2 minute read

Hacksaw Ridge: Léirmheas Aileen Mhic Cionna

Scannáin

Hacksaw Ridge

Léirmheas le: hAileen Mhic Cionna Eisithe: 2017 | Stiúrthóir: Mel Gibson Genre: Beathaisnéis, stair, cogadh, reiligiún Fad: 139 nóiméad Is i gCath Okinawa sa tSeapáin i 1945 a shábháil Desmond Doss (1919-2006) saol seachtó cúig fear sa Dara Cogadh Domhanda. Ba é Doss an t-aon saighdiúir Meiriceánach le linn an chatha gan airm a chaitheamh agus nár scaoil oiread is urchar amháin. Léiríonn an scannán an fh rithchosúlacht lárnach: cé gur chreid Doss ar thaobh amháin go raibh an ceart aige páirt a ghlacadh sa chogadh, ar an taobh eile bhí sé i gcoinne daoine eile a mharú.

Ba é Doss an chéad agóidí coinsiasach ar bhronn an tUachtarán Truman an Bonn Onóir air i 1945 de bharr a chuid gaiscí ar pháirc an chatha. Cuireann an tranglam a bhíonn ar siúl ag tús an scannáin seo an radharc oscailte de scannán Spielberg ‘Saving Private Ryan’ i gcuimhne dúinn. Ní féidir é a shéanadh – is ifreann é an cogadh. Tríd an aisteoir Andrew Garfi eld cuirimid aithne ar an saighdiúir laochta Doss agus a thrócaire Chríostúil don chine daonna i rith an chogaidh. Nuair a bhí sé óg d’fh ulaing sé faoi bhochtanas agus faoi athair a bhíodh ólta agus foréigneach. Agus é ina dhéagóir, d’éirigh le Doss cead a fh áil a thír a chosaint mar oibrí leighis ar an líne thosaigh, le Bíobla in ionad gunna ina lámh aige. ‘Stay true to what you believe in,’ a dúirt sé. Bhíodh na saighdiúirí eile á ionsaí agus ag spochadh as de bharr a chreidimh agus toisc gur dhiúltaigh sé arm a iompar. Ba mhinic go raibh ar an trúpa fanacht ar Doss toisc go raibh sé fós ag guí. ‘We are waiting for Private Doss to fi nish praying for us.’

Ainmníodh an scannán ‘Hacksaw Ridge’ i gcuimhne ar an gcloch ghainmheach 400 troigh in airde in Okinawa, áit a rinne Doss éacht mhíorúilteach in aon oíche amháin. Fiú i ndiaidh do na Meiriceánaigh cúlú ag deireadh an lae, d’fh an sé féin ag barr na haille chun aire a thabhairt do na daoine gortaithe a bhí fágtha taobh thiar – saighdiúirí Seapánacha ina measc. Lán le grásta Dé agus crógacht, d’iompair sé iad ar a dhroim chomh fada leis an aill agus lig sé síos iad le leaba iompair agus rópaí a chuir sé féin le chéile ag úsáid snaidhm a d’fh oghlaim sé nuair a bhí sé ina pháiste.

D’ullmhaigh an t-aisteoir Andrew Garfi eld é féin dá ról sa scannán seo tríd am a chaitheamh in áit dhúchais Doss agus ag léamh aon alt foilsithe faoi. An toradh ná léiriú dáiríre agus croíúil d’fh ear óg leochaileach, díograiseach cróga a thaispeáin grá dá chomharsa.

This article is from: