6
Leon Ó Giolláin SJ Séiplíneach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
ÁILLEACHT AN tSOISCÉIL Ba as Doire don tSiúr Clare Crockett a fuair bás in Aibreán na bliana seo in Eacuadór nuair a bhuail crith talún cumhachtach an tír sin. I 2011 agus í ina Siúr óg ag freastal ar Lá Domhanda na nÓg i Madrid, rinne sí cur síos ‘idir shúgradh is dáiríre’ ar bhóthar a gairme. (Feach: https://www.youtube.com/ watch?v=gFQ0BpNXsXQ). Deir sí sa ghearrthán scannáin seo: ‘cé gur tógadh mé i dteaghlach Caitliceach, ní hé sin le rá go ndeachaigh mé ar Aifreann nó gur bhain Dia le mo shaol. Na Caitlicigh a bhí ag lorg Éire aontaithe mharaigh siad na Protastúnaigh and na Protastúnaigh nár theastaigh uatha é sin, mharaigh siad na Caitlicigh! Sin a ba chiall domsa bheith id’ Chaitliceach. I gcomhluadar ina raibh an láimh láidir ag an bhfuath, ní raibh spás do Dhia’. Ach bhris Dia isteach tríd an sciath shóisialta, chultúrtha seo a bhí ag coimeád Dia fada amach uaithi. Seo mar a tharla. Ag aois a seacht déag thug a cara cléibh cuireadh di dul léithi go dtí an Spáinn. Níor thuig Clare gur ar oilithreacht a bhí sí ag dul - le seanóirí! - agus ní go hIbiza (!) ach bhí na ticéidí ceannaithe agus níorbh fhéidir léithi éalú! Deineann sí cur síos ar an eachtra
Timire WINTER 2016.indd 6
a leag í ‘óna capall ard’, mar a deir sí. Aoine an Chéasta a bhí ann agus chuir na hoilithrigh eile brú uirthi dul chuig na searmanais a bhí ar siúl sa mhainistir. ach ní raibh aon suim aici iontu. Déagóir fiáin a bhí inti a chaith na deireadh seachtainí ag ól agus ag caitheamh tobac agus ag dul ó chóisir go cóisir. I rith shearmanas adhradh na croise an lá úd áfach, lean sí an líne cosúil le cách eile agus phóg cosa Íosa. Ag an nóiméad sin, mhothaigh sí ‘buille láidir’ istigh inti féin. Níor thuig cad a bhí ag tarlú di, ach ba léir di den chéad uair riamh ina saol go bhfuair Íosa bás ar a son go fíor, agus go raibh sé fós ag fulaingt ar a son ar an gcrois. D’fhill sí go dtí a bínse agus thosaigh ag caoineadh gan stop gan staonadh ar feadh i bhfad, rud a chuir ionadh uirthi féin agus ar dhaoine eile thart timpeall uirthi mar ba dhuine gealgháireach, ‘éadrom’ í de nádúr. Thuig sí freisin narbh fhéidir léithi sólás a thabhairt do Íosa ach amháin í féin - a beatha - a thabhairt dó go huile agus go hiomlán. Thuig sí é sin ach ní raibh sí réidh géilleadh go fóill! Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sí go Londain. Bhí páirt bheag aici sa scannán cáiliúil de chuid Paul Greengrass, Bloody
27/10/2016 09:23