Nuachtlitir an Conartha, Nollaig 08

Page 1

Eagrán 4.2

15 Nollaig 2008

Bronntanas Nollag don Chonradh! Tá do chabhair de dhíth ó Chonradh na Gaeilge! Mar a tugadh le fios ag Ard-Fheis na bliana seo, tá géarghá práinneach againn teacht ar airgead chun obair na heagraíochta a chur i gcrích go héifeachtach. Cuireadh scéim Shíntiús na nGael ar bun cúpla bliain ó shin le hairgead a bhailiú agus mura bhfuil páirt agat ann cheana, níl am níos fearr ná anois chun síntiús a ghlacadh duit féin, nó do Ghaeilgeoir tiomanta eile ar aithne agat mar bhronntanas iontach Nollag! Cabhróidh an t-airgead linn na rudaí seo a leanas a bhaint amach: timirí a fhostú sna cúigí; mórfheachtais an Chonartha a phoibliú níos fearr; nuachtlitir mhíosúil an Chonartha a fhorbairt; cur leis an tacaíocht a chuirtear ar fáil do na craobhacha agus do bhaill; cur le camchuairteanna eolais ar fud na tíre; seirbhísí Gaeilge (dá leithéid stáisiún

raidió Gaeilge don aos óg) a chur ar fáil go fadtéarmach; áiseanna múinteoireachta níos fearr a chur ar fáil do mhúinteoirí ranganna Gaeilge an Chonartha; agus eile. Tá gach eolas ar an mbileoga iniata agus impíonn muid ort cabhrú linn cabhraigh libhse chun tús úr a chur le hobair na heagraíochta san Athbhliain. Cláraigh linn mar bhall de Chlub na nGael trí Shíntiús na nGael a ghlacadh linn inniu! Guíonn foireann uile an Chonartha Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Sheán ‘s faoi Mhaise ar na craobhacha agus ar na baill ar fad. Go raibh míle maith agaibh go léir as an obair iontach a ndearna sibh ar son na teanga tríd an bhliain, táimid ag tnúth leis an nGaeilge a chur chun cinn i bhur dteannta chomh dícheallach céanna in 2009! Foireann an Chonartha

SAN EAGRAN SEO: 1. Bronntanas Nollag 2. Taispeántas Ealaíne 2. Seachtain na Gaeilge 3. Cúrsaí Treoirghairme 4. Do Sheans le Gaeilge 5. Fuinneamh 2008 5. Na Cnocadóirí 6. Gradam Mhaigh Eo 6. Léachtaí Seamus Heaney 7. Ríomhairí & Suímh 8. Imeachtaí Áitiúla 9. Comórtas Mhaigh Eo 9. Craoladh na Gaeilge 10. Saor-Chomhairle Dlí 10. Raidió Rí-Rá na Nollag! 11. Comórtas Lógó 11. Ranganna Eanáir 12. Crosfhocal

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Taispeántas Ealaíne D’oscail an scríbhneoir mór le rá Liam Mac Con Iomaire taispeántas ealaíne na Nollag i gClub Chonradh na Gaeilge ag tús na míosa seo. Ócáid iontach a bhí ann le craic, comhluadar agus sólaistí den scoth! Bhí an áit dubh le daoine ag iarraidh an chéad amharc a fháil ar na saothair bhreátha a bhí crochta i ngach cúinne den Chlub agus a bheas ar taispeáint ann go dtí an 23 Nollaig 2008. Craobh Aimhirgin an Chonartha atá ina bhun agus is fiú go mór bualadh isteach le súil a chaitheamh ar an ealaíon álainn. Reáchtáladh seoladh leabhar agus Féile Ceilt Le Chéile i gClub an Chonartha le déanaí freisin, féile a bhí comhurraithe ag Colmcille agus Aileog, gur éirigh thar cionn

leo. Más mian leat tuilleadh eolais ar imeachtaí an chlub a fháil breathnaigh ar www.anclub.ie nó téigh i dteagmháil le Seán Mac Suibhne ag: runai-an-chlub@ionad.org / 01 4751480

