1 minute read

Cur i bhfeidhm, Monatóireacht agus Athbhreithniú

Déanfar measúnú ar fheidhmíocht an Chomhairle in aghaidh cuspóirí leagtha amach sa Phlean Corparáideach seo ar bhonn rialta struchtúrtha. Leagann an plean seo amach creatlach chun seachadta phleain seirbhíse bliantúla. De réir Coda 134A le Acht an rialtais áitiúil 2001 de réir leasaithe ag cuid 50 achta an rialtais áitiúil 2014, is riachtanach plean seachadta seirbhíse bliantúla a ullmhú a leagann amach go mionsonraithe na gníomhaíochtaí le bheith déanta thar gach stiúrthóireachtaí chun seachadadh ar chuspóirí an Phlean Corparáidigh.

De réir Coda 34 Achta Rialtais Áitiúil 2001, is riachtanach don Chomhairle tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur i bhfeidhm an Phleain Corparáidigh a chur le Tuarascáil Bliantúil gach bliana. Cloíonn an Comhairle leis an riachtanas sin ar bhonn bliantúil, ag tabhairt an tuarascála do bhaill. Leis sin, tugtar nuashonruithe go míosúil i dTuarascáil Baininstíochta Míosúin na bPríomhfheidhmeannach chuig an gComhairle.

Déanfaidh Coimisiún Maoirseachta agus Iniúchta Náisiúnta (NOAC) measúnú ar oiriúnacht an Phleain Corparáidigh agus measúnú ar a chur i bhfeidhm. Seolfar cóip den phlean nuair a ghlactar leis chuig NOAC. Oibreoidh na Táscairí Feidhmíochta de réir sonraithe ag NOAC chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chomhairle ar bhonn bliantúil. Tá Táscairí Feidhmíochta Tábhachtacha leagtha amach in Aguisín 4.

This article is from: