4 minute read
Na hOileáin Fhilipíneacha An tAth. Shay Cullen
Timire 17
uafásach sin, síos an pasáiste plódaithe go dtí oifig an mhaoir. Shínigh sé cáipéis a scaoilte le lámh chrathach. Bhí sé slán, saor.
Ba dhuine luachmhar daonna é a bhíothas tar éis a sciobadh saor. Ní raibh ann ach iarsma de longbhriseadh an tsaoil, cuid den bhruth faoi thír a fágadh ar an trá tar éis racht na stoirme, gan fiúntas, gan fáilte roimhe ag éinne, ná roimh a ghnúis dhorcha is a ghruaig chatach. Ní raibh ann ach bundúchasach suarach, den cheast (caste) ab ísle. Ach, anois, bhí sé tagtha slán sábháilte, tugtha saor ón bhás cinnte a bhí daite dó murach sin. ‘Tháinig mé chun saoirse a thabhairt do na cimí’, a dúirt Íosa; agus ba chóir dúinn uile an rud céanna a dhéanamh. Tig linn casadh le hÍosa, go díreach, i bpearsa gach duine ar nós Hakim, eisean agus an tochas ar a chraiceann, le logaill mhodartha na súl scaollmhar. ‘Insím an fhírinne daoibh, cibé rud a rinne tú don té is lú de na bráithre seo liom, domsa a rinne tú é.’
Laistiar dínn, dhruid an doras de phlimp, agus ar an lá úd i mí Mhárta, shiúil Hakin amach ina dhuine fuascailte. Stad sé nóiméad, ag sú isteach solas scalltach neamhghnách na gréine. Bhí mála plaisteach ina ghlac, nach raibh ann ach T-léine shalach, an t-aon tráithnín de mhaoin an tsaoil ba leis. Smaoinigh mé arís ar an mhéid sin d’earraí gan úsáid, gan úsáideacht fiú, a bhí agam. Dhein mé geallúint ansin go scaoilfinn leo, faoi dheireadh.
Lastall den plaza, tháinig cling an chloig ó Eaglais Santa Lucia, ag comóradh Theachtaireacht an Aingil. Mheabhraigh mé Banóglach an Tiarna, agus a hurnaí iontach, an Magnificat: ‘Scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí…agus d’ardaigh sé daoine ísle. Líonfaidh sé lucht an ocrais le nithe maithe, agus cuirfidh sé na saibhre uaidh folamh’. Ó, go raibh lá na fuascailte den chinéal sin ar na gaobhair do mhuintir faoi leatrom na bhFilipíneach, agus do mhuintir gach náisiúin a bhfuil éagóir agus dúshaothrú á ndéanamh orthu. Bhris dúchas an Ghorta Mhóir trí shúile mo chuid smaointe.
Ach bhí sé in am trátha le haghaidh ‘nithe maithe’. Lón, mar shampla. Chuireamar na smaointe réabhlóideacha ar leataobh, agus thionlaic Hakin ocrach isteach inár veain, agus ar aghaidh linn go dtí an bhialann Jollybee ba chóngaraí, le slám de bhia gasta a fháil. Bhí sé in am an seang a bheathú.
D’ordaigh muid rís agus sicín, agus uachtar reoite. Ach ní héasca a chuaigh Hakimn i seilbh a shaoirse. Ar dtús, bhí móramhras air inár leith, ag samhlú, b’fhéidir, nach raibh ionainn ach ‘drong na n-aenna’, drong a d’fhuadaigh agus a mharaigh roinnt tachrán sráide, lena mbaill bheatha inmheánacha a bhaint amach astu agus a dhíol.
Bhí moill ar Hakim chun ite. Bhí sé rólag chun an píosa sicín a chogaint i gceart, an chéad bhlúire feola a bhí
18
Timire
faighte aige le blianta. D’fhéach sé thart timpeall, agus ba dhoiligh leis a chreidiúint go raibh sé tar éis cillíní an phríosúin a chur de.
Chaith sé deich mí gan chuairteoir, deich mí gan aon rud a tharlú dó diomaite de dhá chuairt ghairide chun na cúirte. Ceann amháin díobh, chun coir a chur ina leith a raibh sé dall air; agus cé gur dhúirt sé go raibh sé 15 bliana d’aois, ní raibh sé in ann é sin a chruthú, agus áiríodh é mar dhuine fásta. Ar an dara huair sa chúirt dó, ní raibh aon fhianaise, nó fhinné, nó ábhar gearáin lena chúiseamh. Mar sin féin, cuireadh ar ais chun brúidiúlacht an phríosúin é, agus ligeadh é i ndearmad ansin. Ó shin i leith, fágadh é i dtóin an mhála sa phríosún: ní raibh ann ach bundúchasach gnúisdorcha as treibh éigin, Moslamach ó oileán cogachéasta Mindanao. Sórt namhad é, inimirceach ó thír eachtranach, d’fhéadfá a rá. Cuireadh a shráidbhaile trí thine, theith na daoine ón chogaíocht. Thóg gaolta le Hakim leo é ar sheanárthach meirgeach a bhí plódaithe le teifigh chogaidh, ach scaradh ó chéile iad nuair a bhuail an long le carraig gur báthadh mórán de na daoine.
D’éirigh leis Manila a bhaint amach, agus bhí sé ag déircíneacht ar na sráideanna nuair a cheap na póilíní é, agus chuir goid ina leith. Ba é an seanchleas acu é, duine a sháinniú ar chiontú bréige, ionas go bhféadfaidís a mhaíomh go raibh coir fuascailte acu, agus go bhfaighidís cúiteamh airgid dá bharr; agus gaisce eile déanta acu chun go gcomhlíonfaidís a gcuóta de choirpigh a ghabháil, agus bheith níos airde ar an dréimire chun ardú céime a fháil. Bhí Hakim ar an aicme ba lú aire agus aird, ar na daoine ba mhó a ndéantaí leithcheal orthu. Ní osclófaí an doras dó riamh, ach gur scaoil Mina, Siobhán agus Síle an bolta, agus thug leo é chun na saoirse.
De réir mar a chuaigh na laetha thart, tháinig Hakim chuige féin as díomuachas na príosúnachta. Agus nuair a ghlac na buachaillí eile ins an Preda New Dawn Home leis, gur dhearbhaigh siad bráithreachas agus cairdeas leis, bhorraigh an mhuinín ann arís, agus d’fhás an meangadh beag ina aoibh cheart gháire. An chóir leighis agus an bia a tugadh dó, agus an suan sámh a bhíodh aige faoi scáth fionnuar an chrainn mhangó, chuaigh siad i gcion air go dearfach. Fuair sé a leigheas. An lá inniu, is dalta coláiste é Hakim.
Is sagart Misinéireachta Caitlicí as Baile Átha Cliath é an tAth. Shay Cullen. Chuidigh sé le bunú an charthanais Preda sa bhliain 1974.
Intinn Mhiseanach an Phápa do mhí Lúnasa 2010
Go raibh an Eaglais ina dídean ag gach cine, agus go raibh sí ullamh chun fáilte a fhearadh roimh chuile dhuine atá ag fulaingt leithcheal ciníoch nó creidimh, nó ocras, nó cogaí a chuireann orthu imirce a dhéanamh go tíortha eachtracha.