Bliain faoi Bhreithniú - 2019

Page 1

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019

UACHTARÁN NA hÉIREANN THE PRESIDENT OF IRELAND A ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


An tUachtarán Ó hUigínn ag tabhairt aitheasc ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i Nua Eabhrac, Meán Fómhair 2019. Grianghraf: Na Náisiúin Aontaithe

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


CLÁR ÁBHAIR Brollach 04 An Ceann Stáit

06

Fáiltiú Abhaile

14

Cóisirí Gairdín

15

Pangur Bán

19

Guth na hÉireann thar lear

20

Tionscnaimh Speisialta

26

‘Airgead na Céad Bliain’

34

Airgeadas agus Rialachas

36

Aguisín 39

1 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


UIMHREACHA TÁBHACHTACHA 2019

54

Billí a síníodh ina ndlí

60

129

Imeachtaí Stáit agus Bunreachta

482 Teachtaireachtaí ‘Airgead na Céad Bliain’ seolta

6

Tíortha ar tugadh cuairt orthu

124 Ceapacháin déanta leis na Fórsaí Cosanta

19

Contaetha ina bhfreastail an tUachtarán ar imeachtaí pobail

4

Ceannairí Stáit a tháinig ar cuairt chuig Áras an Uachtaráin

141

31

154 Fáiltithe agus seimineáir a eagraíodh d’eagraíochtaí agus grúpaí saoránach 45

Imeachtaí a bhaineann le spórt ar freastalaíodh orthu, lena n-áirítear 35 mórimeacht spóirt

8

Imeachtaí do Dhiaspóra na hÉireann

Óráidí agus Spreagaithisc Cruinnithe le hAmbasadóirí eachtracha a thug a Litreacha Creidiúna

22,000+

Ambasadóirí Éireannacha ceaptha

64

Imeachtaí a óstáladh nó ar freastalaíodh orthu faoi na trí Thionscnamh Speisialta

Cuairteoirí a fáiltíodh ag Áras an Uachtaráin

2 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Suí Speisialta um Chomóradh Céad Bliain Dáil Éireann, Eanáir 2019

3 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


BROLLACH Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le muintir na hÉireann, agus leis na daoine agus na heagraíochtaí ar fad a raibh ról acu sna himeachtaí atá san athbhreithniú seo, as a dtacaíocht leanúnach agus as a bhfuinneamh agus obair chrua leanúnach chun todhchaí lán de chomhionannas, cuimsiú, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht a chruthú.

I mí na Samhna 2018, bhí sé d’onóir agam gur atoghadh mé mar Uachtarán na hÉireann. Mar a rinne mé ansin, ba mhaith liom arís buíochas a ghabháil le muintir na hÉireann as an onóir, an fhreagracht agus an sainordú a thug siad dom – sainordú ar ghlac mé leis le humhlaíocht, díograis agus tiomantas. Teastaíonn uaim a bheith i m’Uachtarán do mhuintir na hÉireann ar fad, is cuma cá bhfuil siad agus i gcibé cúinsí ina bhfuil siad. I rith an fheachtais, i measc tiomantas eile, shocraigh mé athbhreithniú bliantúil a fhoilsiú ina leagfaí amach obair agus raon feidhme Oifig Uachtarán na hÉireann, an céad Uachtarán na hÉireann chun é sin a dheanamh.

Micheál D. Ó hUigínn Uachtarán na hÉireann

I mí na Nollag 2018, d’fhoilsigh m’Oifig ‘Athbhreithniú ar an Uachtaránacht, 2011-2018’, an chéad fhorbhreathnú ar obair Oifig Uachtarán na hÉireann ó bunaíodh an tUachtaránacht i 1938. Sa tuarascáil seo, cuirtear leis an tiomantas do thrédhearcacht agus inrochtaineacht níos mó trí fhorbhreathnú a thabhairt ar choinní, cuairteanna agus caiteachas le bliain anuas, mar aon lena gcomhthéacs bunreachtúil agus téamach. Cuireann an t-athbhreithniú leis an saibhreas faisnéise atá foilsithe cheana ar an suíomh idirlín www. president.ie, a léiríonn obair Uachtarán na hÉireann agus tugtar athbhreithniú ann ar na tosaíochtaí téamacha a fheictear i mo chuid oibre. Tá súil agam go dtabharfar léargas san fhoilseachán seo ar obair Oifig an Uachtaráin agus go gcuirfidh sé le tuiscint níos doimhne ar fheidhmiú Theaghlachas an Uachtaráin agus na daoine agus eagraíochtaí go léir – lena n-áirítear Ranna Rialtais agus comhlachtaí Stáit cosúil le hOifig na nOibreacha Poiblí, An Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann – a thugann tacaíocht ríthábhachtach dom mar Uachtarán, agus d’fheidhmiú Áras an Uachtaráin.

4 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Tá focail tábhachtach. Is féidir le focail gortú. Is féidir le focail leigheas. Is féidir le focail cumhacht a thabhairt. Is féidir le focail deighilt. Óráid glactha, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 28 Deireadh Fómhair 2018

5 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


AN CEANN STÁIT

Ag fáiltiú roimh an Rí Willem-Alexander agus an Bhanríon Máxima ón Ísiltír i rith a gCuairt Stáit chun na hÉireann, Meitheamh 2019

Ar go leor dá chuairteanna, oibríonn an tUachtarán le comhlachtaí cosúil le Fiontraíocht Éireann, Cultúr Éireann, Údarás Forbartha Tionscail Éireann (IDA Ireland) agus Turasóireacht Éireann, le cabhrú le cuideachtaí a bhfuil margaí nua á lorg acu.

Poblacht atá i Stát na hÉireann agus is é an tUachtarán, a thoghann na daoine go díreach, an Ceann Stáit. Bhunaigh Bunreacht na hÉireann 1937 Oifig an Uachtaráin agus forordaítear ról agus cumhachtaí an Uachtaráin sa Bhunreacht.

Ionadaí an náisiúin

Mar aon le Dáil Éireann agus Seanad Éireann, tá an tUachtarán mar chuid den Oireachtas agus tá ról reachtúil aige chun billí a ritheann Tithe an Oireachtais a bhreith agus a shíniú. Ceapann an tUachtarán freisin an Taoiseach agus comhaltaí an Rialtais, breithimh agus ainmnithe chuig roinn post poiblí sinsearacha.

Mar aon le tascanna foirmiúla a chomhlíonadh, tá ról tábhachtach ag an Uachtarán freisin chun ionadaíocht thar ceann náisiún na hÉireann. Mar phríomhionadaí agus ceannaire ar an tír, ní hamháin go bpearsantaíonn an tUachtarán Éire ar an stáitse idirnáisiúnta ach tá sé mar shiombail d’aitheantas, luachanna, tosaíochtaí agus uaillmhianta na hÉireann.

Áirítear le ról taidhleoireachta an Uachtaráin fáilte a chur roimh Cheannairí Stáit eachtracha agus ambasadóirí, agus dul ar cuairteanna thar lear áit a ndéanann an tUachtarán ionadaíocht ar son na hÉireann ag an leibhéal is airde.

Trí labhairt thar ceann an náisiúin nuair a tharlaíonn tragóid náisiúnta nó idirnáisiúnta, nó tráth ceiliúrtha, is féidir leis an Uachtarán guth a thabhairt do mhothúcháin mhuintir na hÉireann. Anuas air sin, trí aird a tharraingt ar obair agus éachtaí daoine agus eagraíochtaí, is féidir leis an Uachtarán aitheantas a thabhairt don mhéid tábhachtach a chuirtear lenár sochaí, agus aird a tharraingt ar théamaí nó gníomhaíochtaí ar leith.

Tá tairbhí tábhachtacha taidhleoireachta ag tionchar an Uachtaráin, a láidríonn tionchar na hÉireann ag eagraíochtaí iltaobhacha cosúil leis na Náisiúin Aontaithe, ach go heacnamaíoch freisin, ag cabhrú chun doirse a oscailt do chuideachtaí, acadóirí agus ealaíontóirí Éireannacha. 6

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Le Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Cornwall, Ionad Gleann Crí don tSíocháin agus don Athmhuintearas, Bealtaine 2019

Thug an tUachtarán Ó hUigínn Aitheasc Aristotle mór le rá ag Stoa ársa san Aithin, Deireadh Fómhair 2019

Fáiltiú roimh Ambasadóirí chuig Áras an Uachtaráin, Eanáir 2019

Ar chuireadh ar Uachtarán Pavlopoulos na Gréige, ghlac an tUachtarán Ó hUigínn páirt i gcruinniú Dheireadh Fómhair 2019 de ghrúpa Arraiolos de Cheannairí Stáit, a tháinig le chéile san Aithin.

