20
Bernard Ó Conaill
SPÓRT AGUS FORBAIRT AN DUINE
In aon bhliain ina ritear Corn an Domhain bíonn roinnt mhaith macnaimh déanta ar ról agus ar thábhacht an spóirt i saol an chine daonna. Cuid mhaith den am bíonn an tráchtaireacht chéanna diúltach ó thaobh an leibhéal de chomortasaíocht a bhaineann leis an ngairmiúlacht agus an bhéim ollmhór ar an mbua, ar an bhforéigean atá ceangailte leis an spórt agus ar thionchar dhrugaí ar iomaitheoirí. Tá uaireannta fada i mo shaol caite agam leis an spórt mar imreoir, mar thraenálaí, mar riarthóir, mar thuairisceoir agus mar leantóir, Thar aon ghrúpa eile ar domhan is i measc lucht spóirt a airím compordach. Ní fhaighim féin mórán cur i gcéill leo. Go deimhin is ar pháirceanna spóirt a casadh na daoine is ionraice a bualadh riamh orm agus ar deireadh, na cairde is fearr agus is dílse. Is mar mhúinteoir a chaith mé mo shaol oibre agus is dóigh liom gur tríd an spórt a rinne mé an obair is fearr agus an difríocht is mó i saol scoláirí. Ba mhó seans go bhfaighfeá éisteacht ar pháirc peile seachas seomra ranga. Seans go raibh na ceachtanna ba thábhachtaí freisin foghlamtha ar na páirceanna céanna. Nuair a bhí caidreamh fiúntach cothaithe agam le foireann peile, rith an meas a bhí agam
Timire Summer 2014.indd 20
d’fhoirne isteach sa rang agus bhí toradh dá réir sa cur chuige acadúil. Is iomaí uair a bhuail sé mé go bhféadfá an t-uafás aithne a chur ar nádúr an duine ag faire ar ghrúpa scoláirí agus iad ag cíoradh na bhfógraí i halla scoile. Thar fhógra ar bith eile, ba é an ceann a d’fhógair foireann scoile a tharraing aird. Buaiteoirí, caillteoirí, stádas, ábhar misnigh, ábhar éadóchais, béadáin, áthas agus gortú. D’fhoghlaim daoine ag na cláracha céanna conas éadan a chur ar chúrsaí mar a chuir TS Eliot é: ‘to prepare a face for the faces that we meet’. Bhí cumhacht aisteach ag an té a chroch na fógraí céanna. Th’éis saol na cailce a fhágáil, cuimhním go minic ar línte Uí Dhireáin agus é ag caint ar laochra. ‘Na seabhaic tréanna, Ní léir go bhfillfidh’. Is ar laochra spóirt a chuimhním go minic, ar an maith is féidir leo a dhéanamh agus ar an eiseamláir is féidir leo a thabhairt. Níos tábhachtaí, tig leis na gníomhartha gaiscigh acu daoine a chorraí agus ardú meanmain a thabhairt don phobal. Tá buíochas nach beag tuillte ag leithéidí Brian O’Driscoll, Rob Heffernan, Joe Canning, Colm Cooper, James McCarthy agus John Joe Nevin. Scéal ann féin an eiseamláir agus an sampla a thug Katie
19/05/2014 12:47