Seachtain na Gaeilge 2009 Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ar feadh coicíse ón 2 – 17 Márta 2009 an bhliain seo chugainn agus tá na hullmhúcháin tosaithe cheana féin! Is í Seachtain na Gaeilge ceann de na féilte idirnáisiúnta is mó chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn. Bíonn na mílte imeacht eagraithe in Éirinn agus ar fud an domhain, agus freastalaíonn na céadta míle duine ar na himeachtaí sin. Beidh neart le déanamh thar tréimhse 3 mhí idir seo agus tús an cheiliúrtha mar sin, agus bheadh an fhoireann an-bhuíoch ar fad asaibh dá bhféadfadh craobhacha, scoileanna agus éinne eile ag glacadh páirt sa bhféile cloí leis na spriocdhátaí seo a leanas: • Foirmeacha imeachtaí le bheith istigh / imeachtaí le bheith cláraithe ar an

2

suíomh idirlín 19-12-2008 • Dáta deiridh le hathraithe a dhéanamh don chlár 19-01-2009 • Dáta deiridh d’ordaithe ar ábhair thacaíochta 26-01-09 • Dáta deiridh i gcomhair iarratais na gcomórtas scoile 20-03-09 Tá suíomh idirlín Sheachtain na Gaeilge á athchóiriú faoi láthair, mar sin ní féidir imeachtaí a chlárú ar-líne go dtí go mbeidh an suíomh nua ar fáil i ndiaidh na Nollag. Idir an dá linn, ba mhór leis an bhfoireann SnaG dá seolfadh sibh sonraí bhur n-imeachtaí chucu sa phost ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 nó ar ríomhphost ag orla@snag.ie / caitriona@snag.ie. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar www.snag.ie nó glaoch ar +353 (0)1 4757401

Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009


Siolla an Chláir & Buntáiste Breise na Gaeilge D’eagraigh An Clár as Gaeilge Teo. agus Coiste Ghlór na nGael, Inis seimineár lae do scoláirí meánscoile dar teideal Is Leatsa an Ghaeilge mar chuid de Thionscnamh Forbairt Pearsanta Iarbhunscoile le déanaí. Tionóladh Fóram Óige an Chláir san ionad álainn i gCois na hAbhna, Inis chun seans a thabhairt do scoláirí iarbhunscoile feidhm a bhaint as a gcuid Gaeilge i suíomh taobh amuigh den seomra ranga, agus arna taispeáint do na déagóirí cad iad na deiseanna atá ann sa saol mór do dhuine le Gaeilge aige nó aici freisin. Bhain trí mheánscoil déag páirt sa bhfóram, idir Ghaelcholáistí agus mheánscoileanna Béarla, agus d’fhreastail breis ‘s 80 dalta iarbhunscoile ó gach carn den chontae ar an seimineár. Thug Marc Mac Lochlainn ó chompántas drámaíochta Branar ceardlann drámaíochta céad rud ar maidin agus bhí deis ag na scoláirí labhairt lena chéile agus tuairimí a phlé trí mheán na Gaeilge, chomh maith le cluichí a imirt chun aithne a chur ar a chéile. Ansin labhair aíonna a úsáideann an Ghaeilge mar theanga labhartha ina gnáthshaol oibre leis na daltaí i ndiaidh an lóin chun léargas agus tacaíocht a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge. I measc na n-aoíchainteoirí bhí Bláthnaid Ní Dhonnchadha, iar-Rós an Chláir ó Inis atá anois ag obair mar saoririseoir le TG4; údar mór le rá Ré Ó Laighléis; agus Cormac Ó Loideáin, láithreoir aimsire le TG4. Chomh maith leis sin, labhair Emer Ní Fhlaitheartaigh, Oifigeach Gaeilge Comhairle Contae an Chláir leo faoina post agus na dualgais éagsúla a chomhlíonann sí ina slí beatha. Rinne Risteard Ó Fuaráin an-chaint faoin

eagraíocht Ógras agus conas a fuair sé post ann agus bhí Deirdre Davitt ann ó Fhoras na Gaeilge. Labhair Síne Nic an Ailí faoina bpost i gConradh na Gaeilge agus Raidió RíRá, raidió atá ar an idirlíon do dhaoine óga, agus bhí Conn Ó Muinneacháin ó Clare Fm ag caint faoi Edgecast Media, agus rinne sé craoladh beag beo ar an idirlíon in éineacht leis na daltaí. Bhí deis ag na daltaí ceisteanna a chur ar na haíonna ar deireadh, bhuaigh an cheist is fearr iPod Nano agus ar an iomlán, d’éirigh go hiontach leis an bhfóram. Tá na heagraíochtaí ag súil leis an ócáid a shocrú arís an bhliain seo chugainn. Más spéis leatsa ócáid dá leithéid a eagrú leis na scoileanna áitiúla i do cheantarsa, déan teagmháil leis An Clár as Gaeilge ag +353 (0)65 6864474 / clarasgaeilge@eircom.net. Ar an dóigh chéanna, d’eagraigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge seimineár dar teideal Buntáiste Breise na Gaeilge do dhaltaí scoile i gCathair agus i gContae Átha Cliath i Halla na Saoirse ag tús na míosa freisin. Labhair pearsana móra le rá faoin mbuntáiste breise a thugann an Ghaeilge dóibh agus iad ag dul i mbun a ngairmeacha beatha. Mhínigh siad don lucht éisteachta cén chaoi ar bhain siad na poist éagsúla atá acu amach agus an tionchar a bhí ag an nGaeilge ar an bpróiseas sin. Thug ionadaithe ó na institiúidí oideachais tríú leibhéal Fiontar, Gairmeacha le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh eolas do na daltaí scoile faoi na deiseanna oideachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge sna sála ar sheisiún ceisteanna freisin.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Do Sheans le Gaeilge Bhí thart ar 150 duine ó cheantair éagsúla in imeachtaí sóisialta atá ar fáil sna ceantair Oirthear na Gaillimhe i láthair ag ócáid mhór éagsúla. Ghaelach i mBaile Locha Riach ar an 2 Nollaig Tháinig an seoladh oifigiúil sna sála ar réimse 2008 nuair a rinne an Comhairleoir Peter imeachtaí Gaelacha a bhí ar siúl i mBaile Feeney, Méara Chontae na Gaillimhe, feach- Locha Riach i rith an tráthnóna le haonach tas Gaeilge nua d’Oirthear Chontae na Gail- leabhar d’óg, An Spailpín Fánach ar cuairt, limhe a sheoladh. Do Sheans le Gaeilge an ceardlann liteartha do phaistí ar an leabhar t-ainm atá ar an bhfeachtas nua ar chlár An Phleist Mhór le Ré Ó Laighléis, agus seofeasacháin é maidir leis na seirbhísí ladh Yankí Dúidil le Glór na nGael le healaíontacaíochta d’fhorbairt na Gaeilge atá ar fáil tóir an leabhair Alison Mac Cormaic i láthair. in Oirthear na Gaillimhe a chur os comhair an Bhí idir cheol agus drámaíocht ar fáil go phobail. Tá an togra curtha le chéile ag flúirseach le sleachta óna dhráma ar Phádraic Comhairle Chontae na Ó Conaire léirithe ag DiGaillimhe, Coiste Gairarmuid De Faoite agus moideachais Chontae na ceoltóirí ag fearadh Gaillimhe agus Gaeilge fáilte roimh an tslua. SeLocha Riach, togra oladh leabhar ar pobail de chuid ChonPhádraic Ó Conaire fosta radh na Gaeilge atá chomh maith le leabhar tiomanta do fhorbairt na Gaeilge in Oir-Dheisoidhreachta ar charachceart na Gaillimhe. tair áitiúla le tionchar Chonaic na heanáisiúnta ó cheantar graíochtaí seo go raibh Locha Riach, Na Clocha an-éileamh ar ranganna Beo. Cuireadh spéis ar Gaeilge, ar scoileanna leith sa Spraoicheist an lán-Ghaeilge agus ar Do Sheans Seolta in Óstán Locha Riach. tráthnóna sin freisin agus imeachtaí sóisialta trí ceisteanna bunaithe ar Ghaeilge ar fud an cheantair agus mheas siad imeachtaí Gaelacha sa chomharsanacht. oibriú as láimh a chéile le straitéis Cuireadh clabhsúr le himeachtaí na hoíche chomhtháite do sholáthar na seirbhísí áirithe nuair a bhronn Príomhoifigeach Feiseo a chur le chéile chun éifeacht ar dhmiúcháin Choiste Gairmoideachais Chontae chaiteachas airgid phoiblí sa réimse seo a chinntiú. Mar thoradh ar chomhoibriú na n-ea- na Gaillimhe, Seosamh Mac Donnacha, graíochtaí seo, seachnaítear dúbailt ar Gradaim Locha Riach. Bronnadh breis is dhá sholáthar ranganna agus imeachtaí Gaeilge scór gradam ar fad ar mhaithe le haitheantas agus cuirtear an t-eolas ar fad os comhair an agus buíochas a thabhairt do na heagraíochtaí phobail ar bhealach atá éasca le tagairt a pobail éagsúla as an méid a bhí déanta acu dhéanamh dó. Tugann an bróisiúr atá seolta leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar eolas maidir leis na seirbhísí ar fad atá ar fáil in 2008 agus moladh mór ag dul dóibh. Tuilin Oirthear na Gaillimhe ó chúrsaí oideachais leadh eolais: Gaeilge Locha Riach +353 agus scolaíochta, go ranganna oíche agus (0)91 870718 / prua@lochariach.com

4

Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009


Fuinneamh 2008 Deireadh seachtaine spraíúil, fuinniúil a bhí ag muintir Chill Dara le déanaí nuair a d’eagraigh Glór na Ríogh an fhéile mhór bhliantúil Fuinneamh 2008 do phobal Gaeilge an cheantair. Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl ón 5 – 7 Nollaig idir chiorcail chainte, cheardlanna spóirt agus ealaíne, thurais lae agus chuairteoirí speisialta, na fir ghrinn Shortly agus Giggles agus fear ar leith le féasóg mhór bhán ón Mol Thuaidh san áireamh!

Bhailigh slua le chéile ar an Aoine leis an bhféile a oscailt le taispeántas ó dhaltaí Ghaelscoil Nás na Ríogh agus Ghaelcholáiste Chill Dara, céilí, ceol ón ngrúpa áitiúil Cathú agus sólaistí. Mar chuid den oscailt oifigiúil, thug Coiste Ghlór na Ríogh aitheantas do na grúpaí áitiúla le Gradaim na nGael 2008. Bronnadh gradam ar Chomhairle Bhaile Nás na Ríogh as na comharthaí dátheangacha atá crochta in airde acu ar fud an bhaile; ar Choiste Gairmoideachais Chill Dara as a gcuid tacaíochta do na hógchlubanna áitiúla agus as soláthair cóiríochta do Ghaelscoil Nás na Ríogh; agus ar dhaltaí Ghaelcholáiste Chill Dara as an obair dheonach uile a dhéanann siad chun an Ghaeilge a chur chun cinn go díograiseach dícheallach. Comhghairdeas leo uile! Tuilleadh eolais: Anita Nic Amhlaoidh +353 (0)85 7028787 / Glór na Ríogh +353 (0)45 898766

Na Cnocadóirí

Más Gaeilgeoir tú, nó duine atá ag foghlaim na teanga agus go bhfuil spéis agat sa siúl agus sa chnocadóireacht, tá fáilte á cur romhat páirt a ghlacadh i siúlóidí rialta leis an ngrúpa sléibhteoireachta, Na Cnocadóirí! Téann na Cnocadóirí ag siúl i sléibhte Chill Mhantáin gach coicís, ar an Domhnach, ó Mheán Fómhair go Bealtaine agus is iontach an tús é don Athbhliain éirí gafa linn. Buaileann muid le chéile ag oifigí Bhord Soláthair an Leictreachais (ESB) ar Shráid Mhic Liam Íochtarach (Lower Fitzwilliam Street) gach ré Domhnach, ag fágáil ag 10.00rn. Mura n-oireann sin duit, tig leat a dhul díreach chuig ionad tosaithe na siúlóide. Tosaíonn gach siúlóid ag 11.15rn. agus maireann sí 4.5 nó 5 uair a chloig. Ólaimid deoch i dteach tábhairne in aice láimhe tar éis gach siúlóid agus téann an grúpa ar chorrdheireadh seachtaine cnocadóireachta sa Ghaeltacht freisin. Beidh siúlóid dheireanach na bliana ag dul ón Láithreach ar an 21 Nollaig 2008. Tuilleadh eolais: www.cnocadoiri.com / +353 (0)86 1023276 / cnocadoiri@yahoo.com

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Gradam Gaeilge Mhaigh Eo Bronnadh Pearsa Mhaigh Eo na Bliana 2008 Bronnadh ballraíocht shaoil Chonradh na ag ócáid in Óstán an Castlecourt i gCathair Gaeilge air roinnt blianta ó shin. na Mart ar an 28 Samhain agus is cúis mhór Chaith Séan na blianta mar iriseoir agus é áthais don Chonradh gurb é Seán Ó hÉalaí a ag craoladh ar Raidió na Gaeltachta. ghlac leis Gradam na Gaeilge B’eisean glór Mhaigh Eo ar an 2008. Tá an onóir sin tuillte stáisiún sin le fada an lá agus go maith aige agus déanaimid éisteacht leathan aige ar fud uile i gCraobh Conradh na na tíre. Bhí Séan lárnach Gaeilge Chaisleán an Bharnuair a tháinig Oireachtas na raigh, agus Gaeilgeoirí Gaeilge go Contae Mhaigh Eo Mhaigh Eo trí chéile, don chéad uair sa bhliain comhghairdeas ó chroí leis. 2000 freisin. Iar-Stiúrthóir ar Tá Séan gníomhach í ngluPearsa Mhaigh Eo na Bliana 2008 an eagraíocht Glór Mhaigh Eo aiseacht na Gaeilge i Maigh is ea é chomh maith agus chuir an eaEo le breis agus dhá scór bliana anuas. Níor graíocht sin Scéim Forbartha Dátheantharla mórán sa chontae ó thaobh na Gaeilge de i rith an ama sin nach raibh baint gachais í bhfeidhm sa chontae. Tá sé mar éigin ag Seán leis. Rugadh agus tógadh Seán chrann taca ag Scoil Raifteirí ó bunaíodh an ar oileán Acla agus tar éis dó filleadh ó sheal scoil i 1983, ag bronnadh fáinní Gaeilge ar i Sasana, ghlac sé post mar Thimire do na daltaí fiú sa an lá atá inniu ann. Tá súil Chonradh na Gaeilge agus ó shin i leith, bhí againn go leanfaidh sé leis an nós sna Seán i lár an aonaigh i saol na Gaeilge. blianta atá le teacht freisin!

Léachtaí Seamus Heaney Tá sraith léachtaí Seamus Heaney á heagrú i gColáiste Phádraig le blianta beaga anuas agus an-rath go deo ag baint leo. Mheall a leithéid de Mary Robinson, Alan Titley agus Seamus Heaney féin na sluaite daoine chun éisteachta roimhe seo agus táthar ag súil gurb amhlaidh an scéal a bheas ann do chainteoirí na léachtaí seo freisin. Athraithe ó Bhonn? Cultúr agus Féiniúlacht in Éirinn an Lae

6

Inniu teideal na sraithe atá faoi lánsheol cheana féin agus is iad an Dr Máirín Nic Eoin; an tOllamh Peadar Kirby; an tOllamh Richard Kearney; agus Chrissie Poulter a bheas ag tabhairt léachta ar an 02 Feabhra 2009; 23 Feabhra 2009; 02 Márta 2009; agus an 23 Márta 2009 faoi seach. Saorchead isteach, ag tosú ag 8.00in agus sólaistí ar fáil i ndiaidh na léachta. Tuilleadh eolais: www.spd.dcu.ie/shl

Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009


Ríomhairí & Suímh Sna sála ar an alt in eagrán na nuachtlitreacha deireanach, seo chugaibh cúpla suíomh idirlín agus feidhmiúchán ríomhaireachta eile chun cabhrú libh níos mó gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ar-líne: AthBui.com Is suíomh de chuid Chraobh Áth Buí de Chonradh na Gaeilge é an suíomh seo agus é lán d’eolas maidir le himeachtaí Gaeilge sa cheantair, chomh maith le rannóg ar leith tugtha d’ábhar ríomhaireachta sa teanga dúchais. Coimeádaigí súil ar www.athbui.com/19%20AnRomhaire.htm chun cúpla nod breise faoin teicneolaíocht is déanaí sa Ghaeilge a fháil.

fáil ar an suíomh agus mínítear duit conas tabhairt faoi scileanna nua do phost ar leith

Fada Níl aon rud níos measa ná alt i nGaeilge ag fulaing easpa sínithe fada! Tá sé an-éasca an scéal a chur ina cheart: ní gá ach an cnaipe Alt Gr agus an gúta go dteastaíonn uait a shíneadh a bhrú le chéile. Más ceannlitir le fada atá uait, is féidir Alt Gr agus Shift agus an guta a bhrú ag an am céanna chun Á, É, Í, Ó nó Ú a fháil. I bhfad níos fusa ná dul chun siombail a ionchur gach uair!

SeanNosBeo.ie Sheol Comhlacht Forbartha na nDéise an togra amhránaíochta seo le Dúthaigh Gheal Déise le déanaí. Is toradh é ar obair an amhránaithe sean-nóis cáiliúil, Ciarán Ó Gealbháin, áit go bhfuil amhránaithe áitiúla sean-nóis le feiceáil agus le cloisteáil faoi na rannóg éagsúla ar an suíomh. Tá eolas le fáil maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise ann, mar aon le roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche a fhoghlaim go héasca. Tá leaganacha scríofa éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil maille le fuaimrianta agus físeáin. Tobar oidhreachta agus eolais den scoth atá ann agus is fearrde a leithéid de thogra ceoil cultúr na tíre seo.

SaolOibre.ie Is áis trí Ghaeilge an suíomh gréasáin Saoloibre.ie dóibh siúd ar mhian leo a ngairm a phleanáil. Tá eolas úsáideach ar fáil ar an suíomh d’aon duine a bheadh ag iarraidh gairm a phleanáil – is cuma cibé an mac léinn scoile, iarchéimí ollscoile nó duine atá ag smaoineamh ar ghairm a athrú tú. Tá gach eolas faoi phleanáil gairme, obair agus fostaíocht, oideachas agus cúrsaí oiliúna le

a fhoghlaim chomh maith le deiseanna fostaíochta úra a aithint. Ní bhaineann an suíomh le gairmeacha i nGaeilge amháin ach is trí mheán na Gaeilge amháin a chuirtear an t-eolas ar fad faoi chúrsaí oibre os do chomhair. Caith súil air inniu!

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Imeachtaí Á itiúla Spraoi Cois Laoi D'éirigh go hiontach arís i mbliana le Spraoi Cois Laoi 2008, féile mhór bhliantúil na Cuallachta, Cumann Gaelach Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh. I measc na n-imeachtaí spraíúla a bhí ar siúl le linn na seachtaine ag deireadh mhí na Samhna, bhí díospóireachtaí, karaoke, mórshiúlta, cluichí craiceáilte, cóisir pizza, comórtais éagsúla agus an Céilí Mór le haíonna speisialta ón gclár teilifíse Ros na Rún. Sheol Des

Imeachtaí Maigh Eo Ní hamháin go bhfuil Conradh na Gaeilge Chaisleán an Bharraigh ag tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge do dhaltaí an Teastais Shóisearaigh, do dhaltaí na hArdteiste, agus do dhaoine fásta a reáchtáil i 2009, tá tús á chur acu le Club Leabhar Gaeilge san Athbhliain freisin. Beidh na ranganna agus an club leabhar araon ag tosú i mí Eanáir. Más spéis leat clárú do ranganna nó

Bishop an leagan cloíte den iris CRAIC! mar chuid den Spraoi freisin agus tá míle cóip den irisleabhar scaipthe fud fad an champais ó shin. Is iomaí seisiún ceoil a spreagadh thar tréimhse na féile, agus rinne lucht an Chumainn agus ceoltóirí cumasacha Corcaí taifead speisialta le Raidió na Gaeltachta don chlár Cois Laoi i rith na seachtaine chomh maith. Gach eolas agus grianghraf ar fáil ar shuíomh na Cuallachta ag www.bebo.com/anchuallacht/ nó trí rphost a chur chuig anchuallacht@gmail.com

páirt a ghlacadh sa chlub, is féidir teagmháil a dhéanamh le Brídín ag: +353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166 / eolas@conradhmhaigheo.ie

Oíche Scéalaíochta Bhí idir fhinscéalta, scéalta stairiúla, naofa, pearsanta ‘s greannmhara inste le linn oíche airneáin a bhí ag Gaeilge Locha Riach le deireanas. Tháinig ciorcal scéalaíochta le chéile sa Seomra Glas sa Teach Beag i mBaile Locha Riach agus caitheadh an oíche ag insint agus ag éisteacht le scéalta éagsúla. Bhí an seisiún scéalaíochta seo faoi stiúir an údair mór le rá Ré Ó Laighléis agus tugadh cead do gach uile duine scéal nó dhó a insint. Tugadh údarás ar leith don scéalaí agus greim aige nó aici ar bhachall draighin...rud a spreag roinnt scéalta eile! Tarraingíonn scéal scéal eile agus tá sé i gceist go dtiocfaidh an ciorcal scéalaíochta le chéile arís go luath san Athbhliain. Tuilleadh eolais: Gaeilge Locha Riach +353 (0)91 870718 / prua@lochariach.com

8

Féile na Mí Fearadh fáilte Uí Cheallaigh roimh chuairteoirí a thug aghaidh ar Fhéile na Mí i nGaeltacht Ráth Chairn an mhí seo caite. Cuireadh tús leis an gceiliúradh le comórtais amhránaíochta agus bodhráin in Áras Pobail Ráth Chairn ar an Aoine 14 Samhain 2008. Lean na comórtais, na ceardlanna agus seinnim an cheoil de ló ‘s d’oíche go dtí tráthnóna Domhnaigh le seisiún iontach sa Bhradán Feasta. Sna sála ar an bhféile, d’eagraigh Gael-Linn agus Comharchumann Ráth Chairn saoire deireadh seachtaine d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge le deis a thabhairt dóibh blas a fháil den Ghaeilge labhartha agus cultúr na Gaeltachta i gCo. na Mí. Bunaíodh an Ghaeltacht ann i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Ráth Chairn agus is pobal Gaeltachta beo bríomhar atá ina gcónaí ann agus ag cur an Ghaeilge chun cinn sa cheantar ó shin. Féach ar info@athbui.com chun breis eolais ar imeachtaí an cheantair a fháil.

Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009


Comórtas Mhaigh Eo

Éirí Gafa le Craoladh na Gaeilge!

Tá comórtas raidió úrnua do scoláirí meánscoile Mhaigh Eo eagraithe ag Ionad Oideachais Mhaigh Eo i gcomhair le Togra Mhaigh Eo Chonradh na Gaeilge, Caisleán an Bharraigh. Tá clár raidió idir 7-10 nóiméad le déanamh i nGaeilge, leat féin nó le foireann le idir beirt agus cúigear, agus is féidir ábhar ar bith gur mian leat a

Tá an clár teilifíse Glas Vegas ar ais arís agus ar tóir an chéad réalt mór eile i saol na siamsaíochta. Beidh gach cineál bua ‘s tallann iontach aisteach chur trí chéile ar an gclár. Gentiques Jewellers atá ag déanadh urraíocht ar an gcomórtas agus beidh rannóg ar leith le duais €500 ag dul don iontráil is fearr ar chúrsaí seodóireachta sa bhreis ar an dá rannóg eile, sóisear agus sinsear. Is féidir le mic léinn mheánscoile ón 1cd, 2ra agus 3ú Bliain cur isteach ar an rannóg shóisearach fad agus atá an rannóg shinsearach oscailte do dhaltaí sa 4ú, 5ú agus 6ú Bliain. Baineann duais ciste de €3,000 leis an dá rannóg seo agus is féidir an clár a thaifead agus é a chur ar dhlúthdhiosca, ar chipín cuimhne nó mar MP3 lena sheoladh isteach chuig an Ionad Oideachais nó chuig Togra Mhaigh Eo roimh 13 Eanáir 2008. Cuirfear an clár ar shuíomh idirlín an Ionaid Oideachais i bhfoirm podchraolta ansin. Seoladh: Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Bóthar Cathar na Mart, Co. Mhaigh Eo +353 (0)94 9020700 / clar@mayoeducationcentre.ie nó Brídín Ní Cheallaigh, Conradh na Gaeilge, Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo +353 (0)94 9022444 / +353 (0)87 9781166 / eolas@conradhmhaigheo.ie. Spriocdháta iontrála: 13 Eanáir 2009

le feiceáil ar an seó agus tá lucht féachana á lorg! Déanfar taifead ar an gclár in RTÉ i nDomhnach Broc ar na dátaí seo a leanas: 28 Nollaig 2008; 29 Nollaig 2008; 30 Nollaig 2008; agus 02 Eanáir 2009. Más mian leatsa bheith sa stiúideo leo, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le James ag +353 (0)1 2843877 / GlasVegasTG4@gmail.com Mura bhfuil dúil sa teilifís ionat, is féidir páirt a ghlacadh sna 6 chlár filíochta agus ceoil a bheas á thaifead do Raidió na Life san Athbhliain. Caifé Cois Life is ainm den sraith agus beidh na cláracha á dtaifead in 7 Cearnóg Mhuirfean i láthair lucht éisteachta beo i suíomh caife, bunaithe ar mhúnla An Caifé Gorm ó na hochtóidí. Tuilleadh eolais: Mairéad Uí Dhomhnaill +353 (0)87 7443037 / Deirdre Donnelly +353 (0)87 4159355

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

9


Comórtas Nollag Raidió Rí-Rá Is é Raidió Rí-Rá an t-ainm nua ar an stáisiún raidió Gaeilge is fearr ar-líne do

dhaoine óga! Seoladh é faoin ainm sealadach RaidióX.com i mí an Mhárta 2008 agus bhuaigh Conor Hogan as Baile Átha Cliath iPod Nano as an ainm nua a mholadh as breis agus 500 ainm féideartha a tháinig isteach mar chuid den chomórtas. Agus anois tá comórtas eile ag Raidió Rí-Rá daoibh a chairde! Chun an Nollaig a cheiliúradh anseo i Raidió Rí-Rá, tá mála lán le duaiseanna iontacha

10

againn le thabhairt daoibhse. Tá an mála lán leis na dlúthdhioscaí agus na scannáin is déanaí - ceirníní le Alesha Dixon, The Feeling, Mika, James Blunt agus níos mó ina measc. Ní gá ach an cheist shimplí seo a leanas a fhreagairt le cur isteach ar na duaiseanna iontacha: Cén amhránaí ón X-Factor a dheisigh an singil Run le déanaí? Seolaigí bhur bhfreagra, bhur n-ainm agus bhur seoladh baile chuig: comortas@raidiorira.ie. Seinntear ceol ó na cairteacha gan stad ar an stáisiún agus bíonn an raidió ag craoladh ag www.raidiorira.ie 24 uair a chloig in aghaidh an lae, 365 lá sa bhliain: na cnaga ar fad, an t-am ar fad! Go n-éirí an t-ádh libh agus bíodh Nollaig iontach agaibh!

Cuir na scéala chugainn roimh 12 Eanáir 2009


Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

11


Crosfhocal Mhí na Nollag

Trasna 1 cógas a ghlanann amach na putóga (7) 6 tochas beag chun duine a chur ag gáire (6) 7 ón tseanaimsir (4) 8 locht; fabht (6) 9 éide eaglasta (5) 12 cuid bheag (6) 13 duine róchainteach (7) 16 ionsaí; aimsiú ar mharc (4) 18 caint mhearbhlach; speabhraídí (9)

Síos 2 fonn dul chun cinn sa saol (10) 3 anáil; puth (2) 4 fonn; tiúin (3) 5 maor; fairtheoir (7) 8 scread; liú (4) 10 tomhas faid ón uillinn go barr na méar (7) 11 áit a mbaintear clocha nó gairbhéal (7) 14 múchadh (4) 15 ceanndána; neamhghéilliúil (3) 17 gaiste; dol; súil ribe (3)

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don Siopa Leabhar a bhuacaint, líon isteach an crosfhocal i gceart agus seol chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Buaiteoir Mhí na Samhna: Tiernán de hÁl, Co. na Mí

12

Cuir na scéalta chugainn roimh 10 Nollaig 2008


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.