7 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Aird a tharraingt ar éachtaí agus téamaí speisialta Trína idirghníomhaíocht rialta le pobail agus eagraíochtaí ar fud na hÉireann, agus trí chruinnithe príobháideacha le réimse leathan daoine, cinntíonn an tUachtarán go mbfuil sé ar an eolas i gcónaí ar chursaí sa tír, agus trí imeachtaí a óstáil ag Áras an Uachtaráin, is féidir leis an Uachtarán aird a tharraingt ar obair eagraíochtaí saoránaigh nó imeachtaí sóisialta agus cultúrtha tábhachtacha. Tá struchtúr curtha ag an Uachtarán Ó hUigínn ar an ngné seo dá chuid oibre feadh roinnt téamaí, a nasctar i dtrí thionscnamh speisialta:

Le roinnt de na ceoltóirí ag an bhFleadh Cheoil i nDroichead Átha. Tugann an tUachtarán Ó hUigínn cuairt go rialta ar an bhFleadh Cheoil, mar aon le bheith mar Phátrún uirthi. Grianghraf: Jenny Matthews

Rannpháirtíocht agus Claochlú – ag díriú ar bhealaí chun spásanna agus córais a athrú ionas go spreagtar agus go gcumhachtaítear gach duine in Éirinn chun páirt a ghlacadh i bpróisis a chuireann cruth ar ár dtodhchaí le chéile. Samhlaíocht agus an Náisiún – Ag léiriú tábhacht na healaíne agus na cruthaitheachta i saol na hÉireann agus ag déanamh ceiliúradh ar a cumhacht le mealladh, dúshlán a thabhairt, claochlú agus cumhachtú. Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte – Tá an tionscnamh seo dírithe ar phlé a spreagadh ar an gcaoi ar féidir rath a bheith orainn uile ar oileán na hÉireann, agus sinn inár gcónaí go síochánta agus meas againn ar ár stair chasta.

Le cuairteoirí chuig an bhFleadh Cheoil, Lúnasa 2019. Grianghraf: Jenny Matthews

An tUachtarán Ó hUigínn ag glacadh buíochais le céadfhreagróirí, Lúnasa 2019. Grianghraf: Jenny Matthews

8 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


I rith an toghcháin, agus fís á tairiscint agam don chéad seacht mbliana eile, labhair mé faoi fíorphoblacht, áit ina bhfuil cónaí orainn le chéile, áit ina bhfuil tiomantas don chomhionannas, do phobail inbhuanaithe láidre, agus an stair a roinnt, cruth a chur ar an todhchaí le chéile; ár leochaileacht a aithint, agus ag tarraingt ar ár gcumas aonair agus comhchoiteann. Óráid insealbhaithe, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 11 Samhain 2018

9 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Rollú an Bhunreachta, Samhain 2019

Reachtaíocht Tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Stáit, is féidir leis an Uachtarán cinneadh a dhéanamh Bille a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí. Má chinneann an Chúirt Uachtarach nach bhfuil an Bille, nó cuid ar bith de, bunreachtúil, diúltaíonn an tUachtarán an Bille a shíniú agus ní achtaítear é. Ach, má chinneann an Chúirt go bhfuil an Bille bunreachtúil, síníonn an tUachtarán an Bille agus bíonn sé ina dhlí. Sa chás seo, faoi Airteagal 34 de Bhunreacht na hÉireann, ní féidir dúshlán a thabhairt do bhunreachtúlacht na reachtaíochta seo, ná aon fhoráil den bhille a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí tráth níos deireanaí.

I rith 2019, bhreithnigh agus shínigh an tUachtarán Ó hUigínn 54 Bille ina dlíthe. Tá Tithe an Oireachtais (Dáil Éireann agus Seanad Éireann) freagrach as reachtaíocht a rith, ach ní bhíonn siad ina ndlíthe go dtí go síníonn an tUachtarán na Billí. Is é ról an Uachtaráin sa chomhthéacs seo breith a dhéanamh ar an bhfuil Billí a chuirtear os a chomhair comhoiriúnach leis an mBunreacht. Ní féidir leis an Uachtarán Bille a chrosadh díreach mar gheall nach n-aontaíonn sé lena fhorálacha, ach seachas Billí Airgeadais nó Billí chun an Bunreacht a leasú, i gcás go mbíonn amhras air maidir le bunreachtúlacht Bhille, is féidir leis é a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí chun cinneadh a dhéanamh ina leith.

Cé nár tharla sé fós, i gcásanna ina mbíonn easaontas idir an Dáil agus an Seanad, is féidir le comhaltaí Oireachtais achainí a dhéanamh ar an Uachtarán gan Bille a shíniú, ar na forais go bhfuil togra ann atá chomh tábhachtach go náisiúnta gur cheart toil na ndaoine a lorg, i bhfoirm reifrinn. Teastaíonn tromlach an tSeanaid agus ar a laghad aon tríú den Dáil chun achainí mar seo a dhéanamh. 10

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Bunreacht na hÉireann

na Cúirte Uachtaraí.” Luaitear sa Bhunreacht “an chóip a bheidh sínithe agus curtha isteach ina hiris amhlaidh agus arb í an téacs is deireanaí, arna ullmhú amhlaidh, in alt na huaire í, beidh sí, ar bheith curtha isteach ina hiris di amhlaidh, ina fianaise dhochloíte ar an mBunreacht seo mar a bheidh ar dháta an chóip sin a chur isteach ina hiris amhlaidh agus, chuige sin, gabhfaidh sí ionad na dtéacsanna uile den Bhunreacht seo a mbeidh cóipeanna díobh curtha isteach ina n-iris amhlaidh roimhe sin.”

I mí na Samhna 2019, shínigh an tUachtarán Ó hUigínn go foirmiúil leagan nuashonraithe den Bhunreacht, chun na hathruithe a rinneadh leis ó 1999 a léiriú. Ba é seo an 6ú huair i stair an Stáit gur tharla a leithéid de “Rollú”. Faoi théarmaí airteagal 25.5 de Bhunreacht na hÉireann, “ó am go ham” síneoidh an tUachtarán cóip nua den Bhunreacht “fíoraithe di le sínithe an taoisigh agus an Phríomh-Bhreithimh, agus ní foláir an chóip sin a chur isteach ina hiris in oifig Iriseoir

Tharla rolluithe níos túisce i 1938, 1942, 1980, 1990 agus 1999.

Tharla rolluithe roimhe seo i 1938, 1942, 1980, 1990 agus 1999.

11 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


An Chomhairle Stáit In Aibreán 2019, bhronn an tUachtarán Ó hUigínn Barántais Cheapacháin ar sheachtar comhalta nua ar an gComhairle Stáit. Comhlacht is ea an Chomhairle Stáit a chruthaigh an Bunreacht, a bhfuil sé mar phríomhaidhm leis comhairle a chur ar an Uachtarán. Folaítear in Airteagal 31 den Bhunreacht ‘beidh comhairle stáit ann chun cabhair is comhairle a thabhairt don Uachtarán i dtaobh gach ní dá gcuirfidh an tUachtarán ina gcomhairle, maidir le hé d’oibriú is do chomhlíonadh na gcumhachtaí is na bhfeidhmeanna a luaitear sa Bhunreacht seo a bheith inoibrithe is inchomhlíonta aige tar éis comhairle a ghlacadh leis an gcomhairle stáit, agus fós chun aon fheidhmeanna eile a bhronntar ar an gcomhairle sin leis an mBunreacht seo a chomhlíonadh.’ Tá an Chomhairle comhdhéanta den Taoiseach, Tánaiste, An Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na Cúirte Achomhairc, Uachtarán na hArdchúirte, An Ceann Comhairle, Cathaoirleach Sheanad Éireann, an tArd-Aighne, iar-Uachtaráin, iar-Thaoisigh agus iar-Phríomh-Bhreithimh, agus suas le seachtar comhalta arna gceapadh ag an Uachtarán. Ba iad na comhaltaí a cheap an tUachtarán Ó hUigínn: · An Dr Cara Augustenborg – Comhalta beartais comhshaoil agus urlabhraí um athrú aeráide · Sinéad Burke – Acadóir, múinteoir, scríbhneoir agus urlabhraí cuimsithe · An Dr Sindy Joyce – Cosantóir Chearta an Duine agus acadóir, an chéad Mincéir in Éirinn a bhain céim PhD amach ·

Maurice Malone – Príomhfheidhmeannach an Birmingham Irish Association

· An Dr Johnston McMaster – Acadóir, diagaire agus léachtóir sa léann síochána agus athmhuintearais agus an eitic shóisialta · An Dr Mary Murphy – Ollamh Comhlach i bPolaitíocht agus Sochaí na hÉireann agus gníomhaí comhionannais · Seán Ó Cuirreáin – Iar-iriseoir, craoltóir agus Coimisinéir Gaeilge

Teastaíonn obair, misneach agus dúthracht chun claochlú agus rannpháirtíocht a bhaint amach. Baineann sé leis an gcaoi a ndéanaimid rannpháirtíocht lena chéile, an chaoi a labhraímid lena chéile ar bhealach atá oscailte ach atá measúil ar éagsúlacht. Óráid insealbhaithe, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 11 Samhain 2018

12 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Gradaim Sheirbhís Oirirc an Uachtaráin d’Éireannaigh Thar Lear

An tUachtarán Ó hUigínn le faighteoirí Ghradaim Sheirbhís Oirirc an Uachtaráin, Samhain 2019

Gach bliain, bronnann an tUachtarán Ó hUigínn Gradam an Uachtaráin as Seirbhís Oirirc ar roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh d’Éirinn agus a thug seirbhís den chéad scoth don tír seo nó do phobail Éireannacha thar lear.

Oibreacha Carthanais · An tAth. Patrick Clarke (An Bhrasaíl) · Bernard Lynch (An Bhreatain) Tacaíocht do Phobal na hÉireann · Jackie Donohoe (SAM)

Cruthaíodh na Gradaim in 2011, mar bhealach chun aitheantas a thabhairt do bhaill de dhiaspóra na hÉireann, agus bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na chéad ghradaim in 2012.

Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt · Sally O’Neill Sanchez (básaithe – Hondúras) Eolaíocht agus Teicneolaíocht · Jocelyn Bell Burnell (An Bhreatain)

Is iad faighteoirí 2019: Na hEalaíona, Cultúr agus Spórt · Ian Gibson (An Spáinn)

· William Howlett (An Tansáin) I rith a théarma, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn béim ar dhomhandachas oidhreacht chultúrtha na hÉireann, suntasacht an diaspóra, agus an stair agus an aitheantas atá againn i gcoitinne “in ainneoin na dteorainneacha, na n-aigéan agus na mílte atá eadrainn”.

· Charlotte Moore agus Ciaran O’Reilly (SAM) Gnó agus Oideachas · Paul Drechsler (An Bhreatain) · Michael Kenneally agus Rhona Richman Kenneally (Ceanada) 13

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


FÁILTIÚ ABHAILE

Scoláirí as Scoil Chill Ruadháin, Cill Ruadháin ag tabhairt cuairt ar Áras an Uachtaráin, Bealtaine 2019

agus do ghrúpaí saoránach. Tá sonraí na n-imeachtaí seo ar fad le fáil ar shuíomh gréasáin an Uachtaráin, www. president.ie

Ó insealbhaíodh é den chéad uair in 2011, agus arís ag tús a dhara téarma, bhí an tUachtarán Ó hUigínn soiléir gur theastaigh uaidh a Uachtaránacht a úsáid chun an machnamh atá le déanamh ar na dúshláin atá roimh shochaí na hÉireann a spreagadh – agus uaillmhian níos mó ag dul i ngleic leo a chuir chun cinn.

Thug an tUachtarán cuirí freisin do na céadta daoine chuig cruinnithe príobháideacha ag Áras an Uachtaráin, i gcomhair pléití ar a dtaithí agus chun iad a spreagadh le leanúint lena ngníomhaíochtaí.

Trí imeachtaí a óstáil ag Áras an Uachtaráin, rinneadh an Uachtarán ceiliúradh ar obair agus éachtaí daoine aonair agus eagraíochtaí a léiríonn an cineál gníomhaíochta a chreideann an tUachtarán atá de dhíth anois.

Taistealaíonn an tUachtarán freisin in Éirinn, chun cuairt a thabhairt ar eagraíochtaí a bhfuil ról tábhachtach acu sa tsochaí. Le linn 2019, d’fhreastail an tUachtarán ar 230 imeacht poiblí ar fud na hÉireann. Bhain formhór na n-imeachtaí seo le haitheantas a thabhairt d’éachtaí eagraíochtaí pobail áitiúla nó náisiúnta, chun léiriú a dhéanamh ar thábhacht an oideachais agus an chumhachtaithe óige, nó ceiliúradh a dhéanamh ar imeachtaí cultúrtha nó stairiúla. D’fhreastail an tUachtarán ar 128 imeacht Stáit nó searmanais freisin.

Tá sé comónta idir na grúpaí agus na daoine ar thug an tUachtarán cuireadh dóibh go bhfuil a gcuid fuinnimh agus acmhainní á n-úsáid acu chun Éire níos fearr a chruthú, ina gcuimsítear agus ina dtugtar aire do gach duine, agus ina bhfuil gach saoránach in ann páirt a ghlacadh i gcinntí a bhfuil tionchar acu orthu. Sa bhliain seo chaite, bhí níos mó ná 150 fáiltiú agus seimineár poiblí óstáilte ag an Uachtarán d’eagraíochtaí 14

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


CÓISIRÍ GAIRDÍN Deis atá sna Cóisirí Gairdín, traidisiún a thosaigh céad Uachtarán na hÉireann, Dubhghlas de hÍde, don Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Áras an Uachtaráin a oscailt agus ómós a léiriú do dhaoine agus eagraíochtaí a bhfuil difríocht déanta acu agus a léiríonn a gcuid oibre tosaíochtaí téamacha na hUachtaránachta. I samhradh 2019, d’fhreastail os cionn 4,000 duine as gach cearn den oileán, agus as gach cúlra, ar imeachtaí i ngairdíní Áras an Uachtaráin. Ba iad a leanas téamaí na bliana: · · · · · ·

Comóradh Céad Bliain na Chéad Dála Ceiliúradh ar Shaol an Teaghlaigh Comhionannas Inscne agus Meas ar Gach Duine a chur chun cinn / Forbairt Inbhuanaithe – Sprioc 5 Lá Bloom – Léiriú Scáileáin agus Scannáin a Cheiliúradh Eagraíochtaí agus Oibrithe Deonacha ag Obair le Dídeanaithe agus Iarrthóirí Tearmainn Rannpháirtíocht agus Claochlú – Ceiliúradh ar AML (USI) agus Macra na Feirme

D’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín freisin ceolchoirm speisialta, cheiliúradh ar Cheol Tíre na hÉireann agus chun aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag eagraíochtaí éagsúla chun pobail tuaithe láidre a chothú agus a fhorbairt ar fud na hÉireann.

An tUachtarán agus Saibhín Uí hUigínn ag fáiltiú baill an ‘St. Nauls Pipe band’ ag Coisir Ghairdín Dáil 100

Ceiliúradh ar Shaol an Teaghlaigh, Meitheamh 2019

Trí Chóisir Ghairdín a óstáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar chéad bliain ó chéad shuí Dháil Éireann i 1919, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh d’aíonna ceiliúradh a dhéanamh ar chruthú na Dála agus rath agus cumas ár ndaonlathais.

15 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag an gceolchoirm ag ceiliúradh Ceol tíre na hÉireann, Meitheamh 2019

Le haíonna ag an gCóisir Ghairdín do Lá Teaghlaigh, Meitheamh 2019

Bhí Trudy Maher ar dhuine d’aíonna an Uachtaráin ag imeacht chun ceiliúradh a dhéanamh ar abhcóideacht agus ar ghníomhaíochas daoine óga, Bealtaine 2019

Le Carmel Ryan agus a mac Vincent ag Cóisir Ghairdín Dáil 100

16 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Muintir na hÉireann, dúirt mé go dteastaíonn glacadh leathan ó phoblacht cheart – atá flaithiúil, cuimsitheach, comhbhách ina bhfuil difríocht nó éagsúlacht mar láidriú dár snáithe sóisialta agus mar fhoinsí féideartha de shaibhreas níos doimhne i gcairdeas, frithpháirteachas, féidearthacht, ina n-aithnítear imní tharchéimnitheach agus atá fréamhaithe i ndaonnacht chomhroinnte agus ní mar fhoinse deighilte. Is féidir agus is gá go mbeadh comhbhá mar bhonn taca lenár gcaidrimh le comharsana i ngar agus i bhfad. Óráid insealbhaithe, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 11 Samhain 2018

17 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Thug níos mó ná 22,000 daoine cuairt ar Áras an Uachtaráin in 2019

Oibriú i bhfoirgneamh liostaithe

Turais ar Áras an Uachtaráin

Teastaíonn cothabháil agus oibreacha caomhnaithe saineolacha seasta ó Áras an Uachtaráin, a tógadh i 1751. Tasc casta agus fíneálta is ea aire a thabhairt d’fhoirgneamh atá beagnach 270 bliain d’aois, agus caithfear gach deisiúchán nua a dhéanamh agus aird ar na hábhair agus na teicnící tógála traidisiúnta chomh maith le caighdeáin sábháilteachta na 21ú haois.

Is é Áras an Uachtaráin áit chónaithe oifigiúil agus phríobháideach Uachtarán na hÉireann. Ó ghlac sé oifig, tá iarrachtaí déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn fáilte a chur roimh dhaoine chuig an Áras, ag imeachtaí a d’óstáil sé agus trí thurais treoraithe a chur ar fáil. Eagraíonn Oifig na nOibreacha Poiblí na turais agus bíonn siad ar siúl beagnach gach Satharn. Tá na turais saor in aisce.

Le bliain anuas, theastaigh obair chothabhála leis an bpríomh-halla, Seomra na Comhairle Stáit agus leis leabharlann, agus i Meán Fómhair theastaigh deisiúcháin chun damáiste uisce leis na ballaí agus na síleálacha sa phríomhfhoirgneamh. Thug fir agus mná ó Oifig na nOibreacha Poiblí faoi na hoibreacha seo.

Ó thús 2019, réitíodh turais trí mhéan Theanga Chomharthaíochta na hÉireann freisin. Cosúil leis na turais sceidealaithe ar an Satharn, leithdháiltear ticéid do na himeachtaí seo ar bhonn ‘tagann do sheal mar a thagann tú féin’, ó Ionad Cuairteoirí Pháirc an Fhionnuisce ag Caisleáin Bhaile an Ásaigh.

D’iarr an tUachtarán Ó hUigínn freisin ar an OOP/OPWtabhairt faoi iniúchadh iomlán ar an úsáid fhuinnimh, an bainistíocht dramhaíola, an bainistíocht uisce agus an bithéagsúlacht ar thailte Áras an Uachtaráin. Tá an iniúchadh seo le déanamh d’fhonn Feidhmíocht Chomhshaoil an Árais a fheabhsú, laistigh de chomhthéacs foirgneamh atá cosanta agus lena mbaineann suntas stairiúil.

Is féidir le cuairteoirí chuig Áras an Uachtaráin anois tabhairt faoi thuras ar an ionad cuairteoirí nua sa teach, a críochnaíodh in 2019. Tugann an t-ionad cuairteoirí forbhreathnú idirghníomhach ar stair an Árais, ról na hUachtaránachta agus cúlra gach duine den naonúr Uachtarán ar Éirinn.

18 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


PANGUR BÁN

An t-ealaíontóir Imogen Stuart at suiteáil ‘Pangur Bán’ ag Áras an Uachtaráin, mí na Nollag, 2019

In 2019, cuireadh tús le hobair chun suiteáil ealaíne a chur isteach ag Áras an Uachtaráin. Tugadh an saothar ealaíne ‘Pangur Bán’ leis an ealaíontóir cáiliúil Éireannach Imogen Stuart, isteach ina gcodanna ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath chuig baile an Uachtaráin, áit ar cuireadh ar ais le chéile é lena nochtadh in Eanáir 2020. Tá an tsuiteáil ealaíne ó 1976 bunaithe ar an dán ón 9ú haois, a scríobhadh i nGaeilge agus a fuarthas i lámhscríbhin i mainistir Naomh Pól san Ostair. Tá go leor ealaíontóirí an-tógtha leis an dán, agus thug go leor údar faoi aistriúcháin ar an dán go Béarla. Is é an tsuiteáil de chuid Imogen Stuart an ceann is déanaí i sraith saothar ealaíne poiblí a thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn chuig Áras an Uachtaráin, lena n-áirítear an dealbhóireacht a coimisiúnaíodh do chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916, ‘Dearcán na nDaoine – The People’s Acorn’ le Rachel Joynt, agus ‘The Plough and the Stars’ (An Camchéachta), leis an dealbhóir John Behan.

19 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


GUTH NA HÉIREANN THAR LEAR I rith an chuairt ar na NA, bhí os cionn 20 cruinniú déthaobhacha ag an Uachtarán Ó hUigínn le Cinn eile Stáit nó Rialtais. Níos déanaí sa bhliain, i mí Dheireadh Fómhair, bhuail an tUachtarán le 13 Uachtarán neamhfheidhmeannach eile, ag cruinniú san Aithin de Ghrúpa Arraiolos d’Uachtaráin Bhallstáit an AE.

Mar Cheann Stáir, cuid thábhachtach de ról an Uachtaráin is ea ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ar an stáitse domhanda. Tá sé mar aidhm ag an Uachtarán Ó hUigínn teagmháil a dhéanamh le muintir na hÉireann ar fud an domhain. Ar a chuairteanna eachtracha i rith 2019 chuig an gCipir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Liobáin, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe – bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le hionadaithe ó raon éagsúil de mhuintir agus eagraíochtaí na hÉireann, chun buíochas a ghabháil leo as a n-iarrachtaí agus chun a bhuíochas a léiriú as an gcaoi a ndéanann muintir na hÉireann ionadaíocht thar ceann na hÉireann thar lear. I rith na bliana, lean an tUachtarán Ó hUigínn lena chuid oibre ag láidriú cáil idirnáisiúnta na hÉireann, agus ag léiriú an tábhacht a bhaineann le méadú an chomhoibrithe domhanda agus muid ag dul i ngleic le dúshláin ár linne. Ag a chruinnithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta, d’athdhearbhaigh an tUachtarán Ó hUigínn tiomantas na hÉireann don chóras iltaobhach idirnáisiúnta, bunaithe ar rialacha. Mhaígh sé, gur mar Stát beag, go mbreisítear agus nach laghdaítear flaitheas agus folláine eacnamaíoch na hÉireann trína bheith rannpháirteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Ag leagan fleisce ar Martyrs’ Square i mBéiriút, Deireadh Fómhair 2019

I Meán Fómhair 2019, labhair an tUachtarán Ó hUigínn le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chun béim a leagan ar an tábhacht atá ag Éire leis na NA agus an córas iltaobhach, agus chun gníomh práinneach ar dhúshláin dhomhanda cosúil leis an athrú aeráide agus cothú na síochána a iarradh. Ina óráid, dúirt an tUachtarán gur fhréamhaigh Éire a beartas eachtrach leis na NA, ar ar thug an tUachtarán “institiúid speisialta ina bhfuair náisiúin le saoirse nua baile tar éis a streachailt don neamhspleáchas, ag teacht amach ó scamall oidhreachta agus díchumtha an t-impiriúlachas.”

Ag bualadh le coimeádaithe síochána NA sa Chipir, Deireadh Fómhair 2019

20 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag féachaint ar chartlann na nÉireannach i Learpholl, le Catherine Morris ag Liverpool Central Library

Ag tabhairt cuairt ar thrúpaí na hÉireann i ndeisceart na Liobáine, Deireadh Fómhair 2019

Leis an Uachtarán Steinmeier, le linn Cuairt Stáit chun na Gearmáine i mBeirlín, Iúil 2019

Leis an Seansailéir Feidearálach Merkel, Beirlín, Iúil 2019

21 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag cur fáilte roimh Ionadaithe Buana bhallstáit na NA chuig Áras an Uachtaráin, Samhain 2019

Le hArd-Rúnaí Ginearálta na NA António Guterres, ag cruinniú NA maidir le tionchar an athraithe aeráide ar stáit bheaga oileán, Meán Fómhair 2019.

Ag tabhairt cuairt ar an gCoiste um Dhaoine ar Iarradh sa Chipir, Deireadh Fómhair 2019

22 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Thug an tUachtarán Pavlopoulos ón nGréig cuireadh don Uachtarán Ó hUigínn tabhairt faoi Chuairt Stáit chun a thíre i nDeireadh Fómhair 2019

Cuairteanna Stáit agus Oifigiúla in 2019

I rith 2019, bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le réimse eagraíochtaí idirnáisiúnta agus grúpálacha tíortha idirnáisiúnta, lena n-áirítear:

I rith 2019, thug an tUachtarán Ó hUigínn faoi Chuairteanna Stáit chuig an nGearmáin (Iúil; 20 imeacht) agus an Chipir (Deireadh Fómhair; 11 imeacht), agus Cuairteanna Oifigiúla chuig an Ríocht Aontaithe (Feabhra; 11 imeacht), na Stáit Aontaithe (Meán Fómhair; 26 imeacht), An Ghréig (Deireadh Fómhair; 9 n-imeacht) agus an Liobáin (Deireadh Fómhair; 9 n-imeacht).

• Cónaidhm Idirnáisiúnta Chumainn na Croise Deirge agus an Chorráin Dheirg (Deireadh Fómhair) • Stáit Bheaga Oileánda i mBéal Forbartha (Meitheamh, Meán Fómhair) • UNHCR (Iúil agus Samhain) • Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (Deireadh Fómhair) • UNIFIL (Deireadh Fómhair) • UNWRA (Deireadh Fómhair) • An Clár Domhanda Bia (Deireadh Fómhair) • An Eagraíocht Domhanda Turasóireachta (Meitheamh)

D’óstáil an tUachtarán freisin Cuairteanna Stáit ó Rí agus Banríon na Sualainne (Bealtaine), Rí agus Banríon na hÍsiltíre (Meitheamh), agus Uachtarán Chúba (Deireadh Fómhair), mar aon le Cuairt Oifigiúil ó Uachtarán na Séiséal (Meitheamh). 23

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag buaileadh le 13 Cinn Stáit ag an Grúpa Arraiolossan Aithin (Deireadh Fómhair 2019)

An Daonlathas a Chosaint

neamhionannas i sochaithe a laghdú.

Thug Uachtarán na Poblachta Heilléanach, H.E. Prokopios Pavlopoulos cuireadh don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Aitheasc Aristotle 2019 a thabhairt san Aithin.

I samhradh 2019, thug an tUachtarán Ó hUigínn faoi Chuairt Stáit ar an nGearmáin – an chéad chuairt den chineál sin ag Ceann Stáit Éireannach ó 2008.

Is é Aitheasc Aristotle, a thug Uachtarán na Gréige agus Ard-Rúnaí na NA Kofi Annan cheana, buaicphointe Fóram Daonlathach na hAithne, arna óstáil faoi choimirce Uachtarán na Poblachta Heilléanach agus arna eagrú i gcomhar leis an New York Times, Na Náisiúin Aontaithe agus Cathair na hAithne.

Bhí an Chuairt Stáit dírithe ar chaidreamh déthaobhach a láidriú agus comhoibriú polaitiúil agus taidhleoireachta níos láidire a chothú ag leibhéal idirnáisiúnta. Thaisteal an tUachtarán Ó hUigínn chuig ceithre Stát feidearálacha agus bhuail sé le ceannairí i réimsí na polaitíochta, an ghnó, na n-ealaíon agus na heolaíochta, agus léiríodh tacaíocht dó d’Éirinn agus do mheonta na hÉireann.

Ina aitheasc, a thug sé 18 mí tar éis Cuairt Stáit an Uachtaráin chuig an nGréig, labhair an tUachtarán Ó hUigínn ar chroí-choincheapa an daonlathais, agus ghair sé ar “pharaidím éiceolaíochta-sóisialta” nua chun an damáiste sóisialta agus comhshaoil a chúlú agus chun

“Más é ról na cuairte Stáit na naisc a láidriú, ceangail a fhoirmiú idir dhá thír, idir muintir dhá thíre, tá do mhisean curtha i gcrích”, a dúirt Uachtarán na Gearmáine leis an Uachtarán Ó hUigínn ag deireadh an dara lá de chuairt trí lá.

Tá smaointe tábhachtach agus insíonn an stair dúinn go raibh agus go bhfuil fós an frith-intleachtúlachas ina arm ag fórsaí údarásaíocha agus frith-dhaonlathacha in go leor páirteanna dár domhain comhroinnte, leochaileacha. Óráid insealbhaithe, Caisleán Bhaile Átha Cliath, 11 Samhain 2018 24 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Agus muid ag maireachtáil tríd an tréimhse seo, ag iarraidh éalú ón indibhidiúlachas dian, tréimhse inar ceistíodh coincheap an tsochaí féin agus gur sainmhíníodh as an nua é go cúng agus go díspeagúil, nuair atá an spás poiblí tráchtearraithe san oiread sin tíortha, caithfimid teacht le chéile chun cumas choinsiasacht na héiceolaíochta, an riachtanais dhaonna, na dínite, mear ar fhoinsí fírinne agus sóláis, réasúnaithe agus nochta a chomhoibriú agus a spreagadh. Aitheasc le Teach Ionadaithe na Cipire, Deireadh Fómhair 2019

25 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


TIONSCNAIMH SPEISIALTA

Le foireann agus cónaitheoirí Chumann Tithíochta an Chlúid, Márta 2019

Rannpháirtíocht agus Claochlú Tá sochaí níos cuimsithí a chur chun cinn mar bhunchloch ag obair an Uachtaráin Ó hUigínn. Creideann sé go daingean go bhfuil luach le tabhairt ag gach duine in Éirinn agus go láidrítear an tsochaí nuair a thacaíonn sé le héagsúlacht taithí agus meonta na ndaoine, agus nuair a chuireann siad cruth ar an tsochaí. Faoi thionscnamh “Rannpháirtíocht agus Claochlú”, d’fhreastail nó d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn ar iomlán 28 imeacht ar leithligh i rith 2019. Tacaíonn an tionscnamh le tábhacht na rannpháirtíochta, agus leagtar béim ar na baic shuntasacha le rannpháirtíocht atá roimh an oiread daoine. Áirítear leis na baic seo aonrú, eisiamh agus idirdhealú. Ní hionann comhionannas a bhaint amach agus deiseanna a chruthú don duine aonair amháin. Baineann sé leis an chaoi a n-athraímid ár spásanna agus ár gcórais lena chinntiú go dtiomáineann agus go spreagann siad cuimsiú go gníomhach. Áirítear sa tionscnamh seo dá bhrí sin dhá shnáithe chomhlántacha: Ceann ina ndírítear ar dhaoine agus a rannpháirtíocht; an dara ceann ag díriú ar institiúidí agus a gclaochlú.

Muintir na hÉireann, gabhaim buíochas ó chroí libh arís. Is é seo bhur n-uachtaránacht agus oibreoidh mé ar bhur son agus in éindí libh i dtreo todhchaí lán le comhionannas, rannpháirtíocht, cuimsiú, samhlaíocht, cruthaitheacht agus inbhuanaitheacht. Le chéile a rachaimid chun tosaigh. Óráid insealbhaithe, 11 Samhain 2018

26 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Samhlaíocht agus An Náisiún I rith 2019, d’fhreastail nó d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn ar 27 imeacht a bhain le tionscnamh “Samhlaíocht agus An Náisiún”, atá dírithe ar ról cumhachtach agus claochlaithe na healaíne agus na cruthaitheachta in éabhlóid na hÉireann mar phoblacht agus smaoineamh. Tá ról tábhachtach ag na healaíona cruthaitheacha chun snáitheanna an t-am atá caite, an t-am i láthair, agus an t-am atá le teacht i saol na hÉireann a thabhairt le chéile, tá siad in ann cíor thuathail na staire a réiteach, tugann siad faoi shnáitheanna folaithe inár bhfabraic shóisialta agus féidearthachtaí don todhchaí a fhí. Tugann ealaín an deis dúinn machnamh a dhéanamh ar thaithí éagsúla, san am a caitheadh agus san am i láthair, fianaise a thabhairt, leigheas a dhéanamh agus gairm chun gnímh. Tá sí idirghlúineach go bunúsach – ag cur ar chumas daoine naisc agus comhráite a bhunú agus a athnuachan ag amanna éagsúla agus cúinsí síorathraitheacha. Tá an tionscnamh Samhlaíocht agus an Náisiún bunaithe ar na téamaí a chuir an tUachtarán Ó hUigínn chun cinn mar chuid dá fhís d’Éirinn, lena n-áirítear Rannpháirtíocht Chothrom agus Pobail Inbhuanaithe. Tarraingíonn sé aird ar riachtanas ealaín agus cruthaitheacht i saol comhaimseartha na hÉireann agus an chumhacht atá acu daoine a mhealladh, dúshláin a thabhairt dóibh, iad a chlaochlú agus a chumhachtú. Déanann an tionscnamh ceiliúradh ar ócáidí na cruthaitheachta coitinne i saol na hÉireann– chun poblacht níos cothroime agus todhchaí comhroinnte níos fearr a shamhlú agus a bhaint amach.

