Nuachtlitir Nollaig 2006.qxp

Page 1

Crosfhocal Mhí na Nollag Trasna 1 3 5 7 8 12 14 15 16 17 Síos 1 2 3 4 6 9 10 11 12 13

gáir mhaíte (3) beagán; giota beag (3) cur leis an bhfírinne; áiféis (7) measartha; réasúnta (11) bean a bhfuil a fear céile marbh (10) giota; píosa beag (6) amhras; dabht (3) moncaí mór gan eireaball (3) timpeall na háite; ar gach taobh (8) dream; lucht; daoine (3) iarratas; fabhar (5) bean (2) leiceann (4) gaiste; dol; súil ribe (3) cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) bothán adhmaid (5) seal ama; tréimhse (3) fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) duine mallintinneach (5) aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)

Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge

Cothrom na Féinne don Ghaeilge

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Seán de Paor, Baile Átha Cliath. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.

Seachtain na Gaeilge A chara, Táim ag scríobh chugat ó oifig Sheachtain na Gaeilge chun tú a chur ar an eolas maidir leis an bhféile i 2007. Dar ndóigh, táimid ag súil go mór le do chomhoibriú arís i mbliana agus ba bhreá linn aon chabhair is féidir a thabhairt duit agus tú ag reáchtáil imeachtaí. Má tá moltaí nó tuairimí ar bith agat faoin tSeachtain, cuir ar aghaidh chugainn iad chomh luath agus is féidir. Dátaí Tábhachtacha SnaG 2007: • 3ú - 17ú Márta - I mbliana tá coicís iomlán i gceist don fhéile ón Spriocdhátaí: • 22-12-06 - Dáta deiridh le foirmeacha imeachtaí a bheith istigh, nó imeachtaí a bheith cláraithe ar an Suíomh • 19-01-07 - Dáta deiridh le hathraithe a dhéanamh don chlár • 26-01-07 - Dáta deiridh d'ordaithe ar ábhair thacaíochta • 29-03-07 - Dáta deiridh le haghaidh iarratais na gcomórtas

Iml. 2 Eagrán 2

Cláraigh ó mhí na Nollag ar aghaidh ar an Suíomh www.snag.ie Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionas go mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar do chuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh san Irish Daily Star. Ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceisteanna ar bith agat. Beir bua agus beannacht, Orla Nic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge. Ríomhphost: eolas@snag.ie FÓGRA TÁBHACHTACH Ní mór do gach craobh den Chonradh clárú leis an Ard-Oifig roimh 31 Deireadh Fómhair le vóta a chaitheamh ag an Ard-Fheis agus chun go bhféadfadh leis an gcraobh rúin a chur isteach ag an Ard-Fheis. Le haghaidh foirm chláraithe déan teagmháil le foireann na hArd-Oifige a luaithe agus is féidir.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Léirsigh Conradh na Gaeilge taobh amuigh den Dáil, de Oifig Dháilcheantair an Aire Iompair, Martin Cullen i bPort Láirge, agus de Oifig Dháilcheantair an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, Dé Máirt, 28 Samhain 2006, le samhlacha ollmhóra de chomharthaí bóthair. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na hAirí seo agus ar an Rialtas trí chéile dearadh na síneacha tráchta a leasú chun go mbeidh an téacs Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an téacs Béarla orthu. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cuireann síneacha tráchta féiníomhá tíre in iúl agus bíonn tionchar acu ar dhearcadh an phobail i leith na teanga. Cuireann comharthaíocht a bhfuil an Ghaeilge in ait na leathphingne orthu, nó nach bhfuil aon Gaeilge in aon chor orthu, in iúl nach mbaineann an Ghaeilge leis an saol reatha agus ní mór é seo a athrú agus teacht le nósmhaireacht tíortha dátheangacha eile. "Cuimhnítear gurb iad na leaganacha Gaeilge dár logainmneacha na bunleaganacha soiléire sothuigthe ceart a bhfuil nádúr, stair agus seanchas ag baint leo

12 Nollaig 2006

SAN EAGRÁN SEO: 1. COTHROM NA FÉINNE DON GHAEILGE 2. ACHT 3. SPRAOI AG FÉILE NA MÍ 4. CRAOBH PHÁDRAIG MHIC PHIARAIS

Baill agus Cairde an Chonartha i bPort Láirge

agus nach bhfuil sna leaganacha truaillithe Béarla a bhfuil tosaíocht anois acu ar chomharthaí bóithre na tíre ach gibiris." Seo chuid de fheachtas Chonradh na Gaeilge go neartófaí na dréacht-rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a foilsíodh le déanaí agus a rialaíonn dátheangachas maidir le comharthaíocht, stáisiúineoireacht, fógráin agus fógraírtí ó bhéal de chuid na gcomhlachtaí poiblí. Ní bhaineann na dréacht-rialacháin seo le síneacha tráchta beag ná mór, le fógraíocht, le lógónna, ná le gnó lasmuigh den Stát, agus ní bheidh siad i bhfeidhm go hiomlán go dtí 2026.

5. CROSFHOCAL MHÍ NA NOLLAG 6. SEACHTAIN NA GAEILGE 7. CÁ BHFUIL ÁR SEIRBHÍS GHAEILGE 8. TIMPEALL NA TÍRE

Vótaíocht Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Ar

ACHT

cheart

go

comharthaí

mbeadh

bóthair

i

nGaeilge amháin i gceantair Bunaíodh brúghrúpa darb ainm ACHT ar an 2ú Nollaig 2006 le feachtas an-ghairid a reáchtáil dírithe ar éileamh phobal na Gaeilge maidir leis an Acht Gaeilge a gheall Rialtas na Breataine ag Cill Rímhinn. Tá an brúghrúpa comhdhéanta cheana féin d'ionadaithe ó eagraíochtaí uile-oileánda mar atá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, na Gaeil Óga, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus d'ionadaithe ó ghrúpaí Tuaisceartacha mar atá Forbairt Feirste, Cultúrlann MacAdam/Ó Fiaich, an Gaeláras, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Taca, agus an Droichead. Tá an brúghrúpa oscailte do chách agus beidh grúpaí eile ag glacadh páirte sa bhrúghrúpa go luath.

Maoinithe ag:

Ghaeltachta • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis Beidh obair an fheachtais faoi stiúir ag an choiste agus idir lámha go deonach ag grúpaí agus aonaráin fud fad na tíre ar suim leo Acht na Gaeilge a fheiceáil i bhfeidhm roimh athbhunú an Tionóil ó thuaidh. Molaimid agus tacaíonn muid leis an obair uilig ata déanta ag POBAL maidir leis an ACHT go dtí seo. Beimid ag obair as lámha a chéile leis an Acht a bhaint amach.

an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gabháil Idirlín

isteach an

ar

Shuíomh

Chonartha

eolas@cnag.ie

1.

ag


S praoi ag Féile na Mí Bhí an saol is a mháthair i láthair ag Féile na Mí i Ráth Cairn idir 17-19 Samhain. I measc na n-imeachtaí éagsúla a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine bhí comórtais amhránaíochtaí ar an sean-nós agus oíche cheoil in ómós do Bhrian Ó Broin oíche Dé hAoine, ceardlann lúibíní agus agallamh beirte, comórtais damhsa agus amhránaíochta ar an sean-nós chomh maith le seoltaí leabhair agus dlúthdhiosca ar an Satharn agus ar an Domhnach bhí seisún álainn ceoil in Áras an Phobail. Bhain gach duine a bhí i lathair an-sult agus taitneamh as an deireadh seachtaine. Ba é Coiste Dúiche na Mí de Chonradh na Gaeilge a bhunaigh an Fhéile sa bhliain 1974 agus eagraíodh an fhéile gach bliain ó shin i leith. Bronntar Gradam Uí Ghramhnaigh gach bliain mar chuid de Fhéile na Mí ar dhuine éigin atá ag saothrú go dian do phobal na Gaeilge sa chontae. I mbliana bronnadh an gradam ar Joe Ó Méalóid.

Le bhur dtoil seolaigí ríomhphost chuig Vodafone, Meteor, O2, 3 ag lorg seirbhíse Gaeilge ar bhur bhfóin phóca agus leagan Gaeilge de Shuíomh Idirlín an chomhlachta. Pointí úsáideacha: • Is custaiméir dílis thú féin, agus do chairde, • Tá sé de cheart agat seirbhís Ghaeilge a bheith agat, • Muna ndéanfar soláthar ar do riachtanais athróidh tú féin agus do chairde chuig comhlachta eile, • Léireoidh polasaí teanga dea-mhéin an chomhlachta dá gcustaiméirí in Éirinn, agus d'Éireannaigh thar lear. • Tá 33,000 míle duine óg ag fáil a gcuid oideachais trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus deir níos mó

Ciara Ní Mhaoinile agus cairde ag Feile na Mí

Craobh Phádraig Mhic Phiarais Tá an-obair go deo ar bun ag Craobh Phádraig Mhic Phiarais, Glaschú, i láthair na huaire. Bíonn ranganna Gaeilge ar siúl acu, do gach grád, sa Govanhill Neighbourhood Centre, Daisy Street, Glaschú agus tá ag éirí go hiontach leis na ranganna sin. I rith na bliana, bíonn an chraobh ag céiliúradh Lá Fhéile Bríde le céilí agus le déanamh crosóg Bhríde. Lá Fhéile Pádraig, tugtar cuireadh do shagart as an Ghaeltacht theacht agus aifreann as Gaeilge a léamh dóibh. Bíonn ceoltóirí an Chomhaltais 'The Irish Minstrels' ag seinm ag an Aifreann freisin. Chomh maith leis sin, tugann siad tacaíocht do na heagraíochtaí Éireannacha eile sa chathair; Feis Ghlaschú, Cumann Lúthchleas Gael agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Ba mhaith leo nasc i bhfad níos láidre a bheith acu le gasraí cultúrtha Éireannacha eile agus, ar ndóigh, le Gaeil na hAlban. Le linn na bliana cuireadh tús le ceardlanna Gaeilge i Daisy Street. Tháinig foireann iontach múinteoirí as Éirinn: Éamonn Ó Dónaill, an saineolaí i modhanna teagaisc teangacha, Cóilín Ó Floinn agus Éabha Ní Mhonacháin. Tháinig Noeleen Ní Cholla isteach san fhoireann chomh maith. Bhí Éamonn i mbun an ardranga, Cóilín leis an mheánrang agus Éabha leis an bhunrang. Bhí ranganna breise ag Noeleen sa 'Bhealach isteach sa Ghaeilge' agus ceardlann

2.

Cá bhfuil ár Seirbhís Ghaeilge?

Céilí na Nollag do Ghaeil i mBeannchar, Co. na Dúin Beidh céilí na Nollag ag Craobh Bheannchair den Chonradh i Halla Scoile Naomh Chomhaill, Bóthar Brunswick, Beannchar, Déardaoin 14ú Nollaig idir 8.0010.00. Cuirfear fáil te is fiche roimh chách, teaghlaigh ach go háirithe. Is é €2.00 an cead an táille a ghearrfar ag an doras agus cuirfear sóláistí ar fáil chomh maith le ballduaiseanna.

Buailfidh club leabhar Chonradh na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe le chéile arís Déardaoin 14 Nollaig i gClub Árus na nGael, Sráid Doiminic ag 8.30i.n. chun Buaic le Dermot Somers a phlé. Tuilleadh eolais ó: conradh@bradan.iol.ie Oíche Shóisialta 'Gaeilge Locha Riach’ amhránaíochta. Bhí scaifte maith i láthair ní hamháin daoine as na ranganna ach tosaitheoirí agus daoine ón phobal Gáidhlige. Mhair na ceardlanna óna deich go dtí a ceathair, agus bhain achan duine sult astu. Tá súil acu go mbeidh na ceardlanna seo ag tarlú níos minicí as seo amach. Is cinnte go dtabharfaí iarrachtaí móra na Craoibhe seo spreagadh agus muinín do chraobhacha eile in Éirinn agus, dar ndóigh, timpeall an domhain. Beannachtaí na Nollag is na hAthbhliana Guíonn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh, agus foireann na hArd-Oifige Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise do bhaill agus do chairde uile an Chonartha.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Sonraí Teagmhála: Vodafone: care@vodafone.ie Meteor: info@meteor.ie O2: customer.first@o2.com 3: http://www.three.ie/ihygiene/customerFeedback.aspx Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach, Na Gaeil Óga

T impeall na Tíre

Club Leabhar Chonradh na Gaeilge

Cairde Chonradh na Gaeilge i nGlaschú

ná 1.57m duine go bhfuil Gaeilge acu de réir na daonáirimh.

D'éirigh go hiontach leis an oíche mhór a d'eagraigh Gaeilge Locha Riach i dTigh Connolly's le déanaí. Ghlac go leor páirt in imeachtaí na hoíche agus deis ag Gaeil Oirthear na Gaillimhe sult a bhaint as spraoi is siamsaíocht na hócáide. Rinneadh ceiliúradh ar an mhéid a bhí curtha i gcrích ag foghlaimeoirí ó Bhaile Átha an Rí, Ghort Inse Guaire, Bhéal Átha na Slua, Port Omna agus ó Bhaile Locha Riach agus bronnadh teastais orthu siúd a d'fhreastail ar na cúrsaí do dhaoine fásta. Eagraíodh Tráth na gCeist agus chuaigh an t-airgead iontála ar fad chun sochair d'áiseanna a fhorbairt sa Naíonra áitiúil. Bhí 40 spotduais urraithe ag comhlachtaí, gnónna is grúpaí áitiúla agus go leor daoine ag dul abhaile le rud éigin ina ngleic acu. Bronnadh duaiseanna ar thrí fhoireann agus duais speisialta le póstaer ildaite de churaidh na Cúige 'Iománaithe Locha Riach' deartha ag 'Lá' ar dhream acu

siúd. Bhí neart éilimh ar na póstaeir chéanna gur cuireadh luach iontach leis an duais seo go háirithe. Ba iad an fhoireann 'M&M's' a tháinig sa chéad áit áfach. Chuir seisiún ceoil is amhránaíochta clabhsúr le himeachtaí na hoíche. Frank Healy an aoi speisialta a bhí ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann don ócáid. Is cosúil gur thaitin an oíche le gach duine agus tharla go raibh roinnt daoine ag dul abhaile mall go leor. Sraith Nua Cúrsaí Gaeilge san Ard-Oifig Beidh sraith nua cúrsaí Gaeilge ag tosú in Ard-Oifig an Chonartha ar 16, 17 agus 18 Eanáir agus beidh cúig leibhéal éagsúla ann: Tosaitheoirí, Bunrang, Meánrang, Ardrang agus Rang Cruinnis atá oiriúnach dóibh siúd atá ag obair in earnáil na Gaeilge nó dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge gach lá. Is ranganna dhá uair an chloig na ranganna seo a mhairfidh deich seachtain. €180 an táille a bheidh ar na ranganna agus cuirfear na cúrsaí in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge. Acht Gaeilge ó Thuaidh Más mian leat tacú le hiarrachtaí an ghrúpa nuabhunaithe Acht agus, dar ndóigh, iarrachtaí POBAL Acht Gaeilge a bhaint amach don Tuaisceart is féidir achainí ar-líne POBAL a shíniú ag an seoladh idirlín seo a leanas; http://www.petitiononline.com/acht/ Aighneachtaí á lorg ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Tá aighneachtaí maidir le hullmhú dréachtscéime á lorg ag Gailearaí Naisiúnta ó aon pháirtí leasmhar. Bachóir aighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach chuig sboylan@ngi.ie nó dgalligan@ngi.ie nó tríd an bpost chuig an Oifigeach Seirbhísí Cuairteora, Gailearaí Naisiúnta na hÉireann, Átha Cliath 2.

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

3.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.