ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
THE PRESIDENT OF IRELAND UACHTARÁN NA hÉIREANN A
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Is Uachtaránacht an chlaochlaithe a bheidh i m’Uachtaránachtsa, ag tabhairt aitheantais don iliomad tionscnamh dearfach atá ar siúl cheana i bpobail, sa gheilleagar agus sna hiarrachtaí aonair agus comhchoiteanna ar fud ár dtíre agus ag tógáil orthu. 11 Samhain 2011
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
CLÁR AN ÁBHAIR Réamhfhocal 04 Áras an Uachtaráin: Áit Fháilteach
06
Comóradh agus Cuimhneamh
12
Ionadaí an Stáit
14
Tionscnaimh Speisialta
19
Ealaín Chomórtha
22
Guth na hÉireann Thar Lear
24
Gnó na hÉireann á Chur Chun Cinn
25
Teagmháil le Diaspóra na hÉireann
27
Togha an Éireannachais á Chothú
29
Deolchaire an Chéid
34
Airgeadas agus Rialachas
35
Amlíne na hUachtaránachta
39
Aguisíní 46
1
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
UIMHREACHA SUNTASACHA 2011-2018
Líon iomlán imeachtaí reáchtáilte in Áras an Uachtaráin
71
Gradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin bronnta
1,407
Imeachtaí a ndearnadh freastal orthu taobh amuigh d’Áras an Uachtaráin
152
Imeachtaí móra spóirt a ndearnadh freastal orthu
2,991
Imeachtaí in Éirinn
1,584
2,452 Teachtaireachtaí “Deolchaire an Chéid” a seoladh
Líon measta na gcuairteoirí ar 140,000 cuireadh fáilte rompu in Áras an Uachtaráin
708 332 209
22
52 1,014 112 387
33 305
Cuairteanna cúirtéise foirmiúla Grúpaí saoránach agus ENRanna ar cuireadh fáilte rompu
Cruinnithe “Airteagal 28” leis an Taoiseach Billí a ndearnadh breithniú orthu agus ar chuir an tUachtarán a lámh leo
44
Searmanais cheapacháin (*)
212
Ambasadóirí Eachtracha creidiúnaithe
64
Searmanais chreidiúnaithe
10
Cuairteanna Stáit ar tugadh fúthu
6
Cuairteanna Stáit óstáilte in Áras an Uachtaráin
31
Tíortha ar tugadh cuairt orthu
Lóin/Dinnéir oifigiúla Fáiltithe (Tae Beag) roimh ghrúpaí saoránach gníomhacha Cóisirí Gairdín Téamúla Aithisc shuntasacha a tugadh Imeachtaí i gcomhair dhiaspóra na hÉireann
(*) Formal appointments, including appointments of Taoiseach, members of Government, Judges, etc
Gradaim Oír Ghaisce bronnta 2
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Cuairt ar Dhaonpháirc Uladh-Mheiriceá. Co. Thír Eoghain, 2018
3
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
RÉAMHFHOCAL Fuair mé tacaíocht san obair seo ní hamháin ón bhfoireann i m'oifig féin agus in Áras an Uachtaráin ach ón iliomad eagras a d’oibrigh liom sna tionscnaimh agus sna himeachtaí éagsúla. Táim fíorbhuíoch as seirbhísí na Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Stáit, amhail Oifig na nOibreacha Poiblí, An Garda Síochána, Óglaigh na hÉireann agus An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Tá méid na tacaíochta sin léirithe sa tuarascáil seo.
Tugann an t-athbhreithniú seo sonraí cuimsitheacha ar mo chlár oibre mar Uachtarán na hÉireann, sa tréimhse ó insealbhaíodh mé ar an 11 Samhain 2011 go dtí deireadh mo théarma ar an 10 Samhain 2018. Cuireann sé i láthair léargas ginearálta sothuigthe ar chuid mhaith de bhuaicphointí na seacht mbliana atá caite, chomh maith le hachoimre ghearr ar an réasúnaíocht faoi bhun an iliomad imeachtaí a reáchtáil mé agus na gcéadta eagras ar thug mé cuireadh dóibh chuig teach cónaithe Uachtarán na hÉireann, Áras an Uachtaráin, mar aitheantas ar bhuíochas ár náisiún as an obair luachmhar atá á déanamh acu.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na daoine agus na heagrais go léir a bhí páirteach sna himeachtaí agus sna tionscnaimh a bhfuil cur síos orthu sa tuarascáil seo, agus gabhaim buíochas le muintir na hÉireann as an iontaoibh a bhí acu asam le linn mo chéad téarma mar Uachtarán na hÉireann.
Agus an t-athbhreithniú seo á fhoilsiú agam, tá súil agam go gcuirfidh sé le trédhearcacht níos fearr agus tuiscint níos iomláine ar obair Uachtarán na hÉireann. Cé go bhfuil cur síos ar ról agus cumhachtaí an Uachtaráin i mBunreacht na hÉireann, agus go bhfuil cuid mhaith de na socruithe a bhaineann leis an Oifig leagtha síos go sonrach sa reachtaíocht, leagann an tuarascáil seo amach comhthéacs chuid mhaith de na himeachtaí a bhíonn ar siúl in Áras an Uachtaráin, agus cúlra mo ghníomhaíochtaí ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Sna seacht mbliana atá caite bhí sé mar aidhm agam Oifig na hUachtaránachta a úsáid chun plé náisiúnta a dhéanamh ar na dúshláin atá romhainn - dúshláin ar an leibhéal aonair, áitiúil, náisiúnta agus domhanda. Trí mo chuid coinní poiblí agus príobháideacha rinne mé iarracht an díospóireacht phoiblí faoi raon leathan ceisteanna a fheabhsú agus a shaibhriú, agus tacaíocht agus spreagadh á dtabhairt agam do spáis chomhroinnte ionas go bhféadfadh muintir na hEireann dul i ngleic leis na fórsaí atá ag múnlú ár sochaí agus iad a athrú ó bhonn.
4
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Plé leis an bPápa Proinsias i Seomra Staidéir an Uachtaráin, in Áras an Uachtaráin, 2018
5
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
ÁRAS AN UACHTARÁIN: ÁIT FHÁILTEACH
Nuair a toghadh sa bhliain 2011 é, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go raibh sé ag tnúth le hUachtaránacht na smaointeoireachta agus an chlaochlaithe a chruthú. Le linn a chéad téarma, bhí sé mar aidhm ag an Uachtarán machnamh agus gníomhú a chur chun cinn maidir le dúshláin chomhaimseartha in Éirinn, san Aontas Eorpach agus ar fud an domhain. stát, féintuilleamaíoch den chuid is mó agus bíonn ról fíorthábhachtach acu inár ndaonlathas. Trí thacú le cúiseanna, díospóireacht phoiblí a fheabhsú agus spáis a chruthú i gcomhair na rannpháirtíochta agus na hionadaíochta ag grúpaí daoine imeallacha, cinntíonn grúpaí saoránach nach iad siúd amháin a bhfuil na hacmhainní acu a gcloisfear a nguth.
“Is Uachtaránacht an chlaochlaithe a bheidh i m’Uachtaránachtsa, ag tabhairt aitheantais don iliomad tionscnamh dearfach atá ar siúl cheana i bpobail, sa gheilleagar agus sna hiarrachtaí aonair agus comhchoiteanna ar fud ár dtíre agus ag tógáil orthu.” Is Uachtaránacht a bheidh inti a dhéanfaidh ár bhféidearthachtaí go léir a cheiliúradh. Déanfaidh sí iarracht cúnamh agus spreagadh a thabhairt don infheistíocht agus do chruthú jabanna, don nuálaíocht agus don smaoineamh úrnua – Uachtaránacht na smaointe – a bheidh oscailte do pharaidímí nua smaointe agus gníomhartha agus a bheidh ag tabhairt aitheantais dóibh.
Bhí sé mar aidhm ag cuid mhaith de na himeachtaí a d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn le seacht mbliana anuas aitheantas a thabhairt do na grúpaí sin agus tacú lena n-iarrachtaí.
Beidh sí ag tnúth le togha na smaointe a chur i bhfeidhm ar mhaithe lenár bpobal iomlán, agus ár bhfeideartheachtaí gan teorainn a fhíorú.” Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011
Trí imeachtaí a óstáil in Áras an Uachtaráin, tá aird tarraingthe ag an Uachtarán ar obair dhaoine agus eagras a bhfuil iarrachtaí á ndéanamh acu chun sinn a thabhairt níos gaire don Fhíor-Phoblacht a bhfuilimid ag tnúth léi agus a léiríonn a gcuid gníomhaíochtaí “na tréithe intinne is fearr agus na hinstinní croí” a theastaíonn chun athrú a dhéanamh sa tsochaí agus sa pholaitíocht. Ó insealbhaíodh in oifig é, tá cuireadh tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn do thart ar 140,000 duine chuig Áras an Uachtaráin. Le linn a chéad téarma, rinne an tUachtarán Ó hUigínn a chion chun béim a chur ar gach cineál tionscnaimh a raibh sé mar aidhm acu an cuimsiú a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus chun tacú leo. Bíonn na tionscnaimh seo de chuid na “sochaí sibhialta” á n-eagrú ag grúpaí daoine ó phobail ar fud oileán na hÉireann. Bíonn siad neamhspleách ar an
Ón mBarr anuas: Fáilte á cur ag an Uachtarán roimh dhaltaí ó Scoil Náisiúnta Bhaile an Chathraigh, 2012 agus roimh na Nuálaithe Sóisialta Óga, 2013
6
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Seasfaidh mé ar son na bpobal cruthaitheach atá ag cur athruithe dearfacha i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil trí aitheantas a thabhairt ar an stáitse náisiúnta dá bhfuil bainte amach acu. Creidim go leagtar bunchloch na fostaíochta inbhuanaithe i dtionscail chruthaitheacha agus go bhfeabhsaítear ár bhforbairt shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta nuair a spreagaimid ceapach síl na cruthaitheachta inár bpobail agus a chinntimid go bhfuil deis ag gach páiste agus duine fásta iad féin a chur in iúl go cruthaitheach. Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011
7
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Fáiltiú speisialta á cur ar fáil do mhná a d’oibrigh in Institiúidí Magdalene, 2018
Tapaíonn an tUachtarán an deis le linn cuid mhór de na himeachtaí poiblí a ndéanann sé freastal orthu fís agus téamaí a Uachtaránachta a chur in iúl agus aird a dhíriú ar na ceisteanna agus na fadhbanna atá tábhachtach inár saol comhroinnte mar shaoránaigh. Trí bhíthin a óráidí, cuireann an tUachtarán leis an dioscúrsa poiblí agus spreagann sé smaointe nua chun todhchaí na hÉireann a mhúnlú. Is é bunaidhm óráidí an Uachtaráin caighdeán agus réimse na díospóireachta poiblí a fheabhsú, agus tugann sé ceannaireacht intleachtúil le cuidiú le daoine dúshláin na tuairimíochta atá faoi chuid mhaith dá bhfuil á dhéanamh agus á rá againn a thabhairt. Tá béim curtha ag an Uachtarán ar an tábhacht a bhaineann le gach duine a chumasú chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht phoiblí trí rochtain níos leithne ar an oideachas agus ar thuiscint na heacnamaíochta a bheith acu agus trí mhúineadh na fealsúnachta sna scoileanna a chur chun cinn. Foilsítear na hóráidí go léir ar shuíomh gréasáin Áras an Uachtaráin www.president.ie agus ar na meáin shóisialta.
Lig Éire síos thú. Nuair a bhí tú leochaileach agus tacaíocht ó shochaí na hÉireann agus a hinstitiúidí ag teastáil uait, níor thug na húdaráis dóchas duit, níor chosain siad thú, ní raibh meas acu ar do dhínit, níor shásaigh siad do riachtanais agus bhí go leor sa tsochaí i gclaonpháirt lena dtost . Aitheasc do mhná a d’oibrigh in Institiúidí Magdalene, 5 Meitheamh 2018
8
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Cóisir Gairdín Lá an Phobail (Thuaidh-Theas), 2015
Cóisirí Gairdín
an chéad uair a bailíodh le chéile na daoine sin a tháinig slán ó na neachtlanna Magdalene, a tháinig as Éirinn, an RA, na SA agus an Astráil. Rinne cóisirí gairdín eile ceiliúradh ar éagsúlacht chultúrtha agus eitneach na hÉireann, agus ar an iliomad daoine agus eagras a dhéanann cúram dóibh siúd sa tsochaí atá leochaileach agus a thacaíonn leo.
Is cuid de thraidisiún ar chuir Céad-Uachtarán na hEireann, Dubhghlas de hIde, tús leis iad na cóisirí gairdín. Tá an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn tar éis sraith chóisirí gairdín a reáchtáil gach bliain chun comóradh a dhéanamh ar na daoine agus na heagrais atá i mbun oibre chun Éire níos fearr do chách a chruthú. Gach samhradh, chuireadh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh thart ar 4,000 duine ó gach cearn d’Éirinn chuig Áras an Uachtaráin i gcomhair sraith imeachtaí a chlúdaigh na téamaí atá lárnach in obair an Uachtaráin Uí Uigínn. I measc na dtéamaí bhí: •
Cultúr: D’óstáil an tUachtarán roinnt cóisirí gairdín chun ceiliúradh a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de chultúr na hÉireann, ina measc an Ghaeilge, an drámaíocht amaitéireach, scríbhneoirí, an litríocht agus na hamharcealaíona.
•
Comhoibriú Thuaidh-Theas: Bhain an tUachtarán leas as na cóisirí gairdín chun aitheantas a thabhairt d’eagrais na cosmhuintire atá ag obair ar son na síochána agus an athmhuintearais, agus ar son an chomhoibriú Thuaidh-Theas, ar oileán na hÉireann.
•
•
An Teaghlach: Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis roinnt cóisirí gairdín a óstáil ar Lá na dTeaghlach, mar ar oscail sé Áras an Uachtaráin do chlanna agus do pháistí ó gach cearn d’Eirinn, mar cheiliúradh ar an ngrá, ar an dlúthpháirtíocht, ar an éagsúlacht agus ar an idirspleáchas i gclanna de gach cineál agus méid.
•
An Óige: Tá an tUachtarán tar éis roinnt imeachtaí a reáchtáil chun óige na hÉireann a cheiliúradh agus chun aitheantas a thabhairt don iliomad daoine agus eagras a thugann tacaíocht do dhaoine óga ar bhonn laethúil.
•
An Stair: Bhí an tUachtarán ina óstach ar chóisir gairdín chun insealbhú Dhubhghlas de hÍde mar Chéad-Uachtarán na hÉireann 80 bliain roimhe sin in 1938 a chomóradh, agus ar chóisirí eile chun imeachtaí stairiúla a chomóradh, amhail an Frithdhúnadh Mór in 1913, Éirí Amach na Cásca, agus chun aitheantas a thabhairt do ghluaiseacht na sufraigéidí agus dóibh sin go léir a d’oibrigh chun cearta na mban agus an rannpháirtíocht chomhionann a chur chun cinn sa tsochaí.
•
An Inbhuanaitheacht: D’óstáil an tUachtarán roinnt cóisirí gairdín chun pobail inbhuanaithe ar fud na hÉireann a cheiliúradh, pobail ár n-oileán ina measc, agus mhol sé na daoine agus na heagrais atá ag obair chun pobail rathúla, inmharthana a chur chun cinn sa bhaile agus thar lear.
Bhí cóisirí gairdín ann chomh maith a raibh téama ar leith ag baint leo, ina measc cóisirí do Theachtaí Dála agus do chomhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann, do Chumainn Cheoil, do bhaill na Seirbhísí Éigeandála éagsúla, do phobail na n-oileán agus do chleachtóirí ióga.
Cuimsiú: Sa bhlian 2018, mar shampla, reáchtáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cruinniú stairiúil de 220 bean agus os a chionn a bhíodh ag obair sna neachtlanna Magdalene. Ba í an ócáid seo 9
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
1. Téamaí na gCóisirí Gairdín 2016 Lá ‘Ilchultúrtha’ (grúpaí cultúrtha agus eitneacha) ‘Forbairt Inbhuanaithe’ Grúpaí pobail agus deonacha «Gaeilge sa Ghairdín» Bloomsday “Páistí na Réabhlóide” (1916) Lá an Teaghlaigh Lá Idirnáisiúnta an Ióga.
2012 Bloomsday Lá an Phobail Lá an Phobail Lá an Phobail Seirbhísí Éigeandála Lá an Teaghlaigh An Óige agus an tÉireannachas 2013 Lá an Phobail Lá an Phobail Ceartas Sóisialta agus Dlúthpháirtíocht Idirnáisúnta Lá an Teaghlaigh Lá an Phobail Frithdhúnadh 1913 Lá an Phobail Lá an Phobail
2017 Bloomsday Saol na nOileán á cheiliúradh Lá an Teaghlaigh An Cheardaíocht agus na hEalaíona Cruthaitheacha ‘Cúram agus Dlúthpháirtíocht sa Phobal’ ‘Fáilte’ (saoránaigh nua na hÉireann) Lá an Phobail Lá an Phobail
2014 Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann Lá an Teaghlaigh Bloomsday Baill Dháil Eireann agus Thionól Thuaisceart Éireann Lá an Phobail Lá Eicléictiúil/Pobail Cumainn Cheoil Lá an Phobail
2018 ‘Lá an Teaghlaigh’ Comhoibriú Thuaidh-Theas ar oileán na hÉireann. Bloomsday, ealaín agus cultúr. An Óige Dubhghlas de hÍde Gluaiseacht na Sufraigéidí Pobail Inbhuanaithe Ceolchoirm an Uachtaráin Móide: Imeacht speisialta le haghaidh na mban a d’oibrigh in Institiúidí Magdalene
2015 Bloomsday Lá an Phobail Lá an Teaghlaigh Grúpaí Ilchultúrtha Lá an Phobail Cumainn Drámaíochta Amaitéireacha Lá Eicléictiúil/Pobail
10
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Tugann an tUachtarán cuireadh do na mílte teaghlach chuig na Cóisirí Gairdín Téamúla
Cóisir Gairdín Ilchultúrtha, 2015
Páistí na Réabhlóide, 2016
Lá Idirnáisiúnta an Ióga, 2016
11
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
COMÓRADH AGUS CUIMHNEAMH Sna seacht mbliana atá caite, rinne an tUachtarán Ó hUigínn iarracht díospóireacht phoiblí ar chothrom céad bliain Éirí Amach 1916 agus ar imeachtaí cinniúnacha eile i stair ár náisiúin a stiúradh. Ba é an cur chuige a bhí aige béim a chur ar imeachtaí suntasacha i stair ár náisiún agus iad a shuiteáil ina gcomhthéacs stairiúil, polaitiúil agus sóisialta. Is é an bun le cur chuige an Uachtaráin gur cheart dúinn tuiscint a bheith againn ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí i dtaithí daoine na linne seo maidir le himeachtaí i stair ár náisiúin agus dul i ngleic leo chun bonn eolais a chur faoinár dtodhchaí. Braitheann ár dtodhchaí, ar an oileán seo agus ar an bpláinéad seo, ar chaighdeán na gcinntí a dhéanaimid san am i láthair. Beidh tionchar cinniúnach ar na cinntí a dhéanaimid lena chéile dár todhchaí ag an tuiscint atá againn ar ár stair chomhroinnte, ár streachailt chomhchoiteann, ár mbuanna agus ár dteipeanna. “Bíonn gach sochaí atá ag teacht as coimhlint i ngleic lena hoidhreacht agus leis an tslí le haghaidh a thabhairt uirthi. Ní mór dóibh machnamh a dhéanamh, ní hamháin ar a bhfuil tugtha chun cuimhne go comhfhiosach ag gníomh cuimhnimh aonair, ach ar a bhfuil curtha ar aghaidh i ngan fhios do dhuine féin, go minic trí leaganacha den stair a nglactar leo gan cheist agus a n-éilítear stádas an chultúir dóibh. Tá impleacht na heitice ag baint lena bhfuil á chuimhneamh agus leis an tslí ina gcuimhnítear air. Tá sé tábhachtach go dtugtar aitheantas don ghaol casta idir an chuimhne, an eitic agus an maithiúnas in aon chur chuige maidir le deileáil leis an am atá caite. 27 Meitheamh 2015
Athbheoimis togha an gheallta ó 1916, ionas gur féidir leo siúd atá ag teacht sna glúnta inár ndiaidh saoirse a bheith acu i mbrí iomlán an fhocail – saoirse ó bhochtaineacht, saoirse ó fhoréigean agus neamhshláine, agus saoirse ó eagla. 28 Márta 2016
12
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Tá feasacht athnuaite anois ann gur chuir mná na glúine réabhlóidí a raibh acu - a saol, a ‘measúlacht’, a saibhreas – i bhfiontar chun cuid mhaith de na cearta ar mór againn inniu iad a bhaint amach. 7 Deireadh Fómhair 2018
Is é an cur chuige atá ag an Uachtarán maidir le Deich mBliana na gComórthaí Céad Bliain a chinntiú go mbeadh níos mó i gceist leis an tréimhse dianchuimhneacháin phoiblí sin ná cuimhneamh simplí ar an am atá caite, agus go mbainfí leas as lena chinntiú go rachaimis, mar náisiún, i mbun an ‘chuimhnimh eiticiúil’. Trína chuid oibre, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh dúinn dul i ngleic le hoidhreachtaí casta agus deacra ár staire, agus na léargais agus na heispéarais éagsúla atá ann a aithint. Tríd an díospóireacht phoiblí a stiúradh tá sé tar éis dul i gcion ar an dioscúrsa ar bhealach suntasach - é ag tarraingt airde ar an gcastacht, é ag cur leis na ceisteanna eiticiúla a bhaineann le próiseas an chomórtha féin, ag tarraingt airde ar mhná agus ar an lucht oibre a bhí curtha ina dtost; é ag soláthar na teanga agus na smaointe a ligeann don phobal eachtraí amhail 1916 agus an Chéad Chogadh Domhanda a phlé ar bhealach feabhsaithe, ar bhealach nach bhfuil deighilteach. Is teachtaireacht an-dearfach atá sa bhéim a leag an tUachtarán ar na hidéil ar bunaíodh an stát orthu agus ar a gcumas maidir lenár dtodhchaí agus tá sí dulta i bhfeidhm go mór ar an bpobal sa bhaile agus ar an diaspóra. Ba é cur chuige an Uachtaráin iarracht chórasach a dhéanamh na guthanna sin, a raibh cosc orthu, ar baineadh a gcearta díobh nó a ndearnadh imeallú orthu mar gheall ar a n-aicme, a n-eitneacht nó a ngnéas, a chuimsiú. Mar thoradh air sin, tá ioncur stairiúil mhná na hÉireann, ní hamháin sa chath ar son an neamhspleáchais náisiúnta, ach sa troid ar son chearta na n-oibrithe agus na mban, ar son na fuascailte agus an chomhionnanais, tagtha níos mó chun cinn.
I gcuideachta aisteoirí ag an searmanas i gcuimhne ar Arm Cathartha na hÉireann agus Séamus Ó Conghaile, 2016
13
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
IONADAÍ AN STÁIT Is é an tUachtarán Ceann Stáit na hÉireann agus toghann muintir na hÉireann go díreach é/í lena bheith ina p(h)ríomhionadaí poiblí ar a son. Tá cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin forordaithe sa Bhunreacht, agus baineann cuid mhaith de ghníomhaíochtaí an Uachtaráin le feidhmiú na gcumhachtaí atá tugtha ar iontaoibh do shealbhóir na hoifige ag an mBunreacht.
Ceapacháin
Ambasadóirí
Ceapann an tUachtarán an Taoiseach, arna ainmniú ag Dáil Éireann; agus comhaltaí eile an Rialtais, arna n-ainmniú ag an Taoiseach ach iad a bheith faofa ag Dáil Éireann.
Le linn chéad téarma an Uachtaráin Uí Uigínn, chuir 212 ambasadóir a gcuid dintiúr - na doiciméid oifigiúla a shainaithníonn na hambasadóirí nua mar ionadaithe oifigiúla a gCeann Stáit - faoi bhráid an Uachtaráin Uí Uigínn.
• I mí na Bealtaine 2016, cheap an tUachtarán Ó hUigínn an Taoiseach, Enda Kenny T.D. agus na hAirí Rialtais agus bhronn a Séala Oifige orthu.
Tá iarracht déanta ag an Uachtarán níos mó daoine a chuimsiú sna himeachtaí searmanais in Áras an Uachtaráin. Mar shampla, is gnách leis an Uachtarán cuireadh a thabhairt do dhaltaí Idirbhliana chuig na searmanais chreidiúnaithe a bhíonn ar siúl go rialta.
• I mí an Mheithimh 2017, cheap an tUachtarán Ó hUigínn an Taoiseach Leo Varadkar T.D agus na hAirí Rialtais agus bhronn a Séala Oifige orthu. Chomh maith leis sin, ceapann an tUachtarán cuid mhaith oifigeach poiblí eile, ina measc breithiúna, an tArd-Aighne, an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, an tOmbudsman, Oifigigh Choimisiúnaithe Óglaigh na hÉireann agus comhaltaí Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána.
An Taoiseach Enda Kenny T.D. ag teacht go hÁras an Uachtaráin, lena cheapadh ina Thaoiseach ar an 32ú Dáil 2016
Lena Soilse, Bean Radhikas Lal Lokesh, Ambasadóir na hIndia, 2016
14
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Tá tábhacht le focail. Is iad bunús na taidhleoireachta iad, mar gheall go sainmhíníonn agus go gcuireann siad cruth ar réitigh – tig leo féidearthachtaí a fhuascailt agus a oscailt, ach tig leo freisin díospóireacht agus comhrá a dhúnadh síos. 24 Eanáir 2018
15
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Reachtaíocht Ní mór d’Uachtarán na hÉireann billí a nglactar leo i dTithe an Oireachtais a bhreithniú agus a chur faoina lámh sula ndéantar dlí díobh. Faoi fhorálacha Airteagal 25 de Bhunreacht na hEireann, ní mór don Uachtarán a lámh a chur le bille, ach amháin i gcásanna eisceachtúla, ar an 5ú, 6ú nó 7ú lá tar éis an lae a dtugtar dó é le síniú, agus ní mór don Uachtarán machnamh cúramach a dhéanamh ar gach bille a chuirtear faoina bhráid. Tugtar an cumhacht don Uachtarán faoin mBunreacht billí áirithe a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí chun a chinneadh an bhfuil an bille - nó aon chuid de - in aghaidh an Bhunreachta. I gcás mar sin, ní mór don Uachtarán dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit sula ndéantar cur ar aghaidh mar sin. Is é cinneadh an Uachtaráin, áfach, agus a chinneadh sin amháin, an bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.
Cruinnithe na Comhairle Stáit • I mí Iúil 2013, ghair an tUachtarán cruinniú den chomhairle Stáit chun An Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis 2013 a bhreithniú - an 27ú huair i stair an stáit ar gaireadh an Chomhairle Stáit. • I mí na Nollag 2016, ghair an tUachtarán an Chomhairle Stáit chun An Bille um Chosaint Idirnáisiúnta, 2015 a bhreithniú. Sna seacht mbliana atá caite, tá níos mó ná 300 bille breithnithe ag an Uachtarán Ó hUigínn agus curtha faoina lámh.
Cruinniú na Comhairle Stáit, 2013
16
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Ian Paisley, 2012
Spícéir Thionól AÉA, an Dr. Amal Abdullah Al Qubaisi, 2017
An chéad chruinniú de Rialtas an Taoisigh, Leo Varadkar, 2017
17
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
A Naofacht An Pápa Tawadros II, Pápa Alexandria agus Patrarc Easpagóideacht Naomh Marc ag cur a thoscaireacht in aithne, 2017
Imeachtaí stáit agus searmanais Mar Cheann Stáit, is é an tUachtarán ionadaí na hÉireann, agus léiríonn sé luachanna agus uaillmhianta arda mhuintir na hÉireann. Ciallaíonn sé sin, chomh maith lena chuid tascanna foirmiúla mar Cheann Stáit, go bhfuil feidhm shuntasach ag an Uachtarán mar ionadaí mhuintir na hEireann. Bhí an tUachtarán ina cheannaire ag an náisiún sna searmanais i gcuimhne ar eachtraí cinniúnacha inár stair, amhail an Gorta Mór agus Éirí Amach na Cásca 1916, agus mhúnlaigh sé imeachtaí stáit, mar shampla an cuimhneamh ar íospartaigh cogaí agus coimhlintí, agus ar ról na mban i stair na hÉireann. Stiúir sé imeachtaí a rinne comóradh ar dhaoine eisceachtúla agus éachtaí neamhghnácha, agus ar an gcaoi sin léirigh sé go seasann ról ionadaíoch an Uachtaráin d’aontacht an náisiún.
Níl ionainn ach imircigh in am agus i spás – taistealaithe sealadacha ar gá dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun talamh fáilteach a chur ar aghaidh go dtí na chéad ghlúnta eile, ar ar féidir leo a bheith faoi rath – déanaimis iarracht é a dhéanamh le chéile. 8 Samhain 2016
18
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
TIONSCNAIMH SPEISIALTA Le linn m’Uachtaránachta, tá sé i gceist agam, freisin, roinnt Seimineár Uachtaránachta a reáchtáil, a dhéanfaidh machnamh agus iniúchadh ar théamaí atá tábhachtach inár saol comhroinnte ach atá níos leithne agus a théann thar éilimh reachtaíochta, téamaí mar athbhunú muiníne inár n-institiúidí, an ceangal eiticiúil idir an geilleagar agus an tsochaí, agus todhchaí na hEorpa a thógfaí ar an tsíocháin, ar an dlúthpháirtíocht shibhialta agus ar an inbhuanaitheacht.” Aitheasc insealbhaithe, 11 Samhain 2011
Ina aitheasc insealbhaithe léirigh sé a mhian dul i gcaidreamh le daoine óga mar chuid de shraith seimineár le linn a uachtaránachta. In 2012 d’áitigh sé ar dhaoine óga dul i mbun gnímh leis an mana ‘Tóg an tAthrú i gCúram’ agus d’iarr sé orthu a bhfís do thodhchaí na hÉireann a roinnt leis. Thar thréimhse ceithre mhí bhailigh an tUachtarán Ó hUigínn moltaí agus smaointe na hóige maidir le todhchaí na hÉireann trí chomhairliúchán ar líne agus trí cheithre cheardlann a reáchtáil. Ag deireadh na gceithre mhí sin foilsíodh an tuarascáil ‘An Óige agus an tÉireannachas’.
Tionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann
In éineacht le Glen Hansard, 2013
Glaoch an Uachtaráin
Bhí sé mar aidhm ag Tionscnamh Eitice Uachtarán na hEireann plé a spreagadh trasna earnálacha uile shochaí na hÉireann ar na dúshláin a bhaineann le maireachtáil lena chéile go heiticiúil, agus an cheist maidir leis na luachanna agus na gníomhartha ar cheart dúinn tús áite a thabhairt dóibh a scrúdú mar thír ag tús an aonú haois is fiche.
I dtús na bliana 2013, ar chuireadh ón Uachtarán, chruinnigh cuid de scríbhneoirí, ceoltóirí agus amhránaithe cailiúla na hÉireann le chéile in Áras an Uachtaráin, i dteannta ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, chun clár speisialta a dhéanamh a bhí tiomanta d’Éireannaigh ar fud an domhain. Rinneadh scannán de chur i láthair na n-ealaíontóirí in Áras an Uachtaráin, rud a thug deis don lucht féachana i ngach áit léargas a fháil ar áit chónaithe álainn stairiúil Uachtaráin na hÉireann agus páirt a ghlacadh i gceiliúradh an Éireannachais agus na cruthaitheachta Éireannaí chomh maith lena gcumhacht agus a dtionchar ar fud an domhain a cheiliúradh.
Seoladh Tionscnamh na hEitice go luath in 2013 agus is éard a bhí ann cuireadh don phobal ár luachanna mar shochaí a iniúchadh. Thar thréimhse dhá bhliain, d’éirigh le Tionscnamh na hEitice na ceisteanna ar cheart dul i ngleic leo a leagan amach, chomh maith leis na cineálacha athruithe ar gá dóibh tarlú inár sochaí, i réimsí chomh héagsúil leis an rialachas, an rialú, an cultúr, an teanga agus an t-oideachas. Bhí tionscnaimh nua mar thoradh ar an Tionscnamh, ina measc cruthú an Lárionad um Staidéar ar Bhoinn Mhorálta an Gheilleagair agus na Sochaí, bunú Lárionad na hEitice sa Saol Poiblí i gColáiste na hOllscoile, BÁC, agus seoladh Gradaim na bhFealsúna Óg.
An Óige agus an tÉireannachas Bhí sé mar aidhm ag an dara Tionscnamh Speisialta de chuid an Uachtaráin, ‘An Óige agus an tÉireannachas’, tuairimí, ábhair dhóchais agus smaointe na hóige faoi thodhchaí na hÉireann a bhailiú.
19
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Tá seanfhocal ársa i nGaeilge “Bíonn siúlach scéalach”. De réir an traidisiúin shaibhir stairiúil ar ár n-oileán bhíodh meas mór ar thaistealaithe a thugadh cuairt ar bhailte agus ar shráidbhailte le scéalta ilsrathacha den stair, den chultúr agus den bhéaloideas acu. D’fháiltigh pobail roimh na seanchaithe seo go gnaíúil agus fonn orthu nuacht agus scéalta a fháil ó na cúigí. I ndomhan atá ag laghdú go leanúnach, tá deiseanna go leor in Éirinn anois foghlaim ó dhaoine ó gach cearn den domhan agus cuirimid fáilte roimh ár bpobail nua, atá ar bís chun bhur stair agus cultúr saibhir a ghlacadh chucu féin. 7 Meitheamh 2015
20
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
An tionscnamh “An Óige agus an tÉireannachas” á sheoladh, 2012
Ní oireann na réitigh róshimplí a chuireann guthanna na heagla agus na diongbhála cultúrtha chun cinn do dhomhan ina dteastaíonn tuiscint níos mó, seachas níos lú, ar an gcastacht, comhoibriú níos mó, seachas níos lú, agus gníomhaíocht chomhpháirteach níos mó, seachas níos lú, maidir leis na ceisteanna comhchoiteanna ar ábhair imní iad dóibh siúd go léir a chónaíonn ar an Domhan seo. 22 Bealtaine 2017
21
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
EALAÍN CHOMÓRTHA
Nochtadh Dearcán na nDaoine le Mamo McDonald agus Niall Conroy, 4 bliana d’aois, 2017
I ndeireadh na bliana 2015, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn cuireadh do roinnt ealaíontóirí cáiliúla píosa ealaíne oiriúnach a mholadh le suiteáil ar thailte Áras an Uachtaráin chun 1916 a chomóradh, mar chomhartha ómóis chuí agus bhuan do na fir agus na mná a raibh ionchur mór acu i mbaint amach shaoirse na hÉireann lena n-iarrachtaí agus a n-íobairtí. D’fhreagair ceithre ealaíontóir déag cuireadh tosaigh an Uachtaráin, agus chuir siad raon leathan moltaí chun cinn eatarthu. Astu sin, roghnaigh painéal saineolaithe neamhspleácha ‘Dearcán na nDaoine’ de chuid Rachel Joynt, a nochtadh i mí na Nollag 2017. Tá an saothar timpeallaithe ag 16 chrann beithe, curtha i leathchiorcal - ceann do gach aon duine den 16 cheannaire ar Éirí Amach na Cásca 1916 a cuireadh chun báis mar gheall ar a bpáirt san éirí amach. Bhí 170 páiste ó 7 scoil, a chuir a gcuid smaointe agus a mianta maidir le todhchaí na hÉireann ar fáil, i láthair ag an searmanas nochta i mí na Nollag 2017, chomh maith le daoine scothaosta a scríobh a gcuid smaointe agus a gcuimhní le cur isteach i dtaisceadán todhchaí. Bhí daoine muinteartha leo siúd a fuair bás in Éirí Amach na Cásca i láthair freisin, chomh maith le healaíontóirí agus baill an phainéil moltóirí a roghnaigh an dearadh buacach. Rinneadh scannánú ar an bpróiseas iomlán ón ullmhúchán go dtí an léiriú agus an tsuiteáil agus craoladh sraith mionchlár faisnéise ar Theilifís an Oireachtais agus foilsíodh ar shuíomh gréasáin Áras an Uachtaráin í ar www.president.ie.
22
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
An Camchéachta á nochtadh, Lá Bealtaine 2018
I mí na Bealtaine 2018, nocht an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn saothar ealaíne eile i ngairdíní Áras an Uachtaráin i gcomóradh ar an bhFrithdhúnadh Mór ar lucht oibre Bhaile Átha Cliath in 1913 - cor cinniúnach d’oibrithe agus don cheardchumannachas in Éirinn - agus ar an Arm Cathartha agus a chéad rúnaí, an staraí agus drámadóir Seán O’Casey. Tugadh an t-ainm “An Camchéachta” ar an saothar, comhfhiontar a bhí ann idir an dealbhóir cáiliúil John Behan, iar-churadh treabhdóireachta na hÉireann, Gerry King agus Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an píosa seo bunaithe ar an gcéachta Wexford Star, a rinne an comhlacht Wexford Engineering sna 1930idí agus a bhronn Anna May McHugh, Uasal ar Áras an Uachtaráin mar aitheantas ar an mbaint a bhíonn ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín leis an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.
23
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
GUTH NA hÉIREANN THAR LEAR Déanann an tUachtarán ionadaíocht thar ceann mhuintir na hÉireann ar fad, sa bhaile agus thar lear. Sa chomhthéacs seo, lean an tUachtarán Ó hUigínn ina ról gníomhach chun íomhá agus ról na hÉireann sa raon idirnáisiúnta a chur chun cinn. Tá cur chun cinn beartas eachtrach bunaithe ar chearta eiticiúla agus daonna ina chuid lárnach d’Uachtaránacht an Uachtaráin Uí Uigínn. Deir an tUachtarán go gcaithfidh Éire ról ceannaireachta a bheith aici le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, chun stáit a spreagadh le bogadh ar aghaidh ó dhíriú go cúng agus go gearrthéarmach ar ‘leasanna’ amháin, agus leas coiteann domhanda a lorg ina áit. I ndomhan ina bhfuil dlúthnasc idir geilleagair, stíleanna maireachtála agus beartais tíortha, bíonn tíortha beaga le geilleagair oscailte cosúil le hÉirinn ag brath go bunúsach ar chóras domhanda a chur chun cinn bunaithe ar riail an dlí agus ar an gcomhionannas idir náisiúin, le hinstitiúidí láidre domhanda, agus naisc láidre idir daoine agus rialtais, trasna teorainneacha agus críocha. Léiríonn Cuairteanna Stáit a tharlaíonn ar chuireadh foirmiúil ó Cheannaire Stát eile, cáilíocht an chaidrimh idir Éire agus an tír óstach agus is deis atá iontu don chomhoibriú breisithe idir an dá Stát.
I gcuideachta Phríomh-Aire Tsipras na Gréige ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla in Istanbul, 2016
Doimhníonn agus láidríonn cuairteanna an Uachtaráin thar lear naisc na hÉireann le tíortha eile, chun béim a chur ar ár naisc chultúrtha agus stairiúla leis na tíortha sin, agus tacaíonn siad le gnólachtaí Éireannacha, osclaíonn siad doirse do chuideachtaí agus d’fhiontraithe Éireannacha. Óna insealbhú i mí na Samhna 2011, tá 10 gCuairt Stáit agus 43 Cuairt Oifigiúil déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn, ag tacú le pobail Éireannacha agus tallann agus saineolas na hÉireann sa ghnó, sa turasóireacht agus sa chultúr á dtaispeáint in 31 tír éagsúil.
Aitheasc á thabhairt ag Cruinniú Mullaigh Coinsiasaí maidir leis an Aeráid i bPáras, 2015
Tugtar cuireadh do Cheannairí Stáit a thagann ar cuairt crann a chur ag Áras an Uachtaráin. Ba é an tUachtarán Dubhghlas de hÍde a thosaigh an nós crainn searmanais a chur ar thailte Áras an Uachtaráin in 1939. Ó shin i leith, tá crainn searmanais curtha ag gach Uachtarán ar Éirinn agus iarradh ar Cheannairí Stáit a thagann ar cuairt crann a chur chomh maith.
Uachtarán na Cróite, A Shoilse KolindaGrabar-Kitatrovic á hóstáil, 2017
24
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
GNÓ NA hÉIREANN Á CHUR CHUN CINN
An tUachtarán ag labhairt le cruinniú Thurasóireacht Éireann in Sydney, 2017
Bíonn ionadaithe ó chomhlachtaí Stáit, amhail Fiontraíocht Éireann, an tÚdarás Forbartha Tionscail, Cultúr Éireann agus Turasóireacht Éireann i gcuideachta an Uachtaráin agus é ar a Chuairteanna Stáit agus Oifigiúla thar lear. Tá sé ráite ag an Uachtarán go bhfuil sé tábhachtach do chuideachtaí na hÉireann margaí nua a aimsiú dá n-earraí agus dá seirbhísí tráth atá dúshláin dhomhanda ag méadú, agus go ndéanfadh Éire tairiscint feidhmiú mar dhroichead chuig an Aontas Eorpach i gcomhair cuideachtaí eachtracha atá ag iarraidh teacht ar mhargaí an AE. Tá na mílte cuideachtaí Éireannacha a bhfuil ag éirí leo ar fud an domhain de bharr iad a bheith nuálach, iad ag méadú agus ag éagsúlú i margaí easpórtála nua, agus tugann cuairteanna eachtracha an Uachtaráin scóip chun aird a tharraingt ar an deis naisc ghnó a fhás le raon leathan páirtithe idirnáisiúnta éagsúla. Mar shampla, le linn Chuairt Stáit an Uachtaráin ar an Astráil, bhí misean trádála á thionlacan ina raibh ionadaithe ó 50 comhlacht – ó naoi n-earnáil éagsúla, ón teicneolaíocht dhigiteach go cúram sláinte, tógáil agus táirgí tomhaltóra – iad ag iarraidh caidreamh trádála idir Éire agus an Astráil a mhéadú. Rinne an tUachtarán Ó hUigínn freastal ar imeachtaí gnó suntasacha i 14 thír éagsúla: an Astráil, an Bhrasaíl, an tSín, an Chróit, an Fhrainc, an Iodáil, an Liotuáin, Meicsiceo, an Afraic Theas, an Phortaingéil, an Spáinn, an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus Vítneam. 25
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
An tUachtarán Ó hUigínn agus an tUachtarán Tran Dai Quang ina bhfinnéithe agus conradh US$ 2 bhilliún i gcomhair tionscnamh fuinnimh gaoithe á shíniú idir Mainstream Renewable Power agus Grúpa Phu Cuong, Vítneam 2016
Bíonn ról gníomhach ag an Uachtarán i gcur chun cinn íomhá na hÉireann thar lear, agus mar chuid den ról sin buaileann an tUachtarán le ceannairí gnó sa bhaile agus thar lear, á spreagadh chun infheistiú a dhéanamh in Éirinn. Bíonn an tUachtarán i gcaidreamh leanúnach le comhlachtaí stáit, amhail an tÚdarás Forbartha Tionscail, an ghníomhaireacht a bhfuil freagracht uirthi infheistíocht dhíreach eachtrach in Éirinn a mhealladh agus a choimeád. Buaileann an tUachtarán go rialta le hionadaithe ceardchumann agus cumann fostóirí, chomh maith le cuid mhaith gnólachtaí agus eagraíochtaí a chuireann le forbairt eacnamaíochta inbhuanaithe agus le rath comhroinnte.
Fáiltiú d’Fhiontraithe Ban, 2018
26
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
TEAGMHÁIL LE DIASPÓRA NA hÉIREANN Tarraingíonn scéal scéal eile. Frása simplí ach ceann a ghabhann ár stair dhlúth agus idirnasctha ar an oileán beag seo – ní féidir aon scéal a scaradh ó scéal na comharsan, an ‘eile’ ceaptha. 4 Meitheamh 2016
Trí Chuairteanna Stáit agus Oifigiúla, agus a theagmháil leanúnach leis an diaspóra, tá sé mar aidhm ag an Uachtarán Ó hUigínn dul i dteagmháil le muintir na hÉireann ar fud an domhain. I rith a théarma san oifig, chuir an tUachtarán Ó hUigínn béim ar chineál domhanda oidhreacht chultúrtha na hÉireann, suntas an diaspóra, agus an stair choiteann agus an fhéiniúlacht a roinnimid “in ainneoin na dteorainneacha, na n-aigéan agus na mílte atá eadrainn”. “Tá ár ndiaspóra ar cheann de na hacmhainní is luachmhara ag Éirinn: leis an ionchur a dhéanann ár muintir sna náisiúin a dtéann siad ar imirce chucu, leis na naisc a chothaíonn siad le pobail na dtíortha sin, tá ár n-imirceoiri tar éis a chur ar chumas na hÉireann ceangail dhomhanda fhorleathana a bheith aici nach mbeifí ag súil leo ó thír chomh beag.” 14 Samhain 2014 Agus é á admháil aige go bhfuil náisiún na hÉireann níos mó ná ár n-oileán, déanann an tUachtarán iarracht bualadh le réimse leathan daoine ó dhiaspóra na hÉireann ar a chuairteanna ar fad thar lear. Gach bliain, bronnann an tUachtarán Gradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear – gradam a aithníonn seirbhís a thugann daoine a chónaíonn taobh amuigh d’Éirinn don tír seo nó do phobail Éireannacha thar lear.
27
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Sochaí atá againne ina bhfuil luach ag baill an phobail ar obair na samhlaíochta, ina mbaintear tuiscint agus taitneamh as torthaí na samhlaíochta, áit ar féidir le duine óg a fhaigheann amach go bhfuil bua aige nó aici a bheith ag súil go bhfáilteofar roimh a bhua nó a bua agus go ndéanfar ceiliúradh air. 13 Meán Fómhair 2017
28
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
TOGHA AN ÉIREANNACHAIS Á CHOTHÚ Tá an chruthaitheacht ar cheann de na téamaí lárnacha in Uachtaránacht Mhichíl D. Ó hUigínn. Óna insealbhú in 2011, labhair an tUachtarán Ó hUigínn go minic faoin gcaoi go gcruthaímid bunchloch don tsaoránacht chuimsitheach trí aitheantas a thabhairt don chultúr agus an chruthaitheacht inár sochaí agus a bhforbairt a spreagadh; saoránacht atá tógtha ar an mbrí chomhroinnte, ar an oidhreacht agus ar an bhféiniúlacht.
Cruthaitheacht agus Cuimsiú
smaointeoireachta malartacha fás. Sa tsochaí, is gá go mbeadh luach ar an gcruthaitheacht, agus go mbeadh spás aici dá cumas aistritheach don tsíocháin, don chuimsiú agus don fhorbairt dhaonlathach.
D’óstáil an tUachtarán imeachtaí, agus thug sé cuairt ar eagraíochtaí agus daoine a chosain ár n-oidhreacht chultúrtha ina fhoirmeacha éagsúla go léir – oidhreacht a nascaimid lenár stair chomhroinnte agus a dhéanann ceiliúradh ar an am cruthaitheach atá anois ann.
“Creidim go bhfuil Éire anois ag cor cinniúnach inár stair shóisialta. Le deireanaí, thángamar trí chaibidil urchóideach den stair sin, caibidil inar theip ar leagan d’Éirinn a tógadh ar an amhantraíocht, ar an indibhidiúlachas agus ar an dian-gheilleagar nualiobrálach a ghearr an geilleagar ón réadúlacht shóisialta. Caibidil í seo inar fhulaing roinnt daoine níos measa ná daoine eile, caibidil ina bhfacthas géarchéim a bhí ag éirí níos measa agus níos doimhne i réimsí cosúil leis an easpa dídine, andúil i ndrugaí, míúsáid alcóil, féinmharú agus cliseadh teaghlaigh.
I rith na chéad seacht mbliana dá théarma mar Uachtarán na hÉireann, tá cás déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn don ealaín agus don chruthaitheacht, agus aird tarraingthe aige ar chumhacht na healaíne dul i gcaidreamh le daoine agus ar an tábhacht atá le cruthaitheacht sa smaoineamh agus sa léiriú. Rinne an tUachtarán an cás gurb ionann tacaíocht d’ealaíontóirí agus tacaíocht do thionscnaimh a léiríonn sochaí an lae inniu agus a thugann dúshlán na smaointeoireachta comhaimseartha ag an am céanna.
Táimid ag bogadh go mall anois i dtreo aisghabháil gheilleagrach ach tá dúshlán fós romhainn i dtéarmaí sochaí a thógáil a chuireann deis ar fáil dár saoránaigh uile le rath a bheith orthu.”
Trí thacú go gníomhach le healaíontóirí, tá sé mar aidhm ag an Uachtarán Ó hUigínn tacú leis na hearnálacha sin den tsochaí ina gcuirtear béim ar éagsúlacht agus a cheistíonn ceannas na miotas a bhfuil glacadh leo a chinneann dioscúrsa ár linne.
23 Samhain 2016
Miotas amháin díobh seo, ar labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoi, is ea an spleáchas neamhchriticiúil ar mhargaí réasúnacha agus fás gan teorainn. Sa chruinneshamhail seo, cónaímid in iomaíocht sheasta idir daoine aonair, atá ag lorg níos mó gan stad, agus go minic is iad ár dtimpeallachtaí sóisialta agus nádúrtha a bhíonn thíos leis. In go leor dá chuid óráidí, deir an tUachtarán gur cheart go mbeadh ról níos mó ag ollscoileanna agus áiteanna eile foghlama chun an smaointeoireacht chriticiúil a spreagadh, díreach mar is féidir leis na healaíona spásanna a chur ar fáil inar féidir le bealaí 29
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
A 146ú Caipín Idirnáisiúnta á bhronnadh ar Robbie Keane, 2016.
30
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Spórt Bhí suim ar leith ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcúrsaí spóirt riamh. Thug an tUachtarán faoi deara go minic nach amháin gur ceiliúradh ar scileanna, seasmhacht agus aclaíocht atá i gcúrsaí spóirt, ach gur comhábhar bunúsach atá ann i sochaí rathúil. “Léiríonn an spórt, ar go leor bealaí, na cáilíochtaí sin atá chomh tábhachtach don dea-shaoránacht agus chun sochaithe a fheidhmíonn i gceart a chruthú. Le bheith i do bhean nó i d’fhear spóirt maith, teastaíonn tiomantas, féindisciplín, obair bhuíne agus an cumas le coinneáil ag imeacht nuair a théann rudaí i d’aghaidh. Is trí pháirt a ghlacadh i ngníomhachtaí spóirt a thosaíonn go leor leanaí óga ag foghlaim le bheith páirteach i sochaí ina mbíonn cúinsí agus imeachtaí áirithe uaireanta ina mbeidh buaiteoirí caithréimeacha, agus chomh tábhachtach céanna, cailliúnaithe múinte” Deir an tUachtarán gur gá dúinn éachtaí ár laochra spóirt a cheiliúradh, as na héachtaí féin, ach freisin as chomh tábhachtach is atá siad mar eiseamláirí do dhaoine óga. Ní bhainfidh gach duine a ghlacfaidh páirt i spórt éacht amach ar pháirceanna imeartha, ach gheobhaidh siad scileanna a chabhróidh leo i réimsí eile den saol, lena n-áirítear gnó, cultúr, seirbhís phoiblí agus oideachas. Ar an gcaoi chéanna, dúirt an tUachtarán go mbraitheann go leor dár n-éachtaí spóirt ní hamháin ar scileanna agus tallann na mban agus na bhfear spóirt féin, ach ar an iliomad oibrithe deonacha – na cóitseálaithe, an fhoireann tacaíochta, réiteoirí, glantóirí agus feighlithe – a thug deis dóibh na héachtaí a bhaint amach. In 2018, d’fhreastail an tUachtarán ar 152 mór-imeacht spóirt agus d’óstáil sé roinnt imeachtaí a bhain le spórt ag Áras an Uachtaráin, mar aon le freastal ar roinnt cluichí de chuid Sraith na hÉireann.
Capaill Tá traidisiún i gCuideachta Náisiúnta Graí na hÉireann go bpioctar capall le rith i ndathanna an Uachtaráin – traidisiún a thug an tUachtarán Ó hUigínn ar ais ar iarratas ón gCuideachta Náisiúnta Graí. Le déanaí, ba é an capall a rith i ndathanna an Uachtaráin Aimhirgin Lass, agus faoi láthair is é Spioraid a ritheann iontu. Thug an tUachtarán na hainmneacha ar na capaill seo, mar chuid dá thiomantas don Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá béim leagtha ag an Uachtarán ar an ngá le héachtaí ár laochra spóirt a cheiliúradh, ar son na n-éachtaí féin, ach chomh maith leis sin mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leo mar eiseamláirí don aos óg.
Fáilte á cur roimh Mark Rohan, Lúthchleasaí Parailimpeach chuig Áras an Uachtaráin, 2012
31
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Foireann ban haca na hÉireann a gnóthaigh bonn airgid sa chomórtas domhanda, 2018
32
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Ambasadóirí i gcomhair ceardaíocht agus dearadh na hÉireann Tá tacaíocht á tabhairt le fada an lá ag an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn do dhearadh agus faisean na hÉireann, agus roghnaíonn siad saothar dearthóirí na hÉireann a thaispeáint sa bhaile agus thar lear. Mar Cheann Stáit, bíonn fonn ar an Uachtarán Ó hUigínn tacú le healaíontóirí agus dearthóirí agus a n-ionchur i sochaí na hÉireann a cheiliúradh. Tá roinnt mhaith imeachtaí óstáilte ag an Uachtarán in Áras an Uachtaráin le haghaidh ceardaithe agus dearthóirí, agus le linn chuid mhaith de na céadta imeachtaí a reáchtáil sé in Áras an Uachtaráin, thugadh sé cuireadh do cheoltóirí ceol a sheinm do na haíonna. Bronnann an tUachtarán bronntanais de chuid dearthóirí agus ealaíontóirí na hÉireann ar Cheanna Stáit a thagann ar cuairt, agus le linn Dinnéir Stáit in Áras an Uachtaráin, bíonn ceoltóirí na hÉireann ag seinm do na cuairteoirí agus a n-aíonna. Nuair a thaistealaíonn an tUachtarán thar lear ar Chuairteanna Stáit, cinntíonn Cultúr Éireann go dtugtar cuireadh do raon ealaíontóirí aitheanta agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn chun a gcuid tallann a léiriú don tír óstála.
I gcuideachta dearthóirí Éireannacha le linn na Cuairte Stáit ar an RA, 2014
I bPuball na hÉireann ag Biennale na Veinéise, le Tessa Giblin agus Jesse Jones, 2017
33
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
‘DEOLCHAIRE AN CHÉID’ Sa bhliain 1940 thosaigh Dubhghlas de hÍde an traidisiún ina bhfaigheann daoine a shroicheann a 100ú breithlá teachtaireacht speisialta ó Uachtarán na hÉireann, chun lá breithe sona a ghuí orthu agus comhghairdeas a dhéanamh leo. Bronntar duais €2,540 sa litir chomhghairdis ón Uachtarán. Tugtar “Deolchaire an Chéid” ar an scéim seo, agus tá sé oscailte do dhaoine a chónaíonn in Éirinn a shroich 100 bliain, mar aon le saoránaigh na hÉireann a rugadh ar oileán na hÉireann a shroich 100 bliain agus atá ina gcónaí taobh amuigh den Stát. Óna insealbhú in 2011, tá teachtaireacht dá leithéid seolta ag an Uachtarán chuig 2,452 duine. BLIAIN IOMLÁN 2018** 359 2017 412 2016 417 2015 404 2014 407 2013 424 2012 326 2011* 64
Baineannach 292 357 353 346 343 363 279 57
Fireannach 67 55 64 58 64 61 47 7
* Samhain - Nollaig 2011 ** 1 Eanáir - 10 Samhain
34
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
AIRGEADAS AGUS RIALACHAS Bhunaigh an Bunreacht Oifig an Uachtaráin. Tá tuilleadh faisnéise faoi ról an Uachtaráin, agus na liúntais a bhaineann leis an ról leagtha amach in Acht Teaghlachas an Uachtaráin 1938.
Caiteachas Vótáilte
Léirítear sna cuntais iniúchta gur tháinig an caiteachas isteach faoin mbuiséad (timpeall 10%) i ngach ceann de na seacht mbliana seo caite.
Is é an tOireachtas a shocraíonn buiséad Oifig an Uachtaráin. Aontaítear an buiséad ar bhonn bliantúil faoi Vóta 1, agus tá sé le húsáid “i gcomhair tuarastail agus costais Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin, i gcomhair costais áirithe eile Theaghlachas an Uachtaráin agus le haghaidh deontas áirithe.”
Socraítear leibhéil foirne agus tuarastal gach ball d’fhoireann an Uachtaráin de réir scálaí pá agus socruithe caighdeánacha na státseirbhíse. I rith a Uachtaránachta, d’fheabhsaigh Micheál D. Ó hUigínn an trédhearcacht trí shonraí chaiteachas Oifig an Uachtaráin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Áras an Uachtaráin, www.president.ie
Tá sonraí maidir le costais reatha Oifig an Uachtaráin sa Chuntas Leithghabhála, a iniúchann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (C&AG) go neamhspleách agus a fhoilsítear gach bliain. Foilsítear an t-iniúchadh seo ar shuíomh gréasáin an C&AG agus áirítear ann na méideanna a d’fhaomh Tithe an Oireachtais le tacú le hobair Áras an Uachtaráin.
Sa bhliain 2017, b’ionann costais dhíreacha Oifig an Uachtaráin agus €3.6 milliún. De seo, clúdaíonn €1.67 milliún (46%) costais foirne (27 ball foirne in Áras an Uachtaráin). Caitear €1.07 milliún (30%) eile ar ‘Dheolchaire an Chéid’, a íoctar le saoránaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear a shroicheann 100 bliain d’aois.
Déanann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a hiniúchadh faoin údarás a thugtar di faoin Acht um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993 agus de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchadh infheidhme (RA agus Éire) agus rialacha agus nósanna imeachta cuntasaíochta arna leagan síos ag an Aire Airgeadais.
Tá feidhm an Iniúchta Inmheánaigh do Theaghlachas an Uachtaráin ag Roinn an Taoisigh. Déanann coiste iniúchta maoirseacht ar chaiteachas agus ar rialachas ceart maidir le Vóta 1.
In € 1,000's 2012
2013
2014
2015
2016
2017
Tuarastail agus liúntais
1,622
1,626
1,644
1,664
1,677
1,666
Taisteal agus cothabháil
128
102
198
194
150
240
Traenáil agus Forbairt, Infheistíocht in TFC
154
136
135
122
302
391
Postas agus Cumarsáid
86
83
78
81
90
114
Trealamh Oifige agus soláthairtí
121
94
147
150
293
210
Deolchaire an Chéid
954
1,065
1,073
1,087
1,096
1,071
Leithreasaí i gCabhair
-104
-123
-94
-100
-84
-83
IOMLÁN
2,961
2,982
3,181
3,198
3,524
3,609
35
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Seirbhísí Gaolmhara Tacaíonn roinnt Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit le hOifig an Uachtaráin. Cuireann Óglaigh na hÉireann agus An Garda Síochána slándáil agus iompar ar fáil don Uachtarán agus eagraíonn an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála taisteal eachtrach an Uachtaráin mar aon le cabhrú le caidreamh leis an gCór Taidhleoireachta agus le hionadaithe stát eachtrach. Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) foireann lónadóireachta agus ghlanta ar fáil, chomh maith le foireann a dhéanann cothabháil ar na tailte agus ar na foirgnimh liostaithe in Áras an Uachtaráin. Baineann soláthar na seirbhísí gaolmhara seo leis na Ranna agus na gníomhaireachtaí ábhartha. In € 1,000 2012
2013
2014
2015
2016
2017
4,448
4,604
4,546
4,748
4,658
5,039
Briseadh síos 2017 chun críocha léiriúcháin Ranna agus Comhlachtaí Stáit a thugann tacaíocht d’Oifig an Uachtaráin
Oifig na nOibreacha Poiblí
An Garda Síochána
Costais in 2017 (€) Cuspóir 800,000
Costais foirne OOP
1,283,000
Cothabháil réadmhaoine
182,000
Leictreachas agus Gás
197,000
Costais taistil: tiománaithe, breosla agus cothabháil Pearsanra Óglaigh na hÉireann fostaithe in Áras an Uachtaráin Costais bainteach le taisteal an Uachtaráin thar lear Liúntas 1938
428,000
An Roinn Cosanta An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
667,000 894,000
Ciste Láir
Pinsin d’Iar-Uachtaráin Tuarastal an Uachtaráin
Oifig an Aire Airgeadais
20,000
Aoisliúntas agus Liúntais ar Scor
564,000
Oifig Náisiúnta Seirbhísí Roinnte
4,000
IOMLÁN
5,039,000
36
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Liúntas 1938 Is é aidhm le liúntas na hUachtaránachta de €317,000 sa bhliain tacú leis an Uachtarán i gcomhlíonadh neamhspleách a d(h)ualgais. Tá an liúntas sin ann ó 1938, faoi réir Acht Teaghlachas an Uachtaráin 1938, agus bhí sé ar fáil do gach Uachtarán ar feadh an 80 bliain atá caite. Tá an liúntas níos lú ná 4% de chostais iomlána na hUachtaránachta. Socraíodh leibhéal reatha an liúntais sa bhliain 1998 agus tá sé á úsáid ó shin chun oscailt Áras an Uachtaráin do líon cuairteoirí as Éirinn agus thar lear atá ag méadú a éascú. Baineadh leas as an liúntas chun costais na 1,584 imeacht ar leith a bhí ar siúl in Áras an Uachtaráin le linn a chéad téarma a chlúdach, Dinnéir Stáit do Cheanna Stáit ar cuairt agus na céadta imeacht a d’óstáil an tUachtarán gach bliain – a bhfuil cur síos déanta ar cuid mhaith díobh sa tuarascáil seo – san áireamh. San iomlán, chuir Áras an Uachtaráin fáilte roimh thart ar 140,000 duine sna seacht mbliana atá caite, nó tuairim is 20,000 duine in aghaidh na bliana. Beidh €238,443 nár caitheadh á sheoladh ar ais chuig an Státchiste roimh dheireadh na bliana seo. Is tearc-chaitheamh carnach ó Uachtaránacht 2011- 2018 atá ansin.
2012 (1)
2013
2014
2015
2016
2017
2018 (2)
€164,873.59
€138,690.58
€133,429.45
€137,947.52
€152,298.62
€141,560.32
€125,589.83
2. Óstáil agus Aíocht (3)
€96,492.81
€71,603.90
€81,080.13
€98,644.12
€98,124.50
€81,979.08
€73,682.70
3. Eile (4)
€40,381.75
€16,638.42
€24,470.18
€15,798.89
€19,395.49
€27,872.16
€7,701.79
Fo-iomlán
€301,748.15
€226,932.90
€238,979.76
€252,390.53
€269,818.61
€251,411.56
€206,974.32
€20,940.84
€21,135.47
€77,440.62
€18,430.40
€13,102.27
€23,186.75
€12,492.85
€4,288.08
€7,242.53
€5,772.26
€6,793.32
€4,577.79
€6,233.21
€4,884.58
Imeachtaí san Áras 1. Bia agus Deoch
Ionadaíocht d’Éirinn thar lear Leabhair, taighde agus stáiseanóireacht
Caiteachas Iomlán €326,977.07 €255,310.90 €322,192.64 €277,614.25 €287,498.67 €280,831.52 €224,351.30 Iomlán Faighte
€361,522.01
€317,433.96
€317,433.96
€317,433.96
€317,433.96
€317,433.96
€264,528.30
Barrachas
€34,544.94
€62,123.06
€-4,758.68
€39,819.71
€29,935.29
€36,602.44
€40,176.55
Barrachas Carnach
€34,544.94
€96,668.00
€91,909.32 €131,729.03 €161,664.32 €198,266.76 €238,443.31
(1)
Don tréimhse 11 Samhain 2011 – 31 Nollaig 2012
()
Don tréimhse 1 Eanáir 2018 – 31 Deireadh Fómhair 2018
()
Táillí siamsóirí agus táillí bainteacha
()
Iompar, bronntanais, agus costais ghaolmhara
2 3 4
37
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Baineadh úsáid as Liúntas 1938 chun cuidiú le costais na n-imeachtaí inmheánacha seo a leanas sa tréimhse 2011-2018 a chlúdach: 6
Cuairteanna Stáit Isteach
44
Ceapacháin
64
Searmanais Chreidiúnaithe
52
Cóisirí Gairdín Téamúla
114
Fáiltithe
209
Lóin/Dinnéir Oifigiúla
33
Cruinnithe Airteagal 28 leis an Taoiseach
22
Fáiltithe (Tae Beag) do shaoránaigh ghníomhacha
332
Turais Ghrúpaí ar Áras an Uachtaráin
708
Cuairteanna Cúirtéise
1,584
Iomlán na n-imeachtaí san Áras
per annum
20,000
Líon measta na n-aíonna a ndearnadh freastal orthu in Áras an Uachtaráin
140,000
Líon na gcuairteoirí ar cuireadh fáilte rompu in Áras an Uachtaráin
38
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
AMLÍNE 2011
Insealbhú an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn 11 Samhain 2011
2012
Nasc Beo chuig Óglaigh na hÉireann sa Liobáin 12 Nollaig 2011
An chéad chruinniú faoi Airteagal 28 idir an tUachtarán Ó hUigínn agus an Taoiseach, Enda Kenny T.D. 13 Eanáir 2012
Seoladh Sheimineár an Uachtaráin “An Óige agus an tÉireannachas” 25 Bealtaine 2012 39
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
2013
Glaoch an Uachtaráin 17 Bealtaine 2013
An tUachtarán Ó hUigínn ag labhairt le Parlaimint na hEorpa 17 Aibreán 2013
Cothrom Lae 75 bliain na hUachtaránachta 25 Meitheamh 2013
2014 An tUachtarán Ó hUigínn ag freastal ar shochraid Nelson Mandela 15 Nollaig 2013
Cuairt Stáit ar an Ríocht Aontaithe 25 Meitheamh 2014 40
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
2014
Fógraíonn an tUachtarán Tionscnamh Náisiúnta na hEitice 19 Aibreán 2014
Cuairt an Uachtaráin ar an Aetóip, an Mhaláiv agus an Afraic Theas 1 Samhain 2014
Cuairt Stáit ar An tSín 7 Nollaig 2014 2015
Aitheasc an Uachtaráin do Chomhairle na hEorpa, Strasbourg 27 Eanáir 2015
Léacht Edward Phelan á tabhairt ag an Uachtarán Ó hUigínn 26 Feabhra 2015 41
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
2015
Cuairt Oifigiúil ar na Stáit Aontaithe 24 Meán Fómhair 2015 2016 Cuairt Stáit ar an bPortaingéil 8 Nollaig 2015
An tUachtarán i láthair ag imeacht i gcomhair daoine muinteartha leo siúd a bhí páirteach in eachtraí 1916 26 Márta 2016
Bláthfhleasc á leagan in onóir na ndaoine a fuair bás le linn eachtraí 1916 27 Márta 2016
An tUachtarán i láthair ag Cruinniú Mullaigh Domhanda na Daonnúlachta, Iostanbúl 24 Bealtaine 2016 42
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
2016
Cuairt Stáit a Shoilse Nicos Anastasiades, Uachtarán Phoblacht na Cipire 18 Deireadh Fómhair 2016 2017 Cuairt Stáit ar Vítneam 6 Samhain 2016
Cuairt Oifigiúil ar an gColóim 11 Feabhra 2017
Cuairt Stáit ar Chúba 15 Feabhra 2017
Ceapann an tUachtarán an Taoiseach, Leo Varadkar T.D. 14 Meitheamh 2017 43
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
2017
Cuairt Stáit ar an Astráil 4 Deireadh Fómhair 2017
2018 Cuairt Stáit ar an Nua Shéalainn 24 Samhain 2017
An tUachtarán ag labhairt le Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 24 Aibreán 2017
Fáiltiú ar siúl in onóir Fhoireann Rugbaí na hÉireann tar éis dóibh an Chathréim Mhór a bhaint 2 Bealtaine 2018
Fáiltiú speisialta á óstáil ag an Uachtarán Ó hUigínn ar son na mban a d’oibrigh sna Neachtlanna Magdalene 5 Meitheamh 2018 44
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
2018
Fáilte á cur ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín roimh a Naofacht, an Pápa Proinsias 15 Lúnasa 2018
Aitheantas á thabhairt do Ivan Cooper agus do cheannairí cearta sibhialta eile, ar chothrom lae 50 bliain de Ghluaiseacht Chearta an Duine 6 Deireadh Fómhair 2018
An lá atá inniu ann
45
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
AGUISÍN 1. Cuairteanna Stáit agus Oifigiúla, 2011 - 2018
2015 An Fhrainc – Eanáir An Tuirc, An Liobáin – Aibreán An Iodáil – Meitheamh An Fhrainc, An Ríocht Aontaithe - Iúil Na Stáit Aontaithe / Na Náisúin Aontaithe – Meán Fómhair Na Stáit Aontaithe – Deireadh Fómhair An Eilbhéis / Na Náisúin Aontaithe – Samhain An Phortaingéil – Mí na Nollag (Cuairt Stáit)
2012 An Ríocht Aontaithe - Feabhra Na Stáit Aontaithe - Aibreán An Pholainn - Meitheamh An Ríocht Aontaithe - Meitheamh An Ríocht Aontaithe - Iúil An Ríocht Aontaithe - Meán Fómhair An Bhrasaíl, an tSile, An Airgintín – Deireadh Fómhair An Ríocht Aontaithe - Samhain
2016 An Ríocht Aontaithe – Aibreán An Tuirc – Bealtaine An Fhrainc, An Ríocht Aontaithe – Meitheamh An Ríocht Aontaithe – Deireadh Fómhair Vítneam – Samhain (Cuairt Stáit) Laos – Samhain
2013 An Iodáil, An Fhrainc - Feabhra An Iodáil, An Fhrainc - Márta An Chróit - Meitheamh (Cuairt Stáit) An Ríocht Aontaithe - Iúil An Ríocht Aontaithe - Meán Fómhair Meicsiceo, El Salvador, Costa Rica – Deireadh Fómhair An Afraic Theas – Mí na Nollag
2017 Peiriú, An Cholóim – Feabhra Cúba – Feabhra (Cuairt Stáit) An Iodáil – Bealtaine An Ríocht Aontaithe – Meitheamh An Nua Shéalainn, An Astráil – Deireadh Fómhair (Cuairt Stáit)
2014 An Ríocht Aontaithe – Aibreán (Cuairt Stáit) Na Stáit Aontaithe, An Ríocht Aontaithe – Bealtaine An Fhrainc, An Bheilg – Lúnasa An Ríocht Aontaithe – Deireadh Fómhair An Aetóip, An Mhaláiv, An Afraic Theas – Samhain An tSín – Mí na Nollag (Cuairt Stáit)
2018 An Ghréig – Feabhra (Cuairt Stáit) Na Stáit Aontaithe / Na Náisúin Aontaithe – Aibreán An Iodáil – Bealtaine An Eilbhís / Na Náisúin Aontaithe – Meitheamh An Laitvia – Meitheamh (Cuairt Stáit) An Liotuáin – Meitheamh
46
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
AGUISÍN 2. Tíortha ar tugadh cuairt orthu 2011-2018 An Airgintín An Astráil An Bhrasaíl An Bheilg An tSile An tSín An Choloím Costa Rica An Chróit Cúba El Salvador An Aetóip An Fhrainc An Ghréig An Iodáil An Laitvia
Laos An Liobáin An Liotuáin An Mhaláiv Meicsiceo An Nua Shéalainn Peiriú An Pholainn An Phortaingéil An Afraic Theas An Eilbhís An Tuirc Vítneam An Ríocht Aontaithe Na Stáit Aontaithe
47
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
AGUISÍN 3. Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin Bunaíodh Oifig an Uachtaráin faoi Bhunreacht na hÉireann agus bunaíodh Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin faoi Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938. Tá an Oifig roinnte in dhá chuid, an Oifig Phríobháideach agus an Rúnaíocht. Tá an tArd-Rúnaí i gceannas na Rúnaíochta agus tá cabhair aige/aici ó Leas-Ard-Rúnaí an Uachtaráin. Is státseirbhísigh
a bhíonn sa Rúnaíocht agus comhlánaíonn siad an Oifig Phríobháideach, mar a mbíonn triúr ceaptha ag an Uachtarán agus Rúnaí Pearsanta an Uachtaráin, ar státseirbhíseach é/í. Tá ceithre phríomhrannóg san Oifig: Prótacal, Seirbhísí Corparáideacha, Cumarsáid agus Scríobh Aitheasc.
Ard-Rúnaí an Uachtaráin
Leas-Ard-Rúnaí an Uachtaráin
Prótacal
Scríobh Óráidí
Cumarsáid
Sirbhísí Corparáideacha
8 mBall Foirne
2 Bhall Foirne
2 Bhall Foirne
9 mBall Foirne
Oifig Phríobháideach an Uachtaráin An tUachtarán
Rúnaí Pearsanta
Comhairleoir
Ceannasaí Cumarsáide
48
ATHBHREITHNIÚ AR AN UACHTARÁNACHT 2011 - 2018
Cúntóir Feidhmeach
ร ras an Uachtarรกin, D08E1W3 www.president.ie
@PresidentIRL