Dealbh a nochtadh in onóir Luke Kelly, Eanáir 2019

27 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte

a bhaineann lenár gcaidreamh le pobail na Breataine, pobail na hEorpa agus muintir an comhphobal domhanda a chosaint agus a dhoimhniú. Díríodh a chruinnithe agus a chuairteanna thar lear ar fad ar chaidreamh idirnáisiúnta agus idirphobail a láidriú.

Tá tionscnamh ‘Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte’ dírithe ar phlé cuimsitheach a spreagadh ar an gcaoi ar féidir rath a bheith orainn uile ar oileán na hÉireann, agus sinn inár gcónaí go síochánta agus meas againn ar ár stair chasta.

Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt do smaointeoirí ó chúlraí, pobail agus grúpaí cultúrtha éagsúla chuig Áras an Uachtaráin, ag oibriú chun caidreamh dearfach a chothú idir gach duine ar an oileán, agus lenár gcomharsana. Léirítear i dtionscnamh ‘Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte’ spiorad agus rún Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cuireann sé le hobair iontach a n-ailtirí lena chinntiú go bhfanann athmhuintearas lárnach inár dtodhchaí d’ainneoin an brú féideartha ar fhorbairt idirnáisiúnta agus neamhchinnteachtaí polaitiúla.

Tá cabhair chun dea-chaidreamh measúil, síochánta a chothú idir daoine agus pobail an oileáin seo ag croílár thionscnamh “Éire Chomhroinnte, Oileán Comhroinnte” an Uachtaráin.

Le bliain anuas, d’fhreastail nó d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn ar naoi n-imeacht a bhain leis an Tionscnamh Speisialta seo. Ó insealbhaíodh é mar Uachtarán na hÉireann in 2011, labhraíodh an tUachtarán Ó hUigínn ar an tábhacht

Ag oscailt Áras Uí Chongaile i mBéal Feirste, mí Aibreáin 2019. Grianghraif: Kelvin Boyes

28 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Leis an Dr Mary Murphy, an tOll. Mariana Mazzucato, agus an tOll. Ian Gough ag seimineár maidir le Smaoineamh arís ar Ról an Stáit, Samhain 2019

Smaoineamh arís ar an nGeilleagar

atá Cuimsitheach agus Inbhuanaithe a chothú’, faoi chathaoirleacht an Dr Mary Murphy as Ollscoil Mhá Nuad. S’éard a bhí i gceist ná plé bunaidh ar conas “paraidím éiceolaíochta-sóisialta” a chur chun cinn, rud atá an tUachtarán ag labhairt faoi, chun an damáiste sóisialta agus timpeallachta a chúlú, neamhionannas a laghdú agus an baol ina bhfuil comhtháthú sóisialta a laghdú.

Óna insealbhú in 2011, tá iarracht déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn díospóireacht phoiblí níos mó a chur chun cinn maidir le hathrú sochaíoch, ag plé le roinnt ábhar suntasacha. Ar cheann de na phríomhthéamaí sin tá beartas eacnamaíocht a eisiúint agus déanamh beartais. In go leor dá chuid óráidí, labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoin tábhacht a bhaineann le tuiscint níos fearr, agus rannpháirtíocht phoiblí a chur chun cinn maidir le beartas eacnamaíoch, próisis chinnteoireachta, agus na beartais a d’fhéadfadh teacht in ionad na mbeartas sin ar fhás neamhionannas agus bagairtí leis an bpláinéad mar thoradh orthu.

Ina chur i láthair, mhaígh an tUachtarán Ó hUigínn go n-iarrtar orainn glacadh le dúshláin na géarchéimeanna idirnasctha, óna dteastaíonn comhobair intleachtach agus comhfhiosacht ina dtaobh. Thug an tOllamh Gough breac-chuntas ar an tslí ar féidir le paraidím mhalartach, fréamhaithe i gcoincheap an riachtanais dhaonna, tacú le comhionannas inscne agus le dáileadh ioncaim, saibhris agus acmhainní ar shlí níos cothroime agus phléigh an tOllamh Mazzucato an fáth nach mór do theoiric na heacnamaíochta dul ar shiúl ó dheisiú teipeanna an mhargaidh i dtreo chruthú agus mhúnlú na margaí go gníomhach ar leas an phobail.

Leis an tionscnamh speisialta nua seo, tá an tUachtarán ag iarraidh spásanna agus gníomhaíochtaí a spreagadh a éascóidh na céimeanna riachtanacha i dtreo múnlaí nua forbartha a bhfuil sainmhíniú as an nua orthu, eacnamaíocht, éiceolaíocht, eitic agus comhtháthú sóisialta a chothromú.

I rith 2019, d’óstáil nó d’fhreastail an tUachtarán Ó hUigínn ar sé imeacht eile a bhain leis an tionscnamh nua seo.

I mí na Samhna 2019, d’óstáil an tUachtarán seimineár maidir le ‘Athmhacnamh ar ról an Stáit maidir le Geilleagar 29

ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag Cuimhneamh ar an bPaindéim Fliú Mór I mí Bealtaine 2019, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn seimineár chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain ón bpaindéim fliú mór i 1918-1919. D'ionfhabhtaigh an paindéim 1918-1919, ar a dtugtar an Fliú Spáinneach air go forleathan, timpeall 500 milliún duine ar fud an domhain – 800,000 díobh in Éirinn – agus mharaigh sé 3-5% de dhaonra an domhain. Meastar gur mharaigh an phaindéim 23,000 duine in Éirinn. Agus Éire ag déanamh ceiliúradh ar “Dheich mBliana de Chomóradh Céad Bliain”, chun cuimhneamh ar na himeachtaí móra sa tréimhse idir 1912-1922, thug an tUachtarán cuireadh do thaighdeoirí, scoláirí agus iriseoirí chun comóradh a dhéanamh paindéim an Fhliú Spáinnigh céad bliain ó shin. ‘Comóradh an Fhliú Mhóir 1918-1919’ a bhí mar theideal ar an seimineár agus labhair Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn; An Dr Ida Milne, Léachtóir i Stair na hEorpa ag Coláiste Cheatharlach; An Dr Patricia Marsh, Coimeádaí in Oifig na dTaifead Poiblí i dTuaisceart Éireann (PRONI); agus an tOllamh Guy Beiner, ollamh le stair nua-aimseartha in Ollscoil Ben-Gurion sa Negev.

