2012 Ard-Fheis

Page 1

Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Clár ama aN deireadh seachtaine: Dé hAoine, 30 Márta 2012 Plé Traenáil

11.00 14.00

Cruinniú gréasánaíochta leis na Scéimeanna Pobail Gaeilge Traenáil do na Scéimeanna Pobail Gaeilge

Plé

20.00 20.30

Siamsaíocht

22.00

Oscailt na hArd-Fheise Painéal cainteoirí: Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge - a chuimseoidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas 2010-2030, Straitéis Ghaeilge ó thuaidh & aon samhail nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge - le • Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; • Páidí Ó Lionáird, Láithreoir 7 Lá, TG4 & Colúnaí le Gaelscéal; • agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, IarUachtarán Chonradh na Gaeilge. Ceol agus fáiltiú

Dé Sathairn, 31 Márta 2012: Siamsaíocht Plé

Siamsaíocht

08.00 08.30 09.30 10.00 12.15 12.30 13.00 13.00

Bricfeasta Caint iarbhricfeasta le Dónal Ó hAiniféin Cuntais an Chonartha Plé ar na rúin de réir tosaíochtaí Na rúin nár pléadh a aontú nó a dhiúltú Tuairisc ó na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha & Ard-Fheis 2013 Toghchán na hUachtaránachta agus an Choiste Gnó Lón

Plé Peil Traenáil

13.15 14.00 14.15

Comhdháil na Gaeilge d’Aontas na Mac Léinn in Éirinn Tús leis an gcomórtas 7 an taobh Ceardlanna: a. Conas na meáin shóisialta (Facebook, Twitter, srl.) a úsáid chun cabhrú le hobair na Craoibhe? b. Scéimeanna maoinithe atá ag Foras na Gaeilge do choistí áitiúla agus conas airgead a thiomsú? c. Conas an Ghaeilge a chur chun cinn sna córais oideachais ó Dheas agus ó Thuaidh?

Siamsaíocht Plé

15.15 15.30

Tae/caife Deireadh leis an toghchán don Choiste Gnó

Traenáil

15.30

Ceardlanna: a. Conas imeachtaí a eagrú - Seachtain na Gaeilge, ranganna, An Bailiúchán Náisiúnta, Is Leor Beirt, agus eile sa phobal? b. Conas pleanáil go háitiúil? c. Conas plé leis na meáin áitiúla? d. Céard é an scéal is déanaí le hAontas Phobal na Gaeilge? Craobh an chomórtais 7 an taobh - Fáilte roimh gach duine Fáiltiú roimh Dhinnéar na hArd-Fheise Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise

(go 16.30) Peil Siamsaíocht

17.00 20.00 20.30

Dé Domhnaigh, 1 Aibreán 2012 Eile Siamsaíocht

2

10.30 12.00

Aifreann - Ardeaglais Peadar agus Pól Siúlóid stairiúl timpeall Bhaile na hInse

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

clár leabhar na hArd-Fheise 1. Na Rialacha Seasta .............................................................................................................

5

2. Tuairisc an Uachtaráin ....................................................................................................... 6 3. An Eagraíocht: 3.1. Na Coistí agus Ionadaíocht ....................................................................................... 11 3.2. An Fhoireann ..............................................................................................................

12

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais ............................................. 13 3.4. Tuairisc na hEagraíochta ........................................................................................... 14 3.5. Tuairisc Timireachta ................................................................................................... 26 3.6. Na Cuntais Airgid 2011 ............................................................................................. 28 3.7. Bailiúchán Náisiúnta 2011 ......................................................................................... 36 3.8. Síntiús na nGael .......................................................................................................... 38 3.9. Comhbhrón .................................................................................................................

38

4. Tuairiscí na nEagraíochtaí faoi Scáth an Chonartha: 4.1. Tuairisc Seachtain na Gaeilge Teo ................................................................................ 40 4.2. Tuairisc Oireachtas na Gaeilge ....................................................................................

42

4.3. Tuairisc Ógras ............................................................................................................. 45 4.4. Tuairisc An Coimisiún le Rincí Gaelacha .................................................................... 46 5. Tuairisc Clódhanna Teoranta ............................................................................................... 49 6. Tuairiscí ó na Tograí 6.1. Tuairisc An Clár As Gaeilge ........................................................................................

51

6.2. Tuairisc Gael-Fhorbairt na Gaillimhe .......................................................................... 52 6.3. Tuairisc Gaeilge Locha Riach ....................................................................................... 53 6.4. Tuairisc Scéim an Aonaigh .......................................................................................... 57 6.5. Tuairisc Togra Mhaigh Eo ...........................................................................................

58

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin 2012 .............................................................................. 60 8. Rúin na hArd-Fheise 2012 ................................................................................................. 64 9. Aontas Phobal na Gaeilge .................................................................................................

68

10. Torthaí Ghlór na nGael 2011 ........................................................................................... 71 11. Miontuairiscí Ard-Fheis 2011, Nás na Ríogh ................................................................ 72 12. Sonraí Teagmhála ............................................................................................................ 81 13. Uachtaráin Chonradh na Gaeilge ..................................................................................

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

82

3


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

CAOL DÍREACH... go ceann scríbe!

Ní gá dul amú a thuilleadh. Tá bealach glan romhat. Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi, éascóidh www.gaeilge.ie do thuras.

No roundabouts here. Let the information superhighway take you where you want to go with the Irish language. Just log on to www.gaeilge.ie for the quickest route to the information you need.

Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC, áit gur féidir leat: • cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh, • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas nua faoi ar an suíomh), nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú.

Check out the NASC classified ads where you can: • post an ad to request or advertise a course/ event, • register your area of interest to get alerts when new info is posted, or • search for what’s available in your neighbourhood. And much more.

Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear-ghaeltacht inniu!

do nasc leis an teanga 87

It’s never been easier to connect with the Cyber-gaeltacht!

your link to the language

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge T:    /    (T.É.) R: eolas@forasnagaeilge.ie


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

1. Na Rialacha Seasta 1. 2. 3. 4. 5. 6. 7. 8.

Trí nóiméad don té a mholann rún. Dhá nóiméad don té a chuidíonn leis an rún. Níl cead ag aon duine eile labhairt níos faide ná dhá nóiméad. Níl cead ag aon duine labhairt faoi dhó i dtaobh na ceiste céanna ach amháin an té a mholann rún. Níl cead ag teachta athrá a dhéanamh ar chaint a thug teachtaí eile cheana féin. Is é 25 teachta a bheidh mar líon gnó le linn na hArd-Fheise. Ní cheadaítear rún ar bith nach bhfuil luaite ar an gclár a phlé mura gcuirtear na Rialacha Seasta ar leataobh. Chun na Rialacha Seasta a chur ar leataobh ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vóta a chaitheamh ar a thaobh sin.

9.

10.

11. 12.

13.

Ní foláir do dhá thrian nó níos mó dá bhfuil i láthair agus i dteideal vótála, vótáil ar son rúin phráinní, a phléifear faoi riail 6, le go nglacfar leis mar rún. Beidh aon rún a bhainfidh le hairgeadas, rún práinneach a phléifear agus a ghlacfar leis faoi rialacha 6 agus 7 ina measc, mar mholadh seachas mar threoir don Choiste Gnó nua le cur i bhfeidhm laistigh d’acmhainní na heagraíochta. Beidh cead labhartha ag iar-Uachtaráin an Chonartha. Muna bhfuil ar chumas teachta a bheith i láthair chun rún dá c(h)uid a mholadh ní foláir dó nó di é sin a chur in iúl don Ard-Oifig roimh ré agus ní foláir dó nó di teachta eile a fháil chun an rún sin a mholadh agus é sin a cheadú i scríbhinn. Muna ndéantar amhlaidh titfidh gach rún nach molfar dá réir seo. Ní ceadmhach leasú a mholadh ar rún má athraíonn sé spiorad an rúin.

Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge 2011-12

Chun tosaigh ó chlé: Paula Melvin; Máire Ní Laoire; Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán; Cóilín Ó Cearbhaill, Tánaiste; Niall Comer. Dara sraith ó chlé: Eoghan Ó Murchadha; Jacqueline Uí Mhuirí; Aodhán Ó Deá; Pádraig Mac Fhearghusa; P.T. Mac Ruairí; Máre Uí Ghairbhí; Eibhlín Uí Mhorónaigh; Celine Ní Chóchlaigh. Ar chúl ó chlé: Breandán Ó Cathasaigh; Cathnia Ó Muircheartaigh; Daragh Ó Tuama; Mícheál Ó Raghallaigh; Peadar de Blúit; Brian Ó Baoill; Breandán Mac Fhionnghaile; Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

5


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

2. Tuairisc an Uachtaráin 2012 A chairde sa Chonradh, Ar dtús, ba mhaith liom fáilte a chur roimh theachtaí na hArd-Fheise agus roimh chairde Chonradh na Gaeilge chuig Ard-Fheis 2012 i mBaile na hInse, i gContae an Chláir. Táim cinnte de go mbeidh an-eagar ar gach rud a bhaineann leis an ócáid agus thar bhur gceann ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Craobh na hInse agus le foireann na hArdOifige as na socruithe a dhéanamh dúinn. Le linn na bliana ó bhí Ard-Fheis 2011 ann i Nás na Ríogh, tá na coistí ceannais tar éis am a chaitheamh ar conas ab fhéidir an leagan amach ar an Ard-Fheis féin a fheabhsú. Theastaigh uainn an ócáid a fheabhsú chun go gcomhlíonfaí dhá chuspóir ar chuma níos éifeachtaí: • •

Donnchadh Ó hAodha,Uachtarán Chonradh na Gaeilge

an gnó a dhéanamh ar bhonn chomh héifeachtach agus is féidir; agus deiseanna páirtíochta agus foghlama níos fearr a sholáthar dóibh siúd a fhreastalaíonn.

agus táimid ag féachaint chuige go mbeidh am fágtha do dheiseanna forbartha agus foghlama. Mar thús ar an Satharn, chun an gnó a thosú go luath, táimid ag iarraidh ar na teachtaí ar fad a bheith ar fáil do chaint iar-bhricfeasta. Táimid ag iarraidh a chinntiú go ndéanfaidh an cur i láthair sin teachtaí a spreagadh agus a dhíriú ar an obair atá le déanamh i gcaitheamh na maidine agus níos tábhachtaí fós, chun sinn ar fad a spreagadh chun breis dúthrachta tar éis na hArdFheise féin.

Bhíomar ag súil dá réir go mbeadh fonn níos mó ar dhaoine freastal ar an Ard-Fheis agus páirt níos gníomhaí a ghlacadh inti. Ní gá aon mhionchur síos a dhéanamh anseo ar chlár leasaithe na hArd-Fheise – tá sin ar fáil cheana féin ar shuíomh idirlín na heagraíochta agus níos luaithe sa leabhrán seo. Níorbh aon díobháil mar sin féin béim ar leith a chur ar chúpla rud. 1.

6

Táimid ag iarraidh gnó bheartais na heagraíochta a chur ar siúl le linn mhaidin an tSathairn, táimid ag iarraidh go ndéanfaí an gnó sin laistigh d’amchlár réasúnta,

2.

Tá sé de thuairim mheáite agam féin le tamall maith nach gcaithfimid dóthain ama in aon chor ar oiliúint - oiliúint a bheadh oiriúnach dúinn chun ár gcuid oibre a chur chun cinn

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

• • • • •

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Bunaíodh Comhar na Múinteoirí Gaeilge i 1964. Feidhmíonn an eagraíocht mar thaca agus mar fhoinse threorach do mhúinteoirí uile sa tíre - atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge - ina gcuid iarrachtaí chun cur lena ngairmiúlacht féin agus chun feabhas a chur ar shiollabais agus ar fhoghlaim na Gaeilge.

Áiseanna Teagaisc Cúrsaí Inseirbhíse Seimineáir Foilseacháin Comórtais

Chuige seo foilsítear acmhainní éagsúla teagaisc agus cuirtear seirbhísí tacaíochta ar fáil i bhfoirm seimineár agus cúrsaí inseirbhíse.

Cláraigh anois Ainm:

Fón

Ríomhphost: Seoladh Baile:

Seoladh Scoile:

Fón:

Rátaí Ballraíochta

87

Múinteoirí Gaeilge na Scoile: €15.00 __ 1 bhliain €40.00 __ 5 bliana Ballraíocht Aonair: €15.00 __ 5 bliana

Comhar na Múinteoirí Gaeilge 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2. Fón: +353 1 639 8445/ 8 R-phost: eolas@cnmg.ie Suíomh: www.cnmg.ie

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

níos fearr. Tá go leor le foghlaim againn i dtaobh conas ab fhearr nithe a eagrú, modhanna oibre nua a chleachtadh, teicnící nua a thriail, tionscnaimh nua a thosú, srl. Tá an fhoghlaim sin le fáil ó dhaoine san eagraíocht, in eagraíochtaí gaolmhara, agus lasmuigh. Beidh líon mór deiseanna foghlama ar fáil i rith an lae ar an Aoine agus tar éis lóin ar an Satharn chun tairbhe a bhaint as an éagsúlacht ábhar a bheidh ar fáil. Tá sé riachtanach go mbainfidh gach éinne leas astu. De bharr go bhfuil leagan amach cuíosach difriúil ar chlár Ard-Fheise na bliana seo, tá sé riachtanach freisin go bhfaighimis tuairimí ar ais ó na teachtaí faoi cad a cheapadar den iarracht nua seo. Bí cinnte mar sin go

gcuirfidh sibh bhur dtuairimí in iúl le linn na hArd-Fheise agus ina diaidh. Ní dhéanfar faillí ar dheiseanna caidrimh agus siamsaíochta ach oiread. Tá clár taitneamhach dúinn agus tá súil agam go mbainfidh gach éinne sult as. Ar deireadh, ní mór dúinn cuimhneamh de shíor ar canathaobh go bhfuilimid ann mar eagraíocht – chun an Ghaeilge a choimeád á labhairt in Éirinn – gach lá. Fearaim fáilte romhaibh chuig Ard-Fheis 2012! Donnchadh Ó hAodha Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cúil Aodha, Co. Chorcaí, Lá Fhéile Bríde 2012.

Tá AIB ar Shráid an Dáma

Chonradh na Gaeilge.

brodúil as an tacaíocht a thugann siad do

Buail isteach chugainn nó cuir glaoch orainn ar 01-6793211

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

Allied Irish Banks, p.l.c. is regulated by the Central Bank of Ireland.


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

3. An Eagraíocht 3.1. Coistí Agus Ionadaíocht An Coiste Gnó Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nua ar 07 Bealtaine 2011 agus toghadh Cóilín Ó Cearbhaill mar Thánaiste ar an gConradh ag an gcruinniú sin. Comhthoghadh Aodán Ó Sé, Leachlain Ó Catháin agus Daragh Ó Tuama ar an gCoiste Gnó. Reáchtáladh 7 gcruinniú de Choiste Gnó an Chonartha ó Ard-Fheis 2011 go 25/02/12. An Buanchoiste Tionóladh an chéad chruinniú den Bhuanchoiste nua ar 21 Bealtaine 2011. Bhí 7 gcruinniú den Bhuanchoiste ó Ard-Fheis 2011 go dtí 25/02/12. Seo a leanas baill an Bhuanchoiste: An tUachtarán: Donnchadh Ó hAodha. An Tánaiste: Cóilín Ó Cearbhail. Baill ceaptha ag an gCoiste Gnó: Pádraig Mac Fhearghusa; P.T. Mac Ruairí; Máire Ní Laoire; Aodhán Ó Deá; Niall Comer. Fochoistí Is iad seo a leanas na fochoistí de réir mar a rangnaíodh iad ag an gCoiste Gnó i mbliana: • Oideachas: Pádraig Mac Fhearghusa. • Gaeltacht: Brian Ó Baoill. • Bolscaireacht: P.T. Mac Ruairí. •Teicneolaíocht: Cóilín Ó Cearbhaill. Ionadaíocht Is iad seo a leanas na hionadaithe thar ceann an Choiste Ghnó a ainmníodh ar eagraíochtaí agus ar choistí éagsúla i rith na bliana: Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí. Cóilín Ó Cearbhaill, An Tánaiste (Ionadaí).

Coiste Oideachais Fhorais na Gaeilge Julian de Spáinn, Ard-Runaí. Coiste Stiúrtha Ógras Cóilín Ó Cearbhaill; Paula Melvin. Seachtain na Gaeilge Teo. Stiúrthóirí: Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán; Eoghan Ó Murchadha. Coiste Náisiúnta an Oireachtais Seisear ball 1 bhliana: Stiofán Ó Móráin; Cóilín Ó Cearbhaill; Daragh Ó Tuama; Aodhán Ó Deá; Máire Ní Laoire; Jacqueline Uí Mhuirí. Beirt Ionadaithe thar ceann an Choiste Gnó: Micheál de Mordha; Eilís Ní Shúilleabháin. Na Naíonraí Gaelacha Máire Ní Laoire. Clubanna Chonradh na Gaeilge Baile Átha Cliath: Aodhán Ó Deá. Gaillimh: Jacqueline Uí Mhuirí. Foras Éireann P.T. Mac Ruairí. An Fhéile Phan-Cheilteach Mícheál Ó Raghallaigh.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

11


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

3.2. An Fhoireann Ceann-Áras an Chonartha Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Timire Náisiúnta Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Ard-Oifige Máiread Seoighe, Oifigeach Cléireachais Sinsearach Máire Ní Dhuiginn, Oifigeach Cléireachais/Fáilteoir Aodhán Ó Deá, Comhordaitheoir na Mac Léinn An Siopa Leabhar Daragh Ó Tuama, Oifigeach na bhFoilseachán Lisa Ní Shuairc, Cúntóir Cillian de Búrca, Cúntóir An tOireachtas Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Máirín Nic Dhonnchadha, Riarthóir Emer de Barra, Oifigeach Forbartha Loretta Ní Churraighín, Feidhmeannach Ógras Maedhbh Ní Dhónaill, Riarthóir 12

Ríonach Ní Scolaí, Oifigeach Forbartha Chúige Uladh Breanda Ní Chonaire-Droighneáin, Oifigeach Forbartha Chúige Chonnachta Risteard Ó Fuaráin, Oifigeach Forbartha Chúige Mumhan Aisling de Barra - Taaffe, Oifigeach Cléireachais Seachtain na Gaeilge Teo. Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Gníomhach Jen Ní Mhathúna, Oifigeach Riarcháin An Coimisiún le Rincí Gaelacha Máire Ní Threasaigh-Mhic Riocard, Bainisteoir Lisa Gatti, Feidhmeannach Lily McGovern, Scrúduithe Colin Forbes, Cuntais Tograí Forbartha Áine Ní Iarnáin, Stiúrthóir, Togra Ghael-Fhorbairt na Gailllimhe Ruth Ní Shiadhail, Oifigeach Forbartha, Togra Ghaeilge Locha Riach Breandán Mac Fhionnghaile, Stiúrthóir, Togra An Clár As Gaeilge Brídín Ní Cheallaigh, Stiúrthóir, Togra Mhaigh Eo Kim Ní Mhaolchatha, Stiúrthóir, Togra an Aonaigh

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

3.3. An Tinreamh ar Chruinnithe de na Coistí Ceannais TINREAMH AN CHOISTE GHNÓ 2011/12 Ainm an Bhaill Aedín Uí Mhaoildéidigh Annraí Mac Seoigh / Eibhlín Uí Mhorónaigh Aodán Ó Sé Aodhán Ó Deá Breandán Mac Fhionnghaile Breandán Ó Cathasaigh Brian Ó Baoill Cathnia Ó Muircheartaigh Celine Ní Chóchlaigh Cóilín Ó Cearbhaill Conchubhair Mac Lochlainn Daragh Ó Tuama Donnchadh Ó hAodha Eoghan Ó Murchadha Jacqueline Uí Mhuirí Leachlain Ó Catháin Máire Ní Laoire Máire Uí Ghairbhí Micheál Ó Raghallaigh Niall Comer P T Mac Ruairí Pádraig Mac Fhearghusa Pádraig Ó Dálaigh Paula Melvin Peadar de Blúit Seán Ó hAdhmaill Seán Ó Murchadha Stiofán Ó Móráin TINREAMH AN BHUANCHOISTE 2011/12 Ainm an Bhaill Aodhán Ó Deá Cóilín Ó Cearbhaill Donnchadh Ó hAodha Máire Ní Laoire Niall Comer P T Mac Ruairí Pádraig Mac Fhearghusa

07/05/11

02/07/11

X

X X

X X X X X X X

X X X X X X X X X X X X

21/05/11 X X X X X X

X X X X X

17/09/11 X X X X

05/11/11 X X X X X X X

03/12/11 X X X X X X X X X X X

28/01/12 X X X X X X X X X X X X X X

25/02/12 X X

X

X X

X X

X X X X

X X X X X

X

X

X X

X X X X X X

X X X X

X X X X X

X

X

X

X X

02/07/11 X X X

03/09/11

03/12/11 X X X X

28/01/12 X X X X

25/02/12

X X X

22/10/11 X X X X

X X

X X

X X

X X

X X

X X

X

X

X X X X X X X

X X X X X

X X X X X X X X X X

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

X X X

X X

Iomlán 5 6 5 5 6 6 4 3 6 7 3 3 7 5 6 4 3 5 3 2 6 7 4 7 5 2 5 1

Iomlán 5 7 7 5 0 6 7

13


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

3.4. Tuairisc na hEagraíochta Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann. Is eagraíocht uile-Éireann an Conradh a ghníomhaíonn ar bhonn 32 chontae agus ar fud na cruinne ar son na teanga, agus creideann an Conradh gur le pobal uile na hÉireann í an Ghaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus líon mór ball aonair atá fós ag fás go leanúnach. Bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, agus níorbh aon eisceacht í obair na bliana seo. Seo a leanas príomhbheartais a dhírigh an t-eagras orthu ó bhí an Ard-Fheis dheiridh ann in Aibreán 2011: AONTAS PHOBAL NA GAEILGE Tháinig Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú, ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach in earnáil na Gaeilge. Is é an t-ionstraim aontaithe Aontas Phobal na Gaeilge (APG) toradh na hoibre seo agus tá an comhoibriú idir na heagrais ag dul ó neart go neart ó shin. Tá APG ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail. Chuige sin, thionóil APG pobal na Gaeilge le chéile ag seimineár oibre ar phleanáil sa phobal san Óstán Menlo Park, Gaillimh, ar an 30 Meán Fómhair 2011. Bhí sé mar aidhm an lae chun naisc a aimsiú idir na spriocanna sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó Dheas agus scéimeanna uile-oileánda Fhoras na Gaeilge, go háirithe i leith bhunú gréasáin Ghaeltachta agus pleanáil sa phobal ar bhonn réigiúin. Dá réir, bhí sí mar aidhm ag an seimineár moladh a réiteach leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas, leis an Roinn Cultúrtha, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, agus le Foras 14

na Gaeilge a chuimseodh a gcuid mianta pleanála agus a thógfadh mianta pleanála an phobail san áireamh.

Oscailt Ghaelscoil na Mí, an chéad Ghaelscoil ó 2008 le hoscailt le haitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna (01 Meán Fómhair 2011)

Aitheantas Tháinig Conradh na Gaeilge le chéile le Glór na nGael, Comhluadar agus An Foras Pátrúnachta chun tacú le Gaelscoil Ráth Tó, Gaelscoil nuabhunaithe i Ráth Tó, Co. na Mí, nach bhfuair aitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna do Mheán Fómhair 2010. Tá sé mar aidhm ag an gcomhfheachtas chun díriú ar an éileamh náisiúnta atá ann don oideachas lánGhaeilge chomh maith. D’éirigh leis an bhfeachtas Gaelscoil nua a fháil do mhuintir na Mí i gCill Dhéagláin, áit gur oscail Gaelscoil na Mí le haitheantas oifigiúil ón Roinn Oideachais agus Scileanna ar an 1 Meán Fómhair 2011, an chéad Ghaelscoil oifigiúil le hoscailt le haitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le trí bliana anuas. Tá Aitheantas fós ag obair lámh i lámh lena chinntiú go n-úsáideann An Roinn Oideachais agus Scileanna soláthar an Ghaeloideachas mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do gach scoil nua amach anseo. D’fháiltigh Aitheantas roimh fhógra na Roinne Oideachais agus Scileanna i Lúnasa 2011 go mbeidh ar a laghad trí Ghaelcholáiste i gCo. Átha Cliath agus i gCo. Chorcaí i measc na 14 iarbhunscoil nua a osclófar as seo go ceann trí bliana. Fostaíodh Caitríona Bairéad mar Oifigeach Forbartha nua d’Aitheantas i Meán Fómhair 2010 agus d’eagraigh sí sraith de chruinnithe poiblí maidir le Gaelscoileanna áitiúla a bhunú go luath ina dhiaidh sin. D’oibrigh sí

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

le héileamh na Gaelscolaíochta a spreagadh agus a mheas i gceantair a bhí aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar cheantair ina mbeadh scoileanna nua á n-oscailt, rinne sí iarratais a ullmhú do bhunú scoileanna Gaeilge agus thacaigh le coistí bunaithe a n-iarratais féin a ullmhú. An Siopa Leabhar Tá An Siopa Leabhar agus Conradh na Gaeilge ag obair go dlúth lena chéile chun seirbhís níos cuimsí agus a chur ar fáil do phobal na Gaeilge i gcónaí, agus tá sin le feiceáil go soiléir ó thosaigh Daragh Ó Tuama, Bainisteoir an tSiopa Leabhar, ag freastal ar chruinnithe foirne seachtainiúla le foireann na hArd-Oifige. Tá athchóiriú agus leagan amach úr déanta ar láthair an tSiopa Leabhar féin ó bhí Ard-Fheis 2011 ann, tá suíomh idirlín nua agus córas orduithe níos éifeachtaí ar-líne nach mór réidh le seoladh, agus tá poiblíocht rialta á déanamh ar earraí an tSiopa Leabhar i nuachtlitir agus i bpreasráitis an Chonartha chomh maith. Sna sála ar Chian Taaffe a phost a fhágáil ag tús an tsamhraidh seo caite, thosaigh Lisa Ní Shuairc mar chúntóir sa siopa i lár mhí an Mheithimh 2011. Tá clár imeachtaí idirghníomhacha do pháistí agus do chustaiméirí an tSiopa á fhorbairt aici i dteannta an Bhainisteora ó shin i leith, agus tá tuilleadh imeachtaí éagsúla beartaithe don Siopa Leabhar ar na mallaibh. ATHBHREITHNIÚ AR ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003 & OIFIG AN CHOIMISINÉARA TEANGA D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a d’fhógair an Rialtas ag tús na Samhna 2011 agus súil againn an deis a thapú le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge níos éifeachtaí agus níos cuimsí a chinntiú do phobal na Gaeilge. Bhí go dtí 31 Eanáir 2012 ag an bpobal chun aighneacht a chur faoi bhráid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus spreagamar, i bpáirt le Guth na Gaeltachta, an pobal chun páirt iomlán a ghlacadh san athbhreithniú Achta seo trí shuirbhéanna agus aighneachtaí a líonadh isteach. Chuireamar aighneacht shamplach agus aighneacht Chonradh na Gaeilge ar

fáil chun cabhrú le daoine aighneacht dá gcuid féin a líonadh amach, agus scaipeamar ceistneoirí ar chraobhacha, ar bhaill aonair agus ar dhaoine eile nach iad i gcaitheamh an ama. Ach d’fhógair an Rialtas ar an 17 Samhain 2011 go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil phoiblí. Tá seo le déanamh in ainneoin nach ndeachaigh an Rialtas i gcomhairle leis an bpobal ná leis an gCoimisinéir Teanga féin, in ainneoin nach mbeidh sábháilte airgid ar bith le déanamh as, agus in ainneoin go raibh athbhreithniú poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla díreach tosaithe athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. Mar fhreagra ar an gcinneadh seo, d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta agóid tobstailce lasmuigh den Dáil ar an lá céanna (17 Samhain 2011), áit gur léirigh

Bhí An Coimisinéir Teanga i measc na gcainteoirí ag an siompóisiam poiblí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i gColáiste na Tríonóide (21 Eanáir 2012)

slua de nach mór 100 duine a dtacaíocht d’Oifig an Choimisinéara Teanga. D’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cruinniú práinneach le cás an Choimisinéara Teanga agus leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé san Óstán Pillo i nGaillimh ar an 02 Nollaig 2011 freisin. Sna sála air seo, reáchtáladh siompóisiam poiblí ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003:

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

15


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge Na Forbacha Co. na Gaillimhe Teil: (091) 503100 Facs: (091) 503101

Baile Mhic Íre, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí Teil: (026) 45366 Facs: (026) 45423

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair Doirí Beaga Co. Dhún na nGall Teil: (074) 9560100 Facs: (074) 9560101

Áislann Bhéal an Mhuirthead, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Teil: (097) 81418 Facs: (097) 82179

87

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

Páirc Ghnó an Daingin An Daingean, Co. Chiarraí Teil: (066) 9150100 Facs: (066) 9150101


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Leasú chun feabhais i gColáiste na Tríonóide ar an Satharn, 21 Eanáir 2012, arna eagrú ag Scoil an Dlí agus Oifig na Gaeilge TCD, i gcomhar le Craobh na gCeithre Chúirteanna de Chonradh na Gaeilge agus le tacaíocht ó Ghuth na Gaeltachta. Labhair Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga; Séamus Mac Giolla Chomhaill ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; Aonghus Dwane, Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide; Dáithí Mac Cárthaigh BL, Cathaoirleach Chraobh na gCeithre Cúirteanna; Julian de Spáinn, ArdRúnaí Chonradh na Gaeilge; agus Éamonn Mac Niallais ó Ghuth na Gaeltachta ar an lá. Ghlac lucht freastail an tsiompóisiam páirt ghníomhach sa phlé ar na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga agus na haoichainteoirí eile mar chuid den bhfóram oscailte faoi chathaoirleacht Eimear Ní Chonaola, príomhláithreoir Nuacht TG4. Thug an fóram oscailte deis don lucht freastail a gcuid moltaí féin a dhéanamh maidir leis an Acht Teanga chomh maith. Ag eascairt ón siompóisiam, chuir rapporteur neamhspleách páipéar cuimsitheach le chéile bunaithe ar imeachtaí an lae agus cuireadh an páipéar seo ar fáil don Rialtas mar ábhar cúnaimh don phróiseas athbhreithnithe. Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, eagraíochtaí óige, eagrais phobail agus eagrais Ghaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d’fhreastail ar an gcruinniú agus ar an siompóisiam a eagraíodh ar an ábhar, ag léiriú go láidir go bhfuil pobal na Gaeilge aontaithe ar cheist an Choimisinéara Teanga. Táimid fós i mbun stocaireachta maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga reachtúil, neamhspleách a choimeád agus maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú, ní a lagú, go fóill. Bailiúchán Náisiúnta 2012 Sa bhreis ar obair iontach na gcraobhacha agus na gcoistí contae áitiúla, chabhraigh Gaelscoileanna, clubanna CLG agus craobhacha Chomhaltas Ceoltóirí Éireann (CCÉ) áitiúla le Bailiúchán Náisiúnta Chonradh na Gaeilge arís i mbliana. Tá airgead fós ag teacht isteach ó na ceantair

Léirigh slua ollmhór a dtacaíocht d’Oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga ag agóid tobstailce os comhair na Dála (17 Samhain 2011)

éagsúla ach ár mbuíochas le chuile duine a ghlac páirt sa Bhailiúchán i mbliana. COMHOIBRIÚ SA CHEANNÁRAS Tá na heagrais Ghaeilge ag obair as lámha a chéile níos mó ná riamh le bliain anuas, agus sampla soiléir amháin de sin atá sin le feiceáil ná an comhoibriú i gCeannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Bhog foireann iomlán Chomhluadar go 6 Sráid Fhearchair ag tús an tsamhraidh 2011 agus tá siad ag feidhmiú ann ó shin. Chuir siad tús le grúpa tuistí agus leanaí in Áras Moibhí gach dara Satharn óna 11.00rn 12.30in, agus d’eagraigh Lá na bPáistí i gcomhar leis An Siopa Leabhar agus leis an gcomhlacht foilsitheoireachta Futa Fata sa Cheannáras ar an 09 Iúil 2011. Thosaigh Bainisteoir Imeachta Rith 2012 ag obair san Ard-Oifig i mí Dheireadh Fómhair 2011 chomh maith, rud a chiallaíonn go bhfuil oifigí sa Cheannáras anois ag Conradh na Gaeilge; Comhluadar; Club Chonradh na Gaeilge; Glór na nGael (Laighean); Ógras; Oireachtas na Gaeilge; Raidió Rí-Rá; Rith 2012; Seachtain na Gaeilge; An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí; agus An Siopa Leabhar. Tháinig eagrais an Cheannárais le chéile chun ócáid iontach Ghaeilge agus Ghaelach a chur ar fáil mar chuid den Oíche Chultúir 2011 i mBaile Átha Cliath, áit go raibh rang Gaeilge; turas staire; tráthnóna spóirt do dhaoine óga; seisiún scéalaíochta do pháistí; ceardlann scileanna raidió; ceardlann ghiotáir; sladmhargadh ar earraí Gaeilge; ceardlann do thuismitheoirí ar

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

17


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

mian leat go mbeadh daoine in ann clárú do ranganna do Chraoibhe ar an suíomh freisin. Sa bhreis ar na ranganna rialta a bhíonn á reáchtáil againn inár n-ionaid éagsúla féin, tá cúrsaí á soláthar againn ar conradh do Choláiste na Tríonóide agus do Thithe an Oireachtais araon i mBaile Átha Cliath le tamall anuas, agus tá ag éirí thar cionn leo. Tá súil againn tógáil ar an obair seo agus cúrsaí an Chonartha ar conradh a leathnú sna míonna amach romhainn.

Oíche Chultúir 2011

bhuntáistí an dátheangachais luath; seisiún ceoil; agus seastáin eolais ar siúl in Uimhir a Sé ar an 23 Meán Fómhair 2011. Tháinig Conradh na Gaeilge agus Club Chonradh na Gaeilge le chéile chun deiceáil nua a chur ar chúl an fhoirgnimh i Lúnasa 2011 chun an spás lasmuigh den Cheannáras a fhorbairt d’imeachtaí amach anseo freisin. CÚRSAÍ GAEILGE Tá líon agus réimse na gcúrsaí Gaeilge atá á dtairiscint ag Conradh na Gaeilge timpeall na tíre ag forbairt i gcónaí. Sa bhreis ar chúrsaí ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta, tá idir dhianchúrsaí lae agus cúrsaí 10-seachtaine oíche amháin sa tseachtain á reáchtáil do dhaltaí ag ullmhú don scrúdú cainte Ardteiste i mbliana. Tá dianchúrsaí samhraidh agus ranganna oíche rialta a chloínn le siollabas Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, fós idir lámha againn in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Tá daoine á mealladh ar ais chun tuilleadh cúrsaí a dhéanamh linn le lascainí leanúnacha maithe d’iarscoláirí mar aon le custaiméirí nua á mealladh le praghas speisialta do mhic léinn, do dhaoine dífhostaithe agus do dhaoine scothaosta. Tá ag éirí thar cionn leis an gcóras clárúcháin ar-líne tríd an suíomh lárnach ag www. cnag.ie go fóill agus ní gá ach teagmháil a dhéanamh le brenda@cnag.ie más spéis le do Chraobh ranganna a chur ar siúl, nó más 18

GLAC LEIS & SEÓ BÓTHAIR NA SCOILEANNA Tá Comhordaitheoir na Mac Léinn fostaithe le dhá bhliain anuas chun an Ghaeilge a spreagadh i measc daoine óga, agus chun iad a chur ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip mar chuid den bhfeachtas feasachta Glac Leis, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha faoin tionscnamh An Eoraip A Chur in Iúl arís i mbliana. Tá an post urraithe ag Conradh na Gaeilge, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Glór na nGael, agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus díríonn obair an Chomhordaitheora ar scoláirí sna coláistí samhraidh, sna meánscoileanna agus sna coláistí tríú leibhéal go príomha. Thugamar faoi chamchuairt chuig níos mó coláistí samhraidh ná riamh chun ceardlanna spraíúla spreagúla Glac Leis a reáchtáil leis na cinnirí iontu arís an samhradh seo caite, agus chun labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, agus faoi na cearta teanga s’acu faoin mBunreacht agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Déanann an Comhordaitheoir ionadaíocht thar cheann na heagraíochtaí ar fad trí bhranda na n-eagraíochtaí a chur i mbéal an phobail agus le heolas a scaipeadh faoinár gcuid oibre tríd an bhliain, ag glacadh páirte in imeachtaí dá leithéid Buntáistí Breise na Gaeilge; Siolla mar chuid d’Fhóram Óige an Chláir; Seachtain na Gaeilge na gcoláistí éagsúla; comhdhálacha; laethanta oscailte; agus go leor eile. Ní hamháin sin ach leathnaigh an feachtas Glac Leis go mór i measc na meánscoileanna i mbliana agus thug Comhordaitheoir na Mac Léinn cuairt

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

ar scoileanna dara leibhéal ar fud na tíre nach mór gach uile seachtain den scoilbhliain acadúil ó thús Mheán Fómhair 2011. Tá ceardlanna spreagúla cumasaithe déanta le scoláirí ó bhlianta éagsúla i mbreis agus 90 meánscoil go dtí seo agus tá tuilleadh beartaithe ar na mallaibh sula gcríochnaíonn téarma an earraigh.

An tSeirbhís Saor Chomhairle Dlí Náisiúnta, comhpháirtíocht idir Craobh na gCeithre Cúirteanna de Chonradh na Gaeilge agus FLAC

AN tSEIRBHÍS SAOR-CHOMHAIRLE DLÍ NÁISIÚNTA Tháinig fás agus forbairt ar An tSeirbhís SaorChomhairle Dlí Náisiúnta i gcaitheamh na mbliana seo. Tá Conradh na Gaeilge agus Craobh na gCeithre Cúirteanna ag obair i gcomhpháirt le FLAC (Free Legal Advice Centres) chun seirbhís dlí in aisce a chur ar fáil do phobal na Gaeilge in ionaid éagsúla ar fud na tíre. Cuireann abhcóidí agus aturnaetha le Gaeilge saor-chomhairle dlí ar fáil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh, agus anois i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall uair in aghaidh na míosa mar chuid den tseirbhís seo agus tá súil againn leathnú amach go háiteanna eile sna míonna amach romhainn chomh maith. Tá suíomh idirlín nua forbartha don tseirbhís ag www. seirbhisdli.ie agus tá Craobh na gCeithre Cúirteanna ag obair ar shuíomh na Craoibhe féin a fhorbairt mar áis agus mar acmhainn eolais breise d’éinne ar lorg treorach agus comhairle dlí trí mheán na Gaeilge. Is Leor Beirt Is mór an fhorbairt agus an dul chun cinn atá déanta leis an gcéad ghréasán náisiúnta

de chiorcail chomhrá s’againn i mbliana, go háirithe i dTithe an Oireachtais. Rinneamar bricfeasta Gaeilge a reáchtáil do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí chun deis a thabhairt dóibh a gcuid Gaeilge labhartha a chleachtadh i suíomh sóisialta ar an 29 Meán Fómhair 2011. Is ag an ócáid seo go ndearnamar an scéim náisiúnta Is Leor Beirt a sheoladh as an nua freisin, áit go bhfuil grúpaí ag clárú sonraí a gciorcal comhrá nua linn go rialta. Tá Is Leor Beirt @ Teach Laighean ar siúl ar bhonn míosúil ó shin agus tá dlús curtha againn faoi na hiarrachtaí s’againn chun na polaiteoirí a chumasú agus a ghríosú chun an Ghaeilge a labhairt níos minice os comhair na Dála, an tSeanaid agus na meán cumarsáide. Tá scéim thacaíochta na gcúntóirí cainte ar bun againn anois freisin, áit go gcuireann muid sonraí teagmhála ar fáil do na polaiteoirí d’oibrithe deonacha atá sásta seisiúin chainte phearsanta a shocrú leo ag am a oireann dóibh, más spéis leo a gcuid Gaeilge a chleachtadh gan rang rialta nó ciorcal comhrá a dhéanamh. Ag tógáil air seo, tá súil againn ciorcal comhrá míosúil a bhunú do Chomhaltaí an Fheidhmeannais i Stormont i mbliana freisin. Cabhróidh sé seo le Comhaltaí ó thuaidh feabhas a chur ar a gcuid Ghaeilge, ionas go mbeidh sé de mhuinín acu í a labhairt sa Tionól agus sna meáin chumarsáide amach anseo. MEÁIN CHUMARSÁIDE Tá Conradh na Gaeilge go fóill ag soláthar colún dar teideal Cúpla Focal dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga sa bhforlíonadh seachtainiúil Foinse leis an Irish Independent

Athsheoladh Is Leor Beirt @ Teach Laighean, áit go raibh idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus chúntóirí cainte i latháir (29 Meán Fómhair 2011)

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

19


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

gach Céadaoin. Scríobhann An Timire Náisiúnta alt don Galway Advertiser gach seachtain freisin agus bhí colún PopNuachta á chur ar fáil ag Raidió Rí-Rá don nuachtán náisiúnta Gaelscéal. Tá rath fós ag baint le feachtas na litreacha, áit go bhfuil sonraí teagmhála againn do liosta daoine atá sásta litir scríobh chuig eagarthóir aon nuachtán a fhoilsíonn alt frith-Ghaeilge. Tá suímh shóisialta agus ghréasánaíochta ar-líne ag cabhrú go mór linn chun scéalta faoi litreacha éagóracha a scaipeadh agus chun daoine a spreagadh le litreacha freagartha a scríobh chomh maith. Ár mbuíochas le chuile daoine a chabhraigh leis an bhfeachtas go dtí seo agus más mian leat páirt a ghlacadh sa bhfeachtas amach anseo, ní gá ach do shonraí teagmhála a chur ar aghaidh go nuacht@cnag.ie.

Lá Gaeilge i dTithe an Oireachtais le scoláirí ó Choláiste Alexandra, ó Scoil Phobail na Dúghlaise agus ó Ghaelcholáiste Chill Dara (07 Márta 2012)

Leanamar leis an dea-chleachtas iarracht a dhéanamh ar a laghad preasráiteas amháin in aghaidh na seachtaine a eisiúint i mbliana, agus tá toradh na hoibre le feiceáil sa tuairisciú atá faighte ag príomhimeachtaí agus ag príomhfheachtais na heagraíochta ó bhí Ard-Fheis 2011 ann, sna meáin chraolta agus chlóite araon. Bhí giota ar an gConradh agus ár bpríomhfheachtais san iris Sult a foilsíodh mar fhorlíonadh den Irish Daily Star arís i mbliana le linn Sheachtain na Gaeilge 2012. Is iomaí agallamh atá déanta le TG4, RTÉ, TV3, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió Fáilte, Today FM, Raidió na Life agus eile i gcaitheamh na bliana, agus forbairt leanúnach á déanamh againn ar bhranda an Chonartha ar-líne trí leithéidí Facebook, Twitter, LinkedIn, Abair Leat! agus eile, mar aon le 20

nua-shonrú leanúnach ar shuíomh lárnach na heagraíochta ag www.cnag.ie i gcónaí. Bíonn líon mór daoine ag clárú craoibhe, mar bhall aonair, don nuachtlitir mhíosúil, agus do na ranganna tríd an suíomh seo agus bíonn muid ag cur leis an ábhar air go leanúnach. OIDEACHAS Chíoramar ceist oiliúint Ghaeilge ár múinteoirí ag seimineár bliantúil Chonradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna 2011, áit gur labhair Áine Lawlor, Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle Mhúinteoireachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); Seán Ó Coinn, LeasPhríomhfheidhmeannach agus Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais, Foras na Gaeilge; agus Treasa Ní Mhainín, Príomhfheidhmeannach, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta, ar an ábhar An gCuirfear Oiliúint Shásúil Ghaeilge Ar Ár Múinteoirí? faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. In alt inar chaith sé súil siar ar an mbliain a bhí caite, luaigh Séan Flynn, eagarthóir oideachais The Irish Times, go raibh an feachtas i gcoinne iarrachtaí Fhine Gael ísliú stádais a thabhairt don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste ar cheann de na buaicphointí oideachais i 2011. Léiríonn sé seo an dianstocaireacht a rinneamar i gcomhar le Guth na Gaeltachta agus le heagrais Ghaeilge agus Ghaeltachta eile lena chinntiú go mbeadh deis ag gach mac léinn staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge go leibhéal na hArdteiste agus nach ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge. Táimid fós ag plé go leanúnach leis an Rialtas chun teacht ar bhealaí níos éifeachtaí agus níos fearr leis an teanga a mhúineadh ag gach leibhéal scoile, agus chun a chinntiú go mbíonn áit lárnach ag COGG i gcur i bhfeidhm na réimsí oideachais de chuid na Straitéise 20 Bliain. Thacaigh muid le feachtas na scoileanna beaga - idir Ghaelscoileanna, scoileanna Gaeltachta agus scoileanna nach iad - i gcoinne na gciorruithe atá beartaithe ag an Rialtas don chóimheas idir múinteoirí agus daltaí le déanaí freisin. Tá feachtas ar bun againn i gcomhar le Guth na Gaeltachta i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht chomh maith.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Guíonn GAELSCOILEANNA TEO. gach rath ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2012

Is í GAELSCOILEANNA TEO. eagraíocht chomhordaithe na scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghalltacht. Cabhraíonn sí le tuismitheoirí agus le grúpaí áitiúla scoileanna nua a bhunú agus tacaíonn sí leis na scoileanna atá bunaithe cheana féin. Tá 174 gaelscoil agus 40 gaelcholáiste lasmuigh den Ghaeltacht sna 32 Condae ag cur oideachais lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair.

www.gaelscoileanna.ie Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Lucht Raidió Rí-Rá, Chonradh na Gaeilge, Sheachtain na Gaeilge agus Glac Leis ag labhairt ag Fóram na nÓg i gCo. an Chláir (2011)

Raidió Rí-Rá Sheol Raidió Rí-Rá sraith de chláracha beo ar www.rrr.ie i mí Eanáir 2011, agus tá fás agus forbairt tagtha ar líon agus ar fhad na gcláracha beo ó shin. Tá sceideal iomlán á chraoladh Luan - Aoine ó mheánlae go 8.00in anois, áit go mbíonn An Lón Mór; Na Singlí Scaoilte; agus TRL Ar Éileamh á gcraoladh ó 12.00 - 6.00in gach lá. Bíonn ceol éagsúil á chasadh ar an gclár Fuaim Eile ó 6.00 - 8.00in Luan - Déardaoin, agus ó 8.00 - 10.00in oíche Aoine, Shathairn agus Domhnaigh sna sála ar an gclár Top 40 Oifigiúil na hÉireann. Tá ceardlanna raidió á reáchtáil ag Rónán Mistéil, mac léinn ar thaithí oibre lánaimseartha le Raidió Rí-Rá, le daltaí scoile san Idirbhliain i scoileanna ar fud na tíre mar chuid den Seó Bóthair Glac Leis ó thús na bliana seo, agus is iomaí mac léinn eile ar thaithí oibre atá ag cabhrú linn cur le líon na vox popanna agus eile atá le cloisteáil ar an stáisiún. Rinneamar nuashonrú ar fheidhmchlár iPhone an chairtstáisiúin chomh maith agus tá na mílte daoine tar éis an app a íoschóipeáil ó iTunes ó sheolamar é ag tús 2010. Tá méadú suntasach tagtha ar líon na bpodchraoltaí Rí-Rá Spórt agus PopNuachta a dhéantar a íoschóipeáil ón suíomh ag www.rrr.ie gach mí leis, agus bíonn teagmháil leanúnach againn le héisteoirí trí Facebook, Twitter agus ar shuíomh an stáisiúin féin tríd an bhliain. Sna sála ar rath Albam Rí-Rá anuraidh, d’eisíomar albam in aisce le Foinse agus The Irish Independent ar an 28 Márta 2012, albam dar teideal Rí-Rá le Hector i gcomhar leis an gclár Breakfast with Hector on 2FM. Tá scoth an phopcheoil i nGaeilge le cloisteáil air,

22

amhráin ó Bell X1, The Coronas, The Walls, Delorentos, The Kanyu Tree, Róisín O, agus Riptide Movement ina measc, agus cuireann sé seo go mór le spreagadh na Gaeilge i measc an aosa óig. Is áis é Raidió Rí-Rá d’idir dhaltaí scoile agus mhúinteoirí, fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa na Gaeilge, chun sult agus tairbhe a bhaint as an teanga. Tá pleananna againn an stáisiún a chur ag craoladh ar an gcóras DAB (craolachán fuaime digití) go lánaimseartha i mbliana. Beimid ag craoladh ar feadh seachtaine ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath i mí Mheán Fómhair 2012 chomh maith chun tacaíocht a thabhairt do na múinteoirí ag iarraidh an Ghaeilge a spreagadh sa scoil.

An chéad lá de Rith 2012, ollrith sealaíochta ar son na Gaeilge, i nGaeltacht Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall (8 Márta 2012)

RITH 2012 & SEACHTAIN NA GAEILGE D’oibríomar i gcomhar le hoifig Sheachtain na Gaeilge agus le Rith 2012 chun cabhrú leo an dá fhéile ollmhóra ar son na Gaeilge a reáchtáil ar fud na tíre le linn mhí an Mhárta 2012. Thacaigh muid le chéile ó thaobh poiblíochta, rannpháirtíochta agus scaipeadh eolais de agus d’éirigh thar cionn leis an gceiliúradh teanga i mbliana. Bhí breis agus 800 imeacht cláraithe go hoifigiúil le Seachtain na Gaeilge d’fhéile na bliana seo, agus ghlac breis agus 30,000 duine páirt i Rith 2012 ann féin amháin. Tá súil againn tógáil ar an obair seo sa bhliain amach romhainn. STOCAIREACHT D’fhreastail 90 polaiteoir - idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus ionadaithe polaitiúla

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

ó gach páirtí - ar an lá eolais práinneach a d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath don tríú bliain as a chéile ar an 1 Meitheamh 2011. Ba é seo an líon ba mhó a d’fhreastail ar an lá stocaireachta go dtí seo agus bhí deis acu cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe ón bpobal ina ndáilcheantar féin. Bhí béim ar leith ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais agus ar bhunú Gaelscoileanna nua; ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; agus ar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an lá. Ansin d’imigh Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Comhaltas Uladh i gcomhairle le Comhaltaí an Tionóil chun iad a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an gcéad lá eolais ó thuaidh in Óstán Stormont i mBéal Feirste ar an 25 Deireadh Fómhair 2011 freisin. Tháinig Comhaltaí ó nach mór gach páirtí agus gach toghcheantar chun teangacha sa chóras oideachais ag leibhéal GCSE; an soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge; agus straitéis i leith na Gaeilge sna Sé Chontae a phlé le hionadaithe ón trí eagras agus eile, áit go raibh daoine áitiúla i láthair ó na toghcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin leis. Tá stocaireacht leanúnach ar siúl againn le comhstádas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair dátheangacha; le comhionannas a chinntiú don Ghaeilge i gcóras códphoist na hÉireann; maidir le ceist Oifig an Choimisinéara Teanga; agus maidir le neartú agus cur i bhfeidhm na Straitéise ina hiomláine, idir chruinnithe agus cheisteanna Dála leanúnacha tríd an bhliain. Tá stocaireacht leanúnach á déanamh againn freisin i dtaca le reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh agus Acht Gaeilge ceartbhunaithe, cuimsitheach do Thuaisceart Éireann. Thacaíomar le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras polaitíochta ar an iliomad slite neamhfhorimeálta eile i gcaitheamh na bliana freisin. Sa bhreis ar na cúrsaí agus na ciorcail chomhrá rialta atá á reáchtáil againn do pholaiteoirí, iarradh orainn fáinní

Gaeilge a bhronnadh ar bhaill de pháirtithe polaitíochta éagsúla, agus thacaíomar le heagrú Lá Gaeilge i dTithe an Oireachtais ar an 07 Márta 2012 mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012. Is ar an dóigh seo go bhfuilimid ag iarraidh polaiteoirí a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus ag an am céanna, iad a chumasú le níos mó Gaeilge a úsáid iad féin i riaradh obair an Rialtais ó lá go lá. TIMIREACHT Tá obair leanúnach ar siúl againn chun craobhacha agus baill aonair as an nua a earcú le páirt a ghlacadh san eagraíocht agus tá ag éirí go maith linn arís i mbliana. Táimid i gcónaí ag obair go dlúth le craobhacha agus le baill aonair ag cur an Ghaeilge chun cinn i measc a bpobail féin ar an talamh, agus tá obair fós idir lámha againn le heagrais Ghaeilge eile, agus leis an Rialtas, ar phleanáil fadtéarmach don teanga de réir chontae.

Traenáil na Mac Léinn 2011, áit gur ghlac níos mó ná 80 mac léinn páirt i seisiún cur in aithne agus imeachtaí eile (14 Deireadh Fómhair 2011)

TRAENÁIL & TAITHÍ OIBRE D’eagraíomar deireadh seachtaine traenála agus muintearais do na cumainn Ghaelacha agus do chraobhacha ollscoile an Chonartha don chúigiú bliain as a chéile ón 14 - 15 Deireadh Fómhair 2011. Is i gcomhar le Glór na nGael, Seachtain na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) agus i bpáirt le Comhluadar agus Seachtain na Gaeilge gur eagraíomar an traenáil, le tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus ó Fhoras na Gaeilge. Tá an deireadh seachtaine

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

23


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

traenála ag dul ó neart go neart gach bliain, áit gurb é an deireadh seachtaine traenála is mó do Chumainn Ghaelacha agus d’Oifigigh Ghaeilge na n-institiúidí tríú leibhéal sa tír é. Tá toradh na hoibre le feiceáil sa chomhoibriú idir na Cumainn Ghaelacha ar fad agus na coláistí ag eagrú breis imeachtaí le chéile bliain i ndiaidh bliana. Mar chuid den leagan amach nua atá ar chlár na hArd-Fheise i mbliana, tá forbairt á déanamh ar thraenáil na gcraobhacha agus na mball aonair, agus beidh rogha ceardlann ag croí-lár na n-imeachtaí um dheireadh seachtaine. Tá béim ar phleanáil áitiúil agus na meáin áitiúla; úsáid na meán sóisialta chun leasa obair na craoibhe; scéimeanna maoinithe Fhoras na Gaeilge agus tiomsú airgid; cúrsaí oideachais; eagrú imeachtaí; agus stad reatha Aontas Phobal na Gaeilge (APG). Feartar fáilte roimh gach teachtaí de chuid na hArd-Fheise freastal ar na ceardlanna eolais idirghníomhacha seo. Mar fhocal scoir, is fiú a luaigh go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar líon na mac léinn a thagann ar thaithí oibre le Conradh na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, Rith, Seachtain na Gaeilge agus An tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta i gcaitheamh na bliana. Bhí breis agus 40 scoláire, idir mhic léinn tríú leibhéal agus dhaltaí meánscoile, ag obair linn ar feadh tréimhsí éagsúla ama ó bhí ArdFheis 2011 ann. Tá cinn lae cruthaithe againn chun gur féidir leis na mic léinn ar fad eolas faoina dtaithí ag obair san Ard-Oifig a roinnt go poiblí ar-líne ag www.cnag.ie/taithioibre. Imeachtaí Sóisialta & Eile Is iomaí imeacht shóisialta agus campa samhraidh a d’eagraigh craobhacha, tograí agus foireann an Chonartha i gcaitheamh an ama ón Ard-Fheis dheireanach, ina measc Oíche Chultúir 2011 i gcomhar leis na heagrais sa Cheannáras; An Tionól Gaeltachta 2011 ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe; oícheanta airneáin, ceoil agus scéalaíochta; turais lae; ciorcail chomhrá; seimineáir eolais; fóraim óige; léamha filíochta; ceardlanna drámaíochta agus go leor eile, go háirithe le linn Sheachtain na Gaeilge 2012.

24

Thacaigh an Conradh le pobal na Gaeilge ar fud na tíre agus ar fud na cruinne ar bhealaí éagsúla tríd an mbliain ar fad agus is mór againn an t-am agus an fuinneamh a thugann daoine go fial, flaithiúil don eagraíocht i gcónaí. Níl aon amhras ann ach gur am cinniúnach don teanga é agus tá go leor cinntí móra tábhachtacha le glacadh idir seo agus Ard-Fheis 2013. Mar a bhíonn i gcónaí, beidh ionchur bhaill an Chonartha agus phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile de dhíth leis an gConradh a chothú agus a neartú sna míonna amach romhainn arís ó seo go ceann na bliana seo chugainn. Go mbeirimid bua!

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2012 leis an Taoiseach Enda Kenny TD, Eoghan Mac Diarmada, pearsa na féile, agus páistí Ghaelscoil Bharra (06 Márta 2012)

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí Gaeilge agus eile a bhíonn plé leanúnach againn leo agus atáimid ag obair i gcomhpháirt lena chéile ar chúiseanna éagsúla. Tá buíochas ollmhór ag dul chuig an Uachtarán, gach ball den Choiste Gnó, gach Craobh agus chuig gach ball eile den eagraíocht a thugann tacaíocht leanúnach don eagraíocht agus a chuireann a n-am pearsanta féin ar fáil le hobair an Chonartha ag gach leibhéal a chur i gcrích. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach fostaí den eagraíocht féin agus de na heagraíochtaí faoi scáth an Chonartha. Tugann siad níos mó ná gur féidir a bheith ag súil leis i gcónaí. Julian de Spáinn Ard-Rúnaí +353 (0)1 4757401 / ardrunai@cnag.ie

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

3.5. Tuairisc timireachta Stocaireacht Pholaitiúil & Feachtais Chaith mé am ag plé leis an obair ar na feachtais a bhí ar siúl ag an eagraíocht le bliain anuas, ag tosú le lá stocaireachta na bpolaiteoirí i mBuswells ag tús mhí an Mheithimh. Lean an feachtas tacaíochta d’Údarás na Gaeltachta; stocaireacht faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais; feachtas i dtaobh chúrsaí oideachais; cosaint Oifig an Choimisinéara Teanga; athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus ceist mhaoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge. Bhí mé ag obair ar na feachtais seo le lárchoiste na heagraíochta mar aon le baill agus le craobhacha an Chonartha ar fud na tíre. Tograí Timireachta Tá obair leanúnach ar siúl agam leis na Tograí Timireachta - atá maoinithe faoi Scéim Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge - i gCo. an Chláir, i nGaillimh, i mBaile Locha Riach agus i Maigh Eo. Bhí cruinnithe pleanála rialta eagraithe i rith na bliana i gcomhar leis na feidhmeannaigh teanga agus foireann na hArd-Oifige agus foireann na n-eagraíochtaí eile atá páirteach in Aontas Pobal na Gaeilge (APG). Tá buíochas faoi leith ag dul do na coistí bainistíochta deonacha atá ag obair leis na Tograí. Campaí Samhraidh Bhí mé ag plé le heagrú Champaí Samhraidh i gcomhar le craobhacha an Chonartha i gcontaetha éagsúla. Bhí mé ag plé leis an ngrúpscéim árachais do na campaí, le scéimeanna na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, agus le scéimeanna

26

Fhoras na Gaeilge. Bhí obair thimireachta le craobhacha, srl. i gceist, chomh maith le cuairt a thabhairt ar na campaí éagsúla. Is fiú go mór do chraobhacha Campaí mar seo a eagrú ina gceantair féin. Tá córas tacaíochta maith ar fáil agus is obair í atá indéanta i nach mór gach ceantar. Tugann sé bunús maith freisin chun dul chun cinn eile a dhéanamh go háitiúil. Seachtain na Gaeilge Bhí plé leanúnach agam le heagrú Sheachtain na Gaeilge 2012. Rinne mé obair faoi leith ar chlár na Gaillimhe agus cuireadh clár anleathan le chéile don fhéile. Bailiúchán Náisiúnta Bhí mé ag plé le heagrú an Bhailiúcháin ó mhí Eanáir go dtí Lá Fhéile Pádraig, idir phlé le craobhacha agus phlé le ceantair nach bhfuil craobhacha ag feidhmiú iontu. Bhí mé ag plé go sonrach leis an obair bhreise chun cur leis an mBailiúchán anuraidh, cé go bhfuil sé soiléir anois áfach - leis an titim sa líon daoine atá ag freastal ar Aifreann agus an gearradh siar ar líon na nAifreann ar Lá Fhéile Pádraig - go gcaithfear tabhairt faoi bhealaí nua chun airgead a bhailiú. Gaelscoileanna Tá tacaíocht curtha ar fáil agam don Fhoras Pátrúnachta agus don eagraíocht Aitheantas maidir le forbairt na Gaelscolaíochta i gcaitheamh na bliana. Bhí mé ag obair le Coiste Dúiche na Gaillimhe chun a chinntiú go raibh cóiríocht curtha ar fáil do Ghaelscoil de hÍde in Órán Mór agus do Ghaelscoil Riabhach i mBaile Locha Riach, agus bhí plé agam freisin le Gaelscoil Áth an Rí.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Timireacht Ghinearálta Tá obair déanta agam sa cheantar lártíre chomh maith le bheith ag plé go rialta le craobhacha agus le grúpaí eile thar ceann an Chonartha. Bhí mé ag plé le Roinn na Gaeltachta maidir leis an scéim phleanála Ghaeltachta agus freisin le hÚdarás na Gaeltachta maidir le tacaíocht do chraobhacha Gaeltachta.

Peadar Mac Fhlannchadha, Eibhlín Uí Chlochartaigh agus Máirtín Davey ag ócáid chomórtha 25 bliain Chlub Árus na nGael

Áras na nGael Chaith mé am ag plé le riarachán ginearálta an Árais, le Club Áras na nGael agus le riaradh Thogra na Gaillimhe, agus bhí mé ag plé le hobair athchóirithe ar chlós an Árais chomh maith. Bhí plé leanúnach agam leis an gClár Fostaíochta Pobail atá lonnaithe in Áras na nGael. Ranganna Gaeilge Bhí mé ag plé leis an bhforbairt leanúnach ar chóras ranganna Áras na nGael, go háirithe le foireann na hArd-Oifige agus Oifig na Gaillimhe ag ullmhú ábhar poiblíochta nua do na ranganna agus ag ullmhú chórais chomónta do ranganna an Chonartha trí chéile. Tá cúnamh tugtha agam do chraobhacha maidir le heagrú ranganna Gaeilge i gcaitheamh an ama freisin. Tionól Gaeltachta Bhí Tionól Gaeltachta 2011 ar siúl ar an gCeathrú Rua agus tá buíochas ag dul do Chóilín Ó Cearbhaill as an obair eagrúcháin a rinne sé, agus do phobal na Ceathrún Rua a thug gach cúnamh dúinn. Beidh an Tionól ag filleadh ar Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, do Thionól Gaeltachta 2012 i mbliana.

Ginearálta Chuir mé grúpscéim nua árachais le chéile do chraobhacha an Chonartha, bhí mé ag feidhmiú mar bhall den Choiste Gaeltachta, agus bhí plé leanúnach agam le grúpaí agus le heagraíochtaí thar ceann an Chonartha. Bhí plé rialta agam freisin le cúrsaí poiblíochta agus rinne mé ionadaíocht don Chonradh ag ócáidí éagsúla. Táim ag leanúint liom ag soláthar cholúin sheachtainiúil don nuachtán The Irish World i Sasana. Buíochas Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Uachtarán, Donnchadha Ó hAodha, agus leis an gCoiste Gnó, le Julian de Spáinn agus le foireann oibre Uimhir 6 Sráid Fhearchair. Tá buíochas faoi leith ag dul d’fhoireann oibre an Árais i nGaillimh agus táim go mór faoi chomaoin Áine Ní Iarnáin atá i gceannas ar Thogra na Gaillimhe. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le baill an Chonartha ar fud na tíre a thug cúnamh fhlaithiúil dom ó cheann ceann na bliana. Peadar Mac Fhlannchadha Timire Náisiúnta Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824 / conradh@bradan.iol.ie

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

27


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

3.6. Na Cuntais Airgid 2011

CONRADH NA GAEILGE TUARASCÁIL AN CHUNTASÓRA NEAMHSPLEÁCH DO CHOMHALTAÍ CHONRADH NA GAEILGE AR NA RÁITIS AIRGEADAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011 Tá mé tar éis na ráitis airgeadais i gcomhair na bliana dar chríoch 31 Nollaig 2011 ar leathanaigh 3 go 8 a ullmhú, gan iniúchadh a dhéanamh, ó na taifid chuntasaíochta agus ón eolas agus ó na mínithe a soláthraíodh dom. Tá an tuarascáil seo tugtha do Chonradh na Gaeilge amháin mar fhreagra ar iarratas ón gCoiste Gnó. Rinne mé mo obair ionas go bhféadfainn a thuairisciú do Chonradh na Gaeilge na hábhair úd a iarradh orm a lua san tuarascáil seo agus ní ar aon chúis eile. Chomh fada agus a cheadaíonn an dlí dom, ní ghlacaim orm féin, le freagracht do aon duine eile seachas do chomhaltaí Chonradh na Gaeilge, mar chomhlacht, as mo obair, as an tuarascáil seo, nó as na ráitis a rinne mé. Freagrachtaí an Choiste Gnó agus an chuntasóra neamhspleách faoi seach Tá freagracht ar an gCoiste Gnó na ráitis airgeadais iniata a ullmhú. Is í an fhreagracht s’agamsa tuairim a nochtadh an bhfuil an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an clár comhardaithe ullmhaithe i gceart ó na ráitis airgeadais agus ó thaifid Chonradh na Gaeilge. Tuairim Is é mo thuairim gur ullmhaíodh an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an clár comhardaithe i gceart ó ráitis airgeadais Chonradh na Gaeilge don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2011. Dáithí Ó Maolchoille Cuntasóir Cairte 75 Páirc Weston Baile Átha Cliath 14 30 Márta 2012

28

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011

Ioncam Caiteachas (Easnamh) na bliana (Easnamh) ag tús na bliana (Easnamh) ag deireadh na bliana

2011 € 703,898

2010 € 684,983

(706,724) ----------(2,826)

(694,802) -----------(9,819)

(84,419) ---------(87,245) ======

(74,600) ----------(84,419) ======

Ar son an Choiste Gnó Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

29


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE CLÁR COMHARDAITHE

31 NOLLAIG 2011 Nóta

2011 € 449,940 ----------

2010 € 454,578 ----------

10,802

4,601

(48,113) ---------(37,311) ----------

(17,714) ----------(13,113) -----------

(272,708) ----------SÓCMHAINNÍ IOMLÁNA LÚIDE DLITEANAIS 139,921

(296,376) -----------145,089

SÓCMHAINNÍ SEASTA

2

SÓCMHAINNÍ REATHA Féichiúnaithe CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite laistigh de bhliain amháin)

3

GLANDLITEANAIS REATHA CREIDIÚNAITHE (suimeanna a bheidh dlite tar éis bliana amháin)

4

DEONTAS FAIGHTE

6

(227,166) ----------(87,245) ======

(229,508) ------------(84,419) ======

(87,245) ======

(84,419) ======

COMHDHÉANTA MAR A LEANAS Cuntas Ioncaim agus Caiteachais – (easnamh)

Ar son an Choiste Gnó Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí

30

Comhstraitéis Ghníomhach4Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011 1. POLASAITHE CUNTASAÍOCHTA Gnás Cuntasaíochta Ullmhaítear na ráitis airgeadais de réir an ghnás chéadchostais agus de réir an Chaighdeáin um Thuairisciú Airgeadais d’Aonáin Bheaga. Dímheas Sócmhainní Inláimhsithe Seasta agus Amúchadh Deontas Dímheastar na sócmhainní seasta ina ngálaí cothroma bliantúla thar saol measta na sócmhainní. Seo iad na rátaí atá in úsáid faoi láthair: Trealamh 20% per annum Caiteachas ar an áitreabh 1% per annum Amúchadh deontas faighte 1% per annum Dímheas ar chaiteachas ar an áitreabh agus amúchadh deontas faighte Sa bhliain 2011 is é 1% per annum an ráta atá in úsáid. Roimhe sin ba é 5% per annum an ráta a bhí ann. Tá an Coiste Gnó den tuairim go bhfuil 1% per annum níos oiriúnaí do chúinsí an Chonartha. Tá figiúirí na mblianta roimhe seo coigeartaithe dá bharr. Gnóthas Leantaigh Ullmhaítear na ráitis airgeadais seo ar bhonn gnóthais leantaigh. Tá an bonn seo oiriúnach, i dtuairim an Choiste Gnó, de bharr tacaíocht airgeadais ó Bhainc Aontais Éireann cpt.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge 5

31


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011 (ar leanúint) 2.

SÓCMHAINNÍ INLÁIMHSITHE SEASTA Trealamh Caiteachas ar an Iomlán Áitreabh Costas € € € Ar 1 Eanáir agus ar 31 Nollaig 33,229 463,854 497,083 ===== ====== ====== Dímheas Ar 1 Eanáir 33,229 9,276 42,505 Muirear na bliana reatha 4,638 4,638 ------------------------Ar 31 Nollaig 33,229 13,914 47,143 ===== ===== ===== Glanmhéid 31 Nollaig 2011 449,940 449,940 = ====== ====== 31 Nollaig 2010 454,578 454,578 = ====== ====== Ba sa bhliain 2009 a rinneadh an caiteachas ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, atá léirithe anseo. Níl caiteachas mar sin a rinneadh roimh 2009 agus a bhí díscríofa um an dtaca sin ar an gClár Comhardaithe ar 31 Nollaig 2011.

3. CREIDIÚNAITHE (dlite laistigh de bhliain amháin) 2011 € Creidiúnaithe ginearálta 35,192 Banc (nóta 5) 12,921 --------48,113 ===== 4. CREIDIÚNAITHE (dlite tar éis bliana amháin) Banc (nóta 5)

32

2011 € 272,708 ======

2010 € 15,701 2,013 --------17,714 ===== 2010 € 296,376 ======

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE NÓTAÍ AR NA CUNTAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011 (ar leanúint) 5. BANC Cuntas reatha – (airgead sa bhanc) Iasachtaí

2011 € (11,879) 297,508 ----------285,629 ======

2010 € (24,087) 322,476 ---------298,389 ======

Dlite laistigh de bhliain amháin – nóta 3 Dlite tar éis bliana amháin - nóta 4

12,921 2,013 272,708 296,376 ------------------285,629 298,389 ====== ====== Tá morgáiste ag Bainc Aontais Éireann cpt ar an áitreabh, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

6. DEONTAS – An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta 2011 2010 € € Faighte 234,192 234,192 ====== ====== Amúchadh Go 1 Eanáir 4,684 2,342 Aistrithe go hioncam i mbliana 2,342 2,342 ----------------Ar 31 Nollaig 7,026 4,684 ==== ===== Glanmhéid 227,166 229,508 ====== ====== 7. GLACADH NA RÁITEAS AIRGEADAIS Ar 30 Márta 2012 faomhadh na ráitis airgeadais agus údaraíodh go n-eiseofaí iad.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

33


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE RÁITEAS SREABHADH AIRGID DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011 2011 €

2010 €

12,760 =====

5,876 ====

Glandliteanas don bhanc ag tús na bliana

(298,389)

(304,265)

Insreabhadh glandliteanais don bhanc

12,760 ________ (285,629) =======

5,876 ________ (298,389) =======

(2,826) 4,638 (2,342) (6,201) 19,491 ______ 12,760 =====

(9,819) (3,994) 11,517 (2,342) 54,667 (44,153) ______ 5,876 ====

INSREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN LAGHDÚ AR GHLANDLITEANAS DON BHANC ANAILÍS AR GHLUAISEACHTAÍ GLANDLITEANAIS DON BHANC I RITH NA BLIANA Glandliteanas don bhanc:

Glandliteanas don bhanc ag deireadh na bliana RÉITEACH IDIR (EASNAMH) NA BLIANA AGUS INSREABHADH GLANDLITEANAIS DON BHANC Ó GHNÍOMHACHTAÍ OIBRIÚCHÁIN (Easnamh) na bliana Deontas faighte Dímheas Deontas amúchta (Méadú)/laghdú ar fhéichiúnaithe Méadú/(laghdú) ar chreidiúnaithe

34

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

CONRADH NA GAEILGE CUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS MIONCHUNTAS IONCAIM AGUS CAITEACHAIS DON BHLIAIN DAR CHRÍOCH 31 NOLLAIG 2011 2011 € IONCAM Deontais: Foras na Gaeilge Bailiú agus Clárú Cíosanna Ranganna Gaeilge Ábhair Díolacháin Síntiúis Cumann Lúthchleas Gael Fógraíocht agus Urraíocht Glac Leis Comhdhálacha Coláistí Samhraidh

CAITEACHAS Rátaí, Árachas Cothabháil Tuarastail, Scéim Phinsin Ranganna Gaeilge Taisteal, Iostas Postas agus Teileafón Páipéarachas Leictreachas Stóras Costais Bainc Ús Bainc Táille Cuntasaíochta Costais Oifige Comhdhálacha Coiste Gnó Bolscaireacht Táillí Dlíthiúla Dímheas: Caiteachas ar an Áitreabh Dímheas: Trealamh Lúide: Deontas amúchta

(Easnamh) na bliana

2010 €

398,440 30,700 71,692 126,951 7,180 12,217 5,000 1,700 14,802 24,501 10,715 --------703,898 ======

413,070 35,804 77,751 107,621 3,103 8,224 5,000 2,822 12,000 19,588 ---------684,983 ======

19,677 13,359 413,130 69,602 32,370 18,668 13,520 1,611 792 2,815 11,071 3,075 44,151 35,042 9,564 15,981 4,638 (2,342) ---------706,724 ======

21,922 19,580 409,129 66,903 22,766 20,327 16,617 1,435 836 2,658 15,433 3,025 25,775 28,778 7,617 19,036 3,790 4,638 6,879 (2,342) ----------694,802 ======

(2,826) =====

(9,819) =====

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge 9

35


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

3.7. An Báiliúchán Náisiúnta CÚIGE NA MUMHAN

€140.00 €171.00 €450.00 €150.00 €370.00 €50.00 €300.00 €75.00 €50.00 €97.00

Co. Chiarraí Craobh Thrá Lí Craobh Uibh Rathaigh Craobh Chill Orgláin (2011) Craobh Chill Orgláin (2010) Craobh Lios Tuathail CraobhChorca Dhuibhne Craobh Chill Airne Craobh Oileán Chiarraí Craobh Mhocuda (Cillín Tiarna) C.L.G. Béal, Baile an Bhuinneánaigh Cill Tulach

€500.00 €350.00 €100.00 €50.00 €250.00 €100.00 €210.00 €345.00 €80.00 €250.00 €40.00

Co. Luimnigh Craobh Luimnigh Craobh Chaisleán Nua Thiar Craobh Ráth Chaola An Gleann Cill Míde agus Fíodnach Ceapach Mór Feothanach Maigh Rua Áth na bhFuinseoig/Cill Íde/Raithineach Cathair Chinn Lis Cathair Laighean Bóthar Áth Dara Teampaill an Ghleantáin Caisleán Uí gCanaig Cill Míde Eas Géitinne/Baile Stiafna

€466.00 €534.00 €150.00 €70.00 €105.00 €110.00 €74.00 €145.00 €117.00 €130.00 €38.00 €20.00 €150.00 €28.00 €34.00 €84.00 €122.00

Co. Thiobraid Árann Craobh Chaiseal Mumhan Craobh Ros Cré Craobh Dhúrlas Eile Cumann Gaelach Chluain Meala Craobh Charraig na Siúire Craobh an Aonaigh Scoil Mhuire Carraig na Siúire Gaelscoil Thiobraid Árann Coiste Contae Thiobraid Árann Co. an Chláir Craobh Chill Chaoi Craobh Chill Ruis Craobh Chlub na Sionna Craobh na hInse Craobh Chill Mhichíl/Dún Beag Béal an Átha Coiste Co. an Chláir

36

CÚIGE LAIGHEAN

Co. Chorcaí Craobh Chúil Aodha Craobh Bhaile Bhúirne Craobh an Sciobairín Craobh Mhainistir na Corann Craobh Bheanntraí Craobh an Chraoibhín Aoibhinn Craobh Mala Craobh an Chuallacht, Col. Na hOllscoile Corcaigh Craobh Thraolach Mhic Shuibhne, Corcaigh Coláiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí

€302.00 €375.00 €260.00 €484.00 €300.00 €300.00 €300.00 €200.00

Baile Átha Cliath Craobh Spreagadh An Ard Chraobh Craobh Inse Chór Craobh Liam Bulfin Craobh Aimhirgin Craobh Moibhí Craobh an Athar Ó hIceadha Craobh Bhréanainn Craobh Chumann Gaelach Choláiste na Tríonóide Craobh Choiste na Gaeilge, Col. Teicneolaíochta Craobh Na Gaeil Óga Craobh na gCeithre Cúirteanna Craobh Mháirtín Uí Chadhain Craobh Borbabu Craobh Raidió Craobh Chumann Gaelach OCBÁC Craobh Chumann Gaelach COBÁC Craobh Choláiste Phádraig Craobh AMLÉ Craobh Chumann Gaelach Froebel

€400.00 €200.00 €50.00 €200.00 €24.00 €189.00 €50.00 €60.00 €75.00 €75.00 €1,000.00 €50.00 €50.00 €50.00 €50.00 €125.00 €125.00 €75.00 €50.00 €75.00

Co. na hIarmhí CCÉ An Móta CCÉ Áth Luain

€550.00 €360.00

Co. an Longfoirt Gaelscoil Longfoirt

€550.00

Co. Loch Garman Craobh Loch Garman

€500.00

Co. Chill Chainnigh Craobh Chill Chainnigh

€153.00

Co. Laoise Craobh Phort Laoise

€150.00

Co. Chill Dara Craobh Chuallacht Mhá Nuad Craobh Rith Co. na Mí Craobh Ráth Cairn Craobh Cheanannais Mór Craobh na hUaimhe Craobh Áth Troim Gaelscoil na Rithe, Domhnach Seachnail Ráth Mór Cill Dhéagláin Maigh nEalta/Sean Chaisleán Carr na Rúis Dún Doire

€147.00 €217.00 €150.00 €400.00 €96.00 €135.00

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

€75.00 €50.00

€30.00 €70.00 €250.00 €28.00 €91.00 €22.00 €100.00 €40.00 €66.00 €99.00


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

CÚIGE CHONNACHTA

CÚIGE ULADH

Co. na Gaillimhe Craobh na Gaillimhe Craobh Ghort Inse Guaire Craobh Thuama Craobh Anach Cuain Craobh Bhaile Átha an Rí Craobh Mhaigh Cuilinn Craobh GMIT Craobh Chumann Craic na Gaillimhe Craobh an Chumainn Drámaíochta Craobh Achraidh na Gaillimhe Craobh Bhéal Átha na Slua Craobh Chairde de hÍde, Orán Mór Craobh Bhaile Locha Riach Ard Raithín Beithe

€880.00 €350.00 €70.00 €190.00 €299.00 €250.00 €125.00 €175.00 €125.00 €85.00 €50.00 €50.00 €110.00 €171.00 €120.00

Co. Mhaigh Eo Craobh Chaisleán an Bharraigh Craobh Chlár Chlainne Mhuiris Craobh Bhéal an Átha Craobh Bhall Álainn Roibín/Lios na Maol Cnoc Mhire Baile an Daighin Baile Gaelach Crois Bhaoithin Mainistir Mhaigh Eo Bearna Chearúil

€600.00 €210.00 €180.00 €25.00 €273.00 €210.00 €65.00 €80.00 €70.00 €70.00 €60.00

Co. Ros Comáin Cumann Gaelach Ros Comáin CCÉ Áth Liag CCÉ Caisleán Riabhach Aill Fhionn CCÉ Béal na mBuaillí

€515.00 €183.00 €349.00 €170.00 €350.00

Stáit Aontaithe Mheiriceá Craobh San Francisco

Iomlán i gCúige Chonnachta, i gCúige na Mumhan & i gCúige Laighean

Ard Mhacha Craobh Chill Mhóir Craobh Creagain Íochtaraigh Craobh an Phoirt Mhóir Port an Dúnáin Craobh na Lorgan

£159.40 £170.00 £262.62 £115.00 £270.00

Aontroim Craobh Naomh Pádraig Craobh Naomh Pádraig Craobh Reachlainn Craobh Dhún Lathaí Craobh Phort Ghleann Abhainn Eoghain Craobh Ard Eoghain Craobh Bhaile Raghnaill Craobh Ruairí Mhic Asmaint (BF) Craobh Bhaile an Chaisleáin Craobh Bhun Abhann Dalla Paróiste Ballyclare & Ballygowan Cumann Gaelach Ros Earcáin

£767.00 £282.10 £56.40 £65.00 £130.00 £200.00 £190.00 £103.00 £56.00 £270.00 £45.00 £94.00

Doire Craobh Ghleann Iolair

€63.00 2011

2010

€6,523.00

€29,063.00

£85.00

An Dún Craobh Leath Chathail Craobh Bheannchair Craobh Ard Mhic Nasca Craobh an Iúir

£284.41 £200.00 £146.00 £549.00

Fear Manach Craobh Lios na Sceithe

£170.00

Tír Eoghain Craobh Chaisleán na Deirge Craobh Rua Dún Geanainn Craobh Chabhán an Chaorthainn Craobh Oileán an Ghuail Craobh Mhic Easmaint

£150.00 £356.00 £114.80 £475.00 £380.00

An Cabhán Cairde Eois Glór Bhreifne

€225.00 €1,750.00

Muineachan Craobh Charraig Mhachaire Rois Craobh Mhuineachain

€245.00 €0.00

An Lú Craobh Dhún Dealgan

€320.00

Co. Dhún na nGall Ardara, Na Gleanntáin

€144.00

Iomlán i gCúige Uladh

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

2011 £6,145.73 €2,684.00

2010 £6,256.00 €5,612.00

37


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

3.8. Síntiús na nGael Gabhtar buíochas mór leis na daoine seo a leanas as an síntiús leanúnach seo a ghlacadh leis an gConradh faoi scéim Shíntiús na nGael: • Aodhán Ó Sé • Aoife Ní Scolaí • Breandán Ó Cathasaigh • Brenda Ní Ghairbhí • Daithí de Faoite • Daithí Mac Cárthaigh • Donnchadh Ó hAodha • Íte Ní Chionnaith • Julian de Spáinn • P.T. Mac Ruairí • Peadar Mac Fhlannchadha • Seán agus Nóirín Uí Cheallaigh • Seán Ó Cionfhaola • Seán Ó Drisceoil • Seán Ó hAdhmaill • Síne Nic an Ailí FOIRM SHÍNTIÚS NA nGAEL

A. Ainm: _________________________________________________________________________________ B. Seoladh: _______________________________________________________________________________ C. Cén cineál cáiníocóra tú (roghnaigh ceann amháin le tic)? (i) Duine aonair a íoncann ÍMAT: ........

...... Uimhir PSP: _________________________________

(ii) Duine féinmheasta: ......................

...... Uimhir PSP: _________________________________

(iii) Tabhartais chorparáideacha: ........

...... Uimhir na cuideachta: _________________________

(iv) Ní íocann tú cáin ar bith: .............. _____________________________________________________________________________

Treoir don Bhanc Dochair Dhíreacha a íoc

Le treoir a thabhairt don bhanc íocaíochtaí dochar díreach a íoc ó do chuntas líon isteach 1-5 ar an bhfoirm thíos agus cuir chuig an seoladh seo a leanas í: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2 1. Scríobh isteach seoladh do bhrainse bainc:

Banc: __________________________________________________________________________________ Brainse: ________________________________________________________________________________

2. Ainm an duine a bhfuil an cuntas bainc aige/aici: _________________________________________ 3. Cód Sórtála: ______ - ______ - _______

Uimhir do Chuntais: ____________________________

4. Bainfear an íocaíocht seo de do chuntas ar an gcéad Máirt de gach mí i gcás síntiúis mhíosúil. 5. Treoir don Bhanc agus do Shíniú

• Tugaim treoir duit dochair dhíreacha a íoc ó mo chuntas le Conradh na Gaeilge. • Dearbhaím go mbeidh €_________ le híoc

& is féidir í a chur do dhochar go míosúil / bliantúil (roghnaigh ceann)

• Cuirfidh mé nóta i bhfoirm scríbhinne chuig an mbanc má bhíonn sé i gceist agam an treoir seo a chur ar ceall. Cuirfidh mé scéal chuig Conradh na Gaeilge, chomh maith.

RÁTHAÍOCHT AN DOCHAIR DHÍRIGH: • Is ráthaíocht í seo atá á cur ar fáil ag do Bhanc mar bhall den Scéim Dochair Dhírigh, ina mbíonn gach banc agus gach tionscnóir scéimeanna dochair dhírigh páirteach. • Má cheadaíonn tú íocaíocht trí Dhochar Díreach: - Inseoidh do thionscnóir Dochair Dhírigh duit faoin méid a bheidh le híoc ó do chuntas - Glacfaidh do Bhanc agus íocfaidh sé dochair dhíreacha má bhíonn an t-airgead cuí i do chuntas. • Má tharlaíonn sé go ngearrtar dochar díreach, gan údarás uait, ó do chuntas gheobhaidh tú an aisíocaíocht chuí láithreach. • Is féidir an dochar díreach a chur ar ceal taobh istigh d'achar gairid ach nóta, i bhfoirm scríbhinne, a chur chuig do bhanc. DON OIFIG AMHÁIN: * Uimhir Aitheantais an Tionscnóra (OIN): 3 0 4 7 6 8 * Tagairt an Tionscnóra (18 carachtar ar a mhéid): ________________________________________________ Ní mór don chéad sé charachtar (ar a laghad) a bheith statach. Ní mór dó seo a bheith san áireamh i do chéad iarratas

Síniú (sínithe): _______________________ / ________________________ Dáta: ____ / ____ / ________

3.9. Comhbhrón Cuimhnímid go speisialta ar na Conraitheoirí agus ar na Gaeil uaisle a fuair bás i rith na bliana, go háirithe: • Micheál Ó Bréartúin; • Gearóidín Ní Bhróide; • Jenny Ó Briada; • Síle Bean Uí Cheilleachair; • Muiris Ó Rocháin; • Johnny Seoighe; • Joe Ó Rodaigh; • Micheál Ó Loideáin; • Séamus Ó Cúille; • Pól de Leigh; • Mícheál Ó Cróinín; • Fiachra Mac Fhionnlaoich; • Pádraig Ó Dúgáin; • Liam Ó Móráin;

38

• • • • • • • • • • • • • •

Dáithí Ó hÓgáin; Bernard Barrett; Seán Ó Cleircín; Iris Fleetwood; Máirín Uí Fhaircheallaigh; Emer Í Chuív; Séan Ganley; Bríd Uí Mhathúna; Chick Deasy; Míchéal Ó hEighin; Seán Mac Seanlaoich; Séamas de Creag; Máire Uí Mhaolaodha; Ethel Brogan.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

4. Tuairisc na neagraíochtaí faoi scáth an Chonartha 4.1. tuairisc Seachtain na Gaeilge Ráiteas Misin Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn, in Éirinn agus thar lear, mar chuid d’fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bliain. Is deis í Seachtain na Gaeilge do gach duine a bheith ar a gcompord ag baint úsáide as a gcúpla focal Gaeilge. Tugann an fhéile deis don phobal imeachtaí a reáchtáil agus is seans é daoine a thabhairt le chéile chun spiorad na n-imeachtaí a bhlaiseadh agus spraoi a bhaint astu trí mheán na Gaeilge. Rannpháirtíocht Ritheadh féile na bliana seo ón 5 – 17 Márta 2012. Chláraigh 150 grúpa ó 32 chontae na hÉireann agus 8 dtír eile 800 imeacht le clár oifigiúil na féile. Ghlac scoileanna ar fud na tíre páirt san fhéile trí imeachtaí a reáchtáil sa scoil agus trí chur isteach ar na comórtais óige. Bhí dul chun cinn déanta le freastal ar rannpháirtithe agus ar scoileanna sna 6 chontae tríd an iris Sult a eisiúint le The Irish Star i dTuaisceart Éireann don chéad uair, agus bhí bileog bhreise do scoileanna sna 6 chontae chun na comórtais a chur in oiriúint do chóras ranganna Thuaisceart Éireann. Ceann de bhuaicphointí na féile ná an Lá Gaeilge a reáchtáladh i dTithe an Oireachtais ar 7 Márta 2012. Reáchtáladh Ord Gnó agus Ceisteanna na gCeannairí trí Ghaeilge chomh maith le ráitis i leith na Gaeilge mar chuid de ghnó an lae. Tugadh cuireadh do scoláirí meánscoile teacht chuig Teach Laighean chomh maith le páirt a ghlacadh i bplé faoi fhís na ndaoine óga don Ghaeilge sna blianta amach romhainn agus chun lón a ithe i mbialann phríobháideach na mball. Eagraíodh ciorcal comhrá agus ranganna speisialta do na polaiteoirí ar an lá céanna chomh maith. 40

Eoghan Mac Diarmada, Pearsa Sheachtain na Gaeilge 2012

Comhpháirtíocht Bhí Raidió Teilifís Éireann, Today FM agus The Irish Daily Star ina bpáirtnéirí meán ag Seachtain na Gaeilge arís i mbliana. Thacaigh Údarás Craolacháin na hÉireann linn chun ceardlanna raidió a reáchtáil i scoileanna timpeall na tíre agus duaiseanna do na comórtais chlár raidió agus fhógra teilifíse a mhaoiniú. Bhí comhoibriú le Banc na hÉireann, a d’eagraigh feachtas Gaeilge i rith na Seachtaine ina mbrainsí ar fud na tíre. Thángamar le chéile le Comhar na Múinteoirí Gaeilge agus Comhluadar chun cur le hábhar do mhúinteoirí i Lámhleabhar na Scoileanna freisin. Scaip na heagraíochtaí Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann agus CRAOL fógra raidió na Seachtaine ar a mballstáisiúin ar ár son. Cúrsaí Poiblíochta Fuaireamar an-tacaíocht ó na meáin áitiúla agus náisiúnta a rinne tuairisciú nuachta, agallaimh ar chláir teilifíse agus raidió le pearsa na Seachtaine, chomh maith le míreanna faoin nGaeilge a chraoladh agus ailt agus grianghraif a fhoilsiú sna nuachtáin.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Fuaireamar fógraíocht ar luach na mílte euro in aisce ó RTÉ, Today FM agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, a chuir fógraí móra don fhéile timpeall na hardchathrach. Ba é Eoghan Mac Diarmada, láithreoir The Voice ar RTÉ, pearsa Sheachtain na Gaeilge 2012. Ba mhór an onóir dó a bheith ag tacú leis an bhféile agus chuir sé seachtain iomlán ar fáil d’agallaimh agus chun freastal ar imeachtaí de chuid na féile, ó Luimneach go hArd Mhacha. Bhí an-aird tarraingthe ar Sheachtain na Gaeilge sna meáin agus i measc daoine óga de bharr a rannpháirtíochta. Seoladh D’éirigh linn An Taoiseach a fháil do phreasócáid chun tús Sheachtain na Gaeilge a sheoladh agus rinneadh ceiliúradh ar 110 bliain den fhéile i gClub Chonradh na Gaeilge. Labhair An tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich; Ferdie Mac an Fhailigh,

Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; agus Ciarán Ó Finneadha, iarStiúrthóir Sheachtain na Gaeilge. Buíochas Tá buíochas ag dul do gach duine, grúpa, eagras agus scoil a ghlac páirt i Seachtain na Gaeilge 2012 – ó imeachtaí a eagrú, ar bhonn deonach don chuid is mó, freastal ar na himeachtaí, agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge. Táimid an-bhuíoch freisin de gach duine a thug cabhair agus tacaíocht dúinn go deonach san oifig agus ar an talamh le 6 mhí anuas. Brenda Ní Ghairbhí Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 (0)1 4757401 / eolas@snag.ie / www.snag.ie

Gradam Sheachtain na Gaeilge 1977 1978 1979 1980 1981 1982 1983 1984 1985 1986 1987 1988 1989 1990 1991 1992 1993 1994 1995 1996 1997 1998

Séamus Mac Conglinne (RIP) Éamonn Ó hÉalaithe (RIP) Lil Nic Dhonnchadha (RIP) Máirtín Ó Direáin (RIP) Donncha Ó Súilleabháin (RIP) Deasún Breatnach (RIP) Gearóid Ó Maoilmhichíl (RIP) Amhlaoibh Ó hEidrisceoil (RIP) Sighle Uí Dhonnchadha (RIP) Fiachra Ó Dubhthaigh (RIP) Liam Ó Luanaigh (RIP) Seán Ó Dálaigh Pádraig Ó Riain Eibhlín Ní Chathailriabhaigh (RIP) Tomás Ó Cuilinn (RIP) Séamus Ó Muirí (RIP) Pádraig Ó Snodaigh Róisín Ní Sheaghdha Pádraig Nugent Proinsias Ó Braonáin (RIP) Cathal Ó Feinneadha Máire Ní Laoi

1999 2000 2001 2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012

Séamus Ó Cathasaigh (RIP) Cáit Uí Chadhain Ciarán Ó Feinneadha Colm Ó Tórna Anraí Ó Braonáin Pádraig Breandán Ó Leidhin Seán Mac Mathúna Antoine Ó Faracháin Cliodna Cussen Éamonn Ó Dónaill Dónal Mac Ionnraic Íte Ní Chionnaith Tomás Mac Ruairí Daithí de Faoite

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

41


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

4.2. tuairisc Oireachtas na Gaeilge Bliain tháirgiúil a bhí i 2011 don Oireachtas. Chuireamar clár leathan imeachtaí i gcrích ag cur romhainn spriocanna de réir ár ráiteas misin a bhaint amach chun: Na healaíona dúchasacha, trí mheán na Gaeilge, a cheiliúradh agus a fhorbairt; deiseanna a chur ar fáil do lucht a gcleachta le hardchaighdeán a shroicheadh; agus rannpháirtíocht leathan i dtaca leis na healaíona sin a chothú i measc an phobail. Ar na bpríomhimeachtaí a reáchtálamar, bhí: Na Gradaim Chumarsáide In Óstán Meyrick, i nGaillimh, a bronnadh gradaim ar réaltaí na meán Gaeilge. Chuireamar romhainn aitheantas a thabhairt dóibh siúd a rinne dul chun cinn eisceachtúil sna meáin Ghaeilge. Fuair TG4 Gradam Speisialta as Díospóireacht na gCeannairí, clár díospóireachta idir cheannairí Fhianna Fáil, Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre a chraol an stáisiún roimh Olltoghchán 2011. Na Comórtais Liteartha Bhí líon agus caighdeán na saothar a cuireadh isteach ar na comórtais an-ard ainneoin go raibh roinnt de na comórtais bainte den chlár de bharr ciorruithe. Tá féidearthachtaí urraíochta eile á bhfiosrú againn agus táimid dóchasach ina leith. Rinne Clár na Leabhar Gaeilge cúram faoi leith don airgeadú le haghaidh Ghradam Uí Shúilleabháin agus Ghradam Réics Carló agus táimid buíoch dóibh. Oireachtas Cheanada Reáchtáladh an chéad Oireachtas Gaeilge i gCeanada i 2011, i nGaeltacht nuabhunaithe Thuaisceart an Oileáin Úir. Féile fíor-speisialta a bhí ann, ina raibh spiorad na nGael le brath sa chur chuige, sa rannpháirtíocht agus sa cheiliúradh, a bhuíochas sin d’Arailt Mac Giolla Chainnigh agus dá choiste. Chuaigh buaiteoir an chomórtais amhránaíochta ar an sean-nós ar aghaidh chuig Oireachtas na Samhna le

42

Bronnadh faoi 35 ag an Oireachtas

páirt a ghlacadh i gComórtas na bhFear agus d’éirigh thar cionn leis. Scléip na hÓige D’fhreastail 500 baill ó chlubanna Spleodar, Ógras, Cumann na bhFiann, Feachtas agus Óige na Gaeltachta ar imeachtaí na Scléipe. Bhí clár cuimsitheach imeachtaí sóisialta, spóirt, siamsaíochta agus ceoil leagtha amach dóibh a mheall rannpháirtíocht bhríomhar. Oireachtas na Samhna Cuireadh na múrtha fáilte roimh an Oireachtas i gCill Airne, Co. Chiarraí, don dara bliain as a chéile i 2011, agus ba phléisiúr é filleadh ar dhúiche chomh breá. Bhí os cionn 100 imeacht ar chlár na féile, ina measc, comórtais, léachtaí, seoltaí, seimineáir, seónna, cruinnithe, taispeántais agus réimse leathan ócáidí ceoil agus caidrimh. Cúis áthais an líon mac léinn a bhí ann, a bhuíochas sin d’Aodhán Ó Deá agus do Pheadar de Blúit. Fuaireamar fíor-thacaíocht ó na meáin Ghaeilge a bhí ag craoladh ón Oireachtas agus is mór agam í sin. Is mór agam freisin tacaíocht Chomhairle Chontae Chiarraí, Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge, agus an Méara Micheál Ó Gliasáin. Tá na buaiteoirí ar fad - ardáin agus liteartha - ar láithreán gréasáin an Oireachtais ag www. antoireachtas.ie. Bí linn ag Oireachtas na Samhna 2012 i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, ón 30 Deireadh Fómhair - 4 Samhain 2012.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Le linn an tsamhraidh, bronnadh Gradam Idirnáisiúnta La Traglia ar an Oireachtas as cur chun cinn ealaíona dúchasacha na hÉireann, go háirithe an scéalaíocht. Is mór agam an t-aitheantas seo d’obair an Oireachtais agus is cuidiú a bhí ann agus muid ag síorstreachailt le cúrsaí bunmhaoinithe. Guím go mbeidh dea-thoradh ar an saothar sin. Tá mé fíor-bhuíoch do Dhonnchadh Ó hAodha, Uachtarán an Chonartha, as a thacaíocht

agus don Ard-Rúnaí Julian de Spáinn agus a fhoireann dhíograiseach as a gcabhair agus as a gcúnamh. Liam Ó Maolaodha Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 (0)1 4753857 / eolas@antoireachtas.ie / www.antoireachtas.ie

4.3. tuairisc Ógras Fís Ógras An Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáththeanga chumarsáide i measc an óige agus sa chomhthéacs seo, deis a thabhairt do dhaoine óga iad féin a fhorbairt mar phearsa agus treoraithe i measc an phobail. Obair Bhliana Seachtain i ndiaidh Ard-Fheis na bliana seo caite, thug scaifte mór as clubanna Ógras a n-aghaidh ar Bhéal Feirste d’Ógrastal Ógras agus do na Cluichí Tailteann. Seo an chéad uair don eagraíocht na Cluichí Tailteann a eagrú i dTuaisceart Éireann agus d’éirigh chomh hiontach sin leo go bhfuil muid ag dul ar ais arís i mbliana. Tháinig méadú de 20% ar líon na gCampaí Samhraidh a d’eagraigh muid an bhliain seo caite agus tá súil againn cúpla suíomh nua a chur leis an liosta i mbliana chomh maith, go háirithe i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan. Bhí cúpla turas thar lear ag baill Ógras i mí Mheán Fhómhair 2011. Chuaigh scaifte as Gaoth Dobhair ar thuras go Sgoil Ghàidhlig Ghlaschu (Gaelscoil Ghlaschú) in Albain ar feadh deireadh seachtaine fada. Ba é seo an dara leath de mhalartú óige a bhí ar siúl idir an dá ghrúpa. Thug muintir na hAlban cuairt ar Ghaoth Dobhair cúpla seachtain roimhe sin. Ansin chuaigh naonúr de cheannairí óga Ógras trasna go Bilbao chuig seimineár óige idirnáisiúnta a bhí eagraithe faoi scáth UNESCO níos moille sa mhí. Tríd

Mórshiúl Ógras ag an Oireachtas

an seimineár seo, d’éirigh linn nasc a chruthú le grúpa óige as Tír na mBascach agus beidh 14 acu ag teacht chugainn ar mhalartú óige i lár mhí an Mhárta 2012. Beidh cúrsaí agus imeachtaí éagsúla ar siúl le linn an mhalartaithe seo agus beidh na daoine óga as Tír na mBascach agus Ógras ag glacadh páirte i Rith 2012 chomh maith. D’fhreastail slua ollmhór as Ógras ar Scléip na hÓige mar chuid d’Oireachtas na Samhna 2011 i gCill Airne freisin agus d’éirigh go hiontach leis na himeachtaí ar fad thar an trí lá. Bhí roinnt mhaith cúrsaí traenála ar siúl do bhaill agus do cheannairí Ógras le linn 2011. Ina measc, bhí cúrsaí cosaint leanaí; cúrsaí ceannaireachta (do cheannairí óga agus do cheannairí fásta); cúrsa garchabhrach; agus cúpla cúrsa eachtraíochta. Leanfar ar aghaidh leis na cúrsaí seo de réir mar atá éileamh orthu.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

45


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Mar is gnáth bhí na turais réigiúnda ar siúl i ngach Cúige le haghaidh clubanna Ógras agus clubanna Óg-Ógras. Ghlac suas le 1,000 duine óg san iomlán páirt sna himeachtaí seo i 2011. Don chéad uair le blianta fada anuas, eagraíodh Comórtas Seó Ardáin ar fud na tíre i mí Feabhra 2012. Tá an comórtas oscailte do chlubanna Ógras agus Óg-Ógras agus táthar ag súil go dtiocfaidh fás mór ar an gcomórtas seo de réir a chéile. Buíochas Tá buíochas faoi leith ag dul do Chathaoirleach agus do Choiste Stiúrtha Ógras a chabhraíonn an t-eagras a stiúradh agus a fhorbairt san am deacair seo.

Freisin tá buíochas ag dul do na ceannairí deonacha ar fad atá ag obair ar fud na tíre go dian dícheallach. Dar ndóigh táimid fíorbhuíoch do na dreamanna ar fad a chuireann maoiniú ar fáil d’obair na heagraíochta. Tá buíochas freisin ag dul d’fhoireann Ógras a oibríonn go díograiseach i rith na bliana agus ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le foireann Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh as ucht a gcabhrach agus a dtacaíochta i gcónaí. Maedhbh Ní Dhónaill Riarthóir Ógras 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 +353 (0) 1 4751487 / eolas@ogras.ie / www.ogras.ie

4.4. tuairisc AN COIMISIÚN LE RINCÍ GAELACHA ‘Sí príomhchuspóir an Choimisiúin i gcónaí ná rincí Gaelacha, idir rincí aonair, rincí céilí agus rincí foirne Gaelacha de gach saghas, a chaomhnú agus a chur chun cinn. Leathnú Thar Lear Leanann obair fhorbartha an rince Ghaelaigh i gcónaí, agus bhí bliain den scoth ag an gCoimisiún le linn 2011 - 2012. Leathnaigh réimse an Choimisiúin do phobail lasmuigh diaspora na nGael le blianta beaga anuas, go mór mór i Mór-Roinn na hEorpa, san Afraic Theas agus i Meiriceá Theas. Is féidir a rá go dearfach anois go bhfuil múinteoirí de chuid an Choimisiúin ag múineadh i 32 thír timpeall an domhain. Leanann an méadú i líon na múinteoirí agus na rinceoirí in Éirinn freisin, gan trácht ar an mborradh sa Bhreatain Mhór, i Meiriceá Thuaidh, san Astráil agus sa Nua Shéalainn. I rith na bliana reáchtáladh scrúdaithe d’ábhar múinteoirí agus moltóirí i sé ionad timpeall na cruinne. Tríd is tríd is féidir a rá go bhfuil An Coimisiún níos láidre anois ná mar a bhí sé ariamh, in ainneoin comórtas ó eagrais eile.

46

Oireachtas Rince na hÉireann 2012

An Ghaeilge I dteannta na príomhaidhme thuasluaite, is mór le baill an Choimisiúin an ceangal idir an Coimisiún agus an Ghaeilge, agus cé nach féidir linn ár gcruinnithe a reáchtáil go hiomlán trí Ghaeilge de bharr na hionadaíochta idirnáisiúnta, tá an-chuid Ghaeilge le cloisteáil i measc na mball i gcónaí. Leanamar den nós ceacht Gaeilge a rith ag gach cruinniú i rith na bliana, rud a chuireann na hionadaithe idirnáisiúnta an-suim ann. Oireachtas Rince na Cruinne 2011 Reáchtáladh Oireachtas Rince na Cruinne i

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

mBaile Átha Cliath don chéad uair ó 1996 um Cháisc 2011. Ócáid iontach a bhí ann, leis na sluaite bailithe in Ionad Citywest ag ceiliúradh an rince Ghaelaigh ar feadh seacht lá. Ba mhór an onóir dúinn í gur fhreastail Máire Mhic Giolla Íosa, Uachtarán na hÉireann, ar an Oireachtas chun an tOireachtas a oscailt go hoifigiúil. Oireachtas Rince na hÉireann 2012 Bhí Oireachtas Rince na hÉireann 2012 ar siúl i City West, Co. Átha Cliath, ón 11 - 18 Feabhra 2012 agus don chéad uair riamh, ritheadh ranganna Gaeilge do thosaitheoirí ar cúig as seacht lá den Oireachtas i mbliana. Tá áthas orainn a rá gur iontach an t-éileamh a bhí ar na ranganna seo, le breis agus 100 duine ag freastal orthu ar an iomlán. Ba as na Stáit Aontaithe, Albain, Sasana agus Éire do na daltaí. Ar an iomlán, féile iontach Ghaelach ab ea an t-Oireachtas i mbliana agus rinneamar ár ndícheall an Ghaeilge a bheith le cloisteáil ón stáitse, fiú nuair a bhí maor eachtrannach i bhfeighil an stáitse. Reáchtáladh ranganna Gaeilge i rith na seachtaine i mbliana, buíochas le hurraíocht ó Fhondúireacht Mháire Ní Dhufaigh. Chuir an Fhondúireacht dhá scoláireacht Ghaeltachta ar fáil i mbliana freisin, ceann amháin do dhaoine óga faoi 15 mbliana d’aois agus an ceann eile do dhaoine faoi 18. Bhuaigh beirt rinceoir as Baile Átha Cliath na scoláireachtaí. Bhí An Coimisiún fíorbhuíoch do Thomás Mac Ruairí a tháinig chun na scoláireachtaí sin a bhronnadh ar na scoláirí ag deireadh na seachtaine. Rinneadh an bronnadh le linn chomórtas speisialta do rinceoirí sinsir chun a gcuid scileanna cumtha a thaispeáint do rince leithleach nuachumtha. Táimid buíoch d’Éilis Uí Dhálaigh a thug an smaoineamh dúinn an chéad lá riamh agus go háirithe le Marie Duffy a chuir cosa faoin smaoineamh le torthaí ansásúla.

Oireachtas Rince na Cruinne 2012 Reáchtálfar Oireachtas Rince na Cruinne i mBéal Feirste don chúigiú uair ó 2000 i leith um Cháisc 2012. Leanfaidh Oireachtas Rince na Cruinne na bliana seo ar feadh naoi lá. Chun déileáil le forbairt an Oireachtais le blianta beaga anuas, úsáidfear Margadh Sheoirse Naofa mar ionad breise ar feadh trí cinn de na laethanta sin. Táimid ag súil le hócáid iontach Ghaelach a bheith againn ar feadh naoi lá iomlán den Oireachtas i mbliana. Idir chomórtais rince aonair, céilí, foirne, agus damhsa drámaíochta, is cosúil go nglacfaidh thar 4,500 rinceoirí páirt san fhéile iontach seo, a thosóidh ar an lá a osclófar Ionad Comórtha Céad Bliain an Titanic. Sa bhreis ar na comórtais féin, beidh coirmeacha ceoil, céilithe agus a leithéid ar siúl istoíche, cuid acu san ionad sin. Críochnóidh an tOireachtas le bál mór dubh agus bán le téama an Titanic ar an Satharn, 7 Aibreán 2012. D’éirigh chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge um Oireachtas Rince na hÉireann i mbliana go bhfuilimid ag iarraidh go mbeidh siad á reáchtáil arís i rith Oireachtas Rince na Cruinne 2012 freisin. Tá an phleanáil faoi lánseol d’Oireachtas Rince na Cruinne 2013 chomh maith, a reáchtálfar i mBoston sna Stáit Aontaithe. Mar is gnáth, guíonn An Coimisiún gach rath ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge. Séamus Ó Sé Oifigeach Caidreamh Poiblí An Coimisiúin le Rincí Gaelacha 414 The Chapel Building Mainistir Naomh Mhuire Baile Átha Cliath 7 +353 (0)1 814 6298 / www.clrg.ie

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

47


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

5. tuairisc clódhanna teo. Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá idir lámha ag Clódhanna Teo. ná: • Feasta a fhoilsiú • An Siopa Leabhar sa Cheannáras a reáchtáil Feasta Foilsítear Feasta go míosúil agus taobh amuigh den ghnáthdhíolaíocht trí shiopaí agus trí shíntiúsóirí, cuirtear cóip chuig gach rúnaí craoibhe den Chonradh. Tá deontas ó Fhoras na Gaeilge á fháil mar chuid de dheontas Fhoras na Gaeilge do Chonradh na Gaeilge, chun mórchuid na gcostas ar an iris a ghlanadh. Laghdaíodh an deontas arís sa bhliain 2011. Laghdaíodh an deontas tuilleadh (20% san iomlán faoin dtráth seo) ó thús 2012. Ní fios fós áfach, cad atá in ann do mhaoiniú na hirise tar éis 30 Meitheamh 2012. Foilsítear mór-eagrán i mí na Bealtaine gach bliain le cabhair airgid ar leith ón gComhairle Ealaíon. Íslíodh an deontas sin beagán eile i 2011 agus is dócha go mbeidh ísliú breise ann i 2012. Is é Pádraig Mac Fhearghusa an tEagarthóir agus tá sé ag cur feabhais leanúnaigh ar leagan amach agus ar úsáid dathanna san iris. An Siopa Leabhar Is gnó tábhachtach é seo atá ag freastal ar phobal na Gaeilge agus ar fhoilsitheoirí Gaeilge araon, chomh maith le gnáthphobal na hÉireann. Tá an tseirbhís á rith ar acmhainní foirne agus airgid atá teoranta go leor; d’ainneoin sin, tá sé oscailte sé lá sa tseachtain agus déantar gnó tríd an bpost á riaradh, taispeántais leabhar á n-eagrú do roinnt bheag mhór-imeachtaí lucht na Gaeilge timpeall na tíre, agus ní mór don bhfoireann a bheith sár-eolach don phobal a thagann ag triail ar An Siopa i dtaobh a bhfuil ar fáil, as cló, agus eile. Tá An Siopa Leabhar ina dháileoir do leabhair An Gúm agus is cabhair mhór í sin don ghnó. Tá méadú leanúnach ag teacht ar an gcéatadán den ghnó a dhéantar tríd an bpost agus go leictreonach. Ina ainneoin sin, is léir dúinn go bhfuil áit ag teastáil i gcónaí chun stoc a chur ar taispeáint, ligean do dhaoine féachaint ar leabhair nua agus chun a rogha féin a dhéanamh as raon d’ábhar clóite. Tá an éagsúlacht sin ar fad ag teastáil ó phobal ceannach leabhar. Rinneadh athchóiriú ar sheilfeanna agus ar leagan amach an tSiopa go luath i 2012. Cé go bhfuil sé mar sprioc ag an mBord Stiúrtha go reáchtálfar

An Siopa Leabhar

An Siopa Leabhar ar na gnáthchaighdeáin thráchtála, níl an gnó sin sách mór chun go ndíolfadh sé as na costais ar fad. Ní bheadh an tseirbhís ann gan an chabhair a fhaightear ó Fhoras na Gaeilge i leith roinnt den chostas tuarastail. Táimid buíoch as an gcabhair sin. Ar aon dul leis an titim ghinearálta ghnó sa tír faoi láthair, thit láimhdeachas an tSiopa 10% i 2010 agus 3% breise i 2011. Tá an titim ag leanúint go dtí seo i 2012, is baolach. Is ábhar buartha é sin don Bhord Stiúrtha, mar ciallaíonn sé go mbeidh an chailliúint a thagann dá bharr ag teacht as sochair a rinneadh blianta eile. Ní fada is acmhainn feidhmiú mar sin. Maidir le foilsiú leabhar, is cuid bheag de ghnó an chomhlachta é seo le tamall maith anois. Foilsítear leabhráin don Chonradh anois agus arís. Tá go leor cúiseanna maithe leis seo. Tá comhlachtaí eile foilsitheoireachta dírithe go príomha air seo agus tá Clódhanna féin ag déanamh sainchúram de ghnó díol leabhar – rud nach bhfuil ar siúl ach ag fíorbheagán dreamanna eile. Buíochas Is é Daragh Ó Tuama atá ina Bhainisteoir ar An Siopa Leabhar agus is í Lisa Ní Shuairc an Cúntóir sa Siopa. Bhí Máire Ní Laoi, iarBhainisteoir, ag cabhrú ins An Siopa Leabhar, ar bhonn teoranta, go dtí deireadh 2011. Tá Clódhanna Teo. buíoch díobh as a n-obair ar fad sa réimse gnó tábhachtach seo, gnó atá lárnach do chothú phobal na Gaeilge. Táim féin buíoch chomh maith do bhaill eile an Bhoird Stiúrtha, Pádraig Mac Fhearghusa, Cathaoirleach, agus Tómás Mac Ruairí. Donnchadh Ó hAodha Rúnaí Chlódhanna Teo. 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 +353 (0)1 4783814 / siopa@cnag.ie

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

49


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

6. TuairiscÍ Ó na Tograí 6.1. Tuairisc An Clár as Gaeilge Is í príomhaidhm An Clár As Gaeilge ná labhairt na Gaeilge a neartú sa chontae agus seirbhísí teanga cuí a fhorbairt chun freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge. Is togra páirtnéireachta pobail é An Clár as Gaeilge Teoranta atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge, Inis agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Tá an togra bunaithe le naoi mbliana anuas agus feidhmíonn sé as oifig bhuan in Inis le hOifigeach Forbartha agus Cúntóir Oifige fostaithe le Clár Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm.

Margadh na Feirme in Inis

Spriocanna Straitéiseacha 1. Stádas na Gaeilge sa chontae a neartú 2. Pobal na Gaeilge a spreagadh 3. Infheictheacht na Gaeilge a láidriú 4. Comhpháirtnéireacht le heagrais eile sa cheantar 5. Tacú le turasóireacht chultúrtha Chun na spriocanna seo a bhaint amach, seo cuid de na himeachtaí a cuireadh i gcrích i gCo. an Chláir ó bhí Ard-Fheis 2011 ann, agus ar bhonn bliantúil: Imeachtaí Cultúrtha • Féile Scoildrámaíochta ar a bhfreastalaíonn bunscoileanna agus iarbhunscoileanna an chontae • Ba í Féile na hInse an fhéile teanga is mó sa cheantar i mbliana agus 29 mbliana a bunaithe á gceiliúradh againn in 2012. Ghlac breis agus 2,000 daoine óga páirt i mbreis agus 100 imeachtaí trí mheán na Gaeilge • Eagraíodh a lán imeachtaí i gcomhar le Comhairle Contae an Chláir, Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus eagrais phobail eile mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012 ar fud an chontae • Tháinig Rith 2012 go ceithre bhaile sa chontae le linn mhí an Mhárta 2012 • Chuir An Clár As Gaeilge ranganna Gaeilge ar thrí leibhéal ar fáil mar chuid

de Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Willie Clancy i mbliana freisin Rinneadh ceiliúradh ar fhilí an Chláir le Ceiliúradh ar Oidhreacht Filíochta Gaeilge Contae an Chláir: Comóradh Dhonnacha Rua MacConmara i gCreatlach. Measann An Clár as Gaeilge go bhfuil easnamh le feiceáil sa chaoi go léirítear saol litríochta an Chláir sa cheantar, gan aon treoir don chuairteoir ar sheanshaibhreas litríochta an chontae. Le pleacanna eolais curtha in áiteanna dúchais na bhfilí, beidh an saibhreas filíochta scríofa atá againn soiléir don saol. Leanfar le himeachtaí breise mar chuid den phlean gníomhaíochta comhtháite Cúl-Chaint atá mar theideal ar an gclár seanchais agus nuachta ar Clare FM le Domhnall Ó Loingsigh gach Satharn ar 9.00rn. Tuilleadh eolais: donal@clare.fm

Oideachas Sa bhreis ar na ranganna Gaeilge ag Scoil Samhraidh Willie Clancy, eagraíodh ranganna Gaeilge ag trí leibhéal (bunleibhéal, meánleibhéal agus cainteoirí) i gCois na hAbhna i Lárionad Réigiúnda Chomhaltas Ceoltóirí Éireann tríd an bhliain. D’fhreastail suas le 140 duine orthu agus mar thoradh ar an mór-éileamh a bhí ar na ranganna i mbliana, tá ceithre leibhéal á mbeartú don bhliain amach romhainn. Imeachtaí Óige • Is campa samhraidh do pháistí bunscoile ó rang 3 – 6 bunaithe ar ghníomhaíochtaí trí mheán na Gaeilge é Scléip an tSamhraidh agus freastalaíonn

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

51


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

suas le 120 páistí air gach bliain Reáchtáladh Comórtas Díospóireachta Iarbhunscoile do scoileanna an chontae, eagraithe i gcomhar le Comhairle Baile na hInse le duaiseanna de pháirtscoláireachtaí Gaeltachta D’fhreastail breis ‘s 280 daltaí meánscoile ar an Seimineár Buntáistí Breise na Gaeilge eagraithe ag an gComhdháil sa West County, Inis ar an 01 Márta Bhuaigh dhá scoil ón gClár duaiseanna i gComórtas G i mbliana: Duais Cúige Mhumhan ag Scoil Naomh Cháimín, Sionna agus na príomhbhuaiteoirí, Pobalscoil Naomh Mhíchíl. Maith sibh!

Comhoibriú leis an bPobal • Eagraítear Aonach na Leabhar agus na gCártaí gach bliain mar chuid d’fheachtas díolacháin leabhar Gaeilge agus cártaí tráth na Nollag • Rinne An Clár As Gaeilge ionadaíocht ar Choiste Logainmneacha an Chláir, coiste comhairliúcháin do Chomhairle Contae an Chláir, leis an nGaeilge a chur chun cinn in ainmniú eastáit tithíochta, bóithre agus ceantair sa chontae

• •

Bhuaigh Bialann Chrann Caotharain Gradam Gaeilge an Chláir de chuid An Clár As Gaeilge, gradam bliantúil atá dírithe ar an earnáil tráchtála agus a bhronntar ar an gcomhlacht a dhéanann an obair is mó leis an nGaeilge a chur chun cinn ina réimse oibre. Mar thoradh air seo, beidh níos mó Gaeilge le feiceáil agus le cloisteáil i gcroílár na hInse agus ar fud an chontae Bhuaigh An Clár as Gaeilge Duais Chonradh na Gaeilge i gComórtas Ghlór na nGael 2011 Seoladh an mórthionscnamh Inis Dom, togra chun siopadóireacht i nGaeilge a chur chun cinn in Inis, i mí Dheireadh Fómhair 2011. Dá bharr, tá an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil in a lán gnólachtaí sa bhaile i láthair na huaire agus táimid ag súil le níos mó a thabhairt linn ón earnáil trádála.

Breandán Mac Fhionnghaile Oifigeach Forbartha An Clár As Gaeilge 5 Ardán Naomh Antaine, Inis Co. an Chláir +353 (0)65 6864474 / clarasgaeilge@eircom.net

6.2. tuairisc GAEL-FHORBAIRT NA GAILLIMHE Is áis phobail í oifig Chonradh na Gaeilge in Áras na nGael, Gaillimh ina gcuirtear seirbhísí agus eolas faoin nGaeilge ar fáil don phobal go forleathan. Bíonn ranganna Gaeilge, ranganna ceoil traidisiúnta, damhsa, drámaíocht, ceardlanna agus go leor imeachtaí eile ar bun againn i rith na bliana. An phríomhaidhm atá againn ná an cultúr agus an teanga a chur chun cinn i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe. Comhordú ar Sheachtain na Gaeilge & Rith Bhí Clár Sheachtain na Gaeilge 2012 lán go béal le himeachtaí éagsúla i mbliana. Idir cheardlanna, shiúlóidí, chluichí spóirt agus a leithéid, bhí imeacht ar siúl do gach aoisghrúpa. Bhí neart ceoil de gach saghas le cloisteáil ar fud an chontae, agus siamsaíocht leanúnach ar fáil i gClub Áras na nGael le linn an cheiliúrtha.

52

Ard Raithín

Tháinig Rith 2012 go Gaillimh don dara uair ar an 16 Márta 2012 freisin. Bhí scoileanna, grúpaí pobail, reathaí agus eile páirteach san fhéile a chríochnaigh ar Inis Mór ar Lá Fhéile Pádraig. Féile spleodrach a bhí i Rith 2012 agus na mílte daoine ag rith ar son na Gaeilge. Comhordú ar Ranganna Gaeilge Eagraíodh idir ranganna agus dhianchúrsaí Gaeilge in Áras na nGael i gcaitheamh na bliana. Tá éileamh ar na ranganna go dtí seo agus formhór na rannpháirtithe ag clárú do na ranganna tríd an suíomh idirlín ag www.cnag.ie.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Bíonn na cúrsaí seo a leanas á reáchtáil againn tríd an bhliain: • Ranganna Gaeilge ó Thosaitheoirí go Meánleibhéal • Cúrsa Gaeilge do Dhaltaí an Teastais Shóisearaigh • Dianchúrsa Scrúdú Cainte na hArdteistiméireachta • Dianchúrsa an tSamhraidh • Dianchúrsa Ullmhúcháin Gaeilge d’Agallaimh na gCúrsaí Oiliúna sa Bhunmhúinteoireacht • Ranganna Damhsa (Daoine Fásta agus Páistí) Campaí Samhraidh D’éirigh thar barr leis na Campaí Samhraidh Gaeilge arís an bhliain seo. Tá móréileamh ar na campaí i gcónaí mar cuireann siad siamsaíocht agus oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá siad dírithe ar pháistí idir 7 agus 14 bliana d’aois agus úsáidtear ceol, drámaíocht agus ealaíon araon le ranganna Gaeilge chun cabhrú leis an nGaeilge atá ag na páistí a chur chun cinn. Bhí na campaí ar siúl in 15 ionad éagsúla timpeall chontae na Gaillimhe i 2011. Bhí slua mór ar na campaí uile agus tá súil againn campaí nua a fhorbairt sna blianta romhainn. Club Áras na nGael Tá Club Áras na nGael á reáchtáil againn

mar lárionad siamsaíochta i gcathair na Gaillimhe, ag cur réimse leathan imeachtaí ar fáil trí Ghaeilge. Bíonn idir Ranganna Damhsa ar an Sean Nós, Oíche na bhFoghlaimeoirí, Oíche na Mac Léinn, Ceol Traidisiúnta agus imeachtaí sóisialta éagsúla ar siúl sa Chlub gach seachtain. Bhailigh breis agus 200 duine le chéile ar an 10 Méan Fómhair 2011 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Chlub Áras na nGael agus é ag comóradh 25 bliain ar an saol anuraidh. Cothú Comhoibrithe le hImeachtaí Gaeilge Bhí teagmháil rialta againn le grúpaí agus le heagraíochtaí Gaeilge timpeall chathair agus chontae na Gaillimhe. Bíonn muid ag comhoibriú le grúpaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar aon bhealach gur féidir linn. Tá caidreamh leanúnach againn leis na meáin agus bíonn clár Gaeilge Do Ghuth le cloisteáil ar Galway Bay FM gach Máirt. Tá súil againn tógáil ar na méid oibre atá déanta ón Ard-Fheis seo agus tuilleadh forbartha a dhéanamh i rith na bliana amach romhainn. Áine ní Iarnáin Stiúrthóir Thogra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe Áras na nGael 45 Sráid Doiminic, Gaillimh +353 (0)91 567824 / conradh@bradan.iol.ie

6.3. Tuairisc Gaeilge locha riach Tá fás, forbairt agus éileamh tagtha ar réimse leathan gníomhartha pobail de bharr spreagadh agus chothú na dea-oibre atá curtha i gcrích ag Gaeilge Locha Riach. Tá pleanáil déanta i gcomhar leis na grúpaí éagsúla atá gníomhach sa chomharsanacht, go mbeidh tacaíocht ghairmiúil curtha ar fáil ar bhonn lánaimseartha sa dóigh go dtiocfaidh fás, forbairt agus feabhas ar an bhunobair atá déanta. Mothaíonn Gaeilge Locha Riach gur gá tógáil ar na naisc atá cothaithe le grúpaí pobail, leis na húdaráis áitiúla agus leis na hinstitiúidí oideachais sa cheantar. Creidtear gur féidir na naisc seo a neartú agus comhoibriú idir ghrúpaí a dhaingniú agus pleananna fadtéarmacha a dhéanamh i gcomhpháirt leo. Oideachas • Oícheanta Shóisialta do Thuismitheoirí

• • •

Ghaelscoile: bronnadh teastais agus An Fáinne ar fhoghlaimeoirí chomh maith le himeachtaí eile agus áit lárnach ag na tuismitheoirí iontu Comórtas Léitheoireachta Gaeilge an tSamhraidh do leanaí bunscoile Forbairtí i nGaelscoil Riabhach agus Naíonra Tigh na Sí agus naisc neartaithe eatarthu Gaelscoil Riabhach: Brat Glas; Brat Buí; cuairtíocht san Ionad d’Aosaigh; amhránaíocht sa Leabharlann; comórtais Sheachtain na Gaeilge; club obair bhaile; coirmeacha, seónna agus drámaí; bronnadh an Fháinne ar scoláirí agus tionscadail éagsúla An Ghaeilge sna scoileanna Béarla: aoichainteoirí, imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, ceardlanna amhránaíochta, drámaíochta agus eile Spraoicheist Gael Linn idir cúig scoil náisiúnta sa cheantar

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

53


Conradh na Gaeilge

• • •

• • •

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comórtas scríbhneoireachta ar leibhéil éagsúla eagraithe sna scoileanna uile sa chomharsanacht idir aistí, dhánta agus chomórtais ealaíne ar sheanfhocail Ceardlanna liteartha eagraithe do mheánscoileanna Dianchúrsaí do scoláirí meánscoile (Teastas Sóisearach agus Ardteist) Ranganna ar leibhéil éagsúla do dhaoine fásta faoi shiollabas Theastas Eorpach na Gaeilge agus tacaíocht tugtha maidir le ranganna eile a reáchtáil sa cheantar máguaird Ciorcal comhrá agus léitheoireachta, maidineacha tae agus caife do dhaoine fásta Oícheanta eolais do dhaoine fásta, ranganna Gaeilge, áiseanna teagaisc, treoir agus comhairle Oiliúint curtha ar fáil do mhúinteoirí, stiúrthóirí, agus eile

Imeachtaí na nÓg • Ciorcal na nDéagóirí do dhéagóirí óga i rith mí Iúil agus Lúnasa 2011 • Club Súgartha nua bunaithe i nGráig na Muilte Iarann le spórt agus siamsaíocht • Slógadh Spleodar 2012 • Club Riabhach: club iar-scoile le tuismitheoirí agus múinteoirí mar stiúrthóirí le ceol, drámaíocht, spórt, cluichí agus siamsaíocht eile • Cumann Óige Locha Riach: fás agus forbairt ar an chlub • Scoil Ceoil an tSamhraidh: fás agus forbairt curtha ar imeachtaí na seachtaine • Campa Samhraidh i mBaile Locha Riach: líon na leanaí ardaithe, forbairt agus feabhas curtha ar imeachtaí, spórt, ceol, drámaíocht, scéalaíocht agus turas speisialta Féilte • Féile Raifteirí eagraithe don seachtú bliain • Seachtain na Gaeilge le clár leathan imeachtaí curtha ar fáil • Mórshiúil Fhéile Pádraig • Féile Bhia i lár an tsamhraidh • Scoil Cheoil agus Féile Tuohy i mí Iúil 2011 • Seachtain Oidhreachta i mí Lúnasa 2011 • Féile Baffle le cúrsaí liteartha agus comórtais mar chuid de • Slógadh Eachtaí Imeachtaí Sóisialta Cuireadh réimse imeachtaí ar siúl i rith na 54

Ciorcal Comhrá

bliana, de thoradh chomhoibriú idir ghrúpaí éagsúla ar an choiste, ina measc: • Oícheanta Scrabble as Gaeilge eagraithe d’fhoghlaimeoirí fásta • Oíche na Féile Bríde; Gradaim Locha Riach, clabhsúr na bliana • Ceolchoirmeacha éagsúla • Sraith ceolchoirmeacha speisialta eagraithe ag Na Cultúr Vultures • Tráth na gCeist dátheangach i gcomhar le Macra na Feirme • Tráth na gCeist do theaghlaigh agus do dhaoine fásta • An Leabharlann Ghaelach do gach aois: forbairt a dhéanamh ar an Chlub Leabhar • Aonach leabhar a thabhairt chun an bhaile • Oícheanta áirneáin le haoichainteoirí ar leith • An nasc a neartú leis na Gaeil in eagrais náisiúnta eile • Ciorcal Scéalaíochta: forbairt a dhéanamh air seo An Ghaeilge sa Teaghlach • Teagmháil rialta le Comhluadar • Seó na Samhna eagraithe ar mhaithe le teaghlaigh Ghaelacha an cheantair • Fleadh na bPrátaí; Cóisir na Nollag; Siúlóidí Gaeilge agus imeachtaí eile • Laethanta Spórt agus Spraoi • Imeachtaí Teaghlaigh Tá súil ag an chraobh gur féidir tógáil ar an obair atá déanta agus táimid iontach dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach le feiceáil againn roimh dheireadh na bliana. Ruth Ní Shiadhail Oifigeach Forbartha Ghaeilge Locha Riach 3 Seanbhóthar na Gaillimhe Baile Locha Riach Co. na Gaillimhe +353 (0)91 870718 / www.lochariach.com

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

6.4. Tuairisc scéim an aonaigh Dún Mhuire Tá Scéim an Aonaigh ag feidhmiú ó Dhún Mhuire, 50 Sráid an Phiarsaigh, An tAonach, Co. Thiobraid Árann agus bíonn Kim Ní Mhaolchatha, Oifigeach Forbartha Gaeilge, san oifig i nDún Mhuire gach lá chun plé le fiosraithe agus le ceisteanna maidir leis an nGaeilge. Tá leabhair agus cártaí ar díol i nDún Mhuire agus bhí éileamh áirithe ar chártaí na Nollag. D’ullmhaigh Kim suíomh gréasáin nua i gcaitheamh na bliana agus is féidir leis an saol ár ndialann a fheiceáil ann. Buail isteach chuig www. cnagantaonach.ie am ar bith.

ó Ros Cré ag Féile an Fhómhair 2011. Bhí léacht an-suimiúil ar Mháirtín Ó Cadhain ó Mháire Ní Neachtain, Coláiste Mhuire Gan Smál, mar chuid den fhéile freisin. Chuireamar aistriúchán ar fáil agus rinneamar comhoibriú leis an Oifigeach Ealaíon sa Chomhairle Contae chun go mbeadh imeachtaí le Gaeilge á reáchtáil ag Spleodar, féile ealaíon a bhíonn ar siúl ag tús na Samhna gach bliain chomh maith.

Naíonra Nua Rinneadh ullmhúchán i rith an tsamhraidh leis an Naíonra a oscailt ag tús Mheán Fómhair 2011. Bhí cruinnithe leis na cigirí ón Roinn Sláinte; le Forbairt Naíonraí Teoranta; agallaimh don stiúrthóir; troscán le ceannach agus le cur ina dtreo; Imeachtaí na Bliana agus dar ndóigh, dóthain Is féidir linn a rá go rabhamar ag leanaí le lorg. Arís is iad na obair ó dhubh go dubh i rith na tuismitheoirí a bhí chomh sásta bliana ón Ard-Fheis 2011 chun Dún Mhuire ag féachaint ar na leanaí (3 - 4 an Ghaeilge a chur chun cinn bliana d’aois) i mbun Dhráma san Aonach agus sa cheantar máguaird. Ar na himeachtaí a bhí ar siúl againn, bhí ranganna na Nollag ag deireadh an téarma seo caite. Is Gaeilge do dhaoine fásta agus do dhéagóirí féidir a rá go bhfuil ag éirí go hiontach leis (ceithre rang), ciorcal comhrá go seachtainiúil, an Naíonra agus éileamh ar na háiteanna don agus oícheanta ceoil go tráthrialta don phobal bhliain seo chugainn cheana féin. leis an ngrúpa Téada, Séamus Begley, ceoltóirí Amach Romhainn áitiúla agus amhránaithe éagsúla. Faoi láthair, tá ranganna; ullmhúchán do D’éirigh go breá leis an gcúrsa samhraidh a Sheachtain na Gaeilge agus do Rith 2012; eagraíodh i mí Iúil 2011 le breis agus 80 páiste oícheanta ceoil don phobal; agus an Naíonra bunscoile ag freastal air freisin. Léirigh gach idir lámha againn. Cuireann muid ailt ar fáil rang na hamhráin, an ceol, agus na drámaí don nuachtán áitiúil The Nenagh Guardian go a d’fhoghlaim siad dá dtuismitheoirí ag rialta. Bíonn muid ag comhoibriú le Gaelscoil deireadh an chúrsa agus is iad a bhí bródúil Aonach Urmhumhan agus le haon ghrúpa ar an mbaile gur suim leo an Ghaeilge chomh astu. maith. Thugamar lámh chúnta do Choiste Chontae Thiobraid Árann den Chonradh agus an fhéile Kim Ní Mhaolchatha Dúchas á heagrú acu ag tús Mheán Fómhair Oifigeach Forbartha Scéim an Aonaigh 2011. Ansin bhí na hiarbhunscoileanna Dún Muire páirteach i gcomórtais éagsúla cosúil le Clár An tAonach na gCeist (Bord), agus díospóireachtaí agus Co. Thiobraid Árann óráidíocht le meánscoileanna páirteach ón +353 (0)67 41570 / Aonach, ó Bhuiríos Uí Chéin, ó Dhurlas agus kimcahill67@hotmail.com

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

57


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

6.5. tuairisc TOGRA MHAIGH EO Stair Cuireadh Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge le chéile ag Cóiste Dúiche Mhaigh Eo sa bhliain 2002. ‘Sí an phríomhaidhm atá ag Togra Mhaigh Eo ná an Ghaeilge a scaipeadh ar fud Mhaigh Eo agus ar phobal gnó Mhaigh Eo chomh maith. Tá oifig againn i Sráid Ellison i gCaisleán an Bharraigh agus is í Brídín Ní Cheallaigh an Stiúrthóir. Tá fhochoistí againn i gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart, i gClár Clainne Mhuiris, i mBéal an Átha, agus in áiteanna eile. Tá baint ag an Togra le go leor daoine sa cheantar agus téann anchuid daoine tríd an Oifig. Cuirtear seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal Gaeilge Mhaigh Eo. Sheol muid suíomh idirlín nua ar an 13 Aibreán 2011 agus tá sé le feiceáil ag www.conradhmhaigheo.ie. Oideachas Bíonn an Togra an-ghníomhach ó thaobh an oideachais de agus i mbliana, is iad seo a leanas na ranganna agus na cúrsaí Gaeilge a chuireamar ar fáil don phobal: • Ranganna Gaeilge Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) do Dhaoine Fásta • Ranganna Gaeilge do Ranna Rialtais • Ranganna Gaeilge do Chomhlachtaí Gnó • Ranganna Gaeilge do Mhúinteoirí • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Meánscoile • Ranganna Gaeilge do Dhaltaí Bunscoile • Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh Imeachtaí Sóisialta agus Cultúrtha Bíonn go leor imeachtaí ar siúl againn i rith na bliana ach cuid de na himeachtaí is mó a bhíonn á reáchtáil againn ná Seachtain na Gaeilge; Féile Scoil Drámaíochta; ciorcail chomhrá Is Leor Beirt; ranganna Gaeilge; Club 58

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2012 i Maigh Eo

Léitheoireachta Gaeilge; agus comórtais do na scoileanna, i measc rudaí eile. Reáchtálann muid Oíche Ghaelach in Óstán an Welcome Inn gach bliain freisin. Bhí an oíche i mbliana tiomnaithe in ómós do Mháirtín Mac Donnchadha, clár reachtaire Raidió na Gaeltachta, agus do Gabrielle Uí Bhreisleáin, rúnaí leis, a d’éirigh as a gcuid oibre ag deireadh mhí na Samhna 2011. Tá os cionn 10 mbliana caite ag an mbeirt acu sa stáisiún i gCaisleán an Bharraigh agus obair mhór déanta acu chun an Ghaeilge agus Gaeltacht Mhaigh Eo a chur os comhair an phobail. Thug Máirtín píosa cainte ar an ábhar Dea‑chaint agus Deisbhéalaíocht ar an oíche. Chomh maith leis sin, tá ag éirí go hiontach leis na ciorcail chomhrá faoin scéim Is Leor Beirt i Maigh Eo agus tá méadú ag teacht ar líon na ndaoine a fhreastalaíonn ar na ciorcail éagsúla sa chontae gach seachtain. Is deis iontach í do dhaoine a gcuid Ghaeilge a chleachtadh agus bualadh le daoine nua. Seachtain na Gaeilge 2011 Is é Seamus Mac Cormaic, Uachtarán Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, a sheol Seachtain na Gaeilge dúinn i mbliana. Reáchtáil muid an seoladh ag Aerfort Iarthar Éireann. Bhí slua mór daoine ag an seoladh agus bhí oíche iontach cheoil agus damhsa againn ina dhiaidh. Chuir muid leabhrán le

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

liosta na n-imeachtaí a bhí ar siúl i Maigh Eo i rith Sheachtain na Gaeilge 2011 i gcló freisin. Bhí an t-ádh orm arís an bhliain seo go raibh deis agam dul amach ar cuairt ag na scoileanna éagsúla le bualadh leo. Cuireann sé sin go mór leis an nasc idir muid féin agus scoileanna an chontae. Leagadh clár leathan cuimsitheach d’imeachtaí amach don fhéile le ceol, amhránaíocht, damhsa, cluichí, spórt agus spraoi de gach shaghas. Socraíodh imeachtaí do chuile áit sa chontae: sna bailte móra, sna sráidbhailte, sna scoileanna, na leabharlanna, sa mhúsaem agus i bpáirceanna peile thart timpeall an chontae, ag ceiliúradh an chultúir agus na teanga. Eagraíonn Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge na himeachtaí i gCo. Mhaigh Eo i gcomhair le Coiste Dúiche

Mhaigh Eo an Chonartha. Féile Scoil Drámaíochta Mhaigh Eo Bhí Féile Scoil Drámaíochta Mhaigh Eo ar siúl arís i mbliana. Glacann scoileanna ar fud Mhaigh Eo páirt sa chomórtas seo agus téann cúig scoil acu sin ar aghaidh go dtí Féile Chúige Chonnachta a bhíonn ar siúl ón 8 - 10 Márta gach bliain. Tá os cionn 35 scoil páirteach i bhFéile an Chúige i mbliana. Brídín Ní Cheallaigh Oifigeach Forbartha Gaeilge, Thogra Mhaigh Eo, Oifig Chonradh na Gaeilge, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. +353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166 / eolas@conradhmhaigheo.ie

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

7. Ainmniúcháin do na Toghcháin IARRTHÓIR Don UACHTARÁNACHT 1. Ó hAodha, Donnchadh Ó Chathair Chorcaí ó thús. Ina chónaí i gCúil Aodha le blianta fada. Ina bhall de Chonradh na Gaeilge ón am go raibh sé ina dhéagóir. Chaith 10 mbliana ag obair in Ard-Oifig an Chonartha, ag plé le stiúradh timireachta agus cúpla bliain mar Rúnaí ar an eagraíocht. Mar Uachtarán reatha ag an gConradh agus ina Chathaoirleach ar Dháil na Mumhan le tamall roimhe sin. Ina thimire deonach don Chúige ó 2010. Ina bhainisteoir ar Ghaelscoil Mhuscraí ó thús 2011. Ag obair le Coláiste na hOllscoile (foireann riaracháin i nGnóthaí na Mac Léinn) go dtí 2010 agus ina Chathaoirleach Bhord na Gaeilge sa Choláiste go dtí tús 2011. Bhronn an Ollscoil céim oinigh MA (honoris causa) air i 2009. IARRTHÓIRí Don CHOISTE GNÓ Ó NA CRAOBHACHA (Dáréag le toghadh)

As Cill Chainnigh dó. Is Oifigeach Gaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) é. Ball den Choiste Gnó, de lárchoiste Rith, de choiste an Oireachtais, de ghrúpa oibre Raidió Rí-Rá, rúnaí Chlub Chonradh na Gaeilge, stiúrthóir Sheachtain na Gaeilge. Bhí sé ag obair go páirt aimseartha in earnáil na Gaeilge go dtí le déanaí. Tá sean-ghaol aige le Gaeltacht na Rinne, áit ar chaith sé go

60

Tá Eoghan ina Chathaoirleach ar Chraobh Bhaile Locha Riach, agus bhí sé ina Thánaiste ar an gConradh ar feadh dhá bhliana. Is iarstiúrthóir é ar Thogra Bhaile Locha Riach agus tá sé ag obair le Glór na nGael i láthair na huaire. Tá sé ina LeasChathaoirleach ar Fhoras na Gaeilge. Tá cuid mhór blianta caite aige ar an gCoiste Gnó agus ar an mBuanchoiste. 3. Mac Fhearghusa, Pádraig Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus iar-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí. Bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí. Eagarthóir ar Feasta. D’eagraigh bunú Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí, ó 1981. Páirteach le coistí bunaithe gaelscoileanna in Oileán Ciarraí, Cill Airne agus Lios Tuathail. 4. Mac Fhionnghaile, Breandán Is oifigeach forbartha é Breandán Mac Fhionnghaile leis An Clár as Gaeilge ó 2003. Tá sé lonnaithe in Inis agus is ball

1. de Blúit, Peadar

leor dá óige.

2. Mac Cormaic, Eoghan

reatha é den Choiste Gnó. D’oibrigh sé mar Chomhordaitheoir Chontae an Chláir le haghaigh Rith 2010 agus 2012 agus tá sé mar Leas-Chathaoirleach ar Sheachtain na Gaeilge. 5. Mac Ruairí, Tomás Ball den Chonradh ó 1956; Uachtarán 19982003; Tánaiste 1994-1995; Coiste Gnó agus Buanchoiste ag tréimhsí éagsúla ó 1962;

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

ball de Chraobh Bhréanainn; Cathaoirleach an

Oireachtais

1995-1996;

Uachtarán

Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge 2004-2010; iriseoir; craoltóir; stiúrthóir de Chomhlacht Cumarsáide Chreagáin Teoranta agus CCC. nuacht Teoranta. 6. Melvin, Paula Faoi láthair is Oifigeach na Gaeilge ar Aontas na Mac Léinn i gColáiste Phádraig, Droim Conrach í Paula. Iar-Chathaoirleach ar Chumann Gaelach an Choláiste agus duine de bhunaitheoirí an Chumainn Ghaelaigh nua. Is í ionadaí Bhaile Átha Cliath ar an gCoiste Gnó agus is í seo an chéad bhliain aici ar an gcoiste; is rúnaí Coiste Chontae Átha Cliath an Chonartha í chomh maith. Is ball í de Choiste Stiúrtha Ógras freisin. Tá Paula ag déanamh obair dheonach le Raidió na Life le breis agus dhá bhliain anuas. Imríonn sí peil Ghaelach leis Na Gaeil Óga agus is í an Leas-Rúnaí ar choiste an chlub. 7. Ní Chóchlaigh, Celine Tá blianta fada caite ag Celine ar Choiste Gnó an Chonartha agus tá sí an-ghníomhach i gcúrsaí an Chonartha i dTiobraid Árann Theas. Is iar-mhúinteoir scoile í agus tá an-suim aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais. 8. Ní Laoire, Máire Tá Máire ina ball de Choiste Gnó an Chonartha le seacht mbliana anuas. Is múinteoir í agus tá an-spéis aici i gcúrsaí Gaeilge sa chóras oideachais, spéis a spreag í

chun máistreacht a dhéanamh ar dhearcadh daltaí i leith na Gaeilge. Tá sí ina rúnaí ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge chomh maith. Tá sí bainteach le cur chun cinn na Gaeilge i gcathair Chorcaí. 9. Ó Catháin, Leachlain Ball de chraobh Thraolaigh Mhic Suibhne, Gleann Maghair, Corcaigh agus iarbhall den Bhuanchoiste. Ag saothrú ar son na Gaeilge i gcónaí. Aturnae a bhunaigh cumann do dhlíodóirí a bhí sásta cleachtadh trí Ghaeilge. Tá ailt agus léachtaí tugtha aige a bhaineann le hábhar thar na blianta. Údar ar an gcéad athbhreithniú ar chúrsaí dlí agus Gaeilge. Ball de Fhoras na Gaeilge 1999 2008. Tiomsaitheoir bhailiúchán focal agus teilgean chainte an dlí. Gníomhach i gcúrsaí drámaíochta ar feadh a shaoil. 10. Ó Cearbhaill, Cóilín Tá sé mar Chathaoirleach ar Chraobh Borabú, lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Is Tánaiste reatha an Chonartha é agus é ina bhall den Choiste Gnó, den Bhuanchoiste, de Choiste Stiúrtha Ógras agus de Choiste Náisiúnta an Oireachtais. Cathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge agus fochoiste teicneolaíochta an Chonartha. LeasChathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath. Stiúrthóir ar Rith Teoranta agus Glór na nGael Teoranta. 11. Ó Deá, Aodhán Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn in Éirinn 2009 - 2011. As Baile Átha Cliath dó, tagann a shuim i gcúrsaí Gaeilge ó Choláiste na bhFiann agus ó Chumann Gaelach Choláiste Ollscoile

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

61


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Bhaile Átha Cliath a athbhunú. Bhí sé mar Oifigeach Gaeilge agus Uachtarán Aontas na Mac Léinn i gCOBÁC. D’eagraigh sé agóid chiúin faoin nGaeilge don Ardteist anuraidh agus ghlac 1000 mac léinn dara agus tríú leibhéal páirt inti. Ag obair mar Chomhordaitheoir na Mac Léinn le hAontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, agus Glór na nGaeilge faoi láthair.

an Co. na Mí dó agus d’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge mar mhac léinn ag coláistí samhraidh. Is gníomhaí teanga é le spéis faoi leith i bpleanáil teanga; ghlac sé páirt sa bhfeachtas chun suirbhéanna a líonadh maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus bhí páirt lárnach aige sa bhfeachtas chun Oifigeach na Gaeilge a choimeád mar chuid lárnach den bhunreacht Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

12. Ó hAdhmaill, Seán Tá Seán ina chónaí i mBaile Átha Cliath le Tara, a bhean chéile, agus ag tógáil clainne le Gaeilge. Iarchéimí Fiontar le spéis sa mhargaíocht, sa tiomsú airgid agus i gcúrsaí óige, oideachais agus gnó. Is Cathaoirleach é ar an óg-eagraíocht Feachtas. Ball de Chraobh Na Gaeil Óga. Toghadh ar an gCoiste Gnó go leanúnach é le blianta anuas. Bhí sé lárnach san fheachtas Ainmneacha Gaeilge d’Eastáit Tithíochta i mBaile Átha Cliath, rogha Ghaeilge ar na huathmheaisíní bainc agus chuidigh le bunú Raidió Rí-Rá, le heagrú Rith 2010, agus thacaigh le bunú 58 Naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste le 5 bliana anuas.

15. Uí Mhuirí, Jacqueline Tá Jacqueline ina ball de Chraobh na Gaillimhe agus tá sí mar ball reatha don Choiste Gnó agus do Choiste an Oireachtais freisin. Tá ranganna agus dianchúrsaí á múineadh aici le Conradh na Gaeilge i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath le fada an lá. Chomh maith leis sin, tá sí ag obair ar thráchtas in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Tá sí lárnach i gcur chun cinn na Gaeilge i gceantar na Gaillimhe.

13. Ó hAodha, Donnchadh Féach faoin Uachtaránacht. 14. Ó Liodáin, John Uachtarán Cuallacht Cholmcille OÉ Má Nuad. Bhí sé tofa mar Oifigeach na Gaeilge in Aontas na Mac Léinn Mhá Nuad le déanaí agus é ag déanamh staidéir ar an Nua-Ghaeilge agus Dlí. Is

62

IARRTHÓIRí Don CHOISTE GNÓ Ó NA BAILL AONAIR (Duine le toghadh) 1. Ní Fhaoláin, L Is aturnae í Iníon Ní Fhaoláin le 10 mbliana anuas agus í ag plé le dlíthíocht tráchtála. Tá bliain caite aici mar Oifigeach Gaeilge Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha

Cliath

faoi

chonradh

shaoire

mháithreachais. Bíonn sí ag múineadh Gaeilge d’aturnaetha agus ag dearadh cúrsaí.

Tugann

léachtaí

Dlíchumann chomh maith.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

sa

dlí

sa


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

8. RÚIN NA hARD-FHEISE 2012 1. Ba chóir don dá Rialtas tríd an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas comhstraitéis ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge a aontú a chuimseoidh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ó dheas agus an Straitéis Ghaeilge ó thuaidh. Le cinntiú go mbeidh sealbh ag an bpobal agus ag na húdaráis ar an gcomhstraitéis agus le cinntiú go mbeidh pleanáil chomhtháite, éifeachtach agus éifeachtúil i gceist, ba chóir don Chomhairle Aireachta Thuaidh agus Theas Aonad Pleanála Uile-Éireann a bhunú leis an gComhstraitéis a stiúradh le hionadaíocht ó ón bpobal agus ó na húdaráis. Donnchadh Ó hAodha, Ball den Choiste Gnó 2. Éilíonn an Ard-Fheis ar an Rialtas go dtógfar Phobal na Gaeilge san áireamh sna struchtúr i gcur i bhfeidhm na Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2012-2030. Ní éireoidh le haon straitéis muna mbíonn an pobal lárnach sa chur i bhfeidhm. Donnchadh Ó hAodha, Ball den Choiste Gnó 3. Go n-iarrann an Ard Fheis seo ar an Rialtas, mar chuid den Bhille Gaeltachta nua, cinntiú: a) Go mbeidh deis ag pobal na Gaeltachta ionadaithe a thoghadh ar Bhord Údarás na Gaeilge trí thoghchán poiblí. b) Sa chás go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas go mbeadh Baill ainmnithe ar Bhord Údarás na Gaeltachta go mbeadh na baill seo earcaithe trí chomórtas poiblí, bunaithe ar théarmaí tagrach sonrach. Coiste Chontae na Gaillimhe 4. Bunreacht: Ní chuirfidh a bhfuil scríofa in alt 53 cosc ar an gCoiste Gnó socrú a dhéanamh go mbeidh an tArd-Rúnaí incheapaithe mar Bhainisteoir in aon eagraíocht go mbeadh Conradh na Gaeilge comhpháirteach ann agus ag feidhmiú go comhuaineach mar Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge Donnchadh Ó hAodha, Ball den Choiste Gnó

64

5. Go n-iarrann an tArd Fheis seo ar an Rialtas an cinneadh chun Oifig an Coimisinéir Teanga a nascadh le hoifig an Ombudsman a aisghairm láithreach. Coiste Chontae na Gaillimhe 6. Ba cheart teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla). Craobh Ghleann Iolair 7. Molann an Ard-Fheis go mbeidh 2013 mar bhliain na Gaeilge, ceiliúradh 120 bliain an Chonartha. Iarrtar ar an gCoiste Gnó féilire imeachtaí a chur le chéile don bhliain. Ba chóir do na Craobhacha, Seachtain na Gaeilge, agus aonaid eile an Chonartha a bheith an-ghníomhach ann agus ba chóir cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí Gaeilge eile páirt a ghlacadh ann. Aodhán Ó Deá, An Coiste Gnó 8. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an gComhairle Aireachta Thuaidh agus Theas na scéimeanna iomaíoch molta sa Samhail Nua Mhaoinithe a chur ar leataobh láithreach agus samhail chomhpháirtíochta a chur ina n-áit, i. ligint do na heagraíochtaí bunmhaoinithe féin cuíchóiriú a dhéanamh agus laghdú a dhéanamh ar an líon eagraíochtaí ag gníomhú go neamhspleách óna chéile Craobh Borabu 9. Go mbunódh Conradh na Gaeilge grúpa ina mbeadh baill de pháirtithe uile na Dála, chomh fada agus is féidir, le beartais éagsúla na bpáirtithe i leith na Gaeilge a thabhairt chun solais chomh luath agus is féidir, le plé a dhéanamh orthu agus moltaí a dhéanamh ina leith. Craobh Na Gaeil Óga 10. Molann an Ard-Fheis go bhfiosróidh an Coiste Gnó an fhéidearthacht le ceiliúradh a dhéanamh ar Éirí Amach na Cásca 1916 agus an baint a bhí ag an eagraíocht leis. Mar chuid den obair seo, ba chóir airgead a bhailiú d’obair na heagraíochta le níos mó neamhspleáchais a bhaint amach di. Cóilín Ó Cearbhaill, Ball den Choiste Gnó

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

11. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta saineolaí idirnáisiúnta nó iarbhreitheamh neamhspleách a cheapadh le dul tríd na haighneachtaí ar fad a fuair an Roinn mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Craobh Na Gaeil Óga 12. Ba cheart go mbeadh straitéis láidir chuimsitheach ann i leith na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus go mbeadh an straitéis seo mar chéim eile i dtreo Acht na Gaeilge. Craobh Ghleann Iolair 13. Éilíonn an Ard-Fheis seo ar an gComhairle Aireachta Thuaidh agus Theas go n-aithneoidh aon samhail nua mhaoinithe infreastruchtúr deonach na n-eagraíochtaí reatha, ríthábhacht rannpháirtíocht na mball deonaigh agus saineolas na bhfoirne reatha. Tá sé riachtanach go mbeidh pobal na Gaeilge i gceannas ar a gclár oibre féin le tacaíocht ó na húdaráis. Craobh Borabu 14. Ba chóir Cothrom na Féinne a thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge ó thuaidh, agus Acht Gaeilge ceartbhunaithe a ghníomhú láithreach chun cearta teanga na ndaoine sin ar mian leo Gaeilge a labhairt a chosaint, beag beann ar an phobal nó ar an gcúlra polaitíochta lena mbaineann siad. Craobh Ghleann Iolair 15. Bunreacht: Sé Rún ag gach Craobh ag an Ard-Fheis. Leasaigh alt 89 go: Tá gach Ball den Choiste Gnó, nach ionadaí é nó í thar ceann coiste chontae nó thar ceann coiste chúige, i dteideal duine amháin a mholadh lena t(h)oghadh mar bhall den Choiste Gnó, leasú amháin ar an mBunreacht agus sé rún eile a mholadh. Craobh Chill Mhíchíl

16. Bunreacht: Feidhmeanna na Craoibhe: Cur le Alt 20: (h) Plean comhtháite teanga a chur le chéile bunaithe ar threoirlínte ó Chonradh na Gaeilge. Craobh Chill Mhíchíl 17. Iarrann Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar Aire Stáit na Gaeltachta stádas eatramhach mar Ghaeltacht a thabhairt do Chontae an Chláir nó chodanna de nó go dtí go mbeidh deis ag Aire Stáit na Gaeltachta ordú limistéir Gaeltachta cuí tarraingt aníos don chontae úd roimh 2016. Craobh Chill Mhíchíl 18. Bunreacht: Ionadaí breise ar an gCoiste Gnó. Cur le Alt 20: (h) léachtóir amháin, atá mar bhall den Chonradh, a chomhthoghfar ó na coláistí oiliúna ag an gcéad chruinniú den Choiste Gnó tar éis na hArd-Fheise bliantúla. Craobh Chumann Gaelach Choláiste Phádraig 19. Go n-iarrann an tArd Fheis seo ar an Aire Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil, Phil Hogan, mar ghníomh phráinneach, comharba a roghnú chun teacht in áit Mheitheal Fhorbartha na Gaeltachta agus go mbeidh an grúpa a roghnófar ionadaíoch ar na ceantair Ghaeltachta ar fad, lonnaithe sa Ghaeltacht agus ag cur seirbhíse ar fáil trí mheán na Gaeilge amháin. Craobh Mhaigh Cuilinn 20. Eagraíocht: Go mbeidh Ard-Fheis 2014 i gCill Airne. Chraobh Chill Airne 21. Go dtacóidh an roinn Oideachais le buanú éiteas lán-Ghaeilge ar scoileanna. Craobh Chill Airne 22. An Ghaeilge i measc an phobail. Go n-iarrfadh an Coiste Gnó ar gach Coiste Contae féile Ghaeilge a bhunú i ngach contae le nasc a dhéanamh leis an bpobal ionas go mbeidh páirtíocht acu leis an nGaeilge trí pháirtíocht a bpáistí féin. Craobh na hInse

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

65


Conradh na Gaeilge

66

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

23. An Ghaeilge sa saol trádála. Iarann an Ard-Fheis seo ar an gCoiste Gnó teagmháil oifigiúla a dhéanamh le gach cumann trádála sa tír chun an nGaeilge a chur in úsáid i ngnáth-ghnó na siopadóireachta. Craobh na hInse

28. Iarann an Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an Roinn Oideachais plean comhtháite teanga a chur i dtoll a chéile chun barr feabhas a chur ar gach gaelscoil ó Inis siar go Carraig an Chabhaltaigh i 2012. Craobh Chill Mhíchíl

24. Seirbhísí trí Ghaeilge. Go n-iarrfadh an Coiste Gnó ar bhaill uilig an Chonartha, agus ar phobal na Gaeilge, seirbhís iomlán trí Ghaeilge a éileamh ó gach comhlacht agus rannóg stáit. Craobh na hInse

29. Go n-iarrann an tArd Fheis seo ar an Aire Oideachais, Ruairí Quinn, an cinneadh maidir leis an gcóimheas nua atá molta idir líon na ndaltaí agus múinteoirí bunscoile a aisghairm láithreach. Craobh Mhaigh Cuilinn

25. Go bpléifear leis an bhForas Pátrúnachta agus le Gaelscoileanna an bealach is fearr leis na scoileanna lánGhaeilge, ag an mbun agus ag an dara leibhéal, a bunaíodh le dhá ghlúin anuas a bhuanú ina scoileanna lánGhaeilge sa bhfad tréimhse, chun go n-aimseofar cosaint dhlíthiúil do shainmheon lánGhaeilge na scoileanna sin nach bhfuil cosaint phátrúin Ghaeilge acu ach go háirithe, i dtreo gur féidir leis an gcéad ghlúin eile de phobal na Gaeilge tógáil ar an dul chun cinn atá déanta. Craobh Thrá Lí

30. Aithníonn an Ard-Fheis an obair déanta ag Craobh na gCeithre Cúirteanna le Seirbhís Náisiúnta Saor-Chomhairle Dlí a chur ar bun agus iarrtar ar gach ball don Chonradh úsáid a bhaint aisti. Craobh Borabu

26. Iarann Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta plean a fhorbairt leis an nGaeilge a threisiú i gcontae an chláir feasta i gcomhar le Coiste Forbartha na Gaeltachta i gContae an Chláir agus Craobhacha eile de Chonradh na Gaeilge taobh istigh de Chontae an Chláir. Craobh Chill Mhíchíl 27. Iarrann an Ard-Fheis seo ar an Roinn Oideachais agus Scileanna agus go háirithe ar an Aire, Ruairí Ó Coinn, plean struchtúrach a chur i bhfeidhm maidir le todhchaí scoileanna na Gaeltachta, mar chuid den Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ag tabhairt aird ar Airteagail 8 agus 42 de Bhunreacht na hÉireann agus d’ailt 6, 8 agus 31 den Acht Oideachais 1998. Craobh na gCeithre Cúirteanna

31. Cáineann an Ard-Fheis seo go tréanláidir cinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht mar chuid riachtanach dá gcúrsa, cinneadh a thagann salach ar na moltaí déanta ag an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Craobh Chumann Gaelach Choláiste Phádraig 32. Athdhearbhaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a tacaíocht don Choimisinéir Teanga agus a fhoireann, molaimid a saothar iontach atá déanta acu agus éilímid go bhfágfar iad ag feidhmiú mar aonad neamhspleách. Craobh Bhréanainn 33. Molann an Ard-Fheis don phobal a bheith san airdeall faoi iarrachtaí ar ghalldú a chur ar siúl i réimsí éagsúla den chóras poiblí agus a bheith réidh le seasamh go láidir ina choinne. Craobh Bhréanainn

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

67


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

9. aontas phobal na gaeilge Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus trí phleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uileÉireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó “Eagras amháin (nó b’fhéidir líon teoranta eagras, […]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán” ar an 02 Nollaig 2009.

68

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge: 1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d’fheidhmiú an Aontais; 2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú; 3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú; 4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú; 5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga. Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d’oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

10. Torthaí ar Ghlór na nGael 2011 Buaiteoir Náisiúnta 2011 1. Gaelphobal an tSrátha Báin 2. Comharchumann Mhic Dara 3. Coiste Forbartha Charn Tóchair 4. Glór na nGael, Baile Locha Riach 5. Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh Coistí gan chúnamh fostaíochta Gaeltacht 1. Coiste Pobail na Tulaigh 2. Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn 3. Glór na nGael, Gort an Choirce Iar-Ghaeltacht 1. Cumann Gaelach Leath Chathail 2. Na Macallaí, Loch Garman 3. Glór Bhreifne, Co. an Chabháin Comórtas na gCumann Gaeilge sna Coláistí Tríú Leibhéal 1. An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide 2. Cuallacht Cholmcille, O É Má Nuad 3. An Cumann Gaelach, Coláiste Phádraig Iontráil Nua is fearr An Cumann Craic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh Cumann is fearr le níos lú na 200 baill An Cumann Sóisialta, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua Duais Trasteorainn An Cumann Gaelach, Ollscoil na Ríona Duais Athmhuintearais An Cumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath

Duais Chonradh na Gaeilge An Clár as Gaeilge, Inis, Co. an Chláir Duais an Fháinne Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall Duais Chomhluadar Céim Aniar, Co. Dhún na nGall Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta Glór na Móna, Béal Feirste Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall Coiste Forbartha Dhobhair Teo., Co. Dhún na nGall Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe Duais Cholmcille Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Sgoil Gáidhlig Glaschú Duais na Comhairle Oidhreachta Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Glór Bhalána Údarás Craolacháin na hÉireann Stáisiún Tráchtála: Raidió i102/104 Stáisiún Pobail: West Dublin Access Radio 96FM

Comórtas G! urraithe ag Foinse

Duais Iontaobhas Ultach Conradh na Gaeilge, Bóirche Íochtar, Co. an Dúin Cumann Cultúrtha an Phobail, Béal Feirste

Buaiteoirí Laighean Club na nÓg, Pobalscoil Naomh Mharcais, Tamhlacht

Duais Chló Iar‑Chonnachta Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Buaiteoirí Chonnacht Club Raifteirí, Gairmscoil Mhuire, Baile Átha an Rí

Duais an Fhorais Phátrúnachta Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Buaiteoirí Mumhan Meitheal 2012, Scoil Phobail Chaimín Naofa, Sionna

Duais COGG Glór Cheatharlach

Buaiteoirí Uladh Ailigh G, Coláiste Ailigh, Leitir Ceannain

Duais Ghaelscéal Glór Cheatharlach

Buaiteoir Náisiúnta Gaeilge GA GA, Pobalscoil Naomh Mhichíl Duaiseanna Speisialta Ghlór na nGael 2011

Global Gaeilge 1. Cumann na Gaeltachta, Ceanada 2. Conradh na Gaeilge, Glaschú 3. Cumann Gaeilge na hAstráile

Duais Chumann na Sagart Coiste Pobail na Tulaigh, Co. na Gaillimhe

Gradam Ghlór na nGael 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

71


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

11. Miontuairiscí Ard-Fheis 2011 T e ac h ta í ag A r d -F h e i s 2011 COISTE GNÓ Pádraig Mac Fhearghusa, Donnchadh Ó hAodha, Tomás Mac Ruairí, Seán Ó Drisceoil, Seán Ó hAdhmaill, Celine Ní Chochlaigh, Jacqueline Uí Mhuirí, Leachlain Ó Catháin, Breandán Mac Fhionnghaile, Máire Ní Laoire, Coilín Ó Cearbhaill, Eibhlín Uí Mhorónaigh, Máire Uí Ghairbhí, Aodhán Ó Deá, Máirín Ní Ruairc Tuathaigh, Aedín Uí Mhaoléidigh, Niall Comer, Breandán Ó Cathasaigh, Peadar de Blúit, Eoghan Mac Cormaic. CÚIGE LAIGHEAN Teachtaí a d’fhreastal ar Ard-Fheis 2010 i Luimneach agus nár luadh i Leabhar na hArdFheise 2011 ó Chraobh Cheanannus Mór, Philib Ó Sioradáin, Tiarnán de hÁl. Ard-Fheis 2011 Gina Ní Chathasaigh, Eilís Ní Fhearáin, Craobh Raidió; Paula Melvin, Cumann Gaelach Choláiste Phádraig; Cormac Breathnach, Gabhán Ó Briain, Cumann Gaelach UCD; Eadaoin Nic G. Bhrighde, Cian Ó Ceallaigh, Craobh Aontas na Mac Léinn in Éirinn; Caoimhín Ó Cadhla, Craobh Mháirtín Ó Cadhain; Cormac Ó Coileáin, Ben Mac Lochlainn, Phyllis Mac Lochlainn, Craobh Bhréaninn; Áine de Baróid, Craobh an Athair Ó hIceadha; Daithí de Buitléir, Craobh Ollscoil Bhaile Átha Cliath; Jen Ní Mhathúna, Isabelle Nic Eachaidh, Craobh Choláiste na Tríonóide; Gearóid Mac Unfraidh, Daithí Mac Carthaigh, Craobh na gCeithre Cúirt; Íte Ní Chionnaith, Croabh Choiste na Gaeilge Institiúid Teicneolaíochta BÁC; Maolsheachlainn Ó Caollaí, Peig Uí Chaollaí, Craobh Liam Bulfin; Joe Byrne, Cumann Gaelach TCD; Máire Ní Mhurchú, Bláthnaid Ní Mhurchú, Áine Uí Ghabhann, An Ard-Chraobh; Aoife Ní Scolaí, Craobh Dhún Laoghaire; Eoghan Ó Murchadha, Na Gael Óga; Anita Nic Amhlaoidh, Conchur Mac Amhlaoidh, Eileanóir Ní Fhuaráin, Glór na Ríogh; Colm Ó Cearúil, Naoise Ó Cearúil, Craobh Mhaigh Nuad; Pádraig Ó Cruimín, Croabh Loch Garman; Aisling Breathnach, Jenny Ní Ruiséil, Craobh Cuallacht na Gaeilge, Má Nuad, Pádraic Mac Donncha, Craobh Rath Cairn. CÚIGE MUMHAN Áine Ó Catháin, Craobh Thraolach Mhic Shuibhne; Seán Ó Ceallaigh, Nóiriín Uí Cheallaigh, Domhnall Ó Loingsigh, Craobh

72

na hInse; Micheál de Mordha, Craobh Chorca Dhuibhne; Domhnall Ó Loingsigh, Craobh Bhaile Bhúirne; Nóirín Ó Dálaigh, Pádraig Ó Dálaigh, Craobh Thrá Lí; Áine Mhic Fhearghusa, Dáil na Mumhan; Phyllis Uí Cheallaigh, Pádraig Mac Donncha, Craobh Luimnigh; Edel Ní Bhraonáin, Shánna Malanaphy, Craobh Uíbh Ráthaigh; Seán Ó Nuanáin, Craobh na Sionna; Labhrás Ó Donghaile, Coiste Co. an Chláir; Máire Mhic Conmara, Seán Ó Duibhir, Craobh Chaiseal Mumhan; Séamus Ó Coisdealbha, Lisa Ní Choisdealbha, Craobh Ros Cré; Mícheál Ó Raghallaigh, Croabh Chill Áirne. CÚIGE ULADH AGUS CO. LÚ Ruairí de hÁl, Breandán Cochláin, Séamas Ó Cuasáin, Craobh Dhún Dealgan; Pádraig Ó Tiarnaigh, Eoghan Ó Néill, Craobh Chúil Raithin; Caoimhín Ó Daimhín, Ruaidhrí Mac Maghnusa, Craobh Ollscoil Uladh; Conchubhair Mac Lochlainn, Seán Ó Murchadha, Craobh Mhuineacháin; Malachaí Ó hAgáin, Craobh Ghleann Iolair; Brian Mac an tSionnaigh, Craobh Carn Tochar. CUAIRTEOIRÍ Gearóid Ó Cearbhaill, Luimneach; Maebh Ní Chléirigh, Neil Ó hEidhir, Eilís Uí hEidhir, Pádraigín Ní Mhainín, Áine Uí Dhuigneáin, Amanda Ní Dhuibhir, Anita Nic Amhlaidh, Síle Ní Bhaill, Anne Hume, Derek Hume,Gaelscoil Nás na Ríogh; Donncha Ó Mathúna, Bríd Uí Mhathúna, An Ard-Chraobh; Damhnait Uí Mhaldúin, Oifig an Choimisinéir Teanga, Róoghnagh Bracken, Comhairle Nás na Ríogh; Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn; Bláthnaid Ó Brádaigh, Úna Uí Lachlainn, An tOireachtas; Caoimhín Ó hEaghra, Foras Patrúnachta; Harry McGee, Irish Times; Seán Ó Gairbhí, Neasa Ní Chualáin, Raidió na Gaeltachta; Cáit Chluise, Ball na hÉide; Seosamh Mac Muirí, Beo Teo.; Éamon Kinch, Foras na Gaeilge. CÚIGE CHONNACHT AGUS THAR LEAR Baba Ní Fhlatharta, Ciara Ní Cheiligh, Síomha Ní Mhuirí, Craobh na Gaillimhe; Bríd Ní Dhabhoráin, Áine Ní Fhatharta, Craobh Mhaigh Cuilinn; Máiréad Ní Dhireáin, Peadar Ó Coinín, Coiste Co. na Gaillimhe; Gearóidín Ní Ghrúinéil, Seán Ó Cionfhaola, Craobh Chaisleán an Bharraigh; Brídín Ní Cheallaigh, Coiste Co. Mhaigh Eo; Ronán Mistéal, Craobh Ollscoil na Gaillimhe; Senáin Mac Aodha, Cumann Craic na Gaillimhe.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Dé hAoine, 01/04/2011 ag 9:00i.n. Caint Fháiltithe an Uachtaráin Chuir an tUachtarán, Pádraig Mac Fheraghusa, fáilte roimh gach duine chuig Ard-Fheis 2011 san Óstán Killashee House, Nás na Ríogh. Chuir sé fáilte speisialta roimh Harry McGee, comfhreagraí polaitíochta le The Irish Times agus Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh, aoichainteoirí na hoíche. Mhol sé Craobh Ghlór na Ríogh as an obair déanta acu ar son na Gaeilge i gCo. Chill Dara agus ghabh sé buíochas le ceoltóirí Ghaelcholáiste Chill Dara agus Cór Ghaelscoil Nás na Ríogh as an gceol a chuireadar ar fáil. Ghabh sé leithscéal ar son an Aire Dinny McGinley agus Méara Baile Nás na Ríogh, Seamie Moore, nach raibh ar a gcumas a bheith i láthair. Na Rialacha Seasta Glacadh leis na rialacha seasta, molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. Miontuairiscí na hArd-Fheise 2010 Glacadh le miontuairiscí na hArd-Fheise 2010, molta ag Seán Ó Ceallaigh agus cuidithe ag Leachlain Ó Catháin. Toghadh Áiritheoirí do na toghcháin Ainmníodh na daoine seo a leanas mar áiritheoirí thar ceann na hArd-Fheise: Breandán Ó Cochláin, molta ag Ruairí de hÁl, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí; agus Paula Melvin, molta ag Peadar de Blúit, cuidithe ag Naoise Ó Cearúil. Sos Cuimhneacháin Sheas gach duine a bhí i láthair ag an Ard-Fheis ar feadh nóiméid in ómós do na daoine seo a leanas a fuair bás le linn na bliana: Seán Adhlairt; Breandán Ó Buachalla; Áine Uí Dhrisceoil; Olive Uí Mhaolchoille; An tAthair Liam Mac an tSagairt; Mick Lally; Seán Dublin Bay Loftus; Joe Neylon; Séamus Ó Coigligh; Nuala Nic an Iomaire; Aongus Ó Laoire; Tomás Comer; Dr. Micheál Ó Fionnáin; Bill Doyle; Michael Bishop; Séamus Páircéir; Eilís Ní Aodha; Máire Ní Bhriain de Stafort. Oscailt Oifigiúil & Cainteanna na hArd-Fheise Ar son Mhéara Baile Nás na Ríogh, Seamie Moore, chuir Anita Nic Amhlaoidh, Craobh Ghlór na Ríogh, fáilte roimh gach duine chuig Ard-Fheis 2011. Chuir sí in iúl gurbh an-onóir í don Chomhairle Baile an Ard-Fheis a bheith i

Nás na Ríogh. Labhair sí faoi na forbairtí móra déanta ar son na Gaeilge sa cheantar agus ghabh sí buíochas le hÓgras agus Comhluadar as urraíocht a dhéanamh ar imeachtaí teaghlaigh mar chuid den Ard-Fheis. Ghuígh sí gach rath ar an Ard-Fheis, agus d’oscail sí go hoifigiúil í. Caint na hArd-Fheise “Na Rialtais Nua agus an Ghaeilge” Labhair Niall Comer ar na polasaithe i leith na Gaeilge ag páirtithe polaitíochta Thuaisceart Éireann. Thug sé cúlra stairiúil ar an nGaeilge sna sé chontae ó 1922 agus léirigh sé an titim i líon na ndaltaí ag déanamh na Gaeilge don GCSE ó 2007 mar gheall ar an riachtanas do theanga bhreise a bhaint den churaclam. Maidir leis na príomhéilimh d’olltoghchán na sé chontae, mhol sé Acht Gaeilge don Tuaisceart, rochatin níos fearr ar TG4, buanmhaoiniú don ghaelscolaíocht agus curaclam Gaeilge do scoileanna Béarla. Labhair Harry McGee ar na polasaithe i leith na Gaeilge ag páirtithe polaitíochta sa Deisceart. Dúirt sé gur chreid sé go mbeadh forbairt na Gaeilge éabhlóideach le linn tréimhse an rialtais nua seachas réabhlóideach agus nach mbeadh an Ghaeilge roghnach don Ardteist faoi dheireadh na tréimhse cúig bliana. Dé Sathairn, 02/04/2011 ag 10:00r.n. Cuntais 2010 Dhein an tArd-Rúnaí cur i láthair ar chuntais 2010. Chuir sé in iúl gur léirigh an ráiteas sreabhadh airgid go raibh €5,876 fágtha ag deireadh na bliana ach mar gheall ar dhímheas sa mhionchuntas ioncam agus caiteachais, go raibh easnamh ag deireadh na bliana. Dúirt sé go raibh gá le foinsí nua ioncaim a fháil mar gheall ar an ngearradh siar agus míchinnteacht faoi bhunmhaoiniú. Glacadh leis na cuntais, molta ag P.T. Mac Ruairí agus cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. Toghchán don Uachtaránacht D’fhógair an Timire Náisiúnta go foirmeálta Donnchadh Ó hAodha mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge do 2011-12 agus ghabh sé comhghairdeas leis. Dúirt an tUachtarán tofa go raibh ómós air glacadh leis an uachtaránacht. Thréaslaigh sé leis an Uachtarán, Pádraig Mac Fhearghusa, agus bhronn sé bonn airgid de Naomh Bréanainn air.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

73


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Ionad Buail Isteach Teicneolaíochta agus Cumarsáide D’fhógair Cóilín Ó Cearbhaill go mbeadh an fochoiste teicneolaíochta agus P.T. Mac Ruairí ag reáchtáil ionad buail isteach teicneolaíochta agus cumarsáide ag 2 - 3in chun comhairle agus cabhair a thabhairt do na craobhacha le haon cheist acu maidir le cúrsaí idirlín agus na meáin. Aitheasc an Uachtaráin Chuir an tUachtarán, Pádraig Mac Fhearghusa, in iúl go raibh gá le heagraíocht láidir Ghaeilge níos mó ná riamh. Thréaslaigh sé le ceapacháin na nAirí Deenihan agus McGinley agus dúirt sé gur éirigh leis an bhfeachtas Gaeilge don olltoghchán dul i bhfeidhm ar an bpobal mór, agus go raibh gá anois le pleananna gníomhaíochta le líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge a ardú. Ghabh sé buíochas leis an Ard-Fheis as an onóir a bronnadh air a bheith ina Uachtarán don tréimhse trí bliana, agus leis an Ard-Rúnaí, an bhfoireann agus gach duine a thug cabhair dó le linn a thréimhse uachtaránachta. Tuairiscí ó na hEagraíochtaí Faoi Scáth an Chonartha Thug na daoine seo a leanas tuairiscí ar obair na n-eagraíochtaí faoi scáth an Chonartha: Maedhbh Ní Dhónaill, Ógras; Conchubhair Mac Lochlainn, Seachtain na Gaeilge; Máirín Ní Ruairc-Tuathaigh, Coimisiún le Rincí Gaelacha; Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge. Thug Máirín Ní Ruairc-Tuathaigh le fios go raibh feabhas tagtha ar úsáid na Gaeilge sa Choimisiún le Rincí Gaelacha, buíochas le hAedín Ní Mhaoldomhnaigh. Dúirt sí gur ghá go mbeadh na hionadaithe ar fad ón gConradh ar choiste an Choimisiúin ag cur na Gaeilge chun cinn san eagraíocht. Cur i láthair faoi Ard-Fheis 2012 Dhein Domhnall Ó Loingsigh cur i láthair ar obair Chraobh na hInse, na háiseanna i mbaile na hInse agus na pleananna a bhí ag an gCraobh d’ArdFheis 2012. Clabhsúr Ghabh an tUachtarán tofa buíochas le Craobh Ghlór na Ríogh as óstáil a dhéanamh ar Ard-Fheis 2011. Dúirt sé go raibh gá le húsáid a bhaint as an meas atá ar an gcultúr Gaelach i measc an diaspóra chun meas i measc phobal na hÉireann féin a spreagadh. Thug sé le fios go raibh tacaíocht pholaiteoirí an-tábhachtach don Ghaeilge a chur

74

chun cinn agus go raibh gá le stocaireacht do thoghchán an tSeanaid. Dúirt sé nach raghadh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm as a stuaim féin, ach go raibh a lán le déanamh agus go gcuirfí chuige. Na Rúin Glacadh leis na rúin seo a leanas: REACHTAÍOCHT & STRAITÉISÍ 1. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 nach mór 10 mbliana d’aois agus tá roinnt de na páirtithe polaitiúla tar éis a mholadh go mbeidh leasuithe déanta air. Molann an Ard-Fheis go mbeidh na rudaí seo a leanas curtha leis an Acht in aon athbhreithniú: a) Go mbeidh láidriú déanta ar na cearta atá ag an bpobal Gaeltachta le seirbhísí a fháil trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Níor chóir go mbeadh orthu braith ar na scéimeanna 3 bliana amháin b) Go mbeidh leasú déanta ar an Acht chun go mbeidh ar aon ghníomhaire nó comhlacht a fhaigheann conradh le seirbhís a chur ar fáil don phobal ó aon roinn rialtais nó comhlacht stáit faoi na coinníollacha céanna den Acht atá an Roinn nó an comhlacht stáit faoi c) Go mbeidh aon chomhlacht stáit nua nó atheagraithe curtha leis an liosta de na comhlachtaí stáit a thagann faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go huathoibríoch d) Go mbeidh béim ar shuíomhanna idirlín dátheangacha a bheith ar fáil mar chuid d’aon scéim 3 bliana; molta ag Cóilín Ó Cearbhaill, cuidithe ag Dáithí Mac Cárthaigh. 2. Aithníonn an Ard-Fheis an feachtas olltoghcháin a d’eagraigh an Conradh i bpáirt le Guth na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile le déanaí sa Deisceart leis an nGaeilge a chosaint agus a fhorbairt. Molann an Ard-Fheis go n-eagróidh an Conradh le treoir ó Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge agus Pobal feachtas don olltoghchán sa Tuaisceart don Tionól i mí Bhealtaine. Ba chóir go mbeadh straitéis leis an mbunús céanna leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht Gaeilge don Tuaisceart mar chroí-éilimh san fheachtas sin; molta ag Niall Comer, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 3. Athdhearbhaíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge tacaíocht iomlán don Choimisinéir Teanga agus molaimid saothar na hoifige sin; molta ag P.T. Mac Ruairí, cuidithe ag Seán Ó Drisceoil.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

87

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

4. Éilíonn Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge go gcuirfear na céimeanna riachtanacha cuí i bhfeidhm a chuirfidh deireadh le Béarla éiginteach amháin a bheith mar cháilíocht cheapacháin ag oifigigh stáit agus oifigigh phoiblí eile; molta ag Cormac Ó Coileáin, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 5. Maidir leis an Dréacht-Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, éilíonn an Ard-Fheis seo (a) (i) Go bhfeidhmeofaí an Dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge láithreach agus go bhfeidhmeofaí í mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta. (ii) Go gceapfaí duine i ngach Roinn Stáit, ag leibhéal Príomhoifigigh ar a laghad, le bheith freagrach as feidhmiú na Dréachtstraitéise agus seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeilge. (iii) Go gcoinneofaí Roinn Rialtais atá freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus as feidhmiú na Dréachtstraitéise. (b) Go ndéanfaí mar ábhar práinne iniúchadh cuimsitheach ar theagasc na Gaeilge ag an bhunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal leis na fadhbanna atá ann maidir le múineadh na Gaeilge a aithint. (c) Bunaithe ar an taighde ag 1 thuas go dtabharfaí treoir don CNCM siollabais nua a dhearadh agus a phíolótú le tabhairt faoi na fadhbanna seo, mar a rinneadh leis an mhata nuair a ullmhaíodh ‘Project Maths’. (d) Go dtabharfaí tús áite d’oiliúint múinteoirí leis an Ghaeilge a theagasc, go háirithe labhairt na Gaeilge ag an mbun agus ag an iarbhunleibhéal. Cuimsíonn seo cúrsaí Gaeltachta agus dianchúrsaí do na hábhar múinteoirí nach bhfuil ag déanamh Gaeilge mar phríomhábhar. (e) Go gcuirfí cúrsaí inseirbhíse ar fáil chun cuidiú leis na múinteoirí atá sna scoileanna faoi láthair feabhas agus snas a chur ar a gcuid Gaeilge agus a gcuid modhanna múinte, chun go mbeidh siad in ann dul i ngleic le múineadh labhairt na Gaeilge. (f) Go n-ullmhófaí, mar ábhar práinne, cúrsa comhtháite Gaeilge do na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc bunaithe ar an gcúrsa atá ann do na scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí. (g) Go gcuirfí maoiniú leordhóthanach ar fáil leis an gcúrsa comhtháite bunaithe ar ‘Séideán Sí’ a ullmhú agus a scaipeadh. (h) Go dtabharfaí gach tacaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann agus go bpléifí leis na húdaráis ansin maidir leis an straitéis ata geallta

don Ghaeilge faoi chomhaontú Chill Rimhínn agus go n-úsáidfí an Dréachtstraitéis 20 mbliain mar mhúnla do straitéis i dTuaisceart Éireann; molta ag Nóirín Ó Dálaigh, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 6. Cuireann an Ard-Fheis fáilte roimh Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, ach go háirithe do mholtaí a rinne an eagraíocht agus ar glacadh leo. San áireamh glacadh le: • go mbeidh dhá ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge sa bhunscoil de réir a chéile; • go mbeidh tréimhse níos faide ag ábhair múinteoirí sa Ghaeltacht agus tréimhsí curtha ar fáil do mhúinteoirí reatha; go bhfuil an fhéidearthacht ann go mbeidh an Fráma Coiteann Eorpach úsáidte sa dara leibhéal; • go mbeidh níos mó freagrachtaí ag COGG; • go mbeidh stáisiún raidió dírithe ar dhaoine óga ann; • go mbeidh pleananna contae curtha le cheile; srl.. Molann an Ard-Fheis go mbeidh dlúthbhaint ag an eagraíocht i gcur i bhfeidhm na Straitéise agus go leanfaidh an eagraíocht ag brú leis an Straitéis a leasú chun go nglacfar go bhfuil gá le soláthar dóthanach don Ghaeloideachas ag teastáil nuair atá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag roghnú suíomhanna do scoileanna nua agus go bhfuil gá le dhá ábhar Gaeilge don Ardteist; molta ag Cóilín Ó Cearbhaill, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 7. Go gcuirfí dlús leis an bhfeachtas stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a neartú agus mar thús go gceapfaidh an Rialtas COGG i mbun pleanála agus feidhmiú beartanna riachtanacha d’fhonn athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcaoi a múintear Gaeilge sna scoileanna len í a dhéanamh tarraingteach chun í a fhoghlaim agus a úsáid le fonn; molta ag P.T. Mac Ruairí, cuidithe ag Cormac Ó Coileáin. EAGRAÍOCHT 8. Aithníonn an Ard-Fheis an obair atá ag dul aghaidh faoi láthair ag Conradh na Gaeilge i bpáirt le Comhaltas Uladh, Comhluadar, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge le gníomhú mar ionstraim aontaithe le forbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta. Déanfar seo trí chomhchlár oibre a aontú agus a chur i bhfeidhm ar leas na Gaeilge. Molann an Ard-Fheis leanúint leis an obair seo, ní amháin mar gheall ar na hathruithe

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge

77


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

atá le teacht i maoiniú na hearnála, ach le mianta phobal labhartha na Gaeilge a chur chun cinn i slí níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla amach anseo; molta ag Cóilín Ó Cearbhaill, cuidithe ag an Tánaiste. 9. Go mbeidh Ard-Fheis 2013 ar an Iúr, Co. an Dúin; molta ag Niall Comer, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 10. Go mbeidh cruinniú den Choiste Ghnó á reáchtáil i gCúige Uladh uair sa bhliain; molta ag Niall Comer, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 11. Go reachtáilfidh gach aon chraobh, nó roinnt craobh i gcomhar lena chéile, ócáid ar leith roimh dheireadh na Samhna go bliantúil agus sin mar aidhm go ndéanfar brabús de €100 ar a laghad le cuidiú le glanadh na mórfhiacha bainc atá ina chonstaic ar shaothar Chonradh na Gaeilge a fhorbairt; molta ag P.T. Mac Ruairí, cuidithe ag Cóilín Ó Cearbhaill. TIMIREACHT 12. Go bhfeidhmeofar tionscadail réamhbheartaithe i ngach craobh chun chuidiú go praiticiúil leis na meáin chumarsáide Ghaeilge ar fad ag gach leibhéal; molta ag Cormac Ó Coileáin, cuidithe ag Ben Mac Lochlainn. 13. Go bhfeidhmeodh Conradh na Gaeilge feachtas feiliúnach a mheabhródh fealsúnacht na gluaiseachta don phobal i gcoitinne ar bhonn leanúnach, éifeachtach; molta ag P.T. Mac Ruairí, cuidithe ag Cormac Ó Coileáin. 14. Go mbunófaí láithreach feachtas oifigiúil chun craobhacha na heagraíochta a athnuachan agus a láidriú agus go mbeadh baill an Choiste Gnó ar fáil chun an obair seo a chomhordú ar bhonn réigiúnda; molta ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse, cuidithe ag Seán Ó Ceallaigh.

78

17. Go mbeidh Féile a fhreastalódh ar pháistí scoile a gcuid ceoil, amhránaíocht, labhairt na Gaeilge agus spraoi a úsáid, ar nós Féile na hInse, i ngach Contae; molta ag Seán Ó Ceallaigh, cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse. 18. Go dtabharfaidh Conradh na Gaeilge tacaíocht do Sult na Sollán, Comhairle Phobail na Sollán agus pobail na Gaeilge i gContae Chill Dara, lena n-iarrachtaí cultúrlann nua a bhunú sna Solláin, a fhreastalóidh ar phobal uile an chontae a bhfuil spéis acu an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a cheiliúradh agus a chur chun cinn; molta ag Daithí de Faoite, cuidithe ag Aodán Ó Sé. EILE 19. Go ndéanfaidh Conradh na Gaeilge gach iarracht an pobal a chur ar an eolas go bhfuil Daonáireamh 2011 ó dheas ar siúl ar an 10 Aibreán, le súil go líonfadh Gaeilgeoirí an leagan Gaeilge den bhfoirm teaghlaigh; molta ag Aodán Ó Sé, cuidithe ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse. 20. Ba chóir do Chonradh na Gaeilge clár gníomhaíochtaí a chur le cheile i dtreo chomóradh Éirí Amach 1916. Ba chóir an deis a thapú féiniúlacht na tíre a chíoradh agus ról na Gaeilge a bheith mar dhlúthchuid de sin. Ba chóir don Chonradh an ról láidir a d’imir an eagraíocht ag an am a cheiliúradh agus cinnte a dhéanamh go mbeidh an eagraíocht páirteach i bpleanáil oifigiúil an stáit don chomóradh; molta ag Áine Uí Fhlatharta, cuidithe ag Seán Ó Drisceoil.

15. Go mbeidh lá na gCraobhacha ag gach Coiste Contae; molta ag Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse, cuidithe ag an Tánaiste.

21. Go mbunófar Comórtas Peile seachtar an taobh trí Ghaeilge mar dhlúthchuid de chlár na hArd-Fheise; molta ag Daithí de Buitléar, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí. 22. Go ndéanfar stocaireacht ar na heagraíochtaí spóirt ionas go n-úsáidfear an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha sna comórtais bhunscoile ar fud na tire; molta ag Daithí de Buitléar, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí.

16. Gur cheart cur leis an bhfeachtas ‘Is leor Beirt’, ciorcal comhrá i measc an phobail a bhíonn ar siúl i rith an lae de ghnáth, le himeacht mhíosúil trí Ghaeilge ar oíche áirithe faoi stiúir na Craoibhe chun go mbeidh deis ag daoine a gcuid Gaeilge a úsáid ag ócáid sóisialta; molta ag Breandán Mac Fhionnghaile, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí.

23. Go ndéanfar coimisiúnú gan chostas thar an ngnáthchostas ar thuairisc chun féidearthachtaí a mbainfidh le cumainn spóirt trí Ghaeilge a bhunú thart faoi ghaelscoileanna a thástáil; molta ag Daithí de Buitléar, cuidithe ag P.T. Mac Ruairí; leasaithe ag Leachlain Ó Catháin.

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


e c í r b h g i a n n a e C r á n e l e h t i a h m r a Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

a u n h c a r o e B n í d r i a nG

ar líne le do chárta creidmheasa nó in airgead tirim/seic ag an mbeár

www.anclub.ie 87

€100

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

12. Sonraí Teagmhála Ceann-Áras Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Fón:+353 (0)1 4757401 eolas@cnag.ie www.cnag.ie

Togra Mhaigh Eo, Sráid Ellison, Caisleán a’ Bharraigh, Co Mhaigh Eo. Fón: +353 (0)94 9022444 eolas@conradhmhaigheo.ie www.conradhmhaigheo.ie

Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Fón: +353 (0)91 567824 conradh@bradan.iol.ie www.cnag.ie

Togra an Aonaigh, Dún Mhuire, 50 Sráid an Phiarsaigh, An tAonach. Co. Thiobraid Árann Fón: +353 (0)67 41570

An Clár as Gaeilge, 5 Ardán Naomh Antaine, Inis, Co an Chláir. Fón: +353 (0)65 6864474 clarasgaeilge@eircom.net www.cnag.ie

Gaeilge Locha Riach, 3 Seanbhóthar na Gaillimhe, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe. Fón: +353 (0)91 870718 oifig@lochriach.com lochariach.com

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis Co. an Chláir

13. UACHTARÁIN CHONRADH NA GAEILGE (1893 - 2012) 1893 - 1915 Dúbhglas de h-Íde (An Chraoibhín Aoibhinn) 1915 - 1916

(1860 - 1949)

Folúntas

1916 - 1919 Eoin Mac Néill

(1867 - 1945)

1919 - 1922 Seán Ua Ceallaigh (Sceilg)

(1872 - 1957)

1922 - 1925

Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh)

(1856 - 1942)

1925 - 1926 An Dr. Seán P. Mac Énrí

(1862 - 1930)

1926 - 1928

Cormac Breatnach

(1886 - 1956)

1928 - 1933 Mac Giolla Bhríde (An Tiarna Ashbourne)

(1868 - 1942)

1933 - 1940

Peadar Mac Fhionnlaoich (Cú Uladh)

(1856 - 1942)

1940 - 1941 Liam Ó Buachalla

(1899 - 1970)

1941 - 1942 Seán Óg Ó Tuama

(1912 - 1980)

1942 - 1945 Diarmuid Mac Fhionnlaoich

(1903 - 1964)

1945 - 1946 Seán Mac Gearailt

(1916 - 2004)

1946 - 1949 Liam Ó Luanaigh

(1914 - 1998)

1949 - 1950 Diarmuid Mac Fhionnlaoich

(1903 - 1964)

1950 - 1952 Annraoi Ó Liatháin

(1917 - 1981)

1952 - 1955 Seán Mac Gearailt

(1916 - 2004)

1955 - 1959 Tomás Ó Muircheartaigh

(1907 - 1967)

1959 - 1965 Micheál Mac Cárthaigh

(1911 - 1983)

1965 - 1968

Cathal Ó Feinneadha

(1928)

1968 - 1974 Maolsheachlainn Ó Caollaí

(1939)

1974 - 1979

(1935)

Pádraig Ó Snodaigh

1979 - 1982 Albert Fry (1940)

82

1982 - 1985 Micheál Ó Murchú (An Gabha Gaelach)

(1918 - 1990)

1985 - 1989

Íte Ní Chionnaith

(1953)

1989 - 1994

Proinsias Mac Aonghusa

(1933 - 2002)

1994 - 1995 Áine de Baróid

(1950)

1995 - 1998

Gearóid Ó Cairealláin

(1957)

1998 - 2003 Tomás Mac Ruairí

(1939)

2003 - 2004 Séagh Mac Siúrdáin

(1958)

2004 - 2005

(1943 - 2008)

Nollaig Ó Gadhra

2005 - 2008 Dáithí Mac Cárthaigh

(1968)

2008 - 2011

Pádraig Mac Fhearghusa

(1947)

2011 - Donnchadh Ó hAodha

(1944)

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Conradh na Gaeilge

Ard-Fheis 2012, Inis, Co. an Chláir

Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge


Aidhm na hEagraíochta: Is í aidhm na hEagraíochta an Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.

Cuspóir na hEagraíochta: Is é cuspóir na hEagraíochta, daoine a spreagadh chun feidhmiú ar son na haidhme trí, i measc rudaí eile: (a)

cur le líon lucht labhartha na Gaeilge;

(b)

cur le líon na dteaghlach a thógann clann le Gaeilge;

(c)

cur le stádas na Gaeilge de jure agus de facto in Éirinn agus thar lear;

(d)

gach tacaíocht, gach seirbhís agus gach áis a bheith ar fáil chun saol a chaitheamh trí Ghaeilge in Éirinn;

(e)

cur le líon na n-eagraíochtaí, le líon na n-institiúidí, le líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, le líon na ngnóthlachtaí agus le líon na n-imeachtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge;

(f)

seasamh le forlámhas na Gaeilge mar theanga an phobail sna limistéir

Ghaeltachta agus pobail nua Ghaeltachta a bhunú; (g)

stocaireacht a dhéanamh ar son na Gaeilge;

(h)

ionadaíocht a dhéanamh thar ceann lucht labhartha na Gaeilge;

(i)

aidhm agus cuspóirí na hEagraíochta a chraobhscaoileadh le briathar agus le gníomh.

Saintréithe na hEagraíochta: Is iad saintréithe na hEagraíochta: an daonlathas, oscailteacht, rannpháirtíocht, comhionannas, uileghabhálachas, dínit an duine agus cearta an duine.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.