Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Iúil 2011

Page 1

Eagrán 6.9

Tuairisc an Choimisinéara

D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh thuairisc an Choimisinéara Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a foilsíodh ag tús na míosa maidir le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é an Coimisinéir an duine is mó ag d é a n a m h monatóireachta ar chur i bhfeidhm an Achta, agus tá na moltaí atá déanta aige sa tuairisc ciallmhar, loighciúil agus infheidhmithe; ba chóir don Rialtas glacadh go fonnmhar lena chuid moltaí in aon athbhreithniú ar an Acht. Dar le Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá an Conradh an-sásta go bhfuil na fadhbanna a bhí aitheanta againn leis an Acht san áireamh i dtuairisc an Choimisinéara, agus go bhfuil moltaí cuimsitheacha luaite aige ann len'iad a réiteach." I measc na réiteach sin, moltar sa tuairisc:

• go mbeadh dualgais reachtúla á gcur ar chomhlachtaí poiblí a gcuid seirbhísí a sholáthar trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar chomhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile; • go bhforbrófaí córas nua, le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, chun tabhairt faoin gcastacht a bhaineann leis na seirbhísí curtha ar fáil trí na scéimeanna teanga go dtí seo; agus • go mbeadh soiléiriú déanta ar dhualgais reachtúla teanga sa chás go gceapann nó go núdaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag plé leis an bpobal.

25 Iúil 2011 SAN EAGRÁN SEO:

1. Tuairisc an Choimisinéara 2. Campaí Samhraidh 2. Billí an Oireachtais 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Aclaíocht in Áth Cliath 5. Lá na bPáistí 5. Barrliosta na Leabhar 6. Maoiniú Eatramhach 6. Seimineár Oibre 7. Fleadh Cheoil na Gaeilge 7. Tionól na Ceathrún Rua 8. Gaeilge i dTeach Laighean 8. Scoileanna Samhraidh 9. Clós an Cheannárais 9. Folúntais Ghaeilge 10. Saoire Teaglaigh 10. Athbhreithniú na Lipéad 11. Lúnasa Cois Locha 11. Aitheantas TEG 12. Is Leor Beirt 12. Dianchúrsaí Gaeilge

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

Le cabhair ó:

1


Campaí Samhraidh

Bíonn Campaí Samhraidh Lae

www.ogras.ie. D'éirigh thar

i mí Iúil agus Lúnasa gach bli-

gCaisleán an Bharraigh, Co.

ar siúl ag Ógras ar fud na tíre

ain, ón gCluainín i gCo. Liatroma go Trá Lí, Co. Chiarraí agus gach áit idir eatarthu!

Tugann na campaí deis do

dhaoine óga a gcuid Gaeilge

a chleachtadh i dtimpeallacht

thaitneamhach,

spórtúil, spraíúil. Bíonn réimse leathan

d'imeachtaí eagraithe do pháistí idir 7 - 11

bliana d'aois agus tá gach eolas ar

cionn le Coláiste Néifinn i

Mhaigh Eo a reáchtáladh do dhéagóirí 12 - 15 bliana d'aois don chéad uair i mbliana

freisin. Bhí an oiread sin éilimh air go bhfuil a lucht eagraithe

cheana

féin

smaoineamh ar dhá chúrsa a

eagrú an samhradh seo chugainn!

Gach eolas: +353 (0)87 3573778 /

colaisteneifinn@yahoo.com

Billí an Oireachtais

Tá an Rialtas tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, a lagú trí leasú ar reachtaíocht nach mbaineann go díreach leis an Acht féin a ghlacadh don dara uair le cúpla seachtain anuas, roimh don athbhreithniú ar an Acht atá geallta i gClár an Rialtais tosú fiú. Cuireadh alt breise san áireamh sa Bhille Um An Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011, a bhí os comhair thithe an Oireachtais le déanaí, a cheadaíonn don Rialtas Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon in aon teanga oifigiúil amháin, sula gcuirtear i gcló i mBéarla agus i nGaeilge go comhuaineach é. Go praiticiúil, is é an Béarla atá i gceist leis an aon teanga oifigiúil amháin anseo, agus níl aon chinnteacht tugtha sa leasú go mbeidh an

2

ag

tAcht foilsithe sa teanga oifigiúil eile (.i. an Ghaeilge) ar an idirlíon gan mhoill, nó go deimhin in aon chor. Níl ciall ag baint leis seo nuair a thógtar san áireamh gur cuireadh an dara rannóg aistriúcháin ar bun i 2009, agus go bhfuil athbhreithniú oifigiúil ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, beartaithe ar na bacáin. Idir an dá linn, tá Conradh na Gaeilge ag moladh nach ndéanfaí aon athrú ar an Acht agus go rachfaí i gcomhairle leis an dá rannóg aistriúcháin lena chinntiú go mbíonn na hAchtanna aistrithe go Gaeilge i dtréimhse sásúil d’obair an Oireachtais amach anseo. Tuilleadh eolais: +353 (0)1 4757401 / eolas@cnag.ie

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Lúnasa 2011


Nuacht Áitiúil

Áth Cliath Mar chuid den scoil samhraidh idirnáisiúnta Éire-Alba atá ar siúl i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ón 28 – 30 Iúil 2011, beidh Oíche Fhilíochta agus Cheoil in ómós an fhile Albanaigh Somhairle MacGill-Eain, a rugadh céad bliain ó shin, sa seomra caidrimh B104 in Áras Newman ar 7.30in oíche Aoine, 29 Iúil 2011. I measc na n-oirfideach beidh an t-amhránaí Albanach Christine Primrose agus filí an dá Ghaeilge: Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Colm Breathnach, Pádraig Mac Fhearghusa, Meg Bateman, Pàdraig Mac Aoidh, Aifric Mac Aodha, Caitríona Ní Chléiricín. Fáilte roimh chách! Teagmháil: maire.niannrachain@ucd.ie +353 (0)1 7168278 / +353 (0)86 8162974

Béal Feirste Is cosúil go mbeidh neart ceoil, spraoi agus féasta ollmhór i mBéal Feirste ón 28 Iúil – 7 Lúnasa 2011! Tá Féile an Phobail ag ceiliúradh 23 bliain ar an bhfód i mbliana agus i measc na mbuaic-imeachtaí do 2011, beidh ceol ón ngrúpa cáiliúil The Stranglers, Eddi Reader, agus Bréag; oíche ghrinn; An Poc Fada ar thailte Stormont; agus Léacht Bhliantúil Chearta an Duine PJ McGrory leis an bpríomhurlabhraí Palaistíneach Hanan Ashwari. Beidh Cath Dhá Chathair sa pheil ar siúl Dé Luain, 01 Lúnasa 2011, áit go mbeidh an fhoireann áitiúil Laochra Loch Lao ag dul i ngleic leis Na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath, agus cuirfear críoch leis an bhféile Dé Domhnaigh le lá spraíúil teaghlaigh pobail i bPáirc na bhFál. Tuilleadh eolais: www.feilebelfast.com

Gaillimh Tá Club Áras na nGael ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana! Beidh ceol ó Liam Ó Maonlaí agus Rónán Ó Snodaigh i 45 Sráid Doiminic Dé Sathairn, 10 Meán Fómhair 2011 agus níl ach €20 ar thicéad, ar fáil ó conradh@bradan.iol.ie / +353 (0)91 567824. Chomh maith leis sin, beidh Féile Joe Mháirtín: Ríscéalaí Inis Oírr ar siúl ón 8 - 12 Lúnasa don chéad uair i mbliana. Ceiliúradh ar sheanchas, ar dhúchas agus ar stair Inis Oírr atá sa bhféile agus beidh idir léachtaí, cheardlanna, cheol agus chraic i ndán do chách! Tuilleadh eolais: Comhar Caomhán Inis Oírr www.inisoirr.ie / +353 (0)99 75008

Maigh Eo Ní hamháin go bhfuil campaí samhraidh go leor ag cur an Ghaeilge chun cinn i Maigh Eo an samhradh seo, ach tá dream ón bpríomhchathair ag dreapadh Chruach Phádraig ar son na cúise chomh maith an mhí seo chugainn! Tá turas speisialta eagraithe ag muintir Áras Chrónáin don deireadh seachtaine ón 27 - 28 Lúnasa 2011, ag fágáil an t-ionad cultúrtha i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22 agus ag taisteal chuig an cnoc naofa i Muraisc Dé Sathairn. Beidh dinnéar, leaba agus bricfeasta in óstán 4* i gceist. Áirithintí: eolas@araschronian.ie / +353 (0)1 4574847

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

3


Gaeilge na Cruinne

D'oscail an tAmbasadóir Éireannach Máirtín Ó Fainín Scoil Gheimhridh Sydney 2011 ar an 10 Meitheamh i mbliana. Is ann a chruinnigh breis agus 70 duine ó gach áit san Astráil chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chleachtadh le chéile, agus bhí ranganna rince, amhránaíochta, ceoil agus eile ar siúl mar chuid den bhféile freisin. Tá tús curtha le clár nua dátheangach, Cúpla Focal, ar Sydney Irish Raidió chomh

maith; bíonn sé á chraoladh ar 107.3 FM nó ar-líne ag www.2ser.com ar an gcéad Domhnach den mhí, ó 8.15 8.30rn san Astráil nó 11.15 11.30rn in Éirinn. Bíonn ciorcail chomhrá á reáchtáil ar fud Sydney ar an gcéad agus an tríú Satharn den mhí leis. Tuilleadh eolais: Éilis Hurst +61 424 718 538 / eilis@internode.on.net / www.IrishLanguageSchoolSydney.org.au

Is club siúl sléibhe iad Na Cnocadóirí a eagraíonn siúlóidí rialta agus turais chnocadóireachta in Éirinn agus thar lear gach bliain. Tá sraith siúlóidí um thráthnóna á heagrú acu ar fud chathair agus bhruachbhailte Átha Cliath gach tráthnóna Déardaoin an samhradh seo freisin. Tugann na siúlóidí neamhfhoirmiúla seo an-deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh amuigh faoin dúlra, agus tá gach eolas ar fáil ó www.cnocadoiri.com. Chomh maith leis sin, tá Na Gaeil Óga CLG cumann lúthchleas Gael lánGhaeilge sa phríomhchathair - ag iarraidh cur lena bpainéal bainistíochta idir bhainisteoirí, leasbhainisteoirí, roghnóirí agus mhaoir. Má tá aithne agat ar éinne le taithí bhainistíochta sna cluichí Gaelacha, le Gaeilge líofa agus tiomantas obair chun

foirne nua lánGhaeilge i mBaile Átha Cliath a thógáil agus a fhorbairt, seol teachtaireacht leis an eolas cuí chuig cumannclg@gmail.com. Nó má tá aithne agat ar bhean ar bith go mba mhian léi páirt a ghlacadh i bhfoireann Pheil na mBan nuabhunaithe acu, scaip an scéal! Chuir cailíní na nGael Óg tús leis an gcéad sheisiún traenála i bPáirc an Fhionnuisce ag deireadh na míosa seo caite, agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin. Bíonn seisiún traenála ar siúl gach tráthnóna Mháirt ó 6.30in agus is cuma cé chomh spórtúla nó aclaí agus atá tú, nó más mian leat páirt a ghlacadh sa spórt ar chúiseanna sóisialta amháin, beidh fáilte romhat! Tuilleadh eolais: Lesley +353 (0)85 1090418

Aclaíocht in Áth Cliath

4

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Lúnasa 2011


Lá na bPáistí

D'eagraigh An Siopa Leabhar agus Comh-

luadar ócáid den chéad scoth i gcomhar

Barrliosta na Leabhar

leis an bhfoilsitheoir Futa Fata i gCeannáras Chonradh na Gaeilge le déanaí, le

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Lá na bPáistí ar siúl ar an 09 Iúil 2011!

Tháinig Tadhg Mac Dhonnagáin agus iníon leis chun an scéal Neilín agus an

Cat a léamh agus chun cur i láthair ceoil a dhéanamh, ag cur na páistí ag rince i

measc na leabhar le meascán dánta agus

amhrán. Ansin léigh an t-údar Ailbhe Nic Giolla Bhrighde giota ón leabhar Cócó an

Colgán Cairdiúil sular thug Patricia

Forde faoi phíosa ón saothar Cití Cearc. Seo an chéad ócáid i sraith imeachtaí dá leithéid atá beartaithe chun léitheoirí

óga a mhealladh isteach ins An Siopa Leabhar.

Gach eolas:

siopa@cnag.ie /

+353 (0)1 4783814 / www.comhluadar.ie

Daoine Óga: 1. Éile Rua: An Chéad Seilchí – Gabrielle Ní Mheachair – Cois Life - €9 2. Hé, A Ruairí! - Colmán Ó Raghallaigh – Cló Mhaigh Eo - €7 3. Labhraidh Loingseach – Máire Nic Mhaoláin - An Gúm - €5.50 4. Céard Atá Sa Bhosca? – Áine Ní Ghlinn – An Gúm - €6.50 5. Cinnín Óir agus na Trí Bhéar – Treasa Ní Ailpín - An Gúm - €4.50

Daoine Fásta: 1. Scoil an Chnoic – Jacqueline de Brún – An Gúm - €8.50 2. Na Lucha Ag Rince – Mícheál Ó Ruairc – Cló Iar-Chonnachta - €8 3. Tom Crean: Fear San Oighear – Michael Smyth – Collins Press - €7.99 4. An Geall – Liam Mac Uistín – Cló Iar-Chonnachta – €8 5. Gafa – Ré Ó Laighléis – Móinín - €10 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

5


Maoiniú Eatramhach

D'fhógair An Chomhairle A i r e a c h t a Thuaidh/Theas (CATT) go gcuirfear maoiniú eatramhach ar fáil do na heagraíochtaí bunmhaoinithe faoi Fhoras na Gaeilge go Meitheamh 2012, sna sála ar chruinniú in Ard Mhacha le déanaí. Pléadh cúrsaí a bhaineann leis an bhForas Teanga agus a dhá ghníomhaireacht, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise, ag an gcruinniú, áit gur nótáil an Chomhairle go bhfuil na dréachtscéimeanna atá de

dhíth leis an athbhreithniú ar eagraíochtaí bunmhaoinithe an Fhorais a chur i gcrích, dréachtaithe anois. Tar éis na tuairimí a thabharfar le linn an chleachtaidh chomhairliúcháin poiblí (atá ar siúl faoi láthair) a bhreithniú, cuirfear na scéimeanna seo faoi bhráid na nAirí Airgeadais agus faoi bhráid Bhord Fhoras na Gaeilge le faomhadh sula gcuirtear iad faoi bhráid céad chruinniú eile na Comhairle.

Tiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile ag seimineár oibre Dé hAoine, 30 Meán Fómhair 2011, chun moladh a réiteach don Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Dheas, don Roinn Cultúrtha, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, agus d'Fhoras na Gaeilge a chuimseodh a gcuid mianta pleanála agus a thógfadh mianta pleanála an phobail san áireamh. Seo an chéad imeacht oifigiúil arna eagrú ag Aontas Phobal na Gaeilge (APG), eagras Gaeilge nua-nasctha ina bhfuil Comhluadar, Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge ag obair le chéile ar gnéithe éagsúla d’fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail, ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ó

tá athruithe móra ag teacht ar an gcóras maoinithe in earnáil na Gaeilge, agus ar na bealaí go bhfuil an dá rialtas thuaidh agus theas ag tabhairt faoin nGaeilge a chur chun cinn, is gá go mbeadh gach cuid de phobal na teanga pro-ghníomhach agus ag obair go dlúth le chéile lena chinntiú go mbíonn ionchur comhtháite, céillí, comhsheasmhach againn sa phróiseas." Reáchtálfar an seimineár san Óstán Menlo Park, Gaillimh, chun naisc a aimsiú idir spriocanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó Dheas agus scéimeanna nua uile-oileánda Fhoras na Gaeilge, go háirithe i leith bhunú gréasáin Ghaeltachta agus pleanáil sa phobal ar bhonn réigiúin. Teagmháil: sine@cnag.ie / +353 (0)1 4757401

Seimineár Oibre

6

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Lúnasa 2011


Fleadh Cheoil na Gaeilge

Tá áit lárnach ag an teanga i gComhaltas Ceoltóirí Éireann agus chuige sin, tá Seachtain na Gaeilge eagraithe mar chuid d'Fhleadh Cheoil na hÉireann ar an gCabhán ón 14 - 22 Lúnasa 2011. Curtha le chéile ag Coiste Gaeilge na Fleidhe, Glór Bhréifne, Leabharlann Cheannais an Chabháin agus Comhairle na nÓg, An Cabhán, tá idir scoil éigse, champa samhraidh, scéalaíocht Ghaeilge, amhráin na n-óg, chomhrá Gaeilge do dhaoine fásta agus dhéagóirí,

ranganna rapcheol, thóraíocht taisce, léachtaí, chomórtais, turas oidhreachta agus go leor eile ar chlár Gaeilge na Fleidhe i mbliana. Beidh Ionad na Gaeilge ar oscailt ar phríomhshráid an bhaile gach lá ó 10.00rn - 6.00in le heolas faoin Ghaeilge agus imeachtaí a scaipeadh, agus chun fáilte chroíúil a chur romhat i nGaeilge bhinn Bhréifne! Gach eolas: gaeilge@fleadh2011cavan.ie / www.fleadh2011cavan.ie

Don naoú uair ó cuireadh tús leis an Tionól Gaeltachta i 1991, bhuail muintir Chonradh na Gaeilge siar go Conamara don saoire Gaeilge i mbliana. Chaith níos mó ná 80 duine an chéad dheireadh seachtaine i mí Iúil ar an gCeathrú Rua, áit go raibh réimse imeachtaí eagraithe do lucht freastail an Tionóil ó Déardaoin go Domhnach. D'oscail Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge; Dónall Ó Braonáin, Leascheannaire Raidió na Gaeltachta agus Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge; agus Seán Ó Domhnaill, iar-imreoir peile agus anois roghnóir le foireann na Gaillimhe ón gCeathrú Rua, an Tionól go hoifigiúil ag ócáid in Óstán na Ceathrún Rua Déardaoin. Ansin sna sála ar thuras lae álainn go hÁrann le cuairt a thabhairt ar an

gcaiseal cloiche ag Dún Aonghasa, chruinnigh slua breá san Acadamh do sheimineár an Tionóil oíche Aoine. Labhair Pádraig Ó hAoláin, Peadar Mac an Iomaire agus Caitlín Neachtain ar bhuanú Údarás na Gaeltachta, agus ról na heagraíochta ag cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, sa lá atá inniu ann agus amach anseo. Chuir Aisteoirí Mhic Easmuinn agus Aisteoirí Bulfin siamsaíocht dhrámaíochta den chéad scoth ar siúl oíche Shathairn, tar éis do dhaoine a scíth a ligean um thráthnóna le turas lae chuig Teach an Phiarsaigh agus Cill Chiaráin sa cheantar máguaird, nó i gcás na gCnocadóirí, tar éis cúpla uair a chloig siúlóide! Buíochas ó chroí le gach duine a d'fhreastail ar Thionól Gaeltachta 2011 agus a chabhraigh lena eagrúchán.

Tionól na Ceathrún Rua

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

7


Gaeilge i dTeach Laighean

Buíochas leis an Aire Dinny McGinley; Seanadóirí Trevor Ó Clochartaigh, Séamus Breathnach, Jillian van Turnhout, Paul Coughlan, Michael Mullins, Mary White; Teachtaí Dála Joanna Tuffy, Michael Kitt, Maureen O'Sullivan, Gerry Adams, agus John Halligan as teacht chuig Is Leor Beirt i dTeach Laighean le déanaí. Ba é seo an ciorcal comhrá deiridh a d'eagraigh Conradh na Gaeilge i gcomhar leis an

Seanadóir Breathnach sular bhris an Dáil agus an Seanad don samhradh, ach tá súil againn tús a chur leis an gciorcal arís go míosúil i mí Mheán Fómhair. Tá moladh ag dul don pháirtí Sinn Féin freisin as ceist úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais agus sna meáin a ardú trí shearmanas bhronnadh fáinní a eagrú i dTeach Laighean. Beatha teanga í a labhairt! Gach eolas: isleorbeirt@cnag.ie

