4 minute read

Ceannaíocht Ban Caitríona Uí Chatháin

Ceannaíocht Ban

Caitríona Uí Chatháin

Go déanach sna hochtóidí den aois seo caite bunaíodh an t-eagras neamhrialtais Rumaha chun cabhrú le mná a bhí gafa le striapachas i mBaile Átha Cliath. (Is focal Giúdach é Ruhama a chiallaíonn beatha athnuaite.)

Ó shoin i leith tá athruithe móra le feiscint i dtionscal an ghnéis. Tá seoladh ban go hÉirinn le haghaidh striapachais mar chuid ghruama den saol nua – domhandú (globalisation) – rud nach raibh súil ag Ruhama leis nuair a bunaíodh é. Anois measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil suas le ceithre mhilliún bean agus páiste ceannaithe gach bliain taobh istigh agus idir tíortha do thionscal an ghnéis. Tá forbairt clubanna rince uchta (lap-dancing) mar chuid lárnach de dhúshaothrú ban sa tionscal caithimh aimsire. Le húsáid an idirlín, poiblíocht ar ionaid ghréasáin agus fóin phóca tá grúpaí coirpeach in ann oibriú le níos mó saoirse agus go forleathan.

De ghnáth, oibríonn na mná seo taobh istigh, agus go minic cuireann na gardaí mná chuig Ruhama toisc sciuird (raid) ar dhrúthlanna (tithe striapachais) nó ar chlubanna rince uchta. An chéad rud a dhéantar de ghnáth ná aire a thabhairt do shábháilteacht na mban. Cuireann Ruhama iostas nó cóiríocht ar fáil atá slán sábháilte. Is minic a bhíonn cabhair ag teastáil le fadhbanna cearta cónaithe sa tír. Cuirtear na mná i dteagmháil le seirbhísí dlí agus téann oibrithe ó Ruhama leo chuig agallaimh. Cabhraíonn Ruhama leo teacht ar sheirbhísí sláinte. Cuirtear comhairle theiripeach ar fáil. Bíonn na mná uaigneach go minic, agus aonarach gan eolas acu ar Bhéarla nó aithne acu ar mhuintir na tíre. Cabhraíonn Ruhama leo cairde a dhéanamh agus baint a bheith acu le saol sóisialta agus cultúrtha na hÉireann. Eagraíonn Ruhama ranganna Béarla, ranganna ríomhairí agus eile dóibh.

Scéal Obioma

Tháinig mé go hÉirinn ag súil le saol nua agus le muinín agam as an duine a thug anseo mé. Taobh istigh de chúpla lá bhí mé im’ phríosúnach, faoi ghlas i seomra agus cuireadh iachall orm caidreamh collaí a bheith agam le fir dhifriúla. D’íocadh na fir sin airgead agus bhailíodh an lucht eagraithe an t-airgead sin uaim. Bhí mo shaol gan bhrí, gan dóchas, gan saoirse. Ní raibh aon

Timire

15

16

Timire

duine go bhféadfainn labhairt leis faoi. Bhí sé amhail bheith in Ifreann. Bhí mé ag fáil bháis sa dorchadas. Toisc nárbh eol dom an tír ní raibh a fhios agam cá raibh Stáisiún na nGardaí gan trácht ar smaoineamh ar theitheadh. Ní raibh fágtha agam ach Dia. Léigh mé an Bíobla go minic, an t-aon dóchas a bhí fágtha. Ghoil mé agus d’impigh mé ar Dhia mé a tharrtháil.

An lá dár gcionn tháinig garda chuig mo sheomra agus thóg sé chuig Ruhama mé i lár na hoíche. Tosach mo thógáil chroí! Tógadh mé go ‘teach sábháilte’ agus thaispeáin an bheirt bhan ansin grá agus cúram dom. Bhí ocras orm; thug siad bia agus áit chónaithe dom. An lá dár gcionn tógadh mé chun na siopaí chun éadaí a cheannach. Bhuail mé le hoibrí eile ón eagras agus d’inis mé mo scéal di. Thug sí misneach agus dóchas dom.

Anois braithim lán de bheocht arís. Ní príosúnach mé a thuilleadh. Bhain mé taitneamh as fanacht sa teach agus bhí mé uaigneach ag fágáil. Ach bogann an saol ar aghaidh. Ar mo bhreithlá, mar a thit sé amach, bhog mé chuig m’árasán féin le glas agam do mo dhoras féin. Cabhraíonn oibrithe ó Ruhama liom gach seachtain. Eagraíonn siad ranganna dom, rud a thugann ar ais san oideachas mé. Tá mé dearfa anois faoi mo shaol. Tá muinín agam as Ruhama a thug dóchas, misneach agus spreagadh dom; is amhail muintir dom iad anois. Braithim chomh saor le héan le Ruhama taobh liom. (Is as an Nigéir do Obioma. Tógadh isteach sa tír seo í mar striapach nuair nach raibh inti ach cailín óg. Tá sí saor anois ó lucht ceannaithe ban agus an striapachas. Tá sí ag teacht chuici féin agus is mac léinn í i láthair na huaire.)

Scéal Katie

Nuair a tháinig mé go hÉirinn bhí sé amhail bheith in Ifreann, de ló is d’oíche. Bhí mé gan mo theaghlach, mo ghaolta, mo chairde, gan éinne a chabhródh liom. Ansin lá amháin tharla míorúilt, rud a raibh mé ag súil leis. Thug daoine nach raibh aon aithne agam orthu dídean dom. Chabhraigh Ruhama liom amhail is gur duine muinteartha leo mise. Thug siad áit chónaithe dom, bia, grá agus cúram. Anois is mise an duine is sona ar domhan. Tá síocháin i mo shaol. Tá mé i mbun cúrsa, rud nár shamhlaigh mé riamh a tharlódh de bharr an bhealaigh inar tháinig mé go dtí an tír seo agus de bharr mo chruacháis. (Is ón Afraic do Katie agus ba íospartach (victim) i ngnó an ghnéis taobh istigh í. Tá sí saor anois ó na gáinneálaithe (traffickers), ón striapachas agus í ag teacht chuici féin tar éis an angair. Is mac léinn í faoi láthair.)

Caitríona Uí Chatháin a chur in eagar.

Intinn Choitianta an Phápa do Mhí na Bealtaine

Go raibh deireadh iomlán le ceannaíocht daoine, a mhileann saol na milliún daoine, idir mhná agus pháistí.

This article is from: