Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Lúnasa 2012

Page 1

E ag r án 7 .1 0

25 Lún as a 2012

Oíche Chultúir 2012

B

eidh oileán iomlán na hÉireann beo le ceol agus cultúr arís ar 21 Meán Fómhair 2012 agus Oíche Chultúir na bliana seo faoi lánseol in ionaid ar fud na tíre! Tá siamsaíocht eagraithe ag Conradh na Gaeilge ins An Chistin ag 18 Sráid Thomáis, Luimneach ó 7.00 - 10.00in, áit go mbeidh scéalaíocht, ceol agus amhránaíocht thraidisiúnta á soláthar le cupán tae agus caife i gcaitheamh na hoíche. Is rinceoir clúiteach as Conamara í Emma O’Sullivan agus beidh sí ar an stáitse i dteannta an ghrúpa ceoil Goitse ag Áras na nGael i 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ag 8.00in don Oíche Chultúir 2012. Reáchtálfaidh sí ceardlann dar teideal Fiddles and Feet do pháistí ó 6.00in ins An Amharclann freisin sula dtosaíonn an ceol domhanda ag Club Oa2 ar ball. Beidh ceol beo

ins An Siopa Leabhar agus i gClub Chonradh na Gaeilge mar aon le turas treoraithe timpeall an Cheannárais stairiúil ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath gach 30 nóiméad chomh maith. Tá ceardlann e a l a í n e agus cluichí do pháistí arna eagrú ag Ógras ar siúl ó 5.00 - 7.30in, ceardlann ar bhuntáistí an dátheangachais luath arna eagrú ag Comhluadar ag 7.00in, rang Gaeilge do thosaitheoirí faoi stiúir Chonradh na Gaeilge ag 8.00in, ceardlann Sheachtain na Gaeilge, imeacht Raidió Rí-Rá agus eile ar fáil sa CheannÁras freisin. Tá eolas faoi imeachtaí cultúir i gcontaetha eile ar-líne ag www.culturenight.ie. Tuilleadh eolais & áirithintí: www.cnag.ie +353 (0)1 4757401 eolas@cnag.ie

SAN EAGRÁN SEO: 1. Oíche Chultúir 2012 2. Ceannasaí na Comhdhála 2. Seachtain na Gaeilge As An Nua 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Aistritheoirí Rosetta 5. Barrliosta na Leabhar 6. Scéalaíocht Chléire 6. Gaelcholáistí 2014 7. Ardteist Ó Dheas 7. An Fómhar Buailte Linn! 8. Naíscoil na Daróige 8. Lá Breithe Sona a Líofa! 9. Arthur Ar Na Ballaí 9. Gaeilge Ar An Droichead 10. Aighneachtaí 10. Bliain na Gaeilge 2013 11. Sraith Buaite Ag Na Gaeil! 11. Cúrsaí an Fhómhair 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

1


Ceannasaí na Comhdhála

T

á Kevin De Barra ceaptha mar Stiúrthóir úr ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Is as An Spidéal i gConamara do Kevin. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit gur bhain sé Céim Tráchtála agus Máistreacht sa Ghnó agus sa Mhargaíocht amach, chomh maith le Dioplóma sa Ghaeilge agus Dioplóma i Staidéar an Aistriúcháin. Tá Máistreacht sa Ghaeilge Fheidhmeach bainte amach aige le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile

Átha Cliath le déanaí. Tá sé ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó bhí 2007 ann, ar dtús mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Poiblí, ansin mar Rúnaí na Comhdhála, agus ó mhí Feabhra na bliana seo bhí sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Gníomhach ar an gComhdháil. Tagann Kevin i gcomharba ar Phádraig Mac Criostail a bhí ina Stiúrthóir ó 2007. Tuilleadh eolais: www.gaelport.com

Seachtain na Gaeilge As An Nua

T

á áthas ar fhoireann úr Sheachtain na Gaeilge go mbeidh féile na bliana seo chugainn ar siúl ó 4 - 17 Márta 2013, an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó in Éirinn agus thar lear. Is as Daingean Uí Chúis do Bhrenda Ní Ghairbhí agus bhí sí ag obair mar Fheidhmeannach Oifige le Conradh na Gaeilge ó bhí 2008 ann. Bhí an-bhaint aici le Rith 2010 agus Rith 2012. Ceapadh í ina bainisteoir gníomhach ar Sheachtain na Gaeilge anuraidh agus ina bainisteoir lánaimseartha ar an bhféile an samhradh seo. Beidh Brenda ag obair i gcomhair le hÁine Ní Chuaig as Iorras Aithneach i gConamara agus í ceaptha ina hOifigeach Riaracháin agus Tacaíochta leis an bhféile le déanaí freisin. D’fhreastail Áine ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit

2

go ndearna sí staidéar ar an ndearadh grafach, agus d’oibrigh sí ar chláracha do TG4; mar riarthóir leis An Taibhdhearc; agus mar scríbhneoir leis an nuachtán Gaelscéal roimhe seo. Beidh Seachtain na Gaeilge 2013 ag croílár an cheiliúrtha ar Bhliain na Gaeilge agus ar Thóstal Éireann 2013, agus tá foireann nua na hoifige ag súil le go leor grúpaí nua a mhealladh chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh speisialta seo sa bhliain amach rompu. Tá suíomh gréasáin nua á fhorbairt ag www.snag.ie faoi láthair agus beifear in ann imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2013 a chlárú air ó mhí Dheireadh Fómhair 2012 go dtí 25 Eanáir 2013. Teagmháil: eolas@snag.ie +353 (0)1 4757401

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 Me án Fóm h ai r 2012


Nuacht Áitiúil

An Carn Tóchar eidh oíche cheoil le Bréag á reáchtáil i Rafters i mBaile an tSuaitrigh, Co. Dhoire, dar tús 9.30in oíche Shathairn, 8 Meán Fómhair 2012. Bunaíodh Bréag an chéad lá riamh le hairgead a thiomsú ar son Gaelscoileanna, agus tá siad anois ar an ghrúpa is snasta agus is sainiúla ina réimse ceoil, ag meascadh fuaimeanna Gaelacha le reigé agus ska domhanda. Beidh oíche den scoth ann gan ach costas £5 ar an doras agus beidh fearadh na fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais: +44 (0)28 79549978 www.ancarn.org

B

Inis á Club na bPáistí á bhunú ag Tiarnán Ó Ruairc i nGaelscoil Mhícíl Cíosóg in Inis, Co. an Chláir ar an 30 Lúnasa 2012 nuair a filleann na páistí ar ais ar scoil. ‘Séard atá i gceist ná gníomhaíochtaí a sholáthar do na páistí i ndiaidh na scoile, cluichí boird, ealaín agus ceardaíocht, beochan, puipéid agus a leithéid ina measc. Tá cabhair á lorg leis an togra seo, mar sin scaip an scéal más spéis leat páirt a ghlacadh sa chlub úr seo! Teagmháil: +353 (0)85 1649866 tiarnan_o_ruairc@hotmail.com

T

Iúr Chinn Trá abharfaidh Dr Gordon McCoy léacht dar teideal Aontachtaithe agus An Ghaeilge | Unionists and The Irish Language ar bhaint na n-aontachtaithe leis an nGaeilge i gcaitheamh na mblianta agus sa lá atá

T

inniu ann i gCo. an Dúin an Aoine bheag seo, 31 Lúnasa 2012. Reáchtálfar an léacht in Ionad Pobail Áth na Long ar an Iúr ag 7.30in agus tá fáilte roimh chách. Tabharfaidh McCoy léargas ar na haontachtaithe atá tar éis an Ghaeilge a fhoghlaim agus ar mhéadú líon na dtograí trasphobail le baint acu leis an teanga. Beidh a chuid cainte bunaithe ar an taighde dochtúireachta a rinne sé ar fhoghlaimeoirí Protastúnacha na Gaeilge agus ar obair a rinne sé don Iontaobhas ULTACH, eagras trasphobail Gaeilge. Teagmháil: +44 (0)28 43767116 Inis Oírr a bhreis ar sheisiún sean-nóis le Dominic Mac Giolla Bríde in Áras Éanna ag 8.30in oíche Shathairn, beidh an t-oileán is lú de na hOileáin Árann i gCuan na Gaillimhe beo leis an gceol agus leis an scéalaíocht le linn Fhéile Joe Mháirtín ó 2 – 7 Meán Fómhair 2012. Seanchaí ón oileán a bhí i Joe Mháirtín agus beidh blaiseadh den scéalaí le cloisteáil tríd an Fhéile seo atá á eagrú ag Comhar Caomhán Teo. Ceiliúradh ar sheanchas, ar dhúchas agus ar stair an oileáin atá i gceist leis an bhféile agus beidh idir léachtaí, turas go hInis Meáin, cheardlanna éagsúla, shiúlóidí dúlra agus staire agus neart ceoil, rince agus amhránaíochta ar siúl. Is trí Ghaeilge a eagrófar na himeachtaí ar fad agus i mbliana beidh béim ar an mbéaloideas. Gach eolas: www.inisoirr.ie

