2010 Ard-Fheis

Page 1



Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

LTH.

TREOIR DO LEABHAR NA hARD-FHEISE 1. Na Rialacha Seasta ............................................................................................................ 2. Tuairisc an Uachtaráin .....................................................................................................

3. An Eagraíocht:

3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht .................................................................................

3.2. An Fhoireann .........................................................................................................

5 6 11 12

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais ....................................... 13 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ...................................................................................... 14

3.5. Tuairisc Timireachta .............................................................................................. 22 3.6. Na Cuntais Airgid 2009 ........................................................................................ 24 3.7. Bailiúchán Náisiúnta 2009 ...................................................................................

32

3.8. Síntiús na nGael ..................................................................................................... 34 3.9. Achainí an Cheann-Árais ..................................................................................... 34

3.10. Comhbhrón ..........................................................................................................

4. Tuairiscí na dTograí

34

4.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ................................................................................... 37

4.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe ..................................................................... 38 4.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach .................................................................................. 41 4.4. Tuairisc Scéim Phobail Ghaeilge Luimnigh ............................................................ 43 4.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ....................................................................................... 44

5. Tuairisc Clódhanna Teoranta .............................................................................................. 47 6. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha:

6.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ..........................................................................

6.2. Tuairisc Oireachtas na Gaeilge ...............................................................................

48 51

6.3. TuairiscAn Coimisiún le Rincí Gaelacha ................................................................ 52 6.4. Tuairisc Ógras ........................................................................................................ 54

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2010 ............................................................................ 56

8. Rúin na hArd-Fheise 2010 ...............................................................................................

60

10. Tuairisc Rith 2010 ............................................................................................................

68

9. Torthaí Ghlór na nGael 2009 ...........................................................................................

11. Miontuairiscí Ard-Fheis 2009, An tAonach ................................................................

67 69

12. Sonraí Teagmhála ........................................................................................................... 77 13. Uachtaráin Chonradh na Geailge ................................................................................. 78 Le cabhair ó: Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

3


CAOL DÍREACH go ceann scríbe!

Ní gá dul amú a thuilleadh Tá bealach glan romhat Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi éascóidh www gaeilge ie do thuras

Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC áit gur féidir leat: • cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas nua faoi ar an suíomh) nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear ghaeltacht inniu!

do nasc leis an teanga

No roundabouts here Let the information superhighway take you where you want to go with the Irish language Just log on to www gaeilge ie for the quickest route to the information you need

Check out the NASC classified ads where you can: • post an ad to request or advertise a course/ event • register your area of interest to get alerts when new info is posted or • search for what’s available in your neighbourhood And much more It’s never been easier to connect with the Cyber gaeltacht!

your link to the language

T: / (T É ) R: eolas@forasnagaeilge ie


Conradh na Gaeilge

1. NA RIALACHA SEASTA 1. Cúig nóiméad don té a mholann rún. Trí nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. 2. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná trí nóiméad. 3. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. 4. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. 5. Is é 35 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. 6. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé muna gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. 7. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

Ard-Fheis 2010, Luimneach

8. Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. 9. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d'acmhainní na heagraíochta. 10. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. 11. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don ArdOifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. 12. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

COISTE GNÓ CHONRADH NA GAEILGE 2009-10

Ar chúl ó chlé: Máire Uí Ghairbhí; Donnchadh Ó hAodha, Tánaiste; Cathnia Ó Muircheartaigh; Leachlain Ó Catháin; Seán Ó Drisceoil; Breandán Mac Fhionnghaile; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí; Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta. Chun tosaigh ó chlé: Eibhlín Ní Ruairc - Tuathaigh; Seán Ó Ceallaigh; P.T. Mac Ruairí; Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán; Cóilín Ó Cearbhaill; Celine Ní Chóchlaigh; Máire Ní Laoire. Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

5


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

2. TUAIRISC AN UACHTARÁIN 2009-10 A chairde uilig na Gaeilge,

Tá fáilte romhaibh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Óstán Strand i gcathair stairiúil Luimnigh. Tréimhse chinniúnach don Ghaeilge an tréimhse atá romhainn, a deirtear linn, arís eile. Ach de thoradh na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite, agus a bhfuilimidne i gConradh na Gaeilge ag súil go mbeidh tacaíocht traspháirtí ann dó, ba mhaith go raghadh teachtaireacht dóchais i leith na Gaeilge amach ar fud an phobail. Agus ba mhaith go raghadh teachtaireacht aontaithe amach ó Chonradh na Gaeilge mar eagraíocht ionadaíoch náisiúnta phobal na Gaeilge: táimid anseo, agus beimid anseo. Sinne an pobal teanga is seanda agus is leanúnaí in iar-thuaisceart na hEorpa. Ar ár son féin, agus ar son gach éinne gur mór leis an stair, an litríocht, an ceol agus an daonnacht féin a ghabhann leis an teanga ársa seo, atá fós in úsáid go laethúil inár measc, míle go leith bliain tar éis turnamh na Róimhe, ba mhaith gur teachtaireacht athnuachana a raghadh amach ó Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010. Táid na comharthaí dóchais ann. Tá naonúr déag as gach fiche duine, ar shráideanna an stáit seo ó dheas, ar son na Gaeilge a choimeád á labhairt, á léamh agus á scríobh — agus á chraoladh dá n-abrainn é. Tá institiúidí dár gcuid féin againn, idir raidió agus teilifís, agus nua-áiseanna teicneolaíochta, a choinníonn i dteagmháil laethúil lena chéile sinn ó cheann ceann an oileáin, agus níos faide i gcéin. Tapaím an deis seo, dá réir, tréaslú le coiste agus le heagraithe óga Raidió Rí-Rá, a bhfuil tonnta aeróige nua á dtreabhadh acu ar son aos óg na Gaeilge. Ba mhaith liom, chomh maith, tréaslú le Rith 2010, a bhfuil bóithre 6

Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

nua, a deirim, oscailte acu ar son na teanga ó Bhéal Feirste aduaidh go Corcaigh, agus ó thuaidh arís go Gaillimh, agus pobal na tíre á shníomh ina chéile acu. Is tionscnaimh iad seo a chuireann le beocht agus le héagsúlacht an tsaoil, agus le saol na Gaeilge ach go háirithe. Ní hamháin san, is tionscnaimh iad a bhailíonn teagmhálaithe agus lucht tacaíochta chugainne mar eagraíocht sa bhfeachtas leanúnach a chaithimid a choimeád ar siúl ar son ár mbeo mar phobal teanga. Is beo dúinn i stát a fheidhmíonn go laethúil mar stát Béarla. Admhaímis go bhfuil eisceachtaí suntasacha sa chóras ó dheas atá le moladh, ach bímis réalaíoch ina thaobh san, agus is lú go mór, gan dabht, atá le moladh i stáit an oirthuaiscirt. Cúis áthais dúinn an dul chun cinn atá déanta le tamall de bhlianta anuas: tá Acht na dTeangacha Oifigiúla againn, tá Coimisinéir Teanga againn, tá aitheantas ag ár dteanga ionúin ársa mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach, agus dá thoradh seo, tá ár gcóras stáit féin ag glacadh leis, de réir a chéile, gur cuid den obair laethúil é freastal ar phobal

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais




Conradh na Gaeilge

na Gaeilge. Ach ná dearmadaimis go mbraitheann dul chun cinn leanúnach na Gaeilge ar éileamh uainne mar phobal, agus mar bhaill de phobal; agus ná dearmadaimis a chur ar a súile dár bpolaiteoirí, arís agus arís eile, gur chuige sin atá ár gcórais stáit ann, chun freastal orainne, saoránaigh. Ós ar an téad seo dúinn, mar shaoránaigh agus mar phobal Gaeilge, bhí bua suntasach againn i gcaitheamh na bliana: tharraing an Roinn Oideachais agus Eolaíochta siar Ciorclán 44/ 2007, ciorclán a d’fhéach le cosc a chur ar luath-thumoideachas iomlán sa Ghaeilge ar fud an stáit seo ó dheas, agus sa Ghaeltacht fiú amháin, áit a bhfuil géarghá lena leithéid de chleachtas inniu, chun go seolfaí an teanga ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Seo Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ar ndóigh, a bhfuil Gaeilge á múineadh trí Bhéarla i dtrian dá cuid scoileanna náisiúnta. An dtuigeann tuismitheoirí na tíre an éagóir atá á dhéanamh orthu féin agus ar a bpáistí toisc faillí na Roinne seo? Ach músclaímis ár misneach. Tá deisiú agus athchóiriú déanta ar ár gceannáras ag Uimhir 6, Sráid Fhearchair, BÁC 2, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cúis áthais dom féin mar uachtarán an bhaint a bhí agam leis an obair seo, ós chun na haidhme sin a thabhairt i gcrích a chuas ar aghaidh don uachtaránacht, Meán Fómhair 2008. Seasfaidh an obair atá déanta ar an gceannáras dúinn sna feachtais a chaithfear a reáchtáil aisti ar son na teanga sna blianta romhainn. Tá dea-chaidreamh ar son phobal na Gaeilge á chothú againn mar is cóir, chomh maith, lenár gceannairí stáit, lenár dTeachtaí Dála, leis an gComhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, lena rabhamar ag caint roimh Nollaig. Beidh an dea-chaidreamh sin ag teastáil go leanúnach chun spriocanna éagsúla, atá

Ard-Fheis 2010, Luimneach

ag teacht leis an Dréacht Straitéis 20 Bliain, a bhaint amach. Ina measc san, agus mar ábhar práinne, áirím an méid seo: cúrsa comhtháite Gaeilge bunaithe ar an gcúrsa do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, le haghaidh na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc; agus seirbhísí tacaíochta do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc, d’fhonn múineadh na Gaeilge labhartha a fheabhsú. Níor mhiste linn, gan dabht, go bhfeidhmeofaí an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge láithreach, agus go bhfeidhmeofaí í mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP). Bíodh sé mar sprioc againn, chomh maith, go gceapfaí duine i ngach Roinn Stáit, ag leibhéal Príomhoifigigh ar a laghad, le bheith freagrach as feidhmiú na Dréachtstraitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge, agus bíodh duine le cáilíocht sa phleanáil teanga ar fhoireann an phríomhoifigigh sin. Beidh caidreamh níos sláintiúla idir an dá chóras riaracháin ar an oileán seo feasta, agus ba mhaith go raghfaí i mbun plé leis na húdaráis i dTuaisceart Éireann maidir leis an straitéis atá geallta don Ghaeilge faoi Chomhaontú Chill Rímhinn, agus go n-úsáidfí an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar mhúnla sa chás sin. Ní gá a rá go n-aontaímid go hiomlán le cur chuige an Rialtais go mbeidh aire atá freagrach as an nGaeilge i measc chomh-aireacht an Rialtais ó dheas go leanúnach. Beidh éilimh mar seo, agus go leor eile á bplé againn ag an Ard-Fheis i Luimneach ar an 1618 Aibreán, ní ar ár son féin amháin, ach ar son an phobail stairiúil teanga dar dínn: bí ann, agus bíodh an t-athaoibhneas againn. Pádraig Mac Fhearghusa Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

9



Conradh na Gaeilge

3. AN EAGRAÍOCHT 3.1. COISTÍ AGUS IONADAÍOCHT An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 6 Meitheamh 2009 agus toghadh Donnchadh Ó hAodha mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Reáchtáladh 7 gcruinniú de Choiste Gnó an Chonartha ó Ard-Fheis 2009 go 20/03/10.

An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 27 Meitheamh 2009. Bhí 10 gcruinniú den Bhuanchoiste ó ArdFheis 2009 go dtí 20/03/10. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: An tUachtarán: Pádraig Mac Fhearghusa An Tánaiste: Donnchadh Ó hAodha Baill eile tofa ag an gCoiste Gnó: Cóilín Ó Cearbhaill, P.T. Mac Ruairí, Máire Ní Laoire, Celine Ní Chóchlaigh, Leachlain Ó Catháin.

Fochoistí Is iad seo a leanas na fochoistí de réir mar a rangnaíodh iad ag an gCoiste Gnó i mbliana: • Oideachas: Leachlain Ó Catháin • Gaeltacht: Brian Ó Baoill • Bolscaireacht: Tomás Mac Ruairí • Plean Straitéiseach trí bliana: Donnchadh Ó hAodha

Ionadaíocht Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Ghnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana:

Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge An tUachtarán, Pádraig Mac Fhearghusa An tArd-Rúnaí, Julian de Spáinn (Ionadaí)

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Coiste Oideachais Fhorais na Gaeilge Julian de Spáinn, Ard-Runaí

Coiste Stiúrtha Ógras Cóilín Ó Cearbhaill, Aoife Nic Samhráin

Seachtain na Gaeilge Teo. Cathaoirleach: Pádraig Mac Fhearghusa Leas-Chathaoirleach: Donnchadh Ó hAodha Stiúrthóirí: P.T. Mac Ruairí, Jacqueline Uí Mhuirí, Cóilín Ó Cearbhaill Comhaltaí: Breandán Mac Fhionnghaile, Seán Ó hAdhmaill, Peadar Mac Fhlannchadha (Timre Náisiúnta), Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí)

Coiste Náisiúnta an Oireachtais Seisear ball 1 bhliana: Aodhán Ó Deá; Stiofán Ó Móráin; Séamas Ó Máille; Seán Ó Curraighín; Máire Ní Laoire; Jacqui Uí Mhuirí Beirt Ionadaithe thar ceann an Choiste Gnó: Mícheál de Mórdha; Máire Uí Shíthigh

Cúigear ón bpainéal molta ag Buanchoiste an Oireachtais: Úna Uí Lachtnáin; Darren Ó Ceallaigh; Proinsias Mac a’ Bhaird; Mairéad Mhic Dhonncha; Félim Borland

Na Naíonraí Gaelacha Domhnall Ó Loingsigh

Clubanna Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: P.T. Mac Ruairí Gaillimh: Jacqueline Uí Mhuirí

Foras Éireann P.T. Mac Ruairí

An Fhéile Phan-Cheilteach Mícheál de Mórdha

Coiste na hÉireann den Bhiúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana Seán Ó Drisceoil

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

11


Conradh na Gaeilge

3.2. AN FHOIREANN Ceann-Áras an Chonartha Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí

Peadar Mac Fhlannchadha,

Leas-Ardrúnaí agus Timire Náisiúnta Síne Nic an Ailí

Feidhmeannach Forbartha agus Oifige

Brenda Ní Ghairbhí

Feidhmeannach Forbartha agus Ard-Oifige Máiread Seoighe,

Oifigeach Cléireachais Sinsearach

Máire Ní Dhuiginn,

Oifigeach Cléireachais/Fáilteoir An Siopa Leabhar

Máire Ní Laoi,

Oifigeach na bhFoilseachán

Síle Hodgins,

Ríonach Ní Scolaí,

Oifigeach Forbartha Chúige Uladh

Breanda Ní Chonaire-Droighneáin,

Oifigeach Forbartha Chúige Chonnacht Risteard Ó Fuaráin,

Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan Aisling de Barra - Taaffe Oifigeach Cléireachais

Seachtain na Gaeilge Teo. Orla Nic Shuibhne, Bainisteoir

Caitríona Bairéad

Oifigeach Riarcháin An Coimisiún le Rincí Gaelacha

Máire Ní Threasaigh - Mhic Riocard, Bainisteoir

Lisa Gatti,

Feidhmeannach

Sinéad Ní Fhátharta, Feidhmeannach

Cúntóir

Lily McGovern,

An tOireachtas

Liam Ó Maolaodha,

Cuntais/Scrúduithe

Stiúrthóir

Tograí Forbartha

Riarthóir

Stiúrthóir, Togra Ghael-Fhorbairt na Gailllimhe

Máirín Nic Dhonnchadha, Emer de Barra,

Oifigeach Forbartha

Loretta Ní Churraighín, Feidhmeannach Ógras

Maedhbh Ní Dhónaill, Riarthóir

12

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Áine Ní Iarnáin

Pádraig Ó Baoill

Oifigeach Forbartha, Togra Ghaeilge Locha Riach

Breandán Mac Fhionnghaile

Stiúrthóir, Togra An Clár As Gaeilge Brídín Ní Cheallaigh

Stiúrthóir, Togra Mhaigh Eo

Micheál Ó Murchú

Oifigeach Forbartha Gaeilge, Scéim Phobail Gaeilge Luimnigh

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

3.3. AN TINREAMH AR CHRUINNITHE DE NA COISTÍ CEANNAIS TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2009/10 Ainm an Bhaill Pádraig Mac Fhearghusa Donnchadh Ó hAodha Áine Ní Iarnáin Aodhán Ó Deá Aoife Ní Scolaí Aoife Nic Shamhráin Ben Mac Lochlainn Ben Ó Floinn Breandán Mac Fhionnghaile Breandán Ó Cathasaigh Brian Ó Baoill Cathnia Ó Muircheartaigh Celine Ní Chóchlaigh Clár Ní Shionóid Cóilín Ó Cearbhaill Cormac Ó Coileáin Daithí de Faoite Domhnall Ó Loingsigh Jacqueline Uí Mhuirí Leachlain Ó Catháin Máire Ní Laoire Máire Uí Ghairbhí / Seán Ó hAllmhuráin Máirín Ní Ruairc-Thuathail / Aedín Uí Mhaoildéidigh Niall Comer Séamus Ó Coisdealbha / Eibhlín Uí Mhorónaigh Seán Ó Ceallaigh Seán Ó Curraighín Seán Ó hAdhmaill Seán Ó Drisceoil Stiofán Ó Móráin Tomás Mac Ruairí

06/06/09 04/07/09 19/09/09 31/10/09 05/12/09 23/01/2010 20/03/2010 x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x

x x x x x x

x

x x x

x x x

x x x x

x

x

x x x x x

x x

x x

x

x x x x x

x

x x x

x x

x

x

x

x

x x x

x

x

x x

x x

x

x

x

x

x x x

x x x

x

x

x

x

x

x x

x x

x

x

x

Iomlán 7 7 1 3 4 1 4 0 5 3 5 2 5 2 7 5 3 1 3 5 5 1 4 0 5 2 3 5 6 1 7

TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2009/10 Ainm an Bhaill Pádraig Mac Fhearghusa Donnchadh Ó hAodha Celine Ní Chóchlaigh Cóilín Ó Cearbhaill Leachlain Ó Catháin Máire Ní Laoire Tomás Mac Ruairí

27/06/09 25/07/09 29/08/09 19/09/09 10/10/09 14/11/09 x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x x

05/12/09 23/01/2010 20/02/2010 x x x x x x x x x x x x x x x x x

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

Iomlán 9 9 8 7 5 6 8

13


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

3.4. TUAIRISC NA hEAGRAÍOCHTA Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Is eagraíocht uile-Éireann an Conradh a ghníomhaíonn ar bhun 32 chontae agus ar fud na cruinne ar son na teanga, agus creideann an Conradh gur le pobal uile na hÉireann í an Ghaeilge. Tá 200 craobh ag an gConradh, 5 thogra forbartha agus líon mór ball aonair atá fós ag fás go leanúnach. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus níorbh aon eisceacht í obair na bliana seo. Seo a leanas príomhbheartais a dhírigh an eagraíocht orthu ó bhí an Ard-Fheis dheireanach ann i mí na Bealtaine 2009:

ATHSHEOLADH NA hARD-OIFIGE Rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, TD, Ceann-Áras stairiúil Chonradh na Gaeilge a athsheoladh i ndiaidh deisiúchán déanta air le gairid. Fuair Conradh na Gaeilge maoiniú de €238,186 tríd an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirtmhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, le cabhrú leis an gCeann-Áras in Uimhir a Sé, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 a dheisiú agus táimid an-bhuíoch as an tacaíocht sin a fháil. Ár mbuíochas freisin as na síntiúis fhlaithiúla a fuaireamar ó chraobhacha na heagraíochta le híoc as cuid eile de na deisiúcháin chomh maith, agus beimid i mbun breise airgid a bhailiú go luath leis na costais iomláin ag seasamh amach a ghlanadh. Mar aon leis an Oíche Chultúir i Meán Fómhair 2009, thug athoscailt na hArd-Oifige deis don phobal amharc ar an áras agus turas treoraithe a ghlacadh le foghlaim faoin bpáirt ríthábhachtach a bhí aige sa troid ar son neamhspleáchas na Poblachta a bhaint amach. Bhí ceangail ag cuid de na daoine is 14

Glac Leis sa Chlár 2009

tábhachtaí in Éirí Amach na Cásca 1916 leis an gConradh agus leis an áras in Uimhir a Sé; ba bhall de Chonradh na Gaeilge iad seisear as an seachtar a shínigh Forfhógra na Saoirse, agus tá an tollán inár éalaigh a leithéid de Mhicheál Ó Coileáin agus baill eile de cheannasaíocht an IRB ó fhórsaí na Breataine le feiceáil fós faoi Cheann-Áras an Chonartha. Ní hamháin gur bunaíodh an chéad Aireacht Airgid faoin Saorstát sa Cheann-Áras freisin, ach bhíodh Banc Shinn Féin lonnaithe in Uimhir a Sé le linn Chogadh na Saoirse agus is as an bhfoirgneamh céanna a fógraíodh torthaí na dtoghchán in 1918. B’fhiú go mór an obair athchóirithe a dhéanamh agus tá Uimhir a Sé anois á fhorbairt againn mar lárionad Gaeilge sa phríomhchathair. AIGHNEACHTAÍ Seo a leanas na haighneachtaí a d’ullmhaíomar idir Bealtaine 2009 agus Márta 2010: An Chéad Scéim: • Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath • Coláiste na Tríonóide • Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath • An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta • Comhairle Contae Fhine Gall • Raidió Teilifís Éireann An Dara Scéim: • Ollscoil Luimnigh • Comhairle Cathrach na Gaillimhe • An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

• An Roinn Gnóthaí Eachtracha • Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo • Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann • Coláiste na hOllscoile Corcaigh • An Roinn Cosanta • Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe • Comhairle Contae Átha Cliath Theas • Óglaigh na hÉireann • An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh • An Roinn Iompair • An Coimisinéir Cosanta Sonraí • Comhairle Contae Thiobraid Árann Thuaidh • Údarás Clárúcháin Maoine Eile: • Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann – Amharcealaíona • Foras na Gaeilge – Straitéis Idirlín don Óige • An Roinn Forbartha Réigiúnaí Thuaisceart Éireann – Leasú ar Iompar Poiblí • Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath – Plean Forbartha • Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath – Plean Cultúrtha • Oifig Thuaisceart Éireann – Bille Cearta Thuaisceart Éireann

BAILIÚCHÁN NÁISIÚNTA 2010 Sa bhreis ar obair iontach na gcraobhacha agus na gcoistí contae áitiúla, chabhraigh Gaelscoileanna, clubanna CLG agus craobhacha Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) áitiúla le Bailiúchán Náisiúnta Chonradh na Gaeilge arís i mbliana. Tá airgead fós ag teacht isteach ó na ceantair éagsúla ach ár mbuíochas le chuile duine a ghlac páirt sa bhailiúchán i mbliana.

