An tAire Ruairí Ó Cuinn TD: Táim tiomanta don ruaig a chur ar bhulaíocht homafóbach agus trasfóbach as na scoileanna seo againne. I bPlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht de chuid na ROS is gné thábhachtach í obair BeLong To maidir leis an tSeachtain Feasachta ar a dtugtar Seas an Fód. Sin é an fáth go bhfuiltear á mhaoiniú agus á thacú. Tá fhios againn gurb iad claonta ar nós homafóibe is bunchúis le roinnt mhaith den bhulaíocht a bhraitheann daltaí scoile. Sa tslí seo is cabhair í an feachtas seo saol agus taithí scoile a lán daoine óga a fheabhsú. Bunaithe ar an dtaighde atá déanta go dtí seo tuigtear go ndéantar leatrom níos minicí ar dhaltaí LADT agus mar sin is orthu siúd atá Seas an Fód dírithe. Ní ceart ar chúis ar bith go mbeadh aon duine óg thíos leis nó go gcuirfí isteach ar a chuid oideachais toisc go bhfuil claon ina éadan. Táim ag tnúth go mór lena bheith ag obair le BeLong To chun scoileanna a dhéanamh níos sábháilte do dhaltaí LADT. Le chéile is féidir linn bata agus bóthar a thabhairt don bhulaíocht atá homafóbach agus trasfóbach. (Ar ócáid a sheolta, Seas an Fód, Marta 2013.)
Minister Ruairi Quinn TD, and Hubert Loftus, DES, at the launch of the DES Anti-Bullying Procedures, September 2013
Gabhaimid buíochas leis an ROS as Seas an Fód 2014 a thacú go flaithiúil
Cúlra. Seas an Fód! Seachtain Feasachta in aghaidh bulaíochta atá homafóbach agus trasfóbach. 10iú – 14ú Márta 2014
Seas an Fód - Seachtain Feasachta: molta i bPlean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht de chuid na ROS.
Múscail do mhisneach! Conas an beart seo a úsáid Céad fáilte chuig Seas an Fód. Cúis mhór áthais dúinn go dteastaíonn uait go gcuirfeadh do scoilse daltaí LADT ar a suaimhneas agus go ndéanfaí gairdeas rompu. An-áis go deo is ea Seas an Fód chun dearcadh fáilteach a chothú do scoláirí uile na scoile.
‘Seachtain Feasachta chun seasamh suas i gcoinne na Bulaíochta Homafóbaí de dheasca an riachtanais aitheanta atá ann chun an bhulaíocht a chomhrac i gcoinne daoine óga LADT nó daoine óga a cheaptar gur daoine óga LADT iad, ba chóir don ROS tacú leis an bhfeachtas Feasachta chun Seasamh Suas. Aidhm an tionscnaimh seo ná an bhulaíocht homafóbach agus trasfóbach a chosc agus a chomhrac i scoileanna: • tríd an gcairdeas agus tacaíocht do scoláirí LADT i measc scoláirí eile a mhéadú; • tríd an bhfeasacht i dtaobh scoláirí LADT a ardú i measc scoláirí eile, múinteoirí, príomhoidí, agus daoine eile i bpobal uile na scoile; • an meas don éagsúlacht agus d’fhéiniúlachtaí LADT a mhéadú; • an dóchúlacht go dtuairisceoidh scoláirí LADT faoin mbulaíocht; • laghdú a dhéanamh, dá réir, ar an mbulaíocht agus scoiteacht choimhdeach, féindochar, an claonadh féinmharfach, agus deacrachtaí meabhairshláinte i measc scoláirí LADT. Moltaí, Plean Gníomhaíochta ar an mBulaíocht de chuid na ROS, Eanáir 2013, lthch. 115.
Tugann Seas an Fód faoi bhulaíocht atá homafóbach agus trasfóbach tré chairdeas a chothú idir daltaí LADT agus daoine óga eile. Fáiltítear romhat an beart seo Seas an Fód a úsáid ar shlite atá oiriúnach dod’ scoilse: Feách ar roinn na nGníomhaíochtaí chun teacht ar thuairimí maidir le daltaí a mhúineadh. Féach ar an gCúlra agus míneoidh sé cad ina thaobh go bhfuil gá le Seas an Fód. Tá tuairimí sa Chúlra chomh maith a léireoidh conas Seas an Fód a úsáid chun gnásanna na ROS i leith na bulaíochta a chur i gcrích. Tá DVD sa bheart seo a bhfuil trí ghearr video ann (tá fáil ar threoirlínte maidir le cúrsaí a phlé i roinn na nGníomhaíochtaí.)
Seas an Fód 2014! Maoinithe ag an ROS agus Tacaithe ag Pairtnéirí Oideachais
Tá súil againn go dtaispeánfaidh tú na postaeir ar chlár fógraí atá feiceálach go maith – rud a chuirfidh go mór le fáilteachas na timpeallachta.
Is mór an onóir dúinn go bhfuil tacaíocht faighte ag Seachtain Feasachta Seas an Fód in aghaidh bulaíochta atá homafóbach agus trasfóbach ós na heagraíochtaí seo thíos: • • • • • • • • • •
Go raibh maith agat! Carol-Anne O’Brien Seirbhísí Óige BeLonG To www.belongto.org
Cumann na Scoileanna Pobail agus Cumsitheach Cumann Meánmhúinteoirí Éireann Bord Oideachais agus Oiliúna Éireann Oideachas le Chéile Institiúid Treoirchomhairleoirí Aontas Scoláirí Dara Leibhéal na hÉireann Aontas na mBord Bainistíochta Cumann na bPríomhoidí agus na bPríomhoidí Tánaisteacha Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí – iarbhunoideachasAontas Múinteoirí Éireann
Tá Seas an Fód tacaithe go flaithiúil ag An Roinn Oideachais agus Scileanna, agus faightear breis tacaíochta ó ESB Electric Aid agus The Ireland Funds
Molaim do gach aon iarbhunscoil a bheith páirteach in Seas an Fód An tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Ó Cuinn, TD, Márta 2012.
1
Stand Up 2014 Why Do We Need Stand Up?
Cad ina thaobh go bhfuil gá le Seas an Fód?
Conas is féidir le Seas an Fód cabhrú led’ scoilse?
1. Rátaí arda bulaíochta atá homafóbach agus trasfóbach i scoileanna na hÉireann Sa bhliain 2013 dúirt an Roinn Oideachais agus Scileanna [ROS] gur thuairiscigh ar an meán 27.3% de pháistí in Éirinn go ndearnadh tromaíocht orthu (lthgh. 19-20). Anuas air sin thug an Plean Gníomhaíochta le fios go bhfuair taighde a rinne an Lárionad Taighde Leanaí gur fhulaing 50% de dhaoine LADT ar a rinneadh suirbhé a ghlac páirt sa staidéar taighde bulaíocht i scoileanna. (lthch. 26)
Tugann Gnásanna Frithbhulaíochta de chuid na ROS an-chur síos ar dhea-nósanna maidir le cosc ar bhulaíocht. Orthu siúd tagraítear do chultúr dearfach a bheith i réim sa scoil. Meabhraíonn na Gnásanna go gcothaítear cultúir dhearfacha tré: 6.5.4 Ba cheart do thionscnaimh agus do chláir a dhíríonn ar fheasacht agus ar thuiscint ar bhulaíocht homafóbach agus ar bhulaíocht trasfóbach a chothú i measc na ndaltaí. Slite samplacha ina bhféadfadh scoileanna dul i ngleic le bulaíocht homafóbach agus le bulaíocht trasfóbach is ea póstaeir LADT a bheith ar chláir fógraí, ráitis ina gcuirfí fáilte roimh dhaoine LADT agus ina léireofaí meas ar bhaill LADT de phobal na scoile a phlé le tuismitheoirí, an acmhainn Oideachas Sóisialta, Pearsanta, Oideachais (OSPS), Ag Fás mar Dhuine LADT, a mhúineadh agus a bheith páirteach in imeachtaí chun feasacht a mhúscailt ar cheisteanna LADT.
2. Tionchar ar Mheabhairshláinte Déanann Plean Gníomhaíochta ar an mbulaíocht de chuid na ROS tagairt do thorthaí Lárionad Taighde Leanaí agus fuarthas nasc soiléir idir bulaíocht homafóbach agus trasfóbach agus deacrachtaí tromchúiseacha meabhairshláinte i measc dhaoine LADT sa mhéid is: • go raibh féinghortú déanta ag 27% de na daoine LADT ar a rinneadh suirbhé, uair amháin ar a laghad ina saol. • gur smaoinigh breis agus 50% de dhaoine LADT (faoi bhun 25 bliana) ar a rinneadh suirbhé go dáiríre faoina mbeatha a chríochnú. • go raibh iarracht ar fhéinmharú déanta ag beagán faoi bhun 20% de dhaoine LADT (faoi bhun 25 bliana) ar a rinneadh suirbhé (lch.38)
Ceanglaítear ar gach Bord Bainistíochta polasaí frithbhulaíochta a cheapadh agus a ghlacadh go foirmiúil roimh dheireadh an tarna téarma sa scoilbhliain 2013/2014. Má ghlacann do scoilse páirt in Seas an Fód dob fhéidir é a chur san áireamh mar chuid de pholasaí na scoile chun cultúr dearfach a chothú sa timpeallacht. Is féidir le Seas an Fód cabhrú led’ scoilse riachtanaisí Ghnásanna Frithbhulaíochta na ROS a shásamh!
3. Na daltaí is leochailí Pléitear i gcáipéis de chuid na ROS dar dáta Meán Fómhair 2013 daltaí áirithe atá níos leochailí seachas a chéile ó thaobh na tromaíochta de. Ar na grúpaí daltaí is leochailí tagraítear do dhaltaí leispiacha, aeracha, déghnéasacha agus trasinscne (LADT). (4.3)
Cé hiad BeLonG To? Eagraíocht náisiúnta is ea Seirbhísí Óige BeLong To chun fhreastal ar dhaoine óga atá leispiach, aerach, déghnéasach nó trasinscneach (LADT). Tá BeLonG To t’réis gréasán d’aosanna óga a bhunú i mBaile Átha Cliath agus timpeall na hÉireann (feic thíos) agus tugann siad tacaíocht nach beag d’ógánaigh LADT. Anuas air sin oibríonn BeLonG To le ranna rialtais agus le pairtnéirí oideachais chun dul i ngleic le bulaíocht atá homafóbach agus trasfóbach. Ina measc siúd a thugann airgead do BeLonG To tá An Roinn Oideachais agus Scileanna, An Oifig Náisiúnta um Fhéinmharú a Chosc (FSS) agus An Roinn Gnóthaí agus Óige. Tá fáil ar a thuilleadh eolais ach féachaint ar: www.belongto.org
Cad iad dualgaisí na scoile? I bPlean Gníomhaíochta ar an mbulaíocht de chuid na ROS tagraítear dos na Na hAchtanna um Stádas Comhionann agus meabhraítear: • go bhfuil cosc ar chiapadh ar aon cheann de na naoi bhforas inscne (lena n-áirítear trasinscneach), • go bhfuil cosc ar chiapadh gnéasúil. • go bhfuil na toirmisc seo i bhfeidhm ar ghnéithe uile de shaol na scoile, mar shampla, seomraí ranga, páirceanna imeartha nó turais scoile. • nach féidir le scoileanna ligean do scoláirí scoláirí eile a chiapadh. Baineann an toirmeasc seo leis an bhfoireann, le tuismitheoirí nó le duine ar bith a bhfuil an ceart acu a bheith sa scoil, lena n-áirítear cuairteoirí scoile, foirne spóirt nó foirne díospóireachta ar cuairt. • Faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann, is féidir scoileanna a bheith faoi dhliteanas as aon chiapadh a dhéanann a gcuid foirne nó eile cibé ar deineadh é le cead na scoile nó nár deineadh. • go bhfuil sé tábhachtach a nótáil freisin go mbaineann na hAchtanna um Stádas Comhionann do na scoileanna uile, beag beann ar éiteas reiligiúnda (Plean Gníomhaíochta lthgh 54-56.) ROS: Ciorcalán 045/2013 agus Gnásanna Frithbhulaíochta • Cuireann Ciorcalán 045/2013 de chuid na ROS in iúl go gceanglaítear ar gach Bord Bainistíochta socruithe a dhéanamh láithreach chun beartas frithbhulaíochta a cheapadh agus a ghlacadh go foirmiúil agus ní mór don bheartas géilleadh go hiomlán do riachtanais na ngnásanna seo….roimh dheireadh an tarna téarma sa scoilbhliain 2013/2014 (lch. 2) • Deirtear go neamhbhalbh sna Gnásanna Frithbhulaíochta de chuid na ROS a foilsíodh i Meán Fómhair 2013 nach mór straitéisí coiscthe bulaíochta déileáil go sainráite le bulaíocht bunaithe ar aitheantas lena n-áirítear bulaíocht hómafóbach agus bulaíocht thrasfóbach (lch. 4).
Bí i dteagmháil linn má tá aon cheist nó tuairim agat i dtaobh Seas an Fód: Carol Anne O’Brien, Stiúrthóir Abhchóideachta David Carroll, Stiúrthóir Feidhmiúcháin T: 01 6706223 ~ E: info@belongto.org ~W: www.belongto.org Gabhann BeLonG To buíochas ó chroí leo siúd a d’aistrigh a bhfuil thuas. Ní neart go cur le chéile!
Action Plan On Bullying Report of the Anti-Bullying Working Group to the Minister for Education and Skills January 2013
2
Saincheist Thromchúiseach maidir le Cosaint Leanaí
Labhraíonn Daltaí Trasinscneacha go hoscailte*
Saincheist Thromchúiseach maidir le Cosaint Leanaí – Bulaíocht Homafóbach
Labhraíonn Daltaí Trasinscneacha go hoscailte*
Sa bhliain 2013, d’fhoilsigh oifig an Rapporteur Speisialta um Chosaint Leanaí, an tUasal Séafra Ó Seanáin, an Séú Tuarascáil don Oireachtas. Tuarascáil úrnua atá sa Séú Tuarascáil; don chéad uair déanann an Tuarascáil trácht ar dhliteanas scoileanna maidir le bulaíocht agus déanann sé measúnú ar bhulaíocht homafóbach ó thaobh cosaint leanaí de. Rinne an Rapporteur Speisialta meastachán ar an taighde a théann i ngleic le fairsinge bulaíocht atá homafóbach nó trasfóbach i scoileanna na hÉireann agus thug sé aire don tionchar millteach a bhíonn ag a leithéid ar dhaoine óga, ach go háirithe maidir le deachrachtaí meabhairshláinte – féindochar agus iarracht ar fhéinmharú ina measc.