Gaisce – Gradam an Uachtaráin Clár féinfhorbartha do dhaoine idir 15-25 is ea Gaisce. Arna bhunú i 1985, dúshlán díreach atá sa chlár ó Uachtarán na hÉireann do dhaoine óga na hÉireann chun a ndícheall a dhéanamh le difríocht a dhéanamh sa tsochaí. Óna chéad insealbhú in 2011, thacaigh an tUachtarán Ó hUigínn go láidir le clár Gaisce, mar chuid dá dhíriú ar an saoránacht ghníomhach agus sochaí níos cuimsithí a chur chun cinn, ag glacadh buíochais d’oibrithe deonacha Gaisce as a gcuid obair phobail agus a dtacaíocht le grúpaí sochaí sibhialta, agus léirigh sé an ról tábhachtach atá ag Ceannairí Ghradam an Uachtaráin, a threoraíonn na daoine óga chun a mbuanna a fhorbairt. Agus eolas beacht aige ar an tábhacht a bhaineann le rochtain a shíneadh ar an gclár, tá Gaisce á spreagadh ag an Uachtarán Ó hUigínn chun béim níos mó a leagan ar dhul i ngleic le fir agus mná óga faoi mhíbhuntáiste, trí chlár “Dúshlán an Uachtaráin” a leathnú chun daoine atá in ionaid choinneála agus in ionaid soláthair dhírigh a áireamh. Mar aon le boinn Óir a bhronnadh ar 77 fear agus bean óg i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i mí na Nollag, le bliain anuas, bhronn an tUachtarán ó hUigínn gradaim ar rannpháirtithe Gaisce i bPríosún Lár na Tíre agus i dTeach Loughan agus i Meitheamh thug sé cuireadh d’ionadaithe ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus Gaisce chuig Áras an Uachtaráin, chun comóradh a dhéanamh ar an gcomhoibriú atá ag fás idir an dá eagraíocht. Tá tuarascáil mhionsonraithe faoin imeacht ar fáil ar www.president.ie

30 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


I mí Feabhra 2019, thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar chuimhneachán chun comóradh a dhéanamh ar bhuamáil tithe tábhairne Birmingham i mí na Samhna 1974. Dhear an t-ealaíontóir Anuradha Patel an cuimhneachán i lár Birmingham agus tá trí chrann miotail ann ar a bhfuil ainmneacha na n-íospartach. Nochtadh an cuimhneachán ag deireadh 2018 agus ba thionscadal é arna thiomáint ag an Birmingham Irish Association, le tacaíocht ó theaghlaigh íospartach agus an Líonra Iarnróid. I mí Dheireadh Fómhair 2019, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn imeacht do theaghlaigh a bhí i mbun feachtais do cheartas íospartach na buamála in Birmingham, agus d’ionadaithe ó Ionad Gleann Crí don tSíocháin agus don Athmhuintearas.

31 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag ceiliúradh obair thaighdeoirí ban na hÉireann, 8 Márta 2019

Laethanta na mBan

cibé ar taighdeoirí óga iad ag tús a ngairmeacha, nó saineolaithe a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu.

Gach bliain déanann an tUachtarán Ó hUigínn iarracht imeacht a óstáil chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 8 Márta, Lá Idirnáisiúnta na mBan:, agus gach bliain, roghnaíonn an tUachtarán téama éagsúil don imeacht seo.

I rith na bliana, d’óstáil an tUachtarán raon imeachtaí dírithe ar chumhachtú na mban a spreagadh agus a cheiliúradh, agus léirigh sé ómós freisin le heagraíochtaí agus tionscnaimh dírithe ar fhoréigean in aghaidh na mban a laghdú.

In 2019, d’úsáid an tUachtarán Ó hUigínn imeacht Lá Idirnáisiúnta na mBan chun aird a tharraingt ar obair na mban sna heolaíochtaí. Bhí sé mar aidhm leis an bhfáiltiú ag Áras an Uachtaráin manna idirnáisiúnta an lae ‘Cothromaíocht chun Feabhais’a chur i bhfeidhm, sa saol acadúil, ag leagan béim ar éagsúlacht sa saothar acadúil agus ag léiriú ómóis ar shaothar taighdeoirí ban na hÉireann.

Chun comóradh a dhéanamh ar 16 Lá Gníomhaíochta agus an Lá Idirnáisiúnta um Fhoréigean in aghaidh na mBan a Dhíothú i mí na Samhna, d’óstáil an tUachtarán Ó hUigínn fáiltiú de Chumann Idirnáisiúnta na mBan Bhaile Átha Cliath. Bhí an t-imeacht ar cheann de shraith imeachtaí ag ar léirigh an tUachtarán saincheist thábhachtach an fhoréigin inscne-bhunaithe, agus d’úsáid an tUachtarán Ó hUigínn an fáiltiú chun aird a tharraingt ar an bhfíric go maraíonn a bpáirtithe nó baill teaghlaigh 50,000 bean gach bliain.

Go hidirnáisiúnta, agus go náisiúnta in Éirinn, ní bhíonn dóthain ionadaíochta ag mná san eolaíocht agus sa saol acadúil. Ní mná ach 30% de thaighdeoirí eolaíochta ar fud an domhain. Moltar sa taighde go bhfuil roinnt cleachtas sa saol acadúil ina gcúis leis an neamhionannas inscne seo, lena n-áirítear eagrú líonra an tsaoil acadúil, an chaoi a dtógtar sármhaitheas acadúil, agus an easpa córas tacaíochta neamhfhoirmiúil do mhná. Díríodh imeacht an 8 Márta ar thabhairt faoin bpointe deiridh seo, trí áit a thabhairt do thaighdeoirí ban le bualadh le chéile agus taithí a roinnt. Thug an tUachtarán agus Saidhbhín Ó hUigínn cuireadh do 150 taighdeoir chuig Áras an Uachtaráin, chun ceiliúradh a dhéanamh ar luach na heolaíochta agus an saothar a dhéanann eolaithe baineanna,

Ag bualadh le Cumann Idirnáisiúnta na mBan Bhaile Átha Cliath, Samhain 2019

32 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


An tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar cuairt ar Lios Tuathail ag ceilúradh an bua a bhí ag an baile i gComórtas na Bailte Slachtmhara, Bealtaine 2019

33 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


‘AIRGEAD NA CÉAD BLIAIN’ Thosaigh Dubhghlas de hÍde i 1940 an traidisiún ina bhfaigheann daoine a shroicheann a 100ú breithlá bronntanas € 2,540 ón Stát agus teachtaireacht speisialta ó Uachtarán na hÉireann, chun lá breithe sona a ghuí orthu agus comhghairdeas a ghabháil leo as a fad saoil. In 2006, chinn an Rialtas na critéir incháilitheachta don scéim a shíneadh ionas go bhféadfadh gach saoránach Éireannach a rugadh ar oileán na hÉireann bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Ón 1 Eanáir 2000, tá ceiliúradh déanta ag Uachtarán na hÉireann ar lá breithe daoine atá os cionn 100 bliain d’aois. Ar a 101ú breithlá agus gach breithlá ina dhiaidh sin, faigheann an duine bonn comórtha speisialta i mbosca bronntanais, mar aon le litir chomhghairdis sínithe ag an Uachtarán. Deartar bonn nua do gach bliain. Tá a n-uimhreacha liostaithe ar leithligh ó fhigiúirí 2019 d’fhaighteoirí na Teachtaireachta Céad Bliain.

Teachtaireachtaí Céad Bliain Eisithe in 2019 Iomlán Éire Thar lear

481 374 107

Baineann Baineann

307 88

Fireann Fireann

67 19

646 537 109

Baineann Baineann

450 100

Fireann Fireann

87 9

Bonn 2019 Iomlán Éire Thar lear

34 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Ag ceilúradh na Spriocanna Forbartha Inbuanaithe, Nua Eabhrac, Mean Fómhair 2019

35 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


AIRGEADAS AGUS RIALACHAS Bunaítear Oifig an Uachtaráin i mBunreacht na hÉireann, agus leagtar amach ról an Uachtaráin agus a liúntais lena mbaineann in Acht Teaghlachas an Uachtaráin 1938. Leagann an tOireachtas amach an buiséad le haghaidh Oifig an Uachtaráin, ar bhonn bliantúil, faoi Vóta 1. Leagtar amach caiteachas faoin gceannteideal seo go bliantúil sa chuntas Leithreasa, a ndéantar iniúchadh neamhspleách air agus a fhoilsíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C). Déanann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a hiniúchadh faoin údarás a thugtar di san Acht um an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993 agus de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta ar Iniúchadh (ISAnna) mar a scaipeann na hEagraíochta Idirnáisiúnta Uasfhoras Iniúchóireachta agus rialacha agus nósanna imeachta cuntasaíochta arna leagan síos ag an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tugtar ráthaíocht neamhspleách san iniúchadh, trí thuairim iniúchta a thuairisciú, go léiríonn an Cuntas Leithghabhála i gceart fáltais agus caiteachais an Vóta don bhliain reatha cuntasaíochta. Foilsítear sonraí caiteachais ag Oifig an Uachtaráin freisin ar shuíomh gréasáin Áras an Uachtaráin, www.president. ie. In 2019, áiríodh orthu seo €1,712,000 ar thuarastail agus pá, agus €1,258,000 ar Airgead na Céad Bliain, a íoctar le saoránaigh na hÉireann sa bhaile agus thar lear a shroicheann 100 bliain d’aois. In € 1,000s 2018

2019*

1,717

1,712

Taisteal agus cothú

184

87

Oiliúint, Forbairt agus TFC

352

327

87

64

156

195

1,093

1,258

(90)

(78)

3,499

3,565

Tuarastail, pá agus liúntais

Postas agus Cumarsáid Innealra Oifige agus Soláthairtí Airgead na Céad Bliain Leithreasaí i gcabhair IOMLÁN

Cuntais neamhiniúchta. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Leagtar leibhéil foirne, agus tuarastail gach ball d’fhoireann an Uachtaráin, de réir scálaí pá agus socruithe na státseirbhíse. Íoctar gach costas tuarastail ó Vóta ginearálta an Uachtaráin agus dá bhrí sin, tuairiscítear iad chuig an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste – agus iniúchann sé iad ar bhonn bliantúil. Tá feidhm Iniúchadh Inmheánach do Theaghlachas an Uachtaráin ag an Aonad Iniúchadh Inmheánach i Roinn an Taoisigh ó 2012/2013. Tá sé de dhualgas ar an gCoiste um Iniúchadh comhairle neamhspleách a thabhairt maidir le hoiriúnacht agus láidreacht córais agus nósanna imeachta um rialú inmheánach na heagraíochta. Tá anailís ar na rioscaí airgeadais lena nochtar Oifig an Uachtaráin mar bhonn agus taca lena chuid oibre agus tá sé mar aidhm aige freisin príomhrialuithe a chlúdach ar bhonn rollaithe thar thréimhse réasúnach. Tháinig an Coiste le chéile ceithre huaire in 2019 agus cuireadh an clár oibre iniúchta a d’aontaigh an Coiste Iniúchta in 2018 i bhfeidhm in 2019. 36 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Seirbhísí Gaolmhara Tacaíonn roinnt Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Stáit le hOifig an Uachtaráin. Cuireann Óglaigh na hÉireann agus An Garda Síochána slándáil agus iompar ar fáil don Uachtarán agus cuireann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádáil in áirithe agus eagraíonn siad taisteal eachtrach an Uachtaráin. Tugann Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) aire don fhoirgneamh liostaithe, Áras an Uachtaráin, agus cuireann siad na seirbhísí ar fad ar fáil a theastaíonn do na himeachtaí ar fad a tharlaíonn san Áras. Bainistíonn an OPW freisin na gairdíní foirmiúla, agus na gairdíní glasraí agus cistine orgánacha deimhnithe a chuireann torthaí, glasraí agus bláthanna ar fail le húsáid ag go leor imeachtaí a reáchtáiltear in Áras an Uachtaráin. Déanann Tithe an Oireachtais Caiteachas Ranna agus Oifigí Rialtais chun tacú leis an Uachtarán a fhormheas gach bliain, faoi bhuiséid na Ranna agus Oifigí rialtais iomchuí, tuairiscithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar bhonn bliantúil.

37 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Liúntas 1938 Tá liúntas bliantúil na huachtaránachta €317,000 sa bhliain féilire ann le tacú le hobair na hUachtaránachta. Tá an liúntas i bhfeidhm ó 1938, faoi théarmaí Acht Teaghlachas an Uachtaráin 1938, agus bhí sé ar fáil do gach Uachtarán le 80 bliain anuas. Leagadh amach an méid reatha i 1998 (faoi I.R. Uimh. 67/1998) Úsáidtear an liúntas chun costais bhreise nach gclúdaítear in aon áit eile i Vóta an Uachtaráin agus cabhraíonn sé le cur ar chumas gach Uachtaráin a Uachtaránacht féin a leagan amach. Le blianta beaga anuas, úsáideadh an liúntas seo le tacú le fáilteachas do suas le timpeall 20,000 duine a thugann cuairt ar Áras an Uachtaráin gach bliain, Dinnéir Stáit do Cheannairí Stáit ar cuairt, agus na céadta imeachtaí a óstálann an tUachtarán ag Áras an Uachtaráin gach bliain. Chun trédhearcacht a bhreisiú a thuilleadh, bunaíodh Coiste Maoirseachta Airgeadais, agus tháinig siad le chéile roinnt uaireanta i rith na bliana.

2018-2019* Imeachtaí intí 1. Bia agus Deochanna

€ 175,226

2. Fáilteachas agus Siamsaíocht

€ 118,573

3. Iompar, Bronntanais agus Costais Ghaolmhara

€ 13,875

Fo-iomlán

€ 307,674

Ionadaí na hÉireann Thar Lear

€ 13,764

Leabhair, taighde, stáiseanóireacht agus postas

€ 13,310

Caiteachas iomlán

€ 334,748

Iomlán a fuarthas

€ 370,340

Barrachas *)

€ 35,592

Don tréimhse 11 Samhain 2018 – 31 Nollaig 2019

Baineann na figiúirí seo le caiteachas faoi Liúntas 1938 don tréimhse 11 Samhain 2018 – 31 Nollaig 2019. I rith an tréimhse faoi athbhreithniú, thug 22,307 duine cuairt ar Áras an Uachtaráin. I rith na seacht mbliana dá chéad téarma oifige, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh 140,000 duine chuig Áras an Uachtaráin, agus clúdaíodh na costais fáilteachais a bhaineann leis na cuairteanna seo faoi Liúntas 1938. Ag deireadh a chéad téarma, thug an tUachtarán ar ais na codanna den Liúntas nár caitheadh, iomlán de €238,443, chuig an státchiste, agus leagadh amach é seo sa tuarascáil Athbhreithniú ar an Uachtaránacht, arna fhoilsiú in 2018. Ar an gcaoi chéanna, ag deireadh a théarma reatha, in 2025, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn ar ais aon chistí ón Liúntas nach gcaitear.

38 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


AGUISÍN Oifig Phríobháideach an Uachtaráin An tUachtarán

Rúnaí Pearsanta

Comhairleoir

Ceannasaí Cumarsáide

Cúntóir Feidhmeach

3. Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin Bunaíodh Oifig an Uachtaráin faoi Bhunreacht na hÉireann agus bunaíodh Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin faoi Acht Teaghlachas an Uachtaráin, 1938. Tá an Oifig roinnte in dhá chuid, an Oifig Phríobháideach agus an Rúnaíocht. Tá an tArd-Rúnaí i gceannas na Rúnaíochta agus tá cabhair aige/aici ó Leas-Ard-Rúnaí an Uachtaráin. Is státseirbhísigh a bhíonn sa Rúnaíocht agus comhlánaíonn siad an

Oifig Phríobháideach, mar a mbíonn triúr ceaptha ag an Uachtarán agus Rúnaí Pearsanta an Uachtaráin, ar státseirbhíseach é/í. Tá ceithre phríomhrannóg san Oifig: Prótacal, Seirbhísí Corparáideacha, Cumarsáid agus Scríobh Aitheasc.

Ard-Rúnaí an Uachtaráin

Leas-Ard-Rúnaí an Uachtaráin

Prótacal

Scríobh Óráidí

Cumarsáid agus T.E.

Sirbhísí Corparáideacha

8.5 FLA

2 FLA

2.3 FLA

5 FLA

39 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


40 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


Tá an foilseachán seo ar fáil faoi cheadúnas oscailte. Is féidir le léitheoirí an foilseachán seo a chóipeáil. a fhoilsiú, a dháileadh agus a tharchur, chomh fada is go luaitear an foinse go sonrach agus go soiléir. Ní féidir an foilseachán seo a úsáid chun críche aon chuspóirí polaitiúla nó tráchtála, agus ní cheadaítear lógó Uachtarán na hÉireann ná Teaghlachas an Uachtaráin a úsáid. Caithfidh aon tríú páirtí cead a iarraidh ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann chun aon ábhar cóipchirt san fhoilseachán seo a úsáid. Tá an foilseachán seo ar fáil trí www.president.ie Ba cheart aon fhiosrúcháin maidir leis an bhfoilseachán seo a sheoladh chugainn leis na sonraí teagmhála atá ar fáil ag www.president.ie Muna luafar a mhalairt, cóipcheart gach griangraif ag Áras an Uachtaráin/Maxwell Photography 41 ATHBHREITHNIÚ AR AN mBLIAIN 2019


ร ras an Uachtarรกin, D08E1W3 www.president.ie

@PresidentIRL


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.