An Timire - Samhradh 2018

Page 38

38

Cathal de Paor

Éire agus an Bheilg: Ceangail Chultúrtha agus Oideachais Is iomaí colún nuachta atá á líonadh na laethanta seo le tuairimíocht ar na himpleachtaí a bhainfidh le himeacht na Ríochta Aontaithe ó Aontas na hEorpa. Cúram casta a bheidh san idirbheartaíocht dúinne in Éirinn, mar tá an méid sin den saol ar an dá oileán seo chomh fite fuaite. Agus téann na ceangail siar i bhfad agus mairfidh siad i bhfad. Ach más ea, is fiú cuimhneamh chomh maith ar na ceangail idir Éire agus an tír atá i gceartlár na hEorpa, ar an dtaobh eile, mar atá, an Bheilg. Níl eadrainn ach uair go leith nó mar sin de thuras ar eitleán sa lá atá inniu ann – fiú má tá aga moille i gceist idir am Greenwich agus Lár na hEorpa. Déanann na mílte Éireannacha an turas sall is anall go rialta – gnó, tráchtáil, rialtas, siamsaíocht, laethanta saoire agus araile. Ach taispeánann an stair dúinn gur iomaí nasc a bhí idir an dá thír ag dul siar i bhfad – sular thuirling aon eitleán ar rúidbhealach. Is é an ceangal Ceilteach an ceangal is sia siar a thagann chun cuimhne. Ar shlí, nárbh iad na Ceiltigh a thóg an chéad Eoraip, agus iad scaipthe fud fad na mórroinne roimh theacht na Rómhánach? Agus mé féin sa Bheilg tamall ó shin, bhí deis agam cuairt a thabhairt ar an músaem, Musée des Celtes i Libramont

Timire Summer 2018.indd 38

i gceantar Ardennes i ndeisceart na tíre. Tugann an taispeántas léiriú iontach ar oidhreacht Cheilteach na hEorpa sa taobh sin tíre, na nósanna beatha agus an cultúr a chleacht siad. I measc grúpaí eile, ba iad na Belgae a lonnaigh san áit sin ina bhfuil an Bheilg suite anois. Glactar leis go raibh an ceart ag an scoláire T.F. O’Rahilly ina leabhar Early Irish History and Mythology nuair a d’áitigh sé go raibh treibheanna Ceilteacha in Éirinn a bhí síolraithe ó na Belgae – mar shampla, Érainn – agus go raibh gaol idir na Belgae agus na Fir Bolg, an dream sin a thit le Tuatha Dé Danann i gCath Magh Tuireadh. Maireann an oidhreacht chultúrtha seo i mBeilg an lae inniu i slite difriúla mar is léir ó leithéidí an chumainn léannta, Société Belge d’Etudes Celtiques. Gluaiseacht eile a chuir leis an teagmháil idir an dá thír i gcúrsaí cultúrtha agus oideachais ab ea saothrú na manach Éireannach sa Bheilg i ré na Luath-Chríostaíochta. Fad is a bhí an Impire Rómhánach ag dul i léig, bhí cultúr liteartha faoi bhláth in Éirinn na Naomh agus na nOllamh. Go deimhin féin, bhí sé le rá ag Robert Schuman, duine de bhunaitheoirí Aontas na hEorpa san 1950í gurbh é Colambanus, an Naomh-Phátrún a bhí acu féin mar gur

25/04/2018 15:24


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.