S

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

3


Gaeilge na Cruinne

Ní hamháin go bhfuil ranganna Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil in aisce ag St. Kentigern’s Social Club, 36 Wilbraham Road, Fallowfield, Manchain ag 8.00 9.00in gach Máirt ó 11 Meán Fómhair 2012, ach tá iontrálacha á lorg do chomórtas scríbhneoireachta Fhéile Ealaíon Manchain faoi láthair freisin. Ní mór go mbeadh gach saothar scríofa i nGaeilge agus tá uasteorann 3,000 focal le gach iontráil. Is

féidir píosa filíochta, próis nó ficsin a bhaineann le téama nó le hábhar a bith a chur san áireamh. Tá an comórtas oscailte do gach duine, is cuma an bhfuil cónaí orthu i Manchain nó nach bhfuil, agus is féidir le húdair an líon scéalta gur mian leo a iontráil. Spriocdháta: 02 Deireadh Fómhair 2012. Teagmháil: +44 (0)161 225 0645 patrickmcguinness@nasuwt.net

Teicneolaíocht na Teanga

á iSiúl ar siúl ar Shléibhte an T Chomaraigh anois is

cosúil! Seoladh an chéad fheidhmchlár dátheangach do shiúlóirí in Éirinn i mBaile Mhac Caibre i gCo. Phort Láirge níos luaithe an samhradh seo. Is feidhmchlár do ghutháin chliste atá i gceist leis an Nire Valley Trail Guide, atá ar fáil ó iTunes ar €1.99. Tugann an feidhmchlár leideanna agus eolas mar gheall ar na conairí siúlóide éagsúla atá i nGleann na hUidhre don úsáideoir agus tá go leor le foghlaim ón bhfeidhmchlár mar gheall ar stair agus oidhreacht shaibhir an cheantair ag an am céanna. Chomh maith leis sin tá amhráin áitiúla i mBéarla agus i nGaeilge le cloisteáil ar an app, ina measc: Cruacha Glas na hÉireann, Sliabh Geal gCua agus A

4

Chomaraigh Aoibhinn Chuimhnigh Ó. Tu r a s ó i r e a c h t Ghleann na hUidhre ar fheidhmchlár don cheantar a sheoladh ar dtús báire agus is le tacaíocht Chomhairle Contae Phort Láirge, Fáilte Ireland agus Fhoras na Gaeilge gur éirigh leo an togra seo a chur i gcrích. Tá an feidhmchlár ar fáil le híoslódáil i mBéarla agus i nGaeilge anois díreach agus feidhmeoidh sé mar threoraí fíorúil don iliomad turasóirí a thugann cuairt ar Shléibhte an Chomaraigh. Tá iarrachtaí ollmhóra á ndéanamh ag Comhairle Contae Phort Láirge chun líon na siúlóirí agus na rothaithe a thugann cuairt ar an gcontae a mhéadú le blianta beaga anuas, chun cur le hioncam turasóireachta. Tuilleadh eolais: http://itunes.apple.com/ie

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 Me án Fóm h ai r 2012


Aistritheoirí Rosetta

Barrliosta na Leabhar

C

arthanas a bunaíodh i Meán Fómhair 2009 agus atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath is ea An Fhondúireacht Rosetta. Is iad atá mar spriocanna acu ná an bhochtaineacht a mhaolú, cúram sláinte a thacú, an oideachas a fhorbairt, agus Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

an ceartas a chur chun cinn trí iarrachtaí a dhéanamh le go mbeidh fáil ag daoine ar eolas a mbíonn de dhíth orthu i gcibé teanga gur mian leo. Tugann an carthanas faoi na spriocanna seo trí na riachtanais aistriúcháin agus lógánaithe a bhíonn ag eagraíochtaí neamhbhrábúsacha a thacú ar bhonn deonach. Oibríonn na haistritheoirí agus profléitheoirí go léir ar bhonn deonach agus tá géarghá ag an gcarthanas le haistritheoirí a bhfuil ard-chaighdeán Gaeilge acu, toisc an gá le haistriúchán sa Ghaeilge a bheith ag dul i méid. D’fhonn tús a chur leis an aistriúchán leo, ní mór dóibh siúd a bhfuil spéis acu san obair clárú leis an bhFhondúireacht Rosetta arlíne ag http://sp.therosettafoundation.org. Tá gach aon eolas ar an sreabhadh oibre le fáil ag an nasc céanna. Tuilleadh eolais: www.therosettafoundation.org

