Feasta | Deireadh Fómhair 2013

Page 1

Deireadh Fómhair 2013

• Eagarfhocal: Imní an Choimisinéara Teanga • Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Scéalta le Colin Ryan & Biddy Jenkinson • Micí Dainín Ó Sé, Seoid Náisiúnta ar lár, le Mícheál de Mórdha • Scéalaíocht Ár Sinsear á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú • Agallamh: labhraíonn Alex Hijmans le Isobel Ní Riain • Íomhá chlúdaigh: Ag Sceitseáil le Diana Muller

€5

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 10 ISSN 0014-8946



— Clár —

Eagarfhocal Deireadh Fómhair 2013

T

uigeann gach duine um an dtaca seo an ról fíorthábhachtach atá glactha idir lámhaibh ag an gCoimisinéir Teanga maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa tSeirbhís Phoiblí ó ceapadh sa phost sin é roinnt bheag blianta ó shin. Tá a Thuarascálacha Bliantúla againn mar fhianaise ar an stró a bhaineann leis an obair sin agus an brú in aghaidh an doichill a bhíonn i gceist go minic, ní lú sin i gcás ranna stáit a mbeifí ag súil le lántacaíocht uathu. Anois in óráid a thug sé le déanaí ag ócáid a d’eagraigh Gaelchultúr, thug sé an léargas is géire fós ar an imní a bhraitheann sé maidir le leasaithe atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. ‘Tá muid ag crosbhóthar faoi láthair,’ a deir sé, ‘agus tréimhse fíorchinniúnach romhainn amach maidir le cinntí faoin mbealach a fhreastalóidh an státchóras feasta ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta’. Ní bheadh sé cuí dúinne a bheith ag cur focal i mbéal an Choimisinéara: tá an foláireamh a thugann sé lomláidir agus is riachtanas dúinn go léir a bhfuil le rá aige a léamh agus ár marana a dhéanamh air. Tá dhá shlat tomhais leagtha síos ag an gCoimisinéir maidir le dáiríreacht an Stáit faoin gceist seo, muran ‘iarracht fuarbhruite nó tuilleadh den chur i gcéill’, i bhfocail an Choimisinéara, a bheidh ann: is iad, go gcinnteofar sna leasaithe ar an Acht go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, agus go ndéileálfear le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras poiblí i gcoitinne. Ach is é is suimiúla fós in óráid seo an Choimisinéara, rud a chuireann go mór lenár n-imní faoi dháiríreacht agus fiú faoi ionracas airí rialtais agus a gcuid státseirbhíseach: go gcuirtear a gcuid siléige agus cur i gcéill os ár gcomhair, iad ag cur dallamullóige ar an bpobal, agus ag déanamh aimhleas na teanga faoi cheilt. Tugann an Coimisinéir samplaí den obair seo ag airí rialtais agus ag státseirbhísigh chomh fada siar le 1928, a dtáinig sé orthu sa Chartlann Náisiúnta, samplaí a léiríonn go rabhthas faoi cheilt ag déanamh neamhshuim dá rialacha féin maidir le Gaeilge a bheith ag oifigigh de chuid an stáit a bhí fostaithe sa Ghaeltacht. Ach ba mheasa fós gné eile den chur i gcéill. Is mion minic atá tagairt déanta san iris seo le blianta anuas do conas mar a chlis an rialtas ar an teanga thiar i 1974, nuair a chuir siad deireadh leis an riachtanas go mbeadh Gaeilge acusan a bheadh ag dul isteach sa státseirbhís. Léiríonn an Coimisinéir conas mar a thuig ardstátseirbhísigh agus airí na linne gurbh amhlaidh a bheadh, ach bhí ceardchumainn na státseirbhíseach á éileamh agus ar aghaidh leo. Go deimhin léirigh Taoiseach na linne, Liam Cosgrave, a imní go mbeadh impleachtaí sa chinneadh maidir leis an mBunreacht. Nach beag atá athraithe! ◊

www.feasta.ie

3

• Eagarfhocal: Imní an Choimisinéara Teanga! ............. 4 • Smaointe Polaitíochta: Fiosrúchán na mBanc & Imní an Choimisinéara Teanga le Seán Ó Loingsigh ................ 5 • Dánta: Colin Ryan, Séamas Barra Ó Súilleabháin, Micheál Ó hAllmhuráin, Sylvia Bledow ...................... 6 • Stolpach, scéal le Colin Ryan ...................................... 7 • An Gad is Giorra don Scornach le Biddy Jenkinson .... 8 • Tá sé tarraingthe agat, a Mhary Ellen (Coiscéim), le Máirín Ní Laoithe Uí Shé seolta ................................. 9 • 1916 agus mar sin de, le Pádraig Ó Snodaigh á léirmheas ag Seán Hutton ......................................... 10 • Gaeilge an Chláir, in eagar ag Críona Ní Gháirbhith, á chur i láthair ag Seán Ó Ceallaigh ............................. 12 • Anseo agus Ansiúd ............................................ 13 & 16 • In Memoriam: Micí Dainín Ó Sé, Seoid Náisiúnta ar lár, le Mícheál de Mórdha ............................................... 14 • Dánta le Pádraig Ó Conaill ......................................... 15 • Maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, cad atá romhainn? Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ag Dúchas Éigse do Thiobraid Árann .......... 15 • Scéalaíocht Ár Sinsear le Kim Mc Cone & Pádraig Ó Fiannachta, á léirmheas ag Síle Ní Mhurchú ............. 17 • Agallamh le Alex Hijmans le Isobel Ní Riain .............. 19 • Seamus Heaney, Sàr-Bhàrd is Eadar-Theangaire Anabarrach, aistriúchán go Gàidhlig ag Niall Gòrdan ... 22 • Ag tochailt i measc leabhar, le hAodán Ó Sé ............. 24 • Lagú Institiúidí Gaeilge faoi chaibidil ag an gConradh ... 25 • Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ........................... 26 © Feasta agus na Scríbhneoirí • Clúdach: Ag Sceitseáil / Sketching le Diana Muller, Brushwood Studios Art Gallery, Coillte Pháirc na Saileach, An tSnaidhm, Co. Chiarraí. www.brushwoodstudios.com F: 00-353 (0)64-6645108

REIVIÚ den Smaointeachas Éireannach litríocht, eolaíocht, polaitíocht • Feasta tríd an bpost! 12 eagrán tríd an bpost ar €75 (€100 lasmuigh den Eoraip) Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí. 353-(0)87-2421267 Suíomh idirlín: www.feasta.ie

• Eagarthóir Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire. Fón: 353-(0)66-7124169. Ríomhphost: feasta@eircom.net

• Foilsitheoirí CONRADH NA GAEILGE Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áit san iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Cén ról a bhí ag na hardstátseirbhísigh, iadsan sa Roinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannais …

T

á sé breis agus dhá bhliain go leith ó shin ó d’éirigh an t-iarThaoiseach Brian Cowen as an bpolaitíocht tar éis tréimhse ghairid ach tubaisteach a thabhairt mar Thaoiseach. Ba dhoiligh a rá go raibh an dara rogha aige. Ó shin i leith choinnibh sé a bhéal dúnta. Ní nach ionadh é sin, a déarfar. Nach raibh dóthain mór de chúis lena thost. Nár shuimiúil agus nár aisteach gur roghnaigh sé TG4 chun an tost sin a bhriseadh, ach, ar ndóigh, b’fhéidir nach raibh sé ach ag brath treo na gaoithe.

Smaointe Polaitíochta

Ach, le fírinne, tá riachtanas le fiosrúchán ceart cothrom. Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios againn go bhfeidhmíonn ár gcóras rialaithe agus riaracháin go héifeachtach, go háirithe le linn éigeandála, mar a tharla le linn tarrthála an chórais bhaincéireacha agus nuair a ghlac an Stát freagracht as fiacha baincéireachta.

Pé ní, bíodh gur eol dúinn go raibh cion aige ar an nGaeilge, ní raibh a chairde iomadúla, sna meáin chlóite go háirithe, róthógtha lena raibh le rá aige. ‘An inadequate response’, arsa an ceannlíne ar eagarfhocal an Irish Times gan aon fhonn orthu a pheacaí a mhaitheamh do. Ceart go leor, ach gur mhó go mór feidhm a bheadh lena ndoicheall dá mb’áil leo foras éigin seachas an Banc Cúlchiste Feidearálach sna Stáit Aontaithe a lua mar thaca lena dtuairimí. Is cosúil go ndúirt siadsan: ‘The hardest thing to do is to take away the punchbowl when the party is in full swing’. Caithfidh go raibh a n-iarcheannaire Alan Greenspan bailithe leis ar a phinsean um an dtaca sin. Nárbh é siúd níos mó ná aon duine eile aspal an tsaormhargaidh, an té a chraobhscaoil, sular tharla an tubaist bhaincéireachta, gurb é ár leas eacnamaíoch saorchead a gcos a thabhairt do na baincéirí. Nach é sin go díreach a bhí ar bun ag Brian Cowen? Bhí oiread céanna doichill ar an Sunday Business Post maidir leis an agallamh seo ar TG4, má bhí siadsan beagán níos tomhaiste ná mar bhí an Irish Times. Ní ghlactar ar an bpáipéar sin ach an oiread le ráiteas Cowen gur cuireadh ar míthreoir é maidir leis an ngéarchéim. Cuireadh sinn ar fad ar míthreoir, an Sunday Business Post agus an Irish Times agus go leor eile nach iad san áireamh. Ach, ar www.feasta.ie

agartha díoltais. Beidh orthu san fanacht le pé toradh a bheidh ar fhiosruithe atá idir lámhaibh ag an nGarda Síochána. B’fhéidir go mbeadh breall orthu sa mhéid sin féin. Ní leor caint ghraosta ar an teileafón chun baincéirí a chur i bpríosún.

Seán Ó Loingsigh Cuireadh sinn ar fad ar míthreoir, an Sunday Business Post agus an Irish Times agus go leor eile … ndóigh, tá de dhifear ann nach iad ná sinne a bhí i rialtas. Tá na macallaí thart timpeall i gcónaí agus d’athmhúscail agallamh Cowen iadsan. Thart timpeall leis, tá an fonn agartha agus díoltais. Sin is cúis cuid mhór leis an gcaint ar fad faoi fhiosrúchán poiblí de chineál éigin, nó fiosrúchán ag coiste Dála. An dtarlóidh a leithéid? Ní fios. Tá an rialtas sásta go leor go leanfaí ag corraí an phota seo ag coinneáil inár gcuimhne mí-éifeacht, míchumas, faillí agus lúbarnaíl an rialtais dheireannaigh. Is fíor leis go raibh fiosrúcháin againn roimhe seo – ar a laghad trí cinn acu. Bhí fiosrúchán Regling-Watson againn, fiosrúcháin Nyberg agus ceann eile faoi stiúir an té atá anois ina ghobharnóir ar an mBanc Ceannais, Patrick Honohan. Bhí go leor a tháinig chun solais dá mbarr, agus sa ghnáthbhealach b’fhéidir gur leor iad, bíodh nách bhfuil seans dá laghad gur leor iad i súile lucht 4

Cad é go díreach an ról a bhí ag na polaiteoirí, go háirithe an Taoiseach féin agus an tAire Airgeadais? Cén ról a bhí ag na hardstátseirbhísigh, iadsan sa Roinn Airgeadais, sa Bhanc Ceannais agus in oifig an Rialtóra Airgeadais a bhí freagrach as comhairle a chur ar na polaiteoirí? An raibh siad oilte go leor, ó thaobh chúlra agus traenála? Cad a bhí i gceist ag an iarThaoiseach nuair a dúirt sé gur cuireadh ar míthreoir é? Cé a chuir ar míthreoir é, nó conas a tharla sé? Tá sé riachtanach go mbeadh freagraí ar na ceisteanna sin againn, mura bhfuil a leithéid chéanna de thubaist le tarlú faoi cheann 20 nó 50 nó 100 bliain arís, agus go mbeidh gnáth-cháiníocóirí arís freagrach as fiacha lucht bainc agus rachmasóirí agus infheisteoirí d’uile chineál. Bhí sé de locht ar na fiosrúcháin a deineadh roimhe seo go raibh gach uile dhuine ciontach agus nach raibh aon duine ciontach. Bhí an rialtas ciontach, na státseirbhísigh, na meáin chumarsáide, Alan Greenspan, sinn go léir, an Banc Ceannais Eorpach agus an tAontas Eorpach. ——◊—— ar a deirtear, níor chuir sé fiacail ann. I ndáiríre ba gheall le buama ag pléascadh aitheasc an Choimisinéara Teanga agus é ag bronnadh teastas ag tús na míosa ag searmanas de chuid Ghaelchultúr i mBaile Átha Cliath. Ar an gcéad léamh, ní raibh sé ach ag leagan síos na mbunriachtanas a shíl sé a bhí i gceist i gcás leasuithe atá le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ach bhain an t-ábhar pléascach le taighde a rinne sé le déanaí sa Chartlann Náisiúnta.

M

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Ach is léir go bhfuil an Coimisinéir an - imníoch faoi na leasaithe atá beartaithe! Chomh fada siar le 1928, shínigh Risteárd Ua Maolchatha Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte (aire de chuid Chumann na nGael agus Fhine Gael a bhí go mór ar son na Gaeilge) ionstraim reachtúil a d’éiligh go gcaithfeadh fostaithe sna húdaráis áitiúla, nó sna húdaráis sláinte, a bheadh ag obair sa Ghaeltacht oiread Gaeilge a bheith acu laistigh de thrí bliana is a chuirfeadh ar a gcumas a ndualgais a chomhlíonadh trí Ghaeilge. Mura mbeadh, thabharfaí an bóthar dóibh! Cuireadh leis an liosta oifigeach ar ball. Ach níor cuireadh an riail i bhfeidhm riamh. Cuireadh ar athló é ó bhliain go bliain idir 1928 agus 1966, nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas ar fad. Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada, a deir an Coimisinéir a bhí i gceist. Ach ba mheasa a raibh le teacht. Más fíor do Feasta, níor rug bliain chomh holc riamh ar an nGaeilge le 1974. D’fhéadfaí a rá go bhfuil deimhniú air sin le fáil in aitheasc an Choimisinéara. B’shin í an bhliain, ar ndóigh, a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís. Cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge ar an mbonn, ar bhealach diamhair éigin,

agus de réir a raibh le rá ag Richie Ryan, Aire Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí na linne, go gcuideodh sé le leas na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fábhraí a chothú di. Ach bhí fios a mhalairt aige, mar a bhí ag gach uile ard-státseirbhíseach a bhí ag éileamh an athraithe. Deir an Coimisinéir go léiríonnn na cáipéisí sa Chartlann Náisiúnta, a bhí coinnithe faoi rún ar feadh 30 bliain, ní hamháin go raibh stocaireacht leanúnach ar bun ag ceardchumainn de chuid na seirbhíse in aghaidh riachtanas na Gaeilge, ach gur thuig an tAire go maith go mbeadh drochthoradh ag an athrú ar staid na teanga sa tseirbhís, agus dheimhnigh státseirbhíseach sinseartha eile go gaoismhear i meamram gur mar sin a bheadh. Is coup a bhí ann, nó cineál stróc polaitiúil ag státseirbhísigh. Agus chun críoch a chur leis an scéal léanmhar seo, bhí eagla ar an Aire Airgeadais go mbeadh impleachtaí bunreachtúla ag an gcinneadh deireadh a chur le riachtanas na Gaeilge, agus i gceart don Taoiseach féin, Liam Cosgrave, luaigh sé a imní ar an gceist chéanna, agus nach mbeifí in ann freastal ar

chearta an phobail a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis na státseirbhísigh: ní raibh an imní chéanna orthusan. Focal deireanach ar fad. In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir ní chreideann sé gur féidir filleadh ar chóras na Gaeilge ‘éigeantaí’, mar a chuireann sé é, ná ní thugann sé aon tuairim dúinn faoi cad a shíleann sé faoin gceist bhunreachtúil – nach mbeadh an chéad teanga náisiúnta riachtanach i gcás na státseirbhíseach – aimhrialtacht, má bhí a leithéid riamh ann, nó tuilleadh den chur i gcéill? Is í an fhadhb ná gur féidir a bheith in amhras faoi aon scéim a bheartaítear go sealadach, nó de thruip na huaire, nó a líonfadh bearna go heatramhach, nó go mbeadh státseirbhísigh sásta leis! Ach is léir go bhfuil an Coimisinéir an-imníoch faoi na leasaithe atá beartaithe do Acht na dTeangacha Oifigiúla agus an baol gur cúlú eile fós a bheidh ann. Níor chás dúinn uile a bheith buartha! ◊


DÁNTA Trí Chaladh le Colin Ryan 1 An chumhracht inár gcoinne cheana spíosraí inti is bláthanna gan ainm thugamar faoi deara na coirp ar snámh faoi na céanna is sméideadh an bháis i scéimh na n-éan an fiabhras dár scagadh nó gur chrochamar seol dár dtréigean féin i dtaibhreamh toinne 2 Sa dara caladh fuaireamar na tithe dulta chun raice is scáil a gcos go guagach sa taoide ní thugadh na bacaigh aird ar an déirc is dhorchaigh deatach na spéire ár súile d’fhágamar sparán sa teampall ag géilleadh do mhí-rún na gaoithe 3 I ndeireadh an aistir bhí sí romhainn tír dhearg lastall den sceir chuamar i dtír le hairm gan fónamh (iad millte ag meirg an dearmaid) sinne a bhí romhainn ag fanacht go fuar linn féin

Aicíd na Teicneolaíochta (scum 1.04 566) le Séamas Barra Ó Súilleabháin táimid ar thairseach an ré órga tá an spiorad ag leathnú ar réimse do-shamhlaithe go luath ní bheidh oiread is focal le fuaimniú ach an smaoineamh úr seolta tur te ón meon go dtí an spás feicfear é ar foluain lasmuigh díot mar árthach geal dóchais ag triall go fiosrach ar thuiscint go diamhair beidh ár mbrionglóidí ag feidhmiú le chéile d’aon ghnó ar nós na mbeach i gcoirceog is na daoine eile siúd atá ag fulaingt nach bhfuil i dtiúin múinteoirí is ea iad ag teagasc na beatha lena mbotúin íobartaigh ar mhaithe leis an spiorad aontaithe www.feasta.ie

tá cúis leis an ár sa phlean iomlán, ní foláir, sin an éabhlóid mhór, a bhráthair tusa agus mise táimid ar thairseach na foirfeachta

Dhá Dhán le Micheál Ó hAllmhuráin 1. anocht anocht tánn tú molta go hard as do shaothrú as ar dhein tú chun ár dteanga a shaibhriú is chun solas a chaitheamh ar chríocha máguaird le linn do ghuth a bheith ag fógairt go bhfuil tú ar lár anocht tá an t-aer trom le léirmheasanna fút is fé mar a d’iompair tú d’intleacht sa dubhfhuacht is sa dúthaigh a bhí á dhiantreabhadh agat dúinn le linn do ghuth a bheith ag fógairt go bhfuil tú ar lár anocht tá gach sceideal iompaithe bunoscionn tá fístéipeanna ag freastal ar an bhfolús d’fhonn d’eascairt is do dhearcadh d’athchruthú le linn do ghuth a bheith ag fógairt go bhfuil tú ar lár fós labhrann íobartaigh thostacha amach anocht i ndígibh an dearúid ag fógairt nár chosain tú a gcearta go fornocht i gcúirt na gcumhacht

2. bás file an bhileog bhán ní bheidh romhat níos mó le fíoracha a fháscadh nó a chur ag iompó castacht na cruinne ní bheidh romhat níos mó le foirfeacht a fhuineadh nó a thomhas mar threoir lomshaothar leathchríochnaithe ní bheidh romhat níos mó le bunfhírinne a fhí nó a shníomh mar dhiamhair-chló teann-íomhánna tagartha ní bheidh romhat níos mó le aithne a bhronnadh ar do bheo oíche is ló spreagadh na saoithe ní bheidh romhat níos mó led anam éagruthach a theilgean idir ord is inneoin tranglam an tsaoil ní bheidh romhat níos mó le hifreann na n-adamh cinn a iamh le fíorcheol go tobann tánn tú téaltaithe go suaimhneach as an saol uainn ag sealbhú a raibh á chuardach agat mar réaltacht na rún

Aus Rosenblüten As Peitil Rósanna le Angelika Deffner

aistrithe ag Sylvia Bledow

Aus Rosenblüten ein duftendes Lager will ich bereiten hoch oben im Himmel in sieben mal siebzig Jahren

As peitil rósanna chóireoinn leaba chumhra thuas sna flaithis i gceann seachtó éigin bliain

Und heute, Geliebter, hier unten, mein Freund, begreif ich die Dornen der Rosen

Is inniu, a mhuirnín, thíos anseo, a chara, tuigim dealga na rósanna

6

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


STOLPACH Scéal le Colin Ryan (Stolpach – Aimsir thirim ghaofar)

Iad ina seasamh sa chlós páirceála ar chúl na siopaí agus málaí plaisteacha á síobadh timpeall a gcos. Pearóidí ag dul tharstu de rúid agus an Ceallachánach ag meabhrú ar an óige. Dúirt sé: ‘Céard a tharraing anseo thú?’