Is daltaí scoile iad aos óg Trans agus tá siad i scoileanna ar fud na hÉireann. Gabhtar buíochas le muintir IndividualiTy a chabhraigh linn na cúig phointí thíos a fhorbairt. Cuirfidh an méid seo go mór le sábháilteacht agus uileghabhálacht sna scoileanna. • Glacaimid leis go mbíonn meas níos mó orainn nuair a úsáideann an fhoireann an t-ainm nó an forainm a roghnáimid féin. • Bheimis buíoch díot ach caoineas a dhéanamh linn maidir leis na héadaí scoile agus an seodra a chaithimid maraon le fad ár ngruaige. • Fiafraigh dínn cad atá uainn ó thaobh seomraí leithris agus seomraí feistis de. Tharlódh sé gurb é an seomra atá oiriúnach don dá ghnéas is mó a bheadh tóir air. • Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí aitheantas do chaidreamh príobháideach (maraon le hiarratas ar fhreastal ar scoil eile) • Bheimis buíoch díot ach Polasaí Frithbhulaíochta na scoile a chur i bhfeidhm. ( Tacaíonn daltaí LADT go mór leis an dearcadh seo. BeLongTo)
An tUasal Séafra Ó Seanáin, Rapporteur Speisialta um Chosaint Leanaí Tugann an tUasal Ó Seanáin an t-athfhriotal seo a leanas ó iaruachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa: ‘Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta in Éirinn maidir le cultúr an chomhionannais agus maidir le haitheantas agus glacadh le fir agus le mná aeracha, tá fós foshruth ann a bhaineann le leatrom agus le naimhdeas nach mór do dhaoine óga aeracha a aimsiú mar chosc agus mar bhac. Do dhaoine aeracha, fionnachtain atá sa homaighnéasachas agus ní cinneadh atá ann, ach fionnachtain a dhéantar i gcoinne cúlra inár áirítear teaghlaigh, cairde agus an tsochaí i gcoitinne, áit a mbíonn teagmháil acu le dearcaí frithaeracha – dearcaí nach dtugann cabhair dóibh déileáil go hoscailte sláintiúil lena gcuid gnéasachta féin. D’fhéadfaimis agus ba chóir dúinn na dearcaí a spreagann bulaíocht de gach cineál a dhíchoimisiúnú agus ach go háirithe na dearcaí a ghortaíonn go mór daoine homaighnéasacha’. (lch. 104) I Moladh 2.4.2, deir an Rapporteur Speisialta um Chosaint Leanaí: Moltar gur chóir bulaíocht homafóbach agus trasfóbach i scoileanna a bheith meastaithe mar cheist cosanta leanaí. Mar sin, ní mór do scoileanna aghaidh a thabhairt ar bhulaíocht homafóbach agus trasfóbach trí bhearta coisc agus idirghabhála dian a ghlacadh. Léiríonn an Séú Tuarascáil ón Rapporteur Speisialta braistint láidir le soiléireacht agus práinne maidir leis an ciapadh laethúil agus leis an bhforéigean a bhíonn le fulaingt ag mic léinn LADT agus iad siúd a bhraitear a bheith LADT. Is féidir cóip den Séú Tuarascáil a fháil ag: www.dcya.gov.ie/documents/Publications/SixthRapporrteurReport.pdf
3
Ceachtaí agus Acmhainní Cruthú Aeráide Dearfach Scoile Ocht Smaoineamh don tSeachtain ‘Seas an Fód’
5. Iarr ar gach dalta sa scoil cur síos a dhéanamh ar phíosa páipéir maidir le smaoineamh amháin a cheapann siad a bheadh fabhrach le timpeallacht scoile dearfach a chruthú agus a chuirfeadh cosc ar bhulaíocht homafóbach agus trasfóbach. Comhordaigh na freagraí. Cuir achoimre aon leathanaigh ar smeach-chairt i halla na scoile i rith seachtain ‘Seas an Fód’.
1. Pléigh Seachtain Feasachta LADT, ‘Seas an Fód’, ag cruinnithe foirne; chun eolas cúlra ar BeLonG To a fháil, taispeáin an gearrthóg físe 5 nóiméad, Ten Years of BeLonGing (i bpacáiste ‘Seas an Fód’). 2. Taispeáin na póstaeir a bhaineann le ‘Seas an Fód’ ar chláir fógraí feiceálacha sa scoil! - Bíodh na póstaeir le feiceáil i rith na bliana.
6. Iarr ar na daltaí léirmhínithe ealaíonta a dhéanamh ar théama ‘Seasamh Suas’ nó ‘Tacaíocht’, m.sh. d’fhéadfaidis grianghraf de scafall, ag tabhairt tacaíocht do fhoirgneamh, a thógáil. Bíodh taispeántas dá gcuid oibre sa scoil i rith seachtain ‘Seas an Fód’. (Buíochas do ghrúpa óige LADT Loch Garman don smaoineamh seo).
3. Coinnigh Tionól ar ábhar ‘Seas an Fód’! Taispeáin an dá físeáin 4 nóiméad, Stand Up for Jen (bulaíocht cíbear homafóbach) agus Stand Up! Don’t Stand for Homophobic Bullying (ar DVD i bpacáiste ‘Seas an Fód’). 4. Bíodh ócáid ‘Úsáid Cailce’ agaibh! Tabhair cuireadh do mhic léinn na scoile cailc dhaite a úsáid chun focail a scríobh nó pictiúir a tharraingt ar chosáin an bhaile i rith seachtain ‘Seas an Fód’! Tig leo teachtaireachtaí dearfacha faoi dhaoine óga LADT agus faoin chairdeas a scríobh. (Buíochas le grúpa óige LADT i nDún na nGall don smaoineamh seo).
7. Bíodh daltaí na scoile páirteach sa phróiseas Polasaí FrithBhulaíochta a bhunú sa scoil chun freastal ar riachtanais Nósanna Imeachta nua Frith-Bhulaíochta na Roinne. 8. Ag baint úsáid as olann i sé dathanna de Bhratach Bogha Ceatha an LADT (dearg, oráiste, buí, glas, gorm agus corcra,) iarr ar na daltaí rostbhandaí a shníomh i rith seachtain ‘Seas an Fód’. (Buíochas do Loch Garman / Guaire).
Machnaigh air seo!
Glacann Gardaí Dhún na nGall páirt i Seachtain Fheasachta Seas an Fód, Márta, 2012.
4
Ceacht 1: Teanga urramach do dhaoine LADT a fhoghlaim
Aidhm: Chun sainmhínithe agus focail urramacha a thabhairt do dhaoine óga maidir leis na téarmaí seo: leispiach, aerach, déghnéasach agus daoine trasinscneacha.
Cad atá le déanamh: • Chun tús a chur leis an ábhar cuir in iúl do na daltaí go gcloisimid go minic focail dhiúltacha maidir le daoine aeracha agus daoine trasinscneacha - agus úsáidtear na téarmaí seo chun daoine a náiriú.
Ábhair Riachtanacha: Pinn, páipéar, liosta de na Focail LADT nuashonraithe.
• Tugann an ghníomhaíocht oideachais seo deis chun na focail dhearfacha, maidir le daoine LADT, a fhoghlaim.
Am ag teastáil: 20 - 30 nóiméad. • Roinn na daoine óga ina mbeirteanna, tabhair ceann amháin nó dhá cheann de na focail LADT do gach grúpa, agus iarr orthu teacht suas le sainmhíniú maith ar na téarmaí, dar leo. • Tar éis 15 nóiméad tabhair na grúpaí ar ais le chéile agus bíodh díospóireacht acu ar bhrí na bhfocal, ag déanamh comparáid leis na sainmhínithe liosta thíos.
Mórtas (Béarla: Pride): Ceiliúradh bliantúil idirnáisiúnta LADT. In Éirinn, ceiliúrtar an chuid is mó de imeachtaí Mórtais i rith an tsamhraidh, agus is minic a áirítear paráid le daoine cóirithe i bhfeistis ildaite le go leor bratacha dathacha. Bogha Ceatha (Béarla: Rainbow): Ó 1978 i leith tá an bogha ceatha mar léiriúchán ag daoine LADT. Siombail atá ann a léiríonn éagsúlacht LADT, cuimsiú agus mórtas pobail. Áirítear sé dathanna ar bhratach dhathach LADT san ord seo: dearg, oráiste, buí, glas, gorm agus corcra. Claonadh Gnéasach (Béarla: Sexual Orientation): An claonadh a bhraitheann daoine i leith daoine eile ar inscne/í faoi leith. Trasinscneach, nó Tras (Béarla: Transgender/Trans): An scáth-théarma a úsáidtear dóibh siúd a bhfuil féiniúlacht inscne agus/nó léiriú inscne éagsúil acu ón ghnéas lenár rugadh iad, m.sh. trasinscneacha nó daoine trasghnéasacha. Trasdul (Béarla: Transition): Próiseas ina dtosaíonn roinnt daoine trasinscneacha a bheith ag maireachtáil lena bhféiniúlacht inscne, seachas an gnéas a tugadh dóibh nuair a rugadh iad. Is minic a mbíonn na nithe seo a leanas ag dul le trasdul: athruithe sóisialta, fisiciúil nó dlítheanach, m.sh. ag teacht amach le teaghlach agus le cairde, athrú dealraimh agus/nó ainm, forainm, agus doiciméid dhlíthiúla, agus cóireáil leighis (m.sh. hormóin nó máinliacht.) Anallód thugtaí ‘athrú ghnéas’ ar an bpróiseas seo. Trasfóbach (Béarla: Transphobia): Réamhchlaonadh nó idirdhealú i leith daoine tras nó daoine a cheaptar a bheith tras. Bulaíocht trasfóbach (Béarla: Transphobic bullying): Bulaíocht bunaithe ar réamhchlaonadh nó idirdhealú i leith daoine trasinscneacha. Bulaíocht i leith daoine atá tras, nó a cheaptar a bheith tras.
Focail LADT - Nuashonraithe 1 Comhghuaillithe (Béarla: Allies): Daoine atá ag obair don chomhionannas, ach go háirithe más rud é nach bhfuil siad ina bhall de ghrúpa atá os comhair na héagothroime. Déghnéasach (Béarla: Bisexual): duine atá meallta chuig mná agus fir. Défhóibe (Béarla: Biphobia): Claontacht nó idirdhealú i leith daoine déghnéasacha. Ag teacht amach (Béarla: Coming out): Tuiscint an duine féin agus an tuiscint sin a insint do dhaoine eile faoi a bheith leispiach, aerach, déghnéasach, nó trasinscneach. Cisinscne (Béarla: Cisgender): Duine nach bhfuil trasinscneach. Cisghnéasachas (Béarla: Cissexism): An tuairim gur fearr a bheith cisinscneach ná a bheith trasinscneach. Aerach (Béarla: Gay): Duine atá meallta go príomha chuig daoine den inscne chéanna. Anallód, baineadh úsáid as an téarma ‘homaighnéasach’. De ghnáth úsáidtear an téarma ‘aerach’ maidir le fir ach is fearr go leor le mná an téarma ‘leispiach’ a úsáid. Féiniúlacht Inscne (Béarla: Gender Identity): Tuiscint dhomhain inmheánach ag duine iad a bheith baineann, fireann, nó inscne éigin eile. Léiriú Inscne (Béarla: Gender Expression): An tslí ina nochtann daoine a n-inscne, trína n-éadaí, gruaig, guth, gothaíochtaí srl. Heitrighnéasach/Díreach (Béarla: Heterosexual/Straight): Duine atá meallta chuig daoine d’inscne eile. Heitrighnéasachas (Béarla: Heterosexism): An tuairim go bhfuil gach duine heitrighnéasach nó go bhfuil sé níos fearr a bheith heitrighnéasach. Homafóibe (Béarla: Homophobia): Réamhchlaonadh nó idirdhealú i leith daoine LADT. Bulaíocht homafóbach (Béarla: Homophobic bullying): Bulaíocht bunaithe ar réamhchlaonadh nó idirdhealú i leith daoine LADT. Bulaíocht i leith daoine atá LADT, nó a cheaptar a bheith LADT. Idirghnéas (Béarla: Intersex): An scáth-théarma ar éagsúlacht na gcoinníollacha ina bheirtear daoine le hanatamaíocht atáirgthe nó gnéasach nach bhfuil oiriúnach don sainmhíniú tipiciúil fireann nó baineann. Leispiach (Béarla: Lesbian): Bean atá meallta chuig mná eile. LADT (Béarla: LGBT): Leispiach, Aerach, Déghnéasach, agus daoine atá trasinscneach.
