2 minute read
CHUILE RUD CEANGAILTE... ITHIR, FEITHIDÍ, BLATHANNA BIA...
Samhradh álainn te a tá ann i mbliana, agus is séasúr garraíodóireachta é. Suas agus síos an talamh tá daoine ag cur bláthanna agus ag baint torthaí agus glasraí; gabhaimid buíochas as torthúlacht na talún…nó b’fhéidir nach ndéanaimid:
Faraor a rá, is cosúil go minic go mbaineann “garraíodóireacht” nuaaimseartha níos mó faoi bhás agus scrios ná ceiliúradh na beatha; ach tá a fhios ag garraíodóirí tiomnaithe agus feirmeoirí, nuair a bhíonn an saol faoin talamh sláintiúil agus éagsúil, go n-éiríonn le feithidí beatha os cionn na talún agus go bhfuil an talamh níos torthúla agus níos athléimní.
Léiríonn staidéar nua go bhfuil baictéir, péisteanna, ciaróga agus orgánaigh eile a chónaíonn faoin talamh díreach chomh tábhachtach leis an saol os cionn na talún nuair a thagann sé le sláinte iomlán na n-éiceachóras.
“Tá a fhios againn go bhfuil an bhithéagsúlacht tábhachtach os cionn na talún, ach níl a fhios ag go leor daoine cé chomh tábhachtach agus atá bithéagsúlacht faoi thalamh,
Ní mór dúinn ár n-aird a dhíriú ar na miocrorgánaigh seo faoin dromchla más mian linn tuiscint níos fearr a fháil ar na héiceachórais a bhfuilimid ag brath orthu,"
Is maith an rud é go bhfuil tuiscint ag leathnú ar thábhacht na n-éiceachóras dúchasach; ach caithfimid a bheith ar ár gcosaint in aghaidh “dathúlacht” mar thosaíocht.
Tá an iomarca gruaimhíní féir maisithe anois le bláthanna ioldaite - fiailí arbhair; ach cé go bfhuil siad dathúil, ni fhásfadh siad sna h-áiteanna sin óna nádúr féin. mar an gcéanna, is féidir le gach duine a bheith maoithneach faoi Panda i bhfad i gcéin, nó iora rua ag filleadh ar choillte na hÉireann.
Níl sé chomh soiléir sin go bhfuil an meas céanna tuillte ag drúchtíní agus seilmidí, ciaróga, fiailí agus caonaigh. Déanta na fírinne, le gach coiscéim a ghlacaimid beidh coirp feithidí beaga á mbrú faoi chois: ag tiomáint ár gcarranna, beidh na gaothscáthanna clúdaithe le coirp marbh cuileoga, míoltóga, leamhain agus go leor eile. Marbh uilig!
Is é seo an iarmhairt “Splatometer” a bhfuil cáil air, agus sa lá atá inniu ann tá i bhfad níos lú corpáin bheaga ar an ghloine mar gheall ar úsáid fhorleathan feithidicídí ceimiceacha.
Nuair a bhíonn feithidí i mbaol, tá an ithir i mbaol freisin.
Nuair a thugann tú cuairt ar shiopa crua-earraí, féach ar na céadta galún de nimh leachtach, - agus déan crith.
“Maraigh na caonacha, na foichí, na beacha gabhair, na nóiníni…” -- tá an ithir ag mionú; ní mór dúinn ár n-ionchais a shimpliú ar gach bealach.
Mar sin, más mian leat rud éigin úsáideach a dhéanamh don phláinéid, cuir tús le do chúlchlós féin: in ionad na faiche aonspeicis sin gan fiailí, lig don ithir áitiúil na bláthanna féaraigh a thairiscint, as a banc síolta féin.
Cad a tharlaíonn má líonann sí suas le fiailí garbh, iarrann tú? Fan tamall…is bláthanna fiáine dúchasacha iad seo a bhogann isteach i spásanna nua; ach de bharr ama - agus comharsana maithe,- beidh siad ar aon dul le plandaí níos lú agus níos éagsúla.
Fág an ithir lei féin ionas gur féidir le giosta, ocsaigin agus nítrigin í a dhéanamh torthúil go nádúrtha. Is féidir liom a ráthú go mbeidh iontas taitneamhach agat i measc na bláthanna!
Agus nuair a chasann tú anonn ar chloch, bíodh lúcháir ar gach créatúr a fheiceann tú.