Nuachtlitir MF 2007:Nuachtlitir Template 05.qxd.qxd

Page 1

Nuachtlitir Mh í Mheán Fómhair Trasna 1 5 8 9 10 11 14 16 19 21 24 25 28 31 33 34 36 37 38

deaslabhartha (12) cosc (3) uaigneach; singil (8) duine a imríonn draíocht (5) comhaireamh; cuntas (7) scamall geal a éiríonn as uisce beirithe (3) stuama (9) ceann de chúig éirim an choirp (6) farraige mhór (6) easpa (9) áit a gcoinnítear éin (7) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) madra uisce (9) seal ama; tréimhse (3) cealgaire; brathadóir (9) cuairteoir; lóistéir (3) deifir (8) nós; béas (4) cúrsa staidéir (8)

Síos 2 3 4 6 7 12 13 15 17

roinn; rannóg (7) píosa searbh scríbhneoireachta (4) duine an-bheag ar fad (5) slat tomhais (9) teorainn (6) foclóir i ndeireadh scríbhinne (6) cladach cloch (8) comhrá (8) dlí a ritheann parlaimint (4)

Tráth na gCeist Mhaigh Nuad D’éirigh go thar barr leis an quizboird craiceáilte a d’eagraigh Pobal Phádraig, Dé Máirt, 18 Meán Fómhair, a bhí ar siúl thuas staighre, Tigh Brady. Chuaigh gach brabús chun sochair d'fheachtas Phobal Phádraig chun pobalscoil lán-Ghaeilge a lonnú i Maigh Nuad. D’fhreastail 10 bhfoireann ar fad ar an ócáid seo.

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

CINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHA AG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFIN

18 20 21 22 23 26 27 29 30 32 35 36

an-bheag ar fad (7) slat láidir sailí (3) talamh i seilbh duine; glacadh seilbhe (9) scoil ar leith do naonáin (7) pinc (8) glór caointeach brónach (7) triail; blúire (8) áibhéil; amaidí (6) bailiúchán; cnuasach (7) mar; cosúil le (6) múchadh (4) giota filíochta (3)

Scéalta Ginearálta Bailiúchán agus Clárú Níl ach 3 mhí fágtha ag craobhacha an Chonartha le clárú go hoifigiúil leis an Ard-Oifig. Mar sin, moltar duit a bheith ag smaoineamh air seo anois. Freisin, iarrtar ort sciar na hArdOifige den Bhailiúchán Náisiúnta a chur isteach a luaithe agus is féidir.

Iml. 2 Eagrán 11

Slán le Brenda Guíonn Uachtarán agus foireann Chonradh na Gaeilge gach rath ar Bhreanda Ní Ghairbhí a bheidh ag gabháil ar scoir ón gConradh Dé hAoine, 28 Meán Fómhair, le gabháil ag taisteal ar fud an domhain. Chaith Breanda seal an-ghnóthach ag obair leis an eagraíocht tar éis di 5 mhí chrua a chaitheamh ag obair ar fheachtas Seanaid Dháithí Mhic Chárthaigh agus d’éirigh léi go leor rudaí éagsúla a chur i gcrích lena linn. Bhí oíche spraoi ag foireann an Chonartha agus iad ag fágáil sláin le Brenda.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh tubaisteach a thóg sí le gairid maidir le múineadh an Bhéarla i nGaelscoileanna ag leibhéal na naíonán sóisir, i. go múinfí an Béarla ón dara téarma scoile ar aghaidh. Cáineann an Conradh an beartas seo go géar toisc go ndéanann sé neamhaird ar an gcomhairle ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) atá i mbun próisis chomhairlithe ar an ábhar seo le blianta beaga anuas agus a mhol a thuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar. Tá ceithre réiteach ghearrthéarmacha molta ag an CNCM agus an tuilleadh taighde seo á dhéanamh. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Cuireann an cinneadh seo ionadh agus alltacht orm. Ní hé go bhfuil droch-chomhairle curtha ar an Aire ach is amhlaidh go bhfuil an tAire ag gníomhú go beag beann ar a cuid comhairleoirí. Is gá córas tumoideachais Gaeilge sna ranganna naíonáin toisc uileláithreacht an Bhéarla agus toisc gur ó theaghlaigh Bhéarla a thagann formhór na bpáistí Gaelscoile. Is gá tumoideachas chun an téagothromas seo a chothromú agus chun nós na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc na ndaltaí agus sa scoil."

Maoinithe ag:

SAN EAGRÁN SEO: 1. Cinneadh gan chiall gan réasún 2. Conradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlin 3. Oíche na bhFoghlaimeoirí

Cáineann an Conradh an tAire Hanafin, chomh maith, as an gcinneadh seo a fhógairt ag am a raibh cuid mhaith de lucht oideachais ar saoire. Is féidir leis an Aire glacadh leis go cinnte nach mbeidh an Conradh agus mórphobal na Gaeilge i gcoitinne ag seasamh siar agus ag glacadh leis an gcinneadh seo. Pléadh an cheist seo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Aibreáin na bliana seo agus ritheadh rún d'aonghuth i gcoinne a leithéid d'ísliú céime don tumoideachas i ngaelscoileanna an Stáit. Feictear ón taighde atá déanta le blianta beaga anuas go bhfuil buntáiste ar leith ag leanaí dátheangacha maidir le teangacha a fhoghlaim níos faide ar aghaidh ina saoil. Mar sin, léiríonn an beartas seo easpa muiníne as earnáil na Gaelscolaíochta agus as an gcaighdeán an-ard oideachais a sholáthraíonn Gaelscoileanna.

Conradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín Cuireadh tús le sraith ranganna Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín ar 10 Meán Fómhair agus ranganna ann a bhí oiriúnach do gach leibhéal. Bhí rudaí breise san áireamh sa phacáiste, ina measc, imeachtaí cultúrtha, oícheanta traidisiúnta agus quiz boird míosúil. Eagraítear scrúduithe roghnacha don fháinne, chomh maith, agus cuirfear

26 Meán Fómhair 2007

scoláireachtaí ar fáil le freastal ar Scoil Shamhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste chomh maith le cúrsaí Gaeltachta i nDún na nGall. Eagrófar oíche chláraithe agus shóisialta ar an Aoine 7 Meán Fómhair. Le haghaidh tuileadh eolais faoi na ranganna seo nó obair eile Chraobh Chaisleán Uidhlín déan teagmháil le hAodhán ar 028 (048) 43 71776 nó le Tony ar 028 (048) 43 778540.

4. Chernobyl, áthas agus CLG 5. Seachtain Oidhreachta in Oirthear na Gailimhe 6. Cairde agus Craic an Champa 7. Crosfhocal Mhi Lúnasa 8. Scéalta Ginearálta

Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Cén uair ar cheart do Ghaelscoileanna tosú a múineadh an Bhéarla • • • •

Láithreach Sna Naionain Mhóra Rang 1 Nuair is mian leis an scoil

Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag eolas@cnag.ie

1.


Oíche na bhFoghlaimeoirí An bhfuil tú tinn tuirseach de bheith ag déanamh an rud ceanann céanna gach oíche a dtéann tú amach? Má tá píosa craice uait, téigh chuig Club Árus na nGael le casadh le daoine nua agus, ag an am céanna, cuir feabhas ar do chuid Gaeilge oíche Chéadaoin. Bíonn oíche na bhfoghlaimeoirí ar siúl gach Céadaoin i gClub Árus na nGael, 45 Sráid Dominic, Gaillimh. Má tá tú ag iarraidh deis chun cur le do chuid Gaeilge is seans iontach duit an oíche seo. Cuireann Conradh na Gaeilge an oíche seo ar fáil chun deis a tabhairt do dhaoine dul i bhfeabhas leis an teanga. Bíonn an múinteoir Éilís Ní Dhúill i láthair chun cur leis an gcomhrá agus chun aon cheist maidir le teanga agus focail Ghaeilge a fhreagairt. Chun castáil le daoine nua agus le haghaidh píosa craice trí Ghaeilge, buail isteach chugainn gach oíche Chéadaoin ag 9:30 i.n i gClub Árus na nGael.

Tá fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais: 091-567824 / conradh@bradan.iol.ie