Beidh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl i gCo. Aontroma ón 25 - 31 Iúil 2011 agus sa bhreis ar ceolchoirmeacha go leor, beidh neart siamsaíochta ilchultúrtha agus biachláir idirnáisiúnta ar fáil le linn an cheiliúrtha! Is féile Ghaeilge a mhaireann seachtain agus atá feiliúnach don chlann ar fad, idir óg agus aosta, í an fhéile seo. Beidh réimse leathan d’imeachtaí agus ceardlanna ar siúl le linn na seachtaine, ina measc dianchúrsa Gaeilge do dhaoine fásta, campa samhraidh Gaeilge do dhéagóirí, scéalaíocht do pháistí, lúibíní, taispeántas scannánaíochta, ceardlann amhránaíochta Gàidhlig na hAlban, Club Óige, ceardlanna ealaíne agus ceoil do pháistí bunscoile, agus go leor eile! Tá liosta iomlán na n-imeachtaí ar fáil ag www.ccmr156.com nó déan teagmháil

le +44 (0)28 9074 9688 / ccmr@btconnect.com. Chomh maith leis sin, beidh Scoil Samhraidh Merriman ar siúl i Lios Dún Bhearna i gCo. an Chláir ón 17 - 21 Lúnasa 2011. Bunaíodh Cumann Merriman in 1967 in onóir Bhriain Merriman, a chum an dán Raibiléiseach Cúirt an Mheán Oíche san ochtú céad déag, agus is é Changing Irish Childhoods nó An Óige in Éirinn, mar a bhí — atá mar théama na Scoile i mbliana. Osclóidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Frances Fitzgerald TD, an Scoil agus i measc na gcainteoirí beidh Fintan O’Toole ón Irish Times, agus Siobhan Parkinson, úrscéalaí agus Laureate na nÓg. Léifidh Eavan Boland, duine d’ardfhilí na hÉireann, saothar dá cuid ag an Scoil freisin. Gach eolas: www.merriman.ie

Scoileanna Samhraidh

8

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Lúnasa 2011


Clós an Cheannárais

Tá athruithe móra idir lámha i gclós an Cheannárais! Tá tréanobair á déanamh ag muintir an Chlub agus foireann na hArd-Oifige leis an spás ar chúl a fhorbairt faoi láthair. Tá péint úr bán ar na ballaí, tá deicre nua á leagadh agus is gairdín lasmuigh den chéad scoth a bheidh ar fáil do lucht freastail an Chlub agus

d’imeachtaí eile amach anseo. Tionóladh an chéad fhulachta bhia amuigh faoin aer sa chlós le déanaí agus tá súil ag muintir an Chlub go meallfar tuilleadh daoine le cóisirí agus fulachtaí eile a reáchtáil ann. Beidh Rónán Ó Snodaigh ag casadh sa Club Dé Céadaoin, 27 Iúil 2011 freisin. Gach eolas: www.anclub.ie

Tá folúntas ann do chúntóir cúrsa le Gaeilge mhaith i rannóg oideachais Dhlí-Chumann na hÉireann faoi láthair. Beidh an té a cheapfar freagrach as tacaíocht a chur ar fáil do bhainisteoirí na gcúrsaí sa chleachtas gairmiúil a chuireann an rannóg ar fáil d’ábhar aturnaetha, áit go mbíonn bainisteoir amháin acu siúd ag teagasc ar ghnéithe den chleachtas gairmiúil i nGaeilge. Is gá go mbeadh sárscileanna sa Ghaeilge scríofa agus labhartha ag an té a cheapfar, mar aon le taithí bhainistíocht tionscadal, rúnaíochta agus riaracháin. Tá sonraí an phoist ar fáil ag www.lawsociety.ie/Pages/Legal_Vaca ncies/734-Course-Assistant/ agus ba chóir iarratas móide curriculum vitae a sheoladh chuig Maureen Seabrook, Bainisteoir Acmhainní Daonna, ag m.seabrook@lawsociety.ie faoin Aoine, 5 Lúnasa 2011. Chomh maith leis sin, tá post páirt-aimseartha mar

Leas-Chomhordaitheoir Oideachais ag Cultúrlann Uí Chanáin. Dar tús i mí Lúnasa, bheadh 18.5 uair a chloig oibre in aghaidh na seachtaine i gceist agus is féidir curriculum vitae a sheoladh chuig Gearóid Ó hEára, Príomhfheidhmeannach, ag gearoid@culturlanndoire.ie. Mar fhocal scoir, tá Comhordaitheoir Tionscadail de dhíth ar Choiste Forbartha Charn Tóchair, ar thuarastal thart ar £22,000 sa bhliain mar aon le ranníocaíocht phinsin. Beidh an té a cheapfar freagrach ó lá go lá as comhordú agus as cur i bhfeidhm uile thionscadal oidhreachta an Choiste bunaithe ar Chóras Faisnéise Geografaí Envision (CFG) ina gcuimsítear an comhshaol, seandálaíocht, an oidhreacht thógtha agus an Ghaeilge lena n-áirítear bheith ag obair le scoileanna agus ollscoileanna. Teagmháil: eolas@ancarn.org

Folúntais Ghaeilge

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

9


Saoire Teaglaigh

Brú na Gráige a bheidh mar cheannáras ag muintir Chomhluadar nuair a thugann siad aghaidh ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí don saoire bliantúil Gaeilge dá gcuid ón 6 - 13 Lúnasa 2011. Tá an brú suite idir Baile an Fhéirtéaraigh agus Dún Chaoin, agus is é seo an 10ú Saoire Gaeltachta atá eagraithe ag Comhluadar sa cheantar céanna. Mar sin ceiliúradh speisialta a bheidh ann i mbliana, sin cinnte! Beidh

rogha leathan imeachtaí spraíúla ar siúl, ina measc turas báid, spóirt uisce, potaireacht, ceardlann drumadóireachta, cócaireacht agus oíche ag na scannáin. Tá foireann Comhluadar ag tnúth le bualadh le gach éinne ann – idir bhaill atá ag freastal le deich mbliana anuas agus dhaoine a bheidh leo don chéad uair i mbliana! Áirithintí: +353 (0)1 4789191 / eolas@comhluadar.ie

Tá cead deonaithe ag an Ardchúirt athbhreithniú breithiúnach a lorg maidir le teip an Stáit treoir den Aontas Eorpach i dtaobh lipéadú táirgí leighis a chur i bhfeidhm. Cuireann Treoir 2001/83/CE an AE iallach ar chomhlachtaí leighis eolas agus treoracha úsáide ar tháirgí leighis don duine a bheith i dteangacha oifigiúla an Stáit a bhfuil siad ar díol ann. D’aontaigh an Breitheamh John Mac Menamin le déanaí go bhféadfaidh na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a chur ar siúl le haghaidh orduithe i gcoinne an Aire Sláinte, Éire, an Ard-Aighne agus an Bord Leigheasra na hÉireann ag iarraidh orthu Treoir 2001/83/CE a chur i bhfeidhm. Tomás Mac Ruairí, iar-Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, a rinne an t-iarratas a

cuireadh i láthair na hArd-Chúirte ag na habhcóidí Séamus Ó Tuathail agus Dáithí Mac Cárthaigh le Tomás Brabazon, aturnae. Dúirt Mac Ruairí: "Fiú i stáit bheaga mar an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an tSlóivéin, atá níos lú ná Éire, ní choisceann sé orthu an Treoir á chur i bhfeidhm go hiomlán ina ndlínsí. Go dtí seo níor chinntigh rialtas na hÉireann go mbeadh na lipéid agus bileoga cógaisíochta i nGaeilge agus i mBéarla anseo, agus ní amháin gur sárú soiléir é seo ar dhlí an Aontais Eorpaigh, ach déanann sé imeallú ar an teanga chomh maith le bheith idirdhealaitheach ar an bpobal arb í an Ghaeilge a chéad rogha mar theanga." Éistfear an chúis iomlán níos deireanaí i mbliana.

Athbhreithniú na Lipéad

10

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Lúnasa 2011


Lúnasa Cois Locha

Cuirfear ranganna ar fáil trí Ghaeilge ar €15 mar chuid de Sheachtain Sábháilteachta Uisce Bhaile Locha Riach óna 4.00 - 5.00in gach lá ón 15 - 19 Lúnasa 2011. Beidh Seachtain Oidhreachta Oirthear na Gaillimhe ar siúl go luath leis agus tá oíche scéalaíochta i nGráig na Muilte Iarann, léacht ar logainmneacha, ranganna Gaeilge in aisce agus iomaí imeacht eile beartaithe ar an mbaile. Roimhe sin ar fad áfach, tá

saoire i gConamara eagraithe d’fhoghlaimeoirí fásta ón 1 – 4 Lúnasa 2011, campa samhraidh do pháistí ón 8 - 19 Lúnasa 2011 agus comórtas léitheoireachta samhraidh Gaeilge. Bíonn ciorcal comhrá ar siúl in oifigí Ghaeilge Locha Riach ar €2 gach Déardaoin ó 8.00 - 9.00in d’fhoghlaimeoirí fásta agus gach Céadaoin do dhaoine óga (chéad agus dara bliain) freisin. Gach eolas: www.lochariach.com

Tá cinneadh déanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas a thabhairt don cháilíocht B2 i dTeastas Eorpach na Gaeilge (TEG) mar chritéir iontrála do chúrsaí fochéime agus iarchéime san oideachas sna coláistí oideachais. Is é Ionad na dTeangacha in Ollscoil na hÉirinn, Má Nuad a bhain an t-aitheantas seo amach agus tá ardmholadh ag dul don Ionad céanna as an obair atá déanta acu i bhforbairt chóras TEG. Buíochas dá gcuid oibre, tá córas cáilíochta ann do dhaoine nach bhfuair cáilíocht sa Ghaeilge roimhe seo, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, don chéad uair anois. Is féidir le foghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla oideachais tosú amach ag Leibhéal A1 agus dul trí leibhéil TEG go mbainfidh siad B2 amach. Is amhlaidh go bhfuil éileamh

an-mhór ar chúrsaí bunmhúinteoireachta i gcónaí ach go dtí seo, ní raibh de rogha ag foghlaimeoirí fásta nach raibh cáilíocht fhoirmiúil Gaeilge acu ach an scrúdú Ardteiste Gaeilge Ardleibhéal a dhéanamh, nó freastal ar chúrsa Dioplóma sa Ghaeilge sna hollscoileanna ar fud na tíre; dar ndóigh níl an siollabas ná an scrúdú Ardteiste dírithe ar an bhfoghlaimeoir fásta, agus ní i gcónaí a bhíonn daoine in ann freastal ar chúrsaí Dioplóma. Cuireann Ionad na dTeangacha ábhar teagaisc agus eolas maidir le scrúduithe ar fáil in aisce ag www.teg.ie agus is é an tIonad atá freagrach as an riarachán ar fad a bhaineann leis na scrúduithe TEG. Tuilleadh eolais: Aisling.NiBheachain@nuim.ie / www.teg.ie / +353 (0)1 708 6417

Aitheantas TEG

Is féidir scéalta a chur chuig nuacht@cnag.ie

11


Is Leor Beirt

Níl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a reáchtáil i

d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua trí na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

An Pholaitíocht:

• Ar chaith tú vóta san olltoghchán?

• Cén dáilcheantar lena mbaineann tú?

• Cé hiad na polaiteoirí áitiúla atá agat?

• An dtacaíonn tú le haon pháirtí polaitíochta?

• Ar rith aon iarrthóir neamhspleách i do cheantar? • An raibh vóta agat i dtoghchán an tSeanaid?

• An gcreideann tú gur chóir deireadh a chur leis an

Seanad?

• An gceapann tú go bhfuil an iomarca Teachtaí Dála sa Dáil?

• An raibh tú i dTeach Laighean / in Áras an Uachtaráin riamh?

• An maith leat na hiarrthóirí atá ag dul d'uachtaránacht na hÉireann?

• An bhfuil an chomhairle contae / cathrach i do cheantar gníomhach? Tithe an Oireachtai:

An Seanad, An Dáil, Teach Laighean

Páirtithe:

An Comhaontas Glas, An Comhaontas Pobal Seachas Brabús, Comhaontas na Clé Aontaithe, Fianna Fáil, Fianna Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Sinn Féin

12

Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Lúnasa 2011


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.