5 minute read

Fógraigí an Dea-Scéal An tAthair Pádraig Ó Ceallaigh SMA

Timire 15

Fógraigí an Dea-Scéal

An tAthair Pádraig agus a chómhisinéirí sa tSaimbia 2009

An tAthair Pádraig Ó Ceallaigh, SMA

D’fhéadfá a rá go bhfuil intinn an Phápa bunaithe go daingean ar an gcaidreamh deireanach saolta a bhí ag Íosa lena dheisceabail sul ar deastógáladh é suas go dtí na Flaithis. Bhí rud áithrid anspeisialta le rá aige leofa. ‘Séard a scríobh Maitiú (28:18) ná ‘Tháinic Íosa suas acu agus labhair sé leofa’. Tá tábhacht thar leith ag baint leis an abairt, d’aireofá go raibh rud an-tábhachtach le teacht. Bhí sé le slán a fhágáil acu ach bhí sé freisin le comhairle a chur orthu go raibh dualgas orthu dul anois agus an dea-scéal iontach – a bhí faighte acu san agus feicthe acu – a chur in iúl do chuile dhuine beo ar fud an domhain.

‘Tá chuile údarás tugtha dhomsa ar neamh agus ar talamh. Imigí mar sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uilig, baistigí iad in ainm an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, agus múinigí dófa na hAitheanta uilig a thug mé daoibh a chomhlíonadh. Agus féach tá mé libh i gcónaí, sea, fiú go dtí deireadh an tsaoil.’

Is é slánú an duine atá i gceist ag Íosa. Tháinic sé inár measc le taispeáint dúinn lena shaol féin, cén chaoi leis an saol seo a chaitheamh. Bhí an cine daonna ar seachrán ach bhí bealach amháin go bhféadfadh siad saol maith a chaitheamh. Bhí an bealach sin taispeáinte dá dheisceabail, agus anois bhí an dualgas dá chur aige orthusan dul anois agus an bealach sin a thaispeáint don saol mór. Bhí a raibh fulaingte ag Íosa feicthe acu, ach bhí chomh maith an lámh in uachtar a fuair sé ar an mbás agus ar an bpeaca feicthe acu. Bhí ríméad an domhain orthu go raibh sé beo ina measc tar éis dó bás a fháil ar an gcroich.

Sa gcéad litir a scríobh Naomh Eoin, (1:1-4) airíonn muid an ríméad, an lúcháir agus an síoraoibhneas atá i gcroí an aspail úd, de bharr an caidreamh a bhí aige le hÍosa agus a raibh feicthe aige. Seo é an chaoi a chuir Eoin é féin é ‘an ní a bhí ann ó thus, an ní a chualamar, an ní a chonaiceamar lenár súile fhéin, an ní ar leagamar súil air agus lámh, mar atá Briathar na beatha – foilsíodh an bheatha agus chonaiceamarna é agus anois tugaimid fianaise agus fógraimid daoibhse an bheatha shíoraí a bhí in éindí leis an

16

Timire

Athair agus a foilsíodh dúinne. Fógraimid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost. Agus scríobhann muid na nithe seo chugaibh le go mba lán ár lúcháir’.

Sna focail seo thuas atá scríofa ag Naomh Eoin, airíonn muid an dlúthcheangal atá idir é agus Íosa, agus is de bharr an dlúthcheangail sin go bhfuil ríméad agus lúcháir ar a chroí. Ní faitíos dó an peaca nó an bás feasta mar tá an lámh in uachtar faighte ag Íosa orthu, agus teastaíonn uaidh go mbeadh an t-eolas sin ag chuile dhuine saolta agus go mbeadh an ríméad céanna orthusan agus a bhí airsean de bharr an dea-scéala iontach atá dá fhógairt aige.

Ba cheart dúinne aithris a dhéanamh ar Naomh Eoin, agus an dlúthcheangal céanna a chothú le hÍosa sa gcaoi go mbeidh muid in ann an lúcháir agus an ríméad atá ag dul lenár gcreideamh a chraobhscaoileadh agus go n-aireoidh an lucht éisteachta agus féachana an lúcháir agus an ríméad atá ionainn de bharr an teangmháil speisialta atá againn le Críost.

Sa saol casta atá inniu ar fud an domhain, agus na tuairimí atá forleathan ní mór dúinn fanacht dílis do Chríost agus éisteacht lena ghuth san eaglais. Ní mór dúinn freisin bheith aireach sa gcaoi nach mbeidh tuairimí saolta ár linne ag tolladh isteach inár gcreideamh. Tá tionchar fíormhór ag na meáin chumarsáide ar fud an domhain inniu agus go minic ní hé an dea-scéala a bhíonn acu ach a mhalairt. Tá an duine brúite faoi chois ag an éadóchas a thagann uathu. Ach le Críost tá dóchas agus misneach i gcónaí le fáil. Mar dúirt sé fhéin tráth: ‘Bíodh misneach agaibh, tá an ceann is fearr faighte agamsa ar an saol’.

Ní mór mar sin do chuile dhuine gur Críostaí é fanacht gar do Chríost i gcónaí agus cead a thabhairt dó iad a mhúnlú sa gcaoi gurb é a chroí agus a dhearcadh a bhéas i gcónaí ag teacht uainn agus go scaipe muid an dóchas a bhaineann lenár slánú mar a bheadh borradh álainn ag cur an ruaig ar an éadóchas atá dá scaipeadh ag an diabhal agus a chomhluadar. Caithfear aghaidh a thabhairt ar an mbréag agus í a threascairt leis an fhírinne. Mar dúirt Íosa le Piolóit agus é láimh lena bhás: ‘Chuige seo a rugadh mé agus chuige seo a tháinic mé ar an saol – chun fianaise a thabhairt ar an bhfírinne’.

Tá géarghá le dílseacht don bhfírinne agus don soiscéal álainn atá mar oidhreacht againn. Agus mar atá in intinn an Phápa tá sé de dhualgas orainn an dílseacht sin a chothú agus an soiscéal a chraobhscaoileadh go fonnmhar le brí agus le misneach agus gan faitíos bheith orainn roimh neach saolta ar bith.

Eolas faoin ghrianghraf: Feic thall Is sagairt de chuid an SMA (Cumann na Misinéirí chun na hAfraice) iad uilig atá ag obair sa tSaimbia. In éindí leo tá sagairt ón Nigéir, Gána agus an Chéinia agus iad ag obair le chéile ag craobhscaoileadh an chreidimh ann. Tá an tAthair Pádraig suite sa tosach, an dara duine isteach ó thaobh do láime deise. Lena ais tá an tEaspag Ndola, an tSaimbia, agus Nollaig Ó Riagáin SMA. Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Feabhra 2010

Go leana an Eaglais, agus tuiscint aici ar a ról miseanach, Críost go dílis agus go bhfógraí sí a Shoiscéal go náisiúin uile an domhain.

This article is from: