4 minute read
Glacaigí seilbh ar bhur gcinniúint féin Michael Bingham SJ
14 Timire
Glacaigí seilbh ar bhur gcinniúint féin
Michael Bingham SJ
Dúirt cara liom uair amháin, agus é ag fás aníos lena chuid deartháireacha agus deirfiúracha, dá dtitfeadh sé amach gur éirigh eatarthu, gur ghnách lena dtuismitheoirí iad uile a chur ina suí a chaint faoin cheist go dtí go socrófaí í agus go dtiocfaí ar réiteach. Tá a fhios againn uile go mb’fhéidir go n-oibreodh sé sa ghearrthéarma dul a sciolladh ar pháistí – nó níos measa arís múineadh a chur orthu - nuair a thosaíonn siad a scansáil a chéile, ach san fhadtéarma cothaíonn sin fuath agus frustrachas a chuireann olc ar chumann idir dhaoine ar feadh na mblianta. Ach feictear seo i measc daoine fásta chomh maith; éiríonn conspóidí idir chomharsana, cuir i gcás, agus faighimid amach nach bhfuil na scileanna againn le déileáil leo. Uaireanta tig le cara coiteann nó duine a bhfuil muinín ag an dá thaobh as teacht eatarthu, nó ‘idirghabháil’ a dhéanamh sula dtiontaíonn sé ina aighneas ceart. Ach ní bheidh sin amhlaidh – agus is é seo an fhadhb – ach amháin má mhothaíonn na páirtithe go bhfuil smacht acu ar na cúrsaí, agus nach mbrúitear réiteach orthu.
Bhí oideachasóir ann de chuid na Brasaíle, fear darbh ainm Paulo Freire. Le linn a chuid ama mar stiúrthóir oideachais sa stát fíorbhocht Pernambuco sna luath1960idí, d’fhorbair sé modh oideachais a bhfuil tionchar domhanda aige ó shin. Bhí sé bunaithe ar an chreideamh gur gá, chun a gcumas a bhaint amach – agus bhí sé ag smaoineamh go háirithe anseo ar phobal bocht a thíre féin - stopadh de bheith ag caitheamh le daoine mar a bheadh gabhdáin fholmha ann, a bhí ag fanacht go díreach le daoine eile eolas agus faisnéis a dhoirteadh isteach iontu. Ba é sin an chúis a bhí siad ní hamháin bocht, a d’áitigh sé, ach fosta nárbh fhéidir leo rud ar bith a dhéanamh faoi. Caithfidh siad páirt cheannaireachta a ghlacadh – i gcomhar le múinteoirí tuisceanacha – agus iad ag breathnú ar a dtaithí féin, agus ceisteanna criticiúla a chur ar nós ‘Cad chuige?’ ‘Cad chuige nach?’ agus ‘Cén dóigh?’ Is ar an tslí sin amháin a thiocfadh athrú chun feabhais. Gineadh frása chun cur síos ar an phróiseas seo, a thaistil an domhan ó shin: ‘Seilbh, nó cúram, a ghlacadh ar do chinniúint féin.’
Seo sampla eile den phointe céanna. Níl ann ach ar na mallaibh a thuig muid mura ndéanaimid ach bia agus éadaí a bhronnadh ar phobail atá i ndíth san Afraic nó san Áis go gcoinníonn sin iad i riocht an éagumais agus an spleáchais. Cuireann sin cosc ar thíortha bochta a bhféinmhuinín a fháil ar ais, agus ligeann do thíortha saibhre smacht a choinneáil orthu. Tá a fhios againn gur fearr i bhfad ná iasc a thabhairt do dhuine le hithe, teagasc dó an dóigh le hiascaireacht é féin.
Agus mar sin féin nuair a bhaineann sé le conspóid nó coimhlint laistigh de agus idir na náisiúin bhochta, dar le stáit chumhachtacha (agus de ghnáth stáit atá lena leas féin) gurb é an gnó s’acusan idirghabháil a dhéanamh agus dul i mbun cogaidh, amhail is gurb acu is fearr fios. Déanann siad dearmad ar ndóigh gurb iad féin san am a caitheadh ba chiontaí leis an dúshaothrú le linn ré na gcoilíneachtaí atá mar údar lena lán de na coimhlintí seo.
Timire 15
Is muidne san Iarthar saibhir, trínár gcuid rialtas agus foras, a chumann na rialacha agus ansin a chinntíonn go gcloíonn daoine eile leo – le fírinne go díreach ar nós tuismitheoirí rósmachtúla. Is deacair scaoileadh leis an smacht agus an spás a ligean le daoine eile chun freagracht a ghlacadh ar a saol féin. Ach is é sin atá an Eaglais ag iarraidh orainn a dhéanamh ina Teagasc Sóisialta, ag leanúint shampla Chríost sa Soiscéal, nuair a labhraíonn sí faoina thábhachtaí atá sé go ligfeadh an tsochaí do dhaoine agus do ghrúpaí ar an talamh rudaí a chinneadh dóibh féin. Tá Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí an-soiléir faoi seo: ‘níor chóir do phobal as ord níos airde cur isteach ar shaol inmheánach pobail as ord níos ísle, ag baint dó a chuid feidhmeanna, ach ina áit sin ba chóir dó tacú leis i gcás an riachtanais agus cuidiú lena ghníomhartha a chomhordú le gníomhartha daoine eile sa tsochaí, agus aird i gcónaí acu ar an leas coiteann.’ Is é seo ar a dtugtar anois ‘prionsabal na coimhdeachta’.
Mar sin de is deas an t-athrú é go n-iarrtar orainn an mhí seo bheith ag guí go bhfágfaí na pobail sin ar fud an domhain, a bhíonn ag fulaingt de dheasca na péine agus an chaillteanais a thugann an cogadh, go bhfágfaí fúthu féin iad le réiteach a thionscnamh agus a threorú. Is é an ról a bheadh ag an chuid eile againn tacaíocht a thabhairt dóibh, a luaithe agus atá a gclár féin don tsíocháin socraithe acu. Is iadsan a chaithfidh maireachtáil le toradh aon socraithe, i ndeireadh na dála, agus is iadsan is fearr a thuigfidh cad é atá ag dul a oibriú.
Intinn Mhiseanach an Phápa do Mhí Feabhra, 2013
Gurb iad na daoine atá ag fulaingt cogaí agus aighneas a bheidh ina gcinn feadhna ag tógáil na síochána sa todhchaí.