28
Sorcha Pollak Údar New to the Parish New Island Books, 2018
Tearmann an Oideachais sa tSúdáin Theas I Feabhra na bliana 2006, thuirling an tSiúr Orla Treacy ó eitleán sa tSúdáin agus í réidh le scoil chónaithe do chailíní a bhunú i réigiún iargúlta i nDeisceart na tíre. Tugadh le fios di go raibh an tionscadal idir lámha cheana féin agus bhí dearbhú tugtha aici dá tuismitheoirí go mbeadh sí ar ais sa bhaile in Éirinn faoi dheireadh na bliana. Mar sin féin, nuair a bhain an bhean rialta in aois a 33 bliain suíomh na scoile díreach taobh amuigh de bhaile Rumbek amach ní bhfuair sí roimpi ach blár folamh gan foirgintí. “Dúradh linn gan bheith buartha, go mbeadh gach rud réidh faoi Cháisc. Bhí dhá bhliain caite sula raibh an foirgneamh sa riocht go bhféadfaimis tosú i gceart agus is ansin a fuair muid amach go raibh muid in ainm is bunscoil agus clinic a oscailt don phobal áitiúil chomh maith céanna.” Lena chois sin, bhí dúshlán eile roimh an tSr. Treacy, is é sin a chur ina luí ar theaghlaigh sa chomharsanacht a gcuid iníonacha a chlárú ar mheánscoil i dtír nach mbíonn ach an tríú cuid de na cailíní cláraithe sna bunscoileanna. Ní chríochnaíonn ach 7% díobh sin oideachas bunscoile agus ní bhaineann ach 2% acu an mheánscoil amach. Beagán faoi bhun 1% a bhaineann ceann cúrsa amach sa mheánscoil.
Timire Summer 2018.indd 28
Bíonn níos mó ná leath na gcailíní sa tSúdáin Theas pósta sula mbíonn siad ocht mbliana déag d’aois, agus 17 faoin gcéad díobh sula mbíonn siad cúig bliana déag. “Más rud é go mbíonn cónaí ort i suíomh cultúir áit a mbíonn níos mó measa ar an phósadh ná ar an scoil, bíonn sé an-deacair an mheon intinne sin a athrú. Póstar cailíní ar mhaithe le spré eallaigh, rud a fhágann go smaoiníonn an teaghlach orthu mar mhaoin. Baineann cailíní chomh maith leis an teaghlach sínte agus ní lena máthair agus lena n-athair amháin.” SÍNIÚ COMHAONTAITHE Shocraigh siúracha Loreto gur cheart go síneodh aithreacha comhaontú leis an scoil ag geallúint go ligfidís dá gcuid iníonacha a gcúrsa oideachais scoile a chríochnú. Ainneoin sin, is minic a thagadh baill teaghlaigh ar nós uncailí chuig geata na scoile ag iarraidh go scaoilfí saor a gcuid neachtanna, ar déagóirí iad, lena bpósadh. “Cuireadh bagairt orainn as béal gunna, maslaíodh muid, agus iliomad deacrachtaí eile cionnas gur bean í agus gur cheart go ndéanfaí íobairt di ar mhaithe leis an choitiantacht. Is scoil chónaithe í go teicniúil ach tugaimse
25/04/2018 15:24