1 minute read

Cúinne na Cócaireachta: Muifíní Úll Síle Ní Chearúil

Cúinne na Cócaireachta

MUIFÍNÍ ÚLL

Síle Ní Chearúil

Tá úlla le fáil go forleathan ag an am seo den bhliain agus is minic a dhéanann daoine toirtín i ndiaidh toirtín leo, ach tá go leor roghanna eile ann. Tá na muifíní seo blasta agus is bealach éasca iad le húlla á úsáid nuair atá na crainn ag cur thar maoil. Tá siad go deas, te le custard, nó mar smailc. Is féidir 50g rísíní nó 50g cnónna a chur isteach sna muifíní seo chomh maith.

Tá luach cothaitheach ard ag úlla. Tugann said vitimín A gus C duit. Tá siad riachtanach do shláinte an choirp. Tá vitimín A riachtanach chun do shúile a choimeád sláintiúil agus spreagann sé an córas imdhíonachta (immune system), rud atá an-tábhachtach ag an am seo den bhliain agus an aimsir ag athrú. Tá neart snáithín (fi bre) cothaitheach le fáil ó úlla ach go háirithe má itheann tú an craiceann. Is féidir leat leath den phlúr bán san oideas seo a mhalartú le plúr caiscín (wholemeal) chun méid an tsnáithín cothaithigh atá ann a ardú.

Comhábhair

400g plúr bán 4tsp púdar bácála ½ tsp salann ½ tsp cainéal (cinnamon) ½ tsp spíosraí measctha 125g siúcra mionaithe 1 ubh 4 tsp ola lus na gréine 350ml bainne 2 úll cócarála, grátáilte

Modh

Téigh an t-oigheann go 200c. Criathraigh an plúr, an púdár bácála, salann, cainéal agus spíosraí measctha isteach i mbabhla agus measc an siúcra isteach leo. Buail an ubh agus ola le chéile. Cuir an bainne leo agus buail arís iad. Fill an ubh, bainne agus olla isteach leis na comhábhair tirime. Fill isteach na húlla. Cuir an cumasc i gcásanna páipéir i stán muifíní. Bácáil iad ar feadh 25 noiméad go dtí go mbíonn sia d ar dhath an óir.

This article is from: