AN STIÚRTHÓIREACHT UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH Réamhphleanáil Reáchtáladh 288 comhairliúchán réamhphleanála san iomlán i rith na bliana chun deis a thabhairt d’iarratasóirí prionsabail a dtograí a phlé saor in aisce le Pleanálaithe na Comhairle.
Ranníocaíochtaí forbartha Bailíodh suim EUR 2,779,642 i rith 2018.Cuimsíonn na rannchuidithe sin réimse seirbhísí, lena náirítear uisce, séarachas, bóithre, taitneamhacht, pobal, caitheamh aimsire agus carrpháirceáil.Tá sé d’oibleagáid ar an gComhairle ranníocaíochtaí uisce agus séarachais a bhailiú thar ceann Uisce Éireann ar cheadanna pleanála a deonaíodh roimh an 1 Eanáir 2014.
Liam CONNEALLY Stiúrthóir Forbartha Eacnamaíche
Bainistíocht Forbartha Ba é 1,076 líon na n-iarratas pleanála a fuarthas in 2018, méadú ar líon agus ar chastacht na mblianta roimhe sin.Ina theannta sin bhí 13 iarratas forbartha de chuid an Údaráis Áitiúil féin ann.Rinneadh cinntí maidir le 926 iarratas pleanála, ar deonaíodh 882 gcinn díobh agus diúltaíodh do 44 gcinn díobh.Rinneadh achomharc in aghaidh 40 iarratas chuig an mBord Pleanála agus orthu sin, sheas an bord le 33 chinneadh.
65