GLAC LEIS Chuireamar daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Glac Leis, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin tionscnamh An Eoraip A Chur in Iúl i mbliana. Thugamar faoi chamchuairt chuig coláistí samhraidh ar fud na tíre arís an samhradh seo caite chun ceardlanna spraíúla

Ard-Fheis 2010, Luimneach

spreagúla Glac Leis a reáchtáil leis na cinnirí iontu, agus chun labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, agus faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí sa bhaile in Éirinn faoi Acht na dTeangacha

Is Leor Beirt - Brídín Ní Cheallaigh, Togra Mhaigh Eo & Áine Ní Iarnáin, Togra na Gaillimhe de chuid Chonradh na Gaeilge ag seoladh na scéime

Oifigiúla, 2003. Thugamar cuairt ar scoileanna agus ar ollscoileanna mar chuid den bhfeachtas freisin, agus táimid ag súil le tabhairt faoin gcamchuairt ar na scoileanna agus ar na coláistí samhraidh arís sa bhliain amach romhainn.

IONAD SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ Táimid ag obair i gcomhpháirt leis an eagraíocht chearta daonna chun seirbhís dlí in aisce a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus anois i gCorcaigh freisin ar an chéad Chéadaoin den mhí arís i mbliana. Bíonn an tIonad Saor Chomhairle Dlí ar siúl le habhcóidí ó Chraobh na gCeithre Chúirt de Chonradh na Gaeilge agus ba chúis áthais dúinn gur éirigh linn seirbhís bhreise shaor-chomhairle dlí a chur ar fáil i gCorcaigh trí mheán na Gaeilge le cúpla mí anuas. IS LEOR BEIRT Chuireamar tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá theideal an fheachtais Is Leor Beirt i gcomhar le

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

15


Conradh na Gaeilge

Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre ag deireadh na bliana seo caite. Níl ag teastáil chun grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta agus dá réir, níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh sa ghréasán Gaeilge seo. Tugann scéim nua an Chonartha deis labhartha Gaeilge don ghnáthphobal agus cinntíonn go mbíonn an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Ní hamháin sin, ach cabhróidh Is Leor Beirt go mór le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta. Is iomaí grúpa atá ag glacadh páirte sa scéim cheana féin agus tá fiú ciorcal comhrá míosúil bunaithe i dTeach Laighean chun cabhrú le Teachtaí Dála agus Seanadóirí araon feabhas a chur ar a gcuid Ghaeilge, ionas go mbeidh sé de mhuinín acu í a labhairt sna Tithe Oireachtais amach anseo.

LÉACHT UÍ GHADHRA Athainmníodh léacht bhliantúil Chonradh na Gaeilge in ómós do Nollaig Ó Gadhra a cailleadh dhá bhliain ó shin, ar dheis Dé go raibh a anam. Údar, iriseoir, léachtóir agus craoltóir dearscnaitheach ab ea Nollaig Ó Gadhra agus bhí sé ar dhuine de na tráchtairí ba mhó cáil agus meas ar ghnóthaí poiblí, mar sin b’oiriúnach an téama a bhí ag léacht an Chonartha anuraidh. Saothrú na Gaeilge ar Nuachtáin Náisiúnta Bhéarla na hAoise Seo Caite: Sop nó Solamar? an téama a bhí faoi chaibidil ag an Ollamh Nollaig Mac Congáil ar an 22 Meán Fómhair 2009 agus ár mbuíochas le hAcadamh Ríoga na hÉireann a chur an léachtlann ar fáil dúinn arís i mbliana.

MEÁIN CHUMARSÁIDE Léirigh Conradh na Gaeilge tacaíocht don nuachtán seachtainiúil Foinse sular cuireadh deireadh lena fhoilsiú, agus táimid anois ag soláthar colún dar teideal Cúpla Focal dírithe

16

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Ag comhoibriú leis na Gardaí

ar fhoghlaimeoirí na teanga agus an nuachtán aiséirithe i bhfoirm fhorlíonta seachtainiúil leis an Irish Independent gach Céadaoin Chuireamar tús le feachtas na litreach, áit go bhfuil sonraí teagmhála againn do liosta daoine atá sásta litir scríobh chuig eagarthóir aon nuachtán a fhoilsíonn alt frith-Ghaeilge. D’éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas seo anuraidh nuair a bhí líon mór alt foilsithe ag caitheamh go mí-chothrom leis an nGaeilge agus foilsíodh go leor de na freagraí a sheol Conraitheoirí agus daoine nach iad isteach chuig na nuachtáin. Ár mbuíochas do chuile daoine a chabhraigh leis sin agus más mian leat páirt a ghlacadh sa bhfeachtas amach anseo, ní gá ach do shonraí teagmhála a chur ar aghaidh go nuacht@cnag.ie. Thugamar faoi phreasráiteas amháin a eisiúint in aghaidh na seachtaine, rud atá ag cabhrú le próifíl na heagraíochta a ardú i measc na meán agus an phobail araon, agus bhí giota ar an gConradh agus ár bpríomhfheachtais san iris Sult a foilsíodh mar fhorlíonadh den Irish Daily Star arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge 2010. Is iomaí agallamh atá déanta le TG4, RTÉ, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Near FM, Raidió na Life agus eile i gcaitheamh na bliana agus forbairt leanúnach á déanamh againn ar bhranda an Chonartha ar-líne trí Facebook, Twitter, Bebo, An Líonra agus ar shuíomh lárnach na heagraíochta ag www.cnag.ie i gcónaí. Bíonn líon mór daoine ag clárú craoibhe, mar bhall aonair agus do na ranganna tríd an suíomh seo agus bíonn muid ag cur leis an ábhar air go leanúnach.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Táimid tar éis nuachtlitir an Chonartha a fhorbairt sa chaoi agus go bhfuil 12 leathanach i ngach eagrán míosúil anois. Ár mbuíochas leis na Craobhacha, na Tograí agus na heagraíochtaí céanna a chabhraigh leis an bhfás agus leis an bhforbairt seo, trí scéalta breise a chur ar aghaidh chugainn go rialta.

BEARTAS OIDEACHAIS Bhí deacrachtaí praiticiúla na scoileanna Gaeltachta idir chaibidil ag seimineár Thionól Gaeltachta an Chonartha 2009, dar teideal I dTreo Pholasaí Oideachais Gaeltachta, in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí chun a chinntiú go ngéilleann an Roinn Oideachais a ionad ceart oideachasúil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chóras oideachas agus chun polasaí oideachais sonrach do na ceantair Ghaeltachta a phlé. Labhair Seosamh Mac Donnacha, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh; Bríd Uí Lubhaing, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; agus Máire Uí Shíthigh, Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag an seimineár agus ba é Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bhí mar chathaoirleach ar an ócáid. Chomh maith leis sin, mholamar cúrsa comhtháite céimnithe Gaeilge a chur i bhfeidhm sna scoileanna i measc moltaí eile a rinneamar ag an gcruinniú den Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir leis an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, agus tá feachtas leanúnach ar bun againn chun leasuithe sa chóras oideachais a chinntiú chun múineadh na Gaeilge a fheabhsú ag gach leibhéal scoile. LUATH-THUMOIDEACHAS IOMLÁN D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O’Keeffe TD, Ciorclán conspóideach 0044/2007 a tharraingt siar níos luaithe i mbliana, ó chuir an ciorclán cosc ar chleachtas fadbhunaithe an luaththumoideachais iom-

Ard-Fheis 2010, Luimneach

láin i nGaeilge sa stát trí dhualgas a chur ar na scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara téarma de rang na naíonán sóisearach, ar a dhéanaí. Chuireamar fainic, áfach, roimh an aguisín atá curtha leis an gcinneadh go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc

Lá Stocaireachta 2009_Peadar Mac Fhlannchadha, Frank Feighan TD, Tom Kitt TD, Ulick Burke TD, Éamonn Mac Niallais

foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin shóisearacha i scoil ar bith ina gcleachtaítear an luaththumoideachas Gaeilge, agus tá stocaireacht leanúnach á déanamh againn maidir leis seo go fóill.

RAIDIÓ RÍ-RÁ Ní hamháin gur éirigh le Raidió Rí-Rá cláracha feidhmiúcháin a fhorbairt ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge ar ghutháin Nokia agus ar an iPhone anois, ach d’éirigh linn an dara ceadúnas sealadach ilcathrach a fháil leis an gcairtstáisiúin a chur beo ar an aer arís i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach ón 1 – 21 Márta 2010 le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Sheolamar an tseirbhís FM i dteannta Danny O’Reilly, pearsa Sheachtain na Gaeilge 2010 agus príomhamhránaí ón mbanna mór le rá The Coronas, agus aisteoirí Michelle Beamish (Paddy sa chlár Seacht) agus Sláine Hutchinson (Claudia sa chlár Aifric) ag ceithre phreasócáid éagsúil ar an 01 Márta 2010. Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá le linn an chraolacháin

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

17


Conradh na Gaeilge

agus i measc na gcláracha beo breise a rinne muid forbairt orthu do na trí seachtaine, bhí béim ar leith ar idirghníomhaíocht leis na clubanna óige agus leis na scoileanna Béarla agus Gaeilge timpeall na tíre. D’imigh foirne sráide an stáisiúin ar cuairt chuig scoileanna le labhairt leis na daltaí agus len’iad a spreagadh le cluichí PopNuachta agus duaiseanna, agus d’éirigh thar cionn leis an gné seo i measc an phobail. Rinneamar tuilleadh forbartha leis an suíomh ag www.rrr.ie le linn an ama, reáchtálamar comórtas Cath na mBannaí le hardán FM a thabhairt do cheoltóirí ag casadh trí Ghaeilge, agus labhraíomar le Gaeilgeoirí thar sáile do chlár ama speisialta Lá Fhéile Phádraig freisin. Tá mórbhuíochas agus mórmholadh ag dul do na hoibrithe deonacha ar fad a thug a gcuid ama don stáisiún go fial flaithiúil, agus táimid ag súil le tógáil ar rath na bliana seo agus le teacht ar bhealaí nua éisteachta, tríd an gcóras teilifíse digití agus DAB mar shampla. Tá géarghá againn teacht ar fhoinsí airgid leis an stáisiún a mhaoiniú lena chinntiú gur féidir linn leanúint leis an dea-obair go dtí seo.

RANGANNA In ainneoin na lagthrá eacnamaíochta, tá ag éirí go maith le ranganna Chonradh na Gaeilge timpeall na tíre. Ní hamháin go bhfuil réimse leathan leibhéal á thairiscint againn do na gnáthranganna oíche agus na gnáthdhianchúrsaí samhraidh, ach chuireamar tús le cúrsaí breise i mbliana freisin. Tá cúrsaí ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta á reáchtáil againn i mBaile Átha Cliath anois, mar aon le cúrsaí ullmhúcháin don scrúdú cainte Ardteiste. Tá ranganna á gcur ar fáil againn do na Fórsaí Cosanta Áitiúla (FCA) agus don Chumann Lúthchleas Gael (CLG) freisin. Táimid fós ag obair i gcomhar le Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad chun pacáistí múinteoireachta caighdeánacha a sholáthair do Chraobhacha agus do Thograí atá ag cur ranganna ar fáil, agus tá ag éirí thar cionn leis an 18

Ard-Fheis 2010, Luimneach

gcóras clárúcháin ar-líne tríd an suíomh lárnach ag www.cnag.ie. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh le brenda@cnag.ie más mian spéis le do Chraobh ranganna a chur ar siúl, nó más mian leat go mbeadh daoine in ann clárú do ranganna do Chraoibhe ar an suíomh freisin.

Seoladh na seirbhíse FM i nGaillimh le Sláine Hutchinson (Claudia ón gclár Aifric)

RITH 2010 Bhí Conradh na Gaeilge páirteach sa bhféile náisiúnta, Rith 2010, don chéad uair i mbliana. Thosaigh an ollrithar son na Gaeilge i mBéal Feirste mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2010, le baitín sealaíochta ag athrú láimhe idir daoine agus grúpaí reatha gach uile ciliméadar, agus níor stad sé go dtí gur shroich na reathaithe Gaillimh, 1600km agus 9 lá níos déanaí. Thacaigh mhuintir na mbailte ar fad sna 16 chontae go ndeachaigh an rith tríd go fuinniúil leis an bhféile agus ba mhór an éacht é le pobal na hÉireann a spreagadh i leith na Gaeilge. Scríobh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa an teachtaireacht dhóchais do mhuintir na hÉireann a bhí i bhfolach sa bhaitín sealaíochta agus ghlac níos mó ná 20,000 duine páirt i Rith 2010. Tá ardmholadh ag dul do na hoibrithe deonacha ar fad a chabhraigh leis an eagrúchán agus tá mórbhuíochas ag dul do na heagraíochtaí, clubanna, gnólachtaí, agus daoine aonaracha a thacaigh leis an rith trí chiliméadar a cheannach.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

STOCAIREACHT D’éirigh le stocaireacht thréan, go háirithe ó Choiste Contae Átha Cliath, iallach a chur ar bhainistíocht Bhanc na hÉireann rogha na Gaeilge a chur ar gach uathmheaisíní bainc (UMB) de chuid an bhainc, agus is é toradh an fheachtais go bhfuil seirbhís Ghaeilge ar gach ceann de 500 gnáth-UMB Bhanc na hÉireann mar aon lena 800 UMB miondíoltóra sna siopaí sa Phoblacht anois. Ní hamháin sin ach ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath le rún go mbeadh iallach ar lucht forbartha ainmneacha as Gaeilge amháin a chur ar eastáit nua sa phríomhchathair. Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i móra bailte móra ar fud na tíre ar nós na Gaillimhe agus na hUaimhe le roinnt blianta anuas agus éiríonn leis úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail, mar sin is léir go bhfuil fiúntas mór ag baint lena leithéid d’fheachtas a reáchtáil i ngach baile agus i ngach cathair sa tír. Rinneamar stocaireacht ar na polaiteoirí uile maidir le cúrsaí Gaeilge roimh na toghcháin áitiúla i Meitheamh 2009 agus d’iarramar ar an bpobal tacú leis na polaiteoirí is mó a bhí sásta gníomhú ar son na teanga ag leibhéal na hEorpa sna toghcháin Eorpacha i Meitheamh 2009 freisin, go háirithe i dtaca le húsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus le deireadh a chur le maolú stádas na teanga san Aontas Eorpach. Chuige seo, scríobhamar chuig iarrthóirí na hEorpa ó na príomhpháirtithe polaitíochta maidir lena ndearcadh ar an nGaeilge san Aontas Eorpach agus d'ullmhaigh cáipéis eolais bunaithe ar na freagraí a thug na hiarrthóirí le scaipeadh ar bhaill an Chonartha agus ar phobal vótála na tíre trí chéile. Táimid ag súil leis na ceisteanna seo a ardú arís go luath leis na hiarrthóirí a bhain na suíocháin Eorpacha amach, lena chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh na ngeallúintí a rinne siad i leith na teanga. Tá stocaireacht leanúnach á déanamh againn i leith cheist reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh agus Acht Gaeilge ceartbhunaithe, cuim-

Ard-Fheis 2010, Luimneach

sitheach á lorg againn do Thuaisceart Éireann. Rinneamar stocaireacht leanúnach le comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha agus le comhionannas a chinntiú don Ghaeilge i gcóras códphoist na hÉireann idir chruinnithe agus cheisteanna Dála leanúnacha chomh maith. Molamar freisin gur chóir scéim earcaíochta a cheapadh don tseirbhís phoiblí le béim ar earcaigh dhátheangacha inniúla a fhostú ag an gcruinniú den Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé. Bhí ról nach beag againn sa tréan-stocaireacht i gcoinne na moltaí i leith na Gaeilge a bhí sa Tuarascáil an Ghrúpa Speisialta um Líon Fostaithe sa tSeirbhís Phoiblí agus Cláir Chaiteachais (moltaí an Bhoird Snip Nua) de chuid an Rialtais, agus d’eagraíomar lá stocaireachta agus eolais i gcomhar le Guth na Gaeltachta leis na moltaí seo mar aon leis an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé le polaiteoirí i mí na Nollag 2009. D’éirigh thar cionn leis an lá, áit gur fhreastail idir Sheanadóirí agus Theachtaí Dála ó gach páirtí ar an ócáid agus phlé siad cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta le hionadaithe óna ndáilcheantar féin. Thacaíomar freisin le léirsiú mhná tí na gcoláistí samhraidh i gcoinne an mholadh go ndéanfaí díothú ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge thar tréimhse dhá bhliain. STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE Sa bhreis ar an lá stocaireachta agus eolais thuasluaite, is mór an obair a bhí agus atá idir lámha againn maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais. D’eagraíomar Seimineár an Chonartha ag Oireachtas na Gaeilge ar an téama An Ghaeilge: An 20 Bliain Romhainn i mí Dheireadh Fómhair 2009, áit gur labhair Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha; Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta; agus an tAire Éamon Ó Cuív agus

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

go ndearna Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga cathaoirleacht ar an ócáid. D’fhreastail toscaireacht Chonradh na Gaeilge ag an gcruinniú den Chomhchoiste Dála um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leis an Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a phlé agus moltaí a dhéanamh ina leith i mí Eanáir 2010, agus táimid ag bualadh le polaiteoirí maidir leis seo ó shin freisin.

TIMIREACHT Tá obair leanúnach ar siúl againn chun craobhacha agus baill aonair as an nua a earcú le páirt a ghlacadh san eagraíocht agus tá ag éirí go maith linn arís i mbliana, le 62 ball aonair agus 8 gcraobh úr cláraithe linn ó Bhealtaine na bliana seo caite. Déanann muid ionadaíocht ar an gConradh le branda na heagraíochtaí a chur i mbéal an phobail agus le heolas a scaipeadh faoinár gcuid oibre tríd an bhliain, ag glacadh páirte in imeachtaí dá leithéid Buntáistí Breise na Gaeilge; Siolla mar chuid d’Fhóram Óige an Chláir; Seachtain na Gaeilge Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; Lá Gaeilge Ollscoil na hÉireann, Má Nuad; Aonach Pobail de Choláiste an Gharda Síochána um Chearta an Duine; bronnadh duaiseanna Fhéile an Aonaigh; Comhdháil Gaelscoileanna Teo.; agus go leor eile. Tá Conradh na Gaeilge ag obair i gcomhar le Comhluadar agus Glór na nGael ar phleanáil don teanga de réir chontae agus tá obair tosaithe i gCill Dara agus i gCo. na Mí ina leith seo.

IMEACHTAÍ SÓISIALTA AGUS EILE Is iomaí imeacht shóisialta agus campa samhraidh a d’eagraigh craobhacha, tograí agus foireann an Chonartha i gcaitheamh an ama ón Ard-Fheis dheireanach, ina measc oícheanta airneáin, ceoil agus scéalaíochta; turais lae; ciorcail chomhrá; seimineáir eolais; fóraim óige; léamha filíochta; ceardlanna drámaíochta agus go leor eile, go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge 2010.

20

Tionól Gaeltachta 2009 - Mícheál de Mórdha & Seán Ó Ceallaigh ag baint sult as seimineár an Tionóil

Thacaigh an Conradh le pobal na Gaeilge sna ceithre hairde ar bhealaí éagsúla tríd an mbliain ar fad agus is mór againn an t-am agus an fuinneamh a thugann daoine don eagraíocht i gcónaí. Ní bheadh leath an oiread oibre curtha i gcrích againn gan cabhair fhial, fhlaithiúil, agus go minic dheonach, de chuid bhaill an Chonartha. Gurbh amhlaidh an dea-obair ar son na Gaeilge idir seo agus Ard-Fheis 2011!

Buíochas Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí Gaeilge agus eile a bhíonn plé leanúnach againn leo agus atáimid ag obair i gcomhpháirt lena chéile ar chúiseanna éagsúla. Tá buíochas ollmhór ag dul chuig an Uachtarán, gach ball den Choiste Gnó, gach Craobh agus chuig gach ball eile den eagraíocht a thugann tacaíocht leanúnach don eagraíocht agus a chuireann a n-am pearsanta féin ar fáil le hobair an Chonartha ag gach leibhéal a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach fostaí den eagraíocht féin agus de na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha. Tugann siad níos mó ná gur féidir a bheith ag súil leis i gcónaí. Julian de Spáinn Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais



Conradh na Gaeilge

3.5. TUAIRISC TIMIREACHTA Tuarascáil Mhic Chárthaigh

Stocaireacht déanta, i gcomhar le craobhacha na heagraíochta, in aghaidh mholtaí Mhic Chárthaigh i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Plean 20 Bliain an Rialtais

Plé le polaiteoirí agus na meáin maidir le plean 20 Bliain an Rialtais, neartú an phlean sin agus ról ár gcraobhacha a shoiléiriú.

Tograí Timireachta

Obair leanúnach leis na Tograí Timireachta,

atá maoinithe faoi Scéim Mhaoinithe Fhoras

na Gaeilge, i gContae an Chláir, Gaillimh,

Baile Locha Riach agus Maigh Eo. Cruinnithe

pleanála rialta eagraithe i rith na bliana i

gcomhar leis na feidhmeannaigh teanga agus

foireann na hArd-Oifige. Is mian liom buío-

chas a ghabháil freisin leis na coistí bainistíochta deonacha atá ag obair leis na Tograí.

Tionól Gaeltachta

Bhí Tionól Gaeltachta 2009 ar siúl i mBaile an Fheirtéirigh agus bhí mé ag plé le heagrú an Tionóil i gcomhar le grúpaí éagsúla sa phobal

agus ár bhfoireann féin. Is mian liom buío-

chas a ghabháil le Mícheál de Mórdha, Máire Uí Shíthigh agus le gach duine a chabhraigh linn.

I mbliana, 2010, beidh an Tionól ar siúl i

nGaoth Dobhair agus tá coiste nua de chuid an Choiste Gnó i mbun na socruithe don Tionól.

22

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Campaí Samhraidh

Plé le socruithe do Champaí Samhraidh i

gcomhar le craobhacha an Chonartha i gcon-

taetha éagsúla. Plé le grúpscéim árachais na

gcampaí. Plé le scéimeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus

Fhoras na Gaeilge. Teagmháil le craobhacha

‘srl., chomh maith le cuairt ar na campaí

éagsúla.

Is fiú go mór do chraobhacha Campaí mar

seo a eagrú ina gceantair féin. Tá córas

tacaíochta maith ar fáil agus is obair í atá

indéanta i nach mór gach ceantar. Tugann sé

bunús maith freisin chun dul chun cinn eile a dhéanamh go háitiúil. Seachtain na Gaeilge

Bhí plé leanúnach agam le heagrú Sheachtain

na Gaeilge 2010 agus bhí mé ag feidhmiú chomh maith mar chomhalta den chomh-

lacht Seachtain na Gaeilge Teo. Rinne mé obair faoi leith ar chlár na Gaillimhe agus

cuireadh clár an-leathan le chéile arís. An Bailiúchán Náisiúnta

Plé le heagrú an bhailiúcháin ó mhí Eanáir go

dtí Lá Fhéile Pádraig. Plé le craobhacha agus

ceantair nach bhfuil craobhacha ag feidhmiú iontu. Plé leis an obair bhreise chun cur leis

an mbailiúchán agus is mian liom buíochas a

ghabháil leis na mic léinn tríú leibhéil a bhí ag

obair linn ar scéim thaithí oibre agus a

chabhraigh go mór leis an iarracht seo. Tá buíochas tuillte arís ag Celine Ní Chóchlaigh

as an obair thimireachta a rinne sí don bhailiúchán.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Gaelscoileanna

Ag obair le Coiste Dúiche na Gaillimhe.

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Timireacht Ghinearálta

Obair déanta agam sa cheantar lártíre chomh

Cóiríocht curtha ar fáil do Ghaelscoil de hÍde

maith le plé rialta le craobhacha agus grúpaí

mBaile Locha Riach agus plé freisin le

Plé le Roinn na Gaeltachta maidir leis an

in Órán Mór agus do Ghaelscoil Riabhach, i Gaelscoil Áth an Rí.

eile thar ceann an Chonartha.

scéim Phleanála Gaeltachta agus freisin le

hÚdarás na Gaeltachta maidir le tacaíocht do chraobhacha Gaeltachta. Ginearálta

Bhí plé leanúnach agam le grúpaí agus

eagraíochtaí thar ceann an Chonartha. Bhí plé

rialta agam freisin le cúrsaí poiblíochta agus

Peadar Mac Fhlannchadha & Íte Ní Chionnaith

rinne mé ionadaíocht don Chonradh ag

ócáidí éagsúla. Táim ag leanúint le soláthar

colúin sheachtainiúil don nuachtán The Irish World i Sasana.

Áras na nGael

Plé le riarachán ginearálta an Árais, le Club

Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an

Áras na nGael, le riaradh Thogra na

Uachtarán Pádraig Mac Fhearghusa agus leis

Plé le pleananna forbartha an Árais agus leis

foireann oibre Uimhir a 6 Sráid Fhearchair.

Gaillimhe.

na deiseanna lárionad Gaeilge nua a thógáil i

an gCoiste Gnó, le Julian de Spáinn agus le

gCathair na Gaillimhe. Bhí plé leanúnach

Tá buíochas faoi leith ag dul d’fhoireann

naithe in Áras na nGael.

faoi chomaoin Áine Ní Iarnáin atá i gceannas

Ranganna Gaeilge

Chonghaile atá ag obair liom san Áras.

agam leis an gClár Fostaíochta Pobail atá lon-

Plé le forbairt leanúnach ar chóras ranganna

Áras na nGael. Plé le foireann na hArd-Oifige

agus Oifig na Gaillimhe le hullmhú ábhar

poiblíochta nua do na ranganna agus le hullmhú chóras comónta do ranganna an Chonartha.

Cúnamh tugtha do chraobhacha maidir le

heagrú ranganna Gaeilge.

oibre an Árais i nGaillimh agus táim go mór ar Thogra na Gaillimhe agus do Ghráinne Ní

Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le

baill an Chonartha ar fud na tíre a thug

cúnamh flaithiúil dom ó cheann ceann na bliana.

Peadar Mac Fhlannchadha,

Leas-Ardrúnaí agus Timire Náisiúnta

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

23


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

3.6. NA CUNTAIS AIRGID 2009 CONRADH NA GAEILGE TUARASCÁIL AN CHUNTASÓRA NEAMHSPLEÁCH DO CHOMHALTAÍ CHONRADH NA GAEILGE AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2009 Tá mé tar éis na ráitis airgeadais i gcomhair na bliana dar chríoch 31 Nollaig 2009 ar leathanaigh 3 go 6 a ullmhú, gan iniúchadh a dhéanamh, ó na taifid chuntasaíochta agus ón eolas agus ó na mínithe a soláthraíodh dom. Tá an tuarascáil seo tugtha do Chonradh na Gaeilge amháin mar fhreagra ar iarratas ón gCoiste Gnó. Rinne mé mo obair ionas go bhféadfainn a thuairisciú do Chonradh na Gaeilge na hábhair úd a iarradh orm a lua san tuarascáil seo agus ní ar aon chúis eile. Chomh fada agus a cheadaíonn an dlí dom, ní ghlacaim orm féin, le freagracht do aon duine eile seachas do chomhaltaí Chonradh na Gaeilge, mar chomhlacht, as mo obair, as an tuarascáil seo, nó as na ráitis a rinne mé. Freagrachtaí an Choiste Gnó agus an chuntasóra neamhspleách faoi seach Tá freagracht ar an gCoiste Gnó na ráitis airgeadais iniata a ullmhú. ,V t DQ IKUHDJUDFKW V¶DJDPVD WXDLULP D QRFKWDGK DQ Ehfuil cuntas an bheáir, an cuntas sochair agus dochair agus an clár comhardaithe ullmhaithe i gceart ó na ráitis airgeadais agus ó thaifid Chonradh na Gaeilge. Tuairim Is é mo thuairim gur ullmhaíodh na ráitis airgeadais i gceart ó ráitis airgeadais Chonradh na Gaeilge don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2009. Dáithí Ó Maolchoille Cuntasóir Cairte 75 Páirc Weston Baile Átha Cliath 14 16 Aibreán 2010

24

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2009

Ioncam Caiteachas Farasbarr na bliana (Easnamh) ag tús na bliana (Easnamh) ag deireadh na bliana

2009 ¼ 642,990

2008 ¼ 585,758

(625,521) ----------17,469

(584,229) -----------1,529

(101,057) ----------(83,588) ======

(102,586) ------------(101,057) =======

Ar son an Choiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

25


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

CONRADH NA GAEILGE CLÁR COMHARDAITHE

31 NOLLAIG 2009 Nóta

2009 ¼ 447,540 ----------

2008 ¼ 26,538 --------

58,708 560 -------59,268

1,635 ------1,635

(139,453) ---------(80,185) ----------

(33,264) ---------(31,629) -----------

(224,666) ----------SÓCMHAINNÍ IOMLÁNA LÚIDE (DLITEANAIS) 142,689

(95,966) -----------(101,057)

SÓCMHAINNÍ SEASTA

2

SÓCMHAINNÍ REATHA Deontas infhaighte Féichiúnaithe CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin)

3

GLANDLITEANAIS REATHA CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite tar éis bliana amháin)

4

DEONTAS INFHAIGHTE

6

(226,277) ----------(83,588) ======

------------(101,057) =======

(83,588) ======

(101,057) =======

COMHDHÉANTA MAR A LEANAS Cuntas Ioncaim agus Caiteachais

Ar son an Choiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

3 26

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais




Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2009 1. POLASAITHE CUNTASAÍOCHTA Gnás Cuntasaíochta Ullmhaítear na ráitis airgeadais de réir an ghnás chéadchostais agus de réir an Chaighdeáin um ThuairLVFL~ $LUJHDGDLV G¶$RQiLQ %KHDJD Dímheas Sócmhainní Inláimhsithe Seasta agus Amúchadh Deontas Dímheastar na sócmhainní seasta ina ngálaí cothroma bliantúla thar saol measta na sócmhainní. Seo iad na rátaí atá in úsáid faoi láthair: Trealamh 20% per annum Caiteachas ar an áitreabh 5% per annum Amúchadh deontas infhaighte 5% per annum Gnóthas Leantaigh Ullmhaítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn gnóthais leantaigh. Tá an bonn seo oiriúnach, i dtuairim an choiste, de bharr tacaíocht airgeadais ó Bhainc Aontais Éireann cpt. 2.

SÓCMHAINNÍ INLÁIMHSITHE SEASTA Trealamh Caiteachas ar an Áitreabh ¼ ¼ Costas Ar 1 Eanáir 33,229 12,780 Caiteachas 464,524 Lúide: Síntiúis faighte (13,450) -----------------Ar 31 Nollaig 33,229 463,854 ===== ====== Dímheas Ar 1 Eanáir 19,471 Muirear na bliana reatha 6,879 23,193 ----------------Ar 31 Nollaig 26,350 23,193 ===== ===== Glanmhéid 31 Nollaig 2009 6,879 440,661 ===== ====== 31 Nollaig 2008 13,758 12,780 ===== =====

Iomlán ¼ 46,009 464,524 (13,450) ---------497,083 ====== 19,471 30,072 --------49,543 ===== 447,540 ====== 26,538 =====

3. CREIDIÚNAITHE (dlite laistigh de bhliain amháin) 2009 ¼ Creidiúnaithe ginearálta 59,854 Banc (nóta 5) 79,599 ---------139,453 ======

2008 ¼ 10,586 22,678 --------33,264 =====

4

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

29


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2009 (ar leanúint) 4. CREIDIÚNAITHE (dlite tar éis bliana amháin) Banc (nóta 5)

2009 ¼ 224,666 ======

2008 ¼ 95,966 =====

2009 ¼

2008 ¼

5. BANC

Cuntas reatha (2009 airgead sa bhanc; 2008 rótharraingt) (170,901) Iasachtaí 475,166 ----------304,265 ======

5,098 113,546 ---------118,644 ======

Dlite laistigh de bhliain amháin ± nóta 3 Dlite tar éis bliana amháin - nóta 4

79,599 22,678 224,666 95,966 -----------------304,265 118,644 ====== ====== Tá morgáiste ag Bainc Aontais Éireann cpt ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. 6. DEONTAS ± An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2009 2008 ¼ ¼ Infhaighte 238,186 ====== ==== Amúchadh Go 1 Eanáir Aistrithe go hioncam i mbliana 11,909 ---------Ar 31 Nollaig 11,909 ===== = Glanmhéid 226,277 ====== = 7. GLACADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS Glacadh na ráitis airgeadais seo ar 16 Aibreán 2010.

5 30

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2009 2009 ¼ IONCAM Deontais: Foras na Gaeilge An Roinn Gnóthaí Eachtracha Bailiú agus Clárú Cíosanna Ranganna Gaeilge Ábhair Díolacháin Síntiúis Fógraí Cumann Lúthchleas Gael Leagáid Samsung Irish Copyright Licensing Ilnithe/Scéimeanna eile

CAITEACHAS Rátaí, Árachas Cothabháil Tuarastail, Scéim Phinsin Taisteal, Iostas Postas Teileafón Páipéarachas Leictreachas Stóras Costais Bainc Ús Bainc Táille Cuntasaíochta Costais Oifige Comhdhálacha Coiste Gnó Bolscaireacht Ilnithe Coigeartuithe a bhaineann le blianta roimhe seo Dímheas: Caiteachas ar an Áitreabh Dímheas: Trealamh Lúide: Deontas amúchta

Farasbarr na bliana

2008 ¼

413,456 18,000 37,121 63,353 67,233 3,574 7,215 200 5,000 7,433 20,000 405 --------642,990 ======

394,729 24,993 50,270 73,056 1,226 5,598 6,000 3,175 26,711 ---------585,758 ======

25,385 13,588 410,726 18,055 14,050 8,315 18,184 2,921 735 3,297 6,460 2,820 43,309 3,214 12,348 15,122 521 8,308 23,193 6,879 (11,909) ---------625,521 ======

22,397 37,190 360,662 17,967 9,087 4,830 19,088 3,000 1,751 124 7,359 5,914 46,339 12,196 3,661 25,142 876 6,646 ----------584,229 ======

17,469 =====

1,529 ====

6

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

31


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

3.7. AN BÁILIÚCHÁN NÁISIÚNTA

32

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

33


Conradh na Gaeilge

3.8. SÍNTIÚS NA nGAEL

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh faoi scéim Shíntiús na nGael: • Dáithí Mac Cárthaigh • Julian de Spáinn • Peadar Mac Fhlannchadha • Breandán Ó Cathasaigh • Íte Ní Chionnaith • P.T. Mac Ruairí • Seán Ó hAdhmaill • Seán agus Nóirín Uí Cheallaigh • Seán Ó Drisceoill • Tony Pratschke • Aoife Ní Scolaí • Anita Nic Amhlaoidh • Dáithí de Faoite • Brenda Ní Ghairbhí • Síne Nic an Ailí • Seán Ó Cionfhaola * Theastaigh ó dhuine amháin nach luafaí a (h)ainm.

3.9. ACHAINNÍ AN CHEANN-ÁRAIS

Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as síntiús a chur ar fáil chun cabhrú leis na deisiúcháin ar an gCeann-Áras: • Coiste Contae na Gaillimhe • Áras na nGael • Craobh Moibhí • Craobh Chúil Aodha * Theastaigh ó dhuine amháin nach luafaí a (h)ainm. • Celine Ní Chóchlaigh • Micheál Ó hAlloran • Pobal Chluain Tarbh • Craobh Aimhirgin • Craobh Loch Garman • Craobh Thrá Lí • Bríd Nic Dhomhnaill • Craobh na hInse • Aodán Ó Sé • Coiste Pobal Chluain Tarbh • Craobh Dhún Dealgain • Cumann Gaelach - Cluain Meala • Áine Ní Mhaoldomhnaigh - Ó Drisceoil • Julian de Spáinn • Craobh Mhaigh Cuilinn • Craobh Raidió Rí-Rá • Coiste Contae Luimnigh • Craobh Chaisleán Nua Thiar, Luimneach • Craobh Dhúrlas Éile

34

Ard-Fheis 2010, Luimneach

3.10. COMHBHRÓN

Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair bás i rith na bliana, go háirithe: • Dónal Mac Ionnraic; • Leslie Ó Laoi; • Pádraic agus Máirtín Ó Conaire; • Rita Keane; • Deirfiúr Phyllis Uí Cheallaigh; • Muiris Búdhlaeir; • Conchúr Ó Ceallaigh; • Seán Ó Duinnín; • Pádraig Ó Dálaigh; • Máirtín Ó Gormáin; • Cathal Mac Aodha; • Cáit Uí Chadhain; • Pádraig Ó Maolchoille; • Mícheál Mac Aodha; • Máire Uí Mhainnín; • Johnny Sheáin Jeaic Mac Donncha; • Máthair chéile Niall Comer; • Micheál Ó hEidhin; • Aodh Ó hÍr; • Aindrias Ó Scolaí; • Mícheál Ó Brolacháin; • Páraic McKeown; • Éilís Bean Uí Uid; • Brian Ó Tuama; • Sarah Beirne; • Teresa Molloy; • Marie Conneely; • Sorcha Rose McLoughlin; • Sadhbh Ní Bhrádaigh; • Máire Ní Choncheanainn; • Maud Uí Mhórdha; • Fiona O’Connor; • Seán Ó Cróinín; • Tadhg Breathnach; • Máthair Niall Farrell; • Piaras Ó Conaire; • Gerry Donnelly; • Pádraig Tyers; • Fachtna Ó hAnnracháin; • Marcus de Búrca; • Mary Howard.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais




Conradh na Gaeilge

4. TUAIRISC NA dTOGRAÍ 4.1. TUAIRISC AN CLÁR AS GAEILGE Is í príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí cuí teanga a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge.

Is togra páirtnéireachta pobail é An Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Inis agus atá maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le 8 mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le Clár Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.

Seoladh Filí an Chláir le Comóradh Thomáis Uí Mhíocháin

Spriocanna Straitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha

Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i gContae an Chláir ó bhí Ard-Fheis 2009 ann agus ar bhonn bliantúil:

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoildrámaíochta ar a fhreastalaíonn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa réigiún i mbliana agus 27 bhliain a bunaithe á gceiliúradh againn in 2010. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga páirt i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Eagraíodh a lán imeachtaí i dteannta le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2010 ar fud an chontae • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar 3 leibhéal ar fáil mar chuid de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin • Déanfar ceiliúradh ar fhilí an Chláir le Ceiliúradh ar Oidhreacht Filíochta Gaeilge Contae an Chláir: Comóradh Dhonnacha Rua MacConmara i gCreatlach i mí na Bealtaine 2010 Measann An Clár as Gaeilge go bhfuil easnamh le feiceáil sa chaoi go léirítear saol litríochta an Chláir sa cheantar, gan aon treoir don chuairteoir ar sheanshaibhreas litríochta an chontae. Le pleacanna eolais curtha in áiteanna dúchais na bhfilí, beidh an saibhreas filíochta scríofa atá againn soiléir don saol. Leanfar le himeachtaí breise mar chuid den phlean gníomhaíochta comhtháite • Cúl-Chaint atá mar theideal ar an gclár seanchais agus nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ar 9.00rn. Tuilleadh eolais: gaeilge@clarefm.ie

Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ag dhá leibhéal (bunleibhéal agus meánleibhéal) i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

37


Conradh na Gaeilge

tríd an bhliain. D’fhreastail suas le 100 duine orthu agus mar thoradh ar an móréileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá 3 leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn.

Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn suas le 125 páiste air gach bliain • Reáchtáladh Comórtas Díospóireachta Iarbhunscoile do scoileanna an chontae i mbliana, eagraithe i dteannta le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirtscoláireachtaí Gaeltachta • Mar aonad de Siolla (Tionscnamh Forbairt Pearsanta Trí Ghaeilge), d’eagraíomar Fóram Óige An Chláir, seimineár lae do dhaoine óga ar a d’fhreastail daltaí ó mheánscoileanna ar fud an chontae. Le linn 3 sheisiún i gCois na hAbhna, d’éirigh linn saol na Gaeilge don scoláire iarbhunscoile a bhíogadh, a fheabhsú agus a dhaonú le ceardlann drámaíochta, aíonna speisialta agus deiseanna páirtíochta. Táimid ag súil go mór leis an chéad imeacht eile! 4.2. TUAIRISC GAEL-FHORBAIRT NA GAILLIMHE

Is áis phobail í oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh ina gcuirtear seirbhísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal go forleathan. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna ceoil traidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. An phríomhaidhm atá againn ná an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.

38

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Comhoibriú leis an bPobal • Eagraítear Aonach na Leabhar agus na gCártaí gach bliain mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir, leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae • Bhuaigh Córas Leabharlainne an Chláir Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó leis an nGaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre. Mar thoradh air seo, beidh níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil sna leabharlanna ar fud an chontae • Bhuaigh An Clár as Gaeilge an tríú duais náisiúnta i gComórtas Ghlór na nGael ag an mbronnadh i mBéal Feirste i mí an Mhárta

Comhordú ar Seachtain na Gaeilge Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge 2010 ar cheann de na cláracha ba chuimsithí agus b’éagsúla a chur muid le chéile fós. Bhí cúrsaí lúthchleasaíochta chun tosaigh go láidir i bhféile na bliana seo agus bhí neart ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an chontae, agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael le linn an cheiliúrtha.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Comhordú ar Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael i gcaitheamh na bliana. Tá éileamh iontach ar na ranganna go dtí seo le níos mó ná 50% do dhaoine ag clárú do na ranganna tríd an suíomh idirlín ag www.cnag.ie.

Aishling Ní Scannláin, Rós Chlub Áras na nGael 2010, le Barbara Nic Dhonnacha, Rós 2009

Bíonn na cúrsaí eile seo a leanas á reáchtáil tríd an bhliain: • Ranganna Gaeilge ó Thosaitheoirí go Meánleibhéal • Cúrsa Gaeilge do Dhaltaí an Teastais Shóisearaigh • Dianchúrsa Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta • Dianchúrsa an tSamhraidh • Dianchúrsa Ullmhúchán Gaeilge d’Agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht • Ranganna Damhsa (Daoine Fásta agus Páistí)

Forbairt Réimse Imeachtaí Óige Tá tús curtha le Club Drámaíochta Óige i Maigh Cuilinn, agus tá tacaíocht iontach mór tugtha againn don Chumann Craic, an Cumann Gaelach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus don Chumann Gaelach GMIT chomh maith. Tá muid ag comhoibriú le hÓgras chun tógáil ar an suim mhór atá

Ard-Fheis 2010, Luimneach

léirithe ag daoine sna Campaí Samhraidh agus tá muid ag súil go mbeidh clubanna Óg-Ógras ag eascair as an suim seo i gceantair éagsúla sa chontae. Bhí ócáid mhór againn do dhream na gCampaí Samhraidh le déanaí. Bhí oíche iontach ag páistí na gCampaí Samhraidh ag an seó An Seanfhear Beag i Halla Mhaigh Cuilinn i rith mhí na Nollag. Beidh an seó ag dul chomh fada le hAnach Cuain i mí Aibreáin freisin. Is léir go bhfuil na Campaí Samhraidh ag cuidiú go mór le cur chun cinn na Gaeilge ar fud an chontae.

Campaí Samhraidh D’éirigh thar barr leis na Campaí Samhraidh Gaeilge arís an bhliain seo. Tá móréileamh ar na campaí i gcónaí mar cuireann siad siamsaíocht agus oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá siad dírithe ar pháistí idir 7 agus 14 bliana d’aois agus úsáidtear ceol, drámaíocht agus ealaíon araon le ranganna Gaeilge chun cabhrú leis an nGaeilge atá ag na páistí a chur chun cinn. Bhí na campaí ar siúl in 11 ionad éagsúla timpeall chontae na Gaillimhe i mbliana, ceann nua i nGort Inse Guaire san áireamh. Bhí slua mór ar na campaí uile agus tá súil againn campaí nua a fhorbairt sna blianta romhainn. Bhí breithlá ag campa samhraidh Mhaigh Chuilinn atá 30 bliain ar an saol i mbliana. Tá sé ann gach samhradh, gan briseadh, ón mbliain 1979. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil spéis ag an aos óg an Ghaeilge a fhoghlaim agus tá muid ag súil le gach duine a fheiceáil arís an samhradh seo chugainn. Rith 2010 Rinne muid go leor oibre ó thaobh Rith 2010 a thabhairt mórthimpeall chontae agus chathair na Gaillimhe don chéad uair i mbliana. Spreag an fhéile idir óg agus aosta le teacht amach agus tacaíocht a thabhairt

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

39



Conradh na Gaeilge

do na reathaithe agus don Ghaeilge. Thug Rith 2010 deiseanna dúinn an teanga a chur i bhfeidhm ar an pobal agus muid ag tnúth leis arís i 2012 cheana féin.

Is Leor Beirt D’eagraigh muid ionaid i gcathair na Gaillimhe inar féidir le daoine bualadh le chéile le haghaidh gnáthshos caifé trí Ghaeilge. Bíonn muid ag teacht le chéile ag An Hub ar champas na hOllscoile, i gCafé 4.3. TUAIRISC GAEILGE LOCHA RIACH

Mothaíonn muintir i gcomharsanacht Bhaile Locha Riach go bhfuil forbairt nach beag déanta i gcúrsaí oideachais, i measc lucht ghnó an bhaile, le grúpaí liteartha, stairiúla agus cultúrtha, agus go bhfuil stádas ar leith bainte amach ag gluaiseacht na Gaeilge sa bhaile. Caithfear a rá gur éacht ar leith a bhí ann gur éirigh go mór le mórshuirbhé ar Bhaile Locha Riach a chur i gcrích agus tuigtar go raibh tábhacht nach beag ag baint leis an togra I dTreo Bhaile Dhátheangach dá bharr agus pleanáil le hullmhú do na blianta amach romhainn. Caithfear a rá gur mór dúinn an comhoibriú idir grúpaí pobail, gnó agus údaráis stáit. Is iontach linn an comhoibriú idir Coiste Gairmoideachais na Gaillimhe, Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus Acadamh na hOllscoile Gaillimh maidir le cúrsaí a chur chun cinn.

Oideachas • Forbairtí i nGaelscoil Riabhach agus Naíonra Tigh na Sí, áit go bhfuil an naíonra anois ar shuíomh na scoile agus naisc neartaithe eatarthu • Gaelscoil Riabhach: Coirm Ghael-Linn, buaiteoirí togra eolaíochta, Comórtas na bhFáinleog, comórtais SnaG agus tion-

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Mocha ar Shráid Doiminic, agus sa Cheaintín ar champas GMIT. Beidh sé riachtanach nach mbeidh aon éileamh breise á dhéanamh ar dhaoine ó thaobh chúrsaí ama nó airgid de, agus tá súil againn go bhfásfaidh na grúpaí de réir a chéile.

Tá súil againn tógáil ar na méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis seo agus tuilleadh forbairt a dhéanamh i rith na bliana amach romhainn.

scadail éagsúla i rith na scoilbhliana ar nós: club obair bhaile, ceolchoirmeacha, seónna, drámaí eagraithe agus Bronnadh an Fháinne ar scoláirí Ghaelscoile • Oícheanta sóisialta do thuismitheoirí Ghaelscoile agus bronnadh teastais ar fhoghlaimeoirí. Imeachtaí agus forbairt bhreise leis na tuismitheoirí lárnach ann. • An Ghaeilge a spreagadh sna scoileanna Béarla le haoi-chainteoirí agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge mar shampla • Spraoicheist Ghael-Linn idir 5 scoil náisiúnta sa cheantar i gcomhar le Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin • Comórtas scríbhneoireachta ar leibhéil éagsúla eagraithe sna scoileanna uile sa chomharsanacht idir aistí, dánta agus comórtais ealaíona ar sheanfhocail • Ceardlanna liteartha eagraithe do mheánscoileanna • Dianchúrsaí do scoláirí meánscoile (Teastas Sóisearach agus Ardteist) • Ranganna ar leibhéil éagsúla do dhaoine fásta faoi shiollabas Theastas Eorpach na Gaeilge agus tacú le ranganna eile a reáchtáil sa cheantar máguaird • Ciorcal comhrá agus léitheoireachta, Is Leor Beirt tae agus caife maidine ar siúl do dhaoine fásta

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

41


Conradh na Gaeilge

• Oícheanta eolais do dhaoine fásta, ranganna Gaeilge, áiseanna teagaisc, treoir agus comhairle. • Oiliúint éagsúil curtha ar fáil do stiúrthóirí/mhúinteoirí agus eile.

Ár Seans

Imeachtaí na nÓg • Club Riabhach le tuismitheoirí agus múinteoirí mar stiúrthóirí iar-scoile le ceol, drámaíocht, spórt, cluichí agus siamsaíocht eile • Cúrsaí Drámaíochta lehAisteoirí Riabhacha, Seó na Samhna agus Gael-Linn • Cumann Óige Locha Riach tar éis fás agus forbairt ar an gclub i mbliana, nascanna neartaithe le hÓgras, treoir agus comhairle uathu • Fóram na nÓg eagraithe do scoláirí meánscoile. • Ceoltóirí Riabhacha bunaithe • Scoil Ceoil an tSamhraidh i mí Iúil le Gaeilge lárnach in imeachtaí na seachtaine; amhránaíocht traidisiúnta agus ar an tsean-nós • Campa Samhraidh Bhaile Locha Riach. Forbairtí agus feabhas curtha ar imeachtaí; spórt, ceol, drámaíocht, scéalaíocht agus turas speisialta Féilte • Féile na gCleamairí i gCnoc Breac • Féile Raifteirí eagraithe don chúigiú bhliain • Seachtain na Gaeilge le clár leathan imeachtaí curtha ar fáil • Mórshiúil Fhéile Pádraig

42

Ard-Fheis 2010, Luimneach

• Slógadh Eachtaí • Féile Náisiúnta Drámaíochta i mí Bealtaine • Féile Bia i lár an tsamhraidh • Scoil Cheoil agus Féile Tuohy i mí Iúil • Seachtain Oidhreachta i mí Lúnasa • Féile Baffle le cúrsaí liteartha agus comórtais mar chuid de

Imeachtaí Sóisialta Cuireadh réimse imeachtaí ar siúl i rith na bliana, de thoradh chomhoibriú idir ghrúpaí éagsúla ar an gcoiste, ina measc: • Oícheanta sóisialta i rith na bliana agus Gradaim Locha Riach mar cheiliúradh ar bhuanna na bliana • Ceolchoirmeacha éagsúla • Sraith ceolchoirmeacha speisialta eagraithe ag Na Cultúr Vultures • Tráth na gCeist • Seoladh leabhar dá leithéid Yanki Dúidil, Carachtair Áitiúla, agus Stair Chillíní Díoma • Cuireadh leis an Leabharlann Ghaelach do dhaoine fásta • Léachtaí maidir le hoidhreacht an cheoil, logainmneacha agus seandálaíocht agus cúrsaí bithéagsúlachta le Seán Ó Flannagáin • Comhoibriú leis na Gaeil ó thuaidh san eagras Glór na Móna agus an nasc a neartú eadrainn • Ciorcal Scéalaíochta bunaithe

An Ghaeilge sa Teaghlach • Teagmháil rialta le Comhluadar • Seó na Samhna eagraithe ar mhaithe le teaghlaigh Ghaelacha an cheantair • Grianstad an Gheimhridh, Cóisir na Nollag, agus imeachtaí eile. • Laethanta Spórt agus Spraoi • Picnicí Teaghlaigh • Fáilte Gaelach Áthas Chernobyl agus CLG

Tá súil ag an gcraobh gur féidir tógáil ar an obair atá déanta agus táimid iontach dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach le feiceáil againn roimh dheireadh na bliana.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

4.4. TUAIRISC SCÉIM LUIMNIGH Halla Íde Tá Halla Íde, 18 Sráid Thomáis mar lárionad Gaeilge i Luimneach. Tá áiseanna de chaighdeán ard sa bhfoirgneamh agus tá an úsáid is fearr á mbaint astu ar mhaithe le pobal na Gaeilge. Siopa Leabhar – Oifig Eolais Tá an Siopa Leabhar ar oscailt sé lá na seachtaine agus stoc maith leabhar ann, le béim ar leabhair Luimnigh. Tá cupán tae nó caife ar fáil ann do chuairteoirí/chustaiméirí agus fáilte. Tá an Oifig Eolais lárnach in eagrú imeachtaí, plé le fiosraithe agus mar áis chumarsáide. Fáilte romhaibh isteach lá ar bith. An Naíonra Tá an Naíonra an-tábhachtach dúinn agus tá ag éirí go breá leis agus Bríd Uí Chinnéide, ó Inis Oírr agus Tiobraid Árann, ina stiúrthóir air. Imeachtaí Is liosta le háireamh na himeachtaí a bhí ar bun i Halla Íde le bliain anuas agus tá neart ócáidí beartaithe don tréimhse atá romhainn. Bíonn ceol, amhráin agus rince ar siúl sa Chistin go tráthrialta chomh maith le hócáidí drámaíochta agus filíochta. D'éirigh go hiontach le hOíche Ghaeltachta a bhí ann roimh an Nollaig agus tá sé i gceist againn breis imeachtaí mar seo a eagrú sara fada. Tá cóiriú nua déanta ar an gCistin thraidisiúnta agus tá éileamh breise ar an láthair seo le déanaí.

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Tá an Siopa Leabhar oiriúnach do léamh filíochta, seoladh leabhar, léachtaí, taispeántais, agus ócáidí sóisialta eile. Bhí a leithéid seo againn le tamall anuas agus baineadh an-sásamh agus an-taitneamh astu. Ranganna Tá eagrú ranganna Gaeilge mar bhunchloch ag ionad mar Halla Íde agus cuirtear an tseirbhís seo ar fáil don phobal le ranganna ar leibhéil éagsúla.

Oíche sa Chistin i Halla Íde

Mic Léinn Tá nasc á chothú againn le mic léinn sa dara agus sa tríú leibhéil agus imeachtaí á n-eagrú i gcomhar leo. Lasair Luimnigh Trínár nuachtlitir, Lasair Luimnigh, tá ceangal á chothú le lucht na Gaeilge sa cheantar agus ar ndóigh tá nuachtlitir daite le neart grianghraif an-éifeachtach mar áis phoiblíochta. Tá buíochas agus aitheantas tuillte ag Foras na Gaeilge a thug an deis dúinn an Scéim Phobail Gaeilge seo a eagrú.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

43


Conradh na Gaeilge

4.5. TUAIRISC TOGRA MHAIGH EO Stair Cuireadh Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge le chéile ag Cóiste Dúiche Mhaigh Eo sa bhliain 2002. ‘Sé an phríomhaidhm atá ag Togra Mhaigh Eo ná an Ghaeilge a scaipeadh ar fud Mhaigh Eo agus do phobal gnó Mhaigh Eo chomh maith. Tá oifig againn i Sráid Ellison i gCaisleán an Bharraigh agus is í Brídín Ní Cheallaigh an Stiúrthóir. Tá fhochoistí againn i gCaisleán an Bharraigh, Cathair na Mart, Clár Clainne Mhuiris, Béal an Átha, agus áiteanna eile. Feictear thíos go gcuireann Togra Mhaigh Eo go leor rudaí ar siúl idir Champa Samhraidh, ranganna Gaeilge, drámaíocht, Dioplóma sa Ghaeilge agus imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Ciallaíonn sé seo go bhfuil baint ag an Togra le go leor daoine sa cheantar agus go dtéann an-chuid daoine tríd an Oifig. Cuirtear seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal Gaeilge Mhaigh Eo. Bíonn go leor imeachtaí ar siúl againn i rith na bliana ach cuid de na himeachtaí is mó a bhíonn againn ná Seachtain na Gaeilge, Féile Scoil Drámaíochta, Comórtas Leabhar na bPáistí, Ciorcal Comhrá, Ranganna Gaeilge, Is Leor Beirt, Club Léitheoireachta Gaeilge, agus comórtas do na scoileanna, i measc rudaí eile.

Oideachas Bíonn an Togra an-ghníomhach ó thaobh an oideachais de agus i mbliana, is iad seo a

Ard-Fheis 2010, Luimneach

leanas na ranganna agus na cúrsaí Gaeilge a chuireamar ar fáil don phobal: • Ranganna Gaeilge Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) do Dhaoine Fásta • Ranganna Gaeilge do Ranna Rialtais • Ranganna Gaeilge do Chomhlachtaí Gnó • Ranganna Gaeilge do Mhúinteoirí • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Meánscoile • Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh

Imeachtaí Sóisialta agus Cultúrtha: Reáchtálann muid Oíche Ghaelach in Óstán an Welcome Inn gach bliain thart ar mhí na Samhna/Nollag agus an bhliain seo caite, tháinig Seosamh Ó Bróin chuig an oíche. Rugadh in Achadh Mór i Maigh Eo é, agus tá clár ceoil agus ealaíne aige ar Mid West Radio. Múinteoir scoile a bhi ann ach is saineolaí ar cheol traidisiúnta anois é agus tá staidéar déanta aige ar stair an cheoil i Maigh Eo. Bhí fear eile againn as Maigh Eo i láthair ag an ócáid freisin, agus b’shin Tomás Ó Muráile a rugadh i gCnoc Mhuire agus atá mar léachtóir sinsearach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Labhair sé faoina shaol, faoina chuid oibre agus go leor eile. Bhain gach duine a bhí i láthair an-sult as an oíche agus bhí oíche cheoil agus damhsa againn ina dhiaidh sin. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le gach duine a tháinig ar an oíche, go háirithe Seosamh agus Tomás.

Seachtain na Gaeilge: Is é Séan Mac Conmara as Acaill a sheol

Buaiteoirí Sinsir Chomortás Tráth na gCeist le Craobh Chaisleán an Bharraigh 44

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge dúinn i mbliana. Bhí an seoladh ar siúl againn in Óstán an McWilliam. Tá baint ag Seán le Scoil Acla atá ag ceiliúradh 100 bliana an bhliain seo. Tá muintir Acla thar a bheith bródúil as an saibhreas cultúir, traidisiúin agus oidhreachta atá acu. Tá cáil idirnáisiúnta ar Scoil Acla agus tagann daoine ó gach áit ar domhan chun ceol agus eile a fhoghlaim ann. Bhí slua mór daoine ag an seoladh agus bhí oíche iontach cheoil agus damhsa againn ina dhiaidh. Chuir muid leabhrán le liosta na n-imeachtaí a bhí ar siúl i Maigh Eo i rith Sheachtain na Gaeilge 2010 i gcló. Bhí an t-ádh orm arís an bhliain seo go raibh deis agam dul amach ar cuairt ag na scoileanna éagsúla le bualadh leo. Cuireann sé sin go mór leis an nasc idir muid féin agus scoileanna an chontae. Féile Scoil Drámaíochta Mhaigh Eo Bhí Féile Scoil Drámaíochta Mhaigh Eo ar siúl arís i mbliana. Glacann scoileanna ar fud Mhaigh Eo páirt sa chomórtas seo agus téann 3 scoil acu sin ar aghaidh go dtí Féile Chúige Chonnachta a bhíonn ar siúl sa Linenhall i

Ard-Fheis 2010, Luimneach

gCaisleán an Bharraigh ón 10 – 12 Márta gach bliain. Tá os cionn 35 scoil páirteach i bhFéile an Chúige i mbliana. Tá áthas orm go raibh an dá féile seo againn i gCaisleán an Bharraigh.

Is Leor Beirt Tá tús curtha againn leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt. Níl ag teastáil ach go mbuailfeadh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil le comhrá le chéile as Gaeilge uair amháin sa tseachtain ar feadh uair a chloig nó mar sin. Tá ag éirí go hiontach leis seo i Maigh Eo agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn gach seachtain. Is deis iontach í do dhaoine a gcuid Ghaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine nua. Tá suíomh idirlín á chur le chéile againn faoi láthair agus tá súil againn go mbeidh sé réidh faoi cheann mí nó dhó. Brídín Ní Cheallaigh Stiúrthóir Thogra Mhaigh Eo

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

45



Conradh na Gaeilge

5. TUAIRISC CLÓDHANNA TEORANTA ‘Siad na príomhghníomhaíochtaí atá ag Clódhanna Teoranta • Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar a reáchtáil • Leabhair a fhoilsiú

Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh den ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus shíntiúsóirí, cuirtear cóip chuig gach rúnaí craoibhe den Chonradh. Tá deontas ó Fhoras na Gaeilge á fháil chun cabhrú le costais ghinearálta na hirise. Íslíodh an deontas san don bhliain 2009. Ní fios go fóill cé mhéad a bheidh ar fáil mar dheontas do 2010. Foilsítear mór-eagrán i mí Bhealtaine gach bliain le cabhair airgid speisialta ón gComhairle Ealaín. Cé nár íslíodh an deontas sin i 2009, tá sé curtha in iúl go mbeidh sé níos lú i 2010. Le cúpla bliain anuas, tá méadú mór curtha ar líon na bpictiúr agus tá breis datha in úsáid tríd an iris chomh maith. Tá an dá ní san tar éis cur leis an éileamh atá ar an iris. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir.

An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é seo atá ag freastal ar an bpobal agus ar fhoilsitheoirí araon. Tá sé á rith go héifeachtach ar acmhainní foirne atá teoranta go leor - chun bheith ag plé leis an Siopa féin 6 lá sa tseachtain, gnó tríd an bpost a riaradh, seastáin leabhar a eagrú ag mór-imeachtaí lucht na Gaeilge timpeall na tíre, agus bheith eolach don phobal a thagann ag triail ar an Siopa ar imeachtaí na neagraíochtaí Gaeilge. Tá an Siopa Leabhar á lua ag an nGúm mar dháileoir dá gcuid leabhar agus is cabhair mhór é sin don ghnó. Tá méadú ag teacht i gcónaí ar an gcéatadán den ghnó a dhéantar tríd an bpost agus go leictreonach. Ina ainneoin sin, is léir go bhfuil áit ag teastáil i gcónaí ó dhaoine chun féachaint ar leabhair nua agus chun rogha a dhéanamh trí bhreis eolais a fháil dóibh féin

Ard-Fheis 2010, Luimneach

ar an ábhar clóite. Tá tábhacht leis an dá chur chuige. Reáchtáiltear an Siopa Leabhar ar na gnáthchaighdeáin thráchtála ach gan an chabhair a fhaightear ó Fhoras na Gaeilge

i leith roinnt den chostas tuarastail, ní bheadh an tseirbhís seo ar fáil. Táimid buíoch den chabhair sin. Ar aon dul le titim ghnó go ginearálta in Éirinn le dhá bhliain anuas, thit gnó sa Siopa timpeall 15% i 2008 agus 12% i 2009. Níor tháinig aon bhorradh ar díolaíocht go dtí seo i 2010. Maidir le foilsiú leabhar, is cuid bheag de ghnó an chomhlachta é seo le tamall. Tá go leor cúiseanna leis seo. Easpa cabhrach deontais, go leor comhlachtaí eile a bheith dírithe ar an gcúram seo agus Clódhanna féin a bheith ag déanamh sainchúram de ghnó an tSiopa Leabhar - rud nach bhfuil idir lámha ach ag fíor-bheagán dreamanna eile. Buíochas Tá Bord Chlódhanna buíoch arís i mbliana den bhfoireann, Máire Ní Laoi agus Síle Hodgins, as an obair a dhéanann siad go héifeachtach i gcónaí. Tá moladh speisialta ag dul don Bhainisteoir (Máire Ní Laoi) as an saothar leanúnach atá ar siúl aici thar na blianta ó 1973 agus go leor de sin mar obair bhreise ar bhonn deonach. Beidh Máire ag críochnú mar Bhainisteoir ag deireadh mí Aibreáin agus beidh deis ag na teachtaí a ndea-ghuí a chur in iúl di ag an Ardfheis. Donnchadh Ó hAodha Rúnaí Chlódhanna Teoranta

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

47


Conradh na Gaeilge

6. TUAIRISC NA nEAGRAÍOCHTAÍ FAOI SCÁTH AN CHONARTHA 6.1. TUAIRISC SHEACHTAIN NA GAEILGE Ráiteas Misin Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bliain. Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach duine bheith ar a gcompord ag baint úsáide as a ‘gcúpla focal’. Tugann an fhéile deis don phobal imeachtaí a reáchtáil agus daoine a thabhairt le chéile chun spiorad na n-imeachtaí a bhlaiseadh agus spraoi a bhaint astu trí mheán na Gaeilge.

Fás agus Forbairt Ritheadh féile na bliana seo idir an 5 – 17 Márta. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain, ag sciobadh tíortha eile linn ar an mbealach. Déanann neart eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúir a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú linn.

Bhí na céadta scoil páirteach arís i mbliana le himeachtaí a reáchtáil siad dá ndaltaí féin agus bhí an-tóir ar na comórtais, go háirithe an comórtas nua amhránaíochta i gcomhar le John Spillane. Rinneamar forbairt ar an suíomh idirlín le feidhmiú níos éifeachtaí i rith na féile.

48

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Tháinig Samsung Mobile ar bord mar urraitheoir corporáideacha don dara bhliain as a chéile agus d’éirigh thar barr leis an gcomhoibriú idir muid féin agus ár bpáirtnéirí meáin RTÉ, Today FM, Irish Daily Star agus Údarás Craolacháin na hÉireann.

Cúrsaí Poiblíochta Cuireadh feachtas poiblíochta cuimsitheach i bhfeidhm agus tugadh an-aird don bhféile dá bharr, ó na meáin áitiúla agus náisiúnta, idir tuairisciú teilifíse, agallaimh ar chláracha teilifíse agus raidió leis na bpearsan agus ailt agus grianghrafanna sna nuachtáin mhóra.

I mbliana tháinig Aoibhinn Ní Shúilleabháin buaiteoir Rós Thrá Lí 2005 agus Danny O’Reilly, príomhamhránaí bhanna ceoil The Coronas ar bord mar phearsan phoiblí Sheachtain na Gaeilge 2010. Ba mhór an onóir í a bheith ag comhoibriú leo. Bhí níos mó aird tarraingthe ar Sheachtain na Gaeilge sna meáin ná mar a bhí riamh. Ba mhór an chabhair í seo le stádas agus aidhm Sheachtain na Gaeilge a neartú.

Bhí Seoladh Oifigiúil Sheachtain na Gaeilge ar siúl arís sa Button Factory i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath ar an 3 Márta 2010. D’éirigh thar cinn leis an oíche le níos mó ná 600 duine bailithe san ionad ceoil, na meáin chumarsáide agus daoine móra le rá ina measc. Ceol ‘10 Tá na halbaim Ceol i ndiaidh fás as cuimse ó cuireadh tús leis an togra i 2005. Tá neart ceoltóirí móra le rá tar éis teacht ar bord ó shin, The Swell Season, Eddi Reader, Bell X1, Mundy san áireamh. Cuireadh fáilte mhór rompu gach bliain, go háirithe i measc daoine

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

óga agus i 2008 d’éirigh le Ceol ’08 dul go uimhir a haon sna cairteacha. Le comóradh a dhéanamh ar rath na n-albam, shocraíomar rogha ceoil de na cúig albaim roimhe seo a chur le chéile don albam speisialta seo, Ceol ’10. Beidh na cnaga móra ó Ceol le blianta beaga anuas le cloisint air, Cailín na Gaillimhe ó Mundy, Bladhm ó Bell X1, Taibhsí nó Laochra ó The Coronas agus amhrán nua Éist a Ghrá acu freisin ina measc. Is bealach samhlaíoch agus éifeachtach é Ceol an Ghaeilge a chur faoi bhráid an phobail ar bhealach rochtanúil agus nádúrtha trí mheán an cheoil. Téann gach brabús go dtí an carthanacht tábhachtach Barnardos arís an bhliain seo.

Tá Ceol ’10 ar díol sna príomhshiopaí ceoil agus ar iTunes. Tuilleadh eolais le fáil ar www.snag.ie GRADAM SHEACHTAIN NA GAEILGE

Danny O’Reilly agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Pearsan Sheachtain na Gaeilge 2010

Buíochas Táimid fíor-bhuíoch do gach duine a thugann cabhair agus tacaíocht dúinn go deonach i rith na bliana timpeall na tíre. Ní bheadh an fhéile chomh rathúil céanna gan sibh agus beimid buíoch asaibh go síoraí. Orla Nic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge

1977

Séamus Mac Conglinne (RIP)

1994

1979

Lil Nic Dhonnchadha (RIP)

1996

1978 1980 1981

1982

1983

Éamonn Ó hÉalaithe (RIP)

1995

Róisín Ní Sheaghdha Pádraig Nugent

Proinsias Ó Braonáin (RIP)

Máirtín Ó Direáin (RIP)

1997

Cathal Ó Feinneadha

Deasún Breatnach (RIP)

1999

Séamus Ó Cathasaigh (RIP)

Donncha Ó Súilleabháin (RIP)

Gearóid Ó Maoilmhichíl (RIP)

1998 2000

Máire Ní Laoi

Cáit Uí Chadhain

1984

Amhlaoibh Ó hEidrisceoil (RIP)

1986

Fiachra Ó Dubhthaigh (RIP)

2003

Anraí Ó Braonáin

1988

Seán Ó Dálaigh

2005

Seán Mac Mathúna

1985 1987

1989

Sighle Uí Dhonnchadha (RIP) Liam Ó Luanaigh (RIP)

2004

Colm Ó Tórna

Pádraig Breandán Ó Leidhin

2006

Antoine Ó Faracháin

Tomás Ó Cuilinn (RIP)

2008

Éamonn Ó Dónaill

Eibhlín Ní Chathailriabhaigh (RIP)

1992

Séamus Ó Muirí (RIP)

1993

2002

Ciarán Ó Feinneadha

Pádraig Ó Riain

1990 1991

2001

Pádraig Ó Snodaigh

2007 2009

2010

Cliodna Cussen

Dónal Mac Ionnraic

Íte Ní Chionnaith

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

49



Conradh na Gaeilge

6.2. TUAIRISC OIREACHTAS NA GAEILGE Ráiteas Misean Na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh agus a fhorbairt trí dheiseanna a sholáthar dá lucht praitice le hardchaighdeán a shroichint agus chun rannpháirtíocht leathan pobail a chothú.

Súil siar Reáchtáil Oireachtas na Gaeilge clár imeachtaí i 2009 a mheall rannpháirtíocht os cionn 10,000 míle duine in éagsúlacht ollmhór ócáidí ealaíne, cultúir, spóirt agus caidrimh, a bhí eagraithe agus curtha i láthair go hiomlán trí Ghaeilge: • Léacht an Oireachtais: Dé Máirt, 21 Aibreán 2009, 7.30i.n.. i dTeach an Phropaist, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2. Mairéad Ní Mhaonaigh, amhránaí agus fidléir leis an mbanna ceoil, Altan, a thug an léacht, Cuisle an Cheoi'. • Gradaim Chumarsáide an Oireachtais: Dé hAoine, 22 Bealtaine 2009, 7.30i.n.., i Farmleigh, Páirc an Fhionnuisce, BÁC 8

Ócáid spleodrach a rinne ceiliúradh orthu siúd atá ag saothrú i ngort na cumarsáide. Ainmníodh 35 duine le haghaidh ocht (8) nGradam agus ina measc bhí ionadaithe ó RTÉ, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Thuaisceart Éireann, Newstalk, An Taibhdhearc, Foinse, Irish Times, Raidió Fáilte, Raidió Rí-Rá, BBC Raidió Uladh, An Druma Mór agus eile.

•Comórtais Liteartha an Oireachtais: Ba bhliain mhaith do Chomórtais Liteartha an Oireachtais í 2009, ó thaobh líon iarratas, caighdeán na n-iontrálacha agus próiseas na moltóireachta. Reáchtáladh 45 comórtas ar

Ard-Fheis 2010, Luimneach

fad, 31 do dhaoine fásta agus 14 do dhaoine óga. Reáchtálamar ócáid mhór do na scríbhneoirí a bhua duaiseanna, do na moltóirí agus do na pátrúin i bPáirc an Chrócaigh nuair a bronnadh na duaiseanna liteartha Dé Máirt, 29 Meán Fómhair 2009.

An tAire Éamon Ó Cuív, ag bronnadh Chorn Uí Riada ar Doimnic Mac Giolla BhrídeMaoilchiaráin

Oireachtas na Samhna: 28 Deireadh Fómhair – 1 Samhain 2009 Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall Mheall an fhéile chultúir agus ealaíona seo os cionn 10,000 cuairteoir chuig réimse leathan imeachtaí thar thréimhse de 5 lá agus shroich clúdach teilifíse TG4 pobal féachana d'os cionn 400,000 duine. Rinne craoladh fuinniúil RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Thuaisceart Éireann freisin éacht le cáil na féile a leathnú. Ar nós gach bliain eile bhí féile 2009 comhdhéanta d'eilimintí éagsúla - comórtais ardáin, seisiúin, Club na Féile, Club Amhránaíochta Casadh an tSúgáin, comhdháil, seimineár, taispeántais, dráma, seoltaí agus imeachtaí éagsúla eile. Is iad na comórtais ar ndóigh croílár na féile agus bhí 36 chomórtas ar chlár na féile, 16 chomórtas do dhaoine óga agus scór comórtas do dhaoine fásta. Tréaslaímid leis na daoine ar fad a thug an bua leo sna comórtais, agus ar ndóigh go speisialta le Dominic Mac Giolla Bhríde as Dún na nGall ar bronnadh Corn Uí Riada air.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

51


Conradh na Gaeilge

•Scléip na hÓige: 27–30 Deireadh Fómhair 2009, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall D’fhreastail 450 scoláire ar an bhféile seo a mheall rannpháirtíocht ó ógeagrais Ógras, Spleodar, Feachtas agus Óige na Gaeltachta. Ghlacadar páirt i gclár leathan imeachtaí na féile, céilí, dioscó, díospóireacht, tráth na gceist, ceardlanna, seó hiopnóisíochta, comórtais, taispeántais agus a lán eile.

An bhliain amach romhainn Tá Clár Imeachtaí 2010 faoi lán seoil anois. Insealbhaíodh Uachtarán an Oireachtais 2010, Micheál de Mórdha, ag tús na bliana agus is cúis áthais dúinn gur ina chontae dúchais a bheidh Oireachtas na Samhna na bliana seo. Beidh an tOireachtas ag filleadh ar Chill Airne don chéad uair ó 1918 le haghaidh féile stairiúil eile a bheith againn! Tá súil againn go mbeidh comhluadar mór linn don cheiliúradh. Is iad seo na dátaí tábhachta i bhféilire an Oireachtais don dialann: 6.3. TUAIRISC AN COIMISIÚN LE RINCÍ GAELACHA

Bunaíodh An Coimisiún le Rincí Gaelacha mar choimisiún ag deireadh na 1920idí agus tá sé ag feidhmiú mar údarás riaracháin ar ghnóthaí na rincí Gaelacha ar feadh beagnach 80 bliain.

Fás agus Forbairt Is é cuspóir an Coimisiún ná na rincí Gaelacha - idir rincí aonair, rincí céilí agus rincí foirne a chothú agus a chur chun chinn, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain uile. Tháinig fás agus forbairt mhór ar an gCoimisiún le blianta beaga anuas agus tá beagnach 2,000 múinteoir rince, moltóir agus scrúdaitheoir cláraithe leis an gCoimisiún ó thíortha éagsúla thart timpeall na cruinne faoi láthair.

Oireachtas Rince na hÉireann 2009 Is san INEC i gCill Airne a reáchtáladh Oireachtas Rince na hÉireann arís i mbliana. Is léir ó líon na ndaoine a d’fhreastail ar an 52

Ard-Fheis 2010, Luimneach

• Bronnadh na nGradam Cumarsáide: Dé hAoine, 21 Bealtaine 2010 • Farmleigh, Páirc an Fhionn Uisce, BÁC 8. • Spriocdháta Iontrála do na Comórtais Liteartha: Déardaoin, 1 Iúil 2010 • Spriocdháta Iontrála do na Comórtais Ardáin: Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair 2010 • Bronnadh na nDuaiseanna Liteartha: Dé Máirt, 28 Meán Fómhair 2010 • Scléip na hÓige: 26 - 29 Deireadh Fómhair 2010 i gCill Airne • Oireachtas na Samhna: 27 - 31 Deireadh Fómhair 2010 i gCill Airne

Gabhaim buíochas le gach éinne a chuidigh linn agus a thug tacaíocht dúinn i gcaitheamh na bliana, go háirithe Julian de Spáinn, ArdRúnaí an Chonartha, agus foireann uile an Cheannárais. Liam Ó Maolaodha Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge

ócáid gur éirigh go geal leis, go háirithe leis an oiread iomaitheoir a thaisteal achar fada agus go mór mór iad siúd a dtáinig ó na Stáit Aontaithe.

Oireachtas Rince na Cruinne 2009 Is i Philadelphia sna Stáit Aontaithe a reáchtáladh Oireachtas Rince na Cruinne um Cháisc i mbliana. Nuair a rinneadh an cinneadh i 2006 an tOireachtas a reáchtáil i Meiriceá, b’é an Kimmel Center for the Performing Arts an t-ionad a bhí i gceist againn a úsáid. Mhéadaigh líon na niomaitheoirí chomh mór sin san idirlinn áfach, go raibh orainn ionad breise a úsáid ar feadh 4 den 8 lá den Oireachtas. Reáchtáladh na comórtais foirne uile faoi 16 sa Grand Ballroom in Óstán an Marriott.

Máire Ní Threasaigh – Mhic Riocaird BainisteoirOifige,AnCoimisiúinleRincíGaelacha

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais



Conradh na Gaeilge

6.4. TUAIRISC ÓGRAS Fís Ógras An Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáththeanga chumarsáide i measc an óige agus sa chomhthéacs seo, deis a thabhairt do dhaoine óga iad féin a fhorbairt mar phearsan agus treoraithe i measc an phobail.

Obair Bhliana Tá bliain eile beagnach críochnaithe ó thaobh an chlub-bhliana de agus is bliain fíorghnóthach a bhí ann mar is gnáth. D’fhreastail breis agus 100 duine as Ógras ar Scléip na hÓige i gCorcaigh le linn Fhéile an Oireachtais. Lean laethanta Óg-Ógras ar fud na tíre ina dhiaidh sin agus d’fhreastail os cionn 400 ball ar na himeachtaí éagsúla sin. Eagraíodh roinnt cúrsaí ceannaireachta roimh na Nollag agus mhothaigh na ceannairí a ghlac páirt iontu gurb fhiú go mór iad. Bhí Comórtas Ealaíona bliantúil de chuid Ógras ar siúl ó Mheán Fómhair go Nollaig agus bronnadh na duaiseanna ar na buaiteoirí sna réigiúin éagsúla le linn mhí Eanáir agus Feabhra. Cuireadh tús le tionscnamh ealaíona (maoinithe faoi Scéim Ealaíona na Gaeltachta) i Rann na Feirste go luath i ndiaidh na Nollag agus mhair sé sin ar feadh roinnt míonna. D’éirigh thar barr leis agus bhain na daoine óga an-sult agus tairbhe as an taithí a fuair siad le linn dóibh a bheith páirteach sa tionscnamh. D’eagraigh formhór de chlubanna Ógras agus Óg-Ógras imeacht éigin le linn Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana. Thóg roinnt de na baill agus na ceannairí páirt sna himeachtaí a bhí eagraithe ag Gaelspraoi i mBaile Átha Cliath le linn deireadh seachtaine na Féile Pádraig. Thug slua mór a n-aghaidh ar Ghaillimh an mhí seo caite le haghaidh Chruinniú Cinn Bliana Ógras – An tÓgrastal. Bhí neart plé agus díospóireachta ar siúl ag an ócáid seo. Bhí na Cluichí Tailteann ina dhiaidh sin arís agus mar is gnáth, bhí neart coimhlinte idir na clubanna sna comórtais difriúla. 54

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Faoi láthair tá gach réigiún ag díriú isteach ar eagrú na gcampaí samhraidh ach mar gheall ar easpa mhaoinithe, beidh laghdú ar líon na gcampaí i mbliana. Tá Ógras ag neartú nascanna le tíortha Ceilteacha eile amhlaidh Albain agus an Bhreatain Bheag le roinnt blianta anuas chun deis a thabhairt dár mbaill casadh lenár gcairde Ceilteacha ag ócáidí anseo in Éirinn agus thar lear. Chomh maith leis sin, tá nascanna á gcothú againn le tíortha níos faide i gcéin, cosúil leis an bPolainn agus an Ghearmáin, agus tá súil againn páirt a ghlacadh i dtionscnamh óige leis an mBulgáir ag deireadh an tsamhraidh.

Ógras ag glacadh páirt i bhféile Tradfest 2010

Sa bhreis ar na himeachtaí, ar na cúrsaí agus ar na comórtais ar fad a bhí ar siúl i mbliana, bhí go leor oibre ar siúl chun Ógras a láidriú agus a neartú ar an talamh. Tá clubanna nua oscailte sna ceantair seo a leanas: Léim an Bhradáin, Nás na Ríogh (Cill Dara); Cúlóg, Baile na Manach, Tamhlacht agus Cluain Dolcáin (Baile Átha Cliath); Baile na Sceilge, An Gleann agus Oileán Chiarraí (Co. Chiarraí); Leath Chathail (Co. an Dún); Gasra an Spéirín (Tír Eoghain); agus Cill Chainnigh.

Buíochas Dár ndóigh ní bheadh muid ábalta leanúint ar aghaidh leis an obair seo gan an cúnamh agus an tacaíocht ar fad a fhaigheann muid ó na céadta daoine deonacha ar fud na tíre. Táimid fíor-bhuíoch dóibh go léir.

Maedhbh Ní Dhónaill Riarthóir Ógrais

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais



Conradh na Gaeilge

7. AINMNIÚCHÁIN DO NA TOGHCHÁIN ’10 IARRTHÓIRÍ DON UACHTARÁNACHT 1. Mac Fhearghusa, Pádraig Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí, ar eagraigh sé a tógáil: an scoil seo a sheas in aghaidh iarrachtaí na Roinne Oideachais & Eolaíochta deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge. Eagarthóir ar Feasta. D’eagraigh bunú Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ó 1981. Iar-chathaoirleach náisiúnta ar Oireachtas na Gaeilge. Bhuaigh príomhchomórtas filíochta an Oireachtais faoi dhó, agus Comórtas Idirnáisiúnta Bhéal Átha na mBuillí. Eagarthóir ar CNAG agus Samhlaíocht Chiarraí, irisí Gaeilge. D’fhoilsigh ‘Conradh na Gaeilge i gCiarraí’, agus ‘Tóraíocht an Mhíshonais’ ar shíceolaiocht Freud & Jung. Páirteach le coistí bunaithe gaelscoileanna in Oileán Ciarraí, Cill Airne agus Lios Tuathail.

2. Ó hAdhmaill, Seán Rugadh agus tógadh Seán le Gaeilge i mBéal Feirste. Bhog sé go Baile Átha Cliath le leanúint lena chuid oideachais lán-Ghaeilge le Fiontar. Tá taighde iarchéime ar siúl aige faoi láthair i DCU, ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta sa tiomsú airgid. Is ball de Chraobh na nGael Óga é agus tá sé ina Chathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath. Toghadh ar an gCoiste Gnó go leanúnach é le blianta anuas. Is síntiúsóir na nGael é. Bhí sé lárnach san fheachtas Ainmneacha Gaeilge d'Eastáit Thithíochta i mBÁC, rogha Ghaeilge ar na huathmheaisíní bainc agus chuidigh sé le bunú Raidió Rí-Rá, le heagrú Rith 2010, bunú 4 ghaelcholáiste, 8 ngaelscoil agus 5 naíonra gaelach. Tá sé pósta le Tara agus tá mac óg aige. 56

Ard-Fheis 2010, Luimneach

IARRTHÓIRÍ DON CHOISTE GNÓ Ó NA CRAOBHACHA (Dáréag le toghadh) 1. Comer, Niall Uachtarán Chomhaltas Uladh, ball de Chraobh Ghleann an Iolair agus iarbhall de Chraobh an Iúir. Is léachtóir é Niall le hOllscoil Chúil Raithin agus is iareagarthóir An tUltach é. 2. de Blúit, Peadar As Cill Chainnigh do Pheadar. Is scoláire ollscoile é i gColáiste na Tríonóide. Tá sé mar bhall den choiste ar Chumann Gaelach na Tríonóide. Tá sé gníomhach le Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, chaith sé seal ag obair le Raidió na Life, agus le déanaí bhí sé ag obair le foireann bhóthair Rith 2010. Tá sean-ghaol aige le Gaeltacht na Rinne. 3. Dollard, Colleen As Washinton D.C., bhí Colleen ina ball de Chonradh na Gaeilge Washington ó 1999 – 2002. Tá sí ar Choiste Chlub Chonradh na Gaeilge ó 2003. Tá máistreacht aici sa Teangeolaíocht Fheidhmeach agus is ball í de Chraobh Aimhirgín, Chumann Múinteoirí na dTeangacha Ceilteacha Mheiriceá Thuaidh agus Daltaí na Gaeilge. Tá an-suim aici sa bhfoghlaimeoir Gaeilge agus an nasc idir foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa a láidriú. 4. Mac Aodháin, Ruadhán Is abhcóide é Ruadhán agus ball den Leabharlann Dlí sna Ceithre Chúirt i mBaile Átha Cliath. Bhí sé mar reachtaire ar an gCuallacht de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh nuair a bhuaigh sí an cumann is fearr sa choláiste. Bhuaigh sé Bréagchúirt Uí Dhálaigh i 2007 agus 2008. Múineann sé ranganna Gaeilge do dhaoine fásta le hOideas Gael.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

5. Mac Cormaic, Eoghan Tá Eoghan ina Chathaoirleach ar Chraobh Bhaile Locha Riach, agus bhí sé ina Thánaiste ar an gConradh ar feadh dhá bhliana. Is iarstiúrthóir é ar Thogra Bhaile Locha Riach agus, i láthair na huaire, tá sé ag obair le Glór na nGael. Tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge. Tá cuid mhór blianta caite aige ar an gCoiste Gnó agus ar an mBuanchoiste.

6. Mac Fhearghusa, Ciarán As Baile Átha Cliath, tá Ciarán ina bhall de Chraobh na nGael Óga. Bhí sé mar Oifigeach Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn sa bhliain 2006-07 agus tá MA sa Phleanáil Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta, Gaillimh á dhéanamh aige i mbliana.

7. Mac Fhearghusa, Pádraig fc. Iarrthóirí don Uachtaránacht

8. Mac Fhionnghaile, Breandán Is oifigeach forbartha é Breandán Mac Fhionnghaile leis An Clár as Gaeilge ó 2003. Tá sé lonnaithe in Inis agus is ball reatha é den Choiste Gnó.

9. Mac Ruairí, Tomás Ball den Chonradh ó 1956; Uachtarán 19982003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag treimhsí éagsúla ó 1962; ball de Chraobh Bhréanainn; Cathaoirleach an Oireachtais 1995-1996; Uachtarán Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 2004-2010; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta, urraitheoir ar Léacht Nollaig Uí Ghadhra; iriseoir.