Chernobyl, Á thas agus CLG Tháinig an grúpa Áthas le chéile i mBaile Locha Riach le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh rothaithe a bhí ar camchuairt ar fud na hÉireann le hairgead a bhailiú ar son 'Chernobyl Children's Project Ireland'. Cuireadh tae, brioscaí agus smailceanna bia ar fáil dóibh siúd ar na rothair. B'as Cill Chainnigh na rothaithe agus d'éirigh leo suim s'acu sa rothaíocht a nascadh lena spéis sna cluichí gaelacha ar mhaithe le tacaíocht agus aird a tharraingt ar chúis is deacrachtaí pháistí Chernobyl. Bhí turas speisialta eagraithe acu mórthimpeall Éireann uile ina raibh triúr ar rothair is duine amháin ag tiomáint. Bhí siad ag gabháil thart ar phríomhpháirceanna na gCúigí roimh chluiche ceannais iomána na hÉireann. Thosaigh siad i bPáirc Naomh Tiernach i gCluain Eois, Cúige Uladh sula ndeachaigh siad ar aghaidh go Páirc Mhic Éil i gCaisleán a' Bharraigh, Connacht. D'fhan siad thar oíche i mBaile Locha Riach, áit ina raibh réamhchruinniú ag Micheál Ó Cíosóg 15 Lúnasa 1884 sular bunaíodh CLG. As Baile Locha Riach ar aghaidh go Staid Semple i nDúrlas, Cúige Mumhan, agus ina dhiaidh sin, lean siad ar aghaidh go Páirc a' Chrocaigh i mBaile Átha Cliath le tacaíocht a thabhairt don fhoireann iománaíochta i gcluiche ceannais na hÉireann. Mar a tharla sé, nuair a bhí siad ar cuairt ar na páirceanna seo, bhí deis acu cúilíní a scóráil le sliotar agus le liathróid peile. Gan amhras, bhí turas ar leith acu ar a mbealach go cluiche ceannais na hÉireann... seans go mbeidh dream as Co. Luimnigh ag eagrú turais dá leithéid ar an bhliain seo chugainn.

2.

Muintir Bhaile Locha Riach ag cur fáilte roimh na rothaithe

Tá rothaithe Chill Chainnigh agus Áthas as Baile Locha Riach beirt ina mball de 'Chernobyl Children's Project' atá eagraithe ar fud na hÉireann. Ghlac siad páirt i scéim speisialta i rith an tsamhraidh le páistí as Béalarús a thabhairt ar saoire go hÉirinn. D'fhan cuid de na páistí le teaghlaigh sa chomharsanacht i mBaile Locha Riach agus i gCreachmhaoil ar feadh míosa. Is eagraíocht dheonach í 'Áthas' agus tá súil ag an ghrúpa cur leis an dea-obair ar an bhliain seo chugainn. Ba mhaith leo cuireadh a thabhairt do níos mó páistí teacht ar cuairt go hOirthear na Gaillimhe sna blianta amach romhainn. Má tá spéis ag éinne a bheith páirteach ar dhóigh ar bith, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le Paula McLaughlin ag 087 9786086.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Seachtain Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe Tháinig Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agus Gaeilge Locha Riach le chéile le linn Seachtaine Oidhreachta le roinnt imeachtaí a eagrú ar mhaithe le tábhacht oidhreacht an cheantair a ardú. Eagraíodh siúlóid sléibhe thart ar Shliabh Eachtaí i gceantar Ghráig na Muilte Iarainn in Oirthear na Gaillimhe. Tugadh treoir ar an cheantar, ar na suíomhanna oidhreachta sa chomharsanacht, ar dhúlra na háite agus béim ar leith ar na crainn éagsúla is na foinsí uisce ann. Cuireadh síos ar stair, chultúr is nósanna an cheantair leis agus tagairtí áirithe do choill Dhoire na Cráige, don tobar naofa ann agus do Raifteirí sa cheantar leis. Ina dhiaidh sin, ghlac breis agus ceithre scór duine agus ceithre fhoireann déag idir óg is aosta páirt sa 'Tóraíocht Taisce' thart ar bhaile ársa Locha Riach. Bhí go leor spraoi is suilt ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt

na ceisteanna a aimsiú thart ar an bhaile. Le linn na craice, bhí siad ag foghlaim fá shuíomhanna oidhreachta, fá charachtair stairiúla is ag cur aithne níos fearr ar stair is dhúlra an bhaile. Cuireadh deochanna agus smailceanna bia ar fáil sa Chomhar Creidmheasa ina dhiaidh agus plaiceanna cuimhniúcháin is teastais bronnta ar na foirne ar éirigh leo na ceisteanna a fhreagairt i gceart. Chríochnaigh imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta i mBaile Locha Riach nuair a nochtaíodh leacht cuimhneacháin in ómós cách a bhí curtha i bPoll Rua Boic ar imeall Locha Riach ó na meánaoiseanna ar aghaidh. Tuigtear go bhfuil a leithéid de reiligí le fáil i ngach aon pharóiste in Éirinn ach le forbairtí atá ar siúl, bhí baol ann go mbeadh an reilig áirithe seo ligthe i ndearmad agus Baile Locha Riach ag fás i rith an ama.

Cairde agus Craic an Champa Is cosúil gur bhain gach duine sult agus taitneamh as an champa samhraidh i mBaile Locha Riach i mbliana. D'fhreastail níos mó ná dhá scór ar an champa a bhí ar siúl idir 6ú agus 17ú Lúnasa ag Gaelscoil Riabhach sa bhaile. Bhí an campa eagraithe ag Gaeilge Locha Riach i gcomhar le Conradh na Gaeilge agus maoinithe ag Foras na Gaeilge. Bhí triúr i gceannas ar an champa i rith na coicíse, Dawn Ní Ghlionn, Michéle Breathnach agus Alison De Búrca. Bhí go leor cluichí, rólimirt, ealaín agus a lán eile ar siúl acu le linn an champa. Maraon leis an mhéid sin, tháinig go leor cuairteoirí chuig an champa le ceardlanna speisialta a eagrú. Bhí Órla agus Niamh Ní Fhathaigh ar cuairt agus iad i mbun ceardlann ceoil le páistí an champa. Cuireadh síos ar na gléasanna traidisiúnta a bhíonn in úsáid in Éirinn agus iad ag bualadh ríleanna, portanna, fonna malla, máirseála is polkaí ar na gléasanna ceoil. Tugadh léargas do na páistí ar cheol is ceoltóirí Oirthear na Gaillimhe agus bhí deis ag na páistí a bheith páirteach leo agus píosaí a bhualadh leo. Bhí Máire Ní Cheallaigh Stiobhaird i láthair an champa le seisiún scéalaíochta a thabhairt do na páistí agus í ag gabháil siar ar chuid de bhéaloideas an cheantair is ag léiriú bunús cuid de logainmneacha na háite. Bhí Cleamairí Locha Riach ar cuairt agus iad ag cur síos ar stair, nósanna is ar chultúr na gCleamairí sa chomharsanacht i gceardlann ar leith. Bhí seisiún iontach bríomhar acu ina raibh scéalaíocht, filíocht, amhránaíocht, damhsa ar an sean-nós is neart ceoil ar siúl agus na páistí lánpháirteach leo. Bhí Mark Hurlihy, iománaí áitiúil, ar an pháirc imeartha le páistí an champa le scileanna iomána a theagasc is a chleachtadh is tá súil aige go mbeidh toradh a shaothair

le feiceáil amach anseo i measc fhoirne Chontae na Gaillimhe. Léirigh na páistí Seó Beag do na tuismitheoirí is dá gcairde. Bhí taispeántas iontach pléisiúrtha acu ina raibh amhránaíocht, damhsa is ceol curtha os a gcomhair. Chríochnaigh an campa ar an Aoine agus turas eagraithe go Gairdíní Bhríde, Ros Chathail, Conamara. Bhain na páistí an-sult as dúlra na háite, as na cluichí faoin aer is iad ag foghlaim fá ainmhithe na gcoillte thart timpeall orthu. Caithfear a rá go raibh freastal breá fairsing ar an champa. Cuireadh fáilte ar leith roimh an teaghlach Mhic Shamhrainn as Béal Feirste agus roimh mhuintir Uí Riain as Baile Átha Cliath a bhí sa chomharsanacht don champa. Mar a tharlaíonn sé, tá comhoibriú iontach ar siúl idir Ghaeilge Locha Riach agus Glór na Móna, Béal Feirste agus iad ábalta an nasc eatarthu a neartú. Bhuaigh muintir Mhic Shamhrainn an phríomhdhuais i gcomórtas i measc teaghlach Ghaelscoil na Móna ina raibh lóistín curtha ar fáil do theaghlach ón Ghaelscoil agus áiteanna curtha ar fáil do na páistí ag Campa Samhraidh Locha Riach. Bhí páistí eile ag taisteal ó Bhaile Átha an Rí gach lá. Maraon leis sin, bhí Declan Berry, 9 mbliain d'aois, as Nua Eabhrac ar an champa agus é díreach tagtha go Baile Locha Riach le bheith lonnaithe anseo lena mhuintir. Thaitin an campa chomh mór sin le Declan go bhfuil sé anois cláraithe le toiseacht ar Ghaelscoil Riabhach i mbliana. Aithníonn Gaeilge Locha Riach gur éirigh go maith leis an an champa i mbliana, go bhfuil forbairtí breise tagtha ar an champa thar na blianta agus go bhfuil gá le feabhas i gcónaí. Cinnte, tá plé agus pleananna ar siúl cheana féin le díriú ar an bhliain seo chugainn.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.