
9 minute read
Nóibhéine don Chroí Ró-Naofa Charlie Davy SJ



Nóibhéine don don Chroí Rónaofa 2014
CHARLIE DAVY SJ
AISTRITHE AG NIALL Ó MURCHADHA TÁ AN NÓIBHÉINE SEO ARNA BAINT AS THE SACRED HEART MESSENGER, MEITHEAMH 2014
BEIDH TÚS Á CHUR LEIS AN NÓIBHÉINE DEÁRDAOIN, 19 MEITHEAMH AGUS CUIRFEAR I GCRÍCH Í DÉ HAOINE 27 MEITHEAMH
Conas an Nóibhéine a ghuí
Is don naoi lá roimh Fhéile an Chroí Rónaofa, 27 Meitheamh 2014, í an Nóibhéine seo. Féadfaidh tú an nóibhéine a ghuí go príobháideach sa bhaile, sa teaghlach, i ngrúpa paróiste nó in éineacht le comharsana agus cairde. Is í á dhéanamh agat le daoine eile, féadfaidh duine difriúil an nóibhéine a threorú gach lá, nó féadfaidh sibh na codanna éagsúla a roinnt orthu siúd a bheidh páirteach.
Ná deifrigh. Léigh an sliocht as an Scrioptúr agus an machnamh go mall, agus glac sos nuair a théann rud éigin i gcion ort. Leanann paidir ghearr, a bhaineann le téama an lae, agus críochnaíonn tú le Paidir na Nóibhéine thíos.

Paidir don Nóibhéine
A Thiarna Íosa Críost, bhí do chroí corraithe le grá do na fi r agus do na mná a tháinig chun cabhair a fh áil ina ngátar. Thug tú leigheas don easlán, chothaigh tú an t-ocrach, thug tú maithiúnas do pheacaigh, chaoin tú Iarúsailéim. Thar aon ní eile, thaispeáin tú dóibh siúd a bhí sásta éisteacht an tslí chun na fíorbheatha, óir is tú an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha.
A Thiarna, bíonn do chroí corraithe i gcónaí ag do phobal agus ag na riachtanais iomadúla acu. Oscail ár gcroíthe chun do bhriathar a chloisteáil, chun glacadh le do ghrá, agus chun do ghlao a fh reagairt. Go mór mór, impím ort an gar a iarraim le linn na nóibhéine a dheonú dom (achainí os íseal), ar chuntar go gcabhróidh sí sin chun maitheas síoraí a fh áil domsa agus chun Ríocht do chirt, do shíochána agus do ghrá a chothú anseo ar talamh.
A Chroí Rónaofa Íosa Is asatsa a chuirim mo mhuinín go léir An Chéad Lá: 19 Meitheamh Croí Dúinne
Scrioptúr: Nuair a tháinig an uair shuigh sé chun boird, agus na haspail in éineacht leis. Dúirt sé leo, ‘Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fh ulaingt dom . . . Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son . . . mo chuid fola atá le doirteadh ar bhur son.’ Lúc. 22:14-20 Machnamh: Tháinig Íosa ar an domhan ar ár son, mhair, d’fh ulaing agus fuair bás ar ár son; déanann sé idirghuí lena Athair inniu ar ár son. “ar ár son . . . agus ar son ár slánaithe thuirling sé ó neamh . . .ar ár son céasadh é. . .(An Chré) Meabhraíonn Naomh Pól dúinn, ‘Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár n-aghaidh?’ Rómh. 8.31 Paidir: A Thiarna Íosa, glacaim buíochas leat de bhrí gur thug tú do bheatha ar mo shon. Cabhraigh liom mo shaol a chaitheamh ar do shonsa agus ar son daoine eile.
Críochnaigh le Paidir na Nóibhéine
An Dara Lá: 20 Meitheamh Croí Maitheach
Scrioptúr: ‘A Athair, maith dóibh, óir níl a fh ios acu cad tá siad a dhéanamh.’ Lúc. 23.34 Machnamh: Tar éis ar fh ulaing Íosa: fuath cheannairí na nGiúdach, laige Phioláit, guagacht an tslua, cruáil na saighdiúirí, impíonn sé ar a Athair maithiúnas a thabhairt dóibh. Is cinnte gurb é sin ‘leithead agus fad, airde agus domhne’ an ghrá. Ní féidir linn ach suí nó dul ar ár nglúine agus ligean don bhuíochas brúchtadh aníos ionainn. Paidir: A Thiarna Íosa, táim róbheag agus rólag chun do ghrá a thuiscint. Táim cloíte ag do ghrá, a chuir malairt cló ar an olc leis an maitheas, maitheas atá sách láidir chun an bua a fh áil ar bhís an fh oréigin. Cabhraigh linn, a Thiarna, inár laige, chun ár gcuid iarrachtaí a aontu le do chuidse,
ionas nach gcaillfear an oiread sin atá go maith agus lúcháireach sa saol.
Paidir na Nóibhéine
An Tríú Lá: 21 Meitheamh Croí Socair
Scrioptúr: Ansin seoladh Íosa isteach san fhásach ag an Spiorad . . . Matha 4.1 Machnamh: Nach iontach an rud é Íosa é féin umhal don Naomhspiorad. Ní dhéanann sé cinntí ina aonar. Go deimhin, ní hea: fanann sé le treoir, le hinspioráid an Naomhspioraid. I gceist ansin bhí éirí roimh bhreacadh an lae agus imeacht go dtí áiteanna uaigneacha chun bheith ina aonar lena Athair, ionas sa chiúnas go bhféadfadh a chroí a bheith aontaithe leis an Naomhspiorad. Tugadh an Naomhspiorad dúinne freisin chun ár gcinntí a threorú. Is maith am a ghlacadh in éineacht leis an Tiarna agus a threoir a iarraidh féachaint an dtabharfadh an Spiorad mothú na síochána dúinn. Paidir: A Thiarna, soilsigh ár n-intinn chun go ndéanfaimís cinntí maithe atá saor ó choibhlint, ón bhfaitíos agus ó bheith róghafa linn féin. Deonaigh go dtabharfaidh gach rud a dhéanfaimid glóir do Dhia agus seirbhís do dhaoine eile.
Paidir na Nóibhéine
An Ceathrú Lá: 22 Meitheamh Croí mar a Bheadh ag Páiste
Scrioptúr: ‘Mura gcasa sibh arís chun bheith ar nós na leanaí ní rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas’. Matha 18.2 Machnamh: Seans nár éist roinnt daoine leis na focail sin de chuid Íosa. Níor thuig cuid acu gur íomhá é spleáchas an pháiste de spleáchas an uile dhuine dínn ar Dhia. Fanann Dia le freagra saor uainn. Ní chuirtear iallach ar bith, ach ina ionad sin an grá do-chloíte a mheallann ach nach gcuireann brú. Paidir: A Thiarna, is bronntanas uait gach rud atá ionam agus atá agam. Cabhraigh liom foghlaim ó oscailteacht na bpáistí. Deonaigh dom, a Thiarna, croí mar a bheadh ag páiste chun gur féidir leat deiseanna níos úire agus níos úire a chruthú dom, fiú agus mé ag dul in aois.
Paidir na Nóibhéine
An Cúigiú Lá: 23 Meitheamh Croí a Thugann Síocháin
Scrioptúr: . . . agus na doirse faoi ghlas le heagla na nGiúdach san áit a raibh na deisceabail, tháinig Íosa agus sheas sé ina measc agus dúirt leo: ‘Síocháin daoibh’ . . . Bhí áthas ar na deisceabail nuair a chonaic siad an Tiarna. Eoin 20. 19-20 Machnamh: A leithéid d’fhaoiseamh agus lúcháir a thug na focail sin don aon duine déag a bhí tar éis Íosa a thréigean le linn na Páise: focail a scaoil an chiontacht díobh a bhain le hÍosa a thréigean. Tugann Íosa a chairdeas ar ais dóibh go caoin. Anois de bhrí gur thug Íosa maithiúnas dóibh, is féidir leo-san maithiúnas a thabhairt dóibh féin agus do dhaoine eile. Is é admháil ár gcionta tús na trua. Paidir: A Íosa, Prionsa na Síochána, is mian liom a bheith faoi shíocháin: faoi shíocháin maidir le gach rud a bhí i mo shaol, faoi shíocháin maidir le caidrimh dheacra agus faoi shíocháin leatsa. A Íosa, tabhair misneach dom a bheith i mo cheann réitigh.
Paidir na Nóibhéine
An Séú Lá: 24 Meitheamh Croíthe Aontaithe
Scrioptúr: Níl aon fhíon acu . . . Déanaigí cibé ní a déarfaidh sé libh. Eoin 2 Machnamh: Tuigeann Muire le mothálacht mhná nár mhaith le hÍosa go náireofaí na hóstaigh. Imíonn si agus deireann leis na seirbhísigh, ‘Déan cibé ní a déarfaidh sé libh’. Cibé ní a dhéanfaidh
a Mac ba é sin an rud a b’fhearr; tá lán-mhuinín aici as. Ní bheidh díomá ar bith uirthi, mar déanann sé rud nach bhféadfadh sí a shamhlú go deo. Paidir: A Mhuire, mo mháthair, cuir mo chroí i dtiúin le croí do Mhic. Oscail mo chroí do riachtanais daoine eile. A Chroí Ró-naofa Íosa, cuirim mo mhuinín asat.
Paidir na Nóibhéine
An Seachtú Lá: 25 Meitheamh An Croí Trócaireach
Scrioptúr: Le linn dó fós a bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghlac trua é. Rith sé go dtí an buachaill, rug barróg air agus phóg sé é. Lúc. 15.20 Machnamh: Is mó a insíonn an scéal seo faoin Athair diomailteach ná faoin mac drabhlásach! Léiríonn Íosa conas mar atá a Athair. Trínár mbaisteadh glacadh isteach muid i gclann Dé in éineacht leis an bpribhléid Athair a thabhairt ar Dhia. Cén duine dínn nár lean a b(h)ealach féin nó nár bhain mí-úsáid as na buanna atá againn? Bíonn ár nAthair neamhaí i gcónaí ag tabhairt aire dúinn, ag tnúth lenár bhfilleadh, ionas gur féidir leis barróg a bhreith orainn. Paidir: A Thiarna Íosa, ná raibh amhras orm riamh i dtaobh do chuid foidhne liom. Creidim trí chorthaí uile an tsaoil go mbíonn tú dom’ tharraingt ar ais mé go dtí an duine seo arb é mise é go fíor, don fhíorbhaile arb é teaghlach d’Athar é. Tabhair dom an misneach chun blaiseadh den lúcháir a bhaineann le do mhaithiúnas a fháil i Sacraimint an Athmhuintearais.
Paidir na Nóibhéine
An tOchtú Lá; 26 Meitheamh An Croí a Aontaíonn
Scrioptúr: ‘A Athair, go mba aon iad go léir faoi mar atá mise ionatsa agus tusa ionamsa. Eoin 17.21 Machnamh: Is comharthaí iad achrann i dteaghlaigh, easaontas idir cairde, claontacht idir ghrúpaí, cogaí idir náisiúin go bhfuil an Spiorad in easnamh. Cé mhéid péine a fhulaingíonn daoine sa lá inniu. Oibríonn an Spiorad ar mhaithe leis an athmhuintearas agus chun droichid a thógáil trí fhoighid daoine eile a bhíonn ag iarraidh an pobal a neartú go háitiúil nó go náisiúnta. Paidir: A Thiarna, sa domhan s’againne a mbíonn cúrsaí caidrimh sobhriste ann go minic, áit ina nglacann an chlaontacht ionad an eolais, deonaigh dúinn an misneach chun fáilte a chur roimh an strainséir agus an bua a fháil ar bhrú an phiara. Cabhraigh linn a bheith ullamh an Spiorad a ghlacadh agus é ag oibriú ionainn.
Paidir na Nóibhéine
An Naoú Lá: 27 Meitheamh An Croí Fáiltiúil
Scrioptúr: ‘Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh agus tabharfaidh mé faoiseamh daoibh.’ Matha 11.28 Machnamh: Tar! Cuirimid fáilte i gcónaí roimh dhaoine eile leis an bhfocal beag sin: tar isteach agus lig do scíth!’ Ba fhocal é a d’úsáid Íosa go minic: ‘tar agus feicfidh tú; tar agus ith’. Ach cé mhéid eile atá ar chumas Íosa a thairiscint dúinn? Scíth, cinnte, ach cairdeas nach cosúil é le cairdeas ar bith eile. Slánú, treoir, cosaint ar an olc, agus iad uile á dtairiscint ag Mac Dé atá caoin ceansa agus uiríseal ó chroí’. Paidir: Bí i do thost agus samhlaigh duit féin Íosa ag glaoch ort i d’ainm agus é á rá leat: ‘Tar agus tabhair dom na hábhair bhuartha atá agat, tar agus cuir muinín ionam, tar agus éist liom agus le mo bhriathra sa soiscéal. Críochnaigh trí bhuíochas a ghlacadh le hÍosa.