Aistear Ama

Page 1

Stair don Chéad Bhliain

Edel Ní Loingsigh


Stair don Chéad Bhliain

 Scríofa as an nua i nGaeilge nádúrtha – ní aistriúchán é seo  Nótaí gramadaí ar fhocail áirithe  Torthaí foghlama ag tús gach caibidle, le príomhthoradh foghlama ag an tosach  Gníomhaíochtaí éagsúla i ngach caibidil – fiosrú focal, bileoga oibre, súil siar, eispéiris foghlama  Dearadh uilíoch don fhoghlaim  Deartha chun freastal ar Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha  Ábhar ar logainmneacha agus tionchar teangacha eile ar an nGaeilge  Clár ar leith don tsonraíocht Ghaeilge


Aistear Ama Stair don Chéad Bhliain

Edel Ní Loingsigh


© COGG 2023 Arna fhoilsiú ag COGG An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, 23 Plás Windsor, Baile Átha Cliath 2. Údar: © Edel Ní Loingsigh 2023 Eagarthóir: Deirdre Ní Chaomhánaigh Dearthóir: Daire Ó Beaglaoich, Graftrónaic Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a storáil i gcóras aisghabhála ná a tharchur ar aon mhodh nó slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir nó ceadúnas a cheadaíonn cóipeáil shrianta in Éirinn arna eisiúint ag Gníomhaireacht um Cheadúnú Cóipchirt na hÉireann, 63 Sráid Pádraig, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath. I gcás naisc chuig suíomhanna idirlín seachtracha, ní cóir glacadh leis go bhfaomhann COGG an t-ábhar atá iontu. Buíochas Ba mhaith le COGG buíochas a ghabháil leis na dreamanna seo a leanas a thug cead dúinn íomhánna agus ailt a úsáid san acmhainn staire seo: TG4 (lch 12); The David M. Rubenstein National Institute for Holocaust Documentation, United States Holocaust Memorial Museum, www.ushmm.org (lch 14); www.tuairisc.ie (lch 15); Beatha le Bua © CCEA 2022: le caoinchead Northern Ireland Council for the Curriculum, Examinations and Assessment, (lch 16); an Dr Ruth Carden (lch 33), le caoinchead ó Acadamh Ríoga na hÉireann (36); Foireann dúchas.ie (36, 147), © Photographic Archive, National Monuments Service, Rialtas na hÉireann (lch 39); le caoinchead ó Acadamh Ríoga na hÉireann (lch 42); © ArdMhúsaem na hÉireann (lch 44, 54); Cumann Lúthchleas Gael (lch 44); An Gúm (lch 47); Marco Learning (lch 140); Pew Research Centre (lch 146, 159); Nobel Foundation (lch 155); Digital Repository of Ireland: Kevin Long; Royal Irish Academy IT Department: Wayne Aherne, Derek Cosgrave; Asarlaí (lch 170); http://sharemap.org/public/Flight_of_Earls_(1607) (lch 172); https://www.wesleyjohnston.com/users/ireland/maps/towns/derry_religion.gif (lch 176); https://www.wesleyjohnston.com/users/ireland/ (lch 179); https://www.flickr.com/photos/sinnfeinireland/26370225138/ (lch 180); Jtcorscadden https://creativecommons.org/licenses/by-sa/4.0 (lch 181); Ross https://creativecommons.org/licenses/by-sa/2.0/deed.en (lch 181) https://en.wikipedia.org/wiki/GNU_Free_Documentation_License AdobeStock (Lch 1-7, 9, 18, 26, 27, 28,41, 6, clúdach) iClipart (Lch 10, 27, 31, 41,67, 68, 134) Creidtear go bhfuil an t-eolas san fhoilseachán seo cruinn ag uair a fhoilsithe. É sin ráite, ní féidir leis an bhfoilsitheoir agus/ná na húinéirí cóipchirt freagracht a ghlacadh as botúin nó easnamh, athruithe sna sonraí a tugadh nó as aon chostas nó caillteanas a chúisítear dá bharr. Cé go ndearnadh gach aon iarracht cóipcheart a aimsiú agus a aithint, gabhann na foilsitheoirí leithscéal as aon sárú de thaisme ar chóipcheart nárbh fhéidir a aimsiú. Bheidís sásta teacht ar shocrú cuí leis an úinéir ceart i ngach cás dá shórt.


Clár Eolas do mhúinteoirí .......................................... v

1 Obair an Staraí ......................................1 Foinsí príomha............................................2 Foinsí tánaisteacha .....................................3 Fadhbanna le foinsí .....................................5 Cartlanna agus Iarsmalanna ....................... 10 Bileoga oibre ............................................ 12

2 Obair an tSeandálaí ............................ 25 An tSeandálaíocht agus an Seandálaí........... 26 Tuiscint ar an tochailt seandálaíochta ........... 27 Modhanna eolaíocha dátaithe ..................... 28 Amlínte ................................................... 31

3 An Luathré Chríostaí........................... 34 Naomh Pádraig ......................................... 35

6 An Athbheochan.................................. 99 Cúiseanna leis an Athbheochan ................... 99 Athruithe san ealaín ................................ 101 Leonardo da Vinci ................................... 103 Michelangelo .......................................... 107 An Clóphreas.......................................... 111 Litríocht na hAthbheochana ...................... 112 An eolaíocht ........................................... 116 Bileoga oibre .......................................... 120

7 Ré na Taiscéalaíochta, an Choncais agus an Choilínithe ........................... 125 Ré na taiscéalaíochta............................... 126 An Concas ............................................. 132 An Coilíniú ............................................. 135 Bileoga oibre .......................................... 143

Mainistreacha ........................................... 38

8 An Reifirméisean............................... 150

Logainmneacha ........................................ 40

Cúiseanna leis an Rei昀椀rméisean ................ 151

Tionchar na Luathré Críostaí ....................... 41

Martin Luther ......................................... 153

Tionchar na Manach .................................. 46

Reiligiúin sa Rei昀椀rméisean ........................ 156

Súil siar ................................................... 47

An Frith-Rei昀椀rméisean ............................. 157

4 Na Lochlannaigh ................................. 50 Leathadh na Lochlannach ........................... 52 Sochaí na Lochlannach .............................. 53 Lochlannaigh thábhachtacha ...................... 61 Éachtaí na Lochlannach ............................. 63 Foinsí eolais faoi na Lochlannaigh ................ 66 Ceisteanna............................................... 69

5 Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna ........................... 73 Cad iad na Meánaoiseanna ......................... 73 Na Caisleáin ............................................. 74

Torthaí an Rei昀椀rméisin ............................. 158 Bileog oibre ........................................... 163

9 Patrúin Lonnaíochta ......................... 166 Éire roimh an bpatrún nua lonnaíochta ...... 167 Athrú ó choncas míleata go plandáil .......... 169 Tionchar na chéad phlandálacha ............... 170 Plandáil Uladh ........................................ 172 Forbairt Bailte ........................................ 175 Torthaí Phlandáil Uladh ............................ 177 Torthaí fadtéarm .................................... 179 Bileoga oibre .......................................... 182

Beatha na Saighdiúirí ................................ 78 An Mainéar .............................................. 81 Beatha na bPobal Reiligiúnach .................... 83 Ailtireacht ................................................ 85 Bailte ..................................................... 86 Sláinte agus Leigheas ................................ 90 An Ghaeilge ............................................. 93 Bileoga oibre ............................................ 94

iii


Buíochas Ba mhian liom buíochas ó chroí a ghabháil leis na daoine seo a leanas: Pádraig Ó Conchubhair, Aisling Walsh, Máire Mac Conghail, Aaron Ó Dálaigh, Caoimhín Ó Beaglaoí agus an Dr Sarah Baccianti. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le coistí Chumann Múinteoirí Staire Chorcaí as an misniú leanúnach i gcaitheamh na mblianta! Buíochas le mo chomhghleacaithe sa tSraith Shóisearach do mhúinteoirí as na comhráití suimiúla ar fad! Ba mhian liom buíochas a ghabháil le Dermot Lucey agus Seán Ó Finn as a gcomhairle stuama agus a sampla iontach. Is deacair a shamhlú go mbeadh m’fhís curtha i gcrích gan tacaíocht ó Phádraig Ó Beaglaoich in COGG agus ó Dheirdre Ní Chaomhánaigh. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le COGG (An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as an maoiniú a chur ar fáil dom do ‘Aistear Ama’. Míle buíochas le Daire Ó Beaglaoich, Graftrónaic a bhfuil bua na healaíne go smior inti. Míle buíochas ó chroí le hAoife Tarrant, Colin O’Brien, le m’uncail Séamus Ó Loingsigh agus mo chlann uilig as gach ní atá déanta acu dom agus don acmhainn seo. Do mo chuid iardhaltaí agus mo dhaltaí i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin – ní bheadh an acmhainn seo ann murach sibhse! Tá súil agam go mbain昀椀dh sibh idir thairbhe agus taitneamh as an aistear seo!

Edel Ní Loingsigh

iv

Aistear Ama


Eolas do Mhúinteoirí Leagan Amach Tabharfar faoi deara go bhfuil príomhthoradh foghlama luaite ag tús gach caibidle, mar aon le torthaí foghlama ábhartha eile, ar mhaithe le cabhrú leis an múinteoir agus é i mbun pleanála. Sa tslí seo, cinntítear go ndírítear aird ar thrí shnáithe na sonraíochta: (i) Nádúr na Staire (ii) Stair na hÉireann agus (iii) Stair na hEorpa agus an Domhan Mór. Tá gníomhaíochtaí éagsúla i ngach caibidil, idir chleachtaí foclóra, bhileoga oibre (ag tús nó ag deireadh caibidle), cheisteanna, shúil siar (ag deireadh caibidle), agus eispéiris foghlama. Anuas air sin, úsáideadh dearadh uilíoch don fhoghlaim i ndearadh na hacmhainne seo. Roghnaíodh cúlra bánbhuí agus clófhoireann oiriúnach chun freastal ar scoláirí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais orthu. Fágadh an aimsir ghnáthchaite amach, den chuid is mó, ar mhaithe le tuiscint na scoláirí óga seo.

An tSonraíocht Staire agus Rogha Tugann an tsonraíocht staire solúbthacht do mhúinteoirí agus scoláirí araon, roghanna éagsúla a dhéanamh, m. sh. is féidir le scoláirí staidéar a dhéanamh ar shibhialtacht ar bith (TF 3.1). Beartaíodh ábhar a chur ar fáil ar shibhialtacht na Lochlannach chun cur le rogha na sibhialtachtaí. De bharr go bhfuil cuid mhaith de na ceantair Ghaeltachta suite cois cósta, agus mar gur bhunaigh/fhorbair na Lochlannaigh go leor de chathracha na tíre, ceapadh go mbeadh a sibhialtacht loingseoireachta ábhartha do phobail na scoileanna Gaeltachta agus do phobal na nGaelcholáistí. Tá ábhar ar fáil in ‘Aistear Ama’ ar phatrúin athraitheacha bia agus dí thar thréimhsí difriúla ama (TF 3.14). Roghnaíodh an téama seo ar dhá chúis (i) mar gheall ar easpa ábhar a bheith ar fáil i bhfoinsí éagsúla agus (ii) mar gheall ar riachtanais teanga ár scoláirí, atá ar a suaimhneas le foclóir an téama seo agus treisítear an foclóir sin in ábhair eile scoile, leithéidí eacnamaíocht bhaile.

An Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha Scríobhadh agus dearadh an acmhainn seo go speisialta do scoláirí agus do mhúinteoirí atá ag múineadh na staire trí mheán na Gaeilge. Bunaíodh dearadh na hacmhainne seo ar an bhfoghlaim chomhtháite ábhar agus teangacha (FCÁT). Chuige sin, tá foclóir, mar aon le cleachtaí foclóra (昀椀osrú focal), eolas gramadaí agus réimse leathan íomhánna i ngach caibidil a chabhróidh lenár scoláirí teanga na staire a shealbhú. Ní aistriúchán é ‘Aistear Ama’. Rinneadh gach iarracht an teanga is oiriúnaí do scoláirí a úsáid ó thús deireadh. Anuas air sin, tá béim ar úsáid foinsí dílse. Tugtar aitheantas do na ceantair éagsúla Gaeltachta sa rogha íomhánna, bileoga oibre agus foinsí a úsáideadh tríd síos.

Sonraíocht Ghaeilge T1 Tá stair na hÉireann agus stair na Gaeilge 昀椀te fuaite ina chéile. Ní luaitear stair na teanga go sonrach sa tSonraíocht Staire ach tapaíodh an deis beagán eolais a bhaineann le stair na teanga agus stair theangacha eile a chur san áireamh, áit ar bith a raibh sé ábhartha. Chuige sin, tá ábhar ann ar logainmneacha agus ar thionchair theangacha eile ar an nGaeilge. D’fhéadfadh an múinteoir Gaeilge an t-ábhar a úsáid mar acmhainn do Shnáithe 2: Feasacht Teanga agus Chultúrtha. Seo iad na gnéithe agus torthaí foghlama ábhartha ón tsonraíocht Ghaeilge atá san áireamh: (i)

Ag cothú feasachta i leith chultúr na teanga – gné de chultúr na Gaeilge a roghnú agus taighde a dhéanamh uirthi agus í a chur i láthair ar shlí nuálach chruthaitheach (2.8).

(ii)

Ag cothú feasachta i leith an dátheangachais – tuiscint a léiriú ar a bhfuil i gceist le bheith ilteangach (2.10); cultúir theangacha neamhfhorleathana a fhiosrú agus comparáid a dhéanamh idir teangacha (2.11).

v


Clár don Ghaeilge Caibidil 1 Dírbheathaisnéisí agus cuimhní cinn ..................................................................................... 8 Bileog Oibre 1: Daonáireamh 1911 .................................................................................... 17

Caibidil 3 Bileog Oibre: sliocht béaloidis as Bailiúchán na Scol ............................................................. 36 Logainmneacha ............................................................................................................... 40 Tionchar na Luathré Críostaí ar an nGaeilge ........................................................................ 41

Caibidil 4 Bileog oibre ar na hAnnála ................................................................................................ 54 Teanga ........................................................................................................................... 64 Logainmneacha ............................................................................................................... 65 Sloinnte ......................................................................................................................... 66

Caibidil 5 Bailte Normannacha ......................................................................................................... 89 An Ghaeilge faoi na Normannaigh ...................................................................................... 93

Caibidil 7 Teanga ..........................................................................................................................138 Bileog Oibre: Ré na Taiscéalaíochta, an Choncais agus an Choilínithe agus Teangacha ..............144 Bileog Oibre: Armáid na Spáinne – Bailiúchán na Scol .........................................................147

Caibidil 8 An Ghaeilge ag an am .....................................................................................................162

Caibidil 9 An Ghaeilge ...................................................................................................................179

vi

Aistear Ama


Caibidil 1: Obair an Staraí

Obair an Staraí

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

CAI

B

IDIL

1

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. nuachtán

foinse

grianghraf

taifead

nod

foinse phríomha

doiciméad

taighde

staraí

foinse thánaisteach

físeán

tuairisc

iarsmaí

bleachtaire

tuairiscí

iarsmalann

feallmharú

Conas a fhaigheann staraí eolas faoin am atá thart? Is maith an scéalaí an aimsir agus is maith an scéalaí í an stair freisin! Insíonn an stair scéal na tíre, scéal na ndaoine, idir óg agus aosta, idir shaibhir agus daibhir. Ach cé a insíonn an scéal seo agus cad as a dtagann an t-eolas faoin stair? Gheobhaimid amach anseo! Foghlaimíonn staraí faoin am atá thart ar shlite éagsúla, ó ábhair dhifriúla, mar shampla: leabhar a léamh, féachaint ar ghrianghraif agus físeáin stairiúla, iarsmaí in iarsmalanna a scrúdú agus taighde a dhéanamh ar an idirlíon. Dhá thréith atá tábhachtach don staraí is ea fiosracht agus an cumas go leor ceisteanna a chur. Faigheann staraí tuiscint níos fearr, agus níos cruinne, ar an tréimshe atá thart, nuair a dhéanann sé go leor taighde. Bíonn staraí in ann cuntas nó taifead a dhéanamh ar an stair leis an eolas a bhailíonn sé. Má bhíonn an t-eolas sin mícheart nó míchruinn, áfach, bíonn an cuntas nó taifead mícheart freisin!

Foclóir Foghlaimíonn staraí faoin stair ó fhoinsí. Tá foinsí cosúil le noda, a acteristic tréith: char úsáideann garda nó bleachtaire chun cás a réiteach. Anuas air sin, chte: e; níos beai níos cruinn tá siad cosúil le píosaí ó mhíreanna mearaí – nuair a chuireann tú na rate more accu míreanna mearaí ar fad le chéile, faigheann tú an mórphictiúr. Nuair a chuireann staraí foinsí le chéile, faigheann sé léargas ar an stair. Is foinsí iad agallaimh, grianghraif, amhráin, nuachtáin, leabhair, ealaín agus doiciméid. 1. Obair an Staraí

1


Foinsí Príomha Is bleachtaire é an staraí. Cuireann sé an t-eolas ó fhoinsí, amhail grianghraif, amhráin, nuachtáin, leabhair, ealaín agus doiciméid, ar fad le chéile chun pictiúr iomlán a chruthú. Uaireanta, bíonn sé éasca é seo a dhéanamh. Mar shampla, tar éis na n-ionsaithe ar an Ionad Trádála Domhanda i Meiriceá ar 11 Meán Fómhair 2001, bhí tuairiscí faoin eachtra sin ar an raidió, ar an teilifís, ar an idirlíon agus chonaic go leor daoine an eachtra ag titim amach ar na sráideanna. Uaireanta eile, bíonn sé níos deacra teacht ar eolas faoi eachtraí toisc gur tharla siad chomh fada sin ó shin – feallmharú Iúil Caesar a tharla sa bhliain 44 RCh, mar shampla!

f d’Éirí Grianghra 16 Amach 19

ialainne Cuntas D mach faoi Éirí A 1916

Nuachtán tain ó Sheach 1916 na Cásca

oi Éirí Amhrán fa 16 Amach 19

Tá dhá shaghas foinsí ann: foinsí príomha agus foinsí tánaisteacha. Is iad na foinsí príomha na foinsí is tábhachtaí don staraí, mar chruthaigh daoine ag an am iad. Mar sin foinse phríomha is ea foinse a thagann ón am a tharla an eachtra sa stair. Féachfaimid ar na saghsanna foinsí príomha ar dtús – seans go bhfuil cuid acu agat sa bhaile fiú!

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad.

foinse

dialann

litir

láidreacht

cuimhní cinn

foinse phríomha

teastas breithe

fíric

laige

beathaisnéis

foinse thánaisteach

daonáireamh

fíricí

srianta/teoranta

dírbheathaisnéis

iarsmalann

cartlann

agallamh

roghnaíoch

Foclóir Ionad Trádála Domhanda: World Trade Centre feallmharú: assassination

2

Aistear Ama


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Seanairgead

Fianaise thadhlach Tugann iarsmaí, amhail seanairgead, eolas dúinn faoi na miotail a bhí ar fáil do dhaoine ag an am. Tugann na pictiúir atá orthu eolas dúinn faoi na daoine a bhí tábhachtach ag an am.

Eolas srianta nó teoranta go leor atá ar fáil ón bhfoinse seo.

Eispéireas Foghlama An bhfuil seanairgead agaibh sa bhaile? Má tá, freagair na ceisteanna seo a leanas:

1 Cé chomh sean is atá an t-airgead? 2 Liostaigh an t-eolas atá le fáil ar an airgead. 3 Agus tú ag féachaint ar na híomhánna ar an airgead, cad a bhí tábhachtach do na daoine a d’úsáid an t-airgead sin, nó cé, an gceapann tú?

4 Ar an iomlán, an gceapann tú go bhfuil a lán eolais le fáil ón airgead? 5 Cá bhfaighfeá tuilleadh eolais faoi na daoine a d’úsáid an t-airgead seo? Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Boinn

Fianaise thadhlach Tugann boinn eolas dúinn faoi eachtraí éagsúla, amhail cogaí agus comórtais.

Tá an méid eolais atá ar fáil ón bhfoinse seo srianta go leor.

Eispéireas Foghlama An bhfuil aon seanbhonn agat sa bhaile, amhail boinn ó chluichí nó ó chogadh? Má tá, freagair na ceisteanna seo a leanas:

1 Cé chomh sean is atá an bonn? 2 Liostaigh an t-eolas atá le fáil ar an mbonn. 3 An bonn é a bhaineann le himeacht náisiúnta nó idirnáisiúnta? 4 Cén fáth a roghnaíodh na híomhánna atá ar an mbonn, dar leat? 5 Ar an iomlán, an gceapann tú go bhfuil a lán eolais le fáil ón mbonn seo? 6 Cá bhfaighfeá tuilleadh eolais faoin imeacht a léiríonn an bonn seo?

1. Obair an Staraí

3


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Éadaí

Fianaise thadhlach Tá an méid eolais atá ar fáil ón Tugann éadaí eolas dúinn faoi bhfoinse seo srianta go leor. na faisin a bhí ann ag am áirithe. Léiríonn siad stádas duine freisin, mar shampla saibhreas nó easpa saibhris an duine. Léiríonn siad an saghas trádála a bhí ar siúl chun na héadaí a chruthú, agus na saghsanna scileanna a bhí ag na daoine a chruthaigh iad.

Eispéireas Foghlama Tá staraí ag iarraidh eolas a bhailiú faoi na héadaí a chaith daoine sna 2020idí. Cad iad na héadaí ón lá inniu is mó a bheadh suimiúil don staraí sin agus cén fáth?

Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Nuachtáin

Fianaise scríofa Bíonn a lán eolais i nuachtáin. Tugann siad cur síos dúinn ar eachtraí polaitiúla, sóisialta agus spórtúla. Tugann siad eolas mar gheall ar eachtraí áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Uaireanta, bíonn cur síos andrámatúil iontu. Déantar sin chun níos mó nuachtán a dhíol. Uaireanta, bíonn sé deacair an teanga a thuiscint i nuachtáin áirithe.

Tasc A: Cuardaigh nuachtáin ar líne.

1 Scríobh 3 cheannlíne nuachtáin a bhaineann le do cheantar. 2 Scríobh na dátaí agus teidil na nuachtán ina bhfuil na 3 cheannlíne sin. 3 Cén scéal nuachta is suimiúla, dar leat, faoi do cheantar? Seo an seoladh a bheidh uait: https://archive.irishnewsarchive.com/Olive/APA/RAD.Edu/Default.aspx#panel=home

Tasc B: Déan cur síos ar 4 dhifríocht idir sean-nuachtáin agus nuachtáin an lae inniu.

Tasc C: Is staraí thú sa bhliain 2050. Tá tú ag iarraidh eolas a bhailiú faoi do chontae sa bhliain 2010.

1 Ainmnigh nuachtáin áitiúla agus náisiúnta is féidir leat a úsáid chun an t-eolas sin a bhailiú.

2 Cén nuachtán a bheadh níos úsáidí duit chun an t-eolas a bhailiú – an nuachtán náisiúnta nó áitiúil? Mínigh do fhreagra.

4

Aistear Ama


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Taifid Rialtais Samplaí ná teastais bhreithe agus daonáirimh (daonáireamh = an daonra a áireamh)

Scríofa Bíonn eolas tábhachtach le fáil iontu faoi dhaonra na tíre. Bíonn a lán fíricí iontu.

Uaireanta, bíonn sé deacair an teanga a thuiscint.

Tasc A: Tá bileog oibre ar Dhaonáirimh le fáil ag deireadh na caibidle seo. Cuardaigh daonáireamh 1901 nó 1911. Cuardaigh d’ainm féin, nó ainm ball teaghlaigh nó ainm duine mór le rá, ar nós ceannairí Éirí Amach 1916. Seo an seoladh a bheidh uait: http://www.census.nationalarchives.ie/search/ Tasc B: Cuardaigh an taifead de na príosúnaigh a cuireadh chun na hAstráile. Féach ar cuireadh éinne leis an ainm céanna leatsa nó le d’athair/máthair chuig an Astráil mar phíonós. Seo an seoladh a bheidh uait: https://convictrecords.com.au/

Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Litreacha nó Ríomhphoist

Fianaise Scríofa Nuair a scríobhann daoine litreacha nó ríomhphoist, go minic scríobhann siad faoi na heachtraí atá ag tarlú mórthimpeall orthu. Uaireanta, bíonn daoine níos macánta i litir phearsanta.

Bíonn litreacha pearsanta agus uaireanta, bíonn an-chuid tuairimí iontu ach easpa fíricí. Is féidir go mbeadh litreacha roghnaíoch – b’fhéidir nach bhfuil an t-údar ag iarraidh eolas áirithe a thabhairt don duine a fhaigheann an litir.

24 Márta 1944

Foclóir t : hones ; ionraic macánta ctive ch: sele roghnaío

Lá gaofar atá ann inniu. Seo an cúigiú lá dár dturas. í le feiceáil gach míle Níl mórán bia fágtha agus tá saighdiúir den bhealach… A Mham agus a Dhaid,

Tá an-spraoi agus spórt againn anseo agus tá a lán Gaeilge á foghlaim agam. An féidir leat m’fh eadóg stáin a sheoladh ar aghaidh chugam? Rinn e mé dearmad uirthi…

1. Obair an Staraí

5


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Óráidí

Cluasfhianaise Déanaimid taifead ar óráidí tábhachtacha.

D’fhéadfadh go mbeadh anchuid tuairimí ach easpa fíricí in óráid.

An cuimhin leat aon óráid thábhachtach a rinne an Príomhoide nuair a bhí tú i rang a sé nó nuair a thosaigh tú san iar-bhunscoil? Úsáidfidh staraithe óráidí mar seo chun tuiscint a fháil ar an saol do scoláirí sna 2020idí. Tugann óráidí eolas dúinn faoin méid a bhí tábhachtach do dhaoine ag am áirithe in áit áirithe.

Uaireanta, tugann an t-óráidí ról níos tábhachtaí dó féin in eachtraí ná mar a bhí aige i ndáiríre.

Eispéireas Foghlama An cuimhin leat óráid an Taoisigh, Leo Varadkar, ó Washington in Earrach na bliana 2020? Más cuimhin, freagair na ceisteanna seo a leanas, agus mura cuimhin, cuir na ceisteanna ar dhuine níos sine:

1 Cá háit a chuala tú an óráid agus cé a bhí leat ag an am? Ar chuala tú é beo? Foclóir 2 An cuimhin leat conas a bhí an aimsir an lá sin? taifead (sa chás seo), leagan 3 An raibh tú ar scoil an lá sin? scríofa d’eolas: record An cuimhin leat cad faoi a bhí an Taoiseach ag labhairt? 4 an t-óráidí; an duine a thugann caint: the orator 5 An cuimhin leat aon fhocal a d’úsáid an Taoiseach? 6 Conas a mhothaigh tú agus tú ag éisteacht leis an óráid? 7 Ar thuig tú ag an am go raibh tú ag maireachtáil trí eachtra stairiúil? Samplaí eile: Óráid Martin Luther King ‘I have a dream…’ Óráid John F. Kennedy ‘Ask not what your country can do for you…’

Éist leo ar líne agus freagair na ceisteanna seo:

1 Conas a labhair na ceannairí seo? 2 Liostaigh na mothúcháin a spreagann na hóráidí seo sa lucht éisteachta. 3 Cad iad na mothúcháin a spreagann na hóráidí ionat agus tú ag éisteacht leo? 4 Cén t-eolas atá agat anois faoi stair Mheiriceá tar éis éisteacht leis na hóráidí? 5 Cén t-eolas atá agat anois faoi John F. Kennedy agus Martin Luther King mar cheannairí? 6

Aistear Ama


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí Laigí

Agallaimh (comhrá a ndéantar taifead air)

Fianaise ó bhéal Faighimid eolas faoi shaol daoine ó agallaimh.

Braitheann an t-eolas a fhaighimid ó agallamh ar cé chomh maith is atá na ceisteanna a chuirimid ar an duine atá faoi agallamh.

Eispéireas Foghlama Tasc A: Ainmnigh clár teilifíse bunaithe ar agallamh. Tasc B: Samhlaigh gur staraí thú atá ag iarraidh eolas a fháil faoin saol a bhí ag scoláirí blianta ó shin. Cuir agallamh ar sheantuismitheoir, ar chaomhnóir nó ar thuismitheoir. ‘Agallamh faoi scoileanna fadó’. Cuir ceisteanna cosúil leo seo, nó cum do chinn féin:

1 Cá ndeachaigh tú ar an iar-bhunscoil? 2 Conas a chuaigh tú ar scoil? 3 Cén fáth ar fhreastail tú ar an iar-bhunscoil sin? 4 Cén saghas éide scoile a chaith tú? 5 Cad a d’ith tú ag am lóin? 6 An bhfuair tú obair bhaile? 7 An raibh cead ag múinteoirí scoláirí a bhualadh? 8 Cén t-ábhar ab fhearr leat? Cén fáth? 9 Cén saghas foirgnimh ab ea an scoil? q Cén riail ba mheasa a bhí ann? Cén fáth? w Cad é an chuimhne is fearr atá agat ón iar-bhunscoil? Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Grianghraif, ealaín agus póstaeir

Físeolas Tugann ealaín agus póstaeir eolas dúinn mar gheall ar thréimhsí sula raibh ceamaraí ann. Tugann grianghraif léargas dúinn ar eachtraí stairiúla níos nua-aimseartha.

Tá an méid eolais atá ar fáil ó na foinsí seo srianta go leor.

Eispéireas Foghlama Lorg seanghrianghraf sa bhaile, mar shampla ceann den cheantar ina bhfuil cónaí ort, d’fhoireann áitiúil spóirt nó d’imeacht áitiúil. Déan iarracht ceann atá an-sean a aimsiú, dubh agus bán, más féidir. 1. Obair an Staraí

7


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Dírbheathaisnéisí agus cuimhní cinn

Uaireanta, scríobhann daoine dírbheathaisnéisí, ina dtugann siad cuntas ar an gcineál saoil a bhí acu.

Is féidir leis na foinsí seo a bheith leataobhach, feicimid tuairim an údair amháin. B’fhéidir go ndéanfadh daoine dearmad ar chuid de na fíricí, go háirithe le cuimhní cinn a scríobhann daoine blianta níos déanaí.

Eispéireas Foghlama Déan taighde ar ‘Leanbh Deireanach an Bhlascaoid’ agus ‘A Thig Ná Tit Orm’. Faigh amach:

1 Cad é ábhar na leabhar seo? 2 Cathain a scríobhadh iad? 3 Cuir ciorcal timpeall ar an saghas staire ón liosta thíos atá in ‘Leanbh Deireanach an Bhlascaoid’.

4 Cuir ciorcal timpeall ar an saghas staire atá in ‘A Thig Ná Tit Orm’. Is féidir níos mó ná ceann amháin a roghnú, más cuí. stair áitiúil

stair na mban

stair na Gaeilge

stair na heolaíochta

stair shóisialta

stair na hÉireann

stair na healaíne

stair na n-imirceach

stair Stát Aontaithe Mheiriceá

stair Mhór-Roinn na hEorpa

Foclóir int: insight léargas; tuisc eoir: author údar; scríbhn áitiúil: local ory women’s hist stair na mban: igrant history irceach: emm stair na n-im

8

Aistear Ama


Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Dialanna

Fianaise scríofa Má choimeádann daoine dialann, beidh taifead ann den chineál saoil a bhí acu ó lá go lá, m.sh. ‘Dialann Anne Frank’ agus ‘Dialann Zlata’. Go minic, bíonn daoine níos macánta i ndialann ná mar a bhíonn sa ghnáthshaol.

Uaireanta, bíonn an fhoinse seo leataobhach, feicimid tuairim an údair amháin. B’fhéidir nach mbeadh mórán fíricí ann.

Eispéireas Foghlama Déan taighde ar na leabhair ‘Dialann Anne Frank’ agus ‘Dialann Zlata’ (le Zlata Filipović.)

1 Cad é ábhar na leabhar seo? 2 Cén aois a bhí Anne agus Zlata nuair a scríobh siad dialann? 3 Cad iad na heachtraí stairiúla a bhí ag tarlú agus Anne agus Zlata ag scríobh dialainne? 4 Cad iad na saghsanna eolais a thugann dialanna mar iad don staraí faoi shaol daoine óga le linn cogaidh?

Foinsí Príomha Foinse phríomha

Saghas agus Láidreachtaí

Laigí

Fuaimeanna agus ceol ón am atá caite

Cluasfhianaise Faighimid tuiscint níos fearr ar na fuaimeanna a chuala daoine fadó.

Eolas srianta nó teoranta go leor atá ar fáil ón bhfoinse seo.

Eispéireas Foghlama Éist le bonnán ón Dara Cogadh Domhanda ag an nasc seo: https://www.iwm.org.uk/collections/item/object/80006949 Cé na mothúcháin a mhúsclaíonn an fhuaim seo ionat?

An bhfuil a fhios agat? Téarmaí eile a úsáidtear ar fhoinsí príomha is ea bunfhoinsí, foinsí príomhúla agus príomhfhoinsí.

1. Obair an Staraí

9


Tasc A: Roinn nó rangaigh na foinsí príomha ar leathanaigh 3–9 faoi na ceannteidil seo a leanas: Fianaise físe

Fianaise thadhlach

Fianaise scríofa

Cluasfhianaise

Fianaise ó bhéal

Tasc B: Rangaigh na foinsí don staraí! Beidh na foinsí atá an-úsáideach agus tábhachtach don staraí ag barr an dréimire agus beidh na foinsí nach bhfuil róthábhachtach ag bun an dréimire.

Foclóir

orise aí: categ ir i ngrúp cu ; h ig a rang ) ecision(s /cinntí: d cinneadh eace áin: the p an tsíoch

Tasc C: An bhfuil foinse phríomha agaibh sa bhaile? Aimsigh grianghraf de agus tabhair ar scoil é, más féidir. Tasc D: An bhliain 2080 atá ann. Roghnaigh ceann de na ráitis thíos nó cruthaigh do phearsa féin. •

Is imreoir tábhachtach thú le foireann cháiliúil spóirt

Is ealaíontóir nó scríbhneoir mór le rá thú

Is ceannaire thú a rinne cinntí iontacha ar son na hÉireann

Is duine thú a chabhraigh chun síocháin a chur chun cinn go hidirnáisiúnta

Is saighdiúir thú a shábháil clann ó bhás i gcogadh.

Ceist

Scríobh liosta de na saghsanna foinsí a úsáidfidh staraí sa bhliain

foinsí daimid na Cá gcoimeá o ar fad? príomha se

10

Aistear Ama

2080 chun eolas a bhailiú faoi do shaol. Coimeádaimid na foinsí príomha is tábhachtaí i gcartlann nó in iarsmalann.


Cartlanna agus Iarsmalanna Is foirgneamh í cartlann, ina gcoimeádaimid foinsí, amhail taifid rialtais. Uaireanta, caithfidh tú coinne a dhéanamh chun féachaint ar na foinsí a bhfuil suim agat iontu. Ina dhiaidh sin, is féidir leat cuairt a thabhairt ar an gcartlann agus na foinsí príomha a fheiceáil. Anuas air sin, bíonn cartlanna digiteacha ar fáil. Ciallaíonn sé sin go ndéanann daoine digitiú ar fhoinsí príomha agus go gcuireann siad ar fáil don phobal iad ar líne. Is cartlanna digiteacha iad: http://www.census.nationalarchives.ie/ agus https://www.irishnewsarchive.com/ Bíonn foinsí príomha agus iarsmaí le fáil in iarsmalanna fosta. Bíonn siad ar taispeáint san iarsmalann agus bíonn an pobal in ann cuairt a thabhairt ar an iarsmalann gan coinne a dhéanamh. San iarsmalann is féidir siúl thart i measc foinsí príomha ó na céadta agus na mílte bliain ó shin! Go minic, bíonn iarsmalanna suite i bhfoirgnimh thábhachtacha, nó i bhfoirgnimh ar chónaigh laochra stairiúla iontu. Is iarsmalann cháiliúil é Músaem Phríosún Chill Mhaighneann – áit ar cuireadh ceannairí Éirí Amach 1916 chun báis. Bhunaigh Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, Gaelscoil i mBaile Átha Cliath darbh ainm Scoil Éanna. Sa lá atá inniu ann, is iarsmalann í – Músaem na bPiarsach. Is iarsmalann cháiliúil in Amstardam í an áit dheireanach ar chónaigh Anne Frank. Is féidir siúl thart ar na seomraí inar chónaigh sí sular cuireadh chuig campa géibhinn í. Tasc: An bhféadfadh do scoil a bheith ina iarsmalann sa todhchaí?

Foclóir

Smaoinigh faoin saghas foirgnimh atá ann

Cé a chónaigh nó cé a d’oibrigh ann?

An bhfuil do scoil suite ar shuíomh nó ar thalamh a bhí tábhachtach uair éigin sa stair?

Smaoinigh ar iarscoláirí agus iarmhúinteoirí na scoile – an raibh siad páirteach in aon imeacht tábhachtach nó ar éirigh siad cáiliúil iad féin? Tá bileog oibre ar iarsmalanna le fáil ag deireadh na caibidle seo.

Cill Mhaighneann: Kilmainh

am

Foinsí Tánaisteacha

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. Taoiseach

beatha

clár

eachtra

Tánaiste

beathaisnéis

clár/cláir faisnéise

podchraoladh

tánaisteach

dírbheathaisnéis

seinnteoir

seinn

Ní thagann foinsí tánaisteacha díreach ón am a tharla eachtra sa stair, neamhchosúil le foinsí príomha. Tagann foinsí tánaisteacha níos déanaí – fiche, tríocha nó b’fhéidir céad bliain tar éis do chogadh nó imeacht/eachtra stairiúil tarlú.

1. Obair an Staraí

11


Saghsanna Foinsí Tánaisteacha Beathaisnéis: is é is beathaisnéis ann ná leabhar a scríobhann duine mar gheall ar shaol duine eile ag úsáid foinsí príomha. Má scríobhann duine sa lá atá inniu ann, leabhar faoi dhuine ar nós William Shakespeare, is foinse thánaisteach é, mar nach raibh an scríbhneoir i láthair nuair a bhí William Shakespeare beo. Tá sampla le feiceáil anseo:tá an Leabhar 1 dá leabhar thuas bunaithe ar shaol Barack Obama. Scríobh Barack Obama Leabhar 1 agus dá bhrí sin, is foinse phríomha í. Níor scríobh sé Leabhar 2 agus dá bhrí sin, is foinse thánaisteach é.

Leabhar 2

Ailt, aistí agus leabhair staire: tugann siad seo cur síos ar eachtraí agus ar dhaoine stairiúla ach scríobhadh iad tar éis do na heachtraí stairiúla tarlú. Is foinse thánaisteach é do théacsleabhar staire. Cláir faisnéise: Bíonn siad seo le fáil i bhfoirm podchraoltaí, cláir raidió, cláir theilifíse, nó ar ardáin ar nós Netflix, Amazon Prime nó Youtube. Tugann na cláir seo cur síos ar imeachtaí a tharla sa stair. Sampla is ea an tsraith ‘World War II in Colour’ a léiríodh sa Bhreatain ar dtús agus atá anois ar fáil ar Netflix. Is sraith de chláir ar Éirí Amach 1916 é ‘Seachtar na Cásca’ a bhí le feiceáil ar TG4 agus atá fós le feiceáil ar Sheinnteoir TG4.

Fíricí agus Tuairimí

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. fíric

tuairim

cogadh

cruinn

fíricí

fírinne

scagadh

míchruinn

mothúchán

dúshlán

bolscaireacht

míchruinneas

Caithfidh an staraí féachaint go cúramach ar fhoinsí agus smaoineamh faoi líon na bhfíricí/ dtuairimí atá iontu. Fíric is ea eolas atá fíor. Is féidir fíric a chruthú. Is féidir linn teacht ar fhíricí trí thaighde a dhéanamh, mar shampla, i leabhar nó ar an idirlíon. Seo sampla d’fhíric: Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda sa bhliain 1939. Ar an lámh eile, smaoineamh nó mothúchán atá ag duine faoi dhuine nó faoi eachtra atá i gceist le tuairim. Ní féidir tuairim a chruthú agus seans go mbeidh do thuairim difriúil le tuairim do chara. Seo sampla de thuairim: Is í foireann Bhaile Átha Cliath an fhoireann pheile is fearr sa tír.

12

Aistear Ama


Tasc A: Léigh na habairtí seo a leanas agus abair an fíric nó tuairim atá iontu.

1 Is í an stair an t-ábhar is fearr ar scoil. 2 Déanann gach scoláire sa chéad bhliain staidéar ar theanga. 3 Ba cheannaire é Mícheál Ó Coileáin le linn Chogadh na Saoirse. 4 Is Uachtarán uafásach é Michael D. Higgins. 5 Tá Amazon Prime níos fearr ná Netflix. 6 Thosaigh TikTok sa tSín. 7 Ba cheart go mbeadh Donald Trump fós i gceannas ar Mheiriceá. 8 Ba é Barack Obama an chéad uachtarán daite ar Meiriceá. Tasc B: a)

Anois scríobh 3 abairt atá fíor bunaithe ar do rogha 3 cinn de na topaicí seo a leanas: Éadaí agus faisean, Éirí Amach 1916, Cúrsaí Spóirt, Cúrsaí Ceoil, An Dara Cogadh Domhanda.

b)

Anois scríobh 3 abairt ar tuairimí iad, bunaithe ar do rogha 3 cinn de na topaicí céanna.

Fadhbanna le Foinsí!

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. bréagach

leataobhach

dearfach

ráfla

claonta

diúltach

áibhéileach

claontacht

oibiachtúil

Foclóir

Mar is eol dúinn, bíonn dhá insint ar gach scéal agus uaireanta trí nó ceithre insint! Cén insint atá cruinn? An féidir gach píosa eolais sna foinsí a chreidiúint? An mbíonn botúin sna foinsí? An bhfuil insint nó leagan amháin d’eachtra níos úsáidí, nó fiú níos tábhachtaí, ná insint eile? Sin an dúshlán a bhíonn roimh an staraí – scagadh a dhéanamh ar na scéalta ar fad, féachaint ar na fadhbanna a bhaineann leis na foinsí agus teacht ar an mórphictiúr. 1

ach, cruthaigh):

a chruthú (infinide to prove

rsion insint; leagan: ve dúshlán: challenge

er ach, scag): to filt a scagadh (infinide ccuracy míchruinneas: ina nts eye witness accou cuntais finné súl:

Míchruinneas: Caithfidh an staraí staidéar cúramach a dhéanamh ar na foinsí a úsáideann sé. Uaireanta, baineann fadhbanna nó botúin le foinsí. Uaireanta, bíonn siad míchruinn, go háirithe má tá siad ag brath ar chuimhne an duine – cuntais finné súl, agallamh nó cuimhní cinn, mar shampla.

1. Obair an Staraí

13


2

Áibhéil: Uaireanta eile, bíonn cur síos áibhéileach ar eachtraí nó ról duine in imeacht stairiúil.

3

Claontacht: Ciallaíonn claontacht go dtugann foinsí íomhá nó pictiúr míchothrom dúinn den stair. Sampla is ea cur síos míchruinn a thabhairt ar dhuine nó eachtra chun íomhá níos fearr a chruthú den duine sin, má thaitníonn siad linn. Uaireanta, cruthaímid íomhá níos measa de dhuine nach dtaitníonn linn. Focal eile ar chlaonta is ea leataobhach. Ach conas a bhíonn a fhios ag staraí go bhfuil claontacht i bhfoinse? Caithfidh an staraí a bheith cúramach agus é/í ag féachaint ar fhoinsí. Bíonn an staraí ag iarraidh cur síos oibiachtúil a scríobh faoin stair, gan a bheith claonta. Ciallaíonn ‘cur síos oibiachtúil’ nach bhfuil an cur síos bunaithe ar thuairimí ná ar mhothúcháin. Caithfidh an staraí an fhírinne a chuardach i gcónaí. Chun an fhírinne a bhaint amach, caithfimid ceisteanna áirithe a chur. Seo iad na ceisteanna a chuireann an staraí:

1 Cá ndearnadh an fhoinse? 2 Cathain a rinneadh í? 3 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach atá inti? 4 Cén duine a rinne í? An bhfuil an duine sin iontaofa? 4

Bolscaireacht: Tugaimid bolscaireacht ar eolas leataobhach nó claonta a scaipeann daoine. Bíonn an t-eolas eagraithe nó deartha go speisialta chun mothúcháin – eagla, fearg, fuath nó éad – a spreagadh i ndaoine. Go minic, baineann ráflaí nó eolas bréagach leis an mbolscaireacht agus bíonn sé deacair an fhírinne a dhéanamh amach.

(i) Bolscaireacht dhiúltach Seo sampla de bholscaireacht dhiúltach. Ciallaíonn ‘Der ist Schuld am Kriege!’ ‘Tá an milleán airsean faoin gcogadh!’ Bhíodh an póstaer seo le feiceáil sa Ghearmáin Naitsíoch. Tá an milleán á chur ar na Giúdaigh mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda. Is í fírinne an scéil ná gur thosaigh Hitler an cogadh. Cad iad na mothúcháin a bhí an póstaer seo ag iarraidh a spreagadh? Is sampla eile de bholscaireacht fhrithGhiúdach é seo ar chlé. Chuir Naitsíoch darbh ainm Julius Streicher leabhar le chéile chun múineadh do pháistí na Gearmáine gur ‘dhrochdhaoine’ ba ea na Giúdaigh. Tógadh an pictiúr seo ón leabhar sin. Sa phictiúr, tá an páiste ag taispeáint na ndrochthréithe fisiciúla a bhain le Giúdaigh.

Foclóir áibhéil: exaggeration iontaofa: reliable claontacht; leataobhachas: bias craobh; cluiche craoibhe: final oibiachtúil, neamhchlaonta: objective

14

Aistear Ama


(ii)

Bolscaireacht dhearfach Baineann tuin dearfach le bolscaireacht nuair a bhíonn comhoibriú an phobail ag teastáil. B’fhéidir gur chuala tú an frása ‘Loose lips sink ships.’ Bhí sé scríofa ar phóstaer i Meiriceá i rith an Dara Cogadh Domhanda, chun daoine a spreagadh le bheith cúramach agus iad ag caint le strainséirí. Sa phóstaer seo, ‘Rosie the Riveter’, tá mná á spreagadh chun dul amach ag obair sna monarchana chun cabhrú leis an gcogadh. Bhíodh an póstaer seo le feiceáil go forleathan i rith an Dara Cogadh Domhanda agus úsáidtear é fós sa lá atá inniu ann. Cé na mothúcháin a bhí an póstaer seo ag iarraidh a spreagadh? Conas a léirítear tuin dearfach sna póstaeir seo? Cad a bhí ag tarlú ar domhan nuair a rinneadh na póstaeir seo, dar leat?

Tá tuairisc ó chluiche peile le feiceáil thíos. Léigh é agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.

“Bhí an t-ádh dearg ar Bhaile Átha Cliath ag an gcluiche. Bhuaigh Baile Átha Cliath ar imreoirí iontacha sciliúla Chiarraí trí chaimiléireacht agus an t-ádh a bheith orthu. Bhí an réiteoir go hiomlán claonta. Déarfainn gur mhothaigh sé brú ó na sluaite ag béicíl ar Chnoc 16. Thug sé ciceanna saora do Bhaile Átha Cliath nuair a bhí siad san tar éis cailísí a dhéanamh ar Chiarraí!’’ Alt le Sarah Ní Mhuircheartaigh, as www.tuairisc.ie, 15ú Meán Fómhair 2019. (Scríofa lá tar éis na craoibhe)

Ceisteanna

1 Cad iad na focail a d’úsáid an t-údar chun cur síos ar fhoireann Chiarraí? 2 Cad a scríobh an t-údar faoi fhoireann Bhaile Átha Cliath? 3 Cad a scríobh an t-údar faoin réiteoir? 4 Mínigh an focal claonta. 5 Cathain a scríobhadh an t-alt seo? 6 An bhfuil an t-alt seo cóir, cothrom dar leat? 7 An bhfuil an t-údar ag tacú le foireann faoi leith, dar leat? Mínigh do fhreagra. 8 Cén saghas foinse é an t-alt seo? ir Focló

cóir; ceart,

ir

cothrom: fa

tuin: tone ories factory/fact onarchana: monarcha/m

1. Obair an Staraí

15


Súil siar

1 Cé acu leabhar faoi Alex Ferguson an bheathaisnéis, leabhar 1 nó 2? 2 Tabhair sainmhíniú ar an bhfocal beathaisnéis. 3 Cé acu leabhar faoi Alex Ferguson an dírbheathaisnéis? 4 Tabhair sainmhíniú ar an bhfocal dírbheathaisnéis. 5 Cén saghas foinse í beathaisnéis Alex Ferguson? 6 Cén saghas foinse í dírbheathaisnéis Alex Ferguson? 7 Cé acu atá níos luachmhaire don staraí – beathaisnéis nó

Leabhar 1

dírbheathaisnéis?

8 Cén saghas foinse é Leabhar 3 thuas? 9 Tabhair 3 shampla d’fhoinsí príomha eile. q Tabhair 2 shampla d’fhoinsí tánaisteacha eile. w Féach ar an liosta seo a leanas, agus abair an foinse phríomha nó foinse thánaisteach iad: a) Nuachtán ón mbliain 1900.

Leabhar 2

b) Grianghraf de Hitler. c) Agallamh le do mhúinteoir mar gheall ar scoileanna sa lá atá inniu ann. d) Agallamh le do mhúinteoir mar gheall ar scoileanna sa bhliain 1850. e) Dírbheathaisnéis scríofa ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins. f) Beathaisnéis dár teideal ‘Micheal D. Higgins – Uachtarán na Tíre.’

e Ainmnigh dhá chlár faisnéise staire atá le fáil ar sheinnteoir TG4. r Ainmnigh dhá chlár faisnéise staire atá le fáil ar sheinnteoir RTÉ. t Ainmnigh dhá chlár faisnéise staire atá le fáil ar sheinnteoir Netflix nó Amazon Prime nó aon ardán eile dá leithéidí.

y Ainmnigh dhá phodchraoladh staire: ceann ar stair na hÉireann agus ceann ar an stair idirnáisiúnta.

u An bhfuil aon fhoinse thánaisteach agat sa bhaile? Ainmnigh í/iad nó aimsigh grianghraf di/díobh, más féidir.

Léitheoireacht Mholta Chinese Cinderella: The True Story of an Unwanted Daughter le Adeline Yen Mah A Small Person Far Away le Judith Kerr Dialann Anne Frank le Anne Frank Zlata’s Diary le Zlata Filipvić I Was a Boy in Belsen le Tomi Reichental

16

Aistear Ama

Leabhar 3


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Iarsmalann Ronaldo nó Músaem na Réaltaí Stíle Roghnaigh ceann amháin de na bileoga oibre seo (Iarsmalann Ronaldo nó Músaem na Réaltaí Stíle) agus freagair na ceisteanna a théann léi.

Tá iarsmalann Ronaldo suite in Funchal, príomhchathair Maidéara, oileán amach ó chósta na Portaingéile. Tá dealbh den imreoir tábhachtach sacair seo le feiceáil lasmuigh den iarsmalann. Is sa chathair seo a rugadh Ronaldo ar an 5ú Feabhra 1985. Is é Ronaldo an duine is cáiliúla a rugadh agus a tógadh i Maidéara. Thug deartháir Ronaldo faoi deara go raibh coirn éagsúla Ronaldo caite timpeall a thí. Cheap sé go mbeadh sé ní b’fhearr iad a stóráil go cúramach in áit amháin. Mar sin, osclaíodh Iarsmalann Ronaldo. I measc na nithe atá le feiceáil san iarsmalann, tá gach corn a bhuaigh Ronaldo leis féin nó mar chuid d’fhoireann thar na blianta. Tá os cionn 300 duais bainte ag an imreoir clúiteach seo, ón uair a thosaigh sé ag imirt. Ina measc, tá corn a bhuaigh sé don Imreoir is Fearr faoi 13 agus corn UEFA don Imreoir is Fearr san Eoraip. Tá macasamhla na nduaiseanna Ballon d’Or, Golden Boots, Príomhshraithe agus Shraith na gCuradh san iarsmalann. Tá macasamhail Chorn Henri Delaunay ann freisin, corn a d’ardaigh Ronaldo ag an Stade de France in 2016, nuair a bhuaigh an Phortaingéil ar an bhFrainc tar éis am breise i gcomórtas UEFA. Ní coirn amháin atá le fáil san iarsmalann, áfach. Tá geansaithe an imreora ann, cuid acu sínithe ag Ronaldo. Tá an geansaí “Ronaldo 324 Histórico” ann: is geansaí é sin a fuair sé nuair a sháraigh sé Raúl, don líon ba mhó cúl a scóráil, le 324 cúl do Real Madrid. Tá amlíne idirghníomhach ann freisin. Is scáileán tadhaill é, a léiríonn físeáin de bhuaicphointí sacair Ronaldo. Tá grianghraif agus pictiúir de le feiceáil ar fud na hiarsmalainne, mar aon le litreacha scríofa chuig Ronaldo óna lucht leanúna.

Foclóir Cosnaíonn cuairt ar an iarsmalann €5 agus tá sé saor in aisce d’éinne faoi bhun 10 mbliana d’aois. Ceisteanna

macasamhla: replicas Sraith na gCuradh: Champions League buaicphointí; an chuid is fearr: highlights

1 Cén chathair ina bhfuil Iarsmalann Ronaldo? 2 Cad atá le feiceáil lasmuigh den iarsmalann? 3 Cén fáth a roghnaíodh Funchal, thar aon chathair eile, d’iarsmalann Ronaldo? 1. Obair an Staraí

17


4 Cad is brí leis an téarma macasamhla? 5 Déan liosta de na foinsí príomha a bhaineann le saol spóirt Ronaldo agus atá le fáil san iarsmalann.

6 Agus an liosta ó cheist 5 thuas in úsáid agat, rangaigh na foinsí sin faoi na teidil seo a leanas: Fianaise físe

Fianaise thadhlach

Fianaise scríofa

7 Cén tslí a léiríonn an iarsmalann seo imeachtaí móra i saol Ronaldo le himeacht ama? 8 An bhfuil cuairt ar an iarsmalann seo saor in aisce? Tasc: Cruthaigh d’iarsmalann féin! •

Cén duine nó eachtra a bheadh mar ábhar ag d’iarsmalann?

Cén saghas foirgnimh a bheadh oiriúnach do d’iarsmalann?

Cá mbeadh d’iarsmalann suite nó cén saghas suímh a bheadh ann?

Cé na foinsí a bheadh i d’iarsmalann? Líon an tábla thíos: Fianaise físe

18

Fianaise thadhlach

Cruthaigh plean d’úrlár na talún de d’iarsmalann.

Aistear Ama

Fianaise scríofa

Cluasfhianaise

Fianaise ó bhéal


Coimeádtar bailiúcháin faisin agus iarsmaí agus déantáin a bhain le híocóin siamsaíochta, amhail Audrey Hepburn, Marilyn Monroe, an Bhanphrionsa Grace, an Bhanphrionsa Diana agus an banna ceoil stairiúil The Beatles, i measc go leor eile san iarsmalann seo. Thosaigh an iarsmalann nuair a cuireadh an gúna dubh, a chaith Audrey Hepburn sa scannán ‘Charade’ (1963), ar ceant sa bhliain 2006. Cheannaigh Newbridge Silverware an gúna agus ba é an chéad déantán é san iarsmalann nua. Ina dhiaidh sin, cuireadh earraí cuimhneacháin le Marilyn Monroe ar taispeáint ann. Bhí cuairteoirí in ann éadaí, litreacha agus grianghraif de Monroe a fheiceáil ann. Thar na blianta, léiríodh taispeántais de dhaoine cáiliúla ar nós Liz Taylor, Madonna, Prince, agus Judy Garland. Faigheann an cuairteoir léargas agus tuiscint ar thionchar na ndaoine seo ar stair an fhaisin, ról an ghrianghrafadóra agus ról an dearthóra feistis. Sa lá atá inniu ann, is féidir culaith ghlas, a chaith an Bhanphrionsa Grace, a fheiceáil. Chaith sí í ar cuairt stáit go hÉirinn, agus uair eile agus í ag bualadh leis an Uachtarán Kennedy agus a bhean chéile, Jackie, sa Teach Bán. Tá caomhnú déanta ar bheart litreacha a scríobh Audrey Hepburn chuig a hathair. Tá an bailiúchán is mó ar domhan de dhéantáin Audrey Hepburn ag Músaem na Réaltaí Stíle. Anuas air sin, tá an gúna síoda bán a dhear Balenciaga, agus a chaith Ava Gardner ag an gcéad léiriú den scannán ‘To Kill a Mockingbird’ i Londain, le feiceáil ann. I measc lucht stíle níos nua-aimseartha, a bhfuil déantáin dá gcuid le fáil ann, tá Joan Collins, na Kardashians agus aisteoirí ón gclár teilifíse ‘Mad Men’.

Foclóir iocóin siamsaíochta: entertainment icons ar ceant: for auction

Tá na hiarsmaí ar fad curtha i gcásanna soilsithe gloine. Tá a lán eolais ar na cláir eolais faoi gach iarsma. Chomh maith leis an mbailiúchán buan, tagann go leor taispeántas ar cuairt shealadach chuig an iarsmalann seo freisin.

earraí cuimhneacháin: memorabilia taispeántas/taispeántais: exhibition(s) léargas; tuiscint: insight grianghrafadóir: photoghrapher

Bíonn an iarsmalann ar oscailt gach lá le saorchead isteach. Bíonn líon áirithe turais threoraithe ann gach lá agus caithfear iad a chur in áirithe roimh ré.

dearthóir feistis: costume designer culaith: suit caomhnú; (ainm briathartha, caomhnaigh): conservation beart: bundle

Ceisteanna

1 Cad atá le fáil i Músaem na Réaltaí Stíle? 2 Cad é an chéad déantán a bhí san iarsmalann seo? 3 Cén tslí a fuair an iarsmalann an chéad déantán? 4 Cad iad na foinsí príomha a bhain le Marilyn Monroe agus

dhear sí (aimsir chaite, dear): she designed buan: permanent sealadach: temporary treoraithe: guided a chur in áirithe: to book

a bhí le feiceáil san iarsmalann? 1. Obair an Staraí

19

Bileoga Oibre

Músaem na Réaltaí Stíle, Droichead Nua, Co. Chill Dara


5 Cad atá i gceist le ‘caomhnú déanta ar bheart litreacha’, dar leat? 6 Cad iad na buntáistí a bhaineann leis na déantáin seo a choimeád i gcásanna soilsithe gloine, dar leat?

7 An mbíonn na déantáin céanna le feiceáil san iarsmalann an t-am ar fad nó an athraíonn siad? 8 Cad is gá don chuairteoir a dhéanamh chun turas treoraithe a fháil i Músaem na Réaltaí Stíle?

9 Rangaigh na foinsí príomha atá le fáil san iarsmalann faoi na teidil seo a leanas: Fianaise físe

Fianaise thadhlach

Fianaise scríofa

Tasc: Cruthaigh d’iarsmalann féin! • Cén duine nó eachtra a bheadh mar ábhar ag d’iarsmalann? • Cén saghas foirgnimh a bheadh oiriúnach do d’iarsmalann? • Cá mbeadh d’iarsmalann suite nó cén saghas suímh a bheadh ann? • Cad iad na foinsí a bheadh i d’iarsmalann? Líon an tábla thíos: Fianaise físe

Fianaise thadhlach

Fianaise scríofa

Cluasfhianaise

• Cruthaigh plean d’úrlár na talún de d’iarsmalann.

An Ghramadach

20

Aistear Ama

Uatha

Iolra

an iarsmalann

na hiarsmalanna

méid na hiarsmalainne

méid na n-iarsmalann

Fianaise ó bhéal


Bileog Oibre (i) Daonáireamh 1911 Tá cuid mhaith eolais ó na daonáirimh le fáil ar an saol in Éirinn céad bliain ó shin. Seo foirm áitritheoirí i dTeach 1, Leitir Calaidh, Leitir Móir, Conamara, Co. na Gaillimhe ó dhaonáireamh 1911. 1911, leagan clóite: http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1911/Galway/Lettermore/Lettercallow_Island/470785/

1911, foirm: www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002433443/

Ainm

Ó Clochthartaigh Pádraic Ní Chlochthartaigh Maighréad Ó Clochthartaigh Dubhdhara Ó Clochthartaigh Micheál Ní Clochthartaigh Máire Ó Clochthartaigh Ioseph Ó Clochthartaigh Máirtín Ó Clochthartaigh Seaghán Ó Clochthartaigh Pádraic Ó Clochthartaigh Tomás

Aois Gaol le Líon na bpáistí Ceann an Tí a rugadh Líon na bpáistí fós beo 60 Fear an Tí

Léamh agus Scríobh Níl

Slí Bheatha

Teanga

Feirmeoir

Gaeilge

42

A bhean

20

A mhac

18

A mhac

16

A iníon

13

A mhac

10

A mhac

7

A mhac

Scoláire

Gaeilge

4

A mhac

Léamh agus Scríobh Léamh agus Scríobh Léamh agus Scríobh Léamh agus Scríobh Léamh agus Scríobh Léamh agus Scríobh Léamh agus Scríobh –

Gaeilge

2

A mhac

Gaeilge

9 8

Gaeilge agus Béarla Mac Gaeilge Feirmeora agus Béarla Mac Gaeilge Feirmeora agus Béarla – Gaeilge agus Béarla Scoláire Gaeilge agus Béarla Scoláire Gaeilge

1 Cé mhéad duine a bhí i dTeach 1 nuair a rinneadh an daonáireamh sa bhliain 1911? 2 Cé mhéad iníon a bhí sa teach sa bhliain 1911? 3 Cé mhéad mac a bhí sa teach sa bhliain 1911? 4 Cén aois a bhí an duine ba shine sa teach? 5 Cén aois a bhí an duine ab óige sa teach? 6 Cad é meánaois na siblíní sa teach? 7 Cé mhéad siblín a bhí sa teach? 8 Cé mhéad páiste a rugadh do Mhaighréad Ní Chlochthartaigh? 1. Obair an Staraí

21

Bileoga Oibre

Tá trí bhileog oibre ann (i) Daonáireamh 1911 (ii) Eolas faoi na tithe (iii) Aimsigh na difríochtaí. Déan bileog oibre (i) agus roghnaigh ceann amháin eile as (ii) agus (iii).


9 I gcomparáid le teaghlaigh sa lá atá inniu ann, an bhfuil líon na ndaoine sa teaghlach seo: íseal, meánach nó ard?

q Cé mhéad duine sa teach nach raibh léamh ná scríobh acu nuair a rinneadh an daonáireamh in 1911?

w Cén fáth nach raibh léamh ná scríobh acu, dar leat? e Cé mhéad duine sa teach a raibh Gaeilge amháin acu? r Cén fáth a raibh Gaeilge amháin acu, dar leat? t Cad é/í príomhtheanga an teaghlaigh seo? Mínigh do fhreagra. y An gceapann tú go mbeadh Béarla ag Tomás, Pádraic, Seaghán agus Máirtín deich mbliana ina dhiaidh seo?

u Cad a cheapann tú faoin seanchló Gaelach, a úsáideadh chun an fhoirm dhaonáirimh a líonadh? (féach anseo: www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002433443/)

i Scríobh alt gearr ar an léiriú a thugann an fhoirm seo dúinn ar úsáid na Gaeilge agus ar úsáid an Bhéarla ag an am seo.

o Cén saghas foinsí iad daonáirimh mar seo? p Tharla daonáirimh sna blianta 1901 agus 1911. Cad í an chéad bhliain eile a bheadh daonáireamh le tarlú inti? Tasc: Cruthaigh d’fhoirm dhaonáirimh féin. •

Smaoinigh faoin eolas ba mhaith leat a bhailiú – an úsáidfeá na ceisteanna céanna le Daonáireamh 1911?

Bíonn ceisteanna nua i ngach daonáireamh. Cé na ceisteanna nua a chuirfeá ann?

Cuimhnigh – líonann gach duine sa teach an fhoirm ag an am céanna ar an oíche chéanna. Tabhair an fhoirm do do theaghlach agus do do chairde.

Bailigh na foirmeacha comhlíonta, déan anailís orthu.

Scríobh cúpla líne le cur síos ar an eolas nua a bhailigh tú.

Bileog Oibre (ii) Cén saghas eolais a thugann daonáirimh dúinn faoi thithe na ndaoine? Seo foirm áitritheoirí Teach 1, Inis an Ghainimh, Leitir Móir, Conamara, Co. na Gaillimhe ón mbliain 1901. Is féidir sonraí an tí a léamh ag an nasc seo: http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000839614/ Féach ar an bhfoirm agus freagair na ceisteanna seo:

1 Cad as a raibh ballaí theach mhuintir Uí Chlochartaigh déanta? 2 Cad as a raibh díon theach mhuintir Uí Chlochartaigh déanta? 3 Cé mhéad fuinneog a bhí le feiceáil chun tosaigh i dteach mhuintir Uí Chlochartaigh? 4 Cén aicme tí é teach mhuintir Uí Chlochartaigh? 5 Cé mhéad teaghlach a chónaigh sa teach seo? 22

Aistear Ama


an eolas atá ar an bhfoirm. Téigh ar aghaidh chuig an gcéad bhileog eile más maith leat tuilleadh a fháil amach faoi shaol mhuintir Uí Chlochthartaigh ag an am seo.

Bileog Oibre (iii) Aimsigh na Difríochtaí – Daonáireamh 1901 agus 1911 Seo foirm áitritheoirí Teach 1, Inis an Ghainimh, Leitir Móir, Conamara, Co. na Gaillimhe. Líon an teaghlach seo an daonáireamh i mBéarla sa bhliain 1901 agus i nGaeilge sa bhliain 1911. Is leaganacha éagsúla den ainm Bartholomew iad na hainmneacha Bartley, Bairtlí agus Párthalón. Cuireadh ceisteanna nua leis an daonáireamh sa bhliain 1911, mar shampla, an líon páistí a rugadh don teaghlach agus líon na bpáistí a bhí fós beo. Cóipeáil na naisc seo a leanas i mbrabhsálaí: 1901, leagan clóite: http://www.census.nationalarchives.ie/pages/1901/Galway/Lettermore/Inchaughaun/1393937/ 1901, foirm: http://www.census.nationalarchives.ie/reels/nai000839616/ 1911, foirm: www.census.nationalarchives.ie/reels/nai002433239/

Daonáireamh

1901

1911

Fir, Aoiseanna agus Slite Beatha

Cloherty, Bartley, 50, Fear an Tí, oibrí feirme Patt, 17, mac, oibrí feirme Dudley, 12, mac, oibrí feirme Joe, 10, mac, oibrí feirme Bartley, 4, mac, oibrí feirme Coleman, 4, mac, oibrí feirme

Ó Clochthartaighe, Párthalón, 70, Fear an Tí, Feirmeoir Joseph, 22, mac feirmeora Bairtlí, 16, mac, scoláire Colm, 16, mac, scoláire

Mná, Aoiseanna agus Slite Beatha

Barbara, 50 Bean an Tí, oibrí feirme Bridget, 14, iníon, oibrí feirme Anne, 8, iníon, oibrí feirme Serah, 6, iníon, oibrí feirme

Barbre, 60, Bean an Tí, – Ánse, 20, iníon, – Sorcha, 18, iníon, – Líon páistí a rugadh don teaghlach: 11 Líon páistí atá fós beo: 11

Teanga

Gaeilge – Gach duine

Gaeilge – Gach duine

Léamh agus Scríobh

Gan léamh ná scríobh – Gach duine

Gan léamh ná scríobh – Párthalón agus Barbre Léamh agus Scríobh – Joseph, Ánse, Sorcha, Bartlí, Colm

Creideamh

Caitliceach Rómhánach

Caitliceach Rómhánach

Pósta

Bartley agus Barbara

Párthalón agus Barbre 1. Obair an Staraí

23

Bileoga Oibre

6 Cén t-ainm a bhí ar fhear an tí? 7 Cé mhéad seomra a bhí sa teach? 8 Cé mhéad duine a bhí ina chónaí sa teach? 9 Cér leis an talamh, a raibh teach mhuintir Uí Chlochartaigh suite air? q Cruthaigh pictiúr/léaráid agus plean urláir de theach mhuintir Uí Chlochartaigh, bunaithe ar


Ceisteanna

1 Cé mhéad duine a bhí i dTeach 1 nuair a rinneadh an daonáireamh sa bhliain 1901? 2 Cé mhéad duine a bhí i dTeach 1 nuair a rinneadh an daonáireamh sa bhliain 1911? 3 Cé mhéad iníon a bhí sa teach sa bhliain 1901? 4 Cé mhéad iníon a bhí sa teach sa bhliain 1911? 5 Cé mhéad mac a bhí sa teach sa bhliain 1901? 6 Cé mhéad mac a bhí sa teach sa bhliain 1911? 7 Cad a tharla do Phatt, Dudley agus Bridget idir 1901 agus 1911, dar leat? 8 Cén tslí bheatha a bhí ag fear an tí sa bhliain 1901? 9 Cén tslí bheatha a bhí ag fear an tí sa bhliain 1911? q Cé mhéad duine sa teach a raibh léamh agus scríobh acu, nuair a rinneadh an daonáireamh in 1901?

w Cé mhéad duine sa teach a raibh léamh agus scríobh acu, nuair a rinneadh an daonáireamh in 1911?

e Cén tslí bheatha a bhí ag Bairtlí agus Colm sa bhliain 1911? r Cérbh iad na daoine nach raibh léamh ná scríobh acu sa bhliain 1911? Cén fáth, an gceapann tú?

t Cé mhéad páiste san iomlán a rugadh sa teaghlach seo? y Cén aois a bhí fear an tí sa bhliain 1901? u Cén aois a bhí fear an tí sa bhliain 1911? i Cén aois a bhí Serah sa bhliain 1901? o Cén aois a bhí Sorcha sa bhliain 1911? p Bhí tréimhse 10 mbliana idir an dá dhaonáireamh. Tá níos mó ná 10 mbliana de dhifríocht idir aois na clainne sa dá dhaonáireamh, áfach. Cén fáth, meas tú?

a Ar éirigh saol an teaghlaigh seo níos fearr nó níos measa sa 10 mbliana idir 1901 agus 1911? Scríobh alt ag míniú do thuairime.

s Mínigh na slite a raibh deacrachtaí agat an t-eolas sna daonáirimh a thuiscint. d Cén saghas foinsí iad daonáirimh mar seo? f Tharla daonáirimh sna blianta 1901 agus 1911. Cad é an chéad bhliain eile a bheifeá ag súil le daonáireamh?

24

Aistear Ama


CAI

B

IDIL

2

Obair an tSeandálaí Príomhthoradh Foghlama: 1.6 tairbhe agus teorainneacha na gcineálacha difriúla bunfhoinsí agus foinsí tánaisteacha stairiúla a phlé, cosúil le fianaise i bhfoirm scríbhinn, fianaise físe, cluasfhianaise, fianaise ó bhéal agus fianaise thadhlach; tuiscint a fháil ar thábhacht na seandálaíochta agus na teicneolaíochta nua don fhiosrú stairiúil Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: 1.1, 1.3, 1.4, 1.5, 1.8, 1.10, 1.11, 3.1, 3.10, 3.11

1 An Staraí

2 An Seandálaí

Ryan Tubridy, údar JFK In Ireland

Poist a bhaineann leis an Stair

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. seandálaí

roimh

déanta

seandálaíocht

réamhstair

déantúsán/déantán

eolaíocht

finscéal/finscéalta

béaloideas

croineolaíocht

strataghrafaíocht

sraith

crann-chroineolaíocht

Seandálaí: duine a lorgaíonn rudaí atá sean déanta ag daoine fadó. Mar sin, tugaimid déantúsáin nó déantán ar na rudaí a fhaigheann seandálaí sa talamh. Déanann seandálaí staidéar ar an réamhstair – an tréimhse sula raibh scríbhneoireacht ann. 2. Obair an tSeandálaí

25


An tSeandálaíocht agus An Seandálaí Is duine é an seandálaí a dhéanann staidéar ar an stair, ach bíonn sé/sí ag tochailt sa talamh chun foinsí a fháil. Muna bhfuil aon fhianaise scríofa ann, is minic a úsáideann staraithe foinsí seandálaíochta chun a gcuid eolais a fháil. De ghnáth, is ar an réamhstair a dhéanann seandálaithe staidéar. Cén fáth a mbíonn an seandálaí ag tochailt sa talamh? Cad atá sa chré a bhfuil suim ag an seandálaí ann? Bíonn déantúsáin nó iarsmaí le fáil sa talamh. Déantúsán (déantán) is ea aon rud déanta ag daoine fadó agus a fhaigheann seandálaí sa talamh. B’fhéidir gur chaill daoine na déantúsáin nuair a bhogadar ó áit go háit. Anuas air sin, chuir daoine rudaí tábhachtacha, ar nós taisce, seodra agus airgid i bhfolach sa talamh. Go minic san am atá caite, chuir daoine rudaí in uaigh in éineacht le corpán, mar chreid siad go raibh saol eile ann tar éis an tsaoil seo. Cuireadh na rudaí ab fhearr leis an duine a bhí marbh, san uaigh leis, amhail seodra, uirlisí cogaidh, bia nó fiú bean chéile nó sclábhaí a bhí fós beo! Eispéireas Foghlama Féach ar an athchruthú seo d’uaigh Lochlannach.

1 Liostaigh na déantúsáin a cuireadh san uaigh leis an nGaiscíoch Lochlannach.

2 Cén t-eolas a thugann na déantúsáin sin dúinn faoi shaol na Lochlannach ag an am?

3 Conas a bhíonn a fhios ag an seandálaí cá háit ar cheart dó féachaint chun iarsmaí agus déantúsáin a fháil?

4 Úsáideann an seandálaí gléasanna agus teicneolaíochtaí amhail aerfótagraif – is é sin grianghraf tógtha ó eitleán nó ó dhrón. Aithníonn suirbhéanna geoifisiceacha gnéithe seandálaíochta, amhail rian de pháirceanna, bailte agus bóithre atá clúdaithe le cré.

5

Seandálaíocht tarrthála – sula dtógtar foirgneamh nó bóthar nua, caithfidh seandálaí suirbhéireacht a dhéanamh ar an suíomh, chun fáil amach an bhfuil aon déantúsán nó iarsmaí faoin talamh. Má tá, is gá iad a tharrtháil.

Foclóir 昀椀anaise: evidence earraí uaighe: grave goods gaiscíoch, laoch, duine a dhéanann gaisce: warrior suirbhéanna geoi昀椀siceacha

:

geophysical surveys gné/gnéithe: features rian: trace seandálaíochta tarrthála: rescue archaeology an t-iarsma/na hiarsmaí: remainder/remains

26

Aistear Ama


6 Uaireanta, bíonn tagairtí do láthair chatha agus a leithéid, i bhfianaise scríofa nó ar sheanléarscáileanna. Uaireanta eile, bíonn tagairtí do láithreacha tábhachtacha i bhfianaise ó bhéal, amhail béaloideas agus finscéalta.

7 Uaireanta, bíonn an t-ádh ar dhaoine nó ar sheandálaithe, agus tagann siad ar dhéantúsáin trí thimpiste. Tháinig fear óg ar cheann de na taiscí is tábhachtaí in Éirinn, Cailís Ardach, nuair a bhí sé ag tochailt ar lorg prátaí! Nuair a thagann seandálaithe ar láthair, a gceapann siad déantúsáin nó iarsmaí a bheith inti, tugann siad ‘tochailt seandálaíochta’ uirthi. Caitheann siad an tochailt a eagrú go han-chúramach ionas nach mbrisfidh siad aon déantúsán/déantán, agus chun an láthair a chosaint ó dhrochaimsir agus ó dhaoine.

Tuiscint ar an Tochailt Seandálaíochta Seo na huirlisí agus gléasanna a úsáideann an seandálaí. Cad iad na cinn atá agat sa bhaile? ceamara

ríomhaire

sluaiste

scuab phéinteála

criathar

lián

málaí plaisteacha trédhearcacha

scuab fiacla

fráma

sluasaidín agus scuab

clogad crua

seaicéad sofheicthe

drón

Tógann an seandálaí na céimeanna seo a leanas sa tochailt: Céim 1: Déanann an seandálaí suirbhéireacht chun fáil amach faoi mhéid agus cruth na láithreach, chomh maith leis an saghas cré agus carraige atá sa cheantar. Tógann sé aerfótagraf agus grianghraif den láthair. Céim 2: Baineann tochaltóir agus sluaistí an ithir ag barr na láithreach. Céim 3: Úsáideann an seandálaí lián chun píosaí beaga den ithir a bhaint.

Foclóir

Céim 4: Úsáideann sé scuaba éagsúla, amhail scuab fiacla agus scuab phéinteála, chun an chré a bhaint go cúramach ó dhéantúsán.

battle sites láthair chatha: : and such agus a leithéid ore béaloideas: folkl finscéal: legend

Céim 5: Úsáideann an seandálaí criathar chun a bheith cinnte nach gcaitheann sé aon déantúsán amach, is cuma cé chomh beag.

ach, eagraigh):

a eagrú; (infinide to organise

2. Obair an tSeandálaí

27


Céim 6: Úsáideann an seandálaí frámaí agus tógann sé/sí grianghraif chun taifead a choimeád ar na háiteanna inar tháinig sé ar na déantúsáin. Déanann sé/sí taifeadadh ar gach déantúsán ar ríomhaire agus i ndialann. Foclóir trédhearcach: transparent méid: size cruth: shape

Céim 7: Cuireann an seandálaí na déantúsáin i málaí plaisteacha trédhearcacha, le huimhir orthu. Tugann sé go dtí an tsaotharlann iad. Céim 8: Ar deireadh, cuireann an seandálaí na déantúsáin ar taispeáint in iarsmalann ionas gur féidir leis an bpobal ar fad féachaint orthu.

Modhanna Dátaithe Eolaíocha Conas a bhíonn a fhios ag an seandálaí cé chomh sean is atá déantúsán? Tá cúpla modh ann. An Strataghrafaíocht Níos déanaí

Níos sine 1

An Strataghrafaíocht: modh é seo a thomhaiseann aois déantúsáin bunaithe ar cé chomh fada síos sa talamh a fuair an seandálaí é. Dá mhéad ama a chaitheann déantúsán sa talamh, is ea is doimhne a bhíonn sé. (Bheadh clogad ó aimsir na Lochlannach níos doimhne sa talamh, ach dá dtitfeadh do ghuthán póca as do phóca, bheadh sé le fáil ar an talamh nó cóngarach don bharr. I gceann 1,000 bliain eile, áfach, bheadh do ghuthán i bhfad níos doimhne sa talamh agus bheadh déantúsáin eile anuas air.) Sa Strataghrafaíocht, bíonn na déantúsáin, nó iarsmaí, i sraitheanna faoi leith sa talamh ag brath ar cé chomh sean is atá siad. 28

Aistear Ama


2

Dátú Charbón 14 nó Dátú Radacarbóin: Tá Carbón 14 le fáil i ngach rud beo. Nuair a fhaigheann crann nó ainmhí nó duine bás, tosaíonn sé ag scaoileadh Carbón 14 san aer. Beidh níos lú carbón 14 in iarsma atá an-sean agus atá ag scaoileadh Carbón 14 leis na mílte bliain. Mar sin, má fhaigheann seandálaí seanchnámh, is féidir leis an méid Carbón 14, atá fágtha sa chnámh, a thomhas sa tsaotharlann.

3

Crann-chroineolaíocht nó deindreacroineolaíocht: Gach bliain, fásann sraith nua adhmaid ar chrann. De réir a chéile, éiríonn an crann níos mó agus níos mó. Is féidir an fás seo a fheiceáil sna fáinní atá ann. Seasann gach fáinne do bhliain amháin. Is féidir na fáinní a chomhaireamh chun teacht ar aois an chrainn. Chomh maith leis sin, tugtar léargas dúinn ar an saghas aimsire agus coinníollacha aeráide a bhí ann le linn na mblianta sin. Mar shampla, bíonn fáinne níos leithne ann i samhradh maith agus fáinne tanaí ann nuair a bhíonn triomach ann. Chruthaigh seandálaithe taifead de na fáinní seo ag dul i bhfad siar sa stair. Mar sin, nuair a fhaighimid déantúsán nó iarsma adhmaid, is féidir linn na fáinní a chur i gcomparáid leis an taifead chun an tréimhse stairiúil a aimsiú.

4

Tástálacha DNA: Úsáideann seandálaithe tástálacha DNA chun fáil amach cé chomh sean is atá creatlach. Trí scrúdú a dhéanamh ar chreatlach, is féidir cuid mhaith eolais a fháil, mar shampla, más fear nó bean atá ann. Is féidir aois, agus uaireanta, aitheantas an duine a fháil, trí scrúdú a dhéanamh ar na fiacla. Má tá cnámha briste ann, uaireanta is féidir fáil amach conas a fuair an duine sin bás. Insíonn cnámh na leise dúinn cé chomh hard a bhí duine. Is féidir fáil amach cad a d’ith agus a d’ól duine, trí thástálacha a dhéanamh ar an ngruaig agus craiceann.

Cleachtaí

1 Déan liosta den saghas eolais a thugann tástálacha DNA dúinn. 2 Líon an tábla thíos leis na modhanna a d’úsáidfeá chun aois a chur leis na déantúsáin nó iarsmaí. Déantúsán nó Iarsma

Modhanna Dátaithe

Cnámh dhaonna Pota cré Camán ársa Coróin óir

Foclóir

Cuid d’fhoirgneamh Eispéiris Foghlama Lorg déantúsáin agus iarsmaí i do cheantar féin ag na seoltaí seo: https://maps.archaeology.ie/HistoricEnvironment/

: insight léargas; tuiscint ar rud climate conditions coinníollacha aeráide: triomach: drought d’eolas: record taifead; leagan scríofa bone cnámh na leise: thigh ine: human dao le nn nea bai daonna; pota cré: pottery

https://dahg.maps.arcgis.com/apps/webappviewer/index. html?id=89e50518e5f4437abfa6284ff39fd640

ársa: ancient foirgneamh: building

2. Obair an tSeandálaí

29


Téarmaí chun am a thomhas Téarma

Sainmhíniú

Ord Cur síos ar eachtraí san ord inar thit siad amach. croineolaíoch RCh agus AD

San Iarthar, úsáidimid breith Íosa Críost mar líne dhealaithe. Tugaimid RCh nó Roimh Chríost ar na blianta sular rugadh Íosa Críost. Mar shampla, tharla feallmharú Iúil Caesar, ceannaire Rómhánach, sa bhliain 44 RCh. Sin 44 bliain sular rugadh Íosa Críost. Seasann AD do Anno Domini. Is é atá i gceist leis sin ná an t-am tar éis bhreith Íosa Críost. Mar shampla, tharla feallmharú Mhícheál Uí Choileáin sa bhliain 1922 – sin aon mhíle naoi gcéad agus fiche dó bliain tar éis bhreith Íosa Críost.

Céad

Tá dhá bhrí ag an bhfocal ‘céad’ sa Ghaeilge. Ciallaíonn sé an uimhir 100. Sa stair, ciallaíonn sé céad bliain mar shampla: ag tús an chéid, ag deireadh an chéid

Aois

Focal eile a chiallaíonn céad bliain í ‘aois’. An séú haois déag – idir 1500 agus 1599 An seachtú haois déag – idir 1600 agus 1699 An t-ochtú haois/céad déag – idir 1700 agus 1799 an naoú haois/céad déag – idir 1800 agus 1899 Tugann aois cur síos ar thréimhsí stairiúla, a mhair níos mó ná céad bliain, mar shampla: An Chlochaois An Iarannaois Na Meánaoiseanna

Mílaois

Míle bliain – 1,000

Ré/Aimsir

Úsáidimid na téarmaí seo chomh maith, chun cur síos ar thréimhsí stairiúla, mar shampla: an Ré Órga agus an Aimsir Réamhstairiúil

Eispéireas Foghlama Sa rang, seasaigí i líne, in ord croineolaíoch, ón duine is sine go dtí an duine is óige. Ceisteanna: Rugadh Tom Barry sa Ghóilín i gContae Chorcaí ar an gcéad lá de mhí an Mheithimh 1896. Fuair sé bás ar an tríú lá de mhí Iúil 2003.

1 Cén aois a bhí ag Tom nuair a fuair sé bás? 2 Cé mhéad aois (céad) inar mhair sé? 3 Cén aois inar rugadh Tom? 4 Cén aois inar bhásaigh sé? 5 Ainmnigh imeacht amháin tábhachtach, a tharla i stair na hÉireann, fad a bhí Tom beo.

Foclóir breith: birth líne dhealaithe: dividing line haoise: ag tús an chéid; ag tús na tury

at the beginning of the cen

An Ghramadach ag tús an... tríú haois déag/dara céad déag i lár an... ochtú haois déag/seachtú céad déag ag deireadh an... naoú haois déag/an fichiú céad

30

Aistear Ama


Amlínte Úsáideann staraithe agus seandálaithe na téarmaí seo ar amlíne. Seo amlíne de na topaicí atá san acmhainn seo. Éire na Luathré Críostaí

Aimsir na Lochlannach

Na Meánaoiseanna

An Athbheochan

Ré na Taiscéalaíochta agus an Choncais

An Reifirméisean

Patrún Nua Lonnaíochta – Na Plandálacha

400-800 AD

800-1100 AD

500-1500AD

1450-1650 AD

1450-1600 AD

1500-1700 AD

1500-1700

Foclóir Cabhraíonn amlínte linn tuiscint níos fearr a fháil ar imeachtaí staire. Ar an amlíne, feicimid an mórphictiúr – na heachtraí a tharla roimh imeacht faoi leith (na cúiseanna agus cúinsí) agus ina dhiaidh (na torthaí agus iarmhairtí). Úsáidimid amlíne chomh maith, chun fáil amach cad a bhí ag tarlú le linn saolré an duine. Féach ar an sampla thíos.

iarmhairtí: consequences cúinsí: circumstances cliseadh: crash campa géibhinn: concentrat

ion camp

géarleanúint: persecution cheap sé; (aimsir chaite, cea

p):

Amlíne Shamplach – Saol Anne Frank 1929

torthaí: results

he invented ghabh siad; (aimsir chaite,

Rugadh Anne Frank in Frankfurt na Gearmáine.

gabh):

they captured

Tharla Cliseadh Wall Street i Meiriceá. 1932

Ba í Amellia Earhart an chéad bhean, agus an dara piolóta riamh, a d’eitil ina haonar gan stad trasna an Atlantaigh.

1933

Fógraíodh Adolf Hitler mar cheannaire ar an nGearmáin. Osclaíodh an chéad champa géibhinn, Dachau, sa Ghearmáin. Bhog teaghlach Anne Frank chun na hÍsiltíre chun éalú ón ngéarleanúint ar Ghiúdaigh sa Ghearmáin.

1935

Cheap Robert Watson-Watt radar.

1937

Cheap Chester F. Carlson an chéad ghléas fótachóipeála.

1939

Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda nuair a d’ionsaigh an Ghearmáin an Pholainn.

1940

D’ionsaigh agus ghabh an Ghearmáin an Ísiltír, an Bheilg agus an Fhrainc.

1942

Fuair Anne Frank dialann dá breithlá. Chuaigh teaghlach Anne Frank i bhfolach i seomra rúnda, i dteach i gcathair Amstardam ar an 6ú Iúil.

1944

Ar an 4ú Lúnasa, fuair na póilíní nod agus chuardaigh siad an teach. Fuair siad teaghlach Anne Frank agus na teifigh eile a bhí i bhfolach leo. Cuireadh muintir Frank chuig an gcampa géibhinn Auschwitz-Birkenau, agus ina dhiaidh sin go Bergen-Belsen.

1945

Fuair Anne agus a deirfiúr Margot bás de ghalar i mí an Mhárta. Ghéill an Ghearmáin i mí Aibreáin. Tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda. Ba é Otto Frank, athair Anne, an t-aon duine ón seomra rúnda a bhí fós beo.

1947

Foilsíodh dialann Anne Frank in Ollainis ar dtús. Ina dhiaidh sin, aistríodh é go níos mó ná 50 teanga, an Ghaeilge ina measc.

2. Obair an tSeandálaí

31


Ceisteanna ar an Amlíne

1 Cén aois ina bhfuil an bhliain 1929? 2 Cén fáth ar fhág teaghlach Anne Frank an Ghearmáin? 3 Cad iad na forbairtí teicneolaíochta a tharla sna 1930idí? 4 Cathain a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda? 5 Conas a d’éirigh leis an nGearmáin i dtús an chogaidh? Tabhair fáth le do fhreagra.

6 Cén aois a bhí Anne Frank nuair a fuair sí dialann dá breithlá? 7 Cén tír ina bhfuil cathair Amstardam? 8 Cé mhéad ama a chaith teaghlach Anne Frank i bhfolach sa seomra rúnda?

Dealbh d’Anne Frank in Amsterdam san Ísiltír

9 Cé mhéad ama atá idir bás Anne Frank agus a deirféar, agus deireadh an Dara Cogadh Domhanda?

q Cé mhéad ama atá idir bás Anne Frank agus foilsiú a dialainne? w An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í dialann? e Cén saghas foinse í dialann? Fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

r Tabhair cur síos ar na láidreachtaí a bhaineann le dialann mar fhoinse staire.

t Tabhair cur síos ar na laigí a bhaineann le dialann mar fhoinse

Foclóir teifigh: re fugees ghéill sia d; (aimsi r chaite, géill): they surr endered foilsíodh ; (aimsir chaite saorbhria thar, foil sigh): pu blished forbairtí: developm ents

staire.

Eispéireas Foghlama Tasc A Cuid 1: Aimsigh dhá shampla d’eachtraí móra a tharla ón mbliain a rugadh tú go dtí an lá inniu sna hábhair seo a leanas: •

i gcúrsaí siamsaíochta (ceol, aisteoireacht, faisean, cluichí ríomhaireachta agus mar sin de)

i gcúrsaí spóirt (spórt foirne agus aonair, náisiúnta agus idirnáisiúnta)

i gcúrsaí timpeallachta (tuilte, creathanna talún, brúchtadh bolcánach agus mar sin de)

i gcúrsaí teicneolaíochta (gutháin, ríomhairí agus mar sin de)

i gcúrsaí reatha (náisiúnta agus idirnáisiúnta, mar shampla uachtarán nua)

aon eachtra shuimiúil eile.

Déan nóta den bhliain a tharla siad.

32

Aistear Ama


Cuid 2: Smaoinigh ar do shaol féin – cad iad na heachtraí a tharla duit? Ar bhog tú teach? An raibh tú ar eitleán riamh? Ar saolaíodh siblín nua duit? An raibh tú riamh ag ceolchoirm nó ag cluiche tábhachtach? Cuid 3: Déan amlíne de na heachtraí ar fad ó Chuid 1 agus Cuid 2, ag tosnú leis na heachtraí a tharla sa bhliain a rugadh tú.

Tasc B: Cuir agallamh ar bhall teaghlaigh faoi na himeachtaí tábhachtacha a tharla ón uair a rugadh iad go dtí an lá atá inniu ann.

Uasdátú na Staire Nuair a thagann foinsí nua chun cinn, is gá do staraithe agus seandálaithe an cuntas staire a uasdátú. Fuarthas cnámh coise réinfhia i gContae Chorcaí breise agus 100 bliain ó shin. Ní raibh an teicneolaíocht a bhí ann ag an am, ábalta dáta a chur leis, áfach. Sa bhliain 2021, chuir seandálaithe dáta leis an gcnámh coise agus d’athraigh ár dtuiscint ar stair an oileáin seo go hiomlán. Ar feadh i bhfad, chreid staraithe agus seandálaithe gur tháinig na chéad daoine go hÉirinn timpeall 10,000 bliain ó shin. Léirigh cnámh coise an réinfhia go raibh an tuiscint sin go hiomlán mícheart. Tá marcanna ar an gcnámh, a chruthaigh uirlis chloiche nó breochloiche. Nuair a rinneadh dátú radacharbóin ar an gcnámh, fuair staraithe amach go raibh an chnámh tuairim is 33,000 bliain d’aois! Ciallaíonn sé sin gur gá ár dtuiscint ar an stair a athrú, mar gur chruthaigh an chnámh seo go raibh daoine in Éirinn i bhfad níos luaithe ná 10,000 bliain ó shin.

Rinne RJ Ussher agus a fhoireann tochailt in Uaimh Chaisleáin an Phúca, Co. Chorcaí, agus d’aimsigh siad cnámha ainmhí idir 1904 agus 1913. Thug Acadamh Ríoga na hÉireann maoiniú do thocailt uaimh Ussher. Bhí na cnámha ainmhí ina luí i mbailiúcháin ársa in Ard-Mhúsaem na hÉireann go dtí gur aimsigh an Dr Ruth Carden na leasuithe (marcanna búistéireachta) i rith athbhreithniú iomlán ar chnámha ainmhí na huaimhe idir 2017 agus 2022. Foilseofar páipéar piarmheasúnaithe eolaíochta in 2023, le taighde faoi stiúir an Dr Carden, Eolaí Taighde, Scoil na Seandálaíochta, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Foclóir cnámh coise réinfhia uirlis chloiche: stone

: reindeer leg bone implement

breochloch: flint

2. Obair an tSeandálaí

33


Caibidil 1: Obair an Staraí

An Luathré Chríostaí

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

C

ID AIB

IL 3

A tábhacht in Éirinn Príomhthoradh Foghlama: 2.1: Tábhacht stairiúil na Críostaíochta ar oileán na hÉireann a phlé, lena n-áirítear an tionchar a bhí aici ar chultúr agus ar shochaí na Luathré Críostaí. Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: T1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.7, 1.8, 1.9, 1.11, 2.1, 2.11, 2.13

Réamhcheacht: Agallamh faoin Luathré Chríostaí i mo cheantar Treoracha d’agallamh •

Cuir na ceisteanna seo a leanas ar chaomhnóirí, ar thuismitheoirí nó ar chomharsana.

Tá leagan Gaeilge agus leagan Béarla de na ceisteanna ann.

Is féidir na freagraí a scríobh amach nó is féidir an t-agallamh a thaifeadadh.

Is féidir grianghraif ábhartha a chur leis na freagraí freisin.

Ceisteanna don duine atá faoi agallamh

1 An bhfuil naomh áitiúil luaite le do cheantar/réigiún? Is there a local saint associated with your area/region?

Foclóir an caomhnóir/n guardian(s)

a caomhnóirí:

na comharsana ; daoine a chón aíonn béal dorais: ne ighbours a thaifeadadh; (in昀椀nideach, ta ifead): record ábhartha: relev

ant an t-agallóir: th e interviewer

2 An bhfuil dáta áirithe luaite leis an naomh sin, 17ú Márta do Naomh Pádraig, mar shampla? Is there a particular calendar date associated with this saint?

3 An bhfuil nósanna, gnásanna, toibreacha nó oilithreachtaí luaite leis an naomh sin? Are there any particular customs, habits, wells or pilgrimages associated with this saint?

4 An bhfuil logainmneacha ar bith luaite leis an naomh sin? Are there place names associated with this saint?

5 An bhfuil aon chlub nó grúpa ainmnithe as an naomh sin? Are there any clubs/groups named after this saint?

6 An bhfuil aon déantán/déantúsán luaite leis an naomh sin – lámhscríbhinní, cailísí, crosa, mar shampla? Are there any artefacts associated with this saint – manuscripts, chalices, crosses, for example.

7 Ar thug tú cuairt ar aon suíomh, aon áit in Éirinn, ón Luathré Chríostaí? Má thug, ainmnigh an suíomh sin agus déan cur síos air. Má tá pictiúr agat de, cuir leis seo é. Have you visited any Early-Christian location anywhere in Ireland? If so, name and describe it. Include a picture of it, if you can.

8 An bhfuil aithne agat ar éinne atá ainmnithe as naomh Éireannach? Cén naomh? Do you know anybody named after an Irish saint? Which saint? 34

Aistear Ama


Ceisteanna don agallóir

1 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é agallamh? 2 Cén saghas foinse é agallamh? Fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

3 Stair béil a thugtar ar agallamh a ndéanaimid taifeadadh air. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach agallamh a thaifeadadh, dar leat?

4 Agus na freagraí a d’aimsigh tú san agallamh in úsáid agat, scríobh alt faoi thábhacht na Luathré Críostaí i do cheantar nó réigiún féin.

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. reiligiún

féile/féilte

sclábhaí

creideamh

Ceilteach/Ceiltigh

brionglóid

Dia/Déithe

ceiliúradh

easpag

Bandia

torthúlacht

logainm

Críostaíocht

meánaoiseanna

béaloideas

págánach

creachadóir

I stair na hÉireann, tugtar an Luathré Chríostaí ar an tréimhse ón 6ú haois go dtí an 9ú haois. Ba í seo an tréimhse idir na Ceiltigh agus na Meánaoiseanna. Bhí a reiligiún féin ag na Ceiltigh. Págánaigh ab ea iad agus chreid siad i níos mó ná Dia amháin. Samplaí de na déithe a bhí acu iad Lear (Dia na Farraige) agus Brighid (Bandia na Torthúlachta). Ach faoin 5ú haois, bhí pobal beag daoine in Éirinn a raibh reiligiún nua acu, an Chríostaíocht. Ba é Palladius an chéad easpag a bhí ag na Críostaithe in Éirinn. Tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn ina dhiaidh.

Naomh Pádraig Scaip an Chríostaíocht ón Róimh chomh fada leis an mBreatain. Rugadh Naomh Pádraig sa Bhreatain. Ghabh creachadóirí Éireannacha é agus é sé bliana déag d’aois. Thug siad go hÉirinn é mar sclábhaí. Chaith sé 6 bliana ag tabhairt aire do chaoirigh. Le linn an ama sin, d’fhás a shuim sa reiligiún nua. Faoi dheireadh, d’éalaigh sé ar ais chun na Breataine. Fad a bhí sé ann, bhí brionglóid aige inar iarr muintir na hÉireann air teacht ar ais go hÉirinn chun an Chríostaíocht a mhúineadh dóibh. D’fhill sé ar Éirinn mar easpag sa bhliain 432 AD. De bharr a chuid oibre, agus obair a lucht leanúna, d’iompaigh Éire ar an gCríostaíocht faoin 6ú haois. Thug an reiligiún nua teanga nua leis – an Laidin, cé nár labhair na gnáthdhaoine riamh í. Athraíodh cuid de na féilte chomh maith. Mar shampla, rinne na daoine ceiliúradh ar Bhandia na Torthúlachta, Brighid, ar an gcéad lá de mhí Feabhra ach ón 6ú haois ar aghaidh, ba í Naomh Brigid (Bríd) a bhíodh á ceiliúradh ar an lá sin. 3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

35


Ceisteanna

1 Liostaigh aon logainm atá ar eolas agat a bhaineann le Naomh Pádraig. 2 Cuardaigh na focail ‘Pádraig’ nó ‘Phádraig’ ar www.logainm.ie. Cad é an logainm is gaire duitse a bhfuil Naomh Pádraig luaite leis?

3 Mínigh dhá shlí inar athraigh an Chríostaíocht Éire ag an am. Scríobh Naomh Pádraig cuid de na chéad doiciméid a scríobhadh in Éirinn riamh! Scríobh sé Confessio, doiciméad a chuireann síos ar a shaol agus ar a chuid oibre.

Ceist Tháinig Naomh Pádraig go as a hÉirinn i bhfad ó shin. Con d sin méi an uil tharlaíonn go bhf ? eolais againn faoi

Ceisteanna: Confessio

Leathanach aistrithe go Béarla ó ‘Confessio’ le Naomh Pádraig.

1 Cén teanga inar scríobhadh Confessio, an gceapann tú? (Smaoinigh faoin teideal) Mínigh do fhreagra.

2 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é Confessio? 3 Cén saghas foinse é Confessio: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

4 Scríobh Naomh Pádraig faoina shaol féin in Confessio – cén téarma a thugaimid ar leabhar a scríobhann duine faoi féin?

5 Ainmnigh laige amháin a bhaineann le foinsí, ar nós Confessio. Mínigh an laige.

Foclóir asa Éireann: Coimisiún Béaloide ission Irish Folklore Comm go leor béaloidis Bailiúchán na Scol; ile: Schools a bhailigh daltaí sco Collection

Bileog Oibre

ithe: holy wells toibreacha beanna history seanchas: ancient

Sliocht Béaloidis as Bailiúchán na Scol https://www.duchas.ie/ga/cbes/4493678/4409934/4522890 Bhunaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann Bailiúchán na Scol. Tionscadal a bhí ann chun eolas a bhailiú faoin stair, miotaseolaíocht, béaloideas, seanfhocail, cluichí, caithimh aimsire agus modhanna oibre in Éirinn. Chun an tionscadal a chur i gcrích, bhailigh 50,000 páiste scoile as 5,000 scoil sna 26 contae in Éirinn, scéalta agus béaloideas faoina gceantar féin. Labhair siad le seandaoine ina mbailte féin, agus scríobh na páistí scoile amach na scéalta a bhí acu. Ar deireadh, bhailigh siad os cionn 700,000 leathanach idir 1937 agus 1939. Tá na leathanaigh sin le feiceáil ar an suíomh www.duchas.ie inniu.

36

Aistear Ama


Ceisteanna Toibreacha beannaithe

1 Ainmnigh an scoil a rinne taifeadadh ar an scéal seo

An Ghramadach Uatha Tobar beannaithe

ar leathanach 36.

Iolra Toibreacha beannaithe

2 Ainmnigh an contae ina bhfuil an scoil sin suite. 3 Ainmnigh an múinteoir. 4 Ainmnigh an scoláire a bhailigh an scéal seo agus a thras-scríobh é. 5 An cailín nó buachaill í/é an duine a scríobh? 6 Cén aois a bhí ag an scoláire nuair a scríobh sé/sí amach an scéal seo? 7 De réir an bhéaloidis seo, cén fhianaise atá ann go raibh Naomh Pádraig sa cheantar seo i bhfad ó shin?

8 Cad a tharlaíonn sa cheantar gach bliain? 9 Cén dá rud a dhéanann daoine agus iad ann? q An bhfuil tobar beannaithe i do cheantar féin? Má tá, an dtéann daoine ann lá faoi leith? An bhfaigheann siad uisce ón tobar? Má fhaigheann, mínigh an fáth.

w Cén bhliain a tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn? e Cad iad na blianta a bhí Bailiúchán na Scol ar siúl? r Cé mhéad bliain atá idir teacht Naomh Pádraig go hÉirinn agus tús Bhailiúchán na Scol? t An raibh tionchar fadtéarma ag Naomh Pádraig ar reiligiún mhuintir na hÉireann? Mínigh do fhreagra.

y An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é an sliocht béaloidis seo thuas faoin am a bhí Naomh Pádraig in Éirinn? Mínigh do fhreagra.

u An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é an sliocht béaloidis seo thuas, faoin gcreideamh reiligiúnach a bhí ag daoine in Éirinn sna 1930idí? Mínigh do fhreagra.

i Téigh ar an suíomh www.duchas.ie agus lorg scéalta a bhaineann le do cheantar féin. Úsáid ainm do bhaile áitiúil chun teacht ar na scéalta. Cad é an rud is suimiúla a d’fhoghlaim tú faoi do cheantar ó na píosaí béaloidis a d’aimsigh tú?

o An iarsmalann, cartlann nó cartlann dhigiteach é www.duchas.ie? p An gceapann tú gur smaoineamh maith é Bailiúchán na Scol? Mínigh do fhreagra. a Ar cheart tionscadal ar nós Bhailiúchán na Scol a bhunú inniu? Ar mhaith leat páirt a ghlacadh ina leithéid? Cad iad na topaicí ba cheart a fhiosrú? Cad iad na slite ina bhféadfaí an t-eolas a bhailiú? Scríobh alt gearr le do chuid tuairimí.

3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

37


Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. muintir

cill/cealla

teach ósta

mainistir

cillín/cillíní

lóistín

Ab

clochán coirceogach

lámhscríbhinn

lárionad

cros ard

scriptorium (teach screaptra)

troscadh

cloigtheach

ceardlann

Lochlannach

reilig

otharlann

Mainistreacha Bhunaigh Naomh Pádraig, agus na naoimh a lean é, mainistreacha ar fud na hÉireann. Ach cad a bhí i gceist le mainistir? Tá an focal mainistir gaolta leis an bhfocal muintir a chiallaíonn daoine nó pobal. Daoine a chreid sa reiligiún nua agus a mhair i dteannta a chéile a bhí i gceist le mainistir.

Gnéithe na Mainistreach An Chill

Ba shéipéal í an chill agus ba lárionad na mainistreach í. Ghuigh na manaigh anseo 6 go 8 n-uaire le linn an lae.

Teach an Ab

Chónaigh an tAb, ceannaire na mainistreach, anseo.

Cillíní

Chónaigh na manaigh i gcillíní aonair déanta as adhmad.

An Proinnteach

D’ith na manaigh a mbéilte anseo. An ghnáth-aiste bia a bhíodh ag na manaigh ná arán, bainne, uibheacha agus éisc. Bhíodh cead acu feoil a ithe ar an Domhnach, laethanta féile nó nuair a tháinig cuairteoirí. Rinne na manaigh troscadh laethanta áirithe. Ní bhíodh aon rud le hithe acu go dtí déanach tráthnóna ar na laethanta sin.

An Otharlann

Tugadh aire do dhaoine a bhí tinn anseo.

An Scriptorium

Scríobh na manaigh cóipeanna den Bhíobla anseo.

(Teach Screaptra)

Cros Ard

Foclóir troscadh; gan bia

a ithe: fast lóistín: accommoda tion

(Ardchros)

Bhí sí seo suite i lár na mainistreach chun an reiligiún nua a mhúineadh don phobal.

Ceardlanna

D’oibrigh roinnt de na manaigh le cloch nó le miotal sna ceardlanna.

An Reilig

Chuir na manaigh coirp na marbh anseo. Bhíodh an reilig suite in aice leis an séipéal.

An Teach Ósta

Bhíodh lóistín ar fáil do chuairteoirí anseo.

Na Páirceanna

Bhíodh manaigh eile amuigh ag feirmeoireacht sna páirceanna timpeall na mainistreach.

An Cloigtheach

Ba thúr é seo a raibh clog ann, chun na manaigh a ghlaoch chun paidreacha nó béilte. Deirtear go n-úsáideadh na manaigh cloigthithe chun rudaí luachmhara a choimeád slán ó na Lochlannaigh. Níl aon fhianaise ann áfach, a thacaíonn leis an tuairim sin, cé gur scéal suimiúil é!

Balla

Bhíodh balla timpeall na mainistreacha móra.

38

Aistear Ama


An Suíomh Bhí mainistreacha áirithe suite in áiteanna iargúlta, ar oileáin, mar shampla. Bhunaigh Naomh Éanna an chéad mhainistir in Éirinn ar Inis Oírr timpeall 500 AD. Mainistir cháiliúil eile ar oileán is ea Sceilig Mhichíl, a bhunaigh Naomh Fionán. Bhunaigh Naomh Seanán mainistir ag Inis Cathaigh in Inbhear na Sionainne. Chreid na manaigh seo go mbeidís ní ba ghaire do Dhia. Níor theastaigh uathu go mbeadh daoine ag cur isteach orthu agus iad ag iarraidh saol naofa a chaitheamh. Bhí mainistreacha eile suite ar bhealaí tábhachtacha, Cluain Mhic Nóis agus Gleann Dá Locha mar shampla, ionas go mbeadh tionchar acu ar an tsochaí mórthimpeall orthu. Le himeacht ama, d’fhás na mainistreacha seo ina mbailte – agus bhí siad ar na chéad bhailte sa tír. I measc na naomh eile a bhunaigh mainistreacha, bhí Naomh Fionnbarra, Naomh Abbán agus Naomh Gobnait a bhunaigh mainistreacha i gCorcaigh, agus Colm Cille a bhunaigh mainistir i nDoire, nó Doire Colmcille.

Mainistir Inis Cathaigh, Inbhear na Sionainne

Mainistir Chluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí

Foclóir achtacha: bealaí tábh routes important gh: Inis Cathai land Scattery Is

Séipéal Ghallaruis, Corca Dhuibhne

3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

39


Logainmneacha Is léir ó logainmneacha na tíre go raibh an-tábhacht ag baint leis an gCríostaíocht in Éirinn. Baineann a lán logainmneacha le hainmneacha na naomh, na cléire agus na mainistreacha. Smaoinigh ar logainmneacha a bhfuil nasc acu leis an Luathré Chríostaí. Gné Luath-Chríostaí Logainm Samplach Ainm Naoimh

Mo Shamplaí

Ráth Bhríde (Cill Dara)

An chléir • • • •

Easpag Ab Sagart Manach

Mainistir

Ceathrú an Easpaig (Cill Chainnigh)

Mainistir na Croiche (Tiobraid Árann)

Foirgnimh • • • •

Cill/Cillín/Cealla Séipéal Teampall Eaglais

An tSeanchill (Co. Phort Láirge)

Rialacha na Mainistreacha Bhí rialacha i bhfeidhm sna mainistreacha éagsúla. Seo cuid de na rialacha a chum Naomh Columbanus, agus a cuireadh i bhfeidhm sna mainistreacha a bhunaigh sé.

banus Hibernus)

Rialacha Manach (Údar: Colum

Riail 1 Umhlaíocht eann é a bheith r, ba chóir do gach duine a chlois sea sin n íon hra lab a cal fho ad Leis an gcé n-umhlaíocht, mar mar is do Dhia a léiríonn said a sé, ann iarr a r ma h nam déa s umhal agu sé Mise’. Lúcás 10.16 té a chloiseann sibhse, cloiseann ‘An , ost Crí a Íos a arn dTi ár r a dei (II) sé easumhal. Má ach ar chloisteáil an focal dó, tá hre láit ne dui nn irío n-é ra mu , Mar sin tá sé ciontach, ní hamháin chmheas ina leith, agus mar sin dro r rfea cui a, agr hre aisf sé n thugan Basil. Interrog. 69 sin, in aisfhreagra a thabhairt.’ Cf. rr bha a ar ach ht, íoc hla um eas in Riail 10 háin aráin agus uisce. caitheadh sé dhá lá ar bhollóg am Má bhí aon bhráthair easumhal, s uisce. Má trí lá ar bhollóg amháin aráin agu é’, mé h aid anf dhé ‘Ní air áth Má deir aon bhr Mura n-iarrann lá ar bhollóg amháin agus uisce. dhá l, ísea os rán gea ne dui aon dhéanann n agus uisce. Má leithscéal, dhá lá ar bhollóg amhái sé n gan thu má nó s, úna ithi ma bráthair s uisce. Má leanann óna, dhá lá ar bhollóg amháin agu arg éis tar re áith bhr ar rg fea tháinig háin agus uisce. Má haíonn sé í, dhá lá ar bhollóg am arb dhe má s agu éag bhr de ne dui dhá lá ar bhollóg amháin. bráthair gan a phardún a iarraidh, chuireann aon duine in aghaidh bhriseadh, dhá lá ar bpionós a tugadh dó agus riail a Má ghearrann aon duine siar ar an bhollóg amháin agus uisce. https://celt.ucc.ie//published/T201052/index.html 40

Aistear Ama


Foclóir Ceisteanna: Rialacha na Mainistreacha

umhlaíocht: obedience sinsear: a senior

1 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach iad na rialacha seo?

umhal: obedient

Mínigh do fhreagra.

iarrann (aimsir láithreach, iarr): asks

2 Cén saghas fianaise iad na rialacha seo: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

té, duine: person easumhal: disobedient

3 Cad is brí le Columbanus Hibernus agus cén teanga atá i gceist? 4 ‘Leis an gcéad fhocal a labhraíonn sinsear’ – cén téarma a thugaimid ar an manach a bhí i gceannas ar an mainistir?

cuirfear x ina leith; (aimsir fháistineach saorbhriathar, cuir): he will be charged with x ciontach: guilty bráthair: brother

5 De réir riail 1, cén manach a léirigh an t-iompar ba mheasa –

bollóg: loaf

an manach nár éirigh in am nó an manach a thug aisfhreagra?

maithiúnas: forgiveness

6 As na pionóis ar fad a bhaineann le riail 10, cén ceann ba mheasa,

dearbhaíonn (aimsir láithreach, dearbhaigh): states/af昀椀rms

dar leat?

a phardún a iarraidh: to beg his pardon

Tionchar na Luathré Críostaí ar an tSochaí

D’iompaigh muintir na hÉireann ar an gCríostaíocht, ón bpágántacht, laistigh de chúpla céad bliain. Chuir na mainistreacha oideachas ar fáil, do na manaigh a chónaigh iontu, agus don phobal áitiúil. Ba chosúil le hollscoileanna iad. Chuir siad cóir leighis agus lóistín ar fáil chomh maith. Bhí tionchar chomh mór sin ag na naoimh agus ag na mainistreacha áitiúla gur ainmníodh ceantair astu. Ó thionchar na Luathré Críostaí a thagann go leor logainmneacha.

Tionchar na Luathré Críostaí ar chultúr ag an am Tionchar ar an nGaeilge: Go dtí an t-am seo, ní raibh mórán Gaeilge á scríobh, seachas ainmneacha daoine tábhachtacha ar chlocha Ogham. Thosaigh na manaigh ag scríobh cóipeanna den Bhíobla. Bhí na lámhscríbhinní seo scríofa i Laidin, ach scríobh na manaigh nótaí i nGaeilge mórthimpeall ar an Laidin. Is iad na nótaí ar na lámhscríbhinní na samplaí is sine atá againn den Ghaeilge scríofa!

An bhfuil a fhios agat? Bhí cóipleabhar nótaí ag manach amháin, a scríobh dán ann, fad a bhí sé ag obair ar lámhscríbhinn i mainistir sa Ghearmáin. Pangur Bán teideal an dáin agus tugann an dán cur síos ar pheata an mhanaigh, cat bán. Is é Pangur Bán an dán Cloch Ogham

is sine atá againn sa Ghaeilge!

Anuas air sin, tugadh focail nua isteach sa Ghaeilge ón Laidin, focail a bhain le cúrsaí reiligiúin den chuid ba mhó. An aithníonn tú thíos iad? Laidin

cailix

sacerdos offerendum

levor

pater

infernus

peccatum

Nua-Ghaeilge

cailís

sagart

leabhar

athair

ifreann

peaca

aifreann

3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

41


Tionchar ar an Ealaín – Lámhscríbhinní Ní hamháin go raibh na lámhscríbhinní tábhachtach ó thaobh na dteangacha de, bhí siad tábhachtach ó thaobh na healaíne de freisin. Bhí maisiú álainn orthu. Bhí íomhánna ildaite le pictiúir d’ainmhithe agus plandaí, mar aon le scríbhneoireacht mhaisithe ildaite sna lámhscríbhinní freisin. Tugaimid ‘scríobhaí’ ar an manach a rinne an saghas seo oibre. D’oibrigh sé sa scriptorium/teach screaptra.

Conas a rinneadh lámhscríbhinní? Dúch déanta as sméara, féar nó duilleoga a bhí ag na manaigh.

Páipéar déanta as craiceann ainmhí, caora, gabhar nó lao, mar shampla a bhí ag na manaigh. Tugtar pár nó veiliam air.

Cleite a bhí ag na manaigh mar pheann.

Na lámhscríbhinní is tábhachtaí Leabhar Dharú: is é seo an lámhscríbhinn ildaite is sine atá againn in Éirinn, agus ceann de na cinn is sine in Iarthar na hEorpa. Bhí sé ina inspioráid do Leabhar Cheanannais. Tá leathanaigh chairpéid ann – leathanaigh lán ealaíne gan aon scríbhneoireacht.

Leabhar Cheanannais: is é seo an lámhscríbhinn is cáiliúla ón tréimhse seo. Cruthaíodh é timpeall 800AD. Ceaptar gur i mainistir ar Oileán Í, ar chósta na hAlban, a rinneadh é. Is cosúil gur chruthaigh triúr ealaíontóirí agus ceathrar scríobhaithe é. Nuair a d’ionsaigh na Lochlannaigh an tír, bhog na manaigh chuig mainistir ghaolmhar ag Ceanannas i gCo. na Mí. Creideann scoláirí áirithe gur críochnaíodh Leabhar Cheanannais anseo. Sa lá atá inniu ann, coimeádtar i gcófra gloine é i gColáiste na Tríonóide, i seomra le solas agus teas íseal, chun an lámhscríbhinn a chaomhnú. Taispeántar leathanach difriúil de Leabhar Cheanannais don phobal gach lá. In aon bhliain amháin, 2018, thug os cionn 1,000,000 duine cuairt ar Leabhar Cheanannais!

42

Aistear Ama

Íomhá


An Cathach: Is é an Cathach ceann de na lámhscríbhinní is sine atá againn. Scríobhadh é i stíl diminuendo. Ciallaíonn sé sin go bhfuil litir ollmhór ag an tús, le dearadh álainn, agus go n-éiríonn na litreacha níos lú agus níos lú go dtí go bhfuil siad ar ghnáthmhéid.

Diminuendo

Lebor na hUidre: Is é seo an lámhscríbhinn is sine a scríobhadh as Gaeilge. Scríobhadh é ag Mainistir Chluain Mhic Nóis. Tá stair, miotaseolaíocht agus 昀椀nscéalta scríofa ann, Táin Bó Cuailgne, mar shampla.

Ceisteanna

1 Tá na lámhscríbhinní atá againn in Éirinn os cionn míle bliain d’aois anois. Cad iad na deacrachtaí a bhaineann le lámhscríbhinn a chaomhnú, an gceapann tú?

2 Cén saghas áite ar cheart iad a choimeád? 3 Ar cheart go mbeadh an pobal in ann iad a fheiceáil? 4 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é lámhscríbhinn? 5 Cén saghas foinse é lámhscríbhinn: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal?

6 Conas a choimeád na manaigh na lámhscríbhinní slán ó bháisteach agus timpistí, dar leat? Foclóir Leabhar Dharú: Th

e Book of Durrow

Oileán Í: Iona gaolmhar: related a chaomhnú (in昀椀n dearadh: design

ideach, caomhnaigh

): to preserve

Lebor na hUidre:

The Book of the Du n Cow Acadamh Ríoga na hÉireann: Royal Iri sh Academy

3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

43


Foclóir Tionchar ar an obair mhiotail

cailísí: chalices bachalla: cro

ziers Slí eile a raibh tionchar ag an Luathré Chríostaí ar chultúr scrínte: shrines an ama ná san obair mhiotail a rinne na manaigh ag an am. obair fíolagráin; ob air fhíneálta, le Chruthaigh na manaigh cailísí, crosa, bachalla, bróistí agus snáitheanna d’ór agus d’airgead 昀椀te scrínte de na lámhscríbhinní, i measc go leor rudaí eile. Rinne fuaite ina chéile: 昀椀ligree work siad iad as airgead le dearaí áille óir agus geamhchlocha. Tugaimid obair fíolagráin ar an tslí a raibh an t-ór sníofa leis an airgead. Ní nach ionadh mar sin go dtugaimid an Ré Órga ar an tréimshe seo i stair na hÉireann. Bhí Cailís Ardach ina hinspioráid do Chorn Mhig Uidhir, corn Chraobh Peile na hÉireann.

Corn Mhig Uidhir

Cailís Ardach

Cailís Dhoire na bhFlann

Cailís Bachall Lios Mór

Cros Chonga

Cros Chonga

Dealg na Teamhrach

Dealg na Teamhrach

Eispéireas Foghlama Roghnaigh ceann de na saothair sna pictiúir thuas agus freagair na ceisteanna seo a leanas bunaithe ar do thaighde féin:

1 Ainmnigh an saothar a roghnaigh tú: ____________________________________________ 2 Cathain a rinneadh é? ________________________________________________________ 3 Cá háit? ___________________________________________________________________ 4 Cad as a bhfuil sé déanta? ____________________________________________________ 5 Cad chuige a d’úsáid daoine é?_________________________________________________ 6 Conas a sábháladh é? Cathain? ________________________________________________ 7 Cá bhfuil sé le fáil sa lá atá inniu ann? ___________________________________________ 8 Cad iad na deacrachtaí a bhain le saothar mar seo a chruthú, dar leat? _________________ 9 Aon eolas suimiúil eile faoi: ___________________________________________________ q Bhailigh mé an t-eolas seo ó: __________________________________________________ w Cad iad na slite a léiríonn an saothar a roghnaigh tú go raibh an Chríostaíocht tábhachtach do dhaoine in Éirinn? ________________________________________________________

44

Aistear Ama


Tionchar ar obair na saor cloiche Slí eile a raibh tionchar ag an Luathré Chríostaí ar chultúr an ama ná in obair na saorchloch. D’oibrigh na manaigh seo le cloch. Ní raibh léamh ná scríobh ag an bpobal ag an am sin, mar sin d’úsáideadh na manaigh crosa arda chun an reiligiún a mhúineadh don phobal! Ghrean siad pictiúir ón mBíobla ar na crosa arda agus dhathaigh siad iad. D’inis siad scéal Íosa don phobal agus na pictiúir in úsáid acu. Níl aon rian de na dathanna fágtha inniu mar gheall ar an aimsir ach tá go leor crosa arda le feiceáil timpeall na hÉireann. Ceisteanna: Crosa Arda

1 An foinsí príomha nó foinsí tánaisteacha iad na crosa seo? 2 Cén saghas foinsí iad: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach nó fianaise ó bhéal?

3 Cé chomh húsáideach agus atá crosa arda don staraí atá ag iarraidh foghlaim faoin saol sa mhainistir in Éirinn ag an am? Anuas air sin, rinne na saoir chloiche cuid de na struchtúir is tábhachtaí i stair ailtireachta na hÉireann: na cloigthithe agus na clocháin choirceogacha. Bhí na cloigthithe tuairim is 20-30 méadar ar airde agus iad le fáil i 28 contae in Éirinn! Tá cloigtheach, nó rian de, le feiceáil i 65 suíomh sa tír. Tá an doras suite leathshlí suas an cloigthí i mbeagnach gach cloigtheach sa tír (seachas 2 cheann). Cuireadh an doras os cionn leibhéal na talún chun go bhfanfadh an struchtúr seasta.

Cluain Mhic Nóis, Co. Uíbh Fhailí

Chodail na manaigh i gclocháin choirceogacha. Chun iad a dhéanamh, leag siad clocha ar bharr a chéile go dtí go ndearna siad cruth ciorcalach. Cé nach raibh aon stroighin ag na manaigh, níor tháinig aon bháisteach isteach iontu! Tá cáil idirnáisiúnta ar Sceilg Mhichíl, as na clocháin choirceogacha atá ann. Tá Sceilg Mhichíl ar Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO.

Gleann Dá Locha, Co. Chill Mhantáin

Foclóir

Sceilig Mhichíl, Co. Chiarraí

: carved chaite, grean) ghrean (aimsir chitecture ailtireacht: ar ehive huts rceogacha: be clocháin choi ent stroighin: cem nda: achta Domha Liosta Oidhre e List World Heritag um ta: power vacu folús cumhach

3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

45


Tionchar na Manach Éireannach ar an Eoraip Bhí tionchar ag na manaigh Éireannacha ar chultúr agus ar shochaí na hEorpa. Thug Palladius agus Naomh Pádraig an reiligiún nua, an Chríostaíocht, go hÉirinn sa chúigiú céad. Ina dhiaidh sin, thit Impireacht na Róimhe. Fágadh folús cumhachta san Eoraip agus tharla an-chuid cogaí dá bharr. Thaistil manaigh Éireannacha chun na hEorpa chun an Chríostaíocht a chur chun cinn ann arís. Bhunaigh siad mainistreacha ar fud na hEorpa. Bhunaigh Colm Cille mainistir ar Oileán Í, bhunaigh Columbanus mainistreacha i Luxeil agus Bobbio, i measc go leor eile. Bhunaigh Naomh Aodán mainistir ag Lindisfarne. Tá cathair san Eilbhéis, St. Gallen, ainmnithe as Naomh Gall 昀椀ú! Deirtear gur shroich Naomh Breandán/Bréanainn (an loingseoir) Meiriceá! Ní nach ionadh mar sin, gur thug daoine Oileán na Naomh is na nOllamh ar Éirinn ag an am. Eispéireas Foghlama

1 Tarraing léarscáil den Eoraip (nó úsáid léarscáil ghlan) agus cuir isteach na mainstreacha atá luaite san alt thuas.

2 Cad iad na tíortha ina bhfuil siad sa lá atá inniu ann? Ní hamháin gur thug manaigh Éireannacha an Chríostaíocht leo thar lear, ach thug imircigh Éireannacha an reiligiún leo freisin, nuair a d’fhág siad an tír seo, go háirithe le linn an Ghorta Mhóir. Léiriú air seo is ea líon na dtíortha a cheiliúrann Lá ‘le Pádraig ar an 17ú Márta, ina measc an Astráil, an NuaShéalainn, an Bhreatain Mhór, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Montsarat sa Mhuir Chairib, an Airgintín agus Ceanada. Lá ‘le Pádraig i Nua Eabhrac

An Ghramadach Uatha

Iolra

Ginideach uatha

Ginideach iolra

Bhunaigh an manach

Bhunaigh na manaigh

Mainistir

Mainistreacha

mainistir.

mainistreacha.

an mhanaigh

na manach

Foclóir Léitheoireacht Mholta The White Cat and the Monk le Jo Ellen Bogart

46

Aistear Ama

loingseoir: na vigator Oileán na Na omh is na nO llamh: Land of Sain ts and Scho lars


Súil Siar Tasc A: Ainmnigh foinse amháin, a bhaineann leis an Luathré Chríostaí, faoi na ceannteidil seo a leanas: Fianaise físe

Fianaise thadhlach

Fianaise scríofa

Fianaise ó bhéal

Tasc B: Líon an tábla thíos leis na modhanna dátaithe a úsáideann seandálaí chun aois a chur leis na déantúsáin seo ón Luathré Chríostaí. Déantúsán/Déantán

Modhanna Dátaithe

Lámhscríbhinn Cailís Cros Ard Cuid de bhalla mainistreach Eispéireas Foghlama Lorg déantúsáin ón Luathré Chríostaí i do cheantar féin ag an seoladh seo: https://maps.archaeology.ie/HistoricEnvironment/ Tasc C: Foinsí Rugadh Naomh Colm Cille sa bhliain 521 AD i gcontae Dhún na nGall. Sa bhliain 1532 scríobh Mánas Ó Dónaill leabhar faoi Naomh Colm Cille, ‘Beatha Cholm Cille’. Chruthaigh Anraí Mac Giolla Chomhaill leagan Gaeilge nua-aimseartha den leabhar sin in 1981. Scríobh Séamus Ó Searcaigh scéal bheatha Cholm Cille sa bhliain 1967. Ceisteanna

1 Cén aois inar rugadh Naomh Colm Cille? 2 Mínigh an téarma AD. 3 Cé mhéad bliain tar éis bhreith Naomh Colm Cille ar scríobh Mánas Ó Dónaill a leabhar? 4 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é ‘Beatha Cholm Cille’ faoi shaol an naoimh? Mínigh do fhreagra.

5 Cad iad na laigí nó na fadhbanna a bhaineann le foinsí ar nós ‘Beatha Cholm Cille’? 6 Cén saghas foinse é ‘Beatha Cholm Cille’: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe? 3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

47


7 Scríobh Mánas Ó Dónaill faoi shaol Naomh Colm Cille – cén téarma a thugaimid ar leabhar a scríobhann duine amháin faoi dhuine eile?

8 An gceapann tú gur smaoineamh maith é, teanga nua-aimseartha a chur ar théacs ársa, ‘Beatha Cholm Cille’ le Mánas Ó Dónaill, mar shampla? Cad iad na buntáistí nó na míbhuntáistí don staraí? Mínigh do fhreagra.

9 Cad is brí leis an ainm Colm Cille? Tasc D: Anagraim •

Is anagraim iad na focail thíos. Athraigh timpeall na litreacha chun téarma a aimsiú, a bhaineann le saol an mhanaigh sa Luathré Chríostaí.

Is noda iad na focail idir lúibíní.

Agus an téarma déanta amach agat, scríobh míniú air.

1 Bínnslimcaríhh (scríobh de lámh): ______________________________________________ Míniú: ________________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________

2 peach roinnt (bialann): _______________________________________________________ Míniú: ________________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________

3 Aran Not lh (ospidéal): _______________________________________________________ Míniú: ________________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________

4 music protir (seomra): _______________________________________________________ Míniú: ________________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Tasc E: Taighde Roghnaigh mainistir amháin ón liosta thíos agus déan taighde uirthi chun teacht ar fhreagraí na gceisteanna ar leathanach 49. Mainistreacha: Cluain Mhic Nóis (Co. Uíbh Fhailí); Sceilg Mhichíl, Inis Faithlinn, Ard Fhearta (Co. Chiarraí); Gleann Dá Loch (Co. Chill Mhantáin); Inis Cathaigh, Cill Fhionnúrach, Cill Dalua (Co. an Chláir); Inis Mór, Inis Bó Finne, Tuaim (Co. na Gaillimhe); Ros Comáin (Co. Ros Comáin); Conga, Cill Ala (Co. Mhaigh Eo); Aird Mhór, Lios Mór (Co. Phort Láirge); Caiseal, Doire na bhFlann (Co. Thiobraid Árainn); Fearna (Co. Loch Garman); Tamhlacht, Glas Naíon, Cluain Dolcáin, Fionnghlas (Baile Átha Cliath); Corcaigh, Baile Bhuirne (Co. Chorcaí); Baile Átha Troim, Ceanannas, Cluain Ioraird (Co. na Mí;) Mainistir Bhuithe (Co. Lú); Gránard (Co. Longfoirt); Inis Muirígh (Co. Shligigh); Daimhinis (Co. Fhear Manach); Clochar (Co. Thír Eoghain); Dún Pádraig (Co. an Dúin); Doire Cholm Cille (Co. Dhoire); Reachlainn agus Aontroim (Co. Aontroma).

48

Aistear Ama


An mhainistir a roghnaigh mé:

Cathain a bunaíodh í?

Tabhair cur síos ar shuíomh na mainistreach.

Cén manach a bhunaigh é?

Ar bhunaigh an manach seo mainistir áit ar bith eile in Éirinn nó lasmuigh di?

Cad iad na foirgnimh a bhí sa mhainistir? Cé mhéad foirgneamh atá fós ann inniu?

An bhfuil aon lámhscríbhinn ann, a bhfuil baint aici leis an mainistir seo?

An bhfuil aon déantúsán ann, a bhfuil baint aige leis an mainistir seo?

An bhfuil aon iarsmalann, ionad oidhreachta nó comharthaí eolais faoin mainistir ann inniu?

An bhfuil aon fhinscéal ag baint leis an mainistir nó leis an manach/naomh a bhunaigh í?

An ndearna na Lochlannaigh ionsaí ar an mainistir seo?

Bhailigh mé an t-eolas seo ó:

3. An Luathré Chríostaí – A tábhacht in Éirinn

49


Caibidil 1: Obair an Staraí

Na Lochlannaigh

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

C

ID AIB

IL 4

Sibhialtacht LuathMheánaoiseach Príomhthoradh Foghlama: 3.1 Imscrúdú a dhéanamh ar shaol daoine i sibhialtacht* ársa nó mheánaoiseach dá rogha féin, agus míniú a thabhairt ar an gcaoi ar rannchuidigh gníomhartha agus/nó éachtaí na sibhialtachta* sin le stair na hEorpa agus/nó an domhan mór.

Foclóir aí:

séadchomharth monuments

food supply soláthar bia: eady seasmhach: st cessary ne riachtanach: ster tubaiste: disa stádas: status ársa: ancient

(Nóta don mhúinteoir: úsáidtear an téarma ‘saoránacht’ (‘citizenship’) sa tsonraíocht Ghaeilge, áit a bhfuil ‘civilization’ sa tsonraíocht Bhéarla. Cloífear leis an téarma ‘sibhialtacht’ anseo.)

Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.7, 1.8, 1.9, 1.11, 2.1, 2.11, 2.13, 3.11, 3.14 Sibhialtacht: pobal daoine a chónaigh i gcathracha nó i mbailte móra (tháinig an focal ‘civilisation’ ón bhfocal Laidine ‘civitas’ a chiallaíonn ‘cathair’). D’fhorbair sibhialtachtaí cultúir, rialtais agus teicneolaíochtaí dá gcuid féin.

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. tréith

ealaín

rialtas

tréithe

creideamh

rialtóir/rialtóirí

príomhthréithe

córas

rialacha

tuile/tuilte

riachtanach

meánaoiseach

triomach

soláthar

seasmhach

tubaiste

cothú

séadchomharthaí

saibhreas

stádas

ársa

I measc na bpríomhthréithe (CRESSTT) a bhaineann le sibhialtachtaí tá: Creideamh: bhí creideamh comónta ag na daoine sa phobal. Rialtas: bhí rialtóirí, nó córas rialtais, ann a leag rialacha nó dlíthe amach don phobal sa tsibhialtacht seo. Ealaín: bhí stíl áirithe ealaíne ann a bhain leis an bpobal agus bhí an ealaín le feiceáil ar a gcuid séadchomharthaí. 50

Aistear Ama

An Ghramadach Tuiseal Ainmneach Uatha:

Tuiseal Ginideach

An tsibhialtacht

Iolra:

Méid na sibhialtachta

Na sibhialtachtaí

Méid na sibhialtachtaí


Soláthar Bia: bhí soláthar bia seasmhach riachtanach chun gach duine a chothú. Bhíodh breis bia ann freisin, ar eagla go dtarlódh tubaiste nádúrtha, leithéidí tuilte nó triomach. Struchtúr Sóisialta: roinneadh an obair i measc an phobail. Sa tslí sin, ní bhíodh ar gach duine a bheith ag feirmeoireacht chun a chuid bia féin a fhás. Uaidh seo, d’fhás struchtúr sóisialta agus rialaithe an phobail. Bhain struchtúr sóisialta le post, saibhreas agus stádas na ndaoine éagsúla sa phobal. Teanga Scríofa: bhí teanga scríofa de shaghas éigin ag an bpobal. Teicneolaíocht: rinne an pobal dul chun cinn sa teicneolaíocht. Níor ghá go mbeadh gach ceann de na tréithe thuasluaite (CRESSTT) i gceist chun go mbeadh pobal ina shibhialtacht. Ba leor cuid de na tréithe a bheith ann. Sibhialtacht ársa: pobal, ina raibh cuid de na tréithe thuasluaite, agus a mhair idir 3000 RCh agus 500 AD. Sibhialtacht mheánaoiseach: pobal, ina raibh cuid de na tréithe thuasluaite, a mhair idir 500 AD agus 1500 AD.

Foclóir Sa chaibidil seo, beimid ag féachaint ar shaol na ndaoine i sibhialtacht na Lochlannach. Fiosróimid na tionchair a bhí acu ar an Eoraip agus ar an domhan mór. Réamhcheacht

1 Déan meabhairmhapa de na rudaí a thagann chugat nuair a smaoiníonn tú faoi na Lochlannaigh.

leathadh: expans

ion taiscéalaithe: explo rers creachadh: plund er lonnaigh siad; (ai msir chaite, lonnaigh): they set tled thuaidh: north Talamh an Éisc: Ne i mbarr a réime: at

the height

of their rule

2 Tarraing pictiúr de Lochlannach. Smaoinigh faoi na héadaí agus na huirlisí a bhí aige.

wfoundland

An Ghramadach Tuiseal Ainmneach

Tuiseal Ginideach

Uatha:

An Lochlannach

Cóta an Lochlannaigh

Iolra:

Na Lochlannaigh

Cótaí na Lochlannach

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. An Danmhairg

colscaradh

An Íoslainn

An tSualainn

baintreach

Sealtainn

An Iorua

baintreacha

Inse Orc

An Ghraonlainn

Ceiltigh

ildiachas

Lochlannach

meánaoiseanna

págántacht

Lochlannaigh

Críoch Lochlann

creachadóir

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

51


Ceist Cérbh iad na ? Lochlannaigh

Mhair sibhialtacht na Lochlannach ó c. 800AD go dtí c. 1100 AD. Mhair na Lochlannaigh sa cheantar ina bhfuil an Iorua, an tSualainn agus an Danmhairg sa lá atá inniu ann. Tugaimid Críoch Lochlann ar an gceantar sin freisin.

Leathadh na Lochlannach Leath cumhacht na Lochlannach go mór i dtréimhse 300 bliain. Ba thaiscéalaithe iontacha iad. Sa 9ú haois, rinne siad creachadh agus lonnaigh siad i gceantair in Éirinn, Albain, Sasana, ar Oileáin Fharó, san Íoslainn agus sa Ghraonlainn. Bhunaigh Leif Erikson lonnaíocht ag Vinland (cósta Mheiriceá Thuaidh – ceantar Thalamh an Éisc) sa bhliain 1021 AD. Rinne na Lochlannaigh creachadh ar Nantes, Rouen agus Páras agus lonnaigh cuid eile acu i dtuaisceart na Fraince. Tugadh ‘An Normainn’ ar an gceantar, é ainmnithe as na ‘Northmen’ seo. Chreach siad na réigiúin ina bhfuil an Bheilg agus an Ísiltír freisin. Bhí an chathair Lochlannach ba chumhachtaí suite ag Sliasthorp i dtuaisceart na Gearmáine. Lonnaigh na Lochlannaigh in oirthear na hEorpa freisin, sna ceantair ina bhfuil an Bhealarúis, an Úcráin agus an Rúis inniu. D’fhás na ceantair a bhí faoi thionchar na Lochlannach, agus ag an am a bhí siad i mbarr a réime, bhí smacht acu ar cheantair sa Rúis, in Éirinn agus i Meiriceá Thuaidh.

52

Aistear Ama


An Gaiscíoch Lochlannach Rinne na Lochlannaigh ionsaithe bris agus sciob. Chreid gaiscígh Lochlannacha go rachaidís go Valhalla, neamh na Lochlannach, dá bhfaighidís bás go cróga. Mar gheall air seo, bhí na gaiscígh misniúil agus iad i mbun cogaidh. Bhí gaiscígh sásta a dtaoiseach nó rí a leanúint i gcogadh agus a bheith ullamh don chogadh i gcónaí. A mhalairt de scéal le saighdiúirí na Róimhe, níor chaith gaiscígh Lochlannacha mórán cathéide. D’úsáid siad a gcuid éadaí agus uirlisí cogaidh féin. Chuaigh gaiscígh áirithe chun cogaidh, agus craiceann mac tíre nó béar á chaitheamh acu. Tugadh ‘beserkers’ ar na gaiscígh toisc go raibh siad as smacht agus iad ag troid, tagann an focal Béarla ‘berserk’ ón bhfocal sin. Chreid beserkers gur thug Óidin, dia an chogaidh, sárchumhachtaí dóibh agus mar sin nár ghá dóibh cathéide a chaitheamh. Nuair a fuair an gaiscíoch bás, cuireadh é san uaigh lena chuid uirlisí cogaidh nó tugadh a chlaíomh dá mhac.

Bhí sochaí na Lochlannach eagraithe de réir cumhachta. An Rí agus an bhanríon: Ba iad seo na daoine ba chumhachtaí agus bhí siad ag an mbarr. Taoisigh áitiúla agus réigiúnacha: tugadh ‘jarl’ orthu seo, a bhí faoin rí sa tsochaí. Thuill siad saibhreas ó impórtáil agus easpórtáil earraí. Bhí a lán talún agus long acu.

Jarl

Karl

Thrall

gaiscíoch: warri or bris agus sciob : smash and gr ab misniúil: courag eous cathéide: armo

Sochaí na Lochlannach

Foclóir

ur bhí sé eagraithe ; (aidiacht bhriathartha, ea graigh): it was organised na daoine ba lío nmhaire: the most nume rous people ceardaithe: cra ftsmen ceannaithe: me rchants ruathar: attack

Saorfhir: bhí siad seo faoi na taoisigh. Tugadh ‘karl’ orthu. Bhí siad seo ar na daoine ba líonmhaire i sochaí na Lochlannach. Bhí feirmeacha faoi tuath ag cuid mhaith acu. D’oibrigh cuid eile acu mar cheardaithe, ceannaithe agus tógálaithe long. Chuaigh siad ar na longa fada ag creachadh i rith an tsamhraidh. Sclábhaithe: Ag an mbun sa tsochaí, bhí sclábhaithe. Tugadh ‘thrall’ orthu sin. Bhí trádáil sclábhaithe ina chuid de ruathar agus trádáil na Lochlannach.

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

53


Ba mhaoin de chuid a n-úinéirí iad na sclábhaithe, de réir an dlí. Ní raibh aon chearta acu. Ba sclábhaithe Eorpacha iad den chuid is mó. Rinneadh staidéar ar chomhdhéanamh géiniteach na gcéad lonnaitheoirí san Íoslainn. Bhí an DNA sin roinnte ina dhá leath beagnach idir DNA Gaelach (Éire agus Albain) agus DNA Lochlannach (an Iorua agus an tSualainn). Thóg an chuid ba mhó de na Gaeil seo mar sclábhaithe chuig an Íoslainn. Thóg na Lochlannaigh príosúnaigh chogaidh nó saorfhir a raibh 昀椀acha orthu, mar sclábhaithe nuair a bhíodar ag déanamh creachadh ar cheantar nó ar mhainistir. Uaireanta eile, thug daoine iad féin, nó baill teaghlaigh, mar sclábhaithe in am an ghátair, mar shampla le linn gorta. Uaireanta, d’fhéadfadh sclábhaí a shaoirse a cheannach ar ais. Tá foinsí scríofa faoin sclábhaíocht againn ó na ceantair a ndearna na Lochlannaigh creachadh orthu, ach níl 昀椀anaise Foclóir sheandálaíoch ann. maoin: possession Mar gheall air sin, comh dhéanamh géiniteach: tá sé deacair a rá genetic make-up cé chomh coitianta na chéad lonnaitheoirí: the 昀椀rst agus a bhí trádáil settlers sclábhaithe na Cuid de na déantáin Lochlannacha 昀椀acha: debts Lochlannach ag ar taispeáint in ArdMhúsaem na baill teaghlaigh: family members hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhí ceann an am sin. de na margaí sclábhaithe ba mhó san Eoraip ag céanna Bhaile Átha Cliath ag an am.

in am an ghátair: in times of need

gorta: famine 昀椀anaise sheandálaíoch: archaeological evidence

Bileog Oibre Scríobh manaigh na Luathré Críostaí annála. Ba é a bhí sna hannála ná taifead ar imeachtaí na bliana. Tá digitiú déanta ar na hannála anois agus iad aistrithe go Béarla. Féach ar na pictiúir thíos (ceann i nGaeilge agus ceann i mBéarla) agus freagair na ceisteanna a ghabhann leo.

54

Aistear Ama


Bileoga Oibre

Tá leathanaigh ó Annála Uladh le feiceáil ag na naisc seo: https://celt.ucc.ie/published/T100001A/

Ceisteanna

1 Sa bhliain 821, thóg na Lochlannaigh sclábhaithe ó cheantar in aice le Baile Átha Cliath Scríobh manach faoi in Annála Uladh. Aimsigh an píosa a scríobh sé thuas.

2 An raibh sclábhaithe in Éirinn sular tháinig na Lochlannaigh chun na tíre? Tabhair cúis le do fhreagra.

3 Liostaigh na cúiseanna go mbeadh duine ina sclábhaí ag na Lochlannaigh ag an am sin. 4 An raibh an sclábhaí Lochlannach in ann a shaoirse a fháil ar ais? Saol na mBan Lochlannach Bhíodh ní ba mhó saoirse agus cumhachta ag mná Lochlannacha ná mar a bhí ag mná i sibhialtachtaí eile ar domhan ag an am seo. Bhí neamhspleáchas acu. Bhí an ceart acu a bheith ina n-úinéirí talún, talamh a fháil in oidhreacht agus talamh nó maoin a bhainistiú. Bhí mná Lochlannacha in ann colscaradh a fháil, go dtí gur iompaigh na Lochlannaigh ar an gCríostaíocht ón bpágántacht. Bhíodh mná i gceannas ar an teaghlach. D’ullmhaigh siad an bia, rinne siad na héadaí, thóg siad na páistí, d’eagraigh siad na sclábhaithe, an fheirm agus na ceardlanna. Má fuair fear bás roimh a bhean chéile, fágadh í i gceannas ar ghnó a 昀椀r chéile. Chuaigh mná Lochlannacha ar imirce leis na 昀椀r go Sasana, an Íoslainn, Sealtainn agus Inse Orc.

Foclóir neamhspleáchas: independence a fháil in oidhreach t: to inherit maoin: possession s/wealth a bhainistiú; (in昀椀n ideach, bainistigh): to ma nage colscaradh: divorc e ceardlann(a): wo rkshop(s) Sealtainn: Shetlan ds Inse Orc: Orkney Islands a thréigean; (in昀椀n ideach, tré to abandon

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

ig):

55


Saol na bPáistí Lochlannacha Phós cailíní ó aois 12 ar aghaidh. Bhíodh buachaillí in ann oidhreacht a fháil ó aois 16. Mar a tharla i sibhialtachtaí eile, nuair a d’éirigh clann bocht, nó nuair a tharla gorta nó cogadh, ba nós é leanaí óga a mharú nó a thréigean. De ghnáth, ba iad na cailíní a mharaigh siad. Lean an nós seo go dtí gur tháinig an Chríostaíocht go Críoch Lochlann. Réamhcheacht: Foirgneamh sa stíl Lochlannach ag Iarsmalann Trelleborg san Iorua.

1 Cén difríocht atá idir an foirgneamh seo agus foirgnimh sa lá atá inniu ann?

2 Cad chuige ar úsáid na Lochlannaigh an foirgneamh seo, an gceapann tú?

3 Mínigh an téarma ‘iarsmalann’.

4 Cad as a bhfuil díon an fhoirgnimh seo déanta, dar leat?

An Tuath agus an Baile An Tuath Faoin tuath, chónaigh na Lochlannaigh i sráidbhailte beaga. Bhraith na pobail seo ar an talmhaíocht, iascaireacht agus 昀椀ach. Tháirg siad bia amhail feoil, im, cáis, gráin, torthaí agus glasraí. Tháirg siad amhábhair do na ceardaithe sna bailte, amhail olann, 昀椀onnadh (do hataí agus clócaí), craiceann 昀椀a (do bhróga), adhmad agus ómra. Chónaigh siad i dtithe fada adhmaid. Uaireanta, choimeád siad ainmhithe ag bun an tí. Bhíodh binsí agus cófraí sa teach ach ní bhíodh mórán troscáin eile ann. Bhíodh táblaí agus leapacha ag na Lochlannaigh shaibhre amháin. Ní bhíodh aon fhuinneog sna tithe chun an teas a choimeád istigh. Bhíodh na tithe lán deataigh.

56

Aistear Ama


An Baile

Chónaigh na Lochlannaigh ba shaibhre – na ceannaithe agus na ceardaithe – i lár an bhaile. Bhíodh tithe stórais agus ceardlanna in aice láimhe. I measc na gceardaithe, bhíodh báicéirí, búistéirí, tógálaithe, gaibhne ann. Ar imeall an bhaile, bhíodh cúpla teach feirme. Bhíodh gnáth-theach ceannaí 6 mhéadar ar leithead agus 15 mhéadar ar fad, agus bhíodh 2-3 sheomra ann. Chónaigh Lochlannaigh ní ba bhoichte i dtithe a bhí 3 mhéadar ar leithead agus 3 mhéadar ar fad.

Foclóir talmhaíocht: agriculture 昀椀ach: hunting tháirg siad; (aimsir chaite, táirg): they produced amhábhair: raw materials 昀椀onnadh: fur 昀椀a: deer

Éadaí na Lochlannach

ómra: amber ceardaithe: craftsmen

Bhí éadaí na Lochlannach déanta as olann, línéadach agus craiceann ainmhí.

gaibhne: smiths ceannaí/ceannaithe: merchant(s) ar leithead: wide línéadach: linen pilirín: pinafore

leathair: leather Na mná: chaith na adharca: horns mná gúna fada le pilirín anuas air. Bhí sparán leathair acu freisin.

Na fir: chaith na 昀椀r léine fhada, bríste agus clóca. D’úsáid 昀椀r agus mná criosanna agus bróistí chun a n-éadaí a cheangal. Thaitin dathanna leis na Lochlannaigh, go háirithe dearg. Chaith 昀椀r agus mná buataisí déanta as leathair.

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

57


Bíonn dhá insint ar gach scéal! Baineann míchruinneas le tuairimí roinnt daoine faoi stair na Lochlannach. Cén tslí ar léirigh tú an Lochlannach nuair a tharraing tú pictiúr de? Ar chuir tú clogad a raibh adharca air, ar a cheann? Sa phopchultúr, léirítear na Lochlannaigh le clogaid a bhfuil adharca orthu, mar a bheadh ar na Minnseota Vikings sa pheil Mheirceánach nó Last Vikings ó Super Nintendo. Ach níl aon fhoinsí príomha ann a thaispeánann go gcaitheadh na Lochlannaigh clogaid le hadharca in aon chor! Chaitheadh siad clogaid iarainn, le plátaí miotail chun na súile agus srón a chosaint. Ní bheadh spás ar long cogaidh do chlogaid le hadharca, agus bheidís míphraiticiúil i gcogadh. Is ó cheoldráma le Richard Wagner sna 1870idí a tháinig an smaoineamh gur chaith na Lochlannaigh clogaid le hadharca. Bhí clogaid le hadharca ar na Lochlannaigh sa cheoldráma agus is uaidh sin a scaip an scéal. Féach siar ar an bpictiúr a rinne tú den Lochlannach ag tús na caibidle seo. Cé chomh cruinn agus a bhí do phictiúr? Mínigh do fhreagra.

Réamhcheacht: Cineálacha Caitheamh Aimsire

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. caitheamh aimsire

snámh

marcaíocht ar chapall

昀椀líocht

cluichí boird

scátáil

scéalaíocht

táiplis

scátaí

amhránaíocht

昀椀cheall

sleamhnánú

siamsaíocht

Muiris Naonúir

iomrascáil

1 Cad iad na trí chaitheamh aimsire is fearr leat ón liosta thuas? 2 Cad iad na caithimh aimsire a dhéanann tú sa samhradh? 3 Cad iad na caithimh aimsire a dhéanann tú sa gheimhreadh?

58

Aistear Ama


Caithimh Aimsire na Lochlannach Bhraith caithimh aimsire agus siamsaíocht na Lochlannach ar na séasúir. Sa samhradh, rinne siad snámh, iomrascáil, troid ar chapaill. Sa gheimhreadh, rinne siad sleamhnánú agus scátáil. Bhí a scátaí déanta as cnámha capaill nó beithígh agus cheangail siad iad le bróga le téada leathair. Thaitin amhránaíocht, scéalaíocht agus 昀椀líocht leo freisin. Uaireanta, scríobh siad dánta ar chlocha – tugadh rúnscríbhinn air seo.

Seo rúnscríbhinn Karlevi, scríofa in onóir do Thaoiseach Lochlannach.

Léiríonn 昀椀anaise sheandálaíoch gur thaitin cluichí boird go mór leis na Lochlannaigh. Bhí hnefatafl (Tábla an Rí) acu, is cluiche é sin a bhí cosúil le táiplis. D’imir siad 昀椀cheall agus Muiris Naonúir. Bhí píosaí na gcluichí boird déanta as cnámha ainmhithe, gloine agus ómra. Léiríonn na píosaí ó na cluichí boird seo an méid trádála a rinne na Lochlannaigh agus na háiteanna lenar thrádáil siad. Féach ar do chuid fhreagraí ar cheist 1-3 ar lch 58. Cé mhéad cosúlachtaí atá idir do chaithimh aimsire féin agus caithimh aimsire na Lochlannach? Réamhcheacht: Cén t-eolas, nó smaointe, atá agatsa faoi chreideamh na Lochlannach?

1 An gceapann tú go raibh Dia amháin acu nó roinnt déithe? 2 Ar chreid siad go raibh saol eile ann tar éis an tsaoil seo, nó ar chreid siad gurbh é seo an t-aon saol amháin?

3 Cén t-ainm a thug siad ar an saol eile, má b’ann dó? Neamh? 4 Cén t-ainm a bheadh ar a ndia/ndéithe? 5 Cén tslí ar chuir siad na mairbh?

Foclóir sleamhn

ánú: sle dging : cattle

beithígh téad/té táiplis:

ada: str

ing(s) draughts

Muiris N

aonúir: Nine Men’s M orris ómra: a mber

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

59


Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. dia

págánach/págánaigh

fathach

bandia

adhradh

fathaigh

déithe

íobairt

síofra

ildiachaí/ildiachaithe

íobairtí

síofraí

nós adhlactha

dhóigh siad

grianstad an tsamhraidh

taiscí

créamtha

grianstad an gheimhridh

Creideamh agus nósanna adhlactha Bhí a gcreideamh féin ag na Lochlannaigh. Níl mórán eolais againn faoin gcreideamh sin de dheasca easpa 昀椀anaise sheandálaíoch, ach tá a fhios againn gur ildiachaithe a bhí iontu. Ciallaíonn sé sin gur chreid siad go raibh déithe éagsúla ann. Págánaigh ba ea iad chomh maith. Thug siad adhradh dá ndéithe amuigh faoin aer den chuid is mó. Rinne siad íobairtí do na déithe ag grianstad an tsamhraidh agus ag grianstad an gheimhridh. Íobairtí d’ainmhithe, capaill ach go háirithe, ba mhó a rinne siad. Chreid na Lochlannaigh go raibh 3 leibhéal ar domhan. Bhí an córas seo bunaithe ar an gcrann Yggdrasil. Chónaigh na déithe in Asgard, chónaigh na gnáthdhaoine in Midgard agus chónaigh na síofraí agus na fathaigh in Hel!

Foclóir

ildiachaí/ildiachaithe; duine/daoine a chreideann i níos mó ná dia amháin: polytheist(s) íobairtí: sacri昀椀ces

Na Déithe Óidin: Ba é Óidin príomhdhia na Lochlannach. Dia an chogaidh agus dia na 昀椀líochta ba ea é. Bhíodh sé ag marcaíocht ar chapall ochtchosach. Bhí cónaí air i halla Valhalla, in Asgard, an áit a ndeachaigh gach gaiscíoch a fuair bás cróga.

grianstad (an tsamhraidh): (summer) solstice cosantóir: defender an t-ord: hammer fómhar: harvest torthúlacht: fertility

Túr/Thor: mac le hÓidin, dia na spéire, na toirní agus na tintrí. Ba chosantóir Asgard agus Midgard é. Is é an t-ord (casúr mór) an tsiombail is mó a shamhlaítear leis. Loki: Dia na tine Frae/Freya: Bandia an ghrá Fraer/Frey: Dia an fhómhair agus na torthúlachta.

60

Aistear Ama


Nósanna adhlactha Bhí dhá nós adhlactha ag na Lochlannaigh. Dhóigh siad na mairbh nó chuir siad sa talamh iad. Chuir siad earraí san uaigh leo, earraí a chreid siad a bheadh ag teastáil ó dhaoine sa saol eile. In uaigh na mban, chuir siad earraí tí, obair shnáthaide agus seodra. Chuir siad uirlisí cogaidh agus feirmeoireachta leis na 昀椀r. Uaireanta, chuir siad sclábhaithe leo chomh maith. Is suíomh adhlactha ollmhór é Lindholm Høje sa Danmhairg. Tá meascán de thaisí ó chréamadh agus coirp ann. Tá beagnach 700 cloch ann agus iad leagtha i gcruth loinge. Ba shiombailí iad na longa den turas go dtí an chéad saol eile. D’úsáid na Lochlannaigh dumhaí adhlactha freisin. Chuir siad earraí sna dumhaí. Fuarthas dumha san Iorua a raibh long (long Oseberg) agus corp beirt bhan ann chomh maith le taiscí. Uaireanta, chuir siad coirp na marbh ar bhád agus dhódh siad an bád mar a tharla le long Myklebust. Níl aon fhianaise sheandálaíoch ann áfach, a léiríonn gur chuir siad bád, mar aon le corp, ag snámh ar an uisce agus é trí thine.

Lindholm Hoje, Aalborg, an Danmhairg: suíomh adhlactha Lochlannach.

Seandálaithe ag obair ar Long Oseberg san Iorua.

Le himeacht ama, tar éis teagmhála le tíortha Críostaí, d’athraigh creideamh na Lochlannach. Bhí an Chríostaíocht i réim san Íoslainn faoin mbliain 1,000 AD.

Lochlannaigh Thábhachtacha Rollo

Foclóir nósanna adhl

actha: burial customs obair shnáthai de: needlewor k créamadh: cr emation dumhaí adhlac tha: burial m ounds taisce/taiscí: treasure(s) ról suntasach; ról tábhachtac h: signi昀椀cant ro le léigear: siege conradh: treat

y

Ghlac Rollo páirt sna hionsaithe éagsúla a rinne na Lochlannaigh ar an bhFrainc. Lean na hionsaithe seo ar feadh tuairim is céad bliain ar feadh abhainn na Séine. Bhí ról suntasach ag Rollo i gcuid de na himeachtaí seo, amhail léigear Pháras sna blianta 885-886 AD. Faoin am sin, thuig rí na Fraince, Charles III, nach n-éireodh leis bua míleata a fháil ar na Lochlannaigh. Ba é réiteach Charles ná cuid den thalaimh ar an gcósta (an Normainn/Normandie) a thabhairt do Rollo. Ar an tslí seo, bheadh cosaint ag an gcuid eile de thalamh Charles ó ionsaithe Lochlannacha agus Rollo ag cosaint a thalaimh féin. Rinne siad conradh le chéile. Anuas air sin, phós Rollo iníon le Charles, Gisela, sa bhliain 911 AD. Ní cleamhnas grá a bhí ann, ach socrú gnó chun an nasc idir Charles agus Rollo a dhaingniú. Chun an socrú a chomhlíonadh, b’éigean do Rollo iompú

Dealbh de Rolla san Iorua.

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

61


ar an gCríostaíocht, ón bpágántacht. Níl aon fhianaise ann gur tharla aon ionsaí Lochlannach eile ón mbliain 911 AD ar aghaidh. Tháinig fás agus forbairt ar thailte Rollo. Rialóir cumasach a bhí ann, a chuir dlíthe déine i bhfeidhm. Cuireadh chun báis gadaithe, dúnmharfóirí agus éinne a bhí páirteach i gclúmhilleadh. Tugadh an Normainn (Normandie i bhFraincis) ar an gceantar as na ‘North Men’ ar nós Rollo agus a lucht leanúna, a lonnaigh ann. Tá cáil ar Rollo inniu freisin, de bharr a shliochtaigh, Liam Concar, a rinne concas ar Shasana sa bhliain 1066 AD.

Cnut Mór Rinne athair Cnut (Svein na Féasóige Dhá Bheann) iarracht ionradh a dhéanamh ar Shasana sa bhliain 1013 AD. Chuaigh Cnut in éineacht leis. Nuair a fuair a athair bás d’fhill Cnut ar an Danmhairg. Chuaigh Cnut ar ais go Sasana sa bhliain 1015 agus ghabh sé smacht ar an tír, seachas an ceantar timpeall ar Londain. Bhain Cnut féin coróin Shasana amach sa bhliain 1016 agus ba rí ar Shasana é go deireadh a shaoil. Ina dhiaidh sin, bhuaigh sé cath ag Ashington, Essex, agus bhí cumhacht aige ar Albain freisin. Fuair sé Ríocht na Danmhairge nuair a fuair a dheartháir bás sa bhliain 1019. Faoi 1030 bhí sé i gceannas ar an Iorua freisin. Tugadh ‘Impireacht na Farraige Thuaidh’ ar na ceantair a bhí faoina smacht. Tugadh cur síos ar éachtaí Cnut mór. Cnut i bh昀椀líocht na Lochlainnise. Thug Cnut seasmhacht do Shasana agus é ina rí. Fuair sé bás i Shaftesbury in 1035 agus cuireadh in Ardeaglais Winchester é.

An bhfuil a fhios agat?

Ceisteanna

1 Cad is brí leis na litreacha AD? 2 Cad is brí leis na litreacha RCh? 3 Cruthaigh amlíne ar a bhfuil an t-eolas

An bhfuil a fhios agat go bhfuil Bluetooth ainmnithe as Arald Gormfhiaclach, rí Lochlannach? Is rúnscríbhinn í an tsiombail Wi-Fi.

thuas faoi Rollo agus Cnut Mór.

4 Cé mhéad bliain tar éis do Chnut Mór bás a fháil, a rinne Liam Concar ionsaí ar Shasana?

5 Déan liosta de na cosúlachtaí idir Rollo agus Cnut Mór.

Foclóir cleamhnas gr á: love match socrú gnó: bu siness agreem ent talamh/tailte: land(s) clúmhilleadh: defamation Svein na féas óige dhá bhea nn: Sweyn forkbe ard coróin: crown ríocht: kingdo

m

éacht/éachta seasmhacht:

62

Aistear Ama

í: achievemen

stability

t(s)


Éachtaí na Lochlannach 1 Forbairtí agus nuálaíochtaí teicneolaíochta Ní bheadh na Lochlannaigh in ann leathadh chomh mór sin murach na forbairtí a rinne siad sa teicneolaíocht. Ba iad na longa an teicneolaíocht ba mhó a d’fhorbair na Lochlannaigh. Bhíodh siad ag brath ar longa don chreachadh, trádáil, iascaireacht, taiscéalaíocht agus lonnaíocht. Bhíodh longchlóis in go leor bailte, a raibh uisce éadomhain iontu, agus mar sin thógadh siad na longa ar an gcladach. Bhí sé éasca iad a bhrú isteach san fharraige ansin nuair a bhí siad réidh le seoladh. D’fhorbair siad longa a bhí in ann taisteal in aon mhéadar amháin d’uisce agus mar sin bhí siad in ann taisteal ar aibhneacha, riasca agus ar an bhfarraige.

Foclóir

Ba iad na báid fhada na longa ba cháiliúla de chuid na Lochlannach. Ba théarma ginearálta é bád fada do na longa cogaidh. I measc na long cogaidh, bhí an drakkar (dragan), a raibh maisiúcháin d’ainmhithe nó dragain ar an long. 35 méadar ar fad a bhí an drakkar ba mhó a d’aimsigh seandálaithe! Bhí na báid seo solúbtha freisin, mar gheall ar an tslí a tógadh iad. Cuireadh na cláir adhmaid ar an gcabhail (taobh na loinge) ina luí thar a chéile chun bád clinse a dhéanamh. Bhíodh na cineálacha bád seo láidir i bhfarraigí corraitheacha. Bhí siad in ann go leor daoine a iompar go tapa, suas go 30km in aghaidh na huaire! Thugadh na seolta agus maidí rámha le chéile luas agus so-ionramháilteacht thar na bearta dóibh, de réir an staraí Lochlannach Magnus Magnusson.

forbairt/forbairtí: development(s) nuálaíocht/nuálaíochtaí: innovation(s) don chreachadh: for the plundering taiscéalaíocht: exploration longchlóis: shipyards éadomhain: shallow réidh le seoladh: ready to sail riasca: marshes solúbtha: 昀氀exible cabhail; taobh an bháid: hull bád clinse: clinker built boat

D’úsáid na Lochlannaigh a gcuid eolais ar na taoidí, na gaotha agus ar shainchomharthaí don loingseoireacht. D’úsáideadh siad na réalta agus iad ag seoladh istoíche. Bhí a fhios acu go raibh siad in aice le talamh nuair a chonaic siad éin áirithe.

sainchomharthaí: landmarks loingseoireacht: navigation gníomhach: active

Ba é seo tuairim Magnus Magnusson: De bharr na bhforbairtí teicneolaíochta seo, thaistil na Lochlannaigh ní b’fhaide ná éinne a chuaigh rompu. Bhí a gcuid bád ní ba thapa agus ní ba sholúbtha ná aon long eile. Mar gheall air seo, ag an am a bhí siad i mbarr a réime bhí na Lochlannaigh gníomhach ar cheithre ilchríoch. Long Gokstad: D’úsáideadh na Lochlannaigh báid mar é seo don iascaireacht, don trádáil agus uaireanta don chogaíocht.

Eispéireas Foghlama: Tomhais 35 méadar i gclós na scoile.

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

63


2 Trádáil agus Bunú Cathracha Bhíodh na Lochlannaigh ag trádáil chomh fada i gcéin le cathair Chonstaintín (Iostanbúl, sa Tuirc inniu). Ansin, thrádáil siad sclábhaithe ar tháirgí amhail síoda, blastanais agus éabhar. Bhunaigh siad lárionaid trádála i mbailte agus cathracha, áit ar bith a lonnaigh siad. I measc na gcathracha a bhunaigh siad, tá York i Sasana, Novgorod sa Rúis, Cív (príomhchathair na hUcráine) agus cathracha in Éirinn, Baile Átha Cliath ina measc.

Foclóir blastanas/blastana

is:

seasoning(s) éabhar: ivory breithiúnas: judge ment coir/coireanna: cri me(s) comhraic: battle/c ombat tionól: assembly

3 Rialú agus an Dlí

I ngach réigiún Lochlannach, tharla cruinnithe rialta poiblí ar ar tugadh an ‘Thing.’ Bhí ceannaire ann agus d’fhreastail jarls agus Comhairle Contae: karls amháin ar an gcruinniú. Chuir an Thing dlíthe nua i bhfeidhm. County Council Tugadh breithiúnas ann ar choireanna, mar shampla, bhí ar ghadaithe an t-airgead a ghoid siad a íoc ar ais. B’éigean do choirpigh an tír a fhágáil nó chaillfeadh siad a gcearta. D’fhéadfaí argóintí a réiteach le comhraic. Tá an tionól (Althingi/parlaimint) is sine ar domhan ag an Íoslainn. Thosaigh an ‘Althingi’ san Íoslainn mar thionól do na Lochlannaigh sa bhliain 930 RCh. Bhí Thing áitiúil ann, mar a bheadh comhairle contae sa lá atá inniu ann, agus bhí Thing réigiúnach nó parlaimint ann, mar a bheadh Dáil Éireann.

4 Teanga Foclóir na Gaeilge agus an Bhéarla Chuir na Lochlannaigh leis na teangacha sna ceantair inar lonnaigh siad. Chuir na Lochlannaigh le stór focal na Gaeilge i réimsí na trádála agus na loingseoireachta. Eispéireas Foghlama: Líon isteach na focail Bhéarla sa tábla thíos. Sean-Lochlainnis

bát

akkeri

markaðr

baunir

íspen

stýri

brók

knappr

Sean-Ghaeilge

bát

accaire

margadh

pónair

ispín

stiúir

bróg

cnap

Nua-Ghaeilge

bád

ancaire

margadh

pónaire

ispín

stiúir

bróg

cnaipe

Béarla Is é an Béarla an teanga is mó ar chuir na Lochlannaigh leis. Thug na Lochlannaigh go leor focail nua isteach sa Bhéarla agus anuas air sin, chuir siad le gramadach agus comhréir an Bhéarla ar shlí nár tharla sa Ghaeilge. Thug siad na focail Bhéarla dúinn ar laethanta na seachtaine, chomh maith le stór nua focal. Sunday: Sol, Bandia na Gréine, Lá Sun

Foclóir

Monday: Mani, Bandia na Gealaí, Lá Mani Tuesday: Tyr, Dia an Chogaidh, Lá Tyr Wednesday: Óidin, an Phríomh-Dhia, uaireanta tugadh Woden air, Lá Woden Thursday: Túr, Dia na spéire, Lá Túr Friday: Froig, Dia an phósta, Lá Froig 64

Aistear Ama

comhréir; ord na bhfocal in abairt: syntax an ghealach: the moon pósadh: marriage


Samplaí d’fhocail Bhéarla a tháinig ón Lochlainnis Sean-Lochlainnis

lag

kaka

bðllr

mistaka

byrðr

deyja

berserkr

hreindyri

Béarla

law

cake

ball

mistake

birth

die

beserk

reindeer

5 Ealaín Bhí sárscileanna ealaíne ag na Lochlannaigh. Mhaisigh siad adhmad agus miotail le híomhánna d’ainmhithe agus patrúin chasta. Bhí na maisiúcháin seo le feiceáil ar bhróistí, uirlisí cogaidh agus fiú ar na longa féin. Bhí a lán stíleanna difriúla acu a d’athraigh le himeacht ama. Bhí tionchar ag a stíleanna ar an ealaín sna tíortha inar lonnaigh na Lochlannaigh. Oseberg

Borre

Urnes

Ba é Sitric MacAeda, Gael-Lochlannach,

Bachall Chluain Mhic Nóis i stíl Ringerike.

a rinne scrín don lámhscríbhinn An Cathach. 775an C.E. c.1125 C.E. Stíleanna ealaíne na Lochlannach.

Logainmneacha Cé go bhfuil na Lochlannaigh féin, agus an rian a d’fhág siad ar na háiteanna inar lonnaigh siad, imithe anois, feicimid a lorg sna logainmneacha trasna na hEorpa. Eispéireas Foghlama: oibrigh amach ainmneacha na mbailte agus cathracha seo. Logainm sa tSean-Lochlainnis

Logainm inniu

Vík ló Ueig fjörðr Verdr fjörðr Cork Hlymrek Kerlingfjorðr Strangrfjorðr Tá ainmneacha pearsanta ón tSean-Lochlannais caomhnaithe i logainmneacha Gaeilge, ar nós: Baile Formaid, ón ainm Thormundr. Baile Shitric, is ainm é Sitric ón tseanLochlainnis Sigtryggr.

Foclóir Baile Formaid: Baile Shitric:

Ballyfermot

Balsitric

Go minic, nuair a chuireadh na Lochlannaigh logainm Lochlannach ar áit, d’úsáideadh na Gaeil logainm Gaeilge ar an áit chéanna. Is minic, mar sin, nach mbíonn an bhrí chéanna leis na logainmneacha Gaeilge agus atá leis na logainmneacha Béarla, atá bunaithe ar an Lochlannais. Ciallaíonn Howth ‘ceann tíre’ ach ciallaíonn Binn Éadair ‘barr sléibhe Éadair’. Is samplaí eile iad seo: Heilbhic (Helvick), Inis Mac Neasáin (Ireland’s Eye), Reachrainn (Lambay Island), Léim an Bhradáin (Leixlip), Ard na Caithne (Smerwick).

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

65


Ainmneacha Ní hamháin gur thug na Lochlannaigh logainmneacha nua dúinn, thug siad sloinnte nua dúinn freisin! Tá bunús Lochlainnise ag suas le 100 sloinne. Tagann na sloinnte Ó Lochlainn, Mac Lochlainn agus Ó hUiginn ó na focail éagsúla Gaeilge ar Lochlannach. Tagann Ó Dubhghaill, ó na focail ‘dubh’, agus ‘gall’, (foreigner). Thagair ‘gall’ do na Lochlannaigh ar dtús. Ciallaíonn sloinnte amhail Mac Amhlaoibh – mac le Olaf, agus Mac Raghnall – mac le Ragnall. An bhfuil sloinne Lochlannach agatsa?!

Tionchar na Lochlannach ar fhobairt cathracha Thóg na Gaeil mainistir in Áth Cliath agus thug siad Duibhlinn ar an mainistir. Ghlac na Lochlannaigh seilbh ar Áth Cliath sa bhliain 841. Thóg siad an chéad bhaile ann agus d’úsáideadh siad a bhfoirm féin den logainm Gaeilge Duibhlinn (Dy昀氀in). Lonnaigh na Lochlannaigh ar bhruacha na Life agus an Phoitéil. Roimh i bhfad, d’fhás baile Gael-Lochlannach ann le daonra idir 3,500-4,000 duine. Ba iad déantúsaíocht bairillí agus longthógáil na tionscail ba mhó a bhí ann de réir 昀椀anaise sheandálaíoch. Fuair seandálaithe go leor iarsmaí ó bhairillí sna tochailtí ag Sráid na Fíona. Tháinig siad freisin, ar fhianaise de longthógáil sa stíl Lochlannach i gceantar an Phoidéil. Tá iarsmaí na long féin ann, chomh maith le sceitsí de longa ar chlár agus longa bréige nó mionsamhlacha long.

Foclóir ghlac siad seilbh ar: they took possession of An Phoitéil: The Poddle déantúsaíocht: manufacturing bairille/bairillí: barrel(s) longthógáil: ship building tionscal/tionscail: industry/industries Sráid na Fíona: Winetavern Street mionsamhail/mionsamhlacha: model(s) bruacha cré: earthen banks Cill Mhaighneann: Kilmainham Droichead na hInse: Islandbridge riachtanach: necessary

Thóg na Lochlannaigh sráideanna agus foirgnimh, tithe cónaithe ina measc, i mBaile Átha Cliath. Dhíoladh siad sclábhaithe sa mhargadh. Thugadh bruacha cré cosaint don bhaile. Tá uaigheanna págánacha Lochlannacha sa chathair i gCill Mhaighneann agus i nDroichead na hInse. Is i gCill Mhaighneann atá an reilig Lochlannach is mó lasmuigh de Chríoch Lochlann féin! Le linn ré na Lochlannach, tháinig forbairt ar Bhaile Átha Cliath agus ba é an baile ba thábhachtaí in Éirinn é roimh i bhfad. Bhí smacht ar an mbaile riachtanach d’aon rí a bhí ag iarraidh smacht a fháil ar Éirinn ar fad. Lárionad ba ea an baile do leathadh agus trádáil na Lochlannach san Iarthar. Tá Baile Átha Cliath ar cheann de na lonnaíochtaí Ceist Lochlannacha is mó cáil ar domhan inniu!

Foinsí eolais faoi na Lochlannaigh

Conas a tharlaíonn go bhf uil an oiread sin eolais againn faoi shibhialtacht na Lochlannac h?

1

Fianaise sheandálaíoch: fuarthas fianaise sheandálaíoch i gCríoch Lochlann féin agus in áiteanna eile inar lonnaigh na Lochlannaigh. Léiríonn sé seo dúinn cé chomh mór agus a bhí tionchar na Lochlannach. Ón bhfianaise sheandálaíoch, amhail earraí uaighe, faighimid eolas faoi áit chónaithe agus saol oibre na Lochlannach. Tugann déantúsáin eolas dúinn faoina saol laethúil, mar shampla an trádáil a bhí ar siúl acu, na caithimh aimsire a bhí acu, na héadaí a chaith siad agus mar sin de.

2

Rúnscríbhinn: córas scríbhneoireachta ar chlocha, ar chnámha nó ar adhmad. D’úsáideadh siad rúnscríbhinn chun cuimhneacháin, mallachtaí agus draíocht a scríobh. Scríobhadh iad ag an am a tharla eachtra. Tháinig staraí ón Iorua ar chloch, a cheap sé a bheith ina rúnscríbhinn, ar an mBlascaod Mór i nGaeltacht Chorca Dhuibhne 66

Aistear Ama


sa bhliain 1907. Chaith déagóirí an oileáin an chloch isteach san fharraige áfach, agus mar sin ní féidir a rá an rúnscríbhinn a bhí ann. Fuair seandálaithe tithe Lochlannacha, a raibh cloch rúnscríbhinn istigh iontu, ar oileán Beiginis i nGaeltacht Uíbh Ráthach. 3

Ságaí: ba laochscéalta faoi thaoisigh agus ríthe Lochlannacha iad seo. Tá áibhéil ag baint leo mar sin. Anuas air sin, scríobhadh na scéalta seo síos cúpla céad bliain tar éis na n-eachtraí a dtugann siad cur síos orthu. Tá eolas fiúntach le fáil sa scéal Sága Olav Trygvason, a scríobh Snorri Sturluson faoin longthógáil.

4

Dlíthe: scríobhadh dlíthe na Lochlannach síos sna Meánaoiseanna.

5

Foinsí scríofa eile:Tagann tromlach na bhfoinsí scríofa faoi na Lochlannaigh ó thíortha eile. Go minic, bhí drocheispéireas leis na Lochlannaigh ag na daoine a scríobh fúthu. Bhíodh na Lochlannaigh ag creachadh agus ag lorg cumhachta ina gceantar agus mar gheall air sin, faighimid pictiúr diúltach de na Lochlannaigh – daoine a bhí brúidiúil agus foréigneach. Tagann go leor de na foinsí seo ó Éirinn. Sampla amháin ná an dán seo thíos, scríofa sa tSeanGhaeilge. Cuir ciorcal thart ar aon fhocal a aithníonn tú. Scríobhadh an dán sa bhosca glas thíos i lámhscríbhinn luathChríostaí. Ceaptar gur scríobhadh é c. 850 AD i mainistir i gContae an Dúin. Tá an lámhscríbhinn le fáil inniu i mainistir Naomh Gall san Eilvéis. Tugann an manach cur síos ar an áthas atá air, go bhfuil an fharraige garbh agus mar sin tá a fhios aige nach n-ionsóidh na Lochlannaigh an oíche sin. Tuigeann sé nach dtiocfaidh na Lochlannaigh chun an tír a ionsaí nuair atá stoirm ann.

Foclóir drocheispéire

as: bad experienc e brúidiúil: brut al foréigneach:

violent

annála: anna

ls

Is iad na hAnnála na samplaí is tábhachtaí d’fhoinsí scríofa faoi na Lochlannaigh. Ba chosúil le dialanna bliantúla iad na hAnnála, ina ndearnadh cur síos ar eachtraí a tharla sa tír. Scríobhadh manaigh iad. Faighimid cur síos ar ghníomhartha na Lochlannach in Éirinn agus i dtíortha eile iontu, mar a fheicimid in Annála Uladh thíos. Dán sa tSeanGhaeilge ‘Is acher ingáith innocht . fufuasna faircggae 昀椀nd folt ni ágor réimm mora minn dondláechraid lainn oua lothlind’

Tógtha ó Annála Uladh (leagan NuaGhaeilge): An Bhliain 795: Rechru (Reachlainn) dóite ag na págánaigh, rinneadh creach agus gadaíocht ar an Eilean Sgitheanach. An Bhliain 798: Inis Phádraig dóite ag na págánaigh, agus thóg siad eallach ón gceantar, agus bhris siad cuimhneachán Do-Chonna, agus rinne ruathair mhóra in Éirinn agus in Albain araon

Féach ar aistriúchán nua-aimseartha den dán ag an nasc seo: https://www.asnc.cam.ac.uk/spokenword/i_isacher.php?d=tt

Ceisteanna

1 An foinsí príomha nó foinsí tánaisteacha iad rúnscríbhinní? 2 Cén saghas foinsí í rúnscríbhinn: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach nó fianaise ó bhéal?

3 Cad iad na cosúlachtaí idir scríbhneoireacht oghaim agus rúnscríbhinn? 4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

67


4 Cé chomh húsáideach agus atá rúnscríbhinn don staraí, atá ag iarraidh foghlaim faoi shaol na ndaoine i sibhialtacht na Lochlannach? Mínigh do fhreagra.

5 Bain triail as d’ainm féin a scríobh i rúnscríbhinn ag an nasc seo: https://valhyr.com/pages/rune-converter

6 Cén t-ábhar a roghnófá chun rúnscríbhinn a scríobh air: cloch, cnámh nó adhmad? Tabhair cúis le do fhreagra.

Patrúin Athraitheacha: Bia agus Deoch na Lochlannach D’ith na Lochlannaigh gach saghas bia a bhí le fáil ina dtimpeallacht. Seo roinnt samplaí dá mbia: Glasraí: cainneanna, oinniúin, turnapaí, meacain bhána, muisriúin, cabáiste agus cairéid (cinn bhána) Cnónna: cnónna coill agus gallchnónna Sméara: spíonáin, sméara dubha, fraocháin ghorma Grán: chun arán agus leite a dhéanamh Luibheanna: 昀椀néal, peirsil, gairleog Duilleoga: spionáiste agus neantóga Táirgí déiríochta: bainne, cáis, skyr, im Feoil: choinnigh na Lochlannaigh ainmhithe le hithe agus chuaigh siad ag 昀椀ach. Chuir siad salann ar an bhfeoil chun í a chaomhnú don gheimhreadh. D’ith siad (i) ainmhithe 昀椀áine (昀椀a, torc, sionnach, béabhar, capall agus béar) agus (ii) ainmhithe feirme (sicín, gabhar, uaineoil agus muiceoil) Uibheacha: ó chearca agus éanlaithe 昀椀áine Éisc: d’ith siad gach saghas éisc a bhí ar fáil sna séasúir éagsúla. Ba chuid mhór d’aiste bia na Lochlannach iad éisc. Deoch: d’ól siad tae luibhe agus sú úll chomh maith le beoir, meá agus fíon. Mil: d’úsáid na Lochlannaigh mil chun an bia a dhéanamh milis. D’ith na Lochlannaigh dhá uair sa lá – béile an lae agus béile na hoíche. De ghnáth, rinne siad an bia, feoil san áireamh, a chócaráil trí é a chur os cionn tine. D’úsáid siad babhlaí agus plátaí déanta as adhmad nó potaireacht. Go minic, d’úsáid siad adharca agus cnámha maisithe dá ndeochanna. D’úsáid siad sceanna agus a méara in áit forc.

Foclóir eallach: cattle cuimhneachán: memorial ruathar/ruathair: attack(s ) Briain Bóromha: Brian Bor u cainneann/cainneanna: leek (s) meacan bán/meacain bhá

na: parsnip(s) gallchnó/gallchnónna: wal nut(s) spíonáin: gooseberries fraocháin ghorma: blueberr

ies

昀椀néal: fennel peirsil: parsley neantóg/neantóga: nettle(s

)

torc: boar béabhar: beaver meá: mead adharc/adharca: horn(s)

68

Aistear Ama


Ceisteanna

1 Cad iad na bianna ón liosta thuas a d’ith tú le seachtain anuas? 2 Cad iad na bianna ón liosta thuas nár mhaith leat a ithe in aon chor? 3 Cuir na bianna thuas ar phirimid an bhia. 4 An raibh aiste shláintiúil bia ag na Lochlannaigh? Mínigh do fhreagra. 5 An chéad uair eile a bheidh tú san ollmhargadh, féach an bhfuil skyr ann. 6 Cruthaigh oideas Lochlannach tú féin leis na bianna ón liosta thuas nó bain triail as an gceann seo thíos.

Arán Lochlannach Comhábhair • • • • • • •

3 chupán plúr lánchruithneachta 2 chupán plúr bán taespúnóg amháin sóid aráin taespúnóg amháin salainn 2 chupán uisce 3/4 cupán coirce rollta 1/3 cupán coirce rollta (le croitheadh ar barr)

Treoracha • Measc na comhábhair thirime ar fad le chéile. Ansin cuir uisce leo. •

Measc na comhábhair ar fad le spúnóg adhmaid, go dtí nach féidir iad a mheascadh a thuilleadh.

Ansin, fuin an taos le lámha taise, go dtí go bhfuil an plúr ar fad measctha go maith.

Ar deireadh, déan ciorcal as an taos, cuir ar thráidire bácála é, croith an coirce breise air, agus cuir in oigheann fuar é.

Cas an t-oigheann go teocht 375°F nó 190°C, gasmharc 5, agus fág ar feadh uair an chloig é.

Tar éis uair an chloig, tóg an t-arán as an oigheann, lig dó fuarú beagán, agus tarraing as a chéile é mar a dhéanadh Lochlannach (nó gearr i slisíní deasa é) agus croith steall bheag meala air.

Oideas aistrithe ó: https://raisinglifelonglearners.com/kids-in-the-kitchen-viking-bread-recipe-2/

Foclóir

An Ghramadach Uatha T.A. an deoch T.G. blas an dí

plúir lánchruithneachta: whole wheat 昀氀our Iolra

coirce rollta: rolled oats

na deochanna

fuin (modh ordaitheach, fuin): to knead

blas na ndeochan

na

taos: dough tais: moist

Léitheoireacht Mholta

mil (steall meala): honey

‘Lá leis na Lochlannaigh’ le Máire Zepf (ar an tsonraíocht Ghaeilge do scoileanna T1 do scoláirí sa chéad bhliain)

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

69


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Sibhialtachtaí Cuid 1: Maidir leis na sibhialtachtaí éagsúla thíos: a) Faigh amach cá háit a raibh siad suite. b) Faigh amach cé na blianta a raibh an tsibhialtacht sin ann. c) Faigh amach cé acu an sibhialtacht ársa nó sibhialtacht mheánaoiseach iad. Sibhialtacht

Áit/Réigiún

Sibhialtacht na Suiméire An Iaráic

Tréimhse

Sibhialtacht ársa nó sibhialtacht mheánaoiseach

c. 4500 – c. 1900 RCh Ársa

Na hIncigh Impireacht na Róimhe Na Lochlannaigh Na Ceiltigh Na hÉigiptigh Na Normannaigh Na hAstacaigh Na Gréagaigh Ríshliocht Han Impireacht Songhai/ na Songaigh Cuid 2: Roghnaigh aon trí thréith ó CRESSTT agus déan taighde orthu maidir leis an tsibhialtacht a roghnaigh tú. Tá ceann déanta mar shampla duit. Sibhialtacht

Teanga Scríofa

Teicneolaíocht

Ealaín

Sibhialtacht na Suiméire

Is í an tSuiméiris an teanga scríofa is sine ar domhan. Scríobhadh ar tháibléid chré í.

Ba iad na Suiméaraigh na chéad daoine a thomhais 60 soicind i nóiméad, 60 nóiméad in uair agus 360 céim i gciorcal. Tá na tomhais seo fós in úsáid againn inniu.

Bhí a gcuid ealaíon bunaithe ar an gcreideamh, ar phlandaí agus ar bhláthanna. D’úsáid siad cré nó clocha chun dealbha a dhéanamh.

Foclóir An tSuiméir; sibhialtacht ársa suite i ndeisceart na hIaráine inniu: Sumeria Ríshliocht Han: the dynasty of Han

70

Aistear Ama


Lonnaíochtaí na Lochlannach Ón tábla thíos, roghnaigh ceann de na lonnaíochtaí Lochlannacha in Éirinn agus faigh eolas ar an lonnaíocht faoi na ceannteidil seo: Lonnaíocht Lochlannach

Cúis ar lonnaigh na Lochlannaigh innti

Foirgnimh nó struchtúir a thóg na Lochlannaigh

Iarsmaí ó na Lochlannaigh faighte sa cheantar

Logainmneacha sa cheantar a bhaineann leis na Lochlannaigh

Aon eolas suimiúil eile faoi na Lochlannaigh sa cheantar

Loch Garman Cill Mhantáin Port Láirge Corcaigh Luimneach Cairlinn Baile Loch Cuan

Súil siar

1 Céard dó a seasann na litreacha CRESSTT? 2 Cruthaigh do chuid nótaí féin ar na Lochlannaigh ag úsáid CRESSTT. 3 Samhlaigh gur Lochlannach thú. Ar mhaith leat a bheith i do chónaí sa bhaile nó faoin tuath? Mínigh do fhreagra.

4 Líon an tábla thíos leis na modhanna dátaithe a úsáideann seandálaí chun aois a chur leis na déantúsáin seo ó shibhialtacht na Lochlannach. Déantúsán

Modhanna Dátaithe

Rúnscríbhinn ar chloch Rúnscríbhinn ar adhmad Rúnscríbhinn ar chnámh Balla Lochlannach Muince sclábhaí Annála Uladh

4. Na Lochlannaigh – Sibhialtacht Luath-Mheánaoiseach

71

Bileoga Oibre

Bileog Oibre


5 Cén t-eolas a bheadh le fáil i bhfoinsí scríofa ag daoine eile, faoi na Lochlannaigh? Cuir Bileoga Oibre

ciorcail timpeall ar do fhreagraí. eolas faoina

eolas faoi

eolas faoina

eolas faoina

eolas faoina

eolas faoin

eolas faoina

n-uirlisí

Chríoch

dtithe

longa

gcaithimh

sclábhaíocht

bpobal/

cogaidh

Lochlann

aimsire

sochaí

6 Cén t-eolas nach mbeadh le fáil i bhfoinsí scríofa ag daoine eile, faoi na Lochlannaigh den chuid is mó? Cuir ciorcail timpeall ar do fhreagraí. eolas faoina

eolas faoi

eolas faoina

eolas faoina

eolas faoina

eolas faoin

eolas faoina

n-uirlisí

Chríoch

dtithe

longa

gcaithimh

sclábhaíocht

bpobal/

cogaidh

Lochlann

aimsire

sochaí

7 Cén saghas foinsí nó fianaise a thabharfadh pictiúr iomlán dúinn de na Lochlannaigh? 8 Scríobhadh dán faoi ionsaithe na Lochlannach i lámhscríbhinn i mainistir in Éirinn. Cén fáth go mbeadh lámhscríbhinn Éireannach le fáil i mainistir san Eilvéis inniu?

72

Aistear Ama


Caibidil 1: Obair an Staraí

Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

CAI

B

5 IDIL

Príomhthoradh Foghlama: 3.6 fiosrú a dhéanamh ar bheatha agus ar bhás sna Meánaoiseanna Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.7, 1.9, 1.11 2.13, 3.6, 3.8, 2.1, 3.14, 1.9, 2.11, 2.13

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. rí

logainm

Meánaoiseanna

ríocht

sibhialtacht

an Normainn (ceantar sa Fhrainc)

ridire

lámhscríbhinn

Normannach/Normannaigh

tiarna

Athbheochan

an córas feodach

bantiarna

tuathánach

Cad iad na Meánaoiseanna? Tugaimid na Meánaoiseanna ar an tréimhse idir titim shibhialtacht na Róimhe sa 5ú haois agus tús na hAthbheochana sa 14ú haois. Nuair a thit sibhialtacht na Róimhe, bhí folús cumhachta ann agus thosaigh a lán cogaí, a bhain le talamh. Mar is eol dúinn ón gcaibidil dheireanach, lonnaigh cuid de na Lochlannaigh, ar nós Rollo, ar chósta na Fraince. Tugadh ‘Normannaigh’ orthu agus an logainm ‘an Normainn’ ar an áit ar lonnaigh siad sa Fhrainc. Le himeacht ama, thaistil na Normannaigh go dtí an Bhreatain chun ní ba mhó talún a fháil. Bhuaigh siad cath i gcoinne na nAngla-Shacsanach ag Hastings sa bhliain 1066 agus thóg rí Normannach, Liam Concar, ceannas ar Shasana. Céad bliain ní ba dhéanaí, tháinig na Normannaigh go hÉirinn, faoi cheannas Strongbó, agus lonnaigh siad anseo.

An Córas Feodach Bhí cabhair ag teastáil ó Liam Concar chun a ríocht nua a rialú. Bhí cruth triantáin ar an tsochaí mheánaoiseach, é bunaithe ar mhéad na talún a bhí ag duine. Tugaimid an córas feodach ar an triantán sin. Ag an mbarr ar fad, bhí rí, Liam Concar mar shampla, agus bhí ríocht aige, Sasana mar shampla. Thug sé cuid de thalamh Shasana ar cíos do na huaisle (barúin agus easpaig). I searmanas speisialta, gheall siad go mbeidís dílis don rí. Gheall siad airgead agus saighdiúirí a thabhairt dó in aimsir chogaidh. Ar an nós céanna, thugadh an 5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

73


Foclóir barún cuid dá chuid talún folús cumhachta: power vaccuum ar cíos d’uaisle ní b’ísle Angla-Shacsanach: Anglo-Saxon Liam Concar: William the Conqueror (tiarnaí agus ridirí). Thug Strongbó: Strongbow na ridirí a gcuid scileanna le linn catha, mar aon le hairgead, don bharún. D’oibrigh na tuathánaigh ar an talamh. Uaireanta, tugadh ‘seir昀椀gh’ nó ‘villéinigh’ ar na tuathánaigh.

An Rí

Barúin agus Easpaig

Tiarnaí agus Ridirí

Eispéireas Foghlama Athchruthaigh an córas feodach i do rang féin. Roinn na róil ar scoláirí an ranga: rí, tuathánaigh, villéinigh, ridirí, barúin, easpaig, tiarnaí.

Tuathánaigh

An Córas Feodach

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. bábhún

daingean

saighdiúirí

teach geata

catapult

saighdiúirí coise

geata crochta

túiríní

saighead

droichead tógála

ceardlann

saigheada

tollán

siúinéir

saighdeoirí

imbhalla

saor cloiche

bogha

díog

claí

boghdóirí

tobar

searbhóntaí

ionsaitheoirí

Na Caisleáin An Caisleán agus an Bábhún Ba é seo an chéad saghas caisleáin a tógadh le linn na Meánaoiseanna. Rinneadh as adhmad é. Úsáideadh é fad a bhí an caisleán cloiche á thógáil.

An Caisleán Móta agus Bábhún

1

Móta Daingean Droichead Uachtair Bóitheach Fána Rite

Halla

Díog

Ceardlanna

Beairic

Stáblaí Tobar

Uisce Gnéithe an Chaisleáin Móta (le hUisce) [Moat]: Díog dhoimhin, líonta le huisce, timpeall an bhábhúin. Pailis Droichead Tógála An Móta [Motte]: Rinneadh Príomhgheata carnán ard leis an ithir ón díog. Tugadh móta ar an gcarnán seo. An Daingean: Bhíodh saighdiúirí an tiarna lonnaithe sa daingean agus choimeádadh siad súil amach ar naimhde.

74

Aistear Ama


Bábhún: An talamh íseal os comhair an mhóta. Bhí claí adhmaid timpeall air chomh maith. Bhí sé ceangailte leis an móta le droichead adhmaid. Chónaigh an tiarna agus a shaighdiúirí sa bhábhún. Droichead Tógála: Bhíodh droichead tógála ar an mbealach isteach go dtí an bábhún agus ceann eile ar an mbealach suas go dtí an móta. Ceisteanna Duitse:

1 Ainmnigh logainm atá ar eolas agat a bhaineann le daingean, móta nó bábhún. 2 Déan liosta de na buntáistí agus míbhuntáistí a bhain leis an saghas sin caisleáin. 3 Cén tslí ab fhearr chun ionsaí a dhéanamh ar an gcaisleán móta agus bábhún? Mínigh do fhreagra. 2

An Caisleán Cloiche

An Caisleán Cloiche

Chónaigh an tiarna agus a theaghlach sa daingean. Chónaigh a chuid searbhóntaí agus roinnt de na saighdiúirí ann chomh maith. Bhí ballaí cloiche an daingin 3-6 mhéadar ar tiús. Bhí doras an daingin ardaithe os cionn na talún. Dá bhrí sin, bhí sé níos deacra ar an namhaid briseadh isteach. Ní fhéadfadh an namhaid saigheada a scaoileadh isteach sa chaisleán mar gheall ar na fuinneoga caola a bhí ann. Tharla obair an chaisleáin ar fad sa bhábhún. Chónaigh formhór de na seir昀椀gh agus ceardaithe ann. Bhí ceardlanna don ghabha dubh, don siúinéir agus don saor cloiche ann. Bhí stáblaí agus tobar suite ann freisin. Bhí imbhalla timpeall an bhábhúin ar fad. Bhí na ballaí cloiche seo 5 mhéadar ar tiús agus 15 mhéadar ar airde. Ar bharr na n-imbhallaí bhí rampair. Bhíodh saighdiúirí in ann siúl thar na rampair agus saigheada a scaoileadh nuair a bhí ionsaí ann. Chomh maith leis sin, chaith siad uisce nó ola beirithe anuas ar aon ionsaitheoirí ó na rampair. Cuid eile den imbhalla ab ea na túiríní. Choimeád na saighdiúirí súil ar an gceantar mórthimpeall ó na túiríní. Bhí móta os comhair na n-imbhallaí agus líonadh é le huisce. Bhí droichead tógála trasna an mhóta. Bhí teach geata ann le geata crochta. Bhí pointí géara ar an ngeata crochta. Nuair a scaoil na saighdiúirí an geata crochta síos ar an namhaid, ghreamaigh a chorp sna pointí. Poill sna ballaí ba ea na leithris. Thit aon fhuíoll isteach sa mhóta!

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

75


Ionsaithe ar an gCaisleán Tharla cogaí go forleathan le linn na Meánaoiseanna. Go minic, théadh arm an namhad timpeall an chaisleáin chloiche. Tugaimid léigear air seo. Réitigh lucht an chaisleáin do léigir trí stór maith bia a choimeád. Bhí an tobar an-tábhachtach freisin. Le linn an léigir, dhéanadh arm an namhad Foclóir iarracht na ballaí a daingean: keep bhriseadh le túr léigir searbhóntaí: servants agus catapult nó trí 6 mhéadar ar tiús: 6 metres thick tholláin a thochailt faoi imbhalla; balla a choinníonn na ballaí.

Aerfótagraf de chaisleán Goodrich in Herefordshire sa Ríocht Aontaithe.

drochaimsir amach: curtain wall

rampair: ramparts léigear: siege

An Saol sa Chaisleán Cloiche Bhí an saol sa chaisleán cloiche crua. Ní raibh aon chóras teasa lárnach sna caisleáin dá bhrí sin lasadh tinte ollmhóra chun na seomraí a choimeád te. Crochadh taipéisí móra ar na ballaí chun na seomraí a dhéanamh níos teo agus níos deise. D’ith an tiarna agus an bhantiarna sa Halla Mór.

Tiarna an chaisleáin

Tiarna agus Bantiarna Mheánaoiseacha – Aithriseoirí staire.

76

An Ghramadach Uatha

Iolra

an caisleán clo

iche na caisleá in ch

loiche

Foclóir taipéisí: tapestries

Nuair a fuair na huaisle talamh ón rí, thóg siad caisleán ar an talamh. Chabhraigh an foirgneamh seo leis na huaisle an ceantar timpeall orthu a rialú. Ar dtús, thóg an tiarna caisleán móta agus bábhún. Bhí sé tapa caisleán mar sin a thógáil mar go raibh sé déanta as cré agus adhmad. Ina dhiaidh sin, rinne siad an caisleán cloiche. Ghlac sé seo i bhfad ní ba mhó ama ach bhí sé ní ba shábháilte. Maireann cuid acu fós go dtí an lá inniu! Choimeád an tiarna smacht ar a thalamh ón gcaisleán. Rinne sé gnó i halla mór an chaisleáin, bhailigh sé airgead ó na seir昀椀gh mar shampla, nó bhíodh cúirt aige chun coimhlintí a réiteach. Uaireanta, chuir siad priosúnaigh sna doinsiúin faoin halla mór. Fuair mac an tiarna an talamh agus an caisleán nuair a fuair an tiarna bás.

Aistear Ama


Foclóir

Bantiarna an Chaisleáin

coimhlint/coim

hlintí: con昀氀ict(s )

doinsiún/doinsiú D’ullmhaigh teaghlach na bantiarna cleamhnas di nuair a bhí sí 14 nó in: dungeon(s) cle amhnas: arrang 15 bliana d’aois. Bhí an fear céile i bhfad ní ba shine ná í de ghnáth. ed marriage socrú: arrangem ent Ní cleamhnas grá a bhí ann ach socrú gnó. Bhíodh teaghlaigh ag spré: dowry iarraidh cleamhnas maith a dhéanamh dá n-iníonacha, agus mar sin fíodóireacht: we aving thug siad spré (airgead nó bronntanais) leis an gcailín óg chun fear bróidnéireacht : embroidery uasal a mhealladh. Nuair a bhí an bhantiarna ina cailín óg, mhúin fuaite; (aidiacht bhriathartha, a máthair fíodóireacht agus bróidnéireacht di. Rinne an bhantiarna fuaigh): stitched , sewn taipéisí (píosaí móra éadaigh le radharcanna nó pictiúir dhaite go leor dí: enou gh drink fuaite air) sa ghrianán dílis: loyal – seomra sa chaisleán, clann mhac: fam ily of sons a mbíodh an ghrian ag spalpadh isteach ann. D’fhoghlaim an bhantiarna óg amhránaíocht agus ceol freisin. Bhíodh sí i gceannas ar chúrsaí tí – chinntigh sí go raibh go leor bia agus dí sa chaisleán i gcónaí. Ba í príomhaidhm na bantiarna áfach, ná a bheith ina dea-mháthair agus ina bean chéile dhílis An ‘Apocalypse Tapestry’ in Chateau d’Angers, Gleann Loire, An Fhrainc. Tosaíodh air sa agus clann mhac a chur ar fáil Foclóir bhliain 1375. Léiríonn sé scéal an Apacailipsis don tiarna. ó Apacailipsis Eoin sa Sean-Tiomna. Tá sé ar

taispeáint sa chaisleán sa lá atá inniu ann.

mairteoil: beef uaineoil: lamb torc: boar

Tasc Duitse! • Cruthaigh léarscáil Venn de shaol na mban aimsir na Lochlannach agus saol na mban le linn na Meánaoiseanna.

gé: goose ar bior: on a spit leann: ale meá: mead fuirseoirí: jesters

Bia agus Deoch Shuigh an tiarna, a chlann agus na huaisle eile ag barr an halla mhóir dá mbéilí. Bhí feoil acu don phríomhchúrsa. D’ith na huaisle feoil amhail muiceoil, mairteoil, uaineoil, torc, coinnín, gé agus piasún. Uaireanta, chuir siad an fheoil ar bior. In áit plátaí, d’úsáid siad slisíní d’arán stálaithe. D’úsáid siad sceana chun an bia a ghearradh agus d’ith na huaisle leis na méara. D’ól an tiarna agus an bhantiarna fíon. D’ól na daoine eile leann nó meá. Bhí ceol á sheinm agus fuirseoirí ann chun siamsaíocht a chur ar fáil le linn an bhéile. Bain triail as oideas ón am sin tú féin! Is féidir oidis ón am a léamh ag an nasc seo:

https://www.rte.ie/lifestyle/food/2018/0614/970446-borris-house-15th-century-lords-and-ladles/

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

77


Caithimh Aimsire sna Meánaoiseanna Tasc Duitse! Féach ar na pictiúir de chaithimh aimsire sna Meánaoiseanna.

1 Ainmnigh iad ag úsáid na dtéarmaí sa liosta. Liosta téarmaí: ag giústáil, ag seabhcóireacht, ag fiach, bróidnéireacht, ficheall

2 An caithimh aimsire iad atá fós coitianta sa lá atá inniu ann? 3 An ndéanann tusa aon cheann de na caithimh aimsire seo?

Foclóir giústáil: jousting seabhcóireacht: ha

wking

昀椀ach: hunting 昀椀cheall: chess

Beatha sna Meánaoiseanna – Beatha na saighdiúirí

Seo taipéis Bayeaux. Is píosa mór bróidnéireachta é a léiríonn ionradh na Normannach ar an mBreatain. Taispeánann sé Cath Hastings sa bhliain 1066. Cruthaíodh Taipéis Bayeux c. 1070. Úsáideann staraithe é chun eolas a fháil faoi bheatha na saighdiúirí ag an am sin. Freagair na ceisteanna seo a leanas: a) Cén saghas eolais atá le fáil ó na híomhánna thuas, faoi na rudaí seo a leanas: i) na huirlisí cogaidh a bhí ag na saighdiúirí ii) na huirlisí cosanta a bhí acu iii) na saghsanna saighdiúirí a bhí ann b) Déan liosta de na focail atá le feiceáil, más féidir leat iad a oibriú amach. c) Cén teanga atá i gceist leo?

78

Aistear Ama


d) An gcuireann siad focail ina aon teanga eile i gcuimhne duit? e) Le linn na Meánaoiseanna, cén saghas daoine a chruthaigh taipéisí nó bróidnéireacht? f) Cén fáth ar crochadh taipéisí mar seo i gcaisleáin? g) An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é Taipéis Bayeaux faoi bheatha na saighdiúirí ag an am seo? Mínigh do fhreagra. h) Cé a bheadh ag iarraidh taipéis le híomhánna mar seo a chruthú, dar leat? Cén fáth? i)

Cad is brí leis an téarma ‘claonta’?

j)

An bhféadfadh an fhoinse seo a bheith claonta?

Foclóir miodóga: daggers sleánna: spears

k) Cén saghas foinse é Taipéis Bayeaux, fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

sciath: shield seaicéid stuáilte: padded jackets

l)

Tugann Taipéis Bayeaux eolas dúinn ar an saol i rith na Meánaoiseanna. An bhfuil eolas eile ar fáil uaidh freisin, faoi shibialtacht na Lochlannach? Mínigh do fhreagra.

máille na lúb: chain mail lansaí: lanses más; uirlis troda: mace crógacht neamhghnách: unusual bravery

Cineálacha Saighdiúirí

péitse; ógánach uasal:

Tharla cogaí go rialta le linn na Meánaoiseanna. Bhí saghsanna difriúla saighdiúirí ann: saighdiúirí coise, boghdóirí (nó saighdeoirí) agus ridirí.

page

Saighdiúirí coise: ba shaighdiúirí coise iad an chuid ba mhó d’aon arm meánaoiseach. Ba thuathánaigh iad a d’imigh ar ais go dtí na páirceanna nuair a bhí an cath críochnaithe. Na huirlisí troda a bhí acu ná claimhte, miodóga agus sleánna. Na huirlisí cosanta a bhí acu ná sciath agus seaicéid stuáilte. Boghdóirí/Saighdeoirí: Throid na boghdóirí le bogha agus saigheada. Uaireanta, bhíodh bogha fada nó crosbhogha acu. Ridirí: B’uaisle óga iad na ridirí, amhail mac an tiarna, mar shampla. Throid sé ar muin capaill. Chaith sé cath éide – máille na lúb, plátaí miotail agus clogad. D’iompair sé sciath a raibh armas air, freisin. D’ionsigh sé le lansa, claíomh, sleá, tua agus más.

Foclóir clogad cathéide le plátaí miotail claíomh

sciath le harmas air sleá

ar altramas: fo stered béasa: manner s teachtaire: mess enger scuibhéir: squir e cathéide: armo ur niachas: chivalry 昀氀aithiúil: genero us cúirtéiseach: co urteous coimhlintí bréa gacha: mock battles a riaradh; a eagr

tua

ú, a bhainistiú: to ma nage

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

79


Beatha an Ridire Ba mhic na n-uaisle iad na ridirí, ach dá léireodh saighdiúir coise crógacht neamhghnách ar pháirc an chatha, d’fhéadfadh an tiarna é a ainmniú ina ridire freisin. Bhí trí chéim ann chun ról an ridire a bhaint amach. Céim 1 – Péitse: Ag aois 7, cuireadh an buachaill ar altramas, ciallaíonn sé sin gur cuireadh chun cónaí le teaghlach uasal eile é. D’fhoghlaim sé marcaíocht chapaill, conas claíomh a úsáid, léamh, scríobh agus béasa. Teachtaire ba ea é do thiarna agus do bhantiarna an chaisleáin. Céim 2 – Scuibhéir: Ag aois 14, thug sé aire do chapall agus cathéide an ridire. Chabhraigh sé leis an ridire gléasadh do thurnaimintí. Céim 3 – Ridire: Ag aois 21, dá mbeadh sé ullamh, bheadh searmanas ridireachta ann.

An Searmanas Chaith an fear uasal an oíche roimh an searmanas sa séipéal ag guí. Ghléas sé ina chathéide iomlán don searmanas. Chuaigh sé ar a ghlúine os comhair an tiarna. Gheall sé an niachas a chomhlíonadh. Cód iompair ab ea an niachas, inar gheall ridirí a bheith dílis do na huaisle agus do Dhia, a bheith cróga sa chath, 昀氀aithiúil leis na boicht agus cúirtéiseach le mná. Ansin, bhuail an tiarna an ridire go séimh le claíomh ar a ghuaillí agus dúirt sé ‘Éirigh, a ridire!’ Nuair nach mbíodh an ridire ag troid, bhíodh sé ag cleachtadh a chuid scileanna. Ghlac sé páirt i gcomórtais agus i dturnaimintí. Ba choimhlintí bréagacha iad na turnaimintí agus bhíodh uirlisí adhmaid in úsáid ag na ridirí. Chuaigh siad ag giústáil freisin. Tugaimid ‘giústáil’ ar bheirt ridire le lansaí (maidí fada adhmaid) a théann i dtreo a chéile ar chapaill. Ba é aidhm na giústála ná an ridire eile a bhrú dá chapall leis an lansa. Chomh maith leis sin, riar an ridire an mainéar a thug an tiarna dó. Foclóir

Beatha an Tuathánaigh Seo íomhánna ó Shaltair Luttrell. Ba é an Ridire Geoffrey Luttrell an fear a d’íoc as Saltair Luttrell a dhéanamh. (Tugaimid an Ridire ar ‘Sir’ i nGaeilge – an Ridire Geoffrey Luttrell.) Lámhscríbhinn atá ann le híomhánna den ghnáthshaol ar a mhainéar in Lincolnshire, Sasana. Cruthaíodh é sa 14ú haois. Úsáideann staraithe Saltair Luttrell chun eolas a fháil faoi bheatha na ndaoine ag an am sin. Ceisteanna Duitse! Freagair na ceisteanna seo a leanas, bunaithe ar na híomhánna ar dheis agus ar an gcéad leathanach eile, chun fáil amach cén saghas eolais a fhaigheann staraithe ó fhoinsí ar nós Saltair Luttrell. a) Tabhair cur síos ar an obair atá á déanamh ag na seirfigh (tuathánaigh) i ngach pictiúr.

80

Aistear Ama

Saltair; leabhar be

ag ina mbíodh Leabha

r

na Salm ón mBíob

la:

Psalter


b) Cén teanga atá scríofa i Saltair Luttrell, an gceapann tú? Tabhair cúis le do fhreagra. c) Cén saghas eolais atá le fáil ó Shaltair Luttrell faoin stíl ealaíne a bhí ann sna Meánaoiseanna? d) An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é Saltair Luttrell? Mínigh do fhreagra. e) Cén saghas foinse é Saltair Luttrell: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe? f) Cén ról a bhí ag Geoffrey Luttrell? Smaoinigh gur tugadh mainéar dó. g) Cén saghas duine a thug an mainéar dó?

An Mainéar Roinneadh an tiarna meánaoiseach a thalamh ina chodanna ionas go mbeadh sé ní ba éasca é a Foclóir riaradh. Roinn sé i mainéir é agus cuid/codanna : part(s) thugadh sé na mainéir do na ridirí nó a riaradh; a bh Teach mainéir Stokesay, tógtha ainistiú: mionuaisle eile. San áireamh sa mhainéar sna 1280idí in Shropshire, Sasana. to manage bhíodh sráidbhaile agus an talamh diméin: demes ne timpeall air. Bhíodh an diméin, nó an teach agus talamh, ag an ridire dó báille: bailiff féin. D’oibrigh tuathánaigh ar an diméin, ag feirmeoireacht. Gnéithe den Mhainéar

siúinéir: carp

enter

gabha dubh:

blacksmith

Teach mór an mhainéir: chónaigh an ridire ann. Bhí an teach mór déanta de chlocha agus adhmad. Teach an bháille: thug an báille aire don mhainéar nuair a bhí an ridire imithe ag troid. Chónaigh na tuathánaigh i dtithe beaga. Bhíodh a dtithe déanta de chaolach agus dáib. Bhíodh dhá sheomra iontu agus gairdín beag in aice leo chun glasraí a fhás. An séipéal: lonnaithe i lár an tsráidbhaile, bhíodh an séipéal déanta de chlocha. An pháirc chomónta: chuir na seir昀椀gh a gcuid ainmhithe ann. An choill: bhíodh an sráidbhaile lonnaithe in aice le coill. Fuair na tuathánaigh cnónna, sméara agus adhmad don tine sa choill. An abhainn: bhíodh an sráidbhaile lonnaithe in aice na habhann le haghaidh uisce úr, glanadh agus níocháin. Na ceardlanna: bhíodh ceardlann ag an siúinéir agus ag an ngabha dubh ann. Bhíodh páirceanna feirmeoireachta ag na tuathánaigh, iad lonnaithe in aice an bhaile. Bhíodh 3 pháirc ann. D’fhásadh siad barra iontu.

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

81


Chónaigh na tuathánaigh i dtithe déanta de chaolach agus dáib. Maidí adhmaid 昀椀te fuaite ina chéile ab ea an caolach. Cuireadh dáib anuas air – is meascán é sin de láib agus aoileach.

Foclóir aoileach: manure 昀椀r shaora: freemen dá n-éalódh sé: if he escaped deachú; cáin 10% a d’íoc tuathánaigh leis an eaglais: tithe uainíocht na mbarr: crop rotation

Ceist

Ba fhir shaora nó ba sheir昀椀gh iad na tuathánaigh. D’íoc an fear saor cíos. D’oibrigh sé ar thalamh an tiarna gan phá, An bhfuil cur amach agat ar aon ach bhíodh an tsaoirse aige bogadh ó áit go háit. Bhain an logainm a bhfuil an focal ‘mainéar’ nó seirfeach leis an tiarna, ní raibh sé saor agus bhí air cead ‘diméin’ mar chuid de? An gceapann an tiarna a fháil chun bogadh ó áit go háit. Bhí air cead tú gur logainm oiriúnach é don áit sin? Cén fáth? Mínigh do fhreagra. a fháil ón tiarna chun pósadh 昀椀ú! D’oibrigh sé ar thalamh an tiarna cúpla lá in aghaidh na seachtaine gan aon phá a fháil. Chaith sé na laethanta eile ag fás bia dá chlann féin. Dá n-éalódh sé ar feadh aon bhliain amháin agus lá, bhainfeadh sé saoirse amach dó féin! D’íoc na tuathánaigh an deachú – 10% dá gcuid barr nó airgid – leis an Eaglais gach bliain.

Uainíocht na mBarr Ag an am sin, d’úsáid na daoine córas feirmeoireachta ar a dtugaimid ‘uainíocht na mbarr’. Is mar seo a d’úsáid siad na 3 pháirc ar an bhfeirm: Páirc 1

Páirc 2

Páirc 3

1301

cruithneacht

coirce

gan úsáid

1302

gan úsáid

cruithneacht

coirce

1303

coirce

gan úsáid

cruithneacht

1304

cruithneacht

coirce

gan úsáid

Ceisteanna:

1 Cén barr a bhí á fhás i bpáirc 1 sa bhliain 1301? 2 Cén barr a bhí á fhás i bpáirc 3 sa bhliain 1302? 3 Cén barr a bhí á fhás i bpáirc 2 sa bhliain 1303? 4 Cén fáth, dar leat, ar fágadh páirc amháin gan úsáid gach bliain? 5 Cén saghas bia a dhéanadh na tuathánaigh le cruithneacht agus coirce, an gceapann tú?

6 Cén aois ina bhfuil an bhliain 1303?

Foclóir clochar: conven

t

Na Cistéirsigh:

Cistercians Na Beinidictigh: Benedictines Na Cláiríní: Poor Na Cairmeileach

a:

Carmelites oiliúnaí/nóibhíse

ach:

novitiate móid: oath

82

Aistear Ama

Sisters

of Clare


Beatha na bPobal Reiligiúnach

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. mainistir

Beinidictigh

oiliúint

lámhscríbhinn

Cláiríní

oiliúnaí (nóibhíseach)

lóistín

Doiminicigh

teach screaptra (scriptorium)

otharlann

Cairmeileacha

teach ósta

proinnteach

suanlios

teach caibidle

móid/móideanna

tearmann

Foclóir Manaigh agus Mná Rialta sealúchas: property

Chónaigh manaigh i mainistir agus chónaigh mná rialta i gclochar. Bhí oird dhifriúla sa saol reiligúnach, agus iad i mainistreacha nó clochair éagsúla, mar shampla Cistéirsigh, Beinidictigh, Cláiríní (Siúracha Bochta Naomh Clár) agus Cairmeileacha.

maoin, saibhreas: possessions geanmnaíocht: chastity umhlaíocht: obedience namhaid anama: enemy

Bhíodh ar an duine, ar theastaigh uaidh a bheith in ord rialta, bliain a chaitheamh sa mhainistir faoi oiliúint mar oiliúnaí nó nóibhíseach. D’fhéadfadh sé fágáil am ar bith i rith na bliana, murar thaitin sé leis. Tar éis bliana, bhíodh ar an oiliúnaí móid a thabhairt go leanfadh sé Riail San Beinidict. Scríobh Naomh Beinidict rialacha sa bhliain 515 AD san Iodáil. Ba é a bhí i gceist le Riail San Beinidict ná treoir faoi na trí ghné seo: •

Bochtanas – gheall an t-oiliúnaí nach mbeadh aon sealúchas ná maoin aige.

of the soul díomhaointeas: idleness bráthair/bráithre; fear reiligiúnach: brother(s) gafa le: engaged in diaga: holy adhradh: worship cúram: care dá mba Chríost féin iad: as if they were Christ

Geanmnaíocht – gheall sé nach bpósfadh sé ná nach mbeadh páistí aige.

Umhlaíocht – gheall sé a bheith umhal don ab i gcónaí.

Bhí an obair an-tábhachtach do Naomh Beinidict. Chreid sé gurb ionann an obair agus an guí. Scríobh sé: ‘Is namhaid anama é an díomhaointeas, agus mar sin ba chóir go mbeadh na bráithre gafa le hobair láimhe ag amanna faoi leith, agus le léitheoireacht dhiaga ag amanna eile.’ Chreid sé gur féidir Dia a adhradh tríd an obair: ‘Thar aon rud eile, déanfaimid cúram do dhaoine tinne, ionas go ndéanfaimid freastal orthu amhail is dá mba Chríost féin iad.’

himself

Lámhscríbhinn de Riail San Beinidict i Leabharlann Mhainistir Melk san Ostair.

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

83


Obair sa Mhainistir agus sa Chlochar I measc na bhfoirgneamh a bhíodh sa mhainistir, bhí séipéal, proinnteach, teach screaptra (scriptorium), otharlann agus teach ósta. D’itheadh na manaigh sa phroinnteach agus ní bhíodh cead cainte i rith na mbéilí. Chodail na manaigh i suanlios. Léigh na manaigh caibidil de Riail San Beinidict sa teach caibidle gach lá. Ba chlós cúirte é an clabhstra, ar shiúil na manaigh ann, nuair a bhí sé ag cur báistí. Cuireadh tearmann ar fáil don phobal sa mhainistir.

Bia agus Deoch I gcaibidlí 39 agus 40 de Riail San Beinidict, bhí cur síos ar an mbia a bhí ceadaithe. Bhíodh cead ag an manach arán a ithe agus fíon a ól. Ní raibh cead feoil ó ainmhithe ceithre chos a ithe, ach bhí cead feoil ó éanlaithe agus éisc a ithe. D’fhás na manaigh cabáiste, turnapaí, cairéid, piseanna, oinniúin agus pónairí sna An clabhstra i mainistir Mont páirceanna. Bhí luibheanna acu don chócaireacht agus don Saint-Michel, sa Normainn. leigheas. Níor ceadaíodh spíosraí amhail piobar. Ba mhór an só Foclóir dóibh iad spíosraí, toisc gur tháinig siad ón taobh eile den domhan. Láithreán Oidhreachta

Ceisteanna Duitse! •

An bhfuil aon chosúlachtaí idir d’aiste bia féin agus aiste bia na manach meánaoiseach?

An raibh aiste bia na manach meánaoiseach go maith don timpeallacht? Mínigh do fhreagra.

An raibh aiste bia na manach meánaoiseach sláintiúil? Mínigh do fhreagra.

Domhanda: World Heritage site ailtireacht: architecture clabhstra: cloisters ba mhór an só dóibh: it was a great luxury for them

Gnáthlá an mhanaigh agus na mná rialta Tá an t-amchlár meánaoiseach thíos, a bhíodh in úsáid ag na mná rialta Beinidicteacha i Mainistir na Coille Móire, Conamara. Tá sé in úsáid acu go fóill. Is beag athrú a tháinig ar an amchlár ó na Meánaoiseanna. 5:30 r.n.

Éirí – tréimhse ciúnais – bricfeasta

7.15 r.n.

Paidreacha na maidine

12.15 i.n.

Aifreann

1.00 i.n.

Dinnéar Obair um thráthnóna – am pearsanta

5.30 i.n.

Léitheoireacht – paidreoireacht chiúin

6.00 i.n.

Paidreacha an tráthnóna

6.45 i.n.

Suipéar

7.30 i.n.

Paidreacha na hoíche Paidreoireacht chiúin – obair – am pearsanta

10.00 i.n.

Am codlata – ciúnas go dtí i ndiaidh phaidreacha na maidine

Mainistir na Coille Móire, Conamara

84

Aistear Ama


Foclóir

Ailtireacht san Eaglais Mheánaoiseach

dearadh: design

Tugaimid ‘ailtireacht’ ar stíl nó dearadh a úsáidtear chun foirgneamh a thógáil. Bhí dhá stíl ailtireachta in úsáid ag an am sin, chun séipéil agus ardeaglaisí a thógáil, an ailtireacht Rómhánach (nó Chlasaiceach) agus an ailtireacht Ghotach.

ardeaglais/ardea

glaisí:

cathedral(s) Rómhánach: Roma

nesque tacaí crochta: 昀氀ying buttresses

Gnéithe na hAiltireachta

Rómhánach

Gotach

1 Colúin

Bhí colúin thiubha ar na séipéil Bhí colúin thanaí ar na séipéil Ghotacha. Rómhánacha.

2 Áirsí

Ciorcalach

Triantánacha

3 Ballaí

Tiubh

Bhí ballaí tanaí ag na séipéil Ghotacha, agus dá bhrí sin, bhí tacaíocht ag teastáil chun an foirgneamh a choimeád ina sheasamh. Chuir tacaí crochta an tacaíocht sin ar fáil.

4 Fuinneoga

Fuinneoga beaga caola. Bhí na ballaí róthiubh chun fuinneoga móra a úsáid. Bhí na séipéil Rómhánacha fuar agus dorcha.

Cuireadh rósfhuinneoga daite sna séipéil Ghotacha amháin. Théadh an solas tríd an rósfhuinneog agus lasadh sé an séipéal. Bhíodh dathanna deasa le feiceáil sna séipéil dá bharr.

5 Túir

Cearnógach

Ard le spuaiceanna

Foclóir too thick ró-thiubh: aiceanna: spuaic/spu spire(s)

: chúinseach aealaín an art grotesque

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

85


6 Geargailí agus ealaín anchúinseach

Ligeadh geargailí don bháisteach imeacht ón díon. Bhí cuma scanrúil orthu le cur i gcuimhne do dhaoine saol naofa a chaitheamh agus dul ar aifreann, nó rachadh siad go hifreann.

Tréimhse

Na Luathmheánaoiseanna 9ú-12ú aois

Na Meánaoiseanna déanacha 12ú-15ú aois

Sampla

Ardeaglais Siena san Iodáil

Ardeaglais Notre Dame, Páras, sa Fhrainc

Foclóir cairt: charter comhairle: council

Ceisteanna Duitse:

1 Aimsigh sampla de shéipéal nó ardeaglais in Éirinn, a bhfuil gnéithe Rómhánacha le feiceáil inti.

thoghadh siad; (aimsir ghnáthchaite, togh): they used to elect aonach/aontaí: fair(s) margadh/margaí:

2 Tarraing pictiúr den fhoirgneamh atá roghnaithe agat agus

market(s)

lipéadaigh na gnéithe sin.

ceap: stocks

3 Cén tréimhse lena mbaineann an foirgneamh atá roghnaithe agat? 4 Aimsigh sampla de shéipéal nó ardeaglais in Éirinn a bhfuil gnéithe

piolóid: pillory coirpeach/coirpigh: criminal(s)

Gotacha le feiceáil inti.

5 Tarraing pictiúr den fhoirgneamh atá roghnaithe agat agus lipéadaigh na gnéithe sin. 6 Cén tréimhse lena mbaineann an foirgneamh atá roghnaithe agat? Bailte sna Meánaoiseanna Le himeacht ama d’fhás bailte agus cathracha timpeall ar na caisleáin chloiche. Nuair a d’éirigh baile rómhór chun smacht a choimeád air, thug an tiarna ‘cairt’ don bhaile. Thug an chairt sin cead do mhuintir an bhaile, comhairle a bhunú agus méara a thoghadh. 86

Aistear Ama

Méara Londain sna Meánaoiseanna, Dick/Richard Whittington.

Méara Londain nua-aimseartha.


Bhíodh aontaí agus margaí ar siúl i mbailte a raibh cairt acu. Bhíodh cearnóg i lár gach baile sna Meánaoiseanna agus is ann a bhíodh an margadh, mar aon leis an gceap (nó an phiolóid) chun pionós a chur ar choirpigh. Bhíodh ballaí thart ar na bailte. Ba ghá dola a íoc ag na geataí chun teacht isteach sa bhaile. Ba mhinic a bhíodh an ceantar ainmnithe as na geataí, agus feicimid é sin go háirithe i logainmneacha Londain, mar shampla Ludgate, Newgate, Aldersgate, Cripplegate, Moorgate, Bishopgate agus Aldgate. Uaireanta, bhíodh túr mar chuid de na ballaí, ar nós Túr Londain.

An bhfuil a fhios agat? An bhfuil a fhios agat gur ó na Meánaoiseanna a thagann an focal Béarla ‘toll’ chugainn? Céard é an ‘toll’ is congaraí duitse?

Foclóir Bhíodh sráideanna na mbailte meánaoiseacha cúng lúbach. Bhíodh na tithe déanta as adhmad agus tógtha taobh le chéile. Bhíodh na tithe cúpla stór ar airde agus bhíodh na stóir ag gobadh amach Sráid mheánaoiseach in os cionn a chéile. D’fhág sé seo go mbíodh bailte meánaoiseacha Albarracin dorcha freisin. Scaipeadh tinte go tapa, mar shampla tine mhór sa Spáinn. Londain in 1666. Níor thuig daoine an nasc idir glaineacht agus galar agus mar sin, chaitheadh siad bruscar agus camras i lár na sráideanna. Nuair a thosaigh sé ag cur báistí d’éirigh na sráideanna láibeach. Dhíol ceannaithe a dtáirgí ag na margaí agus aontaí sna Meánaoiseanna. Bhíodh gnáthearraí acu, ar nós bia, éadaí, ainmhithe, uirlisí feirme, uirlisí cogaidh agus leigheas. Bhíodh siad ag trádáil sónna freisin, amhail síoda, spíosraí agus seodra – na 3 ‘s’.

cúng: narrow lúbach: bending /winding ghob na stóir am ach: the storeys/昀氀oo rs stuck out glaineacht: cle anliness camras: sewage láibeach: mudd y só/sónna: luxur y/ luxuries gréasaí: shoema

ker

siúinéir: carpen

ter

Beatha an Cheardaí Réamhcheacht: Pléigh na ceisteanna seo a leanas:

1 Cad a tharlaíonn ar an gclár The Apprentice? 2 Cé hé an printíseach ar an gclár The Apprentice? 3 Cé eile a bhíonn ar an gclár? 4 Cén ról atá acu? 5 Cad is gá don phrintíseach a dhéanamh? 6 Cad a tharlaíonn don phrintíseach is fearr ar deireadh? 7 Cad a tharlaíonn ar an gclár MasterChef? 8 Cé hé an máistir ar an gclár MasterChef? 9 Cé eile a bhíonn ar an gclár? Léarscáil de bhaile meánaoiseach Canterbury, q Cén ról atá ag an duine/na daoine sin? Sasana, sa 15ú haois. Aimsigh an margadh, w Cad a tharlaíonn don iomaitheoir is fearr ar deireadh? an balla agus geataí an bhaile. e Cá háit eile a úsáidtear na téarmaí ‘máistir/master’ agus ‘ceird/craft’? 5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

87


Foclóir gild; grúpa cearda

Bhíodh ceird, nó obair faoi leith, ag an gceardaí, mar shampla ba bhúistéir, gréasaí nó siúinéir é. Bhíodh siopa aige sa bhaile, a raibh ceardlann ann, chun a chuid oibre a dhéanamh. Go minic sa Bhéarla, léiríodh sloinne an cheardaí an cheird a bhí aige, ar nós Taylor, Mason, Smith, Baker, Cooper, Draper. Sa siopa os cionn an dorais, bhíodh fógra le pictiúr den cheird. Sna bailte móra, bhíodh na ceardlanna céanna suite sa cheantar céanna den bhaile, mar shampla i gcathair mheánaoiseach Londain bhí Cattle Street, Wood St, Threeneedle St, Candlewick St, Ropery agus Milk St, i measc go leor eile. Eagraíocht ba ea an gild agus bhí ar gach ceardaí a bheith ina bhall den ghild. Chinntigh an gild go mbainfeadh ardchaighdeán le hobair na gceardaithe. Bhain siad ballraíocht de dhaoine nár chloígh leis na hardchaighdeáin oibre. Shocraigh an gild praghsanna agus uaireanta oscailte. Chuir siad oiliúint ar fáil do cheardaithe óga agus chuir siad scrúduithe orthu. Thug siad aire do cheardaí a d’éirigh tinn.

ithe, ceannaithe: guild

ardchaigdeán: hig

h

standard ballraíocht: memb ership oiliúint: training

Fógraí meánaoiseacha de cheirdeanna agus gildeanna, atá le feiceáil go dtí an lá atá inniu ann ag Getreidegasse, Salzburg, san Ostair.

Ceardlann le gabha óir i bPáras sna 1500idí. Aimsigh an printíseach!

Bhí máistircheardaí i gceannas ar an gceardlann agus ar an siopa. Bhí trí chéim ann chun ról an mháistircheardaí a bhaint amach. Céim 1: Printíseach, aois: 12–19 Le linn na tréimhse seo, d’fhoghlaimíodh an buachaill óg ón máistircheardaí. Chleachtadh sé an cheird sa cheardlann. Ní fhaigheadh sé aon phá.

Foclóir giurnálaí: jo

urneyman n昀椀nideach,

a cháiliú; (i

cáiligh): to qualify sárshaotha r: masterp

iece

Céim 2: Giurnálaí Anois bhí cead ag an bprintíseach costas a ghearradh ar a chuid oibre. Bhí sé saor chun taisteal ó áit go háit ag lorg oibre. Céim 3: Máistircheardaí Chun cáiliú mar mháistircheardaí b’éigean don ghiurnálaí sárshaothar a dhéanamh. Thaispeánadh sé an sárshaothar don ghild. I gcás go raibh sé maith go leor, rinneadh máistircheardaí den ghiurnálaí. Bhí cead aige a shiopa féin a oscailt agus a bheith ina bhall den ghild.

88

Aistear Ama


Bailte Normannacha Sa bhliain 1167, tháinig na Normannaigh go hÉirinn. Mar sin, tugadh ‘Angla-Normannaigh’ orthu. Thug siad nósanna, stíl mhaireachtála, teanga agus ainmneacha nua leo. Is sloinnte Normannacha iad de Róiste, de Búrca, de Bhailís, Mac Giolla Phádraig, Mac Gearailt, Mac Giolla Dé agus Breathnach, i measc go leor eile. Thóg siad caisleáin agus thug siad an córas feodach leo freisin. I measc na mbarún a ghabh talamh in Éirinn, bhí Milo de Cogan agus Robert Fitzstephen (bhí an ceantar ó Chnoc Bhréanainn i gCiarraí go Carraig Uí Leighin i gCorcaigh faoina smacht) agus tugadh Ríocht Luimní (Ciarraí Thuaidh, Co an Chláir, Luimneach agus Tiobraid Árann inniu) do Philip de Braose. Ba é Cúige Mumhan ceann de na háiteanna ba Fhrancaí taobh amuigh den Fhrainc féin, dar leis an staraí FX Martin. Faoin mbliain 1250, bhí na hAngla-Normannaigh lonnaithe in níos mó ná trí cheathrú cuid den tír. Thóg siad níos mó Foclóir ná 50 baile nua. I ndeich gcinn de na bailte, bunaíodh ‘Baile Gaelach.’ B’ann a chónaigh na daoine a labhair Gaeilge. Uaireanta, bhíodh ba Fhrancaí: most French ballaí timpeall ar an mBaile Gaelach, mar shampla i Luimneach. d’fhorbair sia d; (aimsir chai te, forbair): they Tháinig a lán ainmneacha den mhúnla ‘baile + ainm’ ó na hAngladeveloped lárionad cum Normannaigh, amhail Baile an Fheirtéaraigh i gCo. Chiarraí. Seo hachta Shasan a: ce nt re of cuid de na logainmneacha a léiríonn an áit ar lonnaigh na hAnglaEnglish power Túr na dTaife ad: Record To Normannaigh. Smaoinigh ar shamplaí eile, más féidir leat. wer Gné mheánaoiseach

Logainm Samplach

Sráid

An tSráid (Maigh Eo)

Baile

Baile Bhlainséir (Baile Átha Cliath)

Caisleán

Caisleán Cnucha (Baile Átha Cliath)

Móta

An Móta (An Iarmhí)

Babhún

Bábhún Mór (Cill Chainnigh)

Daingean

Baile an Daingin (Maigh Eo)

Mo Shamplaí

Cathair Normannach – Baile Átha Cliath I mBaile Átha Cliath, d’fhorbair na hAngla-Normannaigh an chathair a bhí tógtha ag na Lochlannaigh. Ba é Caisleán Bhaile Átha Cliath lárionad cumhachta Shasana in Éirinn ó aimsir na Normannach go dtí 1922. Fós inniu, seasann túr amháin den chaisleán a thóg na hAnglaNormannaigh, Túr na dTaifead nó an Túr Meánaoiseach. I measc na sráideanna meánaoiseacha bhí Sráid an Fhíona (Winetavern), Sráid Sheamlas an Éisc (Fishamble) agus Sráid na gCócairí (Cook Street). Bhí Margadh an Arbhair (Cornmarket) agus Faiche an Aonaigh (Fair Green) ann freisin. Bhíodh ballaí timpeall na cathrach, ina raibh túir inar coimeádadh na príosúnaigh, mar shampla Príosún Shráid an Gheata Nua. Lasmuigh de na ballaí bhí na Saoirsí (Liberties). Ní bhíodh ar na daoine sna Saoirsí cánacha a íoc, ach ní bhíodh aon chosaint acu ach oiread. Chónaigh na Gaeil sa Bhaile Gaelach.

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

89


Tasc Duitse! Cóipeáil an seoladh seo i mbrabhsálaí. Féach ar an léarscáil ar lch 4. https://s3-eu-west-1.amazonaws.com/assets.ria.ie/ihta/ihta-digital/anglo-norman-towns/ galway/IHTA-28-Galway-Text.pdf Ar dtús, scrúdaigh an léarscáil. Ansin, agus an liosta thíos in úsáid, aimsigh na gnéithe de bhaile meánaoiseach atá ann.

An Ghramadach

Gnéithe de bhailte agus cathracha meánaoiseacha

T. Ainmneach

T. Ginideach

caisleán

Uatha

Iolra

túr

an léarscáil

na léarscáileanna

ballaí

méid na léarscáile

méid na léarscáileanna

geataí

Foclóir

margadh aonach

Galair sna Meánaoiseanna

faiche

calar: cholera

mainistir nó foirgnimh reiligiúnacha eile

tífeas: typhoid lobhra: leprosy

ceap nó piolóid

lionn: humours

sráidainmneacha

domlas: bile

Baile Gaelach

réama: phlegm

Bás sna Meánaoiseanna - Sláinte agus Leigheas Sláinte Phoiblí Mar is eol dúinn, bhíodh na sráideanna sna Meánaoiseanna cúng dorcha agus clúdaithe le salachar ó ainmhithe agus daoine. Dá bharr seo, scaipeadh galair go tapa, amhail calar, tífeas agus lobhra.

Tac Duitse! Déan taighde ar na galair seo faoi na teidil seo a leanas: Siomptóim/comharthaí Calar

Tífeas

Lobhra

90

Aistear Ama

Cúis

Réiteach nó leigheas inniu


Leigheas Bhí leigheas na Meánaoiseanna bunaithe ar na ceithre lionn. Ba iad fuil, domlas buí, domlas dubh agus réama na ceithre lionn. Chreid na daoine gur éirigh duine tinn mar go raibh neamhchothroime idir na ceithre lionn. Bhí ceithre mhodh chomónta ann chun an neamhchothroime seo a leigheas: 1

Fuiliú: ghearr an dochtúir an t-othar chun ligean don fhuil teacht amach.

2

Súmairí fola a úsáid chun fuil, dromlas nó réama a tharraingt amach.

3

Gibneoireacht – cupán miotail téite a úsáid chun fuil, domlas nó réama a tharraingt amach.

4

Teascadh – géag an duine a bhaint de. Ní bhíodh aon ainéistéiseach ná obrádlann ann ag an am, agus dá bhrí sin, ba rogha dheireanach é an teascadh.

Foclóir Ní raibh mórán dochtúirí ar fáil sna Meánaoiseanna agus ba ag na huaisle amháin a bhí costas an dochtúra. Fuair gnáthdhaoine cabhair ó luibhlia a d’úsáid luibheanna agus plandaí chun fadhbanna sláinte a leigheas, nó chuaigh daoine chuig an otharlann má bhí mainistir sa cheantar.

taifead/tai昀椀d: record(s) foraoiseacha daracha – oak forests 昀椀nné súl: eye witness Binn Éadair: Howth

An Phlá Mhór

Deilginis: Dalkey go hannamh; go neamhchoitianta: rarely na mairbh a adhlacadh: to bury the dead léirscrios: devastation ar éigean: hardly

p

An Eorai

An Áis

An Afraic Leathnú na plá ar fud na hEorpa.