‘An spás, a dúirt sí,’ ag gáire. ‘Dreach na tíre. Na daoine. Chuile shórt.’

‘Stolpach!’ a dúirt an Ceallachánach go dorrga: an ghaoth thirim ag scuabadh na sráideanna; b’in é an lá ar tháinig an strabhsachán mná ina gúna dúdhearg, bean a raibh mearbhall croí inti.

A draidgháire, a cumhracht: í ag imeacht uaidh ina pearóid. Bhí obair sa bhaile mór anois, an t-aos óg ag tabhairt a n-aghaidhe ar an monarcha. Tugadh faoi deara go raibh an téagar á chailleadh acu, iad á snoí. Níorbh fhéidir leo a rá cén obair a bhíodh idir lámha acu sa tseid mhór, an chaint ag dul ar seachrán orthu, a súile ag seachaint na ceiste.

B

’fhada Yalluck ag seargadh cheal uisce, na feirmeacha máguaird ag dul chun raice, scléip agus bruíon ar na sráideanna ar an Aoine, nimh sna madraí. An geimhreadh ann anois, Mí Iúil, agus gan súil le fearthainn fós. Ba ghearr go dtiocfadh an samhradh, na sráideanna ina ndalladh súl le géire gréine.

‘Tá rath ag teacht ar an áit, ambaiste, a dúirt Mick. Níor chuir an Ceallachánach focal as; é ina shuí ann leis an gcuid eile i mbéal an tsamhraidh, séasúr tarta agus dóiteáin.

‘Ba mhaith linn monarcha a thógáil anseo,’ a dúirt an strabhsachán.

‘Céard tá siad a dhéanamh?’ a dúirt an feosachán.

Marit ab ainm di, í á ligean féin chun tosaigh beagán, na fir ag iarraidh gan féachaint ar a cíocha. An diabhal inti.

‘Scátháin,’ a dúirt an Ceallachánach, faoi mar a bhí fios an scéil aige. ‘Scátháin, ar m’anam.’

Bhí triúr sa choiste: an Ceallachánach, Mick (stroimpiléad bolgshúileach) agus Len an feosachán. An Ceallachánach á thochas féin go cáiréiseach, rúnda. Bruth féasóige air, a bhríste ina mhála, sprochaillí faoina shúile, fonn suain air. É ag dul chun an donais.

Ní raibh ag teastáil ach freagra éigin agus iad ar mhuin na muice anois, airgead á shaothrú agus á chaitheamh. Chonaic an coiste an t-am a bhí le teacht, é á ghiniúint sa ghlésholas, i míshuaimhneas na gaoithe. —◊— íche amháin chuir an Ceallachánach an nuachtán i leataobh (ba bheag air an teilifís, b’fhearr leis leabhar, giota staire, beatha Napoléon nó eile) agus d’éirigh ina sheasamh. A bhean (an méid di a mhair) sáite i seó éigin. Amach leis go fáilí, oíche gharbh, gealach ann, é á thochas féin agus ag drantán ceoil.

Tar éis na cainte go léir níor léir dó fós céard a bheadh á dhéanamh sa mhonarcha, ach ba chuma, féach scéimh na teicneolaíochta uirthi, seo na pleananna ar an mbord. ‘Talamh atá uainn, heicteár b’fhéidir,’ a dúirt Marit. Bhí sin le fáil, stráice lom, agus ba ghearr go raibh seid mhór á tógáil ann. Tháinig an tEarrach de réir a chéile, séasúr stolltach: píosaí d’iarann rocach ag rince thar an gclós, crainn ghuma ag titim ar dhroim a chéile ar na bóithre.

O

An Ceallachánach ina sheasamh ar an gcosán, gloiní gréine air, é ag beannú go fánach dá lucht aitheantais. É folamh ina chroí istigh, dreach folamh ar a éadan. Na blianta á chreimeadh. A bharúil nach bhfágfadh sé lorg ar bith ar an saol seo, rud nár bhuair riamh roimhe sin é.

An mhonarcha roimhe agus fuinneog ar oscailt, d’aonghnó b’fhéidir, í á mealladh chun dánachta, chun díchéille. Bhí aclaíocht na hóige caillte aige ach d’éirigh leis an leac a chur de. Ciúnas roimhe istigh, caochsholas, gléasra anaithnid. É ag dul ó áit go háit ag feadaíl go ciúin, ag cuimilt a láimhe den fhearas.

Chuala sé duine éigin ag scairteadh air, a iníon, í ag teacht ina choinne. É á scrúdú mar a scrúdódh sé strainséir, bean óg thónach, a gruaig ina stothall ag an ngaoth. Í ag scairteadh air, ag scairteadh. Mhothaigh sé go raibh sí á breith uaidh, a guth ag dul in éag, agus chonaic sé an strabhsachán ar a cúl, ag gáire. Chas sé agus chuir chun siúil, ag éalú.

Mhúscail a lámh rud éigin, an solas ag preabarnach, siosarnach ann, scáileanna ag caint le chéile. Í féin ann, súil aici leis, a béal cam ag gáire. ‘Céard tá á dhéanamh anseo?’ a dúirt an Ceallachánach. ‘Buama.’ É ag cuimhneamh ar a bhféadfadh tarlú, an blosc, an ghaoth ag géarú chun tubaiste. Fuascailt.

É ag cur a thola leis an neamhréaltacht, nó le réaltacht nua. An sciamhaí gránna ag siúl na sráideanna, súile na phobail á leanúint. A bhean féin á fuadach uaidh, gan inti ach scáil nó cuimhne, meall gan tathag lena ais sa súsa. Í á cur as a ceart ag an strabhsachán. ‘Nár shiúil tú na críocha riamh?’ a dúirt Marit. ‘Nach bhfaca tú na hiontais?’

‘Buama eile,’ a dúirt sí, faoi mar a bhí a chuid smaointe léite aici. ‘Pléascadh gan stad, síorchlaochlú. Athróidh an

Níor chuimhin leis cár tharla an comhrá seo, má tharla ar chor ar bith. Marit ina theannta, a cumhracht, a draid mhealltach. www.feasta.ie

‘An Téalainn,’ a dúirt sé. ‘Na hoileáin. Bhíos óg.’

7

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


domhan, ní bheidh rud ar bith mar a bhí. Ar mhaith leat é a fheiceáil?’

‘Cén fáth ar bhuail tú isteach chugainn?’ a dúirt sí. ‘Nach bhfuair tú an rud a bhí ag teastáil uait?’

Chuimhnigh an Ceallachánach ar an ngaoth, ar an neamhbhuaine. An saol ag cur dathanna de. Cén difríocht a bheadh idir seo agus pé saol eile a d’fhéadfadh a bheith ann?

D’oscail doras na monarchan roimh bhrú na gaoithe agus tháinig an oíche isteach de léim. Amach leis, an tseanspéir os a chionn agus an ghnáthshráid roimhe amach.

‘Difríocht ar bith,’ a dúirt sí. ‘Nó difríocht an domhain. Cá bhfios dúinn?’

Bhí bean spréite ar an tolg, ag míogarnach. Dreach doiléir uirthi mar a bheadh ar dhuine faoi thoinn. É á scrúdú agus gan a fhios aige cé bhí sínte ann i ndáiríre – a bhean féin, an strabhsachán, iarlais eile. Ghabh eagla é agus é ag seachaint na scáthán chun nach bhfeicfeadh sé strainséir.

Lean sé isteach i seomra í: chonaic sé é féin ann, an fear a d’fhéadfadh bealach eile a ghabháil, bealach an fhile, an taistealaí nó an díthreabhaigh. Ní bheadh le déanamh aige ach ligean leis féin, ligean don phléascadh é a réabadh agus a athdhéanamh. Chuaigh an tnúth agus an scéin i ngreim ann; ba ghearr go mbrisfeadh a ghol air. D’oscail rud éigin: bhí fásaigh ann, cathracha iontacha, réaltbhuíonta úra. Mhothaigh sé na cosa ag imeacht uaidh ar urlár nach raibh ann. Ach bhí a fhios aige go raibh sé ródhéanach: bhí a rogha déanta. D’fhéach sí féin air agus í ag gáire.

An teach ar crith ag an stolpach: súil ag an saol le fearthainn, le fóirithint. Chuaigh an Ceallachánach a chodladh, ag imeacht le sruth na haimsire, le saol a bhí ag imeacht nó le teacht. An ghaoth ina tost anois agus míle dath ar na pearóidí: d’oscail doras agus chuaigh sé thar tairseach amach. — Críoch

An Gad is Giorra don Scornach le Biddy Jenkinson

B

híos ocht mbliana déag sa bhliain 1998 agus d’aontaigh mo thuistí go bhféadfainn dul ag fánaíocht im aonar i gCill Mhantáin. Bhí orm a thaispeáint go raibh m’ainm thíos do na brúnna i nGleann Dá Loch, Gleann Molúra, Acadh Mheánach, Bealach Conglais, Ceatharlach, geallúint a thabhairt go ndéanfainn béile dom féin gach oíche agus go nglaofainn abhaile dá bhfaighinn deis. Saoire scoile na Samhna a bhí ann. Bhíos sásta liom féin agus mé ag déanamh ar Acadh Mheánach mar gur tháinig mé ó Ghleann Dá Loch thar Bhóthar na gCró síos isteach sa ghleann san áit ar bhuaigh mo shinsir, Clann Branach, ar fhórsaí Eilíse. Bhí aiste á scríobh agam ar an gcath don Ardteist agus bhraitheas go mba mhór an ní é an talamh a bheith siúlta agam. Áirítear gur ionann buataisí troma siúil a chaitheamh d’aon lá amháin agus cúig thonna meáchain a bhogadh. Ní haon ionadh mar sin go raibh na cosa tuirseach agus mé i ngiorracht míle slí do bhrú óige Acadh Mheánach, Oíche Shamhna. Bhí sé idir dhá sholas, ceobhrán báistí ann agus mé ag cuimhneamh ar an mbia a bheadh agam go luath. Shíleas gur stumpa crainn, no carraig aonair a bhí sa mheall dubh romham. D’éirigh sé ina sheasamh áfach. Dob é an duine ab airde dá bhfaca mé riamh é. Bhí cóta mór air, hata ait agus rud éigin ar a dhroim aige. www.feasta.ie

‘Dia dhuit,’ a bheannaíos dó. Dhein sé gnúsachtach éigin. ‘Bhfuil tú ar do bhealach go dtí an Brú Óige, mo dhála féin?’ I mBéarla a d’fhreagair sé. Thuigeas, cé go raibh canúint ait aige, nó snaidhm ar a theanga, go raibh sé ag tairiscint mo mhála droma a iompar dom. ‘Míle maith agat ach níl aon ní ann... canna bradáin dom shuipéar agus stocaí fliucha...’ Leag sé lámh ar strapaí an mhála. Ba ghráin liom an teagmháil ach dúras go béasach go rabhas i dtaithí an mhála. ‘Iompair thar an gcrosbhóthar é, mar sin,’ ar seisean go grod. ‘ Ina dhiaidh sin...’

B

hí uabhar ag teacht orm i ngeall ar chomh mór agus a bhí sé, agus mar narbh fhéidir liom é a fheiscint i gceart sa bhreacsholas, agus mar nach raibh radharc ceart agam ar an rud a bhí thiar ar a dhroim aige. Shiúil sé gan ghleo. ‘An leat an capall dubh thall?’ a d’fhiafraíos de. Ní rabhas deimhin de gurbh capall é, ach cad eile a bheadh ann? ‘Ní capall é.’ 8

Shroiseamar an crosbhóthar. Bhíomar i radharc an bhrú, gan ach cúpla céad slat le dul agam. ‘Anois!’ Bhraitheas a lámha orm. Níl a fhios agam ar bhéiceas. Bhíos mar a bheinn ag screadaíl gan éifeacht im chodhladh agus tromluí orm. Phléasc doras an bhrú ar oscailt agus leath solas uaidh. Chuala mé inneall á mhúscailt agus tháinig carr ag réabadh im threo, soilse ar lasadh, adharc á séideadh. Stop sé le díoscán coscán os mo chomhair. ‘Eleanór Ní Thuathail? Fáilte. Mise Ruairí an Bhrú. Léim isteach.’ Chasas thart ag ceapadh go mbeadh an fathach lem ais. Ní raibh éinne ann. ‘A Ruairí, níl a fhios agam cad d’imigh air, ach bhí fear anseo in aice liom. Fear an-mhór. Fathach. Sílim go raibh sé ag déanamh ar an mbrú.’ ‘Bhuel, ní fheicim éinne anois. Léim isteach. Léim isteach anois!’ D’fhágas an brú go moch ar maidin sular bhog éinne eile, ar mo shlí go Bealach Chonglais agus Ceatharlach. Stopas ag an gcrosaire agus d’fhéachas thart. Bhí leacht cuimhne ar thaobh an bhóthair. ‘Guí ar son Aodh Ó Tuathail 1780-1798. San áit seo a chroch Edward Hempenstall é, gan de chroch aige ach a ghualainn féin.’ Chuimhníos ar rann a bhíodh ag mo dhaideo: �Here lie the bones of Hempenstall, judge, jury, gallows, rope and all.’ Chuas ar cosa in airde i dtreo Cheatharlaigh.◊ [Nóta: uabhar - eeriness] Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Máire Uí Shíthigh a sheol

Tá sé tarraingthe agat, a Mhary Ellen le Máirín Ní Laoithe Uí Shé ar an 17 Lúnasa 2013 i Halla Cheann Trá (Coiscéim, 2013. €12)

C

uimhní cinn Mhary Ellen Ní Shéaghdha atá sa leabhar Tá sé tarraingthe agat, a Mhary Ellen, bean a chuaigh go Meiriceá ó Chathair an Treantaigh i bParóiste Fhionn Trá i gCorca Dhuibhne, agus gan í ach seacht mbliana déag, breis is caoga bliain ó shin. Tar éis na scoile d’oibrigh sí sa bhaile agus i mBaile Átha Cliath sara dtug sí aghaidh ar na Stáit. Níor cheap sí gur ann a fhanfadh sí, ach is mar sin a tharla. Is i Chicago a bhí cónaí uirthi go mbog sí go Florida cúpla bliain ó shin. Bhí sí mar bhainisteoir ar bhácús agus d’oibrigh sí go cruaidh. Is baintreach anois í gur rugadh iníon amháin di, Sandy, agus garmhac Jordan, gur breá leis Barack Obama. Tá an scéal breactha ar phár ag Máirín Ní Laoithe Uí Shé atá pósta le deartháir Mhary Ellen, Tony.

• Cuir ort an teanntán san. (An bra ó Mheiriceá) • Cheannaigh Mam ionar álainn gorm. • Bhí fuacht orm sa trap mar ní raibh aon chabhail orm. Fothragadh ar na héinne. • Thugamar seáp faoin siopa agus súp go cluasa orainn. Tá ana-thuiscint ar shaol na n-imirceach sa leabhar: ‘D’aithneofá an dream a thagadh ó Shasana. Ní rabhadar chomh déanta suas, chomh péacach le dream Mheiriceá. Bhí slang difriúil acu. Bhí Sasana níos giorra agus níos fusa teacht air agus teacht as.

Faightear cur síos breá ó Mhary Ellen ar a clann, an scoil, na comharsain, muintir a máthar agus a hathar, póstaíocha, feirmeoireacht, tragóidí farraige, agus a lán eile. San insint deintear cur síos ar An Carghas, Lá le Mártan, Na Ráiseanna, An Choróin Mhuire, An Nollaig, agus araile.

D’oibrigh Mary Ellen go dian agus léirítear go bhfuil ana-shlí aici le daoine: – Thugainn uaim ar bheagán na cístí a bhíodh fágtha tar éis an lae. Choimeádainn ar láimh a lán acu mar sin, mar faoi mar a deir an seanfhocal, faigheann lámh iata dorn dúnta.’ B’ait léi a saol díomhaoin nuair a d’éirigh sí as a cuid oibre; ní raibh ar siúl aici ach gíotáil gan dealramh. Cé gur áit mharbhánta Florida, tá Mary Ellen dulta i dtaithí na háite agus í breá sásta ann. Deir sí faoi mhná Florida: –

Is iontach an chuimhne atá aici. Bhraithfeá a meon dearfach tríd Máirín Ní Laoithe Uí Shé an leabhar go léir. Níl aon & Áine Ní Laoithe O’Hara ag an seoladh mhaoithneachas ann, tá sé fírinneach, n’fhéadfainn é a chur uaim go raibh sé léite agam.

ag séanadh a n-aois…. dá mbeifeá suite laistiar dóibh ag an Aifreann, bheadh gáire agat mar níl aon oidhre ar chúl a gcuid gruaige nuair a thosníonn an ghruaig liath ag fás amach aríst, ach bundún circe! … mé féin san áireamh!’