10. Ní Chóchlaigh, Celine Tá blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó an Chonartha agus tá sí an-gníomhach i gcúr-

Ard-Fheis 2010, Luimneach

saí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is iar-mhúinteoir scoile í agus tá an-suim aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. 11. Ní Laoire, Máire Ta Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le cúig bliana anuas. Is múinteoir í agus tá anspéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, spéis a spreag í chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Ta sí ina Leasuachtarán de Chomhar na Múinteoirí chomh maith. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí. 12. Ní Shionnain, Ursula D’fhreastail Ursula ar Ghaelscoil Oilibhéar i mBaile Bhlainséir agus ar Scoil Chaitríona i nGlas Naíon. Rinne sí céim sa Luath agus NuaGhaeilge i gColáiste na Tríonóide, a chríochnaigh sí trí bliana ó shin. Tá sí ag obair go páirt-aimseartha mar oifigeach forbartha le Feachtas, óg-ghluaiseacht Ghaeilge, le bliain go leath anuas agus tá sí ag múineadh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta le dhá bhliain anuas. 13. Nic an Mháistir, Siobhán Is as Inse Chór i mBaile Átha Cliath Siobhán. Chaith sí tréimhse, agus í ag freastal ar an meánscoil, ag obair i gCo. na hIarmhí, i gColáiste Gaeilge do dhaltaí scoileanna náisiúnta. Tá an-spéis aici fós i gcúrsaí Gaeilge agus múineann sí ranganna Gaelige in aisce do dhaoine fásta. Tá sí fostaithe mar Cheannasaí Creidmheasa. 14. Ó Catháin, Leachlain Ball de chraobh Thraolaigh Mhic Suibhne, Gleann Maghair, Corcaigh & ball den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó. Ag

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

57


Conradh na Gaeilge

saothrú ar son na Gaeilge i gcónaí. Aturnae a bhunaigh cumann do dhlíodóirí a bhí sásta cleachtadh trí Ghaeilge. Ball de Fhoras na Gaeilge 1999 go 2008. Tiomsaitheoir bhailiuchán focal agus teilgean chainte an dlí. Gníomhach i gcírsaí drámaíochta ar feadh a shaoil. 15. Ó Cearbhaill, Cóilín Tá sé mar Chathaoirleach ar Chraobh Rith, an chraobh a bhí i mbun an fhéile Ghaeilge Rith 2010. Ghlac 20,000 duine páirt sa bhféile. Tá sé mar Leas-Chathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath agus tá sé ar an gCoiste Gnó ó 2008 agus ar an mBuanchoiste le bliain anuas. Tá sé mar stiúrthóir ar Sheachtain na Gaeilge agus mar ionadaí ar choiste stiúrtha Ógras. 16. Ó Drisceoil, Seán Tá Seán Ó Drisceoil, Cathaoirleach ar Chraobh Innse Gall, ag obair arís i nGaeltacht na hAlban áit a raibh sé mar phríomhoide de Sabhal Mór Ostaig tráth. Chaith sé deich mbliana ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus bhí ina Urlabhraí Gaeltachta agus Tánaiste den Chonradh. Chaith sé seal mar Chomhalta de Choiste Comhairleach an Aire - Coimisiún na Gaeltachta. 17. Ó hAdhmaill, Seán fc. Iarrthóirí don Uachtaránacht 18. Uí Mhuirí, Jacqueline Tá Jacqueline ina ball de Chraobh na Gaillimhe. Múineann sí ranganna Gaeilge in Árus na nGael, Gaillimh, agus tá sí ag obair ar thráchtas in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i nGaillimh. 58

Ard-Fheis 2010, Luimneach

IARRTHÓIRÍ DON CHOISTE GNÓ Ó NA BAILL AONAIR (Beirt le toghadh) 1. Ó Muircheartaigh, Cathnia

Is as Dún Chaoin ó dhúchas Cathnia. Ina

Phríomhoide ar Choláiste Pobail Osraí,

Gaelcholáiste i gcathair Chill Chainnigh.

Iarbhall den Bhuanchoiste agus den Choiste Gnó é. Comhthoghadh arís ar an gCoiste

Gnó é in 2009. Ina Leasuachtarán ar

Ghaelscoileanna Teoranta, eagraíocht na

ngaelscoileanna. Ina bhall d’fhochoiste Oideachais

agus

d’fhochoiste

Straitéise an Chonartha.

Phlean

2. Ó Ruairc, Mícheál

As Ciarraí ó dhúchas, is ball aonair é

Mícheál le baint aige leis an gConradh ar feadh na mblianta. Tá cónaí air i mBaile Átha Cliath. Tá suim ach go háirithe aige i

bhforbairt na Dréachtstraitéise 20 Bliain don

Ghaeilge.

3. Ó Sé, Aodán

Tá Aodán i mbun raon gníomhartha Gaeilge

i gcathair Chorcaí, mar atá: dhá chiorcal comhrá a stiúradh (ceann acu do thuismitheorí Gaelscoile), alt míosúil dar teideal

Giota Gaeilge a scríobh d’iris phobail, agus

míreanna raidió a chraoladh i gcomhar leis an eagraíocht Gael-Taca. Is cógaiseoir é, a

bhí ina uachtarán ar Chomhar Cógaiseoirí Éireann agus ar Chomhar Cógaiseoirí an Chomhphobail Eorpaigh.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais



Conradh na Gaeilge

8. RÚIN NA hARD-FHEISE 2010 EAGRAÍOCHT & TIMIREACHT 1. Go gcuirfidh Conradh na Gaeilge córas timireachta ar bun chun craobhacha a bhunú i gcontaetha nach bhfuil craobhacha ann. Craobh na hInse

2. Is mian le Craobh na hInse cuireadh a thabhairt do Choiste Gnó an Chonartha, ArdFheis 2012 a reachtáil in Inis, Co. an Chláir. Tá na háiseanna comhdhála agus infrastructúir againn, chomh maith le timpeallacht Gaelach, chun Ard-Fheis den scoth a eagrú. Craobh na hInse 3. Go mbeadh dualgas ar na Coistí Contae cruinnithe a thionól go rialta le cuireadh chucu do theachtaí as gach craobh sa chontae i gceist agus gan a bheith beo in ainm amháin. Craobh Chill Chaoi

4. Molann an Ard-Fheis an Coiste Gnó as ucht an athchóirithe fíormhaith atá déanta ar an gCeannáras. Craobh Dhún Dealgan

5. Ba cheart do Chonradh na Gaeilge maoiniú a lorg ón stát-chiste nó ó chiste na Gaeilge le béim a chur ar an tábhacht a bhaineann le bheith páirteach i saol na Gaeilge agus le Conradh na Gaeilge feasta. Craobh Chill Mhíchíl

6. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó fochoiste a bhunú chun díriú ar fhiacha an Chonartha a ghlanadh chomh luath agus is féidir. Craobh na nGael Óga 7. Éilíonn an Ard-Fheis seo go bhforbróidh an Ard-Oifig an feachtas Is Leor Beirt le Skype (físchomhdháil in aisce) Craobh na nGael Óga

60

Ard-Fheis 2010, Luimneach

8. Éilíonn an Ard-Fheis seo go mbunóidh an Conradh Coiste Teicneolaíochta comhdhéanta de shaineolaithe teicneolaíochta ó bhallraíocht an eagrais chun comhairle a thabhairt don Choiste Gnó ar chúrsaí teicneolaíochta agus féachaint i dtreo conas gur féidir linn leas a bhaint as an teicneolaíocht le cur chun cinn na Gaeilge agus na heagraíochta. Craobh Rith OIDEACHAS 9. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go n-ullmhófaí, mar ábhar práinne, cúrsa comhtháite Gaeilge do na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mhéan teagaisc, bunaithe ar an gcúrsa atá ann do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, agus go cuirfí leordhóthain maoinithe ar fáil chun an cúrsa comhtháite céimnithe seo a ullmhú agus a scaipeadh. Pádraig Mac Fhearghusa, Ball den Choiste Gnó

10. Go gcuirfidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta seirbhísí tacaíochta cuí ar fáil do mhúinteoirí bunscoile atá ag múineadh i scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc ar mhaithe le tacú leo maidir le múineadh na Gaeilge labhartha. Coiste Contae Chiarraí & Dáil na Mumhan

11. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta i gcomhthéacs an Phlean 20 Bliain, agus geallúint an Railtais go leanfaí leis an tacaíocht do scoileanna lán-Ghaeilge, go nglacfaí teanga na scoile molta san áireamh go dearfach mar chuid den phróiseas aitheantais do scoileanna nua. Craobh na nGael Óga

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 12. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Rialtas na hÉireann an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge a fheidhmiú gan mhoill, agus í a fheidhmiú mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP). Craobh Thrá Lí

13. Éilíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar Rialtas na hÉireann duine a cheapadh i ngach Roinn Stáit, ag leibhéal Príomhoifigigh ar a laghad, le bheith freagrach as feidhmiú na Dréachtstraitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge, agus duine le cáilíocht sa phleanáil teanga a chur ar fhoireann an Phríomhoifigigh sin. Craobh Thrá Lí

14. Aontaímid le cur chuige an Rialtais go gcoinneofaí Roinn Rialtais atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus ag feidhmiú an Dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge, i dtreo go mbeidh aire atá freagrach as an nGaeilge i measc chomhaireacht an Rialtais go leanúnach. Coiste Contae Chiarraí & Dáil na Mumhan

15. Ba cheart don rialtas bille a achtú láithreach bonn chun tús a chur le hÚdarás na Gaeilge agus lena chuid téarmaí tagartha. Ba cheart don Údarás nua seo díriú ar athbheochan na Gaeilge sna hiar-Ghaeltachtaí ar fad, lena n-áirítear iarthar Chontae an Chláir. Craobh Chill Mhíchíl

16. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Rialtas a chinntiú mar chuid den Phlean 20 Bliain don Ghaeilge gurb í an Ghaeilge an teanga oibre ag gach eagras stáit sa Ghaeltacht agus gach eagras a fhaigheann tacaíocht airgid ón stat agus go mbainfear é seo amach thar 3 bliana agus iallach a chur ar gach iarratasóir ar mhaoiniú poiblí feasta scéim teanga chuige sin a bheith in éineacht leis an iarratas. Craobh na gCeithre Cúirteanna

Ard-Fheis 2010, Luimneach

CEARTA & EILE 17. Go dtabharfaidh Conradh na Gaeilge gach tacaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann, go raghfar i mbun plé leis na húdaráis ansin agus go n-úsáidfear an dréachtstraitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar mhúnla do straitéis i dTuaisceart Éireann, agus mar chéim i dtreo Acht Gaeilge, mar atá geallta i gComhaontú Chill Rímhinn. Pádraig Mac Fhearghusa, Ball den Choiste Gnó

18. Go dtacaíonn Conradh na Gaeilge leis an bhfeachtas ar bun ag Pobal agus eile le hAcht Teanga a bhaint amach sna Sé Chontae. Craobh Mháirtín Uí Chadhain, BÁC

19. Iarrann an Ard-Fheis seo ar na húdaráis áitiúla a chinntiú gur as Gaeilge amháin a bheidh an iontráil ar chlár na vótálaithe i dtaobh gach duine a thugann an seoladh as Gaeilge agus iad á gclárú. Craobh na gCeithre Cúirteanna 20. Iarrann an Ard-Fheis seo ar Raidió na Gaeltachta an tAifreann a chraoladh gach Domhnach feasta. Craobh Inse Chór

21. Go leanfaidh gach Comhairle Contae sa tír dea-shampla Chomhairle Chontae na Mí maidir le hainmneacha i nGaeilge a chur ar eastáit agus sráideanna nua. Craobh Bhaile Átha Buí

22. Tréaslaíonn an Ard-Fheis seo le Coiste Átha Cliath agus le comhairleoirí Bhaile Átha Cliath agus Áth Cliath Theas as córas a chinntiú a dheimhneoidh gur ainmneacha as Gaeilge amháin a bheidh ar eastáit nua a thógfar sa dá cheantar sin feasta. Craobh na gCeithre Cúirteanna

23. Ba chóir do gach eagraíocht san earnáil phoiblí cinnte a dhéanamh de go bhfuil an téarmaíocht a bhaineann lena ndualgais ar fáil ar focal.ie agus acmhainn.ie agus mura bhfuil faoi láthair go ndeanfaidís cinnte de go mbeidh go luath sa todhchaí chun an Ghaeilge a athbheochan, a chur chun cinn, a leathnú agus a fhorbairt tuilleadh i measc an phobail. Craobh Chill Mhíchíl

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

61


Conradh na Gaeilge

AN GHAELTACHT 24. RIACHTANAIS na GAEILGE sa GHAELTACHT ó FHOCHOISTE na GAELTACHTA. TOSAÍOCHTAÍ agus RÓL an CHONARTHA.

Cathaoirleach: Brian Ó Baoill. Baill: Peadar Mac Fhlannchadha, Seán Ó Drisceoil, Caibríní de Barra, Máire Nic Niallais, Bríd Ní Chofaigh. Is é is cuspóir don rún seo, na riachtanais a chur in ord práinne agus moladh a dhéanamh faoin gníomh ar chóir don Chonradh tabhairt faoi i ngach cás.

1) BUNRIACHTANAIS IS É AN BUNCUSPÓIR, AN GHAEILGE A CHAOMHNÚ SA GHAELTACHT. (1.1) Chuige sin is gá a dheimhniú go mairfidh Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga, na comhlachtaí aistriúcháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, na Coláistí Gaeilge, na Comharchumain Ghaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Scéimeanna Oiliúna Gaeltachta FÁS nó a gcomhionann mar íosmhéid a dheimhneoidh go gcomhlíonfar na dualgais a bhíonn á gcomhlíonadh ag na heagrais sin. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach sa chás go bhfuil aon bhaol go gcuirfí aon cheann díobh ar ceal nó go nathróifí aon cheann díobh i slí a bheadh díobhálach don chuspóir. Tá ceist faoi Chlár Ama na Dála a athrú mar atá molta ag Brian O’Shea. (Féach Nótaí Breise thíos) (1.2)Pobal dlúth a labhróidh an teanga le chéile, sa teaghlach, san obair agus sa phobal. Leis sin a bhaint amach, is gá a léiriú do mhuintir na Gaeltachta gur fiú dóibh an teanga a chaomhnú. Déanfar sin tríd obair a chur ar fáil dóibh a bheidh teangalárnaithe .i. postanna agus teacht isteach eile teanga-lárnaithe.

62

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta chun an cuspóir a phlé leo go háirithe líon na gcainteoirí dúchais a choinneáil seasta.

(1.3) Chomh maith leis sin, is den riachtanas é úsáid na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht a mhéadú. Muna mbíonn an Ghalltacht á Gaelú beidh an Ghaeltacht á Galldú. Chuige sin ní mór don Stát seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil don 83,000 duine a mheastar a labhrann Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. Dá gcuirfí na seirbhísí seo ar fáil ón nGaeltacht, láidreodh sé sin an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Gníomh Molta don Chonradh: É seo a phlé ar bonn práinneach le Foras na Gaeilge mar chéad chéim.

(1.4) Seasamh Oifigiúil na Gaeilge sa mBunreacht a láidriú: Mír 8.3 a leasú le nach féidir gnóthaí ar fud an Stáit ar fad a dhéanamh i mBéarla amháin. Bíodh gach teachtaireacht ón Stát go dtí an Ghaeltacht i nGaeilge nó dhátheangach, Gaeilge agus Béarla. (Féach nótaí breise thíos) Gníomh Molta don Chonradh: Comhairle dlí a fháil chun an bealach is fearr chuige seo a aimsiú.

(1.5) Go gcuirfí an cúram ‘Féiniúlacht Náisiúnta’ ar Aireacht na Gaeltachta le cois na gcúramaí Gaeltachta atá uirthi faoi láthair. Gníomh Molta don Chonradh: Cás chuige seo a leagadh amach agus é a phlé le hAire na Gaeltachta mar chéad chéim.

2) SEIRBHÍSÍ . (2.1) A dheimhniú go mbeidh Gardaí, dlíodóirí agus breithiúna, dochtúirí, banaltraí agus fiaclóirí le Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht, na scoileanna san áireamh. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a fháil ó na Gaeltachtaí éagsúla agus cásanna a chur ar aghaidh go dtí an Coimisinéir Teanga, nó moltaí structúrtha ar nós Contae don Ghaeltacht a bhunú.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

(2.2) Deiseanna úsáide a chur ar fáil do chainteoirí dúchais i dtimpeallacht atá bagarthach dóibh (Comhairle Chontae, Feidhmeannas Sláinte &rl.) Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú faoi fhadhbanna agus plé a dhéanamh le cibé údarás atá i gceist agus seirbhís sa teanga a chéad labhrann an cliant a éileamh, mar a bheadh i bhfeidhm i gContae don Ghaeltacht.

(2.3) Scéim chun feidhmeannaigh teanga lánaimseartha a fhostú i ngach pobal Gaeltachta agus iad lonnaithe in oifig / foirgneamh a bheidh aitheanta mar ionad tacaíochta teanga. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas cruinn a fháil faoin staid faoi láthair agus, i gcóir leis na Gaeltachtaí atá i gceist, cás a chur le chéile le cur faoi bhráid Aire na Gaeltachta.

(2.4) Seirbhísí eaglasta trí Ghaeilge a bheith ar fáil i ngach ceantar Gaeltachta. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na Gaeltachtaí agus cásanna a chur ar aghaidh go dtí údarás cibé eaglaise atá i gceist.

(2.5) Cultúr, Béaloideas, Na Meáin, Cluichí, Obair Shóisialta, Obair Phobail a bheith ar siúl trí mheán na Gaeilge. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na ceantair Ghaeltachta agus easnaimh a phlé le cibé údarás atá i gceist. Tagairt a dhéanamh don cheist a bhíonn ag Bord an Údaráis faoi sheirbhísí eaglasta trí Ghaeilge.

3) MAOINIÚ (3.1) Cothrom na Féinne a thabhairt do gach Gaeltacht ó thaobh tacaíochta teanga agus pobal. Aird ar leith ar na Gaeltachtaí beaga. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na Gaeltachtaí beaga agus cás a chur go dtí Aire na Gaeltachta. (3.2) Leanúnachas agus sábháilteacht a bheith bainteach le haon mhaoiniú do Straitéis

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Forbartha Teanga sna Gaeltachtaí, seachas éiginnteacht mar atá ann anois. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú ó na Gaeltachtaí agus cásanna a phlé le Roinn na Gaeltachta. (3.3) Atheagar ar chóras maoinithe an stáit d’eagraíochtaí agus d’imeachtaí sa Ghaeltacht chun a chinntiú go bhfuil siad ar fad ag teacht leis na spriocanna sa phlean teanga. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas faoi fhadhbanna a fháil ó eagrais sna Gaeltachtaí agus na cásanna a phlé le Roinn na Gaeltachta. (3.4) Béim ó thaobh maoinithe, srl. a bheith dírithe go hiomlán ar imeachtaí / fostaíocht teanga-lárnaithe sna Gaeltachtaí seachas ar chúrsaí eacnamaíochta beag beann ar an nGaeilge. Gníomh Molta don Chonradh: Plé le hÚdarás na Gaeltachta.

(3.5) Bonneagar tacaíochta teanga ceart a bheith i ngach Gaeltacht le gur féidir le daoine gníomhú trí Ghaeilge go rialta i ngach gné dá saol, agus le gur féidir le daoine ar gach leibhéal teanga, forbairt agus fás a chur leis an leibhéal sin. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a bhailiú faoi fhadhbanna agus na fadhbanna a phlé le Roinn na Gaeltachta.

4) PLEANÁIL: (4.1) Plean forbartha teanga don Ghaeltacht ar fad, idir ceantair láidre agus laga, le córas pleanála comhtháite a chlúdaíonn gach gné de shaol an tsaoránaigh sa phobal. Gníomh Molta don Chonradh: Dianstaidéar agus anailís ar an STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 an toradh a chur i gcomparáid le RIACHTANAIS na GAEILGE sa GHAELTACHT mar atá leagtha amach ag an bhFochoiste Gaeltachta, agus aon easnaimh a phlé le Roinn na Gaeltachta.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

63


Conradh na Gaeilge

(4.2) Riachtanais teanga an phobail áitiúil ar fad thomhas ar mhaithe le bunús réadúil a thabhairt don Phlean. Is mó seans go néireoidh le Plean má luíonn sé le héilimh an phobail. Gníomh Molta don Chonradh: Mar 4.1 thuas.

(4.3)Gach cuid den phobal agus de na heagraíochtaí Gaeilge agus Pobail éagsúla a chur san áireamh ar mhaithe le húinéireacht agus comhoibriú a chothú. Gníomh Molta don Chonradh: Mar 4.1thuas (4.4) Plean teanga agus straitéis don todhchaí ina bhfuil aidhmeanna agus spriocanna sothomhaiste agus maoiniú ar fáil ón Roinn GPT & G. a bheith leagtha síos ag gach Gaeltacht. Spriocanna cinnte bliantúla agus ról cinnte a thabhairt do gach eagraíocht áitiúil maidir le baint amach spriocanna ar mhaithe le comhoibriú a chothú idir na heagraíochtaí sin. Gníomh Molta don Chonradh: Plé le Roinn na Gaeltachta lena dheimhniú go dtarlóidh sé sin.

4.5 Plean Forbartha don Ghaeilge a bhrú ar gach Comhairle Contae le go mbeidh comhordú idir na hiarrachtaí atá ar siúl agus acmhainní caite sa tslí is fearr. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh le gach Comhairle Chontae a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina chúram agus an Plean Forbartha Gaeilge atá acu a lorg uathu. I bhfiainise 1.3 thuas, é seo a leathnú go dtí gach Comhairle Chontae sa tír. 5) EAGAR: 5.1 Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil. 5.2 Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil. Gníomh Molta don Chonradh: 5.1 agus 5.2 : Cás a dhéanamh don Rialtas má bhíonn fadhb ann.

5.3 Cúram forbairt teanga sna Gaeltachtaí a bheith faoi aon eagras stáit amháin seachas a bheith ag caitheamh airgid ag riarú an

64

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Roinn GPT agus G , Údarás na Gaeltachta, MFG Foras na Gaeilge. Dírigh an t-airgead ar an dtalamh. Gníomh Molta don Chonradh: 5.3: Meastóireacht a dhéanamh ar impleachta an mholadh? seo mar chéad chéim.

6) AN TEAGHLACH: 6.1 Scéim tacaíochta do thuismitheoirí atá ag tógáil clanna trí Ghaeilge, go háirithe i gcás nach bhfuil Gaeilge ag an mbeirt tuismitheoir nó gur ceantar lag Gaeltachta atá i gceist. Gníomh Molta don Chonradh: Mar chéad chéim, eolas a bhailiú faoi na fadhbanna i gceantair éagsúla agus comhairle a lorg ó Acadamh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

7) LUCHT GNÓ: 7.1 Cumann do lucht gnó a dhéanfadh iarracht seirbhís i nGaeilge a fheidhmiú i siopaí agus i ngnólachtaí na Gaeltachta agus a d’ullmhódh córas oiliúna foirne chun an sprioc seo a bhaint amach. Gníomh Molta don Chonradh: Comhairle a lorg ó Ghaillimh le Gaeilge agus Ghael=Taca i gCorcaigh.

8) DAOINE ÓGA: 81 Béim ar thacaíocht teanga do dhaoine óga 13-15. Áiteanna le bailiú le chéile. Nascanna le Gaeilgeoirí óga eile. Eagraíocht óige, a bheadh mar chuid d’eagraíocht náisiúnta, a chuirfeadh seirbhísí ar fáil do gach cuid den Ghaeltacht, le himeachtaí seachtainiúla trí Ghaeilge do dhaoine óga mar chroílár na seirbhíse. Gníomh Molta don Chonradh: Eolas a lorg ó Óige na Gaeltachta (Údarás na Gaeltachta) mar chéad chéim.

8.2 Leabhrán an Chumann Lúthchleas Gael faoi chleachtadh, scileanna srl. a bheith ar fáil i nGaeilge. Gníomh Molta don Chonradh: Litir go dtí CLG agus an cheist a phlé le CLG d’fhonn a dheimhniú go dtarlóidh sé.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

9) OIDEACHAS : 9.1 Coláistí Oiliúna a lonnú sna Gaeltachtaí d’fhonn múinteoirí le Gaeilge mhaith a chur ar fáil. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Aire/ Roinn Oideachais agus Eolaíochta, le Roinn na Gaeltachta agus/nó heagras Gaelscolaíochta.

9.2 Ba cheart oiliúint a chur ar mhúinteoirí atá ag obair sa Ghaeltacht i gcúrsaí a bhaineann leis an dátheangachas, le sealbhú an dara teanga, le scríobh na canúna etc. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus le Roinn na Gaeltachta.

9.3 Oiliúint i ngníomhaíocht an phobail, eolas ar an phleanáil teanga, srl., a thabhairt do pháistí meánscoile sna Gaeltachtaí. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta mar chéad chéim.

9.4 Struchtúr tacaíochta de dhíth go práinneach ar pháistí Gaeltachta atá ina gcainteoirí dúchais le cuidiú leo cur lena saibhreas cainte agus lena gcruinneas labhartha agus scríofa. Faoi láthair, is minic go mbíonn an bhéim, go háirithe sna luath ranganna, ar na páistí sin nach bhfuil Gaeilge acu. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an Roinn Oideachais a agus Eolaíochta gus le hÚdarás na Gaeltachta.

9.5 Níos mó ábhar léitheoireachta de dhíth ar pháistí d’achan aois ghrúpa ina gcanúint féin. B'fhéidir iris mhíosúil ar line?? do dhéagóirí. Gníomh Molta don Chonradh: Plé leis an nGÚM mar chéad chéim.

~Siollabas ar Leith don Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta/gaelscoileanna....

Ard-Fheis 2010, Luimneach

10) DEISEANNA FOGHLAMA: (10.1) Córas ranganna /oiliúna/ tacaíochta, bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge, a bheith ar fáil do dhaoine ar mian leo an Ghaeilge a fhoghlaim nó a bhfuil di atá acu a fheabhsú. Scoileanna Tumtha Teanga do Ghasúir Eisimircí, do Ghasúir óga thuismitheoirí gan Ghaeilge sa Ghaeltacht. Cúrsaí Tumtha Teanga do thuismitheoirí a mbeadh an riachtanas sin acu. Deiseanna foghlama don té gan Ghaeilge nó ar bheagán Ghaeilge. Deiseanna cleachtadh agus ath-fhoghlama don duine a d'fhoghlaim Gaeilge san am a chuaigh thart agus nach bhfuil líofa anois. Deireadh seachtainí foghlama Gaeilge agus cultúir sa Ghaeltacht do thuismitheoirí agus dá gclann a bhunú. Ranganna Gaeilge do thuismitheoirí. Cabhair do dhaoine a fhreastalaíonn ar ranganna Gaeilge ach a stadann i ndiaidh tamall mar go dtagann beaguchtach orthu de thairbhe, go minic, nach bhfuil an rud atá á fhoghlaim acu ag teacht leis an rud atá siad á chloisteáil acu. Cúrsa speisialta b'fhéidir dírithe ar na canúintí labhartha. Deiseanna úsáide don fhoghlaimeoir líofa, i dtimpeallacht chainteoirí dúchais a labhrann ró-sciopaidh nó a aistríonn go Béarla. Gníomh Molta don Chonradh: Baineann na pointí seo ar fad le deiseanna foghlama. Mar céad chéim, d’fhéadfadh an Conradh teagmháil a dhéanamh leis na heagrais, ar nós Acadamh na Gaeilge in Oll. na hÉ. Gaillimh a mhúineann Gaeilge ar bhonn proifisiúnta, agus féachaint an féidir teacht ar chóras cuimsitheach. Más ceist airgid a bheidh ann, níor mhór aghaidh a thabhairt air sin. Níor mhiste, chomh maith, liosta de na cúrsaí ar dhioscaí srl a dhéanamh. Ní mór a fhiosrú an cheist easpa deiseanna atá ann nó an feabhas a chur ar na deiseanna atá á lorg. Níor mhiste cúrsaí ar raidió agus teilifís a fhiosrú.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

65


Conradh na Gaeilge

11) POIBLÍOCHT: Ócáidí spreagtha le meanma na bpobal éagsúla a choinneáil in airde. 11.1 Feachtas feasachta teanga chun a chinntiú go ndéanann gach duine cinneadh cinnte faoina rogha theanga, seachas ligint don Ghaeilge sleamhnú as de réir a chéile mar theanga phobail. Chuige sin, Feachtas Leanúnach Oideachais faoin nGaeilge 11.2 Eolas a chur ar fáil i slí eagraithe faoina bhfuil bainte amach ag lucht na Gaeilge, faoin spéis atá ag eagrais in Éirinn agus thar lear sa Ghaeilge agus faoin bhfostaíocht atá ar fáil do dhaoine le Gaeilge, in Éirinn agus thar sáile, céimithe óga ina measc Stair na Gaeilge a chur ar fáil i slí tharraingteach i nGaeilge agus i mBéarla. 11.3 An duine ciúin a mhealladh chun an Ghaeilge a úsáid. An duine naimhdeach a mhealladh chun a bheith neodrach. 11.4 Nascanna a chothú idir an Ghaeltacht agus lucht foghlama na Gaeilge. 11.5 Meas ar na canúintí Gaeilge a chothú. Gníomh Molta don Chonradh: An mhír seo a chur faoi bhráid an Fhochoiste Poiblíochta.

12) INMHIANAITHE: 12.1 An Chéad Chath ar an Rinn Mhór i nGaillimh a chur arís ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Gníomh Molta don Chonradh: Tús a chur le teagmháil leis an Roinn Cosanta/Arm.

12.2 Ceangal a dhéanamh idir na Coláistí Gaeilge agus an Idirbhliain i scoileanna éagsúla taobh amuigh den Ghaeltacht le go dtiocfaidh gasúir ón idirbhliain sna scoileanna sin chun na Gaeltachta i rith na scoilbliana. Gníomh Molta don Chonradh: Plé le Comhchoiste na gColáistí Gaeilge mar chéad chéim.

66

Ard-Fheis 2010, Luimneach

12.3 Riachtanais Áitiúla. Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i nGaoth Dobhair agus Corca Dhuibhne. Gníomh Molta don Chonradh: Comhairle a lorg ón Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ar an gCnoc, Cois Fharraige.

Nótaí Breise. 1) BUNRIACHTANAIS (1.1) Chuige sin is gá a dheimhniú go mairfidh Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, TG4, Raidió na Gaeltachta, An Coimisinéir Teanga, na Comhlachtaí aistriúcháin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, na Coláistí Gaeilge, na Comharchumain Ghaeltachta, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Scéimeanna Oiliúna Gaeltachta FÁS nó a chomhionann mar íosmhéid a dheimhneoidh go gcomhlíonfar na dualgais a bhíonn á gcomhlíonadh ag na heagrais sin.. Gníomh Molta don Chonradh: Teagmháil a dhéanamh leis an Taoiseach sa chás go bhfuil aon bhaol go gcuirfí aon cheann díobh ar ceal nó go nathróifí aon cheann díobh i slí a bheadh díobhálach don chuspóir. Tá ceist faoi Chlár Ama na Dála a athrú mar atá molta ag Brian O’Shea. Le míniú ag an gcruinniú.

(1.4) Seasamh Oifigiúil na Gaeilge sa mBunreacht a láidriú: Mír 8.3 a leasú le nach féidir gnóthaí ar fud an Stáit ar fad a dhéanamh i mBéarla amháin. Bíodh gach teachtaireacht ón Stát go dtí an Ghaeltacht i nGaeilge nó dhátheangach, Gaeilge agus Béarla. ( Nó gurb í an Ghaeilge amháin teanga oifigiúil an Stáit sa Ghaeltacht agus ag plé le heagrais agus daoine sa Ghaeltacht– ní chiallaíonn sin nach mbeadh cead Béarla a úsáid sa Ghaeltacht ach go gcaithfeadh Gaeilge a bheith mar riachtanas poist san earnáil poiblí dóibh san atá ag déileáil leis an bpobal Gaeltachta) Le míniú ag an gcruinniú.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

9. TORTHAÍ AR GHLÓR NA nGAEL 2008

Leibhéal 1 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais €2000 Cumann Gaelach Chromghlinne & Lann Abhaigh 2ú Duais €1000 Cumann Gaelach Ard Mhic Nasca Leibhéal 2 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais €3000 Pobal an Chaistil 2ú Duais €1500 Glór na Ríogh, Co. Chill Dara

Leibhéal 3 (Iar-Ghaeltacht) 1ú Duais €5000 Cumann Gaelach Leath Chathail 2ú Duais €3000 Glór Cheatharlach

Ard-Fheis 2010, Luimneach *Duais Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh - €1,000

*Duais Chonradh na Gaeilge Baile Átha Buí le Gaeilge - €2,000

*Gradam Ghlór na nGael Pádraig O Ceithearnaigh

*Duais COGG Comhlacht Forbartha Acla - €2,000

*Duais Comhairle na Gaelscolaíochta Glór Charn Tóchair - £1,500

*Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille - €1,500

Leibhéal 1 (Gaeltacht) 1ú Duais €2000 Comhlacht Forbartha an Tearmainn 2ú Duais €1000 Coiste Forbartha Chorr na Móna

* Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe Glór na nGael, Baile Locha Riach - €1,500

Leibhéal 3 Gaeltacht 1ú Duais €5000 Coiste Forbartha Dhobhair Teo. 2ú Duais €3000 Corca Dhuibhne ag Caint

*Duaiseanna Aitheantais Glór na Móna, Béal Feirste - €1,000 Na Macallaí, Co. Loch Garman - €1,000 Comharchumann Deirbhile - €1,000

Leibhéal 2 (Gaeltacht) 1ú Duais €3000 Tuar Mhic Éadaigh 2ú Duais €1500 Craobh Mhaigh Cuilinn

NA DUAISEANNA SPEISIALTA *An Iontráil Nua is fearr Coiste Pobail na Ceathrún Rua - €1,000

*Duais na Comhairle Oidhreachta X 2 Coiste Pobail na Ceathrún Rua - €1,500 Comhair Dún Chaocháin Teo. - €1,500

Trófaí na gComhlachtaí West Belfast Taxi Association - Trófaí

*Duais an Fháinne Cumann Gaelach Chnoc na Rós - €1,500

GLOBAL GAEILGE 1ú Duais Cumann Gaeilge na hAstráíle 2ú Duais MILG, Manchester Irish Language Group 3ú Duais Cumann na Gaeltachta, Ceanada

*Duais Eagras na Scoileanna Gaeltachta C o i s t e Forbartha Dhobhair - €1,000

3Ú LEIBHÉAL 1ú áit An Chullacht 2ú áit Coláiste Froebal 3ú áit Coláiste na Tríonóide

*Duais ón Iontaobhas Ultach X 2 Pobal an Chaistil - €1,400 Glór na Ríogh, Co. Chill Dara - €1,400

Na Mór-Ghradaim Náisiúnta Leibhéal 4 3ú hÁit: An Clár as Gaeilge, Inis - €7,500 2ú hÁit: Cumann Forbartha Chois Fharraige - €12,500

*Duais Chomhluadar Céim Aniar, Co. Dhún na nGall - €1,500

*Duais Chló Iar-Chonnachta Glór Cheatharlach - luach €1,000 de leabhair

*Duais Choimisiún Craolacháin na hÉireann Raidió Pobail - Near FM - €1,500 Raidió Tráchtála - KCLR - €1,500

BUAITEOIR NÁISIÚNTA 2008 - €50,000 An Droichead Teo, Béal Feirste (Urraithe ag anAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta)

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

67


Conradh na Gaeilge

agus ar theanga na mBascach. Thug Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Comhluadar tacaíocht ollmhór do Rith 2010. Chuir Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, An tIontaobhas Ultach agus

10. RITH 2010

Féile nua náisiúnta é Rith 2010, www.rith.ie, a bhí ar súil don chéad uair i mí an Mhárta 2010 mar pháirt de Sheachtain na Gaeilge. Féile pobal bhunaithe atá i Rith 2010, rith i bhfoirm rás sealaíochta. Tosaigh an rith i mBéal Feirste, 9 Márta, agus taisteal breis is 1600km trí fhormhór na mbailte, na sráidbhailte agus na gcathracha is mó in Éirinn. Chuir an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, críoch le himeachtaí Rith 2010 trí theachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, a léamh amach le linn mhórshiúl na Féile Pádraig i gCathair na Gaillimhe. Bhí an teachtaireacht seo taobh istigh de bhata sealaíochta a bhí á iompar acu siúd a ghlac páirt i Rith 2010, a thaisteal ó Bhéal Feirste go Gaillimh ón 9-17 Márta, turas 1,600 km, trí 250 baile i 15 chontae thar 9 lá. Is í aidhm Rith 2010 ná an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn a bealach úrnua, feiceálach agus spleodrach. Thug Rith 2010 deis do dhaoine a bhfuil ar bheagán Gaeilge agus líofa páirt a ghlacadh agus tacaíocht thabhairt do Rith. Bhí scoileanna bunleibhéil agus meánleibhéil, coláistí tríú leibhéal, clubanna Spóirt, clubanna Óige, lúthchleasaithe, grúpaí atá bainteach leis an nGaeilge, agus gach duine a bhfuil spéis acu i rith páirteach i Rith 2010. Ghlac níos mó ná 20,000 duine páirt i Rith 2010! D’eascair an coincheap taobh thiar de Rith 2010, ó fhéile a bhíonn ar siúl i dtír na mBascach, Korrika, ó bhí 1980 ann, a dhéanann ceiliúradh ar cheol, ar chultúr 68

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Fáilte Ireland maoiniú ar fáil don tionscadal seo, agus thug eagraíochtaí, clubanna, gnólachtaí, agus daoine aonaracha tacaíocht don Rith trí chiliméadar a cheannach ar luach idir €20 agus €250. Ba é dea-thoil na ndaoine is mó a chuaigh i bhfeidhm orm féin agus an oiread bróid is a léirigh daoine as an teanga, fiú iad siúd nach raibh sí ar a toil acu. Go háirithe don deathoil a léiríodh sna ceantair thuaithe, i gceantair nuair a bhí siad ag rith ar bhóithre a bhí ag dul trí chriathrach, gan teach nó foirgneamh ar bith le feiceáil thart timpeall, bhí grúpaí móra de dhaoine ag fanacht ar an Rith gach uile chiliméadar. Caithfear buíochas ollmhór a ghabháil le gach duine a ghlac páirt i Rith 2010. Bhí na coistí áitiúla, na coistí contae, an lárchoiste agus na comhordaitheoirí thar barr. Má tá spéis agat teachtaireacht an Uachtaráin a léamh, grianghraif nó físeáin Rith 2010 a fheiceáil tá siad ar fad ar fail ar suíomh idirlín Rith www.rith.ie. Tá muid ag súil go mór cheana féin le Rith 2012! Siobhán Seoighe Bainisteoir Imeachta Rith 2010

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

11. MIONTUAIRISCÍ ARD-FHEIS 2009, AN tAONACH

An Coiste Gnó Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán; Donnchadh Ó hAodha, Tánaiste; Celine Ní Chóchlagh; Máire Ní Laoire; Tomás Mac Ruairí; Seán Ó hAdhmaill; Seán Ó Ceallaigh; Seósamh Mac Ionnrachtaigh.

Cúige Mumhan Áine Ní Bheoláin, Bríd Uí Shúilleabhán, Craobh Uíbh Ráthagh; Phyllis Uí Cheallaigh, Pádraig Mac Donnchadha, Craobh Luimnigh; Labhrás Ó Donghaile, Seán Ó Nuanaín, Club na Sionna; Eibhlín Uí Mhoránaigh, Craobh an Aonaigh; Domhnall Ó Loingsigh, Craobh Bhaile Bhúirne; Donacha Ó Cearúill, Craobh Eochaill; Éaman Mac Gheairr, Mícheal Ó Coigligh, Craobh Dhurlas Éile; Breandán Mac Fhionnghaile, Domhnall Ó Loingsigh, Nóirín Uí Cheallaigh, Craobh na hInse; Áine Mhic Fhearghasa, Padraig Ó Dálaigh, Nóirín Ó Dálaigh, Seán Seosamh Ó Conchubhair, Craobh Thrá Lí; Leachlain Ó Cathán, Áine Ó Catháin, Craobh Thraolach Mhic Suibhne; Rút Ní Mhaolfhábhail, Craobh Charraig na Súire; Séamus Ó Coisdealbha, Coiste Contae Thiobraid Árann.

Cúige Chonnacht Colmán Ó Raghallaigh, Iarlaith de Búrca, Craobh Chlár Chlainne Mhuiris; Gearóidín Ní Ghruiméil, Seán Ó Cionfhaola, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Gráinne Ní Chonghaile, Craobh na Gaillimhe; Meghann Scully, Craobh Dhúiche Raifteirí; Máiréad Ní Dhíreáin, Peadar Ó Coinín, Coiste Contae na Gaillimhe; Áine Ní Iarnáin, Craobh Thuama; Barbara Ní Chonghaile, Caroline Ní Chualáin, Amanda Ní Loideáin, Claire Nic Ghrianna, Craobh GMIT; Seosamh Mac Muirí, Craobh Thomáis Uí Dhuibhir.

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Cúige Laighean Aoife Ní Ghlaicín-Riain , Orna Cunningham, Cumann Gaelach Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; Bláthnaid Ní Mhurchú , Máire Ní Mhurchú, Ard-Chraobh; Diarmuid Ó Coileáin, Cormac Ó Coileán, Craobh Bhréanainn; Pilib Ó Sioradáin, Tiarnán de hÁl, Craobh Cheanannais; Íte Ní Chionnaith, Coiste na Gaeilge Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; Anita Nic Amhlaoidh, Craobh Ghlór na Ríogh; Pádraig Ó Cruimín, Craobh Loch Garman; Caitríona Bairéad, Craobh Raidió; Pádraic Mac Donncha, Craobh Ráth Cairn; Ciarán Ó Feinneadha, Craobh Ghleann na Life; Félim Borland, Craobh Scríbhneoirí Nós*; Tara Ní Dhuinn, Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide; Ciarán Mac Fhearghusa, Caoimhín Ó Cadhla, Martina Ní Chéidigh, Craobh na nGael Óga; Simon Ó Cróinín, Craobh Átha Buí; Brugha Mac Dáithí, Coiste Contae na Mí; Dáithí Mac Carthaigh, Gearóid Mac Unfraidh, Craobh na gCeithre Cúirteanna; Coilín Ó Cearbhaill, Coiste Contae Átha Cliath. Cúige Uladh Iognáid Ó Muircheartaigh, Craobh an Chabháin.

Eagraíochtaí faoi scáth an Chonartha Mairín Ní Ruaírc – Tuathaigh, Coimisiún na Rincí Gaelacha; Breandán Ó Cathasaigh, Ógras.

Baill Aonair Ben Mac Lochlainn, Daithí Mac an Bhaird, Feargus Ó Snodaigh, Féilim Ó hAdhmaill, Mairéad Uí Adhmaill, Treasa Ní Mhurchú, Daithí de Faoite, Liam Mac Cóil, Bréanainn Mac Fhearghusa, Seosamh Ó Conchúir.

Cuairteoirí Éamann Kinch, Bord Fhoras na Gaeilge; Pádraig Mac Criostail, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge; Beití Uí Bhaoill; Feilimín Mac

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

69



Conradh na Gaeilge

Lochlainn; Noel Coonan, Teachta Dála; Treasa Uí Chléirigh, Bláthnaid Ní Ghréacháin, Gaelscoileanna Teo, Carmel Mac Domhnaill, Brian Ó Dochartaí.

Foireann Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí; Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta; Síne Nic an Ailí, Brenda Ní Ghairbhí, Máiread Seoighe, Máire Ní Dhuiginn, Ard-Oifig; Máire Ní Laoi, Oifigeach nabhFoilseachán; Maedhbh Ní Dhónaill, Ógras; Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge.

Dé hAoine, 08/05/09 ag 9:00i.n. Caint Fháiltithe an Uachtaráin Chuir an tUachtarán, Pádraig Mac Fheraghusa, fáilte roimh gach duine chuig Ard-Fheis 2009 san Óstán Abbey Court, An tAonach, Co. Thiobraid Árann. Ghabh sé buíochas le Craobh an Aonaigh agus Coiste Contae Thiobraid Árann as an obair ar fad a cuireadh isteach in eagrú na hArd-Fheise. Chuir sé fáilte speisialta roimh Fhionnbarra Ó Brolcháin, aoichainteoir na hoíche.

Na Rialacha Seasta Glacadh leis na rialacha seasta, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh.

