Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

Page 1

Eagrán 4.5

23 Márta 2009

Ard-Fheis 2009 Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2009 in Óstán Abbey Court, An tAonach, Co. Thiobraid Árann ón 8 - 10 Bealtaine 2009. Is é téama na hArd-Fheise i mbliana ná Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann agus cuirfear tús oifigiúil leis an Ard-Fheis oíche Aoine ag 9.00in. Is é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin a thabharfaidh caint na hArdFheis ar an oíche úd agus is é Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch – Ról Radacach don Chonradh teideal a óráide. Is iar-ollamh é Fionnbarra de Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus d'Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus is cinnte gur caint spreagúil a bheas aige don slua. Leanfaidh spraoi na hoíche le fáiltiú agus ceol le ceoltóirí áitiúla ar ball. Chomh maith le gnáth-ghnó na hArd-Fheise Dé Sathairn, cuirfear ceardlanna tacaíochta ar fáil do na craobhacha chun cabhrú le baill an choiste bainistiú a dhéanamh ar leathanach na craoibhe s’acu ar

www.cnag.ie, agus chun na bunscileanna teicneolaíochta chuige seo a mhíniú dóibh. Beidh dinnéar agus club na hArd-Fheise ar siúl oíche Shathairn le ceoltóirí Thiobraid Árann agus tiocfaidh an deireadh seachtaine chun críche le hAifreann agus turas timpeall an cheantair maidin Domhnaigh. Tá leagan leictreonach den chlár iomlán mar aon le foirm lóistín le fáil ar-líne ag www.cnag.ie/downloads/12 3 5 2 4 5 6 2 5 b r o i seir_2009_rp.pdf nó is féidir lóistín a chur in áirithe le Máiread Seoighe mairead@cnag.ie / +353 (0)1 4757401. TÁBHACHTACH Ná déanaigí dearmad go gcaithfidh na foirmeacha maidir le rúin agus ainmniúcháin na hArd-Fheise a bheith ag muintir na hArd-Oifige faoin 03 Aibreán 2009 le bhur dtoil. Is féidir gach foirm a sheoladh ar ais go: Conradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.

SAN EAGRAN SEO:

1. Ard-Fheis 2009 1. Foirmeacha 2. Féilte Mhaigh Eo 2. Scléip! 2009 3. Logainmneacha Locha Riach 3. Gaelú na gComharthaí 4. Seachtain na Gaeilge ’09 5. Raidió Rí-Rá 5. CD Ceol ’09! 6. Saor-Chomhairle Dlí 6. Scrúduithe TEG 7. Suíomhanna Nua 7. Ógras 8. Crosfhocal

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Scléip! 2009 Bunaíodh an comórtas Scléip! in 2005 chun daltaí na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a spreagadh i leith na Gaeilge, i réimsí éagsúla de na healaíona trí dheis a thabhairt dóibh páirt a ghlacadh i gcomórtas spreagúil agus spéisiúil. Is comórtas tallainne náisiúnta sna 32 contae é eagraithe ag Gaelscoileanna Teo. i gcomhpháirt le Comhairle na Gaelscolaíochta agus urraithe ag Foras na Gaeilge. Ghlac 18 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge páirt sa chomórtas i mbliana agus chuaigh rannpháirtithe ó 13 scoil chomh fada leis an gCraobh Ceannais a reáchtáladh ar an Satharn 21 Márta 2009 san Amharclann Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath 9. B’é Mícheál Ó

Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teo., a bhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí agus thréaslaigh sé leis na scoileanna, na múinteoirí agus na daltaí uile a ghlac páirt. Dúirt sé: “Is onóir agus pléisiúr é a bheith i láthair ag Craobh Ceannais Scléip! Tugann an tallann agus an spiorad a léiríonn na taibhseoirí agus na múinteoirí ardú croí d’earnáil na Gaelscolaíochta.” Tá liosta na mbuaiteoirí uile mar aon le grianghraif ó Chraobh Ceannais Scléip! 2009 ar fáil ar www.gaelscoileanna.ie. Tuilleadh Eolais: Seán Ó hAdhmaill oifig@gaelscoileanna.ie / +353 (0)1 4773155

Féilte Mhaigh Eo D'éirigh go hiontach le Féile Scoildrámaíochta Chaisleán an Bharraigh i mbliana, eagraithe ag Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ar an 3 Márta 2009. Is í seo an chéad bhliain le blianta fada anuas go raibh an Fhéile Drámaíochta ar siúl agus glac thart ar 9 scoil páirt sa spraoi. Bhain na scoláirí uilig an-sult as an bhFéile féin, bhí na drámaí thar cionn ar fad agus ba léir go raibh go leor oibre curtha isteach iontu, ag scoláirí agus múinteoirí araon. Moladh mór ag dul dóibh uile! Reáchtáladh Féile Chúige i gCaisleán an Bharraigh ón 10 – 12 Márta

2

2009 sna sála ar an bhféile áitiúil. Ghlac scoileanna ar fud Chonnachta páirt sa bhFéile seo - tuairim is 30 scoil ar an iomlán - agus bhain caighdeán an-ard leis na drámaí ar fad. As an 6 scoil ó Mhaigh Eo a ghlac páirt sa chomórtas, d’éirigh le Scoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh agus le Scoil Naomh Abhrach i mBaile Chathail Craobh na hÉireann a bhaint amach. Beidh Craobh na hÉireann ar siúl sa Mhuileann gCearr ar an 22 – 24 agus 27 - 29 Aibreán 2009 agus guíonn muid gach rath ar scoileanna Mhaigh Eo ann!

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009


Logainmneacha Locha Riach

Gaelú na gComharthaí

Tá sé i gceist ag Gaeilge Locha Riach agus www.aughty.org tionscadal ar logainmneacha i gcomharsanacht Shliabh Eachtaí a dhéanamh i mbliana. Is é an príomhchuspóir ná tuiscint ar logainmneacha an cheantair a shoiléiriú do phobal na háite agus deis a thabhairt do dhaoine aithne níos fearr a chur ar a gcomharsanacht féin. Tá an togra seo ar siúl i gcomhar le cumainn staire éagsúla sa cheantar,

rud a chinnteoidh go mbeidh inchur agus úinéireacht áitiúil air, agus é mar aidhm tabhairt faoi scéim píolótach leis an obair a chur i gcrích. Mar chuid den ullmhúchán, déanfar athbhreithniú ar an méid atá bailithe cheana féin i dtaobh dinnseanchas na logainmneacha i bparóistí ar leith faoi scáth Shliabh Eachtaí, agus reáchtálfar sraith ceardlanna sna paróistí céanna chuige seo. Tuigtear go spreagfaidh a leithéid tuiscint níos fearr ar na bailte fearainn agus go méadófar úsáid na leaganacha Gaelacha de na logainmneacha sa cheantar mar thoradh. Tá sé i gceist na cruinnithe poiblí seo a thaifeadadh sa dóigh is gur féidir linn aon eolas nó scéalta breise a bhailiú go háitiúil, agus DVD nó CD a sholáthair don phobal sa todhchaí freisin. Cuireadh tús leis na ceardlanna i gCill Chríost ag deireadh na míosa seo caite ach cuirtear fáilte roimh éinne le spéis san ábhar páirt a ghlacadh sa togra amach anseo. Tuilleadh eolais: Gaeilge Locha Riach +353 (0)91 870718 nó prua@lochariach.com

Cé gur chuir cúpla Gael anaithnide tús le feachtas chun na comharthaí sráide a ghaelú ar Shráid Uí Chonaill an tseachtain seo caite, b’fhéidir nach bhfuil gach Gaeilgeoir chomh cíocrach céanna dréimire a dhreapadh ar son na teanga! Ach tá bealach eile le héirí gafa le Gaelú na gcomharthaí bóithre in Éirinn. Tá Garrett Reil, saineolaí le Rain Design, ag cur tuairisce le chéile ar na comharthaí bóithre dátheangacha is soiléire agus chabhródh d’inchur go mór mór leis. Ní gá duit ach an suirbhé gasta a líonadh ar-líne ag http://raindesign.com/chomharthai/cho mharthai-09-gaeilge_distributed.pdf. Bheadh sé ina mhórchabhair dá bhféadfá éinne eile a cheapann tú a bheadh sásta cabhrú leis a chur ar an eolas mar gheall ar an suirbhé chomh maith, nó teagmháil a dhéanamh le Garrett ag garrett@raindesign.com. Creideann an Conradh gur céim fíor-thábhachtach chun tosaigh a bheadh ann chun cothrom na Féinne a bhaint amach don Ghaeilge ar chomharthaí bóithre na tíre seo. Tacaigh le Feachtas na Feiceálachta inniu!

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Seachtain na Gaeilge ’09 D’éirigh chomh maith sin le Seachtain na Gaeilge 2009 gur scaip an grá don chúpla focal chomh fada leis an Teach Bán, áit gur fhoghlaim Uachtarán Meiriceá Barack Obama conas “Is féidir linn!” a rá as Gaeilge fiú! Ní haon ionadh é áfach, leis an oiread imeachtaí a bhí ar siúl fud fad na cruinne: bricfeasta Gaeilge sa Bhruiséil, cluichí Gaelacha á n-imirt san Ísiltír, ceardlanna Gaeilge i gCeanada agus Aifreann as Gaeilge san Astráil, gan trácht ar an iliomad imeacht anseo sa bhaile in Éirinn. Sheol an Síle Ní Bhraonáin álainn imeachtaí na Seachtaine i nGaillimh ag tús na míosa, chuir Conradh Luimnigh céilí ar siúl sa Chistin arís agus bhí oíche aerach meidhreach ag an gCáca Milis san Acadamh i mBaile Átha Cliath. D’eagraigh muintir na Cuallachta i gCorcaigh Poc Ar Buile dos na mic léinn mar aon le maidineacha caife agus léiriú de chlár an laoch ghrinn Des Bishop sa bhéar nua, fad is a chuir daltaí Choláiste Eoin agus Íosagáin leagan Gaeilge den dráma Grease ar siúl sa scoil i Stigh Lorgán. Chomh maith le hoícheanta scéalaíochta agus ceoil, clubanna leabhar agus ceardlanna raidió le Máirtín Davy (Raidió na Gaeltachta), bhí Mórshiúl Lá Fhéile Phádraig den scoth i mBaile Locha Riach agus Réaltaí mar théama aige ó is í 2009 Bliain Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta. B’é Paidí Ó Lionáird (TG4) fear an tí don lá agus chuir Comhaltas Ceoltóirí Éireann an slua ag rince don mhórcheiliúradh! Ba í Áine Ní Chiaráin a sheol Seachtain na Gaeilge i Maigh Eo agus le breis agus 120 éagsúil ar siúl ar fud an chontae - comórtas peile na Gaeltachta, turais treoraithe i nGaeilge, cluichí cártaí agus drámaí go leor - is cinnte go

4

raibh muintir Mhaigh Eo gnóthach ag cur an teanga chun cinn le linn na féile. Deineadh 25 Bliain Gaelscoil Raifteirí a cheiliúradh in Óstán an Welcome Inn i gCaisleán an Bharraigh i rith na Seachtaine freisin. Mar chuid den St Patrick’s Festival sa phríomhchathair, eagraíodh ceiliúradh spleodrach trí Ghaeilge darb ainm GaelSpraoi agus bhí rogha leathan imeachtaí ar an gclár – céilí mór, turais threoraithe Ghaeilge sa Guinness Storehouse agus ar an Viking Splash, ceardlanna DJ agus damhsa, siúloid thart ar Bhinn Éadair leis na Cnocadóirí, Club Sonas den scoth i Sráid Vicar chomh maith leis an gCabaret Craiceáilte le MC Muipéid agus Bubba Shakespeare ag rapáil trí Ghaeilge san Odeon ó oíche go maidin! Ní hamháin sin ach d’eagraigh Colleen Dollard BéalSpraoi ar an 14 Márta le ceardlanna cócaireachta agus crepes, cniotáil agus cróiseáil, cosdornalaíocht, cluichí cártaí, léiriú gearrscannán Gaeilge, lámhchleasaíocht agus go leor eile do chuile duine, lucht foghlamtha na teanga agus cainteoirí líofa araon. Phew! Bhí ceolchoirmeacha ag na Macallaí i Loch Garman, cupán tae in Ionad Pobail an Droma i Ros Comáin, ceardlann scannánaíochta san IFI, gig an bhanna Bréag i mBéal Feirste, Ná Bac i gClub Áras na nGael i nGaillimh, drámaíocht in Amharclann Axis Bhaile Munna, ócáidí i dTeach Laighean agus imeachtaí go leor in Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin. Tá ardmholadh ag dul do chuile duine a d’eagraigh imeacht, a ghlac páirt nó a bhain leas as a gcúpla focal Gaeilge le linn na Seachtaine. Táimid ag tnúth le spraoi Sheachtain na Gaeilge 2010 cheana féin! Gach Eolas: www.snag.ie

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009


Raidió Rí-Rá

Ba mhaith le Craobh Raidió an Chonartha agus lucht Raidió Rí-Rá ar fad buíochas ó chroí a ghabháil le chuile duine a chabhraigh leis an stáisiún nó a chur cluas linn agus muid ag craoladh ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh le linn Sheachtain na Gaeilge 2009. Seoladh an seirbhís ilchathrach le 4 phreasócáid éagsúil ar an 3 Márta, ag ceiliúradh chéad bhreithlá an raidió agus an stáisiún bliain ag craoladh ar-líne. Rinne an tAire Éamon Ó Cuív an seoladh oifigiúil agus chan páistí gleoite Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i nGaillimh lá breithe shona Raidió Rí-Rá beo ar an aer leis an réalt teilifíse Linda Breathnach (Ros na Rún) ina dteannta! Rinne muintir Chorcaí an haka Gaelach a scairt amach thar an guthán, chan daltaí Ghaelcholáiste Luimnigh amhrán Mundy dúinn,

agus bhí Eoghan Mac Diarmada (Pop 4) linn sa stiúideo i mBaile Átha Cliath. Ansin rinne na réaltaí Donnacha Ryan, imreoir rugbaí le foireann na Mumhan; Clíona Ní Chiosáin (Aifric); agus Linda Breathnach comhaireamh síos ar An Barr 20 Ceoltóir Éireannach Is Mó San Aois Seo ar Lá Fhéile Phádraig. Iontas na n-iontas, bhí U2 buailte go maith ag Westlife agus Nicky Brennan lánsásta onóir an bharrspóta a ghlacadh! Chuir na mílte isteach ar na comórtais chun Gael Fóin iontacha de chuid Samsung a bhuachaint gach lá le linn an chraolacháin agus is léir go bhfuil anéileamh ann do chairt-stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga. Ainneoin go bhfuilimid an-bhrónach go bhfuil an seirbhís sealadach ar FM tagtha chun críche, is ábhar áthais agus sóláis dúinn go bhfuilimid ar fáil ar-líne i gcónaí ag www.RaidioRiRa.ie. Cuir cluas linn!

C CD D C Ce eo ol l ’ ’0 09 9! ! Tá éacht eile bainte amach ag foireann Sheachtain na Gaeilge arís i mbliana le scoth na gceoltóirí ag casadh i nGaeilge ar an albam Ceol is déanaí. San áireamh ar an dlúthdhiosca tá an t-amhránaí Albanach Eddi Reader ag canadh a cnaig mhóir cheoil Perfect i nGaeilge; Camille O’ Sullivan; Duke Special; Cathy Davey; Noelie Mc Donnell; Paddy Casey; Ham Sandwich; Fiach, agus go leor leor eile. Tá Mick Flannery le Nuachtáin an Lae Amárach le cloisteáil air chomh maith sna sála air gradam Meteor don amhránaí is fearr a bhuaigh i

mbliana, mar aon le leagan Gaeilge den amhrán álainn Falling Slowly le The Swell Season, a bhuaigh Oscar an bhliain seo caite. Is é an t-albam Gaeilge gur mó tóir air le cúpla bliain anuas agus rachaidh an brabús ar fad chuig an gcarthanacht Barnardos mar is gnáth. Bhain albam na bliana seo caite Ceol ’08 uimhir a haon amach i gcairteacha na hÉireann agus tá súil againn uile gurb amhlaidh an scéal a bheas ann do cheirnín na bliana seo! Beidh an dlúthdhiosca Ceol ’09 sna siopaí ón 27 Márta 2009.

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Scrúduithe TEG Tá scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilge de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad déanta ag beagnach 500 foghlaimeoir fásta in ionaid in Éirinn agus thar lear, sa Fhrainc agus i bPoblacht na Seice. Beidh scrúduithe ar siúl don chéad uair i gCambridge agus i Nua Eabhrac freisin i mbliana. Reáchtálfar an chéad bhabhta eile de scrúduithe TEG i mí an Aibreáin agus i mí Bhealtaine 2009 in ionad sna háiteanna seo a leanas ar na dátaí seo a leanas: Ollscoil Mhá Nuad, Nua Eabhrac, Gaoth Dobhair, Cambridge, An Spidéal, Prág, Baile Bhuirne, agus Páras ar an 18 Aibreán (Bonnleibhéal 1); 25 Aibreán (Bonnleibhéal 2); 9 Bealtaine (Meánleibhéal 1); 16 Bealtaine (Meánleibhéal 2). Ní bheidh an scrúdú don Ardleibhéal ar siúl go mí na Nollag ach is gá áit a chur in áireamh do gach scrúdú roimh ré agus b’fhearr seo

6

a dhéanamh go luath ó na spriocdhátaí iontrála cuid de na scrúduithe imithe cheana féin. Gach eolas: www.teg.ie / +353 (0)1 7086417 / teanga@nuim.ie RANGANNA I mBAILE ÁTHA CLIATH Tá Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag tabhairt faoi chúrsaí breise a sholáthair i mbliana, ag tosú an tseachtain dár tús an 21 Aibreán 2009 agus ag críochnú an tseachtain dheireanach i mí Bhealtaine. Tá costas €180 ar an gcúrsa 6 seachtaine seo agus cuirfear rang amháin oíche in aghaidh na seachtaine ar fáil idir 7.00 – 10.00in. Cuirtear ranganna uile an Chonartha in oiriúint do shiollabas TEG. Tuilleadh Eolais: eolas@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 nó is féidir clárú ar-líne ag www.cnag.ie

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009


Suíomhanna Úra

Ógras na Mumhan

Rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge an suíomh úr iontach ag Gaelport.com a sheoladh go hoifigiúil ar an 12 Márta 2009. Is é Gaelport.com príomhshuíomh eolais na Gaeilge agus tá an leagan nua den suíomh níos idirgh-

níomhaí agus níos tarraingtí le béim ar leith leagtha ar an nuacht is úire a bheith ar fáil ann. Bhí réaltaí na Gaeilge Dara Ó Cinnéide agus Síle Ní Bhraonáin bainteach leis an seoladh chun aird a tharraingt ar an dearadh nua, mar sin ní hé leagan amach nua an tsuímh an t-aon rud álainn faoin togra seo!

Ach ní hiad muintir na Comhdhála amháin a bhí gnóthach ag obair ar chúrsaí ar-líne a fheabhsú agus a fhorbairt le déanaí. Sheol an iris óige sheoigh sin *nós suíomh nua ag nosmag.com ag tús na míosa seo freisin. Cuirtear ábhar úr ceoil, scannáin, teicneolaíochta, faisin, taistil agus eile ar an suíomh ar bhonn rialta agus is féidir le léitheoirí nótaí tráchta a fhágáil, mar aon le clárú le fotha RSS a fháil. Ar a bharr sin tá gach eolas le fáil ann faoin iris féin ó shonraí síntiúis agus fógraíochta go dtí na hearraí inár siopa nua ar líne chomh maith. Agus is léir go bhfuil an dearadh nua ag mealladh na sluaite agus tá an-áthas ar lucht oibre na hirise go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag tabhairt cuairte anois ar nosmag.com gach lá.

Bronnadh duaiseanna an chomórtais ealaíne de chuid Ógras ar bhuaiteoirí ó na clubanna, agus ar na clubanna féin, ag ócáidí speisialta i gCuilinn Uí Chaoimh, Co. Chorcaí, i nGníomh go Leith agus i Sliabh Luachra, Co. Chiarraí le déanaí. Reáchtáiltear an Comórtas Ealaíne gach bhliain chun deis a thabhairt do bhaill Ógras a scileanna ealaíne, filíochta, aisteoireachta agus griangrafadóireachta a fhorbairt agus a chur os comhair an tsaoil mhóir. Bronnadh duaiseanna, boinn, geansaithe Ógras agus seiceanna ar na buaiteoirí, agus bronnadh seic ar an gclub chomh maith mar chomhartha buíochais. Comhghairdeas mór ag dul go Kayla Ní Ríordáin, Enya Ní Ghearáin, Conchúbhair Ó hArgain, Máire Amy Ní Chonchúir agus Aodh Ó Cróinín as an mbua a fháil sa chomórtas, maith sibh! Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis an gcomórtas bliantúil, nó maidir le club Ógras nó Óg-Ógras a bhunú i do cheantar áitiúil, is féidir teagmháil a dhéanamh le Risteárd Ó Fuaráin mumhan@ogras.ie / +353 (0)87 2194992 / www.ogras.ie

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Crosfhocal Mhí an Mhárta

Trasna

Síos

1 beartán; ceangaltán (8)

2 píosa miotail chun glas a oscailt (7)

4 cladhaire; rógaire (10)

3 beoga; anamúil (9)

6 fráma a úsáidtear chun

4 aimsir bhog fhliuch (7)

comhaireamh a dhéanamh (6)

5 tuisceanach; ciallmhar; measartha (8)

8 glasra milis dearg (6)

6 fear atá i gceannas ar mhainistir (2)

9 seal ama; tréimhse (3)

7 teachtaire ó Dhia (7)

11 meabhair dhinn; cumas smaointe (9)

10 brath (5)

12 breathnú; radharc; féachaint (6) 13 gáir mhaíte (3) Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don siopa potadóireachta Louis Mulcahy a bhuacaint, líon isteach an crosfhocal agus seol chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

8

Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.