Cúlra Scaip an Phlá Mhór go tiubh idir 1347, nuair a shroich sí an Eoraip, agus 1350. Tháinig an phlá go hÉirinn sa bhliain 1348. Léiríonn tai昀椀d chrann-chroineolaíochta gur fhás foraoiseacha daracha arís go déanach sa 14ú haois – rud a thugann le 昀椀os gur tháinig laghdú ar an daonra ag an am. Scríobh an Bráthair John Clyn an t-aon chuntas 昀椀nné súl atá againn ar an bPlá Mhór in Éirinn. De réir a chuntais, tháinig an Phlá go Binn Éadair nó Deilginis ar dtús, agus scaip sí go Baile Átha Cliath agus Droichead Átha ina dhiaidh sin. Scríobh Clyn gurbh annamh a bhíodh 昀椀r cróga go 5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

91


leor chun cuairt a thabhairt ar dhaoine tinne ná chun na mairbh a adhlacadh 昀椀ú, de bharr eagla agus uafáis. Leag Clyn béim ar an léirscrios freisin, nuair a scríobh sé gur ar éigean a fágadh teach nach raibh ach duine amháin marbh ann, ach de ghnáth go bhfuair fear an tí, mar aon lena bhean, agus a pháistí ar fad, bás. Chun a chinntiú nach raibh an phlá orthu, bhíodh ar dhaoine fanacht lasmuigh de gheataí Bhaile Átha Cliath ar feadh trí lá sula mbeadh cead acu teacht isteach sa chathair. Cuireadh coirp na marbh i gceantar na gCuithí Dubha (Blackpitts). Tugaimid an Phlá Bhúbónach nó an Phlá Dhubh ar an bPlá Mhór freisin.

Foclóir

Cúiseanna agus Cúrsa Bhí go leor tuairimí éagsúla ag daoine faoi na cúiseanna a bhain leis an bplá, ina measc: aer olc, bogadh agus tionchar na bpláinéad nó gur nimhigh Giúdaigh na toibreacha. Cuireadh go leor Giúdach chun báis dá bharr, go háirithe sa Ghearmáin. Chreid an chuid is mó de dhaoine gur pionós ó Dhia a bhí ann.

nimhigh siad; (aimsir chaite, nimhigh): they poisoned toibreacha: wells dreancaidí: 昀氀eas mhair siad; (aimsir chaite, mair): they lived

An chúis a bhí leis an bPlá Mhór ná dreancaidí a mhair ar fhrancaigh. Ansin thug na dreancaidí an phlá do dhaoine. Mhair francaigh ar bord longa. Bhí na longa ag iompar spíosraí, síoda agus seodra, i measc earraí eile, chun na hEorpa. Ar an tslí seo, scaip an galar ó thír amháin go tír eile. Aon áit a bhíodh daoine, bhíodh francaigh ann freisin, ag an am sin, agus scaip an phlá go tapa sna bailte agus cathracha dá bharr sin.

Foclóir ag sraothartach: sneezing neascóidí: boils ag lobhadh: rotting othair: patients lucht oibre: workers íocaíocht: payment éileamh: demand

Siomptóim/Comharthaí

méadú: increase

I measc na gcomharthaí a bhain leis an bPlá Mhór, bhí sraothartach, caitheamh aníos agus ciorcail dhearga agus neascóidí ar chorp an duine, thosaigh an corp ag lobhadh agus tháinig boladh déistineach ón duine. Mar gheall ar na ceithre lionn, cheap dochtúirí gur cheart fuil a tharraingt ó na neascóidí chun an duine a leigheas. Chaitheadh na dochtúirí éadaí speisialta agus iad ag tabhairt cuairte ar na hothair, chun iad féin a chosaint ón tinneas. Ní raibh a fhios ag éinne ag an am cad ba chúis leis an bplá ná ní raibh aon eolas acu ar bhaictéir.

Torthaí na Plá Móire •

Fuair beagnach leath de dhaonra na Breataine bás den Phlá Mhór agus idir 30%-60% de dhaonra na hEorpa.

Mar gheall ar an laghdú sa daonra, bhí an lucht oibre a bhí fágtha in ann íocaíocht ní b’fhearr a éileamh ó na huaisle.

Tháinig méadú ar an bhfrith-Sheimíteachas (fuath ar Ghiúdaigh). 92

Aistear Ama


Tasc Duitse! Fíric nó Tuairim?

1 Thosaigh an Phlá Mhór ag scaipeadh ar fud na hEorpa ón mbliain 1347. 2 Pionós ó Dhia ab ea an Phlá Mhór. 3 Na Giúdaigh ag nimhiú na dtoibreacha ba chúis leis an bPlá Mhór.

4 Bhog na pláinéid thart ar bhealach áirithe agus ba é a dtionchar ba chúis leis an bPlá Mhór.

5 Chaitheadh na dochtúirí éadaí speisialta agus iad ag tabhairt cuairte ar na hothair.

6 Scaip an Phlá Mhór ó dhreancaidí go francaigh go daoine.

7 Sna Meánaoiseanna, bhíodh bailte agus cathracha salach.

8 Scaipeadh a lán galar tógálach i mbailte agus cathracha meánaoiseacha.

9 Mínigh an téarma ‘tuairim’. q Mínigh an téarma ‘fíric’. Feisteas dochtúra chun é a chosaint ar an bplá.

An Ghaeilge ag an am Sa 13ú céad, rinne Angla-Normannaigh i gcathair Chorcaí gearán le rí Shasana gur fostaíodh fear le Gaeilge chun cánacha a bhailiú. Faoin 14ú céad áfach, bhí na hAngla-Normannaigh tar éis chultúr na hÉireann a ghlacadh chucu féin chomh mór sin go raibh rí Shasana, Éadbhard III, buartha nach raibh siad dílis go leor dó. Cheap daoine go raibh na hAngla-Normannaigh tar éis éirí ní ba Ghaelaí ná na Gaeil iad féin! Mar gheall air sin, chuir an rí Reachtanna Chill Chainnigh i bhfeidhm. De réir na ndlíthe sin, ní bhíodh cead ag na hAngla-Normannaigh na rudaí seo a dhéanamh faoi phian bháis: 1 Gaeilge a labhairt 2 Gael a phósadh 3 Nósanna Gaelacha a leanúint, mar shampla iománaíocht a imirt nó éisteacht le ceoltóirí Gaelacha 4 Gnó a dhéanamh leis na Gaeil. Níor thug na hAngla-Normannaigh aon aird ar na reachtanna seo áfach, agus lean siad ar aghaidh mar a bhíodh! Phós siad Gaeil agus labhair siad an Ghaeilge. Bhí an Ghaeilge agus an Béarla araon le cloisteáil sna cathracha. Scríobh na Normannaigh a gcuid doiciméad i nGaeilge freisin faoin mbliain 1500.

Tionchar na Normannach ar an nGaeilge Thug na hAngla-Normannaigh na focail Fraincise seo isteach sa Ghaeilge nuair a d’éirigh siad ní ba Ghaelaí ná na Gaeil iad féin. Fraincis

bouteille

Cheval

chambre garçon

bacon

papier

昀氀ur/昀氀eur

Gaeilge Nua

Buidéal

Capall (each a d’úsáid na Gaeil roimhe sin)

seomra

bagún

páipéar

plúr

garsún

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

93


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Na Caisleáin Mheánaoiseacha agus Iniúchadh ar Chaisleán Áitiúil Cuid A: Caisleán Áitiúil Faigh amach cá bhfuil an caisleán cloiche is cóngaraí duitse. Ainm an chaisleáin áitiúil:

Suíomh an chaisleáin áitiúil:

1 Aimsigh grianghraf de – tóg ceann tú féin nó aimsigh ar líne é. 2 Cathain a tógadh an caisleán sin? 3 An caisleán Normannach é? Conas atá a fhios agat? 4 Tabhair cur síos ar shuíomh an chaisleáin. Cén fáth a roghnaíodh an suíomh sin, meas tú? 5 Cad iad na slite a d’úsáidfeá chun an caisleán seo a ionsaí? 6 An ndearna aon duine nó grúpa, ionsaí ar an gcaisleán riamh? Tabhair eolas faoin ionsaí, má rinne.

7 Cad iad gnéithe an chaisleáin atá fós le feiceáil ann inniu? Cuir tic i gcolún 3 sa tábla thíos. Cuid B: Na Cineálacha Caisleán Léigh an tábla thíos. Cuir tic chun a thaispeáint cé na caisleáin a raibh na gnéithe sin acu. 1 Caisleán Móta agus Babhúin 1 Tógtha sna Meánaoiseanna

2 Bhí dhá mhóta ag an gcaisleán seo

3 Tógtha ag na Normannaigh

4 Déanta as adhmad

5 Déanta as cloch

6 Imbhalla

7 Rampair

8 Móta le huisce

9 Móta d’ithir

94

Aistear Ama

3

2 Caisleán Cloiche

3

3 Caisleán Aitiúil


Bileoga Oibre

10 Geata crochta

11 Droichead tógála

12 Daingean

13 Túirín

14 Bábhún

15 Teach Geata

16 An chéad saghas caisleáin a tógadh

Cuid C: Déan liosta i ngach colún thíos. 1

Cosúlachtaí idir Caisleán Móta agus Bábhúin agus Caisleán Cloiche

2

Gnéithe de Chaisleán Móta agus Bábhúin nach raibh le fáil i gCaisleán Cloiche

3 Gnéithe de Chaisleán Cloiche nach raibh le fáil i gCaisleán Móta agus Bábhúin.

Bileog Oibre Riail San Beinidict Úsáidtear Riail San Beinidict fós i mainistreacha ar fud an domhain inniu. Seo píosa faoi Riail San Beinidict ó shuíomh idirlín mhainistir Chnocán Iosaif, Ros Cré i gCo. Thiobraid Árann. Deirtear faoi gurb í an cháipéis eaglasta is tábhachtaí de na Meánaoiseanna í, a raibh tionchar láidir aici ar fhorbairt stair na hEorpa. ‘Mhúin Naomh Beinidict do mhanaigh an iarthair, an luach agus na buntáistí a bhain leis an saol comónta. Bhí orthu a bheith ag guí, ach freisin a bheith ag obair, ag cuidiú le daoine eile agus fáilte mhór a chur roimh thaistealaithe. Ní raibh cruatain an tsaoil, a bhí coitianta do na manaigh oirthearacha agus Ceilteacha, san áireamh. Bhí clú agus cáil ar Riail San Beinidict as a measarthacht, a réasúntacht agus a solúbthacht. Dá bharr sin, ghlac manaigh an iarthair chucu féin í tar éis bhás Naomh Beinidict, in ionad rialacha manachúla eile, rialacha Naomh Columbanus (530-615) san áireamh.’ Leagan Béarla, alt 3-4: https://msjroscrea.ie/history/st-benedict-and-his-monastic-rule/ 5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

95


Bileoga Oibre

1 Cén aois inar scríobh Naomh Beinidict a chuid rialacha? 2 Mínigh an téarma AD. 3 Cad a bhí ag tarlú in Éirinn ag an am céanna a bhí na rialacha á scríobh ag Naomh Beinidict? 4 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é ‘Riail San Beinidict’? Mínigh do fhreagra. 5 Cén t-ord rialta atá ainmnithe as Naomh Beinidict? 6 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é https://msjroscrea.ie/history/st-benedict-andhis-monastic-rule/? Mínigh do fhreagra.

7 Deirtear faoi Riail San Beinidict gurbh í an cháipéis eaglasta is tábhachtaí de na Meánaoiseanna í, a raibh tionchar láidir aici ar fhorbairt stair na hEorpa. An bhfuil fírinne sa ráiteas sin?

8 An gceapann tú go bhfuil Riail San Bheinidict deacair? Mínigh do fhreagra. 9 De réir https://msjroscrea.ie/history/st-benedict-and-his-monastic-rule/ an raibh Riail San Beinidict ní ba dheacra nó ní ba éasca ná rialacha eile a bhí á leanúint i mainistreacha?

q Cad is cuimhin leat faoi Naomh Columbanus ón staidéar atá déanta agat ar an Luathré Chríostaí in Éirinn?

w Cén saghas foinsí iad ‘Riail San Beinidict’ agus https://msjroscrea.ie/history/st-benedict-andhis-monastic-rule/?: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

e Faigh amach an bhfuil aon cheann de na hoird rialta meánaoiseacha seo fós in Éirinn sa lá atá inniu ann: Agaistínigh, Cistéirsigh, Beinidictigh, Cláiríní (Siúracha Bochta Naomh Clár) agus Cairmeileacha.

An Ghramadach Uatha

Iolra

T. A.

na mná rialta na manaigh guí na mban rialta paidir na manach

an bhean rialta an manach T.G. guí na mná rialta paidir an mhanaigh

r An leanann siad Riail San Beinidict inniu? Bileog Oibre Gnáthlá na manach agus na mban rialta Cuid A: Seo thíos an t-amchlár a d’úsáid na mná rialta Beinidicteacha i Mainistir na Coille Móire, Conamara, agus a úsáideann fós. Líon an tábla leis na rudaí a bhíonn ar siúl agatsa ag na hamanna sin. Mainistir na Cille Móire 5:30 r.n. 7.15 r.n. 12.15 i.n. 1.00 i.n. 5.30 i.n. 6.00 i.n. 6.45 i.n. 7.30 i.n. 10.00 i.n.

96

Aistear Ama

M’amchlár féin


1 Cuir do thráthchlár féin i gcomparáid le tráthchlár na mBeinidicteach i Mainistir na Coille Móire. Déan liosta de na cosúlachtaí atá idir an dá thráthchlár.

2 Cé mhéad babhta in aghaidh an lae a bhíonn na Beinidictigh ag guí nó ag freastal ar aifreann? 3 Cad é an rud is deacra faoi thráthchlár na mBeinidicteach, dar leat? Mínigh do fhreagra. Cuid C: Cruthaigh léaráid Venn chun na cosúlachtaí agus na difríochtaí a léiriú idir

1 saol an mhanaigh sa Luathré Chríostaí agus saol an mhanaigh sna Meánaoiseanna 2 an mhainistir sa Luathré Chríostaí agus an mhainistir mheánaoiseach Bileog Oibre Beatha an Cheardaí Cuid A: Ceisteanna https://www.gov.ie/ga/seirbhis/57036-bi-i-do-phrintiseach/ Leagan Béarla: https://www.gov.ie/en/service/b9760-how-to-become-an-apprentice/ Seo cur síos ar ról an phrintísigh sa lá atá inniu ann. Léigh go cúramach é.

1 Liostaigh aon chosúlacht idir ról an phrintísigh sna Meánaoiseanna agus ról an phrintísigh sa lá atá inniu ann.

2 Liostaigh aon chosúlacht idir ról an ghiurnálaí sna Meánaoiseanna agus ról an phrintísigh sa lá atá inniu ann.

3 Ar mhaith leat a bheith i do phrintíseach lá éigin? Mínigh do fhreagra.

Cuid B: Ceisteanna https://www.nationalguild.ie/the-national-guild-of-master-craftsmen/maintenance-of-standards.6445.html

Seo thuas cur síos ar ról gildeanna sa lá atá inniu ann. Léigh é go cúramach.

1 Liostaigh na cosúlachtaí idir gildeanna sna Meánaoiseanna agus gildeanna sa lá atá inniu ann. Cuid C: Ceisteanna

1 I rith na Meánaoiseanna, cérbh iad na daoine a raibh orthu trí chéim traenála/ oiliúna a dhéanamh?

2 Ainmnigh na trí chéim sin agus mínigh iad.

5. Beatha agus Bás sna Meánaoiseanna

97

Bileoga Oibre

Cuid B: Ceisteanna


Bileoga Oibre

Bileog Oibre An Phlá Mhór Amhrán meánaoiseach faoin bPlá Mhór é An Innocent Merriment. An Innocent Merriment “A sickly season,” the merchant said, “The town I left was 昀椀lled with dead, and everywhere these queer red 昀氀ies crawled upon the corpses’ eyes, eating them away.” “Fair make you sick,” the merchant said, “they crawled upon the wine and bread. Pale priests with oil and books, bulging eyes and crazy looks, dropping like the 昀氀ies.” “I had to laugh,” the merchant said, “The doctors purged, and dosed, and bled; and proved through solemn disputation The cause lay in some constellation. Then they began to die.” “First they sneezed.” the merchant said, “And then they turned the brightest red, Begged for water, then fell back, They waited for the 昀氀ies.” “I came away,” the merchant said, “You can’t do business with the dead. So I’ve come here to ply my trade. You’ll 昀椀nd this to be a 昀椀ne brocade ...” And then he sneezed! https://scholar.dominican.edu/cgi/viewcontent.cgi?article=1048&context=senior-theses Ceisteanna

1 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é an t-amhrán seo? Mínigh do fhreagra. 2 Cén saghas foinsí iad amhráin: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

3 Cén t-eolas a thugann an t-amhrán seo don staraí faoin bPlá Mhór ag an am seo? 4 Cén t-earra a bhí á dhíol ag an gceannaí seo? 5 Liostaigh na cosúlachtaí idir an Phlá Mhór agus COVID-19.

98

Aistear Ama


Caibidil 1: Obair an Staraí

An Athbheochan

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

CAI

B

6 IDIL

Príomhthoradh Foghlama: 3.7 suntas a thabhairt do na hathruithe a tharla i réimse na n-ealaíon agus na heolaíochta, agus béim ar leith ar thábhacht na hAthbheochana Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: 1.1, 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.7, 1.9, 1.11, 2.11, 3.1, 3.6, 3.8, 3.11

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. an Athbheochan

ealaín

lámhscríbhinní

Renaissance

eolaíocht

daonnachas

cathairstát

bealaí trádála

ceannaí/ceannaithe

ailtireacht

litríocht

laoch

athchruthú

昀椀nscéal/昀椀nscéalta

pátrún

An Athbheochan: tréimhse inar thosaigh daoine ag athsmaoineamh ar na nithe seo a leanas: 1 2 3 4

ealaín ailtireacht litríocht eolaíocht

Ceist Cén fáth ar thosaigh an Athbheochan san Iodáil thar aon tír eile? Na cúiseanna a bhí leis an Athbheochan

1

An Ghramadach an pictiúr (昀椀rinscneach) an phéintéireacht (bainins

na pictiúir cneach)

na péintéireachtaí

Na cúiseanna a bhain leis an Athbheochan Thosaigh an Athbheochan thart ar an mbliain 1350 san Iodáil. Lean sé ar feadh tuairim is 200 bliain ina dhiaidh sin. Is féidir linn a tionchar a fheiceáil fós sa lá atá inniu ann, 昀椀ú in Éirinn!

Foclóir

Sibhialtacht na Róimhe

Mhair sibhialtacht na Róimhe míle bliain roimh an Athbheochan. Tógadh foirgnimh áille ag an am sin, amhail an Colasaem, Teampall na nDéithe (an Paintéón) agus an Fóram Rómhánach. Bhí siad fós ina seasamh aimsir na hAthbheochana, agus tá siad fós ina seasamh inniu! Chuir daoine suim san ealaín agus sna dealbha a chruthaigh na Rómhánaigh freisin. Fuair muintir na hIodáile inspioráid ó Shibhialtacht na Róimhe. Theastaigh uathu éachtaí na sibhialtachta sin a athchruthú.

Colasaem: Colosseum An Paintéón : The Panthe on Fóram Róm hánach: Rom an Forum éacht/éach taí: achiev ement(s) a athchrut hú; (infinid each, athchrutha igh): to recr eate

6. An Athbheochan

99


An Colasaem

2

Teampall na nDéithe (an Paintéón)

An Fóram Rómhánach

An Daonnachas

Staidéar ar lámhscríbhinní ó shibhialtacht na Róimhe nó ón tSean-Ghréig is ea an daonnachas. Chreid na daonnachtaithe (daoine a rinne staidéar ar na lámhscríbhinní sin) gur thug na sibhialtachtaí seo tuiscint ní b’fhearr dóibh ar an gcine daonna. Chreid siad go gcabhródh an tuiscint Íomhá ón scannán Hercules seo leo an domhan a fheabhsú le linn ón mbliain 2014. na hAthbheochana. Bhí 昀椀nscéalta sna lámhscríbhinní faoi laochra a thug inspioráid dóibh, ar nós Earcail, Iasón, Aichill agus Héilin na Traí.

Foclóir an lámh in uachtar: upper hand saothar ealaíne: work of art

3

Suíomh na hIodáile agus na bealaí trádála

bhí siad aontaithe: they were united

Thaistil ceannaithe na hEorpa fud fad an domhain ar na bealaí trádála. an-iomaíocht: lots of Thosaigh cuid de na bealaí trádála sin san Iodáil nó chuaigh siad tríd an competition Iodáil agus ar aghaidh chomh fada leis an tSín agus na Molacaí (Oileáin Veinéis: Venice na Spíosraí). Thug ceannaithe spiosraí, seodra agus síoda ar ais leo go lár na hEorpa: an Iodáil. Thug siad smaointe nua ar ais leo freisin. Ón Iodáil, scaip na 4 ‘S’: spiosraí, seodra, síoda agus smaointe nua ar fud na hEorpa.

100

Aistear Ama


4

Pátrúin

De bharr na trádála, d’éirigh ceannaithe an-saibhir. Bhí siad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile trí na saothair ealaíne ab fhearr a bhailiú. Tugadh ‘pátrúin’ orthu. Ciallaíonn ‘pátrún’ duine saibhir a thugann airgead d’ealaíontóirí chun go ndéanfadh siad saothar ealaíne dóibh. Mar shampla, ba phátrún é Lorenzo de Medici ar Leonardo da Vinci agus ar Michelangelo.

5

Na Cathairstáit

I rith na hAthbheochana, ní raibh an Iodáil ina tír amháin aontaithe mar atá anois. Bhí sí déanta suas de chathairstáit, a bhíodh i gcomórtas le chéile chun an ealaín ab fhearr a chruthú, mar shampla, bhí an-iomaíocht idir an Veinéis agus Flórans.

Athruithe san Ealaín Gné den ealaín

Ealaín Mheánaoiseach

Ealaín na hAthbheochana

1 Téama

Bhíodh an ealaín Mheánaoiseach bunaithe ar an reiligiún, ar nós scéalta ón mBíobla. Ba iad na mainistreacha agus na pápaí a bhíodh ina bpátrúin ar ealaíontóirí le linn na Meánaoiseanna.

Ba phátrúin thábhachtacha iad na pápaí agus na mainistreacha agus cruthaíodh ealaín reiligiúnach ag an am seo fós. Tháinig téamaí nua chun cinn freisin mar shampla portráidí, an nádúr agus scéalta ó shibhialtacht na Róimhe nó ón tSean-Ghréig.

2 Daoine agus anatamaíocht (staidéar ar struchtúr chorp an duine)

In ealaín na Meánaoiseanna, léiríodh daoine gan bheocht agus gan mhothúcháin. Anuas air sin, ní bhíodh siad cruinn ó thaobh chruth an duine de, bhíodh cuma neamhréalaíoch orthu.

Bhí beocht agus mothúcháin le feiceáil sna daoine i bpictiúir ón Athbheochan. Anuas air sin, bhíodh staidéar déanta ag na healaíontóirí ar an anatamaíocht. Mar chuid den staidéar sin, d’úsáid roinnt de Sceitse anatamaíochta de na matáin le da Vinci. na healaíontóirí corpáin. Uaireanta, bhain siad géaga den chorp chun iad a iniúchadh. Rinne ealaíontóirí, ar nós da Vinci, sceitseanna de ghéaga an choirp arís agus arís eile chun péintéireachtaí réalaíocha a dhéanamh.

Foclóir chothrom: cuma mhín appearance flat shallow t: depth doimhneach ta: péintéireach i dtulra na the painting ground of in the fore rizon line léaslíne: ho t shing poin taithe: vani pointe téal

6. An Athbheochan

101


3 Peirspictíocht

Bhí cuma mhín chothrom nó 2T (2D) ar ealaín na Meánaoiseanna.

D’úsáid ealaíontóirí na hAthbheochana peirspictíocht, chun a chinntiú go raibh cuma réalaíoch ar a gcuid péintéireachtaí. Chruthaigh siad doimhneacht sna péintéireachtaí trí chuma ní ba lú a chur ar dhaoine nó rudaí sa chúlra agus cuma ní ba mhó ar dhaoine agus rudaí i dtulra na bpéintéireachtaí. I bhfocail eile, bhí cuma 3T ar ealaín na hAthbheochana.

Léaslíne

Péintéireacht ó na Meánaoiseanna i Séipéal Eye, Suffolk, Sasana.

Pointe téaltaithe Scoil Athens, freascó, le Raphael ó mbliain 1511 le línte na peirspictíochta le feiceáil. Tá Pythagoras, Socrates agus Alastar Mór i measc go leor eile le feiceáil ann.

4 Ábhair

Bhí an phéint sna Meánaoiseanna déanta as buíocán uibhe agus púdair dhaite. Thriomaigh an meascán seo go tapa, agus mar sin bhíodh sé deacair botúin a cheartú.

Mheasc ealaíontóirí na púdair dhaite le hola. Thriomaigh an phéint seo go mall, agus mar sin bhí sé éasca botúin a cheartú. Rinne ealaíontóirí na hAthbheochana a lán freascónna. Ba phictiúir (péintéireachtaí) iad sin a phéinteáladh ealaíontóir ar phlastar 昀氀iuch ar bhalla. Nuair a thriomaigh an phéint, ba chuid den bhalla é an pictiúr.

Phéinteáil ealaíontóirí pictiúir ar chlár adhmaid nó rinne siad freascónna.

Foclóir lk bhe: egg yo buíocán ui esco freascó: fr

102

Aistear Ama

Freascó da Vinci – ‘Suipéar Déanach’


5 Dealbha

6 Ailtireacht

De ghnáth, bhíodh dealbha na Meánaoiseanna mar chuid d’fhoirgneamh reiligiúnach. Bhíodh siad gan bheocht agus bhíodh cuma mhíchruinn, neamhréalaíoch orthu.

De ghnáth, sheas dealbha na hAthbheochana ina n-aonar. Bhíodh siad beomhar agus bhíodh cuma chruinn réalaíoch orthu. Dealbha ar Ardeaglais, Wells i Sasana.

Bhí stíl Ghotach le feiceáil in ailtireacht na Meánaoiseanna – áirsí triantánacha, spuaiceanna, geargáilí agus tacaí crochta.

Dealbh de scairdeáin Neiptiúin i bhFlórans, an Iodáil.

Bhí stíl Chlasaiceach ar na foirgnimh a tógadh le linn na hAthbheochana. Fuair na hailtirí inspioráid ó fhoirgnimh shibhialtacht na Róimhe. Tugaimid stíl Rómhánúil ar an stíl sin freisin. Bhíodh áirsí ciorcalacha, colúin mhóra agus cruinneacháin in úsáid. Is sampla maith í Ardeaglais Santa Maria del Fiore i bhFlórans, de shaothar Brunelleschi.

Santa Maria del Fiore

Leonardo da Vinci

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. printíseach

mainistir

anatamaíocht

portráid

ceardlann

proinnteach

peirspictíocht

eolaíocht

ceannaí

poblacht

innealtóir

réalteolaíocht

ceannaithe

freascó

dealbhóir

luibheolaíocht

gild

ciotóg

ailtire

geolaíocht

iarsmalann

crann-chroineolaíocht

áireamhán

6. An Athbheochan

103


Rugadh Leonardo da Vinci i mbaile Vinci, gar do Phoblacht Flórans. Ba phéintéir, dealbhóir, ailtire agus innealtóir é da Vinci. Tá cáil air inniu ar fud an domhain mar gheall ar a chuid péintéireachta agus an teicníc a chruthaigh sé, sfumato.

Pictiúr de ‘Baisteadh Chríost’ le Verrocchio c.1475. Chabhraigh da Vinci le Verrocchio an pictiúr seo a phéinteáil. Is í seo an chéad phéintéireacht a rinne da Vinci go bh昀椀os dúinn. Phéinteáil da Vinci an t-aingeal ar chlé.

Bhí cumas da Vinci san ealaín soiléir ó aois óg. Dá bharr sin, nuair a bhí sé 14 bliana d’aois, chuir a athair é mar phrintíseach go dtí an Máistir Verrocchio. D’fhoghlaim sé faoin bpéintéireacht agus dealbhóireacht i gceardlann Verrocchio. Sa bhliain 1472, glacadh leis i ngild na n-ealaíontóirí.

Athrú: Teicníc Nua le Fréascónna In 1482, bhog da Vinci go Milano chun péintéireacht agus innealtóireacht a dhéanamh don Diúc Sforza. Rinne sé a lán sceitseanna d’uirlisí cogaidh agus de mheaisíní. Phéinteáil da Vinci sé phíosa sna 17 mbliana a chaith sé i Milano. Phéinteáil sé ceann de na saothair ba cháiliúla dá chuid, ag an am sin, ‘Suipéar Déanach’ (1495–98) ar bhalla sa phroinnteach i mainistir Santa Maria delle Grazie. Tá Críost sa phictiúr leis an 12 aspal. Tá siad ag ithe béile le chéile nuair a deir Íosa “Feallfaidh duine agaibh ormsa.” Is é seo ceann de na chéad freascónna a rinne da Vinci. Go traidisiúnta, mar a chonaiceamar thuas, rinne ealaíontóirí freascónna ar phlastar 昀氀iuch. Bhain da Vinci triail as modh nua. Mheasc sé ola, púdair dhaite agus buíocán uibhe chun an phéint a dhéanamh. Chuir sé an phéint seo ar chloch. Rinne sé é seo mar gur thriomaigh olaphéint ní ba mhoille agus níor theastaigh ó da Vinci a bheith faoi bhrú ama agus é ag péinteáil. Laistigh de 10 mbliana áfach, thosaigh an dath ag imeacht as an bhfreascó.

104

Aistear Ama


Athrú: Teicníc Nua Péintéireachta Chum da Vinci an teicníc sfumato. In áit línte a úsáid chun imlínte a tharraingt, d’úsáid da Vinci solas agus scáth. Chruthaigh sé seo imlínte doiléire agus bhí cuma ní ba réalaí ar dhaoine agus ar ainmhithe sna péintéireachtaí. Tá sfumato le feiceáil in ‘Maighdean na gCarraigeacha’ agus in ‘Mona Lisa’. Léiríonn ‘Maighdean na gCarraigeacha’ an Mhaighdean Mhuire, Íosa, Eoin Baiste agus aingeal suite i suíomh nádúrtha. Tá sfumato le feiceáil sa chúlra agus ar na daoine. Is portráid é ‘Mona Lisa’ de bhean chéile Francesco de Giocondo, ceannaí saibhir ó Fhlórans. Deirtear gurb é seo an phéintéireacht is cáiliúla ar domhan. Tá suíomh nádúrtha ann agus tá cuma fíor-réalaíoch ar an mbean, mar gheall ar an sfumato. Feictear an sfumato sna scáthanna timpeall ar a smig agus a muineál, ach go háirithe. Go dtí an bhliain 2019, thugadh 8,000,000 duine gach bliain cuairt ar ‘Mona Lisa’ in iarsmalann an Louvre i bPáras na Fraince!

‘Maighdean na gCarraigeacha’

Choimeádadh da Vinci leabhar nótaí in aice láimhe an t-am ar fad. Líon sé tuairim is 50 leabhar nótaí le sceitseanna éagsúla de na rudaí inar chuir sé suim. Bhí suim aige sa mhata, san eolaíocht, sa réalteolaíocht, sa luibheolaíocht, sa gheolaíocht, san innealtóireacht agus san anatamaíocht. Dhear sé an chéad héileacaptar agus tanc! Chéadcheap sé an chéad áireamhán! Thuig sé go bhféadfaimís cumhacht na gréine a úsáid chun na 昀椀onnachtana seo a chur ag obair.

Ghearr sé suas os cionn 30 corp chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar an anatamaíocht. Sfumato agus aghaidh Mona Lisa. Chruthaigh sé an chéad léaráid chruinn den chnámh droma. Ón staidéar a rinne sé ar chorpáin, scríobh sé na chéad nótaí ar ghalair a bhain leis an ae. Chreid daoine ag an am go raibh dhá sheoimrín sa chroí. Thuig da Vinci go raibh ceithre sheoimrín ann. Ba bheag nach bhfuair sé amach faoin tslí ar ghluais an fhuil timpeall an choirp! Níor fhoilsigh sé a chuid sceitseanna anatamaíochta áfach, agus mar sin ní raibh aon tionchar aige ar athruithe sa tsláinte ná sa leigheas ag an am.

Foclóir tuairim is: roug

hly dhear sé, (aimsir chaite, dear): he designed Chéadcheap sé

, (aimsir chaite, céadcheap): he invented fionnachtana: dis coveries cnámh droma: spine ae: liver seoimrín: cham

ber níor fhoilsigh sé , (aimsir chaite, foilsigh): he did not publish

6. An Athbheochan

105


Tasc aimsire Ceangail caithimh bheolaíocht, da Vinci (mata, lui ltóireacht, geolaíocht, innea s na anatamaíocht) lei , más sceitseanna thuas féidir leat.

Scríobh da Vinci ó dheis go clé. Deir staraithe áirithe go raibh eagla air go ngoidfí a chuid smaointe agus mar sin gur chód é. Deir staraithe eile gur scríobh sé mar sin mar gur chiotóg é.

An bhfuil a fhios agat? Ba é da Vinci an chéad duine a thug faoi deara go raibh nasc idir an aimsir in aon bhliain faoi leith agus patrún na bhfáinní adhmaid i gcrann. Chuir sé sin ar ár gcumas aois chrainn a

ríomh. Sa lá atá inniu ann, tugaimid ‘crann-chroineolaíocht’ I dtreo dheireadh a shaoil, ba (nó deindreacroineolaíocht) ar dhátú crainn. phátrúin ar da Vinci iad an Pápa Leo X agus Rí na Fraince. Maireann níos lú ná 20 péintéireacht dá chuid go dtí an lá atá inniu ann. Níl cuid acu críochnaithe agus cé nár mhair péintéireachtaí eile, tá cóipeanna againn de chuid acu.

Ceisteanna: Leonardo da Vinci

1 Ciallaíonn an téarma ‘fear Renaissance’ duine a raibh a lán buanna agus réimsí eolais aige. An gceapann tú gurbh fhear Renaissance é da Vinci?

2 An bhfuil aon chosúlacht idir do shaol agus do chaithimh aimsire féin agus saol agus caithimh aimsire da Vinci? Má tá, déan cur síos orthu.

3 An raibh da Vinci sásta dul sa seans agus botúin a dhéanamh? Mínigh do fhreagra. 4 Roghnaigh píosa amháin eolais faoi da Vinci, atá suimiúil. Scríobh an píosa eolais sin mar a scríobh da Vinci agus an nasc seo in úsáid agat: https://www.mos.org/leonardo/activities/mirror-writing Taispeáin do chara é agus iarr air/uirthi é a léamh.

106

Aistear Ama


5 Féach ar an tábla thíos. Tá cuid de na focail ann nua agus tháinig tú ar chuid eile acu i gcaibidlí roimhe seo. Roghnaigh dath do gach caibidil, agus dathaigh na focail a d’fhoghlaim tú sa chaibidil sin leis an dath céanna, mar shampla, an Luathré Chríostaí i ndath amháin, na Meánaoiseanna i ndath eile, agus mar sin de. Tá ceann déanta mar shampla duit. An Luathré Chríostaí

Na Meánaoiseanna

An Athbheochan Foinsí

printíseach

mainistir

portráid

réalteolaíocht

téama

proinnteach

ceardlann

gild

anatamaíocht

Doiminicigh

ceannaí

pátrúin

sfumato

freascó

iarsmalann

‘Maighdean na gCarraigeacha’

‘Mona Lisa’

peirspictíocht

6 Déan liosta de na 10 dtéarma is fearr ón tábla thuas, dar leat, chun cur síos a thabhairt ar thábhacht Leonardo da Vinci don ealaín. •

Agus úsáid á baint agat as na 10 dtéarma sin, inis do do pháirtí ranga faoin tábhacht a bhain le Leonardo da Vinci don ealaín.

Agus úsáid á baint agat as na 10 dtéarma sin, scríobh cur síos ar an tábhacht a bhain le Leonardo da Vinci don ealaín.

Michelangelo

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. leabharlann

cathairstát/cathairstáit

saothar

pátrún

claíomh

anatamaíocht

saolré

sleá

cruinneachán

‘La Pietà’

sciath

fathach

poblacht

comhrac

íochtaráin

dealbhóir

ailtire

péintéireacht

Rugadh Michelangelo i bPoblacht Flórans sa bhliain 1475. Ba phéintéir, dealbhóir, ailtire agus 昀椀le é Michelangelo. Tá cáil air ar fud an domhain mar bhí bua na healaíne aige. Bhí cumas Michelangleo san ealaín soiléir ó aois óg. Rinne sé printíseacht leis an Máistir Ghirlandaio nuair a bhí sé trí bliana déag d’aois. Chonaic ceannaire Flórans, Lorenzo de Medici, a chuid oibre agus bheartaigh sé pátrúnacht a thabhairt do Michelangelo.

6. An Athbheochan

107


Dealbhóireacht 1

2

Bhog Michelangelo go dtí an Róimh agus is ann a rinne sé a chéad shaothar mór le rá, ‘La Pietà’. An dúshlán a bhí roimh Michelangelo ná beirt, Íosa Críost agus Muire, a dhearadh as bloc amháin marmair. Tá Íosa Críost ina luí i mbaclainn Mhuire, tar éis dá chorp a bheith bainte anuas den chros. Léiríonn an bealach ina dtiteann na héadaí ar an mbeirt, mar aon leis na 昀椀llteacha in éide La Pietà Mhuire agus ar chorp Chríost féin, an staidéar a bhí déanta ag Michelangelo ar an anatamaíocht. D’éirigh ‘La Pietà’ an-cháiliúil le linn shaol Michelangelo, agus chuala sé go raibh dealbhóir eile, a bhí i gcomórtas leis, á lua mar dhealbhóir ‘La Pietà’. Is dá bharr sin a bheartaigh Michelangelo a ainm a chur leis an dealbh. Is é ‘La Pietà’ an t-aon phíosa dá chuid a shínigh Michelangelo. Rinne Michelangelo an dealbh ‘Dáiví’ as bloc marmair a raibh damáiste déanta dó. Scéal é Dáiví agus Góla ón mBíobla. Lorg an rí saighdiúir chun troid i gcoinne an fhathaigh Góla, ach ní raibh aon saighdiúir sásta troid ina choinne, seachas aoire óg, Dáiví. Bhí claoímh, sleá agus sciath ag Góla, chomh maith le taithí mhíleata. Bhí crann tabhaill agus cúig chloch ag Dáiví. Bhuaigh Dáiví an troid, rud a léirigh go bhféadfadh an bua a bheith ag na híochtaráin. Le himeacht ama, ba shiombail í an dealbh ‘Dáiví’ de shaoirse Phoblacht Flórans, a raibh cathairstáit ní ba mhó ag bagairt uirthi. Cuireadh ‘Dáiví’ lasmuigh de halla an bhaile.

Péintéireachtaí – An Séipéal Sistíneach D’iarr an Pápa Julius II ar Michelangelo an tsíleáil sa Séipéal Sistíneach a phéinteáil. Thóg sé ceithre bliana air an freascó seo a chríochnú. Phéinteáil sé radharcanna ón mBíobla, a raibh ní ba mhó ná 300

108

Aistear Ama

Ceist duitse! An rud maith é go bhfuil scáthanna le feiceáil timpea ll mhuineál Mhuire sa dealbh seo? Mínigh do fhreagra.


fíor iontu. I measc na radharcanna a phéinteáil sé, bhí cruthú an domhain, cruthú Ádhaimh, Gairdín Éidin agus an Tuille. Cén radharc atá le feiceáil ag bun leathanach 108? Freascó eile a rinne Michelangelo ab ea ‘Breithiúnas Deireanach’ ar bhalla an altóra sa Séipéal Sistíneach. Thosaigh sé air 25 bliain tar éis dó an tsíleáil a chríochnú agus thóg sé ceithre bliana air. Bhí breis is 300 fíor ann, iad nocht ar dtús. Ach faoin am a raibh ‘Breithiúnas Deireanach’ á chríochnú ag Michelangelo, bhí Pápa nua i gceannas agus theastaigh uaidh go mbeadh na fíoracha clúdaithe. B’éigean do Michelangelo éadaí a phéinteáil orthu ina dhiaidh sin. Is é an Séipéal Sistíneach an séipéal is minice a dtugtar cuairt air, ar domhan. Bhíodh timpeall 6,000,000 cuairteoir ann go bliantúil síos go dtí 2018!

‘Breithiúnas Deireanach’

Ailtireacht Dhear Michelangelo a lán foirgnimh thábhachtacha, ina measc Leabharlann Laurentien, Séipéal Santa Maria degli Angeli e dei Martiri agus an chearnóg, Piazza del Campidoglio. Ach is é Cruinneachán Bhaisleac Pheadair an píosa ailtireachta is cáiliúla de chuid Michelangelo. D’iarr an pápa air cruinneachán a dhearadh. Is é Baisleac Pheadair an séipéal is mó ar domhan agus mar sin tá an cruinneachán an-mhór. Fuair Michelangelo bás sular críochnaíodh an cruinneachán, áfach.

Santa Maria degli Angeli e dei Martiri

Piazza del Campidoglio

Cruinneachán Bhaisleac Pheadair

6. An Athbheochan

109


Ceisteanna: Michelangelo

1 Ciallaíonn an téarma ‘fear Renaissance’ duine a raibh a lán buanna agus réimsí eolais aige. An gceapann tú gurbh fhear Renaissance é Michelangelo?

2 An bhfuil aon chosúlacht idir do shaol agus caithimh aimsire féin agus saol agus caithimh aimsire Michelangelo? Má tá, déan cur síos orthu.

3 Agus na focail sa tábla thíos in úsáid agat, scríobh cur síos ar thábhacht Michelangelo don Athbheochan. printíseach

an Séipéal Sistíneach

pátrún

‘La Pietà’

anatamaíocht

‘Dáiví’

íochtaráin

‘Breithiúnas Deireanach’

cruinneachán

Leabharlann Laurentien

4 Ráiteas: Ba é Michelangelo an t-ealaíontóir ab fhearr lena linn, agus ó shin i leith ceaptar gur duine de na healaíontóirí ab fhearr riamh é. Mhair Leonardo da Vinci idir 1452-1519. Mhair Michelangelo idir 1475-1564. An aontaíonn tú leis an ráiteas thuas? Mínigh do fhreagra.

5 De bharr cháil Michelangelo lena linn, tá a lán foinsí eolais againn faoi. Ba é an chéad ealaíontóir é, ar scríobhadh a bheathaisnéis fad a bhí sé beo. Scríobh Giorgio Vasari caibidil faoi ina leabhar ‘Lives of the Most Eminent (outstanding) Painters, Sculptors, and Architects’. Foilsíodh an bheathaisnéis seo in 1550. An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í an bheathaisnéis? Mínigh do fhreagra.

6 I ndiaidh do ‘Lives of the Most Eminent (outstanding) Painters, Sculptors and Architects’ a bheith foilsithe, d’iarr Michelangelo ar Condivi, printíseach a bhí ag obair leis, beathaisnéis eile a scríobh faoi. D’fhoilsigh Condivi ’Vita di Michelagnolo Buonarroti’ sa bhliain 1553. Deir daoine áirithe gur dírbheathaisnéis atá ann i ndáiríre. •

Cén fáth ar iarr Michelangelo ar Condivi beathaisnéis a scríobh faoi, an gceapann tú?

Céard is brí leis an téarma dírbheathaisnéis?

An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í dírbheathaisnéis? Mínigh do fhreagra.

Cad iad na láidreachtaí a bhaineann le ’Vita di Michelagnolo Buonarroti’ le Condivi, don staraí a bheadh ag iarraidh foghlaim faoi Michelangelo inniu, an gceapann tú?

Cad iad na laigí a bhaineann le ’Vita di Michelagnolo Buonarroti’ le Condivi, don staraí a bheadh ag iarraidh foghlaim faoi Michelangelo inniu, an gceapann tú?

7 Cruthaigh léaráid Venn, a léiríonn na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir saol agus saothair Leonardo da Vinci agus Michelangelo Buonarotti.

110

Aistear Ama


Leathadh na hAthbheochana Tháinig cáil ar chathairstáit na hIodáile mar gheall ar a gcuid ealaíne. Thosaigh ealaíontóirí ó thíortha eile ag taisteal chun na hIodáile chun na saothair ealaíne sin a fheiceáil agus chun teicnící nua a fhoghlaim. Go minic, d’fhill siad ar a dtíortha dúchais, leis an méid a bhí foghlamtha acu. I measc na ndaoine sin, bhí Albrecht Dürer. Réamhcheacht, Bileog Oibre: Albrecht Dürer – Ealaíontóir Athbheochana le fáil ar lth 123.

Albrecht Dürer Ba as cathair Nurnberg sa Ghearmáin d’Albrecht Dürer. Nuair a bhí sé 13 bliana, rinne sé féinphortráid agus scáthán in úsáid aige. Bhí sé chomh maith sin gur chuir a athair mar phrintíseach é chuig an ealaíontóir ab fhearr sa cheantar nuair a bhí sé 15 bliana. Thaistil Dürer timpeall na hEorpa chun an ealaín a fhoghlaim. Bhí a chuid pictiúr an-sonrach agus bhí trí phríomhthéama aige: an nádúr, portráidí agus an reiligiún. Ba é an nádúr an téama ab fhearr leis. Rinne sé a lán péintéireachtaí d’ainmhithe agus plandaí, ar nós ‘An Fód Mór Móna’ agus ‘Giorria Óg’. Rinne sé a lán féinphortráidí. Theastaigh uaidh go gcuimneodh daoine air. D’fhéadfaí ‘féiníní’ na linne a thabhairt orthu! I measc na bpictiúr a rinne sé a bhí bunaithe ar an reiligiún, bhí ‘Rosenkranzfest’ (Féile na bhFleasc Rósanna, ar an 7 Deireadh Fómhair) agus ‘Adhradh na Tríonóide’. Ní péintéireachtaí ná sceitseanna amháin a rinne Dürer, rinne sé greantaí freisin. Ghrean sé pictiúir ar adhmad nó ar chopar. ‘Breith ár dTiarna’ agus ‘Ádhamh agus Éabha’ na greantaí ba cháiliúla dá chuid. Chruthaigh Alfred Chester Beatty (1875-1968) bailiúchán d’ealaín Dürer. Thug sé an bailiúchán sin, de 130 greanadh adhmaid agus copair, do stát na hÉireann.

An Clóphreas Teicneolaíocht a chabhraigh le hathrú stairiúil Anuas go dtí an t-am sin sa stair, ba í lámh an duine, nó blocphriontáil, a rinne gach leabhar, ar nós na lámhscríbhinní, ar fhoghlaim tú fúthu ar leathanach 42/43. Bhíodh an dá mhodh seo an-mhall agus an-chostasach. Mar thoradh air sin, bhíodh leabhair an-luachmhar agus ní bhíodh mórán acu ann. Bhain na leabhair a bhí ann le daoine saibhre nó leis an Eaglais. Ba bheag duine a raibh léamh agus scríobh aige. Ba ghabha óir ón nGearmáin é Johann Gutenberg. Lá amháin agus é ina shiopa, rinne sé litreacha as ór. Ansin rinne sé focail agus abairtí as na litreacha. Chuir sé na habairtí i sraitheanna i bhfráma adhmaid. Chuir sé dúch ar na sraitheanna agus bhrúigh sé páipéar ar an bhfráma adhmaid. Nuair a d’ardaigh sé an páipéar bhí focail clóite air. An chéad leabhar a chlóigh Gutenberg ab ea ‘An Bíobla’ c.1450.

6. An Athbheochan

111


Torthaí an Chlóphreasa (i) Méadú ar líon na leabhar agus líon na léitheoirí: Sa 14ú céad, b’ionann costas leabhar amháin lámhchóipeáilte agus costas tí! Faoi na 1490idí, ba lárionad clóbhuailte leabhar í an Veinéis. Mar shampla, bhíodh múinteoir scoile sa Veinéis ábalta cóip chlóite de leabhar le Cicero (scríbhneoir tábhachtach ó shibhialtacht na Róimhe) a cheannach ar chostas pá míosa. Bhí ní ba mhó daoine ábalta ní ba mhó leabhar a cheannach mar gheall ar an gcostas íseal. Dá bharr seo, thosaigh ní ba mhó daoine ag léamh. (ii) Smaointe Nua agus an Rei昀椀rméisean: scaip smaointe nua ní ba thapa timpeall na hEorpa. Bhí roinnt daoine ar imeall na hEorpa míshásta leis an saibhreas a bhí bailithe ag an Eaglais Chaitliceach faoin am sin. Anois, bhí siad ábalta léamh faoi dhaoine eile i lár na hEorpa a bhí míshásta leis an Eaglais Chaitliceach freisin, agus thuig siad nach raibh siad ina n-aonar. Tháinig laghdú ar smacht na hEaglaise ar an bhfoghlaim agus ar smaointe na ndaoine. Nuair a cheistigh Martin Luther, Gearmánach, cumhacht na hEaglaise in 1517 clóbhualadh 95 Téis leis. Ciallaíonn ‘téis’ ráiteas a léiríonn tuairim, sa chás seo, tuairim Luther féin. Bhí cóipeanna de na téiseanna le fáil i Londain 17 lá ina dhiaidh sin. Mar sin, chabhraigh an clóphreas le tús a chur leis an Rei昀椀rméisean – tréimhse inar athraigh reiligiún mhuintir na hEorpa. (iii) Teanga: clódh na leabhair i dteanga dhúchais na dtíortha, i nGearmáinis sa Ghearmáin, i bhFraincis sa Fhrainc agus mar sin de. Dá bharr sin, agus de bharr go raibh ní ba mhó éilimh ar leabhair, laghdaigh úsáid na Laidine mar theanga scríofa na leabhar.

Litríocht na hAthbheochana Christine de Pizan (1364-1430)

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. eolaí

plá

pátrún

saolré

naomh/naoimh

banríon

oideachas

síocháin

éachtaí

treorú

págánach

banscríbhneoir

litríocht

gairmiúil

neamhghnách

lagmhisneach socrú

bandéithe

Ba í Christine de Pizan an chéad bhanscríbhneoir gairmiúil i stair na hEorpa. B’eolaí é a hathair, fear a thuig tábhacht an oideachais. Chinntigh sé go bhfuair a bheirt mhac agus a iníon an t-oideachas céanna, rud a bhí neamhghnách ag an am. D’fhoghlaim Christine de Pizan Gréigis, Laidin, litríocht, stair agus leigheas. Phós sí nuair a bhí sí 15 bliana d’aois. Socrú gnó a bhí ann ach scríobh sí go raibh sí féin agus a fear céile an-sona le chéile. Bhí triúr páistí acu. Ní raibh Christine de Pizan ach 25 bliana d’aois nuair a fuair a fear céile bás de bharr plá. Bhí de Pizan anois ina máthair aonair. Bhí a hathair marbh agus bhí sí freagrach as aire a thabhairt dá máthair agus dá neacht freisin. Ba ghnách ag an am, go bpósadh máthair aonair arís, ach bheartaigh Christine a hoideachas a úsáid chun a clann a chothú.

112

Aistear Ama


Thosaigh de Pizan ag scríobh dánta grá ina teanga dhúchais. Bhí a cuid dánta chomh maith sin go bhfuair sí pátrúin gan mhoill. Ba é rí na Fraince, Charles VI, an pátrún ba mhó a bhí aici. Is leabhar cáiliúil dá cuid 昀椀líochta é ‘Cent balades’. Scríobh sí dánta grá bunaithe ar a heispéireas féin – fear céile a chailliúint. Is é an saothar is tábhachtaí le de Pizan ná ‘Le Livre de la Cité des Dames’ (Leabhar Chathair na Le Livre la Cité des Dames (Leabhar Chathair na mBan) mBan) (1405). Bíonn brionglóid ag an bpríomhcharachtar go roghnaíonn Dia í chun scríobh faoi mhná. Fir a scríobh fúthu go dtí sin, agus bíonn lagmhisneach ar an bpríomhcharachtar faoin tslí a léirigh na 昀椀r sin mná. Scríobhann sí faoi chathair, a bhfuil mná amháin ina gcónaí ann. Cloisimid guthanna ban, amhail Banríon Sheabá, Héilin na Traí, bandéithe págánacha, an Mhaighdean Mhuire agus naoimh bhaineanna eile. Tá cur síos ann ar éachtaí na mban tríd an stair agus is léir go bhfuil sí i bhfábhar deiseanna oideachais do mhná. Tugann ‘Le Trésor de la Cité des dames’ (Taisce Chathair na mBan) comhairle agus eolas praiticiúil do mhná faoi aire a thabhairt dá gclann, agus do thalamh agus gnóthaí an fhir chéile nuair a bhásaíonn sé. Bhí sé bunaithe ar na deacrachtaí a bhí aici nuair a fuair a fear céile bás. Chreid De Pizan nach raibh an t-oideachas oiriúnach faigthe aici chun tabhairt faoi na nithe sin. Scríobh De Pizan faoi thopaicí eile freisin, amhail polaitíocht, dea-rialachas, cogadh agus síocháin. Aistríodh saothair de Pizan go teangacha éagsúla eile agus b’údar mórdhíola í lena linn féin agus ina diaidh. Léigh banríonacha agus ríthe timpeall na hEorpa a cuid leabhar i mblianta luatha na hAthbheochana. Saothair Téamaí

Grá & Caillteanas

Samplaí ‘Cent ballades’

Polaitíocht agus Dea-rialachas Saol na mBan ‘Le Livre des Faite d’armes est de chevalerie’

‘Le Livre de la Cité des dames’

(Leabhar Gaiscí Arm agus Ridireachta)

‘Le Trésor de la Cité des dames’

‘Le Livre de la Paix’

‘Epistre au Dieu d’amours’ (Litir chuig Dia an ghrá)

(Leabhar na Síochána)

6. An Athbheochan

113


Ceisteanna: Christine de Pizan

1 Rugadh Christine de Pizan sa bhliain 1364. An bhfuil an bhliain sin ag tús, lár nó deireadh na hAthbheochana?

2 Fuair De Pizan bás circa 1430. Cad is brí leis an téarma circa? 3 An bhfuil an bhliain 1430 sa 13ú haois, sa 14ú haois nó sa 15ú haois? 4 Conas a bhí scríbhneoireacht De Pizan difriúil le scríbhneoireacht údair eile a mhair roimpi? 5 Féach siar ar an alt ‘Bantiarna an Chaisleáin’ i gcaibidil 5 (lch 77). Chruthaigh léaráid Venn de na cosúlachtaí agus difríochtaí idir saol na mban sna Meánaoiseanna agus saol Christine de Pizan.

6 Déan liosta de na 10 dtéarma ón tábla thíos is fearr a chuireann síos ar thábhacht Christine de Pizan le linn na hAthbheochana. •

Ag baint úsáid as na 10 dtéarma sin, inis do do pháirtí ranga cén tábhacht a bhain le Christine de Pizan le linn na hAthbheochana.

Ag baint úsáid as na 10 dtéarma sin, scríobh cur síos ar an tábhacht a bhain le Christine de Pizan le linn na hAthbheochana.

eolaí

plá

pátrún

máthair aonair

naomh/ naoimh

banríon

oideachas

síocháin

éachtaí

teanga dhúchais

bandéithe

banscríbhneoir

litríocht

gairmiúil

neamhghnách

socrú

págánach

‘Le Livre de la Paix’

‘Le Livre de la Cité des dames’

‘Cent ballades’

7 Mhair ealaíontóirí baineanna le linn na hAthbheochana freisin. Roghnaigh duine de na mná ón liosta seo agus déan taighde ar a saol agus a saothar: Caterina van Hemessen, Sofonisba Anguissola, Lavinia Fontana. A saol: •

Cé na cosúlachtaí a bhí idir a saol siúd agus saol na mban le linn na Meánaoiseanna?

Cé na cosúlachtaí a bhí idir a saol siúd agus saol Christine de Pizan?

A cuid saothar: •

An ndearna sí staidéar ar an anatamaíocht? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí óna cuid saothar.

Ar úsáid sí an pheirspictíocht? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí óna cuid saothair.

Ar úsáid sí sfumato? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí óna cuid saothair.

Cad iad na téamaí ag bhí aici ina cuid ealaíne?

Cé na pátrúin a bhí aici?

Aon eolas suimiúil eile fúithi?

8 Ar tháinig athrú ar shaol na mban le linn na hAthbheochana, an gceapann tú? Scríobh alt gearr ag míniú do fhreagra.

114

Aistear Ama


William Shakespeare Is é William Shakespeare an scríbhneoir Béarla is cáiliúla ar domhan, cé gur mhair sé os cionn 400 bliain ó shin. Rugadh é in Stratford-on-Avon, Sasana ach chaith sé a shaol oibre i Londain. Thosaigh sé ag obair mar aisteoir, ach tháinig clú agus cáil air de bharr a chuid drámaí. Scríobh sé 38 dráma ina theanga dhúchais. Phléigh a dhrámaí téamaí móra uilíocha amhail grá, éad, bás, caillteanas agus fealladh (betrayal). Mar gheall ar an teanga agus ar na téamaí, thaitin drámaí Shakespeare go mór leis an ngnáthphobal agus leis an gcúirt ríoga araon. Scríobh Shakespeare drámaí a bhíonn á léiriú, agus a ndéanann daoine staidéar orthu, sa lá inniu. Scríobh sé trí shaghas drámaí: traigéidí, coiméidí agus drámaí stairiúla. Cuid de na drámaí a scríobh sé ná: ‘Hamlet’, ‘The Merchant of Venice’, ‘Henry V’, ‘Richard II’, ‘A Midsummer Night’s Dream’, ‘Romeo and Juliet’, ‘Macbeth’, ‘Julius Caesar’ agus ‘King Lear’. Bíonn frásaí agus focail, a chum Shakespeare, in úsáid againn inniu, mar shampla, ‘Knock knock! Who’s there?’ (‘Macbeth’), ‘Love is blind’ (‘Merchant of Venice’), ‘Star-crossed lovers’ (‘Romeo and Juliet’), ‘Jealousy is the green-eyed monster’ (‘Othello’), agus ‘Break the ice’ (‘The Taming of the Shrew’). I measc na gcéadta focal a chum Shakespeare, tá amazement, bedroom, champion agus eyeball! Scríobh Shakespeare soinéid freisin – is dánta iad siúd a bhfuil 14 líne agus rím iontu. Scríobh sé 154 soinéad. Seo roinnt línte as Soinéad 18. Shall I compare thee to a summer’s day? Thou art more lovely and more temperate. Rough winds do shake the darling buds of May, And summer’s lease hath all too short a date.

Amharclann an Globe.

An t-ardán in Amharclann an Globe.

D’oibríodh Shakespeare le compántas aisteoirí darbh ainm ‘King’s Men’, agus d’oscail siad amharclann. Tugadh an Globe air mar gheall ar an gcruth ciorclach a bhí air. Bhí spás ann do 2,000 duine. Ag an am, ní bhíodh cead ag mná a bheith ina n-aisteoirí, agus mar sin ba bhuachaillí óga a léirigh rólanna na mban ar stáitse. Tá amharclann an Globe fós i Londain, ar bhruach na Tamaise (Thames).

6. An Athbheochan

115


Ceisteanna: William Shakespeare

1 An ‘fear Renaissance’ é Shakespeare? Mínigh do fhreagra 2 Déan taighde agus líon na colúin thíos leis na drámaí cuí ón liosta. ‘Hamlet’, ‘The Merchant of Venice’, ‘Henvy V’, ‘Richard II’, ‘A Midsummer Night’s Dream’, ‘Romeo and Juliet’, ‘Macbeth’, ‘Julius Caesar’, ‘King Lear’. Traigéidí

Coiméidí

Drámaí staire

3 Fuair Shakespeare bás sa bhliain 1616. An bhfuil an bhliain sin ag tús, lár nó deireadh na hAthbheochana?

4 Cén aois ina bhfuil an bhliain 1616 – an 15ú haois, an 16ú haois nó an 17ú haois? 5 Scríobh 14 líne, nó scríobh soinéad, faoi shaol agus saothar Shakespeare. Athruithe san Eolaíocht le linn na hAthbheochana Nicolaus Copernicus 1473-1543 Go dtí an t-am seo, ba é teagasc na hEaglaise Caitlicí gur thaistil an ghrian timpeall an domhain. Chreid an pobal é seo freisin. Ach chreid Nicolaus Copernicus, Polannach, a mhalairt. Ba mhanach é, a raibh staidéar déanta aige ar mhatamaitic, ar réalteolaíocht, ar leigheas agus ar theangacha. Bunaithe ar an staidéar a bhí déanta aige, chreid sé gur thaistil an domhan timpeall na gréine. Scríobh sé leabhar faoi dar teideal ‘Imrothluithe na Sféir Neamhaí’ (bogadh ciorclach na réaltaí). Thuig Copernicus gur léirigh a chuid staidéir go raibh an Eaglais Chaitliceach mícheart. Fuair Copernicus bás an bhliain a foilsíodh a leabhar.

Foclóir e na Sféir

Gaeilge

Imrothluith Neamhaí

Laidin

De Revolutio Coelestium

Béarla

lutions of On the Revo heres Heavenly Sp

116

m nibus Orbiu

Aistear Ama


Galileo Galilei 1564-1642

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. ollscoil

turgnamh

sliabh/sléibhte

cosc

ollamh

luas

cráitéar/cráitéir

昀椀anaise

dearadh

gealach

réamhtheachtaí

Rugadh Galileo sa bhliain 1564 in Pisa na hIodáile. Rinne sé staidéar ar an leigheas agus é ina fhear óg ach bhí ní ba mhó suime aige sa mhata. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé mar ollamh le mata in Ollscoil Pisa. Chreid daoine ag an am gur thit ábhair throma ní ba thapa ó airde ná ábhair éadroma i gcónaí. Ach deirtear go ndearna Galileo turgnamh ó Thúr Pisa a léirigh a mhalairt. Scaoil sé meáchan trom agus meáchan éadrom, ag an am céanna, ó bharr Túr Pisa. Thit an dá mheáchan go talamh ag an luas céanna. Thaispeáin sé seo gur thit ábhair throma agus éadroma ag an luas céanna ó airde áirithe.

gemma@futafata.ie

Ceaptar gurb é Galileo a chruthaigh an chéad uirlis a bhí ina réamhtheachtaí ar an teirmiméadar. Chuala Galileo faoi theileascóp a rinneadh agus chuir sé feabhas ar an dearadh sin. Rinne sé teileascóp a bhí ní ba láidre. Lena theileascóp, chonaic sé go raibh sléibhte agus cráitéir ar an ngealach agus go raibh ceithre ghealach, i measc rudaí eile, ag Iúpatar. Chonaic sé gur ghluais gealacha Iúpatair ar 昀椀this timpeall air. Ba í seo an fhianaise go raibh an ceart ag Copernicus. D’fhoilsigh Galileo an leabhar ‘Comhrá ar Dhá Phríomhchóras an Domhain’ (1632) ag tacú le Copernicus. Bhí an Eaglais Chaitliceach míshásta nuair a chuala siad faoi. Níor thaitin sé leis an Eaglais Chaitliceach go raibh sé le feiceáil go raibh botún déanta acu. Tugadh Galileo os comhair na cúistiúnachta (cúirt chreidimh). Lean an triail chúirte ar feadh míonna. Bhí eagla ar Galileo go ndófaí é ag an stáca. Ar deireadh, faoi bhrú, dúirt Galileo go raibh sé mícheart. Scaoileadh abhaile é ach ní raibh cead aige a theach a fhágáil don chuid eile dá shaol! Chuir an Eaglais Chaitliceach cosc ar a leabhar, cosc a mhair 200 bliain. Fíric nó Tuairim?

1 Cad is brí leis an téarma ‘fíric’? 2 Cad is brí leis an téarma ‘tuairim’? 3 Bhog na pláinéid thart ar bhealach áirithe agus ba é a dtionchar ba chúis leis an bPlá Mhór le linn na Meánaoiseanna.

4 Taistealaíonn an ghrian timpeall an domhain. 6. An Athbheochan

117


5 Rinne Copernicus staidéar ar mhatamaitic, ar réalteolaíocht, ar leigheas agus ar theangacha. 6 Taistealaíonn an domhan timpeall na gréine. 7 Scríobh Copernicus leabhar a léirigh go raibh tuairim na hEaglaise Caitlicí, gur thaistil an ghrian timpeall an domhain, mícheart.

8 B’ollamh le mata in Ollscoil Pisa é Galileo. 9 Titeann meáchain throma ní ba thapa ná meáchain éadroma i gcónaí. q Titeann meáchain throma agus meáchain éadroma ag an luas céanna ó airde áirithe. w Chruthaigh Galileo teileascóp a bhí an-láidir. e Gluaiseann gealacha (réanna) Iúpatair ar fithis timpeall air. r Scríobh Galileo leabhar, ina raibh fianaise chrua go raibh Copernicus ceart. Athruithe sa tSláinte agus sa Leigheas le linn na hAthbheochana

Muc á dioscadh ag Galen.

Bhí leigheas na Meánaoiseanna bunaithe ar thaighde Galen, dochtúir ó shibhialtacht na Róimhe. Chuir Galen an tuairim chun cinn gurb iad na ceithre lionn ba chúis le gach galar. Ghearr Galen coirp ainmhithe chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar chorp an duine. De bharr fhorbairt an chlóphreasa, bhí ní ba mhó daoine in ann leabhair Galen agus leabhair dhochtúirí eile a léamh le linn na hAthbheochana. Thosaigh siad ag ceistiú smaointe na ndochtúirí sin a mhair míle bliain rompu.

118

Aistear Ama

‘Ceacht Anatamaíochta an Dr Nicolaes Tulp’ 1632 le Rembrandt.


Aimsigh na Difríochtaí!

1 Cad é an difríocht is mó idir an dá rang anatamaíochta sna pictiúir ar leathanach 118? 2 Cad iad na tréithe, nó teicnící, a bhaineann le healaín na hAthbheochana sa phéintéireacht? 3 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í ‘Ceacht Anatamaíochta an Dr Nicolaes Tulp’? Mínigh do fhreagra.

4 Cén saghas fianaise é ‘Ceacht Anatamaíochta an Dr. Nicolaes Tulp’ - fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

Andreas Vesalius 1514-1564 Bhí clú agus cáil ar Vesalius as an obair a rinne sé ar an gcorp daonna. Nuair a bhí Vesalius ag staidéar, bhí téacsanna Galen in úsáid chun an leigheas a mhúineadh. Nuair a chríochnaigh Vesalius a chuid staidéir thosaigh sé ag múineadh máinliachta. Rinne sé cairteacha de chóras fola agus de néarchóras an duine dá scoláirí. Leathanach ó leabhar Vesalius. D’úsáid Vesalius corpáin choirpeach don dioscadh. Bunaithe ar an dioscadh sin, d’fhoilsigh sé mórshaothar anatamaíochta ‘Déantús Chorp an Duine’. Léirigh a chuid oibre go raibh Galen mícheart.

William Harvey 1578-1657 Lean dochtúirí eile na hAthbheochana sampla Vesalius. Rinne siad a dtaighde féin in áit brath ar sheantuiscintí. Fuair William Harvey amach gur phumpáil an croí fuil timpeall an choirp. De bharr obair Vesalius agus Harvey, d’athraigh tuiscintí na ndaoine ar an tsláinte agus ar an leigheas go hiomlán.

Tábhacht na hAthbheochana •

Tháinig athrú suntasach ar réimse na n-ealaíon nuair a thosaigh ealaíontóirí ag déanamh staidéir ar an anatamaíocht, agus ag baint úsáid as teicnící amhail peirspictíocht agus sfumato.

Tháinig athrú suntasach ar réimse na heolaíochta agus leighis de bharr na bhfionnachtan nua, amhail turgnamh Galileo ag Túr Pisa, forbairt an teileascóip agus taighde Vesalius agus Harvey.

Tháinig athrú suntasach ar réimse na teicneolaíochta le forbairt an chlóphreasa. Tháinig méadú ar líon na leabhar agus laghdaigh an costas a bhí orthu. Thosaigh ní ba mhó daoine ag léamh.

Scaip smaointe nua go tapa. Léigh daoine faoi Galileo agus faoi Vesalius agus chonaic siad go raibh na seantuiscintí mícheart. Chonaic siad go raibh an Eaglais Chaitliceach, lárionad an léinn go dtí sin, mícheart faoi ghluaiseacht an domhain. Thosaigh daoine ag smaoineamh agus ag ceistiú seantuiscintí eile.

Cheistigh daoine an tuiscint a bhí ann ar thíreolaíocht an domhain agus thosaigh ré na taiscéalaíochta.

Cheistigh daoine eile údarás na hEaglaise Caitlicí i dtréimhse ar a dtugaimid an Reifirméisean. 6. An Athbheochan

119


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Athruithe san Ealaín: Aimsigh na Difríochtaí!

Pictiúr A: ‘Madonna and Child’, le Berlinghiero

Pictiúr B: ‘Portráid de Bhean Óg le hAonbheannach’

Aimsigh na Difríochtaí!

1 Cad iad na difríochtaí a fheiceann tú idir na daoine sna péintéireachtaí seo? 2 Cad iad na difríochtaí a fheiceann tú idir na dathanna agus an solas sna péintéireachtaí seo?

3 Cén téama atá ag péintéireacht A? 4 Cén téama ata ag péintéireacht B, nó cén saghas pictiúir í? 5 Cén phéintéireacht a bhfuil cuma níos réalaíche air? Mínigh do fhreagra. 6 Cad iad na dátaí/blianta a luaitear leis na Meánaoiseanna? 7 Cad iad na dátaí/blianta a luaitear leis an Athbheochan? 8 Sainaithin an phéintéireacht mheánaoiseach agus an ceann ón Athbheochan. Mínigh do fhreagra.

9 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í péintéireacht? Mínigh do fhreagra. q Cén saghas fianaise iad péintéireachtaí: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

w An gceapann tú go ndearnadh dul chun cinn san ealaín idir na Meánaoiseanna agus an Athbheochan? Mínigh do fhreagra ag tagairt do na péintéireachtaí thuas.

120

Aistear Ama


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Athruithe sa Dealbhóireacht: Aimsigh na Difríochtaí!

Pictiúr B: Ardeaglais Chartres, An Fhrainc

Pictiúr A: Ardeaglais Chartres, An Fhrainc

Pictiúr C: ‘David’

Athruithe sa Dealbhóireacht – Aimsigh na Difríochtaí!

1 Cén difríocht is mó a fheiceann tú idir na dealbha seo? 2 Cad iad na difríochtaí a fheiceann tú idir na daoine sna dealbha seo? 3 Cén téama atá ag na dealbha A agus B? 4 Cén téama atá ag dealbh C? 5 Cén dealbh ar a bhfuil an chuma is réalaíche? Mínigh do fhreagra. 6 Sainaithin na dealbha meánaoiseacha agus í/iad sin ón Athbheochan. 7 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í dealbh? Mínigh do fhreagra. 8 Cén saghas fianaise iad dealbha: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

9 An gceapann tú go ndearnadh dul chun cinn sa dealbhóireacht idir na Meánaoiseanna agus an Athbheochan? Mínigh do fhreagra ag tagairt do na dealbha thuas.

q Tá dealbh A le feiceáil in Ardeaglais Chartres sa Fhrainc. Tógadh an ardeaglais idir 1194 agus 1220. Cén aois ina bhfuil 1220?

w Is Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO í Ardeaglais Chartres. Ainmnigh Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO eile, a bhfuil staidéar déanta agat air. Cén tréimhse lena mbaineann sé?

6. An Athbheochan

121


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Ceisteanna: ‘Suipéar Déanach’

Tá Críost sa phictiúr leis an 12 aspal. Tá siad ag ithe béile le chéile nuair a deir Íosa ‘Feallfaidh duine agaibh ormsa.’

1 Cad is brí leis an téarma ‘freascó’? 2 Conas a d’éirigh le modh nua da Vinci? Mínigh do fhreagra. 3 Cá bhfuil an solas sa phéintéireacht seo? 4 An bhfuil na hapsail ag ithe? Céard atá ar siúl acu? Cén fáth? 5 An féidir leat mothúcháin na n-aspal a dhéanamh amach? 6 An bhfuil aon phearsa aonair in ‘Suipéar Déanach’? 5 An bhfuil peirspictíocht le feiceáil sa phictiúr seo? Mínigh do fhreagra. 8 Cén fáth ar cuireadh an phéintéireacht seo sa phroinnteach i mainistir Santa Maria delle Grazie, an gceapann tú?

9 An foinse phríomha é ‘Suipéar Déanach’ de shaol Íosa Chríst? Mínigh do fhreagra. q An foinse phríomha é ‘Suipéar Déanach’ d’athruithe san ealaín le linn na hAthbheochana? Mínigh do fhreagra.

122

Aistear Ama


Albrecht Dürer: Ealaíontóir Athbheochana? Féach ar na pictiúir thíos a rinne Albrecht Dürer agus freagair na ceisteanna a ghabhann leo.

’Ceann Seanduine’

‘Gallóglaigh Éireannacha’

‘Adhradh na Tríonóide’

‘Rosenkranzfest’ (Féile na bhFleasc Rósanna, ar an 7 Deireadh Fómhair)

‘Giorria Óg’

1 An ndearna Dürer staidéar ar an anatamaíocht, dar leat? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí ó na pictiúir thuas.

2 Ar úsáid Dürer an pheirspictíocht in aon cheann de na pictiúir seo? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí ó na pictiúir thuas.

3 Ar úsáid Dürer sfumato in aon cheann de na pictiúir seo? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí ó na pictiúir thuas.

4 Cad iad na téamaí ag bhí ag Dürer ina chuid ealaíne? Mínigh do fhreagra ag tabhairt samplaí ó na pictiúir thuas.

5 Bunaithe ar do chuid freagraí ar cheisteanna 1-4 an gceapann tú gurbh ealaíontóir ón Athbheochan é Dürer?

6 Tomhais an teanga ina bhfuil an t-ainm Albrecht Dürer. 7 Cá háit a bhfuil Leabharlann Chester Beatty? 8 Lean an seoladh seo: https://chesterbeatty.ie/ga/about/chester-beatty-story •

An bhfuil aon saothar ón Athbheochan le feiceáil ann inniu?

An leabharlann, cartlann, cartlann dhigiteach nó iarsmalann í Leabharlann Chester Beatty?

9 Déan iarracht féinphortráid a dhéanamh agus scáthán in úsáid agat.

6. An Athbheochan

123

Bileoga Oibre

Bileog Oibre


Súil siar

1 Déan taighde ar bheirt ealaíontóirí eile de chuid na hAthbheochana: Donatello agus Raphael. •

Cén saothar ealaíne de chuid Donatello is suimiúla, dar leat? Mínigh do fhreagra.

Cén saothar ealaíne de chuid Raphael is suimiúla, dar leat? Mínigh do fhreagra.

2 Cruthaigh do shaothar ealaíne féin i stíl na hAthbheochana. Smaoinigh faoi chuid de na gnéithe seo: anatamaíocht, peirspictíocht, sfumato, téama, dathanna, ábhair.

3 Dear nó cruthaigh foirgneamh i stíl ailtireacht na hAthbheochana, sa stíl Chlasaiceach nó Rómhánúil. Smaoinigh faoi chuid de na gnéithe seo a léiriú: áirsí ciorcalacha, colúin mhóra, cruinneacháin.

4 Smaoinigh siar ar an tionchar a bhí ag an gclóphreas. An bhfuil aon aireagán nó fionnachtain inniu inchurtha leis? Cruthaigh léaráid Venn de na difríochtaí agus cosúlachtaí idir an t-aireagán sin agus an clóphreas.

5 Roghnaigh ealaíontóir amháin ón Athbheochan a bhfuil staidéar déanta agat air. •

Ainmnigh dhá shaothar leis an ealaíontóir sin.

Scríobh cur síos gearr ar an dá shaothar.

Tabhair cur síos ar éacht amháin eile a rinne an t-ealaíontóir a roghnaigh tú.

6 Cé chomh tábhachtach agus a bhí an Athbheochan i stair an domhain, an gceapann tú? Mínigh do fhreagra.

An Ghramadach Patrún: dearadh nó struchtúr athdhéanta. Pátrún: Duine saibhir a thug tacaíocht airgid d’ealaíontóir.

124

Aistear Ama


Caibidil 1: Obair an Staraí

Ré na Taiscéalaíochta, an Choncais agus an Choilínithe

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

CA

IL IBID

7

Príomhthoradh Foghlama: 3.2 tionchar gabhála agus coilínithe ar dhaoine a mheas, trí thagairt a dhéanamh do thaiscéalaíocht na Portaingéile agus na Spáinne Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: 1.1, 1.2, 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.7, 1.9, 1.11, 2.1, 2.3, 2.6, 2.7, 2.11, 3.1, 3.7, 3.11, 3.14

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. síoda

ollphéist

taisce

seodra

ollphéisteanna

saibhreas

santach

mairnéalach

ceannaí/ceannaithe

concas

mairnéalaigh

bealach trádála

coilíneacht

coilíniú

taiscéalaíocht

Tharla ré na taiscéalaíochta, an choncais agus an choilínithe de bharr na hAthbheochana agus comhthreomhar léi – idir 1400 agus 1600 AD. Chabhraigh teicneolaíochtaí nua i gcúrsaí mara leis na hathruithe ag an am. Tá 3 chuid ag baint leis an gcaibidil seo. 1

Ré na Taiscéalaíochta: tréimhse inar thosaigh Eorpaigh – na Portaingéalaigh agus na Spáinnigh ar dtús – ag taisteal chun taisce agus tíortha ‘nua’ a aimsiú.

2

An Concas: Tar éis dóibh teacht ar thíortha nua, ghabh cuid de na taiscéalaithe seo smacht ar an talamh agus ar na daoine a mhair ann, trí fhórsa a úsáid.

3

An Coilíniú: Ina dhiaidh sin, lonnaigh na taiscéalaithe, agus Eorpaigh eile a lean iad, sna tíortha seo. Chuir siad a gcultúr féin chun cinn le lámh láidir.

Foclóir ghabh siad, (aims

ir chaite, gabh): they captur ed

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

125


Ceist 1 Ré na Taiscéalaíochta Tionchar na hAthbheochana: Roimh aimsir na hAthbheochana, chreid an-chuid mairnéalach go mbíodh ollphéisteanna ina gcónaí san fharraige agus i dtíortha eile. Le linn na hAthbheochana, thosaigh daoine ag ceistiú seantuiscintí faoin eolaíocht agus faoin leigheas. Thosaigh daoine áirithe, mar shampla Críostóir Colambas, ag ceistiú tuairimí eile faoin tíreolaíocht. Chreid sé go mbainfeadh sé an India amach trí sheoladh siar. Den chéad uair, d’aithin daoine go bhféadfadh an Eaglais Chaitliceach a bheith mícheart. Bealaí Trádála agus na 6 ‘S’: Ar feadh i bhfad, thaistil ceannaithe na hEorpa ar na bealaí trádála, amhail an Bóthar Síoda, chun spíosraí, síoda agus seodra, i measc earraí eile, a fháil ón India, ón tSín agus ó na hOileáin Spíosraí (na Molacaí). Nuair a ghabh na Turcaigh smacht ar na bealaí trádála, d’éirigh na bealaí sin an-chostasach agus an-dainséarach do cheannaithe na hEorpa. B’éigean bealaí nