![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093659-d3a20a32b1e4877f6ccd97edb2d17fe5/v1/fce896c53c05c21bed9e3d06fbdfbf12.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
5 minute read
Im Leabharlann Dom Séan de Fréine
Timire
27
Im Leabharlann Dom
Gabháil Syrinx
le Aifric Mac Aodha An Sagart, 46 lch, E10
Léirmheas le Seán de Fréine
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093659-d3a20a32b1e4877f6ccd97edb2d17fe5/v1/faaa9a1076dfb0ceff570619fe6c1e86.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093659-d3a20a32b1e4877f6ccd97edb2d17fe5/v1/9c59f8cb203c5713a1fa251ce11cbef4.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
Ní minic a thagann leabhar machnamhach chugat le haontacht chomh dlúth sin idir ábhar, réamhfhocal agus chlúdach, agus atá le fáil ins an chás seo.
Follasaíonn agus maisíonn siad a chéile ar bhealach atá an-tairbheach. Tosaímis leis an chlúdach. Clúdach crua (pointe maith), le dearadh suntasach, is é sin, léaráid shimplí sparálach, gan de dhathanna ann ach dubh agus bán, mar a bhfuil gathanna ag spré anuas trí dhuibheagán aineoil ó fhoinse dhiamhrach, agus iad a soilsiú an chathair ghríobháin seo is domhan dúinn; agus uaidh sin ag tabhairt an tsolais timpeall an chosmais dhorcha uile go bhfi lleann faoi dheireadh ar an fhoinse. Nó sin mar a fheictear teibíocht na léaráide domsa, agus sin mar a fheictear dom brí na fi líochta san iomlán.
Tosaíonn an cnuasach dánta le sraith ghairid faoi Syrinx. De réir na miotaseolaíochta, nimfeach ba ea Syrinx, ar shantaigh an dia Pan í. Le cabhair na ndéithe, tháinig sí saor ó dhrúis an arrachta, ach níor tháinig sí slán as a iomláin, mar sin féin. Scéal searbh-mhilis é (mar is iondúil go minic i gcúrsaí an tsaoil), agus tá insint air san réamhrá. San tsraith seo, agus
peall an chosmais dhorcha uile go bh-
28
Timire
i gcodanna eile len chnuasach, tá de bhua ag an fhile míshocracht éiginnte a neadú in intinn an léitheora. Is file meabhrach í, agus an pearsa annamh sin, file fealsúnach.
Ach más ea, níl an dul nó an focal fileata ina chall uirthi. Tá ceol a mhaireann san chuimhne ina cuid véarsaí: Mar shampla, ins an chur síos ar an claochló draíochta a dhéantar ar Syrinx:‘Is silfidh an lúshruth/ As an rince grástúil / Titfidh na srólbhaill / Den cholainn bhanúil.
In áit eile, féachann sí le ceangal a dhéanamh idir an dá chultúr atá beo in Éirinn, mar a snaidhmeann sí gaol idir scéal as an tsean-Ghaeilge, agus scéal le James Joyce. Is mithid a leithéid sin, agus d’fhéadfaí an treoir seo a leanúint tuilleadh. Is fada ó mhairgnigh Thomas Kinsella an deighilt idir an dá chultúr, ó phléigh sé in aiste thábhachtadh ‘the divided mind’ de chuid na tíre seo.
In áiteanna eile, bíonn cúrsaí níos tírúla ag déanamh scime di, ar nós ‘gáire calctha na teilifíse’, agus an gheit a baineadh aisti agus í ag míogarnach ar thuras fadálach an bhus ‘sa chathair’ (an chathair ghríobháin?). Dán gonta é seo,ach fearacht píosaí eile, is féidir é a léamh ar leibhéil dhifriúla.
Ní cnuasach mór é seo, ach cuimsíonn sé téamaí eile ann seachas na cinn atá luaite – sealanna le cairde, pietas dá muintir, agus eile. Maireann cuid mhaith de san chuimhne, agus saibhríonn athléamh athléamh, idir dhánta agus réamhrá, ár dtuiscint. Agus is éasca an t-athléamh sin a dhéanamh, mar ní cnuasach foclach atá againn anseo. Is é a laghad a luach.
Thérèse of Lisieux
le Críostóir Ó Floinn
Léirmheas leis An tSr. Mairéad Ní Bhuachalla
Toradh ar an ngrinn-staidéar a rinne Críostóir Ó Floinn ar bheatha agus ar scríbhinní Thérèse as Lisieux atá san leabhar seo, an ceann tosaigh de shraith leabhair ar thriúr naomh Fhrancach a raibh tionchar thar cuimse acu ar dhaoine laistigh agus lasmuigh den Eaglais; Joan of Arc agus Bernadette Soubirous an bheirt eile.
The One Who Hid Away fo-theideal an leabhair agus is oiriúnach an fotheideal é, mar in aois cúig bliana déag chuaigh sí isteach i gclochar Cairmilíteach agus chaith sí naoi mbliana ansin i ngan fhios don saol mór. Nuair a fuair sí bás d’eitinn in aois ceithre bliana is fiche is beag a bhí le haithris ag na mná rialta eile sa chlochar i dtaobh a saol gairid.
Is trína lámhscríbhinn féin, Scéal Anama a scríobh sí tamall roimh a bás, a chuir an saol mór aithne uirthi. Tá cur síos beacht ag an údar ar bhunús agus ar fhorbairt an leabhair sin agus ar an eagarthóireacht a deineadh air sular foilsíodh é sa bhliain 1898. Tá uirísle Thérèse fite fuaite tríd an gcuntas sin inar thug sí “Bláithín Íosa”uirthi féin. Grá agus simplíocht bun-chloch a naofachta agus chleachtaigh sí na suáilcí sin sna gnáth-rudaí a rinne sí ó ló go ló. Ní hionann sin is a rá gur chaith sí saol bog, suaimhneach – a mhalairt ar fad a bhí fíor! Toisc í a bheith leochaileach agus gan an tsláinte a bheith ar fheab-
Timire 29
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093659-d3a20a32b1e4877f6ccd97edb2d17fe5/v1/84dd766c42cfe13f520d0835b2085ea3.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093659-d3a20a32b1e4877f6ccd97edb2d17fe5/v1/c7143206f07d819a289ac765da4d3f81.jpeg?width=720&quality=85%2C50)
has aici, bhí fulaingt choirp, aigne agus spioraid i ndán di, fulaingt ar ghlac sí leis go fonnmhar d’fhonn teacht i gcabhair ar mhisinéirí, ar dhaoine eile a bhí ag fulaingt agus mar leorghníomh thar ceann peacach.
Chuaigh beatha agus teagasc Thérèse i gcion go mór ar lucht léite Scéal Anama. Ba léir dóibh gur chleachtaigh sí fíor-spioradáltacht Chríostaí agus go raibh mianach naoimh agus máirtíreach inti. Thug an Eaglais aitheantas dá teagasc agus dá naofacht agus do na míorúiltí a deineadh trína hidirghuí nuair d’fhógair an Pápa, Pius XI sa bhlian 1925, seacht mbliana is fi che i ndiaidh a bás, go raibh sí imeasc na naomh sna fl aithis. Céad bliain tar éis a bás, bhronn an Pápa, Eoin Pól II an teideal Dochtúir na hEaglaise uirthi mar fhianaise ar fhírinne a spioradáltacht. Is fi ú machnamh a dhéanamh ar chaibidil tosaigh an leabhair ina dtráchtann an t-údar ar chomh forleathan is atá deabhóid chuig Thérèse, an cailín óg a chuaigh i bhfolach ón saol agus a roghnaigh an Spiorad Naomh le bheith ina siocair ghrásta agus athnuachana san Eaglais. D’fhéadfaí focail Mhuire san “Magnifi cat”a chur ar bheola Thérèse: “Dhearc sé le fabhar ar ísle a bhanóglaigh… óir rinne an té atá cumhachtach nithe móra dom agus is naofa a ainm.” (Lúcás 1: 48,49)
Táimid go mór faoi chomaoin ag Críostóir Ó Floinn as an éacht oibre seo atá déanta aige chun Thérèse as Lisieux a chur in aithne dúinn agus táimid ag súil go mór leis an dá leabhar eile sa tsraith. Gura fada buan é i mbun a chéirde!
![](https://assets.isu.pub/document-structure/210901093659-d3a20a32b1e4877f6ccd97edb2d17fe5/v1/25057604254ec648353035f5ccd97347.jpeg?width=720&quality=85%2C50)