Sos Cuimhneacháin Sheas gach duine a bhí i láthair ag an ArdFheis ar feadh nóiméid in ómós do na daoine seo a leanas a fuair bás le linn na bliana: Elaine Bairéad; an tOllamh Pádraig Ó Céide; Breda McGlacken-Byrne; Séamus Ó Saothraí; Pádraic Ó Durcáin; Dónal Ó Liatháin; máthair Phádraic Uí Chonghaile; Seosamh Mac Gabhann; Eoin Ó Súilleabháin; Seán Ó Móráin; Tony Gregory; Séamas Ó Coileáin; Flann Ó Riain; Criostóir Ó Gríofa; Pádraig agus Cormac Lankford; Peig Uí Bhrosnacháin; Ciara Bn. Uí Dhuinnín; Roibeard Ó Cuinn; máthair Phádraig Nugent; Ciarán Ó Concheannain;

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Eddie Keegan; Seán de Bhulbh; Liam Ó Súilleabháin. Oscailt Oifigiúil & Caint na hArd-Fheise Labhair Fionnbarra Ó Brolcháin faoi ról na Gaeilge in athbheochan gheilleagar na hÉireann, téama na hArd-Fheise, ina chaint dar teideal “Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch.. Ról Radacach don Chonradh”. Ghuígh sé gach rath ar an Ard-Fheis agus d’oscail sé go hoifigiúil í. Dé Sathairn, 09/05/09 ag 10:00r.n. Miontuairiscí na hArd-Fheise 2008 Glacadh le miontuairiscí na hArd-Fheise 2008, molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag Pádraig Mac Donnchadha.

Toghchán don Uachtaránacht D’fhógair an Timire Náisiúnta nach raibh ach iarrthóir amháin don Uachtaránacht. D’fhógair sé go foirmeálta Pádraig Mac Fhearghusa mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge do 2009-10 agus ghabh sé comhghairdeas leis.

Toghchán don Choiste Gnó D’fhógair an Timire Náisiúnta go raibh dáréag iarrthóirí don 12 spás ar an gCoiste Gnó le toghadh ag na teachtaí eagraíochta. D’fhógair sé go hoifigiúil Breandán Mac Fhionnghaile, P.T. Mac Ruairí, Celine Ní Chóchlaigh, Máire Ní Laoire, Aoife Ní Scolaí, Leachlain Ó Catháin, Cormac Ó Coileáin, Seán Ó Drisceoil, Ben Ó Floinn, Seán Ó hAdhmaill, Domhnall Ó Loingsigh & Jacqueline Uí Mhuirí mar bhaill den Choiste Gnó do 2009-2010. D’fhógair sé go raibh beirt iarrthóirí don dá spás do bhaill aonair ar an gCoiste Gnó agus d’fhógair sé Daithí de Faoite agus Brian Ó Baoill go hoifigiúil mar bhaill den Choiste Gnó do 2009-2010. Na Toghcháin Áitiúla & Eorpacha Dhein an tArd-Rúnaí cur i láthair ar éilimh an Chonartha do na toghcháin áitiúla &

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

71


Conradh na Gaeilge

Eorpacha. Dúirt sé go raibh sé an-tábhachtach ceisteanna a chur ar iarrthóirí na dtoghchán maidir leis na héilimh chun brú a choimeád ar pholaiteoirí na tíre. Scaipeadh eolas faoi na héilimh ar an Ard-Fheis chomh maith le treoracha faoi na leibhéil pháirtíochta do na craobhacha sa bhfeachtas.

Aitheasc an Uachtaráin In aitheasc an Uachtaráin, dúirt sé go raibh an-dul chun cinn déanta ach gur chóir do phobal na Gaeilge a bheith réidh d’fhrithbhuille. Labhair sé faoi thábhacht an rúin faoi choiste a bhunú chun iniúchadh a dhéanamh ar imeachtaí sa Roinn Oideachais atá ina gcúis leis an staid ina bhfuil cúrsaí múinte na Gaeilge anois. Chuir sé béim ar an tábhacht a bhaineann le brú a choimeád ar pholaiteoirí agus iarrthóirí sna toghcháin le ceisteanna faoin nGaeilge agus seasamh a dhéanamh ar son na Gaeilge. Ceardlanna Tacaíochta do na Craobhacha Dhein Orna Ní Chuinneagáin ceardlann faoi scileanna teicneolaíochta, ag díriú ar fheidhmeanna ríomhphoist. Dhein Aoife Ní Ghlaicín-Riain ceardlann faoi conas sonraí craoibhe a chur ar shuíomh gréasáin Chonradh na Gaeilge. Scaipeadh bileoga den dá chur i láthair & bhí foirm ar fáil chun leathanach ar an suíomh a chruthú dóibh. Tugadh le fios go mbeadh ceardlann eile ag an Tionól Gaeltachta.

Tuairiscí ó na hEagraíochtaí Faoi Scáth an Chonartha Thug na daoine seo a leanas tuairiscí ar obair na n-eagraíochtaí faoi scáth an Chonartha: Maedhbh Ní Dhónaill, Ógras; Caitríona Bairéad, Seachtain na Gaeilge; Máirín Ní Ruairc-Tuathaigh, Coimisiún le Rincí Gaelacha; Donnchadh Ó hAodha, Clódhanna Teo.; Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge. 72

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Na Cuntais Airgid Dhein an tArd-Rúnaí cur i láthair ar na cuntais airgid do 2008. Thug sé le fios gur deineadh brabús i 2008 agus ghabh sé buíochas le Clódhanna Teo. as deontas de €15,000 a thabhairt ag deireadh na bliana. Thug sé le fios go raibh ardú ar ioncam ó na ranganna Gaeilge ach go raibh laghdú ar an mBailiúchán mar gheall ar dhátaí an Bhailiúcháin i 2008. Glacadh leis na cuntais, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. Maidir le 2009, tugadh le fios go raibh deontas €237,000 faighte ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltacht do dheisiúcháin an Cheann-Árais ach go raibh €250,000 eile le fáil ó fhoinsí eile, ach go háirithe ó iasacht bhainc. Dúirt an tUachtarán go gcuirfí litir chuig gach craobh ag lorg cabhair airgid chun an iasacht a laghdú. Tugadh moladh do Celine Ní Chóchlaigh agus na mic léinn a bhí ar thaithí oibre in oifig na Gaillimhe & in oifig Bhaile Átha Cliath as an obair a dheineadar ar an mBailiúchán Náisiúnta i 2009. Tugadh le fios go raibh an tAire Ó Cuív ag caint faoi aon eagraíocht Ghaeilge amháin agus mhol an Tánaiste cruinniú a lorg leis an Aire faoin gceist.

Na Rúin Glacadh leis na rúin seo a leanas:

AN GHAELTACHT: 1. “Go gcuirfeadh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúrsa ar siúl do chúigear as gach Gaeltacht lag chun go mbeidh siad ar ardchumas cainte sa chanúint sin.” Molta ag Domhnall Ó Loigsigh (Craobh Bhaile Mhúirne) agus cuidithe ag Daithí Mac Cárthaigh. 2. “Go múinfí an chanúint labhartha áitiúil sna scoileanna Gaeltachta chomh maith leis an gCaighdeán.” Molta ag Domhnall Ó Loingsigh (Craobh Bhaile Mhúirne) agus

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


Conradh na Gaeilge

cuidithe ag Pádraig Ó Cruimín. 3. “Go ndéanfar iarracht mhór stádas Gaeltachta a bhaint amach do chodanna de Chontae an Chláir sna blianta atá le teacht i bhfianaise líon na nGaeilgeoirí sna háiteanna úd ón daonáireamh deireanach amach.” Molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag Ben Mac Lochlainn. 4. “Go dtabharfar tacaíocht phraiticiúil do Choiste Forbartha Teanga Contae an Chláir chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach do ghréasán Gaeilgeoirí taobh istigh de Chontae an Chláir ón lá inniu ar aghaidh.” Molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. 5. “Go dtabharfar cabhair do Choiste na Gaeltachta i gContae an Chláir aird a tharraingt ar ‘Straitéis le Gaeltacht a bhunú i gContae an Chláir 2008–2016’ agus ‘Plean na Gaeilge 2009–2016’ dá gcontae féin.” Molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh (Craobh na hInse).

OIDEACHAS: 6. “Dearbhaímid arís eile gur prionsabal luachmhar oideachasúil de chuid na gaelscolaíochta an tumoideachas lánGhaeilge i ranganna naíonán; go gcosnóidh Conradh na Gaeilge é i gcomhar le gaelscoileanna, tuismitheoirí agus pobal na tíre i gcoitinne an ceart seo a bhaineann le spiorad sainiúil teangeolaíoch na scoile lánGhaeilge; agus go gcuirfimid in aghaidh aon iarracht de chuid na Roinne Oideachais & Eolaíochta an prionsabal oideachais seo, a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta aige, a chealú nó a athrú nó a mhaolú.” Molta ag Pádraig Ó Dálaigh agus cuidithe ag an Uachtarán. 7. “Iarraimid ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ciorclán 44/2007 a tharraingt

Ard-Fheis 2010, Luimneach

siar.” Molta ag Nóirín Uí Dhálaigh agus cuidithe ag an Tánaiste. 8. “Éilímid go bhféachfadh na húdaráis chuí chuige go ndéanfar taighde ar bhonn uileoileánda ar an luath-thumoideachas iomlán, cleachtas tábhachtach oideachasúil, a bhfuil dlúthbhaint aige le buanú phobal na Gaeilge lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.” Molta ag an Tánaiste agus cuidithe ag Nóirín Uí Dhálaigh. 9. “Éilímid arís eile go go mbrúfaí chun cinn leis an Ionad Náisiúnta Oideachais i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a gheall Airí Oideachais agus Eolaíochta i Mí na Nollag 1999 agus arís i Meitheamh 2000: ar mhaithe le múinteoirí a chumasú chun an leas is fearr a bhaint as a dtalann féin agus as buanna a ndaltaí scoile; chun taighde leanúnach a dhéanamh ar mhúineadh na teanga; áiseanna teagaisc a fhorbairt, agus oiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do lucht comhairle agus pleanála san oideachas.” Molta ag Nóirín Uí Dhalaigh agus cuidithe ag Celine Ní Chóchlaigh. 10. “Iarrann an Ard-Fheis ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cúrsa comhtháite Gaeilge sásúil, maraon leis an ábhar tacaíochta cuí, a chur ar fáil do na bunscoileanna sin nach bunscoileanna lánGhaeilge iad; agus go ndéanfaí amhlaidh ag an dara leibhéal.” Molta ag an Uachtarán agus cuidithe ag Pádraic Mac Donncha. 11. “Bunaítear coiste neamhspleách de dhaoine aitheanta cáilithe chun iniúchadh iomlán a dhéanamh ar na himeachtaí laistigh den Roinn Oideachais agus Eolaíochta le breis agus 30 bliain anuas atá ina gcúis leis an staid ina bhfuil cúrsaí múinte na Gaeilge anois, ag an mbun, ag an dara agus ag an tríú leibhéal.” Molta ag an Uachtarán agus cuidithe ag Seán Ó Nuanáin.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

73


Ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge Na Forbacha Co. na Gaillimhe Teil: (091) 503100 Facs: (091) 503101

Baile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí Teil: (026) 45366 Facs: (026) 45423

Áislann Bhéal an Mhuirthead, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Teil: (097) 81418 Facs: (097) 82179

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair Doirí Beaga Co. Dhún na nGall Teil: (074) 9560100 Facs: (074) 9560101

Páirc Ghnó an Daingin An Daingean, Co. Chiarraí Teil: (066) 9150100 Facs: (066) 9150101


Conradh na Gaeilge

12. “Éilíonn an Ard-Fheis seo go leasófar alt 476 den Acht Comhdhlúite Cánach 1997 ionas go mbeidh faoiseamh cánach ar fáil ar chaiteachas an fhoghlaimeora ar chúrsaí teagaisc Gaeilge.” Molta ag Daithí de Faoite agus cuidithe ag an Tánaiste. 13. “Cáineann Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge cinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta aitheantas a dhiúltú don seacht nGaelscoil nua agus go dtí seo Gaelcholáiste amháin a bhí le hoscailt i 2009 agus éilímid go mbronnfar aitheantas orthu don scoilbhliain 2010. Éilimid go dtabharfar aitheantas do shainriachtanais na gaelscolaíochta sa chóras aitheantais scoileanna nua atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.” Rún éigeandála, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 14. “Go gcuirfear béim chuí ar scileanna foclóra agus ar ghramadach na Gaeilge mar chuid de chúrsa comhtháite cumarsáide sna scoileanna, tríd an gcóras oideachais ar fad, chun go bpiocfaí an teanga suas níos tapúla.” Molta ag Seósamh Mac Ionnrachtaigh agus cuidithe ag Celine Ní Chóchlaigh.

CEARTA: 15. “Éilíonn an Ardfheis ar na húdaráis phoiblí ag gach leibhéal ar fud na tíre sna cásanna nach bhfuil sé i bhfeidhm cheana féin acu, brí agus treoir Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú maidir le comharthaíocht phoiblí - buan agus sealadach - lena chinntiú go mbeidh sin dátheangach, leis an nGaeilge chun tosaigh ó thaobh gradaim de, agus ar chómhéid leis an mBéarla, agus éilímid freisin go leasaítear an chomharthaíocht reatha uilig nach bhfuil amhlaidh roimh 1 Márta 2013.” Molta ag

Ard-Fheis 2010, Luimneach

Seán Ó hAdhmaill agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 16. “Éilíonn an Ardfheis go gcinnteoidh na bainc rogha Gaeilge ar gach ATM in Éirinn, agus moltar dá gcustaiméirí tacú leis an éileamh seo a bhaint amach, agus ansin an tseirbhís a úsáid mar nós.” Molta ag Tara Ní Dhuinn agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. 17. “Tugann Conradh na Gaeilge moladh do Chomhairle Bhaile Nás na Ríogh as ucht a gcomharthaí a thugann an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla agus éilítear go leanfaidh gach údarás áitiúil eile an deashampla.” Molta ag Anita Nic Amhlaoidh agus cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh (Craobh Bhaile Mhúirne). 18. “Athdhearbhaíonn Ardfheis Chonradh na Gaeilge ár dtacaíocht don Choimisinéir Teanga agus a fhoireann, agus molaimid do phobal na Gaeilge feidhm iomlán a bhaint as an oifig sin.” Molta ag Diarmuid Ó Coileáin agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 19. “Molann an Ardfheis don phobal a bheith san airdeall faoin ngalldú atá ar siúl ar fud réimsí éagsúla den chóras poiblí: mar shampla, comharthaí aonteangacha Béarla á gcur in ionaid phoiblí, agus iarrtar ar an gCoiste Gnó na céimeanna cuí a thionscnamh chun stop a chur leis seo agus lena chinntiú gur comharthaíocht dhátheangach, nó ilteangach, a bhéas ann leis an nGaeilge chun tosaigh ó thaobh ghradaim de.” Molta ag Diarmuid Ó Coileáin agus cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh. EAGRAÍOCHT: 20. “Go mbunófaí coiste le breathnú ar na modhanna is fearr chun siopaí idir mhór agus bheag, garáistí, proinntithe, pictiúrlanna ilscáileán srl. a ghríosadh chun

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

75


Conradh na Gaeilge

comharthaí Gaeilge, nó ar a laghad comharthaí dátheangacha, a chur in airde.” Molta ag Ben Mac Lochlainn agus cuidithe ag Breandán Mac Fhionnghaile. 21. “Tacaíonn an Ard Fheis seo le hócáid ollrith náisiúnta bunaithe ar an Korrika i dTír na mBascach, le bród as an nGaeilge a mhúscailt, a léiriú agus a neartú i measc phobal uile na hÉireann.” Molta ag Daithí de Faoite agus cuidithe ag an Tánaiste. 22. “Molann Craobh na hInse don Ardfheis seo go mbunófaí láithreach feachtas foirmeálta chun craobhacha na heagraíochta a athnuachan agus a láidriú, agus go mbeidh baill an Choiste Ghnó ar fáil chun an obair seo a chomhordú ar bhonn réigiúnda.” Molta ag Breandán Mac Fhionnghaile agus cuidithe ag Máire Ní Laoire. 23. “Go mbaileodh an Ard-Oifig sonraí teagmhála gach baill den eagraíocht idir ainm, shloinne, sheoladh, ríomhphost, agus/ nó uimhir ghutháin, agus go gcuirfeadh an Ard-Oifig eolas go tráth-rialta le ríomhphost agus / nó le téacs chuig na baill maidir le himeachtaí agus feachtais náisiúnta agus áitiúla de chuid Chonradh na Gaeilge.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 24. “Go n-iarrfadh an Coiste Gnó ar an gCoimisiún um Rincí Gaelacha scéim a aontú leis an gCoiste Gnó, agus a chur i bhfeidhm, a mbeadh sé mar chuspóir aici go mbeifear in ann plé leis an gCoimisiún um Rincí Gaelacha gan stró as Gaeilge taobh istigh de 3 bliana.” Molta ag Dáithí Mac Cárthaigh agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. 25. “Go gcothódh agus go dtacódh an Conradh le spiorad na fiontraíochta Gaeilge trí cheardlann bhliantúil a rith, le heolas praiticiúil a sholáthar d’fhiontraithe poitéinsiúla i dtaobh fiontair nua a bhunú (gnó, 76

Ard-Fheis 2010, Luimneach

cuntasaíocht, teicneolaíocht, maoiniú, dlíthe gnó agus cúraimí stáit i leith chomhlacht a bhunú, srl. san áireamh), agus go ndéanfaí seo i bpáirt leis na ranna Stáit cuí.” Molta ag Cóilín Ó Cearbhaill agus cuidithe ag Seán Ó hAdhmaill. 26. “Molann an Ardfheis go dtionscnódh an Coiste Gnó córas leanúnach bolscaireachta agus eolais chun fealsúnacht na Gaeilge a leathnú i measc an phobail, agus go gcinnteofaí i gcomhar leis na heagrais eile Ghaeilge go gcruthófaí córas foirfe, éifeachtach agus gairmiúil.” Molta ag Cormac Ó Coileáin agus cuidithe ag Máire Ní Laoire. 27. “Tugann Craobh Ghlór na Ríogh cuireadh do Chonradh na Gaeilge an Ardfheis a reáchtáil i Nás na Ríogh in 2011.” Molta ag Anita Nic Amhlaoidh agus cuidithe ag Daithí Mac an Bhaird.

EILE: 28. “I bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta atá sa tír, go gcuirfeadh Conradh na Gaeilge feachtas náisiúnta ar bun le daoine a spreagadh chun earraí áitiúla agus Éireannacha a cheannach agus le seirbhísí áitiúla agus Éireannacha a úsáid, agus chuige sin go n-iarrfadh an Conradh ar dheantúsóirí earraí agus ar sholáthróirí seirbhísí ón tír seo leas forleathan a bhaint as lipéadú agus fógraíocht as Gaeilge agus / nó dátheangach (Gaeilge / Béarla).” Molta ag Gearóid Mac Unfraidh agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 29. “Molann an Coiste Gnó don Ard-Fheis Mazars a athcheapadh mar iniúchóirí Chonradh na Gaeilge go ceann bliana eile ach amháin más féidir iniúchóirí níos saoire a aimsiú faoi mhí Dheireadh Fómhair 2009 a bheidh sásúil don Choiste Gnó.” Molta ag Pádraig Mac Donnchadha agus cuidithe ag Dáithí Mac Cárthaigh.

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais


12. SONRAÍ TEAGMHÁLA - www.cnag.ie Ceann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón:+353 (0)1 4757401 eolas@cnag.ie www.cnag.ie Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Fón: +353 (0)91 567824 conradh@bradan.iol.ie www.cnag.ie

An Clár as Gaeilge, 5 Ardán Naomh Antaine, Inis, Co an Chláir. Fón: +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net www.clarasgaeilge.net

Togra Mhaigh Eo, Sráid Ellison, Caisleán a' Bharraigh, Co Mhaigh Eo. Fón: +353 (0)94 9022444 eolas@conradhmhaigheo.ie

Togra Luimnigh, Áras Íde, 18 Sráid Thomáis, Luimneach. Fón: +353 (0)61 417895 / +353 (0)85 1020374 conradhluimnigh@gmail.com Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe. Fón: +353 (0)91 870718 prua@lochariach.com

Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

77


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2010, Luimneach

13. UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 - 2008) 1893 - 1915

Folúntas

1919 - 1922

Seán Ua Ceallaigh (Sceilg)

1916 - 1919

1922 - 1925

1925 - 1926

1926 - 1928

1928 - 1933

1933 - 1940

Eoin Mac Néill

Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh)

(1868 - 1942)

Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh)

Diarmuid Mac Fhionnlaoich

1946 - 1949

Liam Ó Luanaigh

1950 - 1952

Annraoi Ó Liatháin

1952 - 1955

1955 - 1959 1959 - 1965

1965 - 1968

1968 - 1974

1974 - 1979

(1856 - 1942)

Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne)

Cormac Breatnach

1942 - 1945 1949 - 1950

(1867 - 1945)

(1872 - 1957)

(1862 - 1930)

Liam Ó Buachalla

1945 - 1946

(1860 - 1949)

An Dr. Seán P. Mac Énrí

1940 - 1941 1941 - 1942

Seán Óg Ó Tuama

Seán Mac Gearailt

Diarmuid Mac Fhionnlaoich Seán Mac Gearailt

Tomás Ó Muircheartaigh Micheál Mac Cárthaigh

Cathal Ó Feinneadha

Maolsheachlainn Ó Caollaí

(1886 - 1956)

(1856 - 1942) (1899 - 1970)

(1912 - 1980)

(1903 - 1964)

(1916 - 2004) (1914 - 1998) (1903 - 1964)

(1917 - 1981)

(1916 - 2004)

(1907 - 1967) (1911 - 1983)

(1928)

(1939)

Pádraig Ó Snodaigh

(1935)

Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach)

(1918 - 1990)

1979 - 1982

Albert Fry

1985 - 1989

Íte Ní Chionnaith

1994 - 1995

Áine de Baróid

(1950)

1998 - 2003

Tomás Mac Ruairí

(1939)

1982 - 1985

1989 - 1994

1995 - 1998 2003 - 2004

2004 - 2005

2005 - 2008

2008 78

Dúbhglas de h-Íde (An Chraoibhín Aoibhinn)

1915 - 1916

Proinsias Mac Aonghusa

Gearóid Ó Cairealláin Séagh Mac Siúrdáin

Nollaig Ó Gadhra

Dáithí Mac Cárthaigh

Pádraig Mac Fhearghusa Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais

(1940)

(1953)

(1933 - 2002)

(1957)

(1958)

(1943 - 2008)

(1968)

(1947)



Aidhm na hEagraíochta:

Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta:

Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a) cur le líon lucht labhartha na Gaeilge; (b) cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge; (c) cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear; (d) gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn; (e) cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge; (f) seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; (g) stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge; (h) ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge; (i) aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta:

Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.