Mar a fheictear ón liosta seo, ní féidir na haighneachtaí a rangú go néata don trí cheist atá i gcroílár an chomhairliúcháin. (1. Cén fhís atá agat d’Éirinn? 2. Céard is gá a tharlú chun d’fhís a fhíorú? 3. Céard is féidir leatsa agus le daoine óga eile a dhéanamh chun an fhís seo a fhíorú?). Tharla sé seo toisc nár chloígh aighneachtaí leis an struchtúr seo. Mar sin, mar shampla, ba ‘Fís’ an téama ceannasach sna haighneachtaí (ní nach ionadh ag cur na ceisteanna a cuireadh san áireamh), agus go minic bhí gnéithe de théamaí eile iontu seo bainteach, mar shampla, le hoideachas nó sláinte. Tá anailís théamach de na haighneachtaí go léir a fuarthas ar fáil i gCaibidil 2 den tuarascáil seo.
Céin 2: Ceardlanna Réigiúnacha Tionóladh ceithre Cheardlann Réigiúnacha i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Muineachán agus i nGaillimh ar cheithre Shatharn as a chéile i Meán Fómhair 2012. Tá cur síos ar an bpróiseas agus ar an gclár do na ceithre Cheardlann Réigiúnacha sin anseo thíos. Rannpháirtíocht i gceardlanna réigiúnacha An Óige agus an tÉireannachas a spreagadh Agus iarracht á dhéanamh go mbeadh Ceardlanna Réigiúnacha an Óige agus an tÉireannachas chomh inrochtaine agus ab fhéidir, bhí glaoch oscailte ar rannpháirtithe gan aon chritéir cháilíochta shonracha don rannpháirtíocht. Iarradh ar rannpháirtithe foirm an-simplí a bhí ar fáil mar chuid de bhileog eolais nó ar líne, a chomhlánú agus a chur isteach. Roghnaíodh na rannpháirtithe go randamach anseo agus cothromaíocht aoise, geografaigh agus inscne á cinntiú i ngach Ceardlann Réigiúnach. Cuireadh fiche faoin gcéad d’áiteanna in áirithe freisin do dhaoine óga nach gcloistear a nglórtha rómhinic. Anuas ar sheoladh An Óige agus an tÉireannachas, a raibh ionadaithe ó 27 eagraíocht i láthair aige, cuireadh bileog eolais le mionsonraithe faoin gcaoi le cur isteach ar rannpháirtíocht sna Ceardlanna Réigiúnacha chuig scoileanna, cumainn mac léinn, eagraíochtaí óige, oifigí ógtheagmhála, caifí óige, oifigí leasa shóisialaigh agus oifigí áitiúla an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Iarradh ar gach Uachtarán Ollscoile agus Institiúid Teicneolaíochta ríomhphost domhanda a chur chuig a gcomhlachtaí
85
mac léinn agus alumni le heolas faoin dtionscnamh agus rinne cuid acu dá réir. Fuair an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála tacaíocht Ambasáidí na hÉireann chomh maith le cumarsáid a dhéanamh le daoine óga thar lear faoin tionscnamh. Cuireadh eolas chuig na Gaelscoileanna go léir sna 32 contae, agus chuaigh oibrithe deonacha Gaisce i dteagmháil le scoileanna Béarla ar fud na tíre. Rinneadh iarracht comhbheartaithe daoine óga nach raibh ceangailte le haon eagraíocht a chur san áireamh. Lean glaonna gutháin agus ríomhphoist an bhileog eolais ag spreagadh daoine óga ó gach cineál cúlra agus cumais idir 17 agus 26 bliain d’aois a bheith rannpháirteach. Sa chás go raibh na huimhreacha íseal d’aon chohórt ar leith de dhaoine óga nó d’aon réigiún ar leith, rinneadh tuilleadh glaonna gutháin chuig eagraíochtaí agus teagmhálacha iomchuí ag díriú ar na grúpaí sonracha seo. De bhrí go raibh 20% d’áiteanna i ngach Ceardlann Réigiúnach coinnithe do dhaoine óga nach gcloistí a nglórtha ach go hannamh, dáileadh roinnt áiteanna dá mbaill ar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht thar ceann daoine óga nach gcloistear a nglórtha ach go hannamh. Rinneadh teagmháil le daoine óga den lucht siúil, le hinimircigh, daoine le míchumais fhisiciúla agus intleachta, daoine dífhostaithe, daoine ó chúlraí eacnamaíochta bochta chomh maith le daoine óga ón gclár ‘críochnaithe scoile’ agus tugadh ionadaíocht dóibh ag na Ceardlanna Réigiúnacha. Cuireadh daoine óga in eagraíochtaí dírithe ar mheabhairshláinte mar aon le cainteoirí Gaeilge agus daoine óga ó Thuaisceart Éireann san áireamh freisin agus tugadh ionadaíocht dóibh ag na Ceardlanna Réigiúnacha. Glacadh le hiarratais go dtí an lá roimh an Cheardlann Réigiúnach i ngach ionad. Líon na rannpháirtithe De thoradh ar an iarracht comhbheartaithe rannpháirtíocht éagsúil a spreagadh do na Ceardlanna Réigiúnacha de An Óige agus an tÉireannachas, a luadh thuas, d’fhreastail thart ar 294 rannpháirtí ar na ceithre Cheardlann Réigiúnacha, arbh mná 54% díobh agus fir 46%. Cé go raibh sé i gceist go mbeadh 100 rannpháirtí ag gach Ceardlann Réigiúnach, ar an meán, níor tháinig 23% de líon na rannpháirtithe a bhí cláraithe ar an lá.