Ceistíonn sí conas a ceapadh go raibh roinnt de na clis ‘spóirt’ a bhíodh acu greannmhar? Bhí na clis chéanna againn go léir agus is minic a bhí leanbh bocht thíos leo.

Tugtar ana-chur síos ar Joeín Mháiréad a cailleadh ní ró-fhada ó shin:

Tréaslaím a saothar le Máirín agus is breá an rud é go bhfuil sí i mbun na hoibre seo ó d’éirigh sí as a post mar phríomhoide i Scoil Naomh Eirc. Is mó leanbh scoile atá sí tar éis a ghríosadh chun scéalaíochta agus amhránaíochta.

Bhí Joeín géarchúiseach, fiosrach, gealgháireach agus an focal maith aige i gcónaí. ‘Ná raibh do luíochán leapan ort i gcaitheamh do shaoil, ach an fhaid a bheidh tú i do chodlach inti istoíche’ ab ea a ghuí do gach n-aon’.

Is ceiliúradh do pharóiste Cheann Trá an leabhar leis an saibhreas cainte atá ann. Mar shampla: • Luíos amach orm féin. • Piseoga gan dealramh – Ráite baoise. Baothchaint. • Thosnaigh cúrsaí ag leá. • Níor lú léi an sioc ná daoine a fheiscint díomhaoin. • Tá an lóchrann san ag tabhairt an-dóchas dom. • Tá fóidín mearaí ar an bhfear bocht. • Thug sé na leaca liatha leis anall. www.feasta.ie

Cá n-imíonn an duine a fhiafraíonn Mary Ellen? Tá deireadh an leabhair cosúil le dán filíochta agus Mary Ellen ag caint ar a céad turas eile abhaile: Gheobhad soir an tráigh – Tráigh Fionn Trá – cosnocht. Is cuma cad é. Is don áit seo mé. N’fheadar cé leis a bhuailfead. Cífimid. An scóp! Is fada liom go ngealfaidh an lá. Nach breá a bheith beo. Moladh le Dia. Tá gach rud aige baile anois ach Thanksgiving. ◊ 9

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Macallaí na Cásca 9

1916 AGUS MAR SIN DE, le Pádraig Ó Snodaigh Léirmheas le Seán Hutton

SÚIL SIAR AR 1916

T

á leabhar atá spéisiúil agus éagsúil curtha ar fáil ag Pádraig Ó Snodaigh sa tsraith Macallaí na Cásca dar teideal 1916 Agus Mar Sin De. Tá cur síos beacht déanta aige ar ábhar an tsaothair sa Réamhrá: ‘Saghas dialann oibre atá ann’, cuntas ar shaothrú na staire seachas ar an ‘saothar críochnaithe’. Luann sé freisin gné eile den scríbhneoireacht atá le fáil sa leabhar: ‘scéalta a shíleas a bheith barrúil [agus] cinn eile a léirigh mianach na ndaoine a bhí i gceist’. Maidir leis na daoine seo ‘a bhí gceist’, meabhraíonn sé dúinn go bhfuil ‘na pearsain staire a ardaítear romhainn mar laochra’ ina ndaoine ‘go laigí an duine go greann agus aiféala’. Is fiú a rá freisin gur téama tábhachtach leanúnach eile sa leabhar seo mórthionchar Bhráithreachas na Poblachta ar na himeachtaí as a d’eascair Óglaigh na hÉireann agus gach a lean de sin.

bhunú ar fhíricí an taighde sin. Tá an focal sin ‘dílis’ curtha idir lúibíní agam mar go bhfuil go leor saineolaithe comhaimseartha staire a déarfadh go bhfuil sé iontach deacair insint chothrom staire a scríobh. Ach sa mhéid gur féidir teacht i ngar dó sin a dhéanamh, tá sé déanta ag Pádraig (féach mar shampla an aiste ‘De hÍde agus 1915: Mac Néill agus 1916’). I 1961 d’fhoilsigh F X Martin alt dar teideal, ‘Eoin Mac Néill on the 1916 Rising’. Bhí dhá cháipéis le Mac Néill i gceist, ceann acu an litir ‘The North Began’ a d’fhoilsigh Mac Néill sa Claidheamh Solais i nDeireadh Fómhair 1913 – agus tá macalla den chiall a bhain Martin as an alt seo in The Oxford Companion to Irish History (1998): ‘his [Mac Néill’s] article, pointing to the example of the Ulster Volunteer Force, provided the inspiration for the Irish Volunteers’. Ach tá go leor atá scríofa sa leabhar seo a léiríonn go raibh daoine eile ag eagrú agus ag druileáil sarar rith sé le hEoin Mac Néill peann a chur le pár i nDeireadh Fómhair 1913, féach na caibidlí beathaisnéise faoi Con Colbert agus Seán Mac Diarmada, mar shampla; nó sa chaibidil thar a bheith spéisiúil, ‘Fórsa Óglach Lár na Tíre’, in a fheiceann muid an bleachtaire-stairí faoi lán seoil, agus cur síos thar a bheith cothrom agus beacht á thabhairt aige ar an ábhar seo.

Insíonn sé freisin sa Réamhrá mar a theip ar an iarracht a rinneadh an leabhar seo a fhoilsiú i 1986 chun Éirí Amach na Cásca a chomóradh: ‘urchair thámáilte a bhí sa chomóradh: drochthráth dúinn ab ea lár na 1980idí agus fágadh an iarracht seo ar leaththaobh’ ag am gur ‘tugadh an t-ardán’ do lucht athscríofa na staire.

Is spéisiúil go léiríonn léamh Ruth Dudley Edwards ar imeachtaí na laethanta sin ró-shimplíocht léamh Martin, agus tábhacht Bhráithreachas na Poblachta sna himeachtaí seo (Ruth Dudley Edwards, Patrick Pearse: The Triumph of Failure (1977) leathanaigh 177-8).

Ach mar a deir Pádraig sa leabhar seo ‘Tá athscríobh agus athscríobh ann’ agus ‘ní stair go hathscríobh’. Sa scrúdú a dhéanann sé ar athscríobh na staire a bhain le hÉirí Amach na Cásca, díríonn sé ar bheirt d’fhoireann Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath lenár linn sa leabhar seo (agus i leabhar eile a scríobh sé, Two Godfathers of Revisionism, 1991): an tAthair Francis Shaw agus An tAthair F X Martin. Pietas agus nua-Réamannachas faoi chló na staire a thugann sé ar iarracht Shaw, ‘The Canon of Irish History – A Challenge’ (a bhí ar fáil i 1966 ach nár foilsíodh go dtí 1972) – ag tabhairt an bhreithiúnais seo air: ‘ionsíothlú na staire chun leas na polaitíochta’, ‘tá sin doghlactha’ (lch 43). Tá scéal spéisiúil le ríomh aige freisin faoi pholaitíocht na moille fada a cuireadh ar fhoilsiú alt Shaw.

I

s fiú a rá freisin go n-aontaíonn Charles Townshend (Political Violence in Ireland. 2000, lgh 256-9), go leagtar an iomarca béime ar ‘The North Began’. Cuireann seisean béim ar ‘spontaneity’ i dtús fhás na nÓglach, é ag baint úsáide as alt Béarla ó 1968 le Pádraig, ‘The Midland Volunteer Force, 1913’, mar fhianaise. In áit eile déanann sé mór de chumas ‘the new generation of republicans’ i ‘the heavy spadework of organisation building’ (lch 241). Maidir leis an dara cáipéis le Mac Néill a bhí i gceist, meamram faoi straitéis na nÓglach a d’ullmhaigh sé chun cúrsaí a phlé ag cruinniú de choiste feidhmeannach na nÓglach go luath i 1916, níor baineadh úsáid as ag an gcruinniú sin. Léirigh an cháipéis go raibh sé i gcoinne na straitéise a bhí ceaptha ag baill den Bhráithreachas a bhí gníomhach sna hÓglaigh. Nuair a shéan na daoine seo go raibh a leithéid de straitéis ar intinn acu, leag sé a cháipéis ar leataobh; ach b’é tuairim Martin gur meamram tábhachtach a bhí mar ‘centre of discussion at the meeting’ an cháipéis seo. Bhí Pádraig in ann an ráiteas seo a bhréagnú ar fhianaise Bulmer Hobson. Feannann sé Martin mar staraí sa chaibidil ‘The Lists of Xavier Martin’, agus tugann sé sonc dó ó am go ham in áiteanna eile sa leabhar.

Sheol ráiteas an tSnodaigh thuas ar ais mé i dtreo Comhghuaillithe na Réabhlóide 1913-1916 (1966) chun a mheabrú dom féin cén sórt staire a scríobh sé sa leabhar sin. An sórt staire a chleacht agus a mhol na hathscríobhaithe Dudley Edwards agus Moody a bhí i gceist: is é sin mionscrúdú a dhéanamh ar na cáipéisí agus insint ‘dílis’ staire a www.feasta.ie

Seachas athscríobh na staire agus tábhacht an Bhráithreachais sna himeachtaí as ar lean Éirí Amach na Cásca, tá téama eile ag rith tríd an leabhar seo. Fadhb atá 10

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


ann a aithneoidh duine ar bith a chuaigh i ngleic leis an stair riamh i.e. an t-eolas a bhíonn in easnamh ar chúis amháin nó ar chúis eile. Nuair a bhí Pádraig ar thóir páipéar a bhain le Joseph Mary Plunkett, chuaigh sé go dtí teach áirithe ar dúradh leis go mbeadh teacht aige orthu ann agus labhair sé leis an té a bhí i mbun an tí. Arsa mo dhuine leis: ‘Ní raibh aon rud polaitiúil iontu. Ní raibh ann ach litreacha uaidh don chlann … chuireas tine leo.’ hí sé ródhéanach freisin i gcás Robert Page, ball den Bhráithreachas a chuaigh le hÓglaigh Redmond i scoilt 1914, agus a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Dar le Pádraig: ‘Bhí sé in aois na leanbaíochta, beagnach, agus is beag a fuair mé uaidh ó thaobh eolais don tráchtas’. Ach an scéal is taitneamhaí ar an ábhar seo, tá sé le fáil in aiste ghairid spraíúil, ‘An Piarsach’, atá bunaithe ar an eolas go mbaineadh An Piarsach úsáid as shorcóirí fónagraif chun a óráidí a chleachtadh: ach ní raibh teacht ar aon cheann de na huirlisí úd ag Scoil Éanna a thuilleadh, iad scaipthe mar bhronntanaisí thar na blianta de réir dealramh. Bhí deacrachtaí thar na bearta ag Pádraig féin agus é i mbun taighde, áfach, nuair a diúltaíodh cead dó páipéir Eoin Mhic Néill a iniúchadh, cosc nár cuireadh ar F X Martin, de réir dealraimh. Leagann sé an milleán ar Michael Tierney, a phós iníon Mhic Néill agus a bhí ina Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath lenár linn. Nochtann Pádraig scéal sa leabhar seo freisin gur iarr Martin ar Bulmer Hobson gan cuidiú leis sa taighde a bhí ar bun aige (scéal a bhí aige ó bhéal Hobson). Ach ní hé sin deireadh. Theip air freisin radharc a fháil ar cháipéis le Seán Ó Muirthile ar stair an Bhráithreachais (ar chuir rialtas an tSaoir Stáit bac ar a fhoilsiú), nuair a chuaigh sé i dteangmháil le Risteárd Ó Maolchatha, an té a raibh an cháipéis ina sheilbh. Mar a dúradh i dtús na haiste, tá éagsúlacht ag baint le 1916 Agus Mar Sin De, agus tá iarracht déanta agam príomhthéamaí an leabhair a iniúchadh. Is fiú a rá go bhfuil aistí taitneamhacha ann atá imeallach ar bhealaí do na téamaí seo mar ‘Mac Easmainn agus an luibheolaíocht’ agus ‘Lá leis an bPiarsach’. Ach thar gach ní eile, tá raidhse eolais anseo ar chur amach Uí Shnodaigh ar an stair agus cleachtadh na staire i gcás ceisteanna atá conspóideach fós in Éirinn. ◊

Cnuasach leabhar Gaeilge Dheasúin Bhreatnaigh bronnta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

B

hronn iníon an scríbhneora, Deasún Breatnach, cnuasach leabhar Gaeilge a hathar ar Ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht Chonamara ar an 28 Meán Fómhair. Tá isteach is amach le 750 leabhar faoi stair, litríocht, chultúr agus shaíocht na tíre sa leabharlann seo. Beidh na leabhair mar chuid de shainbhailiúchán a bheidh in úsáid ag mic léinn an BA sa Chumarsáid le linn a gcuid staidéir ar an gCeathrú Rua. Scríbhneoir, iriseoir, file, intleachtóir, poblachtach agus gníomhaí ab ea Deasún Breatnach a rugadh i mBaile Átha Cliath i 1922 agus a cailleadh sa bhliain 2007. Is mar gheall ar ról Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcur chun cinn an ardoideachais trí mheán na Gaeilge, agus an obair atá ar bun ag an Acadamh i réimse na Cumarsáide Gaeilge, a chinn clann Dheasúin Bhreatnaigh a chuid leabhar Gaeilge a bhronnadh ar an institiúid léinn. Cuirtear oideachas i léann agus i gcleachtas na Cumarsáide ar mhic léinn fochéime a bhíonn ag gabháil den BA sa Chumarsáid GY106. Déantar cúram ar leith den iriseoireacht le linn an chúrsa seo a eagraítear go huile agus go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Téann céimithe an chúrsa ag obair le comhlachtaí ardghradaim i dtionscal na meán. eathchéad bliain tar éis Éirí Amach na Cásca, 1916, chuaigh Deasún Breatnach ar stailc ocrais i 1966 chun aird a tharraingt ar a laghad a bhí bainte amach ó thaobh an oideachais trí Ghaeilge. Ba bhall é den ghrúpa MISNEACH, a bhunaigh an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain. Bhí Luci, a bhean chéile, agus Deasún féin ina mbaill de ghrúpa bunaitheoirí na chéad bhunscoile lán-Ghaelaí i gContae Bhaile Átha Cliath, Scoil Lorcáin, i mBaile na Manach. Scríobh an Breatnach raon leathan leabhar agus ábhar i nGaeilge: úrscéalta do dhéagóirí, scéalta do pháistí, leabhar taighde faoin mbéaloideas, filíocht, gearrscéalta, agus bhí saothar fairsing iriseoireachta aige. Scríobhadh sé don irisleabhar The Bell agus do Scéala Éireann agus é ina chónaí ar Inis Oírr i lár na gcaogaidí. D’fhoilsigh sé ailt i nGaeilge san Evening Press agus chaith sé seal ag obair don Irish Farmers Journal agus ina fho-eagarthóir ar an nuachtán The Irish Times. Sholáthraigh sé ábhar don nuachtán seachtainiúil Gaeilge Inniu agus do na hirisleabhair Comhar agus Feasta. Scríobh sé as Gaeilge sna nuachtáin Saoirse agus An Phoblacht, a raibh sé ina eagarthóir air. Arsa Dónall Ó Braonáin thar ceann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: ‘Cuimhneachán seasta a bheidh ann faoi shaol agus saothar Dheasúin. Iriseoir cruthanta a bhí ann a shaothraigh a cheird go cumasach, agus a chuir go mór leis an allagar náisiúnta agus caibidil chultúrtha na hÉireann.’ ◊

B

L

DIARMUID Ó GRÁINNE, 1950-2013 Cainteoir dúchais Gaeilge as Aill an Phréacháin i bhForbacha na Gaillimhe ab ea Diarmuid Ó Gráinne. Buille trom ar scríbhneoireacht na Gaeilge is ea a bhás, agus bás Mhaidhc Dainín Uí Shé, a cuireadh ar an lá céanna leis, 31 Lúnasa. D’fhreastail Diarmuid ar Choláiste Éinde i nGaillimh agus ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach, Áth Cliath (1968-70), mar ar spreag Séamus Ó Mórdha, Ollamh le Gaeilge, chun pinn é. Chleacht sé an iliomad réimse: úrscéalaíocht, gearrscéalaíocht, fealsúnacht, léirmheastóireacht, stair, agus máthair an áil ar fad, b’fhéidir, an dialannaíocht. Machnóir ab ea é, fear go raibh rud le rá aige, agus an teanga len é a chur in iúl. Ghabh sé le feirmeoireacht agus lean air ag scríobh. Shamhlaínnse saol uaigneach leis: b’fhéidir go raibh dul amú orm. Ba léir dom an taitneamh a bhain sé as leabhar a raibh lámh an eagarthóra agam féin air, a bheathaisnéis ar Nietzsche, a bhreacadh. Saol faoi chló eile a bhí ann dó, ionannú: b’eisean fealsamh na Gearmáine. Chomh déanach le hIúil 2013, tháinig úrscéal eile fós leis ó Choiscéim, Aois na nIontas. Tá an teanga gann inniu ar dhea-scríbhneoirí próis ón nGaeltacht. Braithfimid uainn é. Solas na bhFlaitheas dó. — P Mac Fhearghusa www.feasta.ie

11

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


GAEILGE AN CHLÁIR Séad-Chnuasach Focal ón mBéarla In eagar ag Críona Ní Gháirbhith. Coiscéim, 2013. €12

á chur i láthair ag Seán Ó Ceallaigh

I

s é seo an tríú hiarracht ar Ghaeilge an Chláir a chur ar phár. Bhí saothar mór ag an Athair Mac Clúin, a bhí ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste Fhlannáin in Inis, a bhreac síos dhá imleabhar de Ghaeilge an Chláir – Caint an Chláir i 1940, agus fuaireamar iarracht Nils Holmer i 1962, The Dialects of County Clare I & II. Anois, in 2013, tá seolta chugainn sár-shaothar Críona Ní Gháirbhith ina bhfuil cur síos ar a bhfuil fanta d’fhocail Ghaeilge i measc an Bhéarla sa Chlár. Is liosta focal é atá ag cúngú in aghaidh na bliana de réir mar a chaitheann an aimsir agus a scuabann tonnta ollmhóra na meán cumarsáide chun siúil pé fuíoll dúchais cainte atá againn ónár sinsear.

Deir an tOllamh Seosamh Watson: – Is iomaí gné de shaol an duine ar a gcuirtear síos anseo .i. cúrsaí aimsire, an iascaireacht agus gnóthaí farraige, an talmhaíocht agus an fheirmeoireacht, an dúlra, damhsaí agus ceol, an cearrbhachas agus caithimh aimsire eile nach iad, cleamhnas agus pósadh agus thar aon ní, tréithe an duine, idir chorp agus phearsa, ar a dtugtar léargas cuimsitheach ann. Tá suas le 1,800 focal sa bhailiúchán seo, ar a n-áirítear mórán nach bhfuil i gcnuasach iomráiteach Mhic Clúin, agus tá suas le 2,500 de mhínithe Béarla ann. Samplaí:– Adhastar: ‘halter, put the adhastar on the ass.’ ‘Bhí fear macánta ina chónaí in Eidhneach agus tugtaí adhastar mar leasainm air, toisc a mhinicí is a bhíodh sé ag lorg adhastar ar iasacht.’