Bhí foilseacháin ó Líonra Trasinscne Comhionannais na hÉireann (TENI) cabhrach maidir leis an t-eolas is deireanaí, féach www.teni.ie
1
5
Ceacht 2: Físeáin faoi Thromaíocht Homafóbach: Treoracha Plé.
Ceacht 3: Físeán faoi Sheirbhísí Óige BeLonG To Treoracha Plé
Aidhm: Cuideoidh an ceacht seo le daltaí tuiscint níos fearr a fháil ar conas a dhéanann cibearthromaíocht agus tromaíocht homafóbach dochar do dhaoine óga. Cabhróidh sé leo tuiscint agus comhbhá a bheith do dhaoine óga eile ar a ndéantar tromaíocht. Tabharfaidh sé seo deis dóibh na bealaí éigsiúla atá ann chun tacú le daoine óga ar a ndéantar cibearthromaíocht.
Aidhm: Is féidir leas a bhaint as an fhíseán seo ar dhá bhealach: • Is féidir é a thaispeáint ag Cruinniú Foirne le haghaidh eolais ar BeLonG To and Seachtain Fheasachta ar Seas an Fód. • Is féidir é a úsáid sa tseomra ranga chun cuidiú leis na daltaí foghlaim faoi sheirbhísí LADT agus cad a chuireann siad ar fail do dhaoine óga.
Acmhainní cuí. Teilifís & Seinteoir DVD nó ríomhaire glúine agus teilgeoir. DVD ón phacáiste Seas an Fód !2014 – Na míreanna seo a leanas (Arna léiriú ag BeLonG Youth Services) 2. Seas an Fód! ar son Jen (4 bhomaite) ar chibearthromaíocht agus ar thromaíocht homafóbach. 3. Seas an Fód! Ná cuir suas le Tromaíocht Homafóbach (4.24 bomaite) ar thromaíocht homafóbach.
Acmhainní Cuí: Teilifís & Seinteoir DVD nó ríomhaire glúine agus teilgeoir. DVD ón phacáiste Seas an Fód !2014 – Na míreanna seo a leanas (Arna léiriú ag BeLonG Youth Services) Ten Years of BeLonGing (5 bhomaite) faoi obair BeLonG To Youth Services le deich mbliana anuas.
Am de dhith: 30-40 bomaite.
Le déanamh: Táispeán an dá fhíseán agus bain úsáid as na trearacha plé seo a leanas. Is féidir na ceisteanna a phléifear a roinnt leis na daltaí sular bhféachann said ar an bhfíseán. Tá liosta de ghréasán náisiúnta ghrúpaí óige LADT BeLonG To.
Am de dhith: 30-40 bomaite.
Le déanamh: Táispeán an dá fhíseán agus bain úsáid as na trearacha plé seo a leanas. Is féidir na ceisteanna a phléifear a roinnt leis na daltaí sular bhféachann said ar an bhfíseán.
Treoracha Plé: Smaoinigh: Iarr ar na daltaí chun a machnamh gairid féin faoi gach mír ina gcóipleabhar. I mbeirteanna: Iarr ar na daltaí na ceisteanna a thagann aníos a phlé. Roinn: Cuir fáilte roimh freagraí ó na beirteanna agus cuir tús le díospóireacht ranga ar na ceisteanna a thagann aníos a phlé.
Treoracha Plé: Smaoinigh: Iarr ar na daltaí chun a machnamh gairid féin faoi gach mír ina gcóipleabhar. I mbeirteanna: Iarr ar na daltaí na ceisteanna a thagann aníos a phlé. Roinn: Cuir fáilte roimh freagraí ó na beirteanna agus cur tús le díospóireacht ranga ar na ceisteanna a thagann aníos a phlé.
Samplaí de cheisteanna ar féidir plé a dhéanamh orthu. Cad chuige ar cuireadh BeLonG To ar bun? Cad atá le rá ag daoine óga faoi conas ar chabhraigh BeLonG To Youth Services leo? Cén t-athrú atá i ndiaidh teacht ar Éirinn le deich mbliana anuas – agus go háirithe maidir le daoine LADT?
Samplaí de cheisteanna ar féidir plé a dhéanamh orthu. 1. Sa físeán Seas an Fód ar son Jen, cad iad na trí rud a tharla di a chuir isteach go mór uirthi, conas a ghoillfeadh said seo ar dhuine? 2. Conas a mhothaigh Jen i ndiaidh dá cairde tacú léi ar Facebook dár leat?
Príomacmhainní: OSPS Ag éirigh aníos mar dhuine Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach. Is acmhainn úr é le haghaidh na gcúrsaí OSPS agus OCG(Oideachas Chaidreamh agus Ghnéasúlachta) (arna léiriú ag OSPS agus An Feidhmineacht Seirbhísí Sláinte, i dteannta BeLonG To agus GLEN.) Cuireann an acmhainn seo DVD úr, ábhair chúlra le haghaidh múinteoirí agus ceachtanna le haghaidh gach bliain iarbhunscoile ar fail. Is iad na toipicí a chlúdaítear sa saracmhainn seo ná: cumarsáid mheasúil, tuiscint ar chlaonadh gnéis agus ar fhéiniúlacht inscne, ag teacht amach, cairdeas, réamhchlaonadh, caidrimh agus tacaíocht. Is clár traenála é Growing Up LGBT a neartaíonn agus a ullmhaíonn múinteoirí agus traenálaithe Youthreach chun an acmhainn a theagasc ar bhealach tuisceanach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar www.sphe.ie.
3. Cad iad ar na rudaí a chuir isteach ar na buachaillí i Seas an Fód! Ná cuir suas le Tromaíocht Homafóbach 4. Cén fáth ar ghlac na buachaillí eile páirt sa tromaíocht sa lána, meas tú ? 5. Conas a mhothaigh an bheirt bhuachaillí nuair a sheas gach duine eile an fód ar a son i seomra na tionóla ? 6. Conas ar féidir é a dhéanamh níos fusa do dhaltaí tacú le duine ar a ndéantar tromaíocht? 7. An bhfuil réiteach ar bith eile ar an dá eachtra seo?
Aiseolas ó Seas an Fód! 2012 Tá mise cúig bliana déag agus ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis an fheachtas seo. Thug an príomhoide tionóil ar Seas an Fód agus an Mhuintir LADT. Bhí sé chomh spreagúil sin! Shíl mé go bhfanfainn sa chófra ar feadh mo shaoil. Tháinig mé amach do mo bheirt chara agus do mo phíomhoide agus tugann siad gach cabhair agus gach tacaíocht dom. Chabhraigh sibhse agus mo phríomhoide agus mé ag glacadh na céime seo ar m’aistear.
6
Príomhacmhainní: Gréasán Náisiúnta Sheirbhísí Óige LADT BeLonG To
Ceatharlach – Baile Cheatharlaigh MUI LGBT club óige (14-18, solúbtha) gach re Céadaoin, 6-8 pm, sa Vault: leannecrys@yahoo.ie. Tel. 085 272 2379. Corcaigh – Cathair Chorcaí: Unite Grúpa na bhfear óg aerach/déghnéasach (15-23) info@gayyouthcork.com Tel 021 427 8470. Phoenix Youth Group (15-23) Mná óga LDT info@linc.ie Teil 021 480 8600. - Up Corcaigh (15-23) grúpa meascaithe de dhaoine óga LADT info@ gayyouthcork.com. Dún na nGall: Breakout Grúpa Óige LADT (Leitir Ceannain and Bun Cranncha) (16-23) lgbt@donegalyouthservice.ie . Tel. 085 741 1607. Out in the Yard LGBT Youth Group (an Fál Carach) (15-23) lgbtfalcarragh@gmail.com. Baile Átha Cliath – Lár na Cathrach: BeLonG To Sunday (14-23), The LadyBirds Young LBT Women (14-23), IndividualiTy Grúpa Óige Trás (14-23), Youth Drop-In (14-23), os cionn 18 Group. www.belongto.org info@belongto.org Tel 01 670 6223. Baile Átha Cliath - Tamhlacht: Grúpa Óige LADT (15-18) Valerie. scully@foroige.ie Tel 01 451 6322. Gaillimh – Cathair na Gaillimhe: shOUT Grúpa Óige LADT (14-23) lgbtyouthgalway@gmail.com Tel 087 773 8529. Ciarraí – Trá lí: Grúpa Óige LADT (15-18) kathleenhiggins@kdys.ie Tel 066 712 1674. Kildare - Naas: Grúpa Óige LADT (14-18) klgbt@kys.ie . Tel 045 897 893.
Príomacmhainní: GLEN Cuireann GLEN sraith acmhainní ar fail chun cinntiú go bhfuil scoileanna sábháilte, tacúil, dearfach le haghaidh daoine LADT agus dhaoine óga fiosracha.. Tá siad seo forbartha ag GLEN agus an Roinn Oideachais le comhairle agus tacaíocht ó go leor de na comhpháirtithe, bainistíocht, eagraíochtaí tuistí is gairme agus ceardchumainn mhúinteoirí ina measc. Tá fás agus forbairt a dhéanamh ar an tsraith acmhainní faoi láthair chun freastal ar Ghnásanna Frithbhulaíochta i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna na Roinne 2013. Ag fanacht le ar fhoilseachán na n-acmhainní athbhreithnithe, tugann na hacmhainní reatha eolas agus moltaí ar conas is féidir le scoileanna dul i ngleic le tromaíocht homafóbach is thrasfóbach agus chun oideachas agus straitéisí cosca chun cultúr agus timpeallacht dearfach a chruthú sa scoil. I measc na n-acmhainní reatha tá treoracha le haghaidh: Príomhoidí agus Ceannairí Scoile; Gairmthreoraithe, Múinteoirí, Forbairt Pholasaí. Cuireann GLEN fáilte roimh dheiseanna chun a bheith ag obair le níos mó scoileanna agus iad ag cur gnásanna nua i bhfeidhm. Téigh i dteagmháil linn ar education@ glen.ie le haghaigh tuilleadh eolais nó íoslódáil acmhainní GLEN le haghaidh ghairmithe i mbun múinteoireachta ar education@glen.ie
Cill Chainnigh – Cathair Chill Chainnigh: Grúpa Óige LADT – Le hathoscailt 2014. Tuilleadh eolais le teach ar www.belongto.org. Luimneach – Cathair Luimnigh: Grúpa Óige LADT rainbow@ redribbonproject.com Tel 061 314 354. Lú – Dún Dealgan: AIM Grúpa Óige LADT (14-17). AIM Ógánaigh fásta (18-25) youth@outcomers.org Tel 086 162 5030. Maigh Eo – Béal an Átha: Grúpa Óige LADT Maigh Eo (14-23) smilynwys@gmail.com Tel 087 180 2672. Uíbh Fhailí – An Tulach Mhór: BurnOUT: Grúpa Óige LADT, Sligeach (14-23). Tel. 090 647 7075. Sligeach – Baile Shligigh: Grúpa Óige LADT Shligigh (14-23) smilynwys@gmail.com . Tel 087 180 2672. Tiobraid Árann: Baile Thiobraid Árann, Grúpa Óige LADT (14-17) outipp@gmail.com Tel 087 910 0727. Port Lairge: Lár na Cathrach, Port Láirge, Chill-Out Grúpa Óige LADT – le hathoscailt 2014. Tuilleadh eolais le fáil ar www.belongto.org. Loch Garman - Guaire and Loch Garman, Grúpa Óige LADT () (16-25) david.clark@fdys.ie. Tel 053 912 3262. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh i dteagmháil le John Duffy,Bainisteoir an Ghréasáin Náisiúnta ar BeLonG To Youth Services: john@belongto.org. Tel. 087 051 7539 / 01 670 6223, www.belongto.org.
7
Ceacht 4: Ag forbairt chomhaontuithe i measc scoláirí chun fáilte a chur roimh dhaltaí LADT agus chun iad a dhéanamh páirteach i saol na scoile.
Aidhm: Cabhraíonn an ceacht seo le daltaí fiosrú faoi cén bhealach is fear chun timpeallacht dhearfach a chruthú le haghaidh daltaí LADT.
Príomhacmhainn: TENI Oibríonn Líonra na hÉireann um Chomhionannas Trasinsnce (LECT/ TENI) chun cearta, chomhionannas agus coinníollacha dhaoine trasinscineacha agus a dteaghlach a chur chun cinn. Déantar go leor imealluithe agus leithchealla ar dhaoine trásinscineacha i Sochaí na hÉireann a d’fhéadfadh bac a chur orthu saoil iomlána, slána agus sabháilte a bheith acu. Tugann LECT/TENI tacaíocht do dhaoine trasinscneacha agus dá muintir. Cuireann sé oideachas ar an tsochaí ar shaincheisteanna a bhaineann le daoine trasinscneacha agus déanann sé obair chujn aitheantas sóisialta agus polaitiúil a bhaint amach. Tacaíonn LECT/TENI le TransParenCI, grúpa náisiúnta tacaíochta comhpháirtithe le haghaidh theaghlaigh dhaoine trasinscneacha. Cuireann LECT/TENI roimh éinne a bhfuil ceisteanna acu i leith a bhféiniúlacht inscne ná roimh éinne atá ag lorg tacaíochta. Tel: 01 873 3575. office@teni.ie, www.teni.ie, http://www.facebook.com/TransEquality.
Acmhainní cuí: Páipéar postaeir mór nó clár bán/dubh, maircéirí, siosúir, páipéar, páipéar smeach-chairt. Am de dhith: Thart ar 45 bomaite Le déanamh: 1. Ag baint leasa as bunrialacha OCG/OSPS maidir le Teagmháil le Meas, aontaigh leis an rang roimh ré nach n-ainmeofaí éinne sa rang agus ná ndéanfaí magadh faoi éinne. 2. Cuir leathanach mór ar an bhalla nó bain úsáid as an chlár bhán/ dhubh. 3. Roinn an rang i ngrúpaí beaga de 3-4 agus tabhair páipéar smeach-chairt & maircéirí dóibh. 4. Scríobh/cuir na ceisteanna seo a leanas: a) Cad is féidir linn a dhéanamh sa rang chun failte a chur roimh dhaltaí LADT? b) Cén saghas íomhánna dearfacha ar féidir linn a chur suas chun go mbeadh daltaí LADT páirteach sa rang? c) Cén saghas iompar ar féidir linn aontú air chun go mothóidh daltaí LADT go bhfuil failte rompu agus go bhfuil siad slán? 5. B’fhéidir go mbeadh sé ní b’éasca ar dhaltaí smaoiniú ar rudaí dá shamhlfóidís dá mbeadh duine dá muintir LADT, nó dá mbeadh á gcara, a ndeartháir nó á ndeirfiúr. Samplaí : Thiocfadh leis an rang aontú go ‘mBeidh muid dearfach i leith dhaoine LADT agus go dtaispeánfaidh muid meas dóibh.’ Thiocfadh leis an rang aontú nach ‘mbainfear úsáid “That’s so Gay” a úsáid mar mhasla.’ Thiocfadh leis an rang aontú go gcrochfar postaeir agus íomhánna dearfacha eile de dhaoine LADT. Go n-aontóidh an scoil chun an cúrsa Ag Éirí Aníos LADT (Growing Up LGBT) a theagasc mar chuid den chúrsa OCG/OSPS. Thiocfadh leis an scoil úsáid a bhaint as an Liosta Acmhainní ón phacáiste Ag Éirí Aníos LADT (Growing Up LGBT) agus Seas an Fód chun daltaí a chur ar an eolas faoi Ghréasán Náisiúnta Ghrúpaí Óige LADT BeLonG To.
8
BeLonG To: Resources & Publications BeLonG To Youth Services has a wealth of resources for LGBT young people, their families and staff who work with them, for example:
www.belongto.org
9