Déagóirí agus Daoine Óga 1. Timpeall an Tí - An Gúm - Treasa Ní Ailpín - €4.50 2. Plúra Lúra agus na Bópóga - Coiscéim - €12 - Mary Ryan 3. An Garbhán - An Gúm - €7.95 - Julia Donaldson 4. Gugalaí Gug - Tadhg Mac Dhonnagáin - Futa Fata - €19.95 5. Péigín Leitir Móir - Tadhg Mac Dhonnagáin - Futa Fata - €19.95 Daoine Fásta 1. Our Fada - Coiscéim - Rossa Ó Snodaigh - €10 2. An Hobad - Evertype - JRR Tolkien - €39.95 3. Thógamar le Gaeilge Iad - Brian Ó Broin - Coiscéim - €10 4. Scéal agus Dán Oileáin - Coiscéim - Mícheál Ó Mórdha - €25 5. An Gaeilgeoir Grámhar - Alan Desmond - Leabhar Comhar - €10 Eolas & orduithe: siopa@cnag.ie +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

5


Scéalaíocht Chléire

B

eidh lá scoraíochta agus scéalaíochta ar siúl ar Oileán Chléire, suite 8 míle amach ó chósta iarthar Chorcaí, ar 1 Meán Fómhair 2012. Tá an Fhéile Scéalaíochta 18 mbliana ar an bhfód agus táthar ag súil go meallfaidh an clár leathan na sluaite chuig an oileán arís i mbliana. Tá clú agus cáil bainte amach ag an bhféile timpeall an domhain agus tugtar cuireadh do scéalaithe críochnúla idirnáisiúnta chomh maith le scéalaithe Éireannacha chuici. I measc

imeachtaí na bliana seo beidh scéalaíocht le Diarmuid Ó Drisceoil (Éire), Ed Stivender (Meiriceá), Katrice Horsley (Sasana), agus Daniel Morden (An Bhreatain Bheag); caint ar sheanchas Chléire le Máire Ní Shíocháin; ceolchoirm le Muireann Nic Amhlaoibh; agus Ceapóga agus Lúibíní le hEibhlín Ní Lionaird agus Áine Uí Chuill. Tuilleadh eolais: www.oilean-chleire.ie www.capeclearstorytelling.com

Gaelcholáistí 2014

’fhógair An Roinn Oideachais agus D Scileanna le déanaí go mbeidh An Foras Pátrúnachta mar phátrún ar dhá mheánscoil lán-Ghaeilge ag oscailt i mBaile Brigín agus i nDún Droma i mBaile Átha Cliath i 2014. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí, An Foras Pátrúnachta go raibh comhartha soiléir tagtha ón Roinn go bhfuil gá le freastal ar an éileamh mór d’oideachas lánGhaeilge, agus beidh na Gael-Choláistí nua ina scoileanna comhoideachasúla, ilchreidmheacha le héiteas Gaeilge. Lean Ó hEaghra: “Is éacht iontach é seo do thuismitheoirí, na Coistí Bunaithe agus gach duine a bhí de shíor ag tiomáint na bhfeachtas do bhunú na nGaelcholáistí.” Cé go bhfuil díomá ann nár aithin an Roinn Oideachais an t-éileamh ollmhór ó níos mó ná 600 tuismitheoir i Maigh

6

Nuad chun Gaelcholáiste a oscailt sa cheantar sin chomh maith, beidh An Foras Pátrúnachta ag dul i gcomhairle le Coiste Gairmoideachais Chill Dara le múnla sásúil a chruthú d’Aonad nua Gaeilge ar an mbaile, múnla a fhorbróidh go Gaelcholáiste neamhspleách faoi cheann 4 bliana. Is é An Foras Pátrúnachta an pátrún is mó in Éirinn ar scoileanna lán-Ghaeilge ag an gcéad agus an dara leibhéal, agus é ina phátrún ar 61 bhunscoil agus 5 mheánscoil anois. Bunaíodh é sa bhliain 1993 ionas go mbeadh rogha eile ag scoileanna maidir le pátrúnacht agus tá sé mar fhís ag an bhForas Pátrúnachta oideachas lánGhaeilge den scoth a chothú, a fhorbairt agus a leathnú sa tír. Tuilleadh eolais: www.foras.ie +353 (0)1 6294110