86
Tábla A1: Líon agus inscne rannpháirtithe sna Ceardlanna Réigiúnacha IONAD
LÍON NA
BAINEANN
FIREANN
RANNPHÁIRTITHE BAILE ÁTHA CLIATH
75
40
35
CORCAIGH
73
34
39
MUINEACHÁN
72
39
33
GAILLIMH
74
47
27
IOMLÁN
294
160
134
Lóistíocht Tar éis dóibh a bheith roghnaithe, chuaigh an bainisteoir tionscadail i dteagmháil go díreach leis na rannpháirtithe ag cur eolais ar fáil faoi na Ceardlanna Réigiúnacha roimh ré. Roghnaíodh na ceithre hionad chun an inrochtaineacht is mó agus aithne mhaith ar na hionaid a chinntiú do dhaoine óga. Chuige seo reáchtáladh na Ceardlanna Réigiúnacha i gcoláiste IT (Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Campas Shráid Bolton), faiche spóirt de chuid an CLG (Nemo Rangers, Corcaigh) meánscoil (Coláiste Naomh Mhic Cairthinn, Muineachán) agus ollscoil (Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh). D’fheidhmigh Oifig an Uachtaráin beartas iompair phoiblí ach amháin sa chás nach mbeadh daoine in ann taistil ach ar mhodh eile. Cúitíodh costais iompair phoiblí nuair ba ghá. Eitic Tugadh eolas do rannpháirtithe ar ‘eitic an taighde’ roimh gach Ceardlann Réigiúnach agus cuireadh in iúl dóibh go n-iarrfaí orthu ráiteas a shíniú a léireodh gur thuigeadar an t-eolas seo agus iad ag clárú don imeacht. Clár agus modheolaíochtaí Ceapadh clár bunaithe ar chleachtadh píolótach a reáchtáladh le 33 ionadaí óga i Márta leis an aidhm a bheith cruthaitheach, dúshlánach agus tarraingteach do na rannpháirtithe. Ar na modheolaíochtaí áiríodh scamaill focal a gineadh i bhfíor am, seisiúin cheardlainne éascaithe a d’úsáid ábhair a ceapadh go sonrach don tionscnamh, chomh maith le vótáil dhaonlathach ar na torthaí tosaíochta. An Coiste Eitice Taighde ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a cheadaigh an mhodheolaíocht don chomhairliúchán. Baineadh úsáid freisin as roinnt gníomhaíochtaí chun plé le rannpháirtithe i rith bristeacha agus spreagadh rannpháirtithe a dtaithí sa cheardlann réigiúnach a roinnt trí líonraí sóisialta mar Twitter agus Facebook. Bhí físghrafadóir ar an láthair leis an imeacht a thaifeadadh agus
87
agallaimh a dhéanamh leis na rannpháirtithe d’fhonn roinnt cártaí poist físe a chruthú chun an imeacht a chur chun cinn agus eispéiris daoine óga a bhí páirteach ann a ghabháil. Pearsanra tacaíochta Thug foireann spreagthach tacaíocht chumasach do na Ceardlanna Réigiúnacha. Chuir eagraíochtaí lena n-áirítear Comhairle Náisiúnta Óige na hÉireann, Foróige, Obair d’Ógra Éireann, Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann, Headstrong agus Cúram don Óige Chaitliceach éascaitheoirí sároilte ar fáil sa chaoi go raibh cóimheas éascaitheoir amháin ar a laghad do gach deichniúr rannpháirtí. Chuir an Gaisce oibrithe deonacha ar fáil chun cuidiú leis na socruithe lóistíochta don imeacht.
88
Aguisín B: Líon na n-aighneachtaí de réir an chontae in Éirinn9 Contae
Líon na bhfreagróirí
Aontroim
3
Ard Mhacha
0
Ceatharlach
4
An Cabhán
13
An Clár
27
Corcaigh
55
Doire
1
Dún na nGall
4
An Dún
1
Baile Átha Cliath
101
Fear Manach
0
Gaillimh
33
Ciarraí
7
Cill Dara
10
Cill Chainnigh
7
Laois
8
Liatroim
4
Luimneach
42
Longfort
3
Lú
11
Maigh Eo
10
An Mhí
11
Muineachán
4
Uíbh Fhailí
8
Ros Comáin
8
Sligeach
7
Tiobraid Árann
18
Tír Eoghain
0
Port Láirge
9
An Iarmhí
4
Loch Garman
7
Cill Mhantáin
11
Anaithnid
6
9 Fuarthas aighneacht ghrúpa amháin a bhailigh tuairimí daoine óga ar fud chontaetha Aontroma, an Dúin, Dhoire, Ard Mhacha, Fhear Manach agus Tír Eoghain; taifeadadh é seo i líon Aontroma mar gur ó Aontroim a seoladh an aighneacht
89