Cad a choinnigh beo na focail seo arbh fhuíoll ársa iad a d’fhan i mbéal daoine agus iad ar a ndícheall ag cur Béarla ar a smaointe Gaeilge, cuid acu do-aistrithe go Béarla. Ina theannta sin, bhí na focail chomh beacht, chomh glé sin, ina gcur síos ar nádúr an duine, ar a chruthaíocht, ar a nósanna, ar chiotachas an duine, nó an ainmhí, i mbun an tsaoil. Ní raibh focal Béarla i ngar don Ghaeilge chun cur síos ar na cúrsaí áirithe sin agus tarraingíodh láithreach as stór focal na Gaeilge chun léiriú a dhéanamh ar an smaoineamh agus ar an ngníomh. Thug sin beatha go ceann glúine nó dhó breise do na focail Ghaeilge i gcaint an Bhéarla.

Buailteán: Big stick. Hitting the dog with a big buailteán 2. The striking wattle of the flail. Corráinín Speile: curved file for to edge scythe. Cuisle: Pulse. Cuisle mo chroí. Fadharcán: Corn on foot 2. A knot in wood. The plank is full of fadharcáns Gamalóg: Foolish person. Faghairt: Fire in his eyes. Fialtach: Big bulky person or animal. Liobarnach: Awkward Tá innéacs Gaeilge agus Béarla sa leabhar a chuireann go mór le tuiscint an duine ar an bhfocal, agus ina dheireadh tá dhá leathanach d’fhocail Ghaeilge dá dtagraítear faoi na ceann fhocail, mar shampla: Cuach: garbhshíon na gCuach; Cos: bacóid; Buí: buachallán; Béal: íde; Dul: amú; Práta: caochán; Míog: pilibín; Saor: gobán agus mar sin de, ar feadh 200 ceann fhocal.’

De réir mar a cuireadh oideachas ar dhaoine, déanadh íonghlanadh ar a gcuid Béarla agus cuireadh chun siúil na focail Ghaeilge, bíodh is go maireann macalla díobh i gcaint an phobail tuaithe go fóill.

Tá macallaí na seanaimsire múscailte ag Críona Ní Gháirbhith sa leabhar seo a bhíogann ár n-aigne ar shaibhreas Gaeilge an Chláir. Tuigimid, ag léamh an chiste foclóra seo dúinn, doimhneacht agus fairsinge na Gaeilge sa Chlár. Léiríonn sé freisin go paiteanta chomh lárnach is a bhí Gaeilge an Chláir sa bhfoclóir náisiúnta. Deir Seosamh Watson: –

Is ag an bpointe seo a thuigimid tábhacht shaothar Chríona Ní Gháirbhith, a úsáidí is atá i gcás mhúineadh agus tuiscint na Gaeilge sna scoileanna agus, ar ndóigh, gur féidir an stór focal a úsáid mar bhonn dúchasach don fhoghlaimeoir Ghaeilge. Sa chur chuige, deir sí féin: –

Cuireann an cnuasach luachmhar seo go mór lenár n-eolas ar oidhreacht shaibhir Ghaeilge a bhí i seilbh phobal an Chláir, tráth a mhair a dteanga shinsearach beo, beathach ina measc agus léiríonn lena chois sin, a ndílseacht siúd agus a gcion uirthi, fiú i ndiaidh dá mórchuid dul i muinín an Bhéarla mar ghnáththeanga laethúil.

‘Sa bhliain 2007 thosnaigh mé ag bailiú agus ag scríobh liostaí focal i nGaeilge .i. focail a chuala mé féin i mBaile Aodha, Eidhneach, agus mé ag fás aníos ansin. Chuir mé comórtas ar siúl agus scríobh mé litir faoi a foilsíodh sa Clare Champion agus bhailigh cnuasach beag focal sa tslí sin. Chláraigh mé don M Lit mar mhac léinn i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar mhol an tOllamh Seosamh Watson dom dul i mbun taighde foirmiúil a dhéanamh ar Ghaeilge i ngnáthchaint na ndaoine. .i. an Béarla i gContae an Chláir: thugas faoi.’ Lch 157 www.feasta.ie

Tréaslaímid uile a saothar le Críona Ní Gháirbhith as leabhar chomh luachmhar a chur inár láthair. Tréaslaímid freisin leis na foilsitheoirí, Coiscéim, a rinne cur amach fíorshlachtmhar ar an leabhar.◊ 12

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Ag Campaí Samhraidh

Ógras, Trá Lí

ÓGRAS 2013 Risteárd Ó Fuaráin oifigeach forbartha na Mumhan 087 2194992 & mumhan@ogras.ie

Ógras, Gníomh go Leith

Ógras, Ciarraí Lár

Ógras, Baile Uí Thaidhg

Ógras an Ghleanna, Uíbh Ráthach álainn na bhFear bhFionn bhFial

Tamara agus Edwina


MICÍ DAINÍN Ó SÉ Seoid Náisiúnta ar lár

M

ó chráiteacht is mo chumha ná tnáithigh! Tá dúiche Duibhneach agus críoch Fódhla ar fad dallta ag an ochlán ó tháinig an drochscéal chugainn maidin Déardaoin seo caite [29 Lúnasa 2013] go raibh an saol seo fágtha go tobann ag an bpearsa agus an seoid náisiúnta, Maidhc Dainín Ó Sé. Go deimhin, tá smut nó sciar substaintiúil de shaíocht, de chultúr agus d’oidhreacht na dúiche seo, is na tíre ar fad, caillte go buan againn. Is beidh sé ana-dheacair a bhróga a líonadh go deo.

1987, ‘an leabhar is soléite sa teanga’ mar a deirtear sa chuntas atá ag ‘Coiscéim’ ar an leabhar iomráiteach sin. Sé atá in A Thig Ná Tit Orm cuntas ar eachtraithe i saol an údair, ó bhí sé ina gharsún beag, i ndaichidí an chéid seo caite, ar a fhód dúchais, Carrachán, i bparóiste Mórdhach, faoi scáth Chnoc Bhréanainn, go dtí gur fhill sé abhaile, i 1969, óna aistear mar imirceánach. Bhí saol sin an imirceánaigh i ndán do phlúr na bhfear is na mban n-óg le linn do Mhicí Dainín a bheith tagtha in inmhe fir is i gcoinlíocht, is dála na gcéadta eile bhailigh sé féin leis an Mám amach.

Bhí aithne ag an saol mór ar Mhaidhc Dainín mar údar, mar cheoltóir, mar fhear suilt agus cuideachtan agus mar dhuine de phearsana móra Oireachtas na Gaeilge le tamall maith de bhlianta.

Fear fadradharcach ba ea é agus bhí sé suite meáite ar fhilleadh abhaile nuair a bheadh sé oiriúnach chuige. Is buíochas mór le Dia na Gile Glóire gur éirigh leis an bheart a dhéanamh is gur scaoil sé snaidhm is cornasc na himirce. Is tá an t-ádh linne ar fad gur mar sin a tharla is gur fhill sé abhaile chugainn.

Micí Dainín a thugtaí ina dhúiche dhúchais air, an dúiche sin ab ansa lena chroí. Bhí aithne agamsa air mar dhlúthchara dílis, is mar dhuine domhain, díograiseach, dúthrachtach, dícheallach, deisbhéalach; ceoltóir, údar, cumadóir, amhránaí, fear inste scéal, rí comhluadair, pearsa preabúil Oireachtais agus pearsa náisiúnta, fear muinteartha agus fear muintire.

Ní raibh sé i bhfad neadaithe ar a fhód dúchais arís nuair a tháinig cor eile chun feabhais i saol na Gaeltachta i.e. bunú Raidió na Gaeltachta i 1972. Is bhíodh ‘Micí Dainín é féin’, ambaiste, coitianta i mbun ceoil agus amhráin ar an raidió sin is bhí an-éileamh air dá réir. Is mar sin a cuireadh aithne fhorleathan ar Mhicí Dainín ar dtús. Is féidir a rá gurb é an Raidió agus an tOireachtas an dá eagras sa tír seo is mó a raibh cion aige orthu, agus bhí tionchar nach beag acu ar a phearsa poiblí. Casadh a lán daoine air le linn a thréimhsí ar Chomhairle an Raidió agus é ag taisteal go cruinnithe ó cheann ceann na tíre. Bhí an t-ádh leis an scríbhneoir seo a bheith fairis ar chuid mhaith dá chuid bóithreoireachta. Aon duine a d’fhreastail ar an Oireachtas le blianta fada, tá fhios aige go mbíodh Maidhc Dainín agus a bhosca ceoil i lár aon aonaigh agus na cuideachtan. Is mar sin a bhí aige, bliain i ndiaidh bliana, go dílis, ó thús na seachtóidí den gcéad seo caite. Cad é ‘Up Kerry’, is ‘Up Carrachán’ is ‘Up Cam Amhais’, ambaiste, is ceol is amhráin go frathacha! Ceann de na cuimhní gléineacha atá i mo cheann is ea é féin agus ‘Rí Thoraí’, Peatsaí Dan Mac Ruairí, lena mboscaí ceoil is iad i mbun an ‘Tennessee Waltz’ ag Oireachtas na bliana 2011 i gCill Airne ….

Maidhc Dainín Ó Sé

Scrígh sé fiche éigin leabhar Gaelainne agus tá dhá cheann acu sin aistrithe go Béarla. Éacht ann féin é seo: níl aon duine i ndúiche Duibhneach ná in aon phobal tuaithe eile, ar m’eolas, a bhfuil an méid sin scríbhneoireachta curtha de aige ina theanga dhúchais. Leabhair mhaithe téagartha is ea a bhformhór agus leabhair a bhfuil fealsúnacht agus meon an tuata tuisceanaigh go smior iontu, mar go raibh spéis ar leith ag údar Charracháin sa chosmhuintir dár díobh é, ina nósanna, a seanchas is a scéalta. B’iad ‘lucht na gcaipíní’ sin a ‘alma mater’, a ollscoil, a inspioráid agus an tobar as ar líon sé a pheann go rábach.

R

ud eile atá léir i mo chuimhne is ea an urraim a bhí ag dream óg an Oireachtais dó mar údar A Thig Ná Tit Orm. Bhíodh a leithéid sin ‘leáite anuas air’ istigh i gClub An Oireachtais, rud a thaitnigh go mór leis agus a thug misneach agus spreagadh dó mar údar. Á mhuise, mothóimid uainn é ag Oireachtas na bliana seo i gCill Airne, idir óg agus aosta …. Iad siúd a raibh ard-aithne acu ar Mhicí Dainín, thuigeadar, leis, gurb iad a bhean agus a ál agus an fónamh a rinne sé orthu an chuid ba thábhachtaí dá shaol pearsanta, agus ní raibh aon rud ina cheann b’ansa leis ná saol maith compordach a bheith acu sin le toradh a shaothair féin. Is d’éirigh thar barr leis sna gnóthaí sin.

Mar a deireadh sé féin, bhí sé ‘coitianta ar a’ bpeann’ ó bhain a chéad leabhar, A Thig Ná Tit Orm, cáil náisiúnta amach dó, nuair a d’fhoilsigh Coiscéim ar dtús é sa bhliain www.feasta.ie

14

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Cé go raibh ana-chuid áthais agus rangáis ina shaol, mar sin féin do luigh coraí crua an tsaoil go trom air, babhtaí. Cailleadh deartháir leis, Tomáisín Dainín, agus é ina fhear óg. Amhránaí den scoth ab ea Tomáisín agus, dá mairfeadh sé, bheadh oiread cáile mar amhránaí air is a bhí ar Mhicí féin. Cailleadh a iníon Deirdre, go hobann, i Philadelphia, i mbláth na hóige is ina máthair ar ál óg. Ní raibh Micí ach díreach dulta ar a phinsean óna phost le Kerry Co-OP nuair a tharla an tubaiste sin dó. Cailleadh a dheirfiúr is í ina bean óg, agus bhí a dheartháireacha ar fad imithe roimhe. Ba é Oisín i ndiaidh na Féinne é, deireadh an áil.

Maidhc Dainín Ó Sé 1942 - 2013 Tá an Gaeilgeoir cumasach grámhar Imithe go brách gan fuaim, Ní bheidh sé arís inár láthair Ag canadh amhrán don slua, D’ardaigh sé meon a raibh i láthair Sa bhaile is gan dabht thar cuan, Tá do bhuile agat tugtha, a shárfhir, Codladh gan cháim duit, luaim. Fad is a bheidh uisce ag rith agus drúcht ar bharr an fhéir, beidh cuimhne ar Mhaidhc i measc Gael i bhfad is i gcéin. Go dtuga Dia na Glóire suaimhneas síoraí dó, agus leaba i measc fhíorfhathaigh ár dteanga dhúchais bíodh aige. — Pádraig Ó Conaill

Faraor, ní raibh a shláinte ar fónamh le tamall anuas ach d’iompair sé an chros sin, leis, le dínit is le diongbháilteacht. Is ní raibh aon súil ag aon duine go sciobfaí uainn chomh tapa é. Guím suaimhneas agus sólás a bheith ag a bhean ‘Kate Castleisland’ is a mhuirear, is a ghaolta eile ar fad atá croíbhriste ina dheoidh. Trócaire sa chré air féin is ar a mhuintir ar fad.

— Mícheál de Mórdha

Maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, cad atá romhainn? Mar leanas a labhair Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, nuair a d’oscail sé Dúchas, Éigse do Thiobraid Árann, i nDún Mhuire, Sráid an Phiarsaigh, Aonach Urmhumhan ar an 13 Meán Fómhair: – Táim buíoch as an gcuireadh a fuaireas Dúchas na bliana seo a oscailt. Is ócáid shuimiúil thaitneamhach í an tionól seo i gcónaí agus molaim go mór Coiste Contae Thiobraid Árann de Chonradh na Gaeilge agus an chraobh anseo san Aonach as clár dá leithéid seo a chur ar fáil dúinne, agus go háirithe do lucht na Gaeilge anseo i gCo. Thiobraid Árann. Tá sé tabhachtach dúinn an pobal Gaelach a chothú agus a neartú trí imeachtaí mar seo. Táim chun beagán cainte a dhéanamh i dtaobh an leagan amach nua maoinithe atá le cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge – leagan amach a d’fhógair an CATT (Comhairle Aireachta Thuaidh / Theas) i lár mí Iúil. Tá eolas áirithe ina thaobh ar fáil go coitianta, ach ina ainneoin san, beidh go leor mionsonraí folaithe go dtí go dtiocfaidh ceisteanna nua chun cinn. Déanfad iarracht an-ghairid mo léamhsa air a chur i láthair. FÁITHMHEAS, AN RIACHTANAS AGUS AN GNÍOMH

Slán le Dónal Breathnach Cathair Uí Mhóráin, Trá Lí, a d’éag ar an 12 Bealtaine 2013 Tá scamall dúch dorcha brónach Ag sileadh, mo lom, thar an Ríocht, Mar tá an fámaire imithe go deo uainn, Ní chloisfimid go brách uaidh arís. Nach iontach mar a thug sé uaidh comhairle Do dhaoine faoi bhrú, mar a bhíonn, Ag impí orthu bheith ag caint is ag comhrá Chun faoiseamh d’fháil dóibh féin ón bpian. Tá do chlann is do ghaolta go deorach Ach tá sólás le fáil acu, achainím, Mar beidh fáilte i gcathair na glóire Roimh Dhónal an laoch ó Chiarraí. D’fhágais do bhronntanas go deonach, Tá do bhuille agat tugtha le brí, Tóg an sos atá tuilte agat, a óigfhir,, Ar Neamh thuas ar feadh na síoraíocht’. Codladh, a laoch-fhir ar neamh go sámh. — Pádraig Ó Conaill www.feasta.ie

Sa leagan amach nua seo, tá an dá Stát ag léiriú conas a chabhrófar le lucht na Gaeilge agus an riar, treoir agus stiúir a bheidh ann chun cuspóirí áirithe a chur chun cinn. Tá soiléire ná raibh ann le tamall le brath ar an méid san. Tá sé soiléir freisin, im thuairimse, go bhfuil baol ann go ndéanfaidh an leagan amach nua imeallú ar Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht náisiúnta pobail, muna gcoimeádfaimid súil ar a mbeidh ag titim amach. Ní léir in aon chor go mbeidh páirt chinnireachta nó pleanála ar bith gur fiú trácht air ag daoine deonacha nuair a thosnóidh an córas nua, agus cuirfidh san srian nach beag le cumas na heagraíochta daoine cumasacha dúthrachta a choimeád ar an leibhéal náisiúnta. Taobh amuigh ar fad den mhaoiniú agus den chomhpháirtíocht leis an státchóras atá i gceist, caithfimidne, mar eagraíocht, más maith linn ár bhféiniúlacht agus ár gcumas eagrúcháin féin a choimeád, aire a thabhairt dár gclár oibre féin freisin, nó d’fhéadfadh sé titim i léig agus dul as, nó bheith slogtha, cheal aire uainn féin. Sé sin, de bhreis ar bheith i bpáirt leis an stát, mar a thárlóidh tríd an gcóras nua, caithfimid bheith ag obair ar nithe breise dár gcuid féin. Ní i gcónaí a bhíonn san soiléir inár n-aigne, ní thugaimid dóthain airde air go minic, agus ní i gcónaí ach oiread a thugaimid faoi ndeara chomh cleithiúnach is atáimid faoi láthair ar mhaoiniú ón stát. Tá an bonn don pháirtíocht leis an stát á athrú go suntasach anois, agus caithfimidne bheith aireach go maith dá réir, mar tá misean níos leithne i gcónaí againn ná díreach a bheith páirteach i dtionscnaimh leis an stát. Is dúshlán, bagairt agus buntáiste dúinn an cor nua seo, agus éireoidh linn, má dheinimid é a láimhseáil i gceart anois. Beidh sé ró-dhéanach tosnú air seo i gceann cúpla bliain, agus beidh níos lú roghanna ann faoin tráth san. Cuirim fáilte roimh dhíospóireacht sa ghluaiseacht dheonach ar an méid atá ráite agam. Is breá liom Dúchas 2013 a fhógairt tosnaithe Donncha dh Ó hAodha , Uachtarán, Conradh na Gaeilge 15

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


IARSMALANN AN TÚIR, DOIRE Ar an 26 Meán Fómhair in Iarsmalann an Túir, Doire, thug an Dr Éamonn Ó Ciardha léacht dar teideal 'Imeacht na nIarlaí agus Plandáil Uladh', mar chuid de shraith léachtaí Island Voice, arna eagrú ag an gComhairle Cathrach. An sprioc ná dearcadh na nGael ar Phlandáil Uladh a chíoradh; tá cothrom 400 bliain ann ó Pharlaimint 1613. • Ó chlé: Mickey McGuinness, staraí; Keith Wright, Church of the Latter Day Saints; Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire; Dr Éamonn Ó Ciardha, Léachtóir, agus Margaret Edwards, Oifigeach Oideachais, Comhairle Cathrach Dhoire, ag an Túr.

Scoth na Scríbhneoireachta — Daoine Fásta Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2013 • COMÓRTAS A2: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (9/10-12) Maoinithe ag Foras na Gaeilge An Chéad Duais €2,000: Daideo le Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14. An Dara Duais €750: Oileán na nDraoithe le Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn. • COMÓRTAS A3: FICSEAN DO DHAOINE ÓGA (13-15) Maoinithe ag Foras na Gaeilge. An Chéad Duais €2,000: Vaimpír san Áiléar le Orna Ní Choileáin, Ard Aidhin, BÁC 5. An Dara Duais €750: Raic le Máire Uí Dhufaigh, Inis Oírr, Oileáin Árann. • COMÓRTAS A4: ÁBHAR LÉITHEOIREACHTA DON FHOGHLAIMEOIR FÁSTA Maoinithe ag Foras na Gaeilge An Chéad Duais €2,000: Fianaise le Micheál Ó Ruairc, Garrán an Úlloird, Cúl Mín, Baile Bhlainséir, BÁC 1. An Dara Duais €750: Nuair a Stadann an Ceol le Marie Whelton, Institiúid Oideachais Marino, Ascaill Uí Ghríofa. • COMÓRTAS A5: GEARRSCÉAL – DUAIS AN MHAOLÁNAIGH Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge An Chéad Duais €400: Nochtadh na Fírinne le Bríd Dáibhís, Clochar na Toirbhirte, Cill Choca, Co. Chill Dara. Duais €100: An Carria le Eithne Ní Ghallchobhair, Maigh Gumna, Ard an Rátha, Tír Chonaill. Duais €100: An Bás Beo le Mícheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán. • COMÓRTAS A6: DÁN Maoinithe ag Craobh Aimhirgin de Conradh na Gaeilge. Duais €200: Míol Mór Bhreandáin le Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. • COMÓRTAS A7: CNUASACH FILÍOCHTA Maoinithe ag Coistí Gairmoideachais na Mumhan agus na Gaeltachta. Duais €1,250: Aimsir Ársa le Cathal Ó Searcaigh, Mín a Leá, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn, Tír Chonaill.

www.feasta.ie

• COMÓRTAS A9: LÉIRMHEASTÓIREACHT AR FHILÍOCHT Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge agus Éigse Éireann – Poetry Ireland. Duais €400: Mo Mháistir Dorcha le Pádraig de Paor, Coláiste na Tríonóide, BÁC • COMÓRTAS A10: Saothar Próis Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge. Duais €1,250: An Colm Bán le Liam Ó Muirthile, Páirc na Rós, Ascaill na Cille, Dún Laoghaire. • COMÓRTAS A11: COMÓRTAS NA SCRÍBHNEOIRÍ ÚRA Maoinithe ag Foras na Gaeilge. Duais €1,000: Cuimhní Poircealláin le Majella Ní Dhomhnaill, Bóthar Chill Easpaig Sáráin, Bré, Co. Chill Mhantáin. Duais €1,000: Rocky Ros Muc le Rónán Mac Con Iomaire, An Bóthar Buí, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Duais €375: Geronimo agus Scéalta Eile le Seán Mac Sheáin Mac Eochaidh, Powerscourt, Bóthar Dhún Mór, Port Láirge. Duais €375: Tuatha Dé Danainn in Éirinn le Diarmuid de Faoite, Cúirt an Mhainéir, Cnoc na Cathrach, Gaillimh. • COMÓRTAS A12: CUR CHUN CINN NA GAEILGE Maoinithe ag Conradh na Gaeilge. Duais €500: Athchuairt ar an mBreac-Ghaeltacht le John Walsh, Roinn na Gaeilge, OÉ, Gaillimh. • COMÓRTAS A13: AISTE INNEALTÓIREACHTA Maoinithe ag Cumann na nInnealtóirí. Duais €1,000: An Innealtóireacht – idir eolaíocht agus ealaín le Caitlín Uí Mhaolagáin, An Ardaidh, Gort an Choirce, Leitir Ceanainn. • COMÓRTAS A14: DRÁMA RAIDIÓ Maoinithe ag RTÉ. Duais €500: Teiripe le Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14. • COMÓRTAS A15: DRÁMA AONGHNÍMH Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta. Duais €600: Viriliter Age le Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, BÁC 14.

16

• COMÓRTAS A16: COMÓRTAS CUIMHNEACHÁIN AOIDH UÍ RUAIRC Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge & ag an gCumann Scoildrámaíochta: – ROINN A An Chéad Duais €200: Is Binn Béar ina Thost le Áine Treasa Ní Dheirg, Ráth Chairn, Baile Átha Buí. An Dara Duais €150: Scéal na Nollag le Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14. ROINN B An Chéad Duais €200: An Dialann le Brian Ó Meacháin, Ard Bhríde, Baile Locha Riach. An Dara Duais €150: Cogadh na Traí le Lisa Ní Dhoinnléibhe, Goirtín Fliuch, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí. ROINN C (Duais i gcuimhne Dhonncha Uí Shúilleabháin) An Chéad Duais €300: Am ar Dóigh! le Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. An Dara Duais €150: Aoibhinn agus Diarmaid le Brian Ó Baoill, An Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. • COMÓRTAS A17: SCRIPT TEILIFÍSE Maoinithe ag TG4.Duais €500: An tOileán le Brian Ó Tiomáin, Willbrook, Ráth Fearnáin, BÁC 14. Duais €500: Dótáil le Dónal de Buitléir, Caiseal na gCorr, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall. • COMÓRTAS A18: SCÉAL DÍRITHE AR DHÉAGÓIRÍ Maoinithe ag ArdChomhairle Chumann Lúthchleas Gael. Duais €500: Iománaí ón Iasacht le Seán Ua Cearnaigh, Ard Aoibhinn, Gort na Silíní, Inis Córthaidh, Co. Loch Garman. • COMÓRTAS A19: AGALLAMH BEIRTE Maoinithe ag Údarás na Gaeltachta. Duais €500: Lá Spóirt le Aodh Ó Domhnaill, Bóthar an Fhaiche, An Charraig Dhubh. • COMÓRTAS A20: CUMADÓIREACHT AMHRÁN Maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge. Duais €1,000: Máire as Árainn Mhór le Proinsias Mac a’ Bhaird agus Doimnic Mac Giolla Bhríde, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. ◊

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Scéalaíocht Ár Sinsear le Kim Mc Cone agus Pádraig Ó Fiannachta An Sagart, Athchló 2012 Léirmheas le Síle Ní Mhurchú

I

‘Is cáin,’ ol-se-sseom, ‘in t-šamaisc téte sechunn!’ ‘Dlegtair,’ ol-si-si, ‘samaisci móra bale na·bít tairb.’ ‘Atá tarb in chóicid lat,’ or-se-sseom, ‘.i. rí Ulad.’ ‘No·togfainn-se etruib far ňdís,’ or-si-si, ‘ocus no·gēbainn tarbín óag amalt-so.’ ‘Ni-thó!’ ol-se-sseom. ‘Cid fo bīthin fáitsine Cathbad.’ ‘In dom fémedsa adeiri sin?’ ‘Bid dō immurgu,’ or-se-ssem. La sodain fo·ceird-si bedg cuci corro·gab a dá n-ó fora chinn. ‘Dá n-ó mēle ocus cuitbiuda in-so,’ ol-si, ‘manim·bera-su latt.’ (2)

s é atá in Scéalaíocht Ár Sinsear ná naoi gcinn de scéalta ó ré na Sean-Ghaeilge aistrithe go Nua-Ghaeilge ag Pádraig Ó Fiannachta maille le tráchtaireacht ó Kim McCone. Bhí dúshláin áirithe ag baint leis an aistriúchán so agus míníonn Ó Fiannachta gur dhein sé iarracht cloí leis an nGaeilge Mhoch chomh mór agus ab fhéidir leis ach cló na Nua-Ghaeilge a chur ar na scéalta ag an am céanna (lch v). Admhaíonn sé gur deacair don aistritheoir gach gné den stíl a thabhairt ‘thar bhearna bhaoil an aistriúcháin’ (ibid.) ach tríd is tríd, éiríonn go maith leis, mar a chífear sna samplaí a leanas. Féach an bheocht atá sa chomhrá thíos idir an rí Ailill, Eoghan Mac Ailealla agus Lughaidh Mac Con in Cath Má Mucramha:

Tá níos mó de dhúshlán ag baint leis na giotaí beaga filíochta a fhaightear anso is ansúd sa phrós. In Oidhe Dhiarmada Mhic Fhearghasa Ciorrbheoil, tuarann an fáidh Beag Mac Dé gur mar seo a leanas a bheidh ríocht Dhiarmada i ndiaidh a bháis:

‘Beir breith eadrainn, a Ailill.’ ‘Beag a thairbhe,’ arsa Ailill. ‘Cad dúirt sibh nuair a fuarthas an fear.’ ‘Liomsa an ceol, a dúrtsa,’ arsa Lughaidh. ‘Liomsa an ceoltóir, a dúrtsa,’ arsa Eoghan. ‘Fíor duit,’ arsa Ailill, ‘le hEoghan an fear.’ ‘Is drochbhreith,’ arsa Lughaidh. ‘Is cóir í,’ arsa Ailill. ‘Ní cóir í,’ arsa Lughaidh, ‘ní gnáth cóir as do bhéal.’ ‘Ní tú is cóir á lochtú,’ arsa Eoghan, ‘aitheach de do shórt.’ ‘Is aitheach de mo shórt a lomfaidh an ceann sin díotsa agus a shatlóidh ar do leaca!’ ‘Conas a dhéanfá-sa sin?’ arsa Eoghan. ‘Ar pháirc an chatha,’ arsa Lughaidh: ‘mí ón lá inniu, tar go gcomhracam i gCeann Abhrad.’ (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 25)

Is olc an saol atá chugam; Beidh fir daor, Mná saor, Meas crann folamh, Coill caoin, Bláth olc, Gaotha iomadúil, Samhradh fliuch, Arbhar glas, Iomad bó, Bainne tearc... (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 102). An téacs ar ar bunaíodh an t-aistriúchán:

‘Beir breith dún, a Ailill’. ‘Bec torbai’, or Ailill. ‘Cid atrubartbair in tan fríth in fer?’ ‘At-rubart-sa’, or Lugaid, ‘lemm a céol’. ‘At-rubart-sa’, ar Éogan, ‘is lem on céoluid’. ‘Is fír’, or Ailill, ‘la Éogan in fer’. ‘Is drochbreth’, or Lugaid. ‘Fír dano’, or Ailill. ‘Ní fír,’ or Lugaid, ‘ní gnáth fír fort béolu’. ‘Ní tú as chóir dia chairigud’, or Éogan, ‘aithech samlut’. ‘Bid aithech samlum-sa’, or Lugaid, ‘lomméras a cend-sin dít-sa 7 saltéras fort leccoin’. ‘Cinnas do-génta-su?’ or Éogan. ‘I rroí chatha’, or Lugaid, ‘a llaa-sa i cind mís do-téis co comairsem i Cind Abrat’. (1)

Olc bith aromthá · daera fir · saera mná · mess fás · fidh cáin · olcc bláth · ili gáith · samh fliuch · ith nglass · immat buar · terc ass... (3)

B

raithim go mbeadh línte 4 agus 5 thuas doiléir go maith don léitheoir Nua-Ghaeilge. Caoin sa chiall ‘smooth’ .i. gan fásra atá i gceist ach is dócha gur túisce a chuimhneodh duine sa lá atá inniu ann ar ‘pleasant’ nó a leithéid. Bhí réimse leathan bríonna ag an bhfocal sa tSean-Ghaeilge leis: ‘devoid of fruit’ le comhartha ceiste a mholann an Dictionary of the Irish Language (s.v. caín) sa chás so. Cuirtear an focal crann leis an bhfocal mess/meas san aistriúchán chun go dtuigfí gur ‘fruit of a forest tree’ (mar a thugtar i bhFoclóir Uí Dhónaill s.v. meas²) atá i gceist ach fós braithim go mbeadh an líne sin doiléir go maith do léitheoirí ar an gcéad amharc. Tá na giotaí filíochta pas deacair mar sin – bheadh tuairim agat cad tá á léiriú iontu ach ba dheacair mionscagadh a dhéanamh ar chuid de na línte gan dul i dtreo na mbunfhoinsí agus na saothar acadúla a thráchtann orthu. Ná cuireadh deacrachtaí mar seo as don léitheoir!

Is deas mar a bhorrann is a thránn an argóint sa tsliocht san agus is dóigh liom go n-éiríonn leis an aistritheoir teannas agus gontacht an bhunleagain a bhreith leis sa NuaGhaeilge. No féach ar Dheirdre a chuireann a dúil in iúl do Naoise in Loingeas Mac nUisnigh: ‘Is álainn,’ ar seisean, ‘an tsamhaisc atá ag dul tharainn.’ ‘Dlitear samhaisc a bheith mór,’ ar sise, ‘san áit nach mbíonn tairbh.’ ‘Tá tarbh an chúige agat,’ ar seisean, ‘.i. Rí Uladh.’ ‘Dhéanfainn rogha eadraibh araon,’ ar sise, ‘agus thoghfainn tairbhín óg mar thusa.’ ‘Ná habair é!’ ar seisean, ‘fiú de bharr fháistine Chathbhadh.’ ‘An do mo dhiúltú a deire sin?’ ‘Is dó, go deimhin,’ ar seisean. Leis sin chaith sí léim chuige agus rug greim ar a dhá chluais ar a cheann. ‘Dhá chluais méala agus fonóide iad seo,’ ar sí, ‘mura mbeireann tú mise leat.’ (Scéalaíocht Ár Sinsear, lch 111) www.feasta.ie

Tá blúirí Laidine sa tsliocht as Beatha Phádraig agus aistríodh iad so go Béarla: ‘Gornias washed his face agus osclaíodh a shúile dó...’ (lch 130) ‘Pádraig, however, nuair a chuala sé na focail sin...’ (lch 130), ‘Is é seo indeed faoi deara teacht Phádraig i dtús go hÉirinn’ (lch 132). 17

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Tá cúpla sliocht níos faide ná san leis ann aistrithe ó Laidin go Béarla agus ní bheadh aon locht agam orthu san ach is dóigh liom go bhfuil greann neamhbheartaithe ag baint leis na blúiríní gearra Béarla mar atá thuas toisc go dtugann siad códmheascadh an lae inniu chun cuimhne – b’fhearr an Laidin a aistriú go Gaeilge agus é a chur i gcló Iodálach, dar liom.

IMRAM 2013 FÉILE LITRÍOCHTA GAEILGE 10 – 19 Deireadh Fómhair CLÁR NA FÉILE

Bíonn teachtaireachtaí na scéalta so folaithe rud a fhágann gur deacair do léitheoirí an lae inniu iad a dhéanamh amach, mar a mhíníonn Ó Fiannachta (lch v) agus mar leigheas air seo, míníonn Kim McCone cuid de na modhanna anailíse a mbaineann scoláirí úsáid astu – mionstaidéar ar chúlra na scéalta, an anailís struchtúrach, coincheap na tairseachúlachta, agus a thuilleadh nach iad. Tugtar eolas dúinn ar sheachadadh na scéalta, ar thionchar na Críostaíochta agus an Bhíobla agus mar a fíodh an traidisiún dúchasach leis an dtraidisiún eaglasta, ar fheidhm na scéalta sa tréimhse inar cumadh iad agus ar ghnéithe d’aeistéitic na scéalta. Tá an chuid seo bunaithe ar an leabhar Pagan Past and Christian Present in early Irish literature le Kim McCone arís (lch 18). Ina theannta san go léir, cuireadh nótaí le gach scéal sa leabhar a thugann eolas breise ar chóipeanna i lámhscríbhinní, ar eagráin i gcló, ar thuairimí scoláirí éagsúla, ar théama an scéil, ar chosúlachtaí agus ar dhifríochtaí idir scéalta éagsúla, agus mar sin de. Is mór an chabhair iad so do léitheoirí.

• Déardaoin 10 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre, TÚR NA nAMHRÁN: TIONSCADAL COHEN • Dé hAoine 11 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Pavilion Theatre, RÉ-DHAMHSA: TIONSCADAL VAN MORRISON • Dé Sathairn 12 Deireadh Fómhair | 8.00pm | Toner’s Pub (Upstairs), LEABHAR MÓR na nAMHRÁN: Ceiliúradh is mór-oíche amhránaíochta • Dé Luain 14 Deireadh Fómhair | 6.00pm | DIT Aungier Street, CLÓ DRAÍOCHTA 3: Taispeántas Clóghrafaíochta • Dé Luain 14 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Goethe-Institut Irland, NÍ FÉIDIR LABHAIRT INA THAOBH: TIONSCADAL WITTGENSTEIN • Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Helen Roe Theatre, SOMHAIRLE MacGILL-EAIN: OIRFÉAS NA hALBAN • Dé Máirt 15 Deireadh Fómhair | 7.45pm | The Grand Social, NUAIR A BHÍ MÉ ÓG: Ceiliúradh ar ‘Máire’ (Séamus Ó Grianna) • (9.30pm Grand Folk Club) • Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Cois Teallaigh, SPLANCANNA Ó SHAOL EILE: Caint le hAlex Hijmans • Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social, IS Í AN ÓICHE MO BHEANSA: TIONSCADAL JACK KEROUAC • Déardaoin 17 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Cois Teallaigh, NA LAOCHRA AR LÁR: Ceiliúradh ar thriúr laochra liteartha, Seamus Heaney, Maidhc Dainín Ó Sé agus Diarmuid Ó Gráinne • Déardaoin 17 Deireadh Fómhair | 8.30pm | The Grand Social, DHÚISÍOS AR MAIDIN: TIONSCADAL NA nGORMACHA • Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair | 6.00pm | Gaelchultúr, IDIR DHÁ THEANGA, IDIR DHÁ SHAOL: LÉACHT IMRAM LE MÁIRÍN NIC EOIN • Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair | 8.30pm | Helen Roe Theatre, AN FILE AGUS AN FUASCAILTEOIR • Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair | Áras na Scríbhneoirí, CEARDLANN NÁISIÚNTA DO GHEARRSCÉALAITHE GAEILGE: CLÓ IAR-CHONNACHT • Dé Sathairn 19 Deireadh Fómhair | 8.00pm | McGrattan’s, OÍCHE ÓMÓIS DO ALAN TITLEY ——◊—— Tháinig borradh nach beag ar IMRAM i gcaitheamh 2013. Léiríodh Non, je ne regrette rien: Tionscadal Piaf-Brel timpeall na tíre, Seachtain na Scríbhneoirí, Lios Tuathail agus Áras Éanna, Inis Óirr, san áireamh. Agus an fómhar seo, i gcomhar le NASC, tabharfaidh Túr na nAmhrán: Tionscadal Leonard Cohen cuairt ar ocht n-ionad ar fad. Cheana féin bhí imeachtaí IMRAM ag an bhféile Mountains to Sea i nDún Laoghaire, Féile Scríbhneoirí Átha Cliath agus Féile Litríochta Iarthar Chorcaí. Tá clár spleodrach eicléicteach againn arís i mbliana agus ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar chuid acu anseo, Damhsa na Gealaí: Tionscadal Van Morrisson agus an seó trí-theangach Ní Féidir Labhairt ina Thaobh: Tionscadal Wittgenstein, an fealsamh a tháinig go hÉirinn. Léireoimid ómós do Bholcán na mBriathra, Alan Titley; cuimhneofar siar ar Shéamus Ó Grianna agus an oidhreacht liteartha aige agus tabharfaidh an Mary Ryan Blues Band sinn ar imram corraitheach ar fharraigí gorma, – Tionscadal na nGormacha, amhráin agus filíocht a d'eascair as fulaingt an phobail ghoirm. Sea, a iomramhaithe, an méid sin go léir agus tuilleadh ag IMRAM 2013 - ceardlanna, léachtaí, cainteanna agus dánta ar chláir fógraíochta i lár na cathrach. AR BORD LIBH!

T

háinig an leabhar so amach ar dtúis i 1992. Tá fiche bliain, mar sin, idir an dá eagrán agus is mór an trua nár tugadh na nótaí a ghaibheann leis na scéalta suas chun dáta chun obair atá déanta ag scoláirí sa tréimhse sin a chur san áireamh. Luaitear (lch 105) léacht a thug Cornelius Buttimer i Má Nuad ar an bhfeidhm a bhaintear as fuaimeanna in Loingeas Mac nUisnigh; cuireadh aiste bunaithe ar an léacht so i gcló ó shin in Éigse (4); (4) b’fhiú a lua go bhfuil an buntéacs Laidine de bheathaí Phádraig le Tíreachán agus Muirchú (luaite ar lgh 123-9) ar fáil ar líne anois ar an suíomh www.confessio.ie agus aistriúchán Gaeilge leo; tá ailt nua scríofa ó shin ag scoláirí éagsúla ar chuid de na scéalta agus tá eagráin nua tagtha amach de chuid de na leabhra a dtagraítear dóibh sna nótaí.

Na scéalta eile sa leabhar nár luadh roimis seo ná: Oidhe Chonchúir, Giniúint Chormaic Uí Choinn, Eachtra Mac nEachdhach Mhuighmheadhóin, Toghail Bruíne Da Dearga agus Eachtra Fhearghasa Mhic Léide. Beidh an leabhar so an-úsáideach do lucht labhartha Nua-Ghaeilge atá ag foghlaim Sean-Ghaeilge agus luaitear ar an gclúdach cúil go bhfuil an-éileamh air sna hollscoileanna. Ina theannta san, mholfainn d’aon duine ar suim leis no léi litríocht na Gaeilge é a léamh. Ba mhaith an dream chun scéalaíochta iad na sinsir agus níor cheart an méid a scríobhadar a ligint i ndíchuimhne. (1) O’Daly, Máirín (eag.), Cath Maige Mucrama / The Battle of Mag Mucrama, Dublin 1975, lch 40. (2) Hull, Vernon (eag.), Longes mac nUislenn, New York 1971 (athchló), lch 46. (3) O’Grady, Standish Hayes (eag.), Silva Gadelica i, London 1892, lch 80. (4) Buttimer, Cornelius, ‘Longes mac nUislenn reconsidered’, Éigse 28 (1995), lgh 1-41. ◊ www.feasta.ie

18

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Agallamh le hAlex Hijmans le Isobel Ní Riain Ceist 1: Alex, is ón Ísiltír tú. Cad a thug ort an Ghaeilge a fhoghlaim agus ceithre leabhar a scríobh as Gaeilge ina dhiaidh sin?

Ceist 6: Scríobh tú leabhar beathaisnéiseach ar do shaol sa Bhrasaíl dar teideal Favela. Favela Cheap mé tar éis an leabhar sin a léamh go raibh an carachtar Naoise sa leabhar Aiséirí bunaithe ort féin go pointe ach go raibh cuid díot le feiscint sa charachtar Rebekka chomh maith. An bhfuil dul amú orm sa mhéid sin?

Mheall comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann mo shuim sa Ghaeilge nuair a bhí mé i mo dhéagóir (agus mé ar saoire in Éirinn le mo mhuintir thiar ag deireadh na 1980í.) Ba é sin an chéad splanc. Níor shamhlaigh mé go deo ag an am sin go scríobhfainn ceithre leabhar sa teanga, ach ba é sin a tharla. Ar feadh ar a laghad deich mbliana tar éis dom an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach a bhaint amach ag Ollscoil na Gaillimhe i 1998, ba í an Ghaeilge mo phríomtheanga oibre agus luigh sé le réasún go scríobhfainn na leabhair a theastaigh uaim a scríobh sa teanga sin.

Níl dul amú ort, agus tá carachtar eile in Aiséirí, Alex One Arrow, bunaithe orm féin go pointe freisin. Shocraigh mé mo thaithí féin a roinnt idir an triúr acu – Naoise, Rebekka agus Alex One Arrow – ach tá tréithe ó dhaoine beo eile agus pinse maith samhlaíochta caite isteach sa triúr acu freisin. Is cosúla saothar ficsin le pota anraith ná mar a cheapfá. Ceist 7: Thug tú aghaidh ar an mBrasaíl i ndiaidh duit tamall fada a chaitheamh in Éirinn agus tá tú i do chónaí ann ó shin. Caithfidh go bhfuil Éire agus an Bhrasaíl an-éagsúil lena chéile. Cén fáth go dtaitníonn an dá áit seo chomh mór sin leat?

Ceist 2: Bhunaigh tú caifé in Éirinn – an raibh taithí agat ar an saghas seo oibre cheana? Ní raibh. An plean a bhí agam ag an am ná go mbeadh an caifé agam mar ‘phost lae’ agus go luífinn isteach ar an scríbhneoireacht chruthaitheach san oíche. Níor éirigh leis an bplean – post lae agus oíche a bhí sa chaifé. Níor scríobh mé an leabhar atá bunaithe ar an tréimhse sin, Aiséirí, go dtí ceithre bliana tar éis dom léas an chaifé a dhíol ar aghaidh.

Chaith mé dhá bhliain déag in Éirinn; ó 1995 go 2007. Tá cónaí orm sa Bhrasaíl ó shin. Ní féidir an dá thír a chur i gcomparáid le chéile. ‘Saol eile’ atá sa Bhrasaíl; sin an fáth go bhfuil Splancanna ó shaol eile ar an gceathrú leabhar uaim. Tá ceangal an-domhain ach an-éagsúil agam leis an dá thir, mar atá agam, go deimhin, le mo thír dhúchais, an Ísiltír.

Ceist 3: Bananaphoblacht ainm an chaifé sin. Cad ba chúis leis an ainm agus an bhfuil sé fós ann? Bhí mé díreach tar éis cuairt a thabhairt ar Mheiriceá Theas don chéad uair nuair a thóg mé an caifé ar láimh. Theastaigh uaim rud éigin ‘réabhlóideach’ a chur in iúl leis an ainm, ach an rud is mó a sheasann amach i m’aigne faoi ná rud a dúirt bean ó Chonradh na Gaeilge (a bhí lonnaithe trasna an bhóthair) liom an lá ar péinteáladh comhartha an chaifé: ‘Níl a fhios agam cén chaoi a bhfuil éinne chun é sin a rá!’ Níl an caifé ann a thuilleadh. Is siopa fóin anois é, muna bhfuil dul amú ar m’fhoinsí i nGaillimh. Ceist 4: Caifé dátheangach a bhí ann. Conas is féidir dátheangachas a chur i bhfeidhim i gcaifé? An raibh an Ghaeilge ag gach ball foirne? Bhí biachlár dátheangach ann agus bhí Gaeilge ag thart ar thrian den fhoireann – laethanta an Tíogair Cheiltigh a bhí ann, agus bhí postanna i bhfad níos fearr ar fáil do dhaoine le Gaeilge. Mé féin agus duine nó beirt eile fágtha as an áireamh, mic léinn a bhí sna hoibrithe (páirt-aimseartha) ar fad a raibh Gaeilge acu. Éireannaigh nach raibh Gaeilge acu agus daoine ón iasacht a bhí sa chuid eile. Ach le sceidealú cliste, bhíomar in ann a chinntiú go raibh duine le Gaeilge ag obair an chuid is mó den am.

Ceist 8: Tá leabhar gearrscéalta scríofa agat atá suite sa Bhrasaíl dar teideal Gonta. Éiríonn leat an comhthéacs iasachta a chruthú trí mheán na Gaeilge, rud nach bhfuil éasca. Cén cur chuige a bhí agat agus an Ghaeilge á cur á labhairt i dtír iasachta agat?

Ceist 5: An mbraitheann tú go bhfuil draíocht ag baint le tithe caifé? Deir Naoise san úrscéal agat Aiséirí gur amharclann an caifé. An gcreideann tú féin é sin?

Agus mé ag obair ar na leaganacha Gaeilge de na scéalta in Gonta (tá leaganacha Béarla agus Ollainnise ann freisin) chloisfinn na carachtair ag labhairt i nGaeilge. Bhí canúint láidir Chonamara ar dhuine de na carachtair, Wanderson as an scéal ‘Fanann a ndeirtear sa jíp sa jíp’, mar shampla.

Gan dabht tá draíocht ag baint le tithe caife. Áiteanna iad ina gcastar daoine ar a chéile agus ina gcastar saolta bun os cionn. Go deimhin, creidim gur cheart gur amharclann de shaghas a ba cheart a bheith i dteach caife maith – agus os a chionn sin arís, teach pobail. www.feasta.ie

Bhí orm a bheith cúramach leis seo, áfach, mar ní fhéadfadh na carachtair a bheith ‘Gaelach’, óir is Brasaíligh iad ar fad. 19

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


le mo chuid scríbhneoireachta freisin, idir fhicsean agus neamhfhicsean. Go deimhin, is é seo an cur chuige a bhíonn agam i gcás téarmaí iasachta freisin. Bhí gluais de théarmaí Portaingéilise in Favela, ach ó Gonta ar aghaidh déanaim mo dhícheall brí na dtéarmaí iasachta a dhéanamh soiléir sa téacs féin, ionas nach mbíonn ar an léitheoir dul chuig cúl an leabhair chun breathnú ar ghluais.

Mar shampla, ní fhéadfaidís leaganacha cainte a úsáid a thagraíonn d’Éirinn: ní fhéadfaidís rudaí ar nós ‘i bhfad Éireann níos fearr’ a rá, ná fiú ‘cuireann tú soir mé’, toisc go dtagraíonn an ‘soir’ sa leagan cainte sin d’ospidéal meabharghalair i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe. Níos tábhachtaí fós, ní fhéadfaidís focail Bhéarla a chaitheamh isteach mar a dhéanann cainteoirí Gaeilge i gcaint nádúrtha, toisc nach mbeadh oiread agus focal Béarla ag na carachtair in Gonta.

Ceist 10: Thosnaigh tú ag foghlaim na Gaeilge nuair a bhí tú fiche blian d’aois. Caithfidh go bhfuil cumas neamhghnáthach ionat maidir le teangacha a fhoghlaim. Cén cur chuige a bhí agat agus tú ag foghlaim na Gaeilge ar dtús? Cad a mholfá don Éireannach a bheadh ag dul i ngleic leis an teanga sa mheánscoil nó san ollscoil féin?

Mar a fheiceann tú, bhí go leor oibre i gceist leis seo agus go leor útamála le go leor ceisteanna beaga fánacha. Agus ba iontach an chabhair a thug eagarthóirí na bhfoilsitheoirí, Cois Life, dom leis na scéalta seo freisin, mar a rinneadar le gach ceann de mo chuid leabhar.

Bhí an t-ádh orm sa chaoi is gur éirigh liom cónaí le cainteoirí Gaeilge sna blianta tosaigh, agus bhí mo shaol sóisialta fite fuaite lena saol sóisialta siúd, rud a d’fhág gur chaith mé an dúrud ama i gcuideachta chainteoirí Gaeilge. Go deimhin, is dóigh liom gurb é sin an t-aon bhealach le teanga a thabhairt leat i gceart: go leor, leor ama a chaitheamh i dteannta na ndaoine a labhraíonn í. Thug mé sin faoi deara in athuair sa Bhrasaíl agus mé ag foghlaim na Portaingéilise. Go deimhin, rinne mé cinneadh gan aon chúrsa teanga oifigiúil a dhéanamh agus í a fhoghlaim ó na daoine a bhí (agus atá) timpeall orm, rud a fhágann go bhfuil blas nádúrtha chathair Salvador orm anois (a deirtear liom.) Ceist 11: Tá leabhar nua scríofa agat dar teideal Splancanna Ó Shaol Eile. Tréaslaím do leabhar leat. Níl sé feicthe agam fós. An bhféadfá a rá liom cad go díreach atá i gceist sa leabhar sin?

Ceist 9: Tá foclóir iontach agat sa Ghaeilge ach ní thagann an fhoclóireacht salach ar sholéiteacht do chuid scríbhneoireachta. An gcaitheann tú a lán ama ag déanamh taighde ar an teanga féin?

Céad grianghraf. Céad aiste. Cur síos ar an mBrasaíl i bhfís agus i bhfocail. Mar a déarfadh fear an Bhéarla, déanann sé an rud atá scríofa ar an gcanna! Seachas an cur chuige físiúil, is é an difear is mó idir an saothar seo agus Favela agus Gonta ná go bhfuil an Bhrasaíl ar fad faoi chaibidil sa leabhar seo, seachas cathair amháin, Salvador.

Ceann de na rudaí a d’fhoghlaim mé i seomraí nuachta RTÉ agus TG4 ná focail chasta, nó nuachumtha, a sheachaint dá bhféadfaí ar chor ar bith é, agus pé téarma a bhí i gceist a mhíniú i nGaeilge shimplí. Sin é an cur chuige a bhíonn agam

Alex, go raibh míle maith agat as an agallamh seo agus go n-éirí go geal leat sa todhchaí.◊

Coiste Logainmneacha ainmnithe ag an Aire Stáit Mac Fhionnlaoich D'fhógair Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., Aire Stáit, ar an 19 Meán Fómhair ’13, go bhfuil Coiste Logainmneacha ainmnithe aige. Coiste saineolaithe de dheichniúr ball é seo, a bheidh ag feidhmiú ar bhonn pro bono ar feadh tréimhse trí bliana, in áit an Choimisiúin Logainmneacha a bhíodh ann roimhe seo. An príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha comhairle a chur ar an Aire Stáit maidir le leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha an Stáit, sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Is trí chóras ar líne go príomha a dhéanfaidh an coiste a chuid oibre. Tionólfar cruinnithe ó thráth go chéile le saincheisteanna a phlé. Arsa an tAire Stáit, ‘Is cuid an-uathúil dár n-oidhreacht iad logainmneacha na tíre agus tá sé tábhachtach go ndéanfaidh muid iad a chaomhnú. Tá sé an-tábhachtach fosta, ar ndóigh, go mbeidh leaganacha údarásacha Gaeilge de na logainmneacha ar fáil chun críocha oifigiúla an Stáit.’ Déanann an Brainse Logainmneacha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta taighde ar logainmneacha na hÉireann sula dtugtar stádas dlíthiúil dóibh trí orduithe logainmneacha. Dhéantaí an obair seo i gcomhar leis an gCoimisiún Logainmneacha ar a raibh seacht mball déag. Faoi réir chinneadh an Rialtais faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh an Coimisiún Logainmneacha a scor agus coiste a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono agus go príomha ar líne a cheapadh ina áit. Baill an Choiste Logainmneacha: An tOllamh Ruairí Ó hUiginn, Ollamh le Nua-Ghaeilge, OÉ, Má Nuad (Cathaoirleach). An tOllamh Micheál Ó Mainnín, Stiúrthóir, Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann, Ollamh le Gaeilge agus don Léann Ceilteach, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Dr Siobhán Ní Laoire, Léachtóir le Gaeilge agus le Léann Éireannach, Institiúid Teicneolaíochta BÁC (DIT). Dr Caoilfhionn Nic Pháidín, Léachtóir Sinsearach/Stiúrthóir Tionscadal Taighde, Fiontar, Ollscoil Chathair BhÁC (DCU). Dr Éamonn Ó hÓgáin, ar scor ón Institiúid Ard-Léinn, BÁC. Dr Aoibheann Nic Dhonnchadha, Institiúid Ard-Léinn, BÁC. An tOllamh Liam Mac Mathúna, Iar-Cheann na Scoile, Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann agus na Teangeolaíochta, An Coláiste Ollscoile, BÁC (UCD). Donncha Ó Baoill, Feidhmeannach Teanga agus Cultúir, Údarás na Gaeltachta, Na Doirí Beaga. Dr. Úna Uí Bheirn, Iar-Stiúrthóir ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge, Acadamh Ríoga na hÉireann, An Charraig, Co. Dhún na nGall. Breanndán Ó Beaglaoich, múinteoir agus ceoltóir, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí.◊

www.feasta.ie

20

Feasta, Deireadh Fómhair 2013



SEAMUS HEANEY, 13 Aib 1939 – 30 Lún 2013 Sàr-Bhàrd is Eadar-Theangaire Anabarrach arna aistriú ón mBéarla ag Niall Gòrdan

R

ugadh Séamús Ó hÉanaigh sa Ghiblean 1939, am fear is sine de naoinear cloinne. Bha tuathanas lethchiad acair aig athair ann an Conndaidh Dhoire, ach b’e gnothaichean cruidh a b’ fheàrr leis. Chòrd an dòigh-bheatha seo ri Pádraig Ó hÉanaigh, rud a ghineadh annsan le bràithrean a phàrantan an dèidh dhaibhsan an t-saoghal seo fhàgail gu ro-luath. Bhuin màthair a’ bhàird ri teaghlach air an robh an sloinneadh MacCana, daoine aig an robh ùidh nach bu bheag ann an gnothaichean co-cheangailte ri ùr-ghnìomhachas seach obair thraidiseanta na tuatha. Bha a càirdean-se ag obair aig a’ mhuileann-lìon, ‘s tè dhiubh air mhuintearas aig an teaghlach leis an robh am muileann. Tha am bàrd air tarraing a thoirt air mar a bha an dà sheòrsa sin de phàrantan aige, seann teaghlach na Gàidhlig len crodh, agus muinntir Ulaidh nan tionnsgalan ùra: gu dearbh, saoilidh e gur e seo pàirt glè làidir den teannas a tha a’ dol taobh a-staigh dheth fhèin, a’ dol cuideachd ri teannas eile a thog e bho phàrantan, ‘s e sin an rud eadar caint is ciùinead, bruidhinn is balbhachd. B’e duine neo-bhriathrach athair, ‘s a mhàthair tuilleadh is deònach bruidhinn a-mach mu rudan, agus creididh Séamús gur h-e seo a dh’adhbhraich ‘an troid ris fhèin’ às an tig a chuid bàrdachd. Dh’fhàs Ó hÉanaigh suas air an tuath agus chaidh e gu bun-sgoil ionadail. Na fhear glè òg, chunnaic e na saighdearan Aimeirigeanach rin obair-mhàrsail is eile sna raointean ‘s iad ag ullachadh gu Ionnsaigh Nòrmandaidh 1944. Bha iad ag obair a-mach às ionad itealan a chaidh a thogail mu mhìle bhon taigh aige, agus a-rithist tha Ó hÉanaigh a’ cur feum air an ìomhaigh seo dheth fhèin mar chulaidh-mhothachaidh air a cothromachadh eadar ‘eachdraidh agus aineolas’ gus a bheatha ‘s a fhàs mar bhàrd a riochdachadh. Eadhan ged a ghluais a theaghlach às an tuathanas far an deachaidh àrach (Mossbawn a bh’ air) sa bhliadhna 1953, agus ged a dh’fhalbh e fhèin air iomadach turas a thug e na b’ fhaide www.feasta.ie

buileach o àite a bhreith, ‘s ann a thaobh àite, ‘s chan e inntinn, a thachair seo; tha sgìre dhùthchail Chonndaidh Dhoire fhathast mar ‘tìr na h-inntinne’, far a bheil a’ chuid is mò de bhàrdachd Uí hÉanaigh freumhaichte. Nuair a bha e dusan bliadhna dh’aois, bhuannaich Séamús Ó hÉanaigh sgoilearachd gu Colaiste Naomh Colm Cille, sgoil-chòmhnaidh Chaitligeach ann an cathair Dhoire, dà fhichead mìle on tuathanas, agus b’ e a’ chiad imrich seo às Mossbawn a bu chudtromaiche na bheatha. Sna bliadhnaichean a thigeadh an dèidh seo, dhèanadh e imrich uair is uair, gu Béal Feirste (1957-72), gu Poblacht na h-Éireann, far an do chuir e dachaigh air dòigh, agus o 1982 air adhart, rachadh e a theagasg gu cunbhalach a dh’Aimeireagaidh. Ach tha a h-uile turas a tha sin a’ crochadh air a’ chiad imrich às Mossbawn, rud a chanas e fhèin a bha mar gum biodh ga thoirt air falbh o ’talamh tròcair saothar an tuathanais gu flaitheas an fhoghlaim’. ‘S beag iongnadh, mata, gum bi an imrich seo uair is uair a’ nochdadh mar thèama na bhàrdachd, a’ tòiseachadh le ‘Digging’, a’ chiad dàn sa chiad leabhar aige, ‘s a’ tighinn gu sealladh nas eagraichte dheth ann an ‘Alphabets’ (The Haw Lantern, 1987), gu ruige an stuth às ùire air a’ chuspair ann an ‘A Sofa in the Forties’, a chaidh fhoillseachadh sa bhliadhna 1995 sa leabhar Spirit Level. ig a’ cholaiste, dh’ionnsaich Ó hÉanaigh Laidean agus Gaeilge, agus b’iad na cànanan sin, cuide ris an Angla-Shacsan a rinn e mar oileanach aig Colaiste na Banrighinn ann am Béal Feirste, a bu chudtromaiche ann a bhith ga leasachadh, ga ‘shàbhaladh’ mar gum biodh, is ga thoirt air adhart mar bhàrd. Tha na ciad rannan a rinn e mar thidsear òg ann am Béal Feirste aig tùs nan 60an, agus mòran dhe na dàin is ainmeile aige ann an North – leabhar cudromach a chaidh fhoillseachadh sa bhliadhna 1975 – a’ leantail cruthcànain an Angla-Shacsain mar a gheibhear sin sa Bheurla. Bha a chuid bàrdachd tòrr nas teinne a thaobh meadrachd agus nas làine de dh’fhaclan

A

22

aig an àm seo seach mar a bhiodh i sna 80an agus sna 90an, àm a dh’fhàs buaidh fuaimean ‘Meadhan-thìreach’ dualchas litreachail agus cànanach na Beurla na bu nochdte na shaothar. ha Station Island (1984), mar eisimpleir, a’ sealltainn buaidh chudromach Dante, agus gheibhear mar gum biodh mac-talla de Virgil – cho math ri eadar-theangachadh de Leabhar VI den Aeneid – anns an leabhar Seeing Things (1991). Thàinig na dh’ionnsaich e mun Ghaeilge gu buil le eadar-theangachadh de sgeul on Ghaeilge Mheadhanaich, ‘Suibhne Gealt’, air an tug e Sweeney Astray (1982), cho math ri eadar-theangachaidhean eile: oir bha dualchas na Gàidhlig Èireannaich riamh ann an teismheadhan na h-obrach aige, gu cultarach agus gu poilitigeach. Thàinig dàin Uí hÉanaigh gu aire a’ mhòr-shluaigh airson a’ chiad uair ann am meadhan nan 60an, nuair a bha e mar phàirt de bhuidheann bhàrd a chaidh aithneachadh sa cheann thall mar ‘Sgoil Mu Thuath’ de sgrìobhadh Èireannach. Ged a tha Ó hÉanaigh diofraichte a thaobh stoidhle ‘s eile bho sgrìobhadairean mar Micheal Longley is Derek Mahon (a chomh-aimsirich fhèin) agus Paul Muldoon, Medbh McGuckian agus Ciaran Carson (ginealach nas òige), tha iad uile co-cheangailte ‘s an dòigh ‘s gun d’ rugadh iad aig àm a bha daoine sgaraichte bho chèile a thaobh creidimh agus poilitigs, ginealach a dh’fhulaingeadh fòirneart, beachdan cruaidh neo-chaochlaideach agus mì-earbsachd on taobh a-staigh. B’ i a’ bhuil gun do thòisich bàrdachd Uí hÉanaigh a’ fàs na bu duirche, mar gum biodh, sna 70an, agus cuideachd thug seo air a bhith a’ cnuasachadh ceist na bàrdachd, a dleastanan agus a còraichean san t-saoghal, os rud e gum bi a’ bhàrdachd air a cothromachadh eadar saorsachd cruthachail taobh a-staigh dhith fhèin agus uallach shòisealta a’ bhàird mar dhuine saor. Tha na h-aistidhean a nochd sna trì prìomh-chruinneachaidhean de rosg aig Ó hÉanaigh, ach gu h-àraid na sgrìobh e sna leabhraichean The Government of the Tongue (1988) agus The Redress of Poetry (1995), a’ toirt fianais air cho fìor

T

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


chudromach is a bha a’ cheist seo dhasan ‘s e a’ tighinn gu chuid fhèin mar sgrìobhadair. ‘S iad na ceistean sin cuideachd a thug air Ó hÉanaigh dol an-sàs fad 10 bliadhna ann am ‘Field Day’, companaidh teatair a chaidh a chur air bhonn sa bhliadhna 1980 leis an dràmaiche Brian Friel agus an cleasaiche Stephen Rea. Leis a’ chompanaidh seo chaidh e an lùib pròiseact leis na bàird Seamus Deane agus Tom Paulin, cho math ris an t-seinneadair Dàibhidh Hammond, ‘s iad a’ feuchainn ri ealain is smaointinn buill a’ chompanaidh a thoirt a-steach dhan chùis-uamhais a bha air chois ann am poilitigs na h-Èireann. Ann a bhith a’ cur sreath de dhealbhancluiche agus de phamflaidean (a thàinig gu crìch, a thaobh Shéamúis, leis a leagan fhéin de Philoctetes aig Sophocles, a chuir an companaidh air turas mar dhealbh-cluich sa bhliadhna 1990 fon tiotail ‘The Cure at Troy’. Air dòigh, chuir Field Day gu mòr ris an deasbad chruaidh a bha a’ dol ann an Èirinn air feadh nan 80an agus nan 90an. Aig an aon àm ‘s a bha Ó hÉanaigh a’ tòiseachadh mar bhàrd, thachair e ris a’ bhoireannach a bha e a’ dol a phòsadh, tè a bha gu bhith na màthair do thriùir cloinne. Thàinig Máire Doibhlin, cleas Shéamúis, o theaghlach mór, feadhainn dhiubh a bha iad fhèin nan sgrìobhadairean agus nan luchd-ealain, Máire nam measg. Bha i air cruinneachadh cudromach fhoillseachadh de shàrsgeulachdan na h-Èireann air an innse gu h-às ùr (‘Over Nine Waves’, 1994). Tha pàirt glè mhòr air a bhith aice ann am beatha a’ bhàird, ‘s i a’ nochdadh gu tric air dòigh a choreigin sna dàin aige bhon toiseach, agus ‘s e gum bi ise a’ fuireach ann am Baile Átha Cliath gus gnothaichean an teaghlaich is an taighe a chur air dòigh a nì e comasach dhàsan dol gu Harvard gach bliadhna. Bha an teaghlach air bliadhna ‘shaor’ mar gum biodh a chaitheamh thall thairis ann an 1970/71 nuair a bha Séamús na òraidiche-air-chèilidh aig Campus Berkeley Oilthigh Chalifòrnia. B’ e am fèin-dhùbhlain agus am fàire ùr a dh’fhiosraich e ann an Aimeireagaidh a thug air an obair mar òraidiche aig Oilthigh na Banrighinn (1966-72) a leigeil dheth goirid an dèidh dha tilleadh a dh’Èirinn, agus rinn e imrich gu bothan ann an Conndaidh Chill Mhantáin a chor agus gum b’ urrainn www.feasta.ie

dha dol ri obair bàrdachd is sgrìobhaidh air a dhubhan fhèin gu làn-aimsireach. Beagan bhliadhnaichean an dèidh làimh, rinn an teaghlach imrich gu Baile Átha Cliath far an robh Séamús ag obair mar òraidiche ann an Colaiste Carysfort, colaiste trèanaidh thidsearan, agus e mar Cheannaird Roinn na Beurla ann gu 1982, nuair a thòisich obair Harvard. Bha seo a’ leigeil leis a’ bhàrd ochd mìosan a chur seachad aig an taigh gun obairteagaisg ri dhèanamh mar mhalairt air obair aon seamastair aig Harvard. Sa bhliadhna 1984, rinneadh Ó hÉanaigh na Ollamh Boylston de Reatoraic is Òraideachd, onoir fìor mhòr san oilthigh sin. Ann an 1989, chaidh a thaghadh mar Ollamh Bàrdachd 5 bliadhna aig Oilthigh Àth nan Damh, rud a tha a’ ciallachadh gum feum e trì òraidean poblach a thoirt seachad gach bliadhna ach gun air a bhith na chòmhnaidh ann. ir feadh a dhreuchd, tha Séamús Ó hÉanaigh daonnan air cur ri gnothaichean ealain is foghlaim, an dà chuid ann an Èirinn agus thall thairis. Agus e na òraidiche òg aig Oilthigh na Banrighinn, bha e an-sàs ann a bhith a’ foillseachadh phamflaidean de bhàrdachd a’ ghinealaich a bha ag èirigh suas, agus ghabh e thairis a’ bhùth-obrach bàrdachd ainmeil a thòisich am bàrd Sasannach, Philip Hobsbaum, nuair a dh’fhàg esan Béal Feirste sa bhliadhna 1966. Bha e cuideachd na bhall fad 5 bliadhna air Comhairle nan Ealain ann am Poblachd na h-Èireann (1973-78), agus thar nam bliadhnaichean tha e air a bhith mar bhreitheamh agus mar òraidiche aig tòrr cho-fharpaisean bàrdachd is cho-labhartan litreachais, ‘s e gu sònraichte ceangailte ri SgoilShamhraidh Eadar-Nàiseanta WB Yeats, a thèid a chumail gach bliadhna ann an Sligeach. Ri linn nam bliadhnaichean gu ruige seo tha e air ceuman-oilthigh onarach fhaotainn: tha e na bhall air Aosdána, acadamh luchd-ealain is luchd-sgrìobhaidh na h-Èireann, agus na bhall bho thall thairis air Acadamh Aimeireaganach nan Ealain ‘s an Litreachais. Sa bhliadhna 1996, bliadhna an dèidh dha Duais Nobel an Litreachais a bhuannachadh, chaidh a chur na Chommandeur de L’ Ordre des Arts et Lettres le Ministreachd Frangach a’ Chultair. FOCLÓIR

A

• Eadar-theangaire anabarrach – aistritheoir iontach

23

• sa Ghiblean – San Aibreán • tuathanas – feirm • gnothaichean cruidh – ag plé le heallach • bhàrd – bard – file • ùr-ghnìomhachas – gnóthaí nua-aoiseacha • an dà sheòrsa – an dá shórt • bho phàrantan – ó thuismitheoirí • bruidhinn is balbhachd – caint agus tost • neo-bhriathrach – ar bheagán focal • bun-sgoil ionadail – bunscoil áitiúil • bhon taigh – ón tigh (teach) • a dh’adhbhraich – a spreag • mothachadh – coineasacht • cothromachadh – cothromaíocht • eachdraidh – stair • a riochdachadh – riocht a thabhairt do • ionad itealan – ionad eitleán • fhathast – fós • freumhaichte – fréamhaithe • àrach – upbringing • bhuannaich – bhuaigh • do chuir e dachaigh – abhaile • imrich – imeacht / bogadh • bu chudtromaiche – ba thábhachtaí • falbh – fágaint • oileanach – mac léinn • air adhart – ar aghaidh • is ainmeile – is ainmiúla /cáiliúla • cudromach – tábhachtach • cruth-cànain – blas (cànan – teanga) • ‘Meadhan-thìreach’ – Meánmharach • bu nochdte – níos léire • eadar-theangachadh – aistriúchán • mac-talla – macalla • teis-mheadhan – fíor-lár • ‘Sgoil Mu Thuath’ – Scoil an Tuaiscirt • diofraichte a thaobh stoidhle – stíl dhifriúil • ginealach – glúin • beachdan neo-chaochlaideach – tuairimí dochta / neamhathraitheacha (neo = nea) • mì-earbsachd – mí-mhuinín • saorsachd cruthachail – saoirse chruthaitheach • sna trì prìomh-chruinneachaidhean de rosg – sna trí phríomhchnuasach de phrós • a’ toirt fianais – ag tabhairt fianaise • cuideachd – chomh maith • cleasaiche – aisteoir • pròiseact – project / tionscadal • cùis-uamhais – géarchéim / cúis uafáis • de dhealbhan-cluiche – sraith de dhrámaí • fon tiotail – faoin teideal • deasbad – díospóireacht • boireannach – bean

• feadhainn dhiubh – cuid acu • cruinneachadh – cnuasach • innse gu h-às ùr – insint as an nua • a’ nochdadh gu tric – le fáil go minic • a nì e comasach dhàsan – a chuir ar a chumas siúd • thòisich a’ fàs na bu duirche – thosaigh ag éirí ní ba dhoirche • òraidiche – léachtóir • fèin-dhùbhlain – féin-dúshlán • Oilthigh – Ollscoil • a leigeil dheth – a ligint de • cho-labhartan – comhdháil • co-fharpaisean – comórtas Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Réidhchúrsa Gramadaighe

Ag tochailt i measc Leabhar le hAodán Ó Sé

T

háinig glaoch gutháin mo charad aniar aduaidh orm. Is amhlaidh go raibh carn mór leabhar le caitheamh amach ag siúracha Chlochar Theas na Toirbhirte i gCorcaigh. Níl ach dornán beag siúracha lonnaithe san áit stairiúil anois, mar ar bhunaigh Nano de Nógla (1718-84) an t-ord sa bhliain 1754.

Rugadh Nano (Honora) de Nógla do chlann rachmasach Chaitliceach go raibh tailte fairsinge acu i mBaile Ghrífín ar bhruach Abhainn Mhór na Mumhan. Cuireadh oiliúint Chaitliceach uirthi i bPáras na Fraince, toisc toirmeasc bheith ar a leithéid in Éirinn faoi Acht na bPéindlithe, 1695. Gaol gairid ab ea Edmund Burke le Nano de Nógla. Seo mar a thagair Burke do na Péindlithe: ‘Their declared object was to reduce the Catholics in Ireland to a miserable populace, without property, without estimation, without education’. Tháinig Nano go Baile Átha Cliath ar feadh tamaill, ach mheall an saol cráifeach ar ais go Páras í. Le linn di bheith ina nóibhíseach rialta, ghoill géarchéim na mbochtán in Éirinn uirthi, agus d’fhill sí ar theaghlach a dearthár i gcathair Chorcaí. Is faoi rún a bhunaigh sí a petite école i mbothán láibe in Cove Lane, i ngan fhios dá muintir agus in aghaidh an dlí. Bhí tríocha dalta baineann aici ar dtúis; i gcionn bliana áfach, bhí dhá chéad dalta idir chailíní is bhuachaillí i gcúig ‘scoil scairte’ faoina stiúir. Ní i gcónaí a chuirtí na Péindlithe i bhfeidhm le dúthracht. Ritheadh Acht Faoisimh do Chaitlicigh i bPairlimint Shasana i 1782, acht a cheadaigh scoileanna Caitliceacha in Éirinn. Sampla agus tionchar tréan ab ea saothar Nano de Nógla i dtaca leis an bhfaoiseamh sin. Bhí a saothar ina eiseamláir do laochra eile an léinn do Chaitlicigh na hÉireann, mar atá, Éamonn de Rís (1762-1844) agus Caitríona Nic Amhlaoibh (1778-1841). An Tochailt Inniu, seo againn ré iar-chléire na hÉireann, ré ina bhfuil na hoird oiliúna www.feasta.ie

imithe i léig. Pé ní, bhuaileamar beirt isteach chuig Clochar na Toirbhirte, Cove Lane, ar thóir na leabhar. De réir scéala ón tSiúr Bride Given, tá ionad oidhreachta spioradálta agus clochar beag nua le tógáil taobh leis an dá scoil atá díomhaoin le roinnt blianta anuas. Beidh taispeántas beag leabhar, grianghrafanna agus iarsmaí eile á gcaomhnú san ionad oidhreachta amach anseo. Ach ní chloisfear clog na scoile ná gártha na gcailíni sa chlós feasta. Trí leibhéal staighre in airde sa chlochar a bhí stóras na sean-leabhar, iarsmarlann léinn na mban rialta is na ndaltaí araon. Luíomar isteach ar thochailt i measc na leabhar Gaeilge a bhí ina gcarn smúitiúil. Bhí dealramh an tseomra ranga ar chuid acu, Fíon na Filíochta san áireamh; leathanaigh ar iarraidh, nótaí scríofa ar na himill – ar fad sa chló Gaelach. Is cuimhin liom an duanaire seo in eagar ag An Seabhac, gach caibidil maisithe le léaráidí ag Somhairle Mac Cana. Cráifeacht, Aislingí, Grá, Caointe, Deoraíocht, Aortha, Suantraithe is An Dúlra cinnteidil na gcaibidlí. Tháinig aoibhneas na línte ar ais chugam, thar bhreis is caoga bliain: bhímis á n-aithris os ard sa rang: Gile mo chroí do chroí-se, a Shlánaitheoir Is ciste mo chroí do chroí-se d’fháil im chomhair… agus A Mháire bheag de Barra, do mhairbh tú m’intinn D’fhág tú beo dealbh mé i ngan fhios dom’ mhuintir… agus Aoibhinn beatha an scoláire Bhíos ag déanamh léinn, Is follas díbh, a dhaoine, Gur dó is aoibhne in Éirinn. Ní minic a bhaintear taitneamh as leabhar gramadaí, ach d’aimsigh mé 24

cóip de Réidhchúrsa Gramadaighe (1938) le Brian Mac Giolla Phádraig. Is leabhar cuimsitheach, suimiúil é , ina ndeintear tagairtí do chanúintí na teanga. Tá riail nó ceacht amháin léirithe ins gach dhá leathanach, ionas gur féidir aonad foghlama a thuiscint go beacht. Is mór an trua go bhfuil an leabhar as cló le blianta fada, cé go bhfuil caighdeánú agus simpliú déanta ar litriú is ghramadach na teanga ó shin. Mar scríbhneoir téacsleabhar gramadaí is mó atá cuimhne ar an údar. I gCill Ria, Cúil Raithin, Co. Dhoire, a rugadh é, Bernard Fitzpatrick, 13 Meitheamh 1888. I gCill Ria i 1903 a cheangail sé le Conradh na Gaeilge. Tar éis dó cáiliú mar mhúinteoir náisiúnta, fuair sé teastas ó Choláiste Laighean i 1911. Bhí Éamonn de Valera in aon rang leis agus Sinéad Ní Fhlannagáin (Bean de Valera ar ball) mar mhúinteoir acu. Bhunaigh sé craobhacha den choláiste i nDroichead Átha, i bPort Laoise, i gCeannanas Mór, sa Mhuileann gCearr agus sa Tulach Mhór. Bhain Brian lánteastas múinteora Gaeilge amach i 1912. Ó 1913 amach bhí sé ina rúnaí ag an gColáiste, ansin ina chláraitheoir, agus ó 1928 amach, ina ardmháistir go dtí gur druideadh é timpeall 1948. Chaith sé roinnt blianta ina phríomhoide sa Mhodhscoil Láir i mBaile Atha Cliath in aice leis An Roinn Oideachais. Bhí cáil nach beag ar na modhscoileanna as feabhas a gcuid oiliúna. Leabharlann Cois Tine I measc na leabhar tarrtháilte le léamh agam fós tá Corca Dhuibhne le Donncha Ó Conchúir, dírbheathaisnéis Mhicí Mac Gabhann, Rotha Mór an tSaoil, aistí taistil dár teideal Ceo Meala Lá Seaca le Micheal mac Liammóir, agus mar dhúshlán foghlama, Irish Syllabic Poetry 1200-1600 le Eleanor Nott. Dealraíonn sé nach gá dhom an RTÉ Guide a cheannach go fóill! Mar fhocal scoir, seo dréacht as Caitheamh Aimsire, cnuasach filíochta le Torna (Tadhg Ó Donnchadha) a chuir Muintir Guí Teo., Corcaigh i gcló i 1917. Ceist agamsa ar phobul Éireann, Ceist a théann le brí; Is dóibh nach fuláir gan mhoill a fhreagairt, Nó ciúin fén ama luí. An toiligh sibhse, a chlann na ndeágh-aithreach, Bhúr dteanga is ársa céim Do shleamhnú uaibh go scartha scáinte, ’S í dhul go bráth i n-éag? Feasta, Lúnasa 2013


Lagú Institiúidí Gaeilge Easpa dhul chun cinn na Straitéise faoi chaibidil ag Conradh na Gaeilge

L

abhair Conradh na Gaeilge faoin ngéarghá atá ann le struchtúr ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, nuair a tháinig toscaireacht i láthair an chéad Fho-Choiste um An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 de chuid an Chomhchoiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht i dTeach Laighean, Baile Átha Cliath ar an 19 Meán Fómhair 2013.

Tharraing an toscaireacht ón gConradh aird an Fho-Choiste um an Straitéis ar na deacrachtaí seo a leanas ach go háirithe: 1. Struchtúr easnamhach curtha ar bun ag na húdaráis leis an Straitéis a chur i bhfeidhm 2. An lagú atá déanta ar na hinstitiúidí Gaeilge agus Gaeltachta le trí bliana anuas 3. Na pleananna forfheidhmithe ó na Ranna Rialtais leis an Straitéis a chur i bhfeidhm Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: ‘Is gá don Rialtas an pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain go práinneach agus, chuige sin, an struchtúr riachtanach ardleibhéil a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta, áit a dhéanfar moltaí i dtaca leis an nGaeilge agus leis an Straitéis sula gcuirtear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad. ‘Faoi láthair áfach, is oth le Conradh na Gaeilge go bhfuil, ar an iomlán, easnaimh mhóra sna pleananna forfheidmithe a d’fhoilsigh na Ranna Rialtais i mí Iúil 2013 chun an Straitéis a chur i bhfeidhm. Tá easpa spriocanna dúshlánacha intomhaiste iontu, agus tá go leor sna pleananna atá ar siúl ag na ranna cheana féin: samplaí is ea Scéim na gCúntóirí Teanga; Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge; na foilseacháin bhliantúla a eisíonn Roinn an Taoisigh; srl. Dá mbeadh struchtúr ardleibhéil i réim leis na húdaráis agus le hionchur ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh pleananna forfheidhmithe i bhfad níos dúshlánaí, níos uaillmhianaí, níos fad-radharcaí agus níos comhtháite ann

chun an teanga a chur chun cinn. Molann Conradh na Gaeilge go mba chóir go mbeadh plean cuimsitheach ann chun fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach faoi 2016; go mbunófaí scéim phíolótach in 2013 chun tús a chur le roinnt ábhar príomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge i ranganna na naíonán agus sna blianta láir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil, i measc moltaí fadradharcacha eile. Luaigh Conradh na Gaeilge chomh maith gur fágadh aon tagairt do na cinntí a glacadh le beagnach trí bliana anuas nár aontaigh an pobal Gaeilge agus Gaeltachta leo ar lár ó na pleananna forfheidhmithe, nuair a labhair siad leis an bhFo-Choiste um An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge: cuir i gcás an t-athrú stádais atá molta d’Oifig an Choimisinéara Teanga; an diúltú ar aon leasú a ghlacadh ar an Acht Gaeltachta ón bpobal; deireadh a bheith curtha leis an deontas d’ábhar oidí le freastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht, agus eile. Arsa de Spáinn: ‘Níos measa fiú ná an easpa tagartha do na droch-chinntí seo le trí bliana anuas, cinntí a lagaíonn institiúidí Gaeilge agus Gaeltachta, tá go leor tagairtí do spriocanna tábhachtacha a leagadh amach sa Straitéis a ndeir na Ranna Rialtais éagsúla ina dtaobh anois nach dóigh leo go mbeidh a leithéid indéanta sa ghearrthéarma go meántéarma, i ngeall ar na costais fhéideartha a bhaineann leo. Níl na costais fhéideartha luaite leo, ámh, agus ní fios dúinn an ndearnadh costáil orthu riamh, ach creideann Conradh na Gaeilge go láidir gur gá don Rialtas breis acmhainní a chur ar fáil don teanga, agus nach mór dóibh a bheith níos uaillmhianaí sna spriocanna a leagann siad amach do na Ranna éagsúla.’ Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir go mbeadh ról monatóireachta ag gníomhaíocht neamhspleách seachas ag an Roinn féin maidir leis na pleananna forfheidhmithe, agus maidir leis an dul chun cinn ar spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Ba chóir an Coimisinéir Teanga a usáid, mar shampla, nó ba chóir go mbeadh ar na Ranna Rialtais tuairisciú don Chomhchoiste féin fiú.◊

BAILL NUA Á LORG DO CHÓR EAGLASTA GAEILGE In tlacht uas ligaib! Tá baill nua, idir fhir agus mhná, á lorg ag Cór Gaeilge Dhomhnach Cearna, atá lonnaithe i Séipéal Mhuire an tSóláis, Domhnach Cearna, Baile Átha Cliath. Díríonn an sainchór seo, atá ar an bhfód le 20 bliain, ar Cheol Eaglasta atá trí mheán na Gaeilge amháin: canaimid ábhar traidisiúnta agus amhráin bheannaithe na Gaeilge (‘Ag an bPósadh a bhí i gCána’), ábhar nua-aimseartha agus comhaimseartha (Seán Ó Riada agus Tomás Ó Canainn), ábhar clasaiceach (Schubert, Bach) atá cóirithe ag an Stiúrthóir don Ghaeilge, agus fiú ábhar ó Liber Hymnorum. Glacaimid páirt in go leor féiltí agus cláracha, mar shampla, Féile Cheoil Thraidisiúnta Dhomhnach Cearna, ‘Aifreann an Lae’ ar Raidió na Gaeltachta agus go leor eile. Canaimid gach Domhnach ar a 9 ar maidin sa séipéal, agus bíonn cleachtadh againn gach Luan ar a 9p.m. Tuilleadh eolais ar fáil ach dul i dteagmháil le Sorcha 087 673 0805.

www.feasta.ie

25

Ceardlanna scríbhneoireachta Chló Iar-Chonnacht Beidh dhá cheardlann scríbhneoireachta, ceann i mBaile Átha Cliath agus ceann i nGaoth Dobhair, ar siúl ag Cló Iar-Chonnacht (CIC) i mí Dheireadh Fómhair. Díreoidh ceardlann Ghaoth Dobhair ar an scríbhneoireacht chruthaitheach den uile chineál agus díreoidh ceardlann Bhaile Átha Cliath ar an ngearrscéal amháin. Tugtar cuireadh do scríbhneoirí sampla dá saothar a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta Chló Iar-Chonnacht, Áine Ní Cholchúin. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann. Níl aon táille ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil agus lóistín féin. • BAILE ÁTHA CLIATH: I gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí. Spriocdháta d’iarratais: 4 Deireadh Fómhair. Seoltar gearrscéal chuig CIC ag an seoladh thíos ROIMH an 4 Deireadh Fómhair, 2013. Dáta: Dé Sathairn, 19 Deireadh Fómhair. Ionad: Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, BÁC. Stiúrthóirí: Micheál Ó Conghaile agus Mícheál Ó Ruairc. • GAOTH DOBHAIR: I gcomhar le Ciorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair. Spriocdháta d’iarratais: 11 Deireadh Fómhair. Dáta: Dé Sathairn, 26 Deireadh Fómhair. Ionad: Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair. Stiúrthóirí: Micheál Ó Conghaile agus Eilís Ní Dhuibhne. Seoltar saothar samplach: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) chuig CIC ROIMH an 11 Deireadh Fómhair 2013. • SAOTHAR SAMPLACH GO: Áine Ní Cholchúin nó Micheál Ó Conghaile, Cló IarChonnacht, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Fón: 091-593307 Facs: 091-593362 Rp: aine@cic.ie — Críoch

Tá maoiniú de €3 mhilliún bronnta ag an AE ar an Ollamh Valerie O'Donnell, as Co. Chill Mhantáin, chun tabhairt faoi thionscadal taighde le tuiscint a fháil ar ról na lipidí, nó geireacha, i bhforbairt an ghalair chardashoithíoch (cardiovascular) agus an néaltraithe i ndaoine a bhfuil an claonadh géiniteach iontu na galair seo a fhulaingt. Tá an maoiniú luaite i measc na ngradam is mó ar domhan le haghaidh taighde atá ar thús cadhnaíochta. Is fiú breathnú ar a bhfuil ar fáil as Gaeilge ag an Aontas Eorpach ag http://ec.europa.eu/ireland/press_office/ index_ga.htm mar shampla. Bua suntasach don teanga ab ea Gaelú shuíomh na parlaiminte.

Feasta, Deireadh Fómhair 2013


Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa • UÍBH RÁTHACH D’oscail an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. seomra áise nua ag Lárionad Oifig Chomhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Ciarraí, ar an 27 Meán Fómhair. Cuireadh €21,563 ar fáil in 2012 chun an seomra áise a osclaíodh anois i gCeann Eich a thógáil. De thoradh na hinfheistíochta, dúirt an tAire Stáit go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste, i gcomhar le pobal Uíbh Ráthaigh, a bheith lárnach i dtreisiú na Gaeilge mar theanga pobail, rud a thagann leis an bpróiseas pleanála teanga a bhfuil dúshraith reachtúil tugtha dó faoi Acht na Gaeltachta. • BEWLEY’S @ 6! Tráthnóna siamsaíochta le Gael Linn Amharclann Café Bewley’s, Sráid Grafton, BÁC 2, 6p.m. – 8p.m., Dé Máirt, 22 Deireadh Fómhair. Glór gléigeal agus ceol fliúite Mhuireann Nic Amhlaoibh á tionlacan ag an gcumadóir agus giotaraí Gerry O’Beirne. Cead isteach €15, blaisíní bia san áireamh. Beár ar oscailt / Tae agus caife ar fáil. Áirithint riachtanach, spás teoranta: 087-2547574 niamh@gael-linn.ie • FACHTÓIR G, ÁRAS CHRÓNÁIN Craobhchomórtas: ceol, rince, filíocht, amhránaíocht, spraoi do chách, in Áras Chrónáin, Ionad Cultúir, BÁC 11 ar a 8.00p.m. ar an 11 Meán Fómhair. • ÉILEAMH UÍ CHEALLAIGH D’iarr an Feisire Eorpach Sean Kelly ar an Aire Oideachais a chinntiú go bhfuil ar chumas Gaelscoileanna na múinteoirí is oiriúnaí a fhostú chun folúntais a líonadh i scoileanna lánGhaeilge, bunaithe ar fhonn an mhúinteora múineadh i ngaelscoil. Is dóigh leis gur ceart eisceacht á dhéanamh do na scoileanna seo maidir leis na painéil áitiúla. Tá sé éagórach iachall a chur ar ghaelscoileanna múinteoirí a fhostú ón bpainéal áitiúil amháin, nuair atá siad dírithe ar thimpeallacht lánGhaeilge a chothú. Is leatrom é seo ar mhúinteoirí nach bhfuil fonn orthu múineadh i ngaelscoil, ná ní chun leasa na bpáistí é ach oiread, a deir sé. Tá an feisire d’Fhine Gael ag iarraidh ar an Aire www.feasta.ie

Ó chlé: Eilín Uí Mhorónaigh, Conradh na Gaeilge, Donnchadh Ó Duibhir, staraí; an Dr Emma Nic Chárthaigh, Ollscoil Luimnigh, a thug léacht na hoscailte, Iníonacha, Cait agus Cúirt, radharc ar fhobairt na scríbhneoireachta agus na lámhscríbhinní in Éirinn ó ré na gCloch Oghaim go dtí an 19ú haois ag Dúchas, Éigse do Thiobraid Árann, i nDún Mhuire, Aonach Urmhumhan, ar an 13 Meán Fómhair, le Donnchadh Ó hAodha, uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus Celine Ní Chóchlaigh, Coiste Dúiche Thiobraid Árann de Chonradh na Gaeilge. Oideachais agus ar an Roinn an scéal a athbhreithniú. Más féidir leis na scoileanna iarratasóirí a bhfuil na scileanna cuí acu a fháil ó na painéil áitiúla, is bónas é; ach ní cóir bac a chur ar scoileanna na hiarratasóirí atá in ann an t-oideachas lánGhaeilge is fearr a sholáthar do na páistí a aimsiú, dar leis. • LÍON AN DÚLRA Eagrán an Fhómhair de Líon an Dúlra ar fáil anois ar an nGréasán: nuachtlitir spraíúil faoin dúlra agus faoi chúrsaí timpeallachta, dírithe ar lucht bunscoile, agus an t-ábhar inti ag teacht lena bhfuil leagtha síos sa churaclam. www.gaeilge.ie/ForasnaGaeilge/Lion_an_Dulra.asp

• COIMISIÚN FULBRIGHT Tá an tréimhse iarratais do Ghradaim Fulbright 2014-2015 ar oscailt faoi láthair. Gradaim iad seo do shaoránaigh de chuid na hÉireann nó an AE chun go ndéanfaí staidéar, taighde, nó teagasc sna Stáit Aontaithe. Bíonn deontas airgeadais, árachas timpiste, cláir chultúrtha agus ghairmiúla, agus riarachán víosa i gceist. Is gá iarratais a bheith istigh faoin 13 Samhain 2013. Tuilleadh eolais ar an suíomh nuadheartha: www.fulbright.ie. • OILEÁIN ÁRANN D’fhógair an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. le deireanas go bhfuil an conradh chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deir. Fómhair 2013 go dtí 30 Meán Fómhair 2014 gnóite ag Aer Arann Islands, an chuideachta atá i mbun na seirbhíse faoi láthair. Faoin gconradh, cuirfidh Aer Arann Islands cúig thuras 26

fillte in aghaidh an lae ar fáil ó Luan go hAoine agus ceithre thuras fillte Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. • MAOINIÚ TEANGA Tá Feisire Eorpach Shinn Féin, Martina Anderson, ag lorg tacaíocht airgid ar an AE d’eagraíochtaí teanga. Eagraíochtaí neamh-rialtasacha a oibríonn ar son teangacha réigiúnacha agus neamhfhorleathana atá i gceist. Mar a mhíníonn sí is ionann lucht labhartha na dteangacha seo agus 10% de dhaonra an AE, ach ní bhfaigheann siad ach 1% den mhaoiniú teanga. Is gá rannpháirtíocht a chothú, a deir sí, agus cabhróidh an scéim phíolótach atá á moladh aici le heagraíochtaí na cleachtais is fearr a mhalartú lena chéile, chomh maith le taighde agus teicneolaíochtaí nua teanga a thriail. Ghlac Parlaimint na hEorpa le tuarascáil ar theangacha atá neamhfhorleathan agus i mbaol le déanaí. Tá leasú molta aici ar bhuiséad an AE, dírithe ar fheidhm a thabhairt do ghnéithe áirithe den tuarascáil seo. • SÉIDEÁN SÍ D’aontaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna maoiniú a chur ar fáil go ceann trí bliana d’Fhoras na Gaeilge le go raghfar i gcomhar le COGG (an Chomhairle s um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) agus CCEA, chun áiseanna leictreonacha a bhaineann le Séideán Sí a réiteach agus a chur ar líne. Amach anseo beidh suíomh gréasáin ar leith ann dírithe ar Shéideán Sí, áit a mbeidh teacht ag múinteoirí agus daltaí ar réimse leathan d’áiseanna. Féach nasc: www.gaeilge.ie/seideansi Feasta, Deireadh Fómhair 2013




Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.