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 Me án Fóm h ai r 2012


T

Ardteist Ó Dheas

hug An Roinn Oideachais agus Scileanna le fios gur tháinig méadú 11% ar líon na ndaltaí a thug faoin nGaeilge don Ardteist i mbliana: 42,965 scoláire ar an iomlán agus 15,937 astu sin ag an ardleibhéal. Ghnóthaigh 17.4% de na scoláirí a thug faoin scrúdú ag an ardleibhéal grád A i mbliana, méadú suntasach ón 13.9% ar tugadh grád A dóibh anuraidh. Chuir

an tAire Oideachais agus Scileanna Ruairí Quinn TD fáilte roimhe seo, ag rá gurb iad na hathruithe sa bhéaltriail is mó ba chúis leis an athrú agus go raibh an bhéim anois ar an nGaeilge labhartha sna scoileanna. Tá buairt ann go bhfuil an t-ábhar á shimpliú agus nach bhfuil dúshlán mar is cóir á chur ar dhaltaí maithe áfach, go háirithe iad siúd i meánscoileanna lán-Ghaeilge.

An Fómhar Buailte Linn!

G

eallann TG4 go mbeidh siamsaíocht, stair, spórt agus spraoi ar fáil go flúirseach i gclársceideal nua an stáisiúin a sheoladh le déanaí in am don fhómhar! Ar na gnéithe is tarraingtí ann tá léargas nuálach ar ghnéithe rúnda agus folaithe de shaol na hÉireann, beochraoladh eisiach ar na cluichí Gaelacha, idir fhir agus mhná, beochlúdach agus buaicphointí saor go haer ar Shraith Rugbaí Rabo Direct agus Chorn Heineken, rogha iontach ábhair do dhaoine óga agus seirbhís nuachta agus cúrsaí reatha atá éagsúil agus ábhartha. Beidh Manchán Magan ag dul timpeall na hÉireann ag déanamh iarrachta gan ach earraí agus ábhar Éireannach a úsáid, agus bia agus deoch Éireannach a ithe agus a ól sa tsraith Déanta in Éirinn; tiocfaidh bean rúndiamhrach, leath-chúpla mioscaiseach

ar an bhfód gan choinne, ríomhfar scéalta achrannacha grá agus iarrachtaí Thaidhg dúnmharú eile fós a cheilt sa sobalchlár Ros na Rún; agus caithfear súil siar ar eachtraí fuilteacha díoltais ag deireadh an Chogaidh Chathartha sa chlár Bású. Beidh séasúr nua gearrscannán á chraoladh sa tsraith Scéal ina bhfuil athchóiriú teilifíse déanta ar shaothair aitheanta ó litríocht nó béaloideas na Gaeilge ag scríbhneoirí / stiúrthóirí nua, dhá ghearrscéal leis an bPiarsach ina measc, agus tugtar an deis do 20 ógánach a gcumas mar mharcaigh a léiriú ar Jockey Eile – Dúshlán na Marcach. Craolfar cláir shláinte, spóirt, cheoil agus amhránaíochta chomh maith le Cúla4 do pháistí agus Ponc do dhéagóirí ar bharr seo leis. Eolas breise: www.tg4.ie

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

7


D

Naíscoil na Daróige

e réir na bhfigiúirí a thug an tAire Oideachais John O’Dowd CTR don Tionól ag Stormont i mí Eanáir, tá méadú 60.8% tagtha ar an Ghaeloideas i dTuaisceart Éireann le 10 mbliana anuas. Ach in ainneoin na bhfigiúirí seo agus an t-éileamh a léiríonn siad don Ghaelscolaíocht i measc an phobail, tá iarratas chun naíolann lánaimseartha a fhorbairt i nDoire diúltaithe ag an Aire O’Dowd le déanaí. Rinne Gaelscoil na Daróige i mBaile Mhic

T

Lá Breithe Sona a Líofa!

á breis agus 2,270 duine tar éis clárú leis an togra Líofa 2015 ó thuaidh agus gealltanas tugtha acu go mbainfidh siad líofacht amach sa Ghaeilge faoin bhliain 2015. Déanfar ceiliúradh ar bhuaicphointí an fheachtais go dtí seo ag Lá Líofa, ócáid mhór a bheidh ar siúl i mBéal Feirste ar 22 Meán Fómhair 2012. Ócáid phoiblí a bheidh i gceist leis agus cuirfear ceol, siamsaíocht agus gníomhaíochtaí eile ar fáil do gach aois, ainneoin a gcumais teanga. Ceiliúradh bliana a bheidh ann ó sheoladh oifigiúil Líofa 2015 i Meán Fómhair 2011, feachtas a raibh d’uaillmhian aige 1,000 cainteoir Gaeilge líofa a chothú laistigh de 4 bliana. Tugadh léiriú ar rathúlacht an fheachtais i mí na Nollaig 2011 nuair a fógraíodh go raibh sprioc na

8

Robhartaigh iarratas go dtionófaí Naíscoil Mhaol Íosa, atá lonnaithe ar thailte na scoile, ó ghrúpa spraoi deonach go naíolann lánaimseartha, ach níor ghlac an tAire leis an moladh. Mhaígh An Roinn Oideachais go bhfuil an soláthar réamhscolaíochta Gaeilge sa cheantar dóthanach agus beagnach leath de na spáis atá ceadaithe i naíolanna áitiúla folamh. Tuilleadh eolais: http://gaelscoilnadaroige.blogspot.ie

gcainteoirí bainte amach ag an fheachtas laistigh de cúpla mí. Síníodh sprioc na gcainteoirí faoin bhliain 2015 ó 1,000 go 5,000 i Meitheamh na bliana seo, agus tá comhghairdeas ag dul le lucht a eagraithe mar is cosúil go bhfuil beagnach leath an mhéid bainte amach cheana féin! Táthar ag súil go gcloisfear tuilleadh Gaeilge i measc an phobail i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar an togra agus go gcuirfear deireadh leis an nasc idir an pholaitíocht agus an teanga. Tá sé mar bhunaidhm ag an fheachtas leanúnach seo claontaí lonnaithe sa tsochaí i leith na teanga a bhriseadh agus an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach dearfach, fáilteach, úsáideach. Gach eolas: www.dcalni.gov.uk

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 Me án Fóm h ai r 2012


S

Arthur Ar Na Ballaí

na sála ar an dara Seisiún an tSamhraidh i gClub Chonradh na Gaeilge sa phríomhchathair le déanaí, beidh beárbaiciú do na Cnocadóirí á reáchtáil sa Chlub ag tús na míosa seo chugainn. Bíonn Rónán Ó Snodaigh ag casadh sa Chlub ar an gCéadaoin dheireanach den mhí agus beidh Cluiche Ceannais na hÉireann sa pheil Ghaelach á léiriú beo ar an scáileán mór thíos staighre ar 23 Meán Fómhair 2012.

T

Chomh maith leis sin, beidh Lá Fhéile Arthur á cheiliúradh le seanphóstaeir Guinness trí Ghaeilge ar taispeáint ó 27 Meán Fómhair 2012 agus beidh an Club ar oscailt ó 5.00in. Beidh rince agus ceol ón mBriotáin ar siúl i dtreo dheireadh na míosa mar aon le hOíche Rí-Rá do dhaoine óga agus oíche chártaí. Bí ann nó bí gann! Gach eolas: www.anclub.ie

Gaeilge Ar An Droichead

á clú ar Fhéile An Droichead mar ceann de na buaicphointí i bhféilire na n-ealaíon traidisiúnta i mBéal Feirste le blianta beaga anuas. Seo an cheathrú bliain den fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge, An Chomhairle Ealaíne agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste - agus bhí idir spórt, taispeántas, scannáin, imeachtaí teaghlaigh mar aon le dianchúrsa Gaeilge, ranganna Gáidhlig agus ranganna ceoil ar siúl ó 23 - 26 Lúnasa 2012. Ó bunaíodh é 20 bliain ó shin mar thionscadal Gaeloideachais, tá ainm An Droichead anois comhchiallach leis na ceoltóirí traidisiúnta is fearr á dtabhairt go dtí Béal Feirste. Ní haon ionadh é go raibh scoth an cheoil ar fáil sna ceolchoirmeacha a reáchtáladh le linn na féile, an ceannródaí sean-nóis Iarla Ó Lionáird agus virtuoso giotáir

Steve Cooney ina measc. Mhúin Dónal Lunny máistir-rang bouzouki Dé Sathairn ins An Droichead ar Shráid Chúic, Bóthar Ormeau agus bhí idir cheardlanna drumaí agus bodhráin, fliúite agus fife, Poc Fada i bPáirc Ormeau chomh maith le siúlóid logainmneacha agus “seisiún ninja” thart ar an chathair á reáchtáil iomlán in aisce don phobal. Bhí clúdaigh cheirníní ón chartlann den lipéid ceoil GaelLinn ar taispeáint le linn na féile mar aon leis na scannáin Ghaeilge Mise Éire agus Póitín, tionóladh Lón ar an Lagán Dé Domhnaigh, agus reáchtáladh ceardlann dhrámaíochta cruthaithí agus ceardlann graifítí do pháistí. Gach eolas: +44 (0)28 90287828 www.androichead.com

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

9


T

Aighneachtaí

á sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Chainnigh scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg acu ó pháirtithe leasmhara anois. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí thar 4,000 focal; ba chóir iad a sheoladh isteach go leictreonach chuig Gaeilge@ kilkennycoco.ie freisin más féidir, ó beidh fáil ar na haighneachtaí go poiblí ar láithreán gréasáin Chomhairle Contae

Chill Chainnigh agus Chomhairle Buirge Chill Cheannaigh, nó chuig An Roinn Chorparáideach, Comhairle Contae Chill Chainnigh, Halla an Chontae, Sráid Sheáin, Cill Chainnigh. Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde. Spriocdháta: 30 Meán Fómhair 2012. Tuilleadh eolais: www.kilkennycoco.ie www.kilkennycity.ie

Bliain na Gaeilge 2013

A

gus Conradh na Gaeilge ag spéis a léiriú agus ainm a shíniú leis an ceiliúradh 120 bliain ar an bhfód an ngrúpa oibre de thogra an Chonartha, samhradh seo chugainn, tá an t-eagras Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Cumann Gaeilge is fadmharthanaí ar an bhfód Lúthchleas Gael, Aontas na Mac Léinn ag obair i gcomhar Iarbhunscoile le heagrais teanga (ASTI), RTÉ agus chultúir eile Raidió na chun Bliain na Gaeltachta agus Gaeilge a reáchtáil An tOireachtas Bígí Linn - Letʼs Celebrate Our Language www.gaeilge2013.ie don chéad uair ina measc. De réir riamh. Clár de na ndaonáireamh agus na suirbhéanna is déanaí, tá bhliain iomlán d’imeachtaí dírithe ar an Gaeilge ag nach mór 2 mhilliún duine teanga a spreagadh agus a chomóradh ar oileán na hÉireann agus is ionann i measc an phobail a bheidh i gceist leis an gceiliúradh seo, áit go mbeidh sin agus triúr as gach deichniúr; tá imeachtaí spraíúla, éagsúla á n-eagrú sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud an mionlach mór seo le Gaeilge a oileán na hÉireann chun idir Bhéarlóirí spreagadh le smaoineamh ar an agus Ghaeilgeoirí a spreagadh leis an teanga agus pé Gaeilge atá acu a teanga a úsáid go rialta. Féile ollmhór chleachtadh ar bhealaí úra, spraíúla ar son na teanga a bheidh ann sna 32 le linn na bliana. Seolfar suíomh an chontae; tá breis agus 40 eagraíochtaí togra ag www.gaeilge2013.ie roimh eile ó cheann ceann na tíre tar éis dheireadh an fhómhair.

2013

10

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 Me án Fóm h ai r 2012


I

Sraith Buaite Ag Na Gaeil!

s iad Na Gaeil Óga an t-aon chumann sa Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath a fheidhmíonn trí Ghaeilge amháin agus tá Foireann A na bhFear tar éis Sraith 10 a thabhairt leo. Níor buadh ar Na Gaeil Óga in aon chluiche sa tsraith i mbliana agus ní raibh ach comhscór amháin ann. Tá an-chreidiúint ag dul do Mharcas Ó Léanacháin, príomhthraenálaí na foirne, do

bhainistíocht na foirne, do na himreoirí féin agus do gach éinne a chabhraigh leo ó bunaíodh an cumann. Lá stairiúil a bhí ann don chlub, nár bunaíodh ach bliain go leith ó shin agus go bhfuil gaisce déanta ag na himreoirí agus lucht traenála in achar beag ama, nuair a thóg siad leo an cluiche ceannais le déanaí. Comhghairdeas leo! Gach eolas: www.nagaeiloga.ie

Cúrsaí an Fhómhair

B

eidh páirtchreidiúint Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG) ar fáil ó Ionad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann Má Nuad ó Fhómhar 2012 do dhaoine gur mhaith leo an scrúdú cainte amháin a dhéanamh. Féadfar scrúdú iomlán TEG a dhéanamh in Aibreán/Bealtaine agus creidiúint iomlán don cháilíocht Ghaeilge idirnáisiúnta a fháil; nó féadfar an scrúdú cainte amháin a dhéanamh ag an am céanna agus páirtchreidiúint a fháil. Beidh Ionad na dTeangacha sásta scrúduithe cainte a reáchtáil ag amanna eile i rith na bliana do ghrúpaí in ionaid ar fud na tíre. Cloíonn cúrsaí Chonradh na Gaeilge le siollabas TEG agus beidh cúrsaí do dhaoine fásta ag tosú as an nua arís in ionaid ar fud na tíre an fómhar seo freisin. Cuirfear tús le réimse ranganna oíche ar leibhéil

fhoghlama éagsúla i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo chugainn agus beidh cúrsa lae le hiarrthóirí ag dul don agallamh bunmhúinteoireachta á reáchtáil sa phríomhchathair ar 15 Meán Fómhair 2012 chomh maith. Roimhe sin, beidh an gearrchúrsa bliantúil Gaeilge do dhaoine fásta ar siúl ag An Carn i Machaire Rátha, Co. Dhoire ar 8 Meán Fómhair 2012 ó 9.30rn - 3.00in. Bunrang, meánrang agus ardrang na leibhéil a chuirfear ar fáil agus tá £15 ar an gcúrsa. Clúdaíonn sé seo lón blasta agus sólaistí éadroma ach ní mór clárú roimh ré trí ghlaoch ar +44 (0)28 79549978. Tuilleadh eolais: www.teg.ie www.cnag.ie/courses www.ancarn.org

Is féi di r s c é a lt a a c hu r c hu i g nu a c ht @cn ag.i e

11


N

Is Leor Beirt

íl slua i gcónaí de dhíth le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Cluichí Oilimpeacha: • • • • • • • • • • • • • • • •

An bhfuil spéis agat sa spórt? Ar thaitin na Cluichí Oilimpeacha leat? An raibh tú i Londain le linn na gCluichí? An bhfaca tú troid cheannais Katie Taylor? Ar íoschóipeáil tú feidhmchlár na gCluichí ar do ghuthán glic? Ar bhreathnaigh tú ar shearmanas oscailte / ar chlabhsúr na gCluichí? An gceapann tú gur eagraíodh na Cluichí Oilimpeacha go maith i mbliana? An fearr leat amharc ar chluichí ar an teilifís nó cluichí a imirt tú féin? Ar mheas tú go raibh an tráchtaireacht ar na Cluichí go maith? An imríonn tú spórt ar bith? Cén spórt is fearr leat? Ar spreag na Cluichí Oilimpeacha tú chun spórt nua a thriail? Ar bhain tú triail as dornálaíocht an bhóna bháin riamh? Cad é do mheas ar na háiseanna spóirt atá againn in Éirinn? An dóigh leat go mbeadh Éire in ann na Cluichí Oilimpeacha a óstáil amach anseo? An fearr leat spórt a imirt / a dhéanamh amuigh faoin aer nó i spórtlann?

Cluichí Oilimpeacha: boghdóireacht, lúthchleasaíocht, badmantan, cispheil, eitpheil (thrá), dornálaíocht, curachóireacht, rothaíocht, tumadóireacht, eachaíocht / marcaíocht na gcapall, pionsóireacht, sacar, gleacaíocht (ealaíonta) / lúthaíocht, liathróid láimhe, haca, júdó, peantatlan nua-aimseartha, rámhaíocht, seoltóireacht (chomhthrátha), snámh, lámhach, leadóg bhoird, leadóg, taekwondo, trampailín, trí-atlan, póló uisce, tógáil meáchan, coraíocht

12

Cui r n a s c é a lt a c hu g ai n n roi m h 1 0 Me án Fóm h ai r 2012


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.