6 minute read

Tearmann an Oideachais sa tSúdáin Theas Sorcha Pollak

Sorcha Pollak Údar New to the Parish New Island Books, 2018

Tearmann an Oideachais sa tSúdáin Theas

I Feabhra na bliana 2006, thuirling an tSiúr Orla Treacy ó eitleán sa tSúdáin agus í réidh le scoil chónaithe do chailíní a bhunú i réigiún iargúlta i nDeisceart na tíre. Tugadh le fi os di go raibh an tionscadal idir lámha cheana féin agus bhí dearbhú tugtha aici dá tuismitheoirí go mbeadh sí ar ais sa bhaile in Éirinn faoi dheireadh na bliana. Mar sin féin, nuair a bhain an bhean rialta in aois a 33 bliain suíomh na scoile díreach taobh amuigh de bhaile Rumbek amach ní bhfuair sí roimpi ach blár folamh gan foirgintí.

“Dúradh linn gan bheith buartha, go mbeadh gach rud réidh faoi Cháisc. Bhí dhá bhliain caite sula raibh an foirgneamh sa riocht go bhféadfaimis tosú i gceart agus is ansin a fuair muid amach go raibh muid in ainm is bunscoil agus clinic a oscailt don phobal áitiúil chomh maith céanna.”

Lena chois sin, bhí dúshlán eile roimh an tSr. Treacy, is é sin a chur ina luí ar theaghlaigh sa chomharsanacht a gcuid iníonacha a chlárú ar mheánscoil i dtír nach mbíonn ach an tríú cuid de na cailíní cláraithe sna bunscoileanna. Ní chríochnaíonn ach 7% díobh sin oideachas bunscoile agus ní bhaineann ach 2% acu an mheánscoil amach. Beagán faoi bhun 1% a bhaineann ceann cúrsa amach sa mheánscoil.

Bíonn níos mó ná leath na gcailíní sa tSúdáin Theas pósta sula mbíonn siad ocht mbliana déag d’aois, agus 17 faoin gcéad díobh sula mbíonn siad cúig bliana déag.

“Más rud é go mbíonn cónaí ort i suíomh cultúir áit a mbíonn níos mó measa ar an phósadh ná ar an scoil, bíonn sé an-deacair an mheon intinne sin a athrú. Póstar cailíní ar mhaithe le spré eallaigh, rud a fh ágann go smaoiníonn an teaghlach orthu mar mhaoin. Baineann cailíní chomh maith leis an teaghlach sínte agus ní lena máthair agus lena n-athair amháin.”

SÍNIÚ COMHAONTAITHE

Shocraigh siúracha Loreto gur cheart go síneodh aithreacha comhaontú leis an scoil ag geallúint go ligfi dís dá gcuid iníonacha a gcúrsa oideachais scoile a chríochnú. Ainneoin sin, is minic a thagadh baill teaghlaigh ar nós uncailí chuig geata na scoile ag iarraidh go scaoilfí saor a gcuid neachtanna, ar déagóirí iad, lena bpósadh.

“Cuireadh bagairt orainn as béal gunna, maslaíodh muid, agus iliomad deacrachtaí eile cionnas gur bean í agus gur cheart go ndéanfaí íobairt di ar mhaithe leis an choitiantacht. Is scoil chónaithe í go teicniúil ach tugaimse

© Paul Jeff ery/ Misean Cara

‘Cuireadh bagairt orainn as béal gunna cionnas gur bean í agus gur cheart go ndéanfaí íobairt di ar mhaithe leis an choitiantacht.’

tearmann do mhná uirthi mar go mbíonn tú de shíor ag iarraidh na cailíní seo a chosaint ar phósadh éigeantais.”

Nuair a shocraigh an tSr Treacy dul sna mná rialta i dtús báire, níor smaoinigh sí riamh go mbeadh sí ina príomhoide scoile i stát in Oirthear na hAfraice atá réabtha as a chéile ag cogadh. Déanta na fírinne, nuair a d’inis sí dá cairde agus dá cuid siblíní faoina cinneadh dul i seirbhís na heaglaise, dúirt siad léi go raibh sí as a meabhair.

“Bhuail an smaoineamh mé féin fosta go raibh mé as mo mheabhair. Tuigeadh dom féin nach raibh sé faiseanta ná an-mheasúil dul sna mná rialta ag an am. Labhair mé le duine de mo chuid deartháireacha agus d’iarr sé orm an domhan a thaisteal agus ansin breithiúnas a thabhairt orm féin.”

Chuir an tSr Treacy a cinneadh ar leataobh go fóill agus thosaigh ag staidéar in Institiúid Mater Dei le bheith ina múinteoir reiligiúin. I samhradh na bliana i ndiadh di an coláiste a fh ágáil, chaith sí seal ag obair i Kolkata.

“Chuir an seal sin athrú cinnte ar mo shaol. Bhí cuid mhór ocrais agus bochtanais i Kolkata i dtús na 90aidí agus chuaigh sin i bhfeidhm orm. Bhí mé i ndiaidh glacadh le post ag teagasc reiligiúin le Bráithre na Toirbhearta i gcathair Chorcaí agus chaith mé dhá bhliain ag obair ansin ach in aois 23 ba léir dom nach sin an saol a bhí uaim agus chuaigh mé isteach i siúracha Loreto.”

MISEAN NUA

Níor smaoinigh an tSr Treacy riamh a ghabháil ag obair thar sáile go dtí gur thug sí cuairt athuair ar Kolkata ocht mbliana ina dhiaidh sin. Fuair sí amach go raibh siúracha Loreto na hÉireann ag bunú misean nua sa tSúdáin i ndiaidh Comhaontú Cuimsitheach Síochána 2005 sa tír sin. Creideadh go dtiocfadh tréimhse shíochána agus sheasmhachta de bharr an Chomhaontaithe i ndiaidh

© Paul Jeff ery/ Misean Cara

choimhlint chogaidh na mblianta fada.

“Bhí an mothú ann go raibh rudaí móra ag tarlú i ndeisceart na Súdáine. Bhuail triúr againn chun bealaigh amach ansin i bhFeabhra 2008.

Tá mé i mo chónaí le daoine a chaitheann a saol cuid mhaith ar na himill: beatha agus bás, ocras agus éadóchas. Caitheann siad gach uile lá ar an imeall. Ansin féin faigheann tú spléachadh beag ar ghrá agus ar dhóchas gach uile lá."

Tá deich mbliana caite agus tá an mheánscoil chónaithe, an bhunscoil agus an clinic faoina stiúir ag an tSr Treacy i gcónaí. Bhí na deich mbliana atá caite dian. Sa bhliain 2011 fuair an tSúdáin Theas a neamhspleáchas ón tSúdáin. Ach arís eile i 2013 bhris cogadh cathartha amach sa tír nua, rud a chuir iachall ar 200,000 duine teicheadh as a gcuid tithe agus rinneadh díláithriú ar dhá mhilliún eile.

Is deacracht ollmhór an t-ocras agus an gorta sa tír seo ina maireann 12 mhilliún duine. “Nuair a cuireadh an bhunscoil ar bun níor ghnách linn bia a thabhairt do na páistí, ach le dhá bhliain anuas tá sé faighte amach againn go bhfuil gorta mór ann agus tugann muid bia do na páistí uilig. Bíonn orainn cúram sláinte a chur ar fáil mar nach acmhainn do go leor acu cógais a cheannach agus níl teacht acu ar chóir leighis.”

Cé go bhfuil sí ag ceiliúradh chomóradh an ndeich mbliana, tá an scoil ag streachailt níos mó ná riamh ó thaobh airgeadais de. Mar sin féin, tá an tSr Treacy dóchasach faoina bhfuil i ndán don scoil amach anseo agus faoi oideachas na gcailíní i gceantar Rumbek.

I ndiaidh corradh le fi che bliain bheith caite aici ina bean rialta, tá an tSr Treacy dóchasach fosta go ndearna sí an cinneadh ceart a ghabháil isteach i siúracha Loreto.

“I rith do shaoil bíonn tú in amhras cad é mar a bheadh dá ndéanfá seo siúd agus eile. Ní saol foirfe saol mná rialta agus amanna bím ag rá liom cad é faoi Dhia a rinne mé? Ach ní dóigh liom go mbíonn aon chaidreamh foirfe agus is cinnte gur aimsigh mé suaimhneas mór intinne ionam féin. Ní bhím róbhuartha faoin am atá romhainn agus tá mé sona sásta sa ról a roghnaigh mé.” Le caoinchead ón Irish Times agus buíochas le Dónall P. Ó Baoill, a d’aistrigh.

Foclóirín: blár = talamh fh airsing, machaire; ceann cúrsa = ceann scríbe, sprioc; díláithriú = díbirt, aslonnú le lámh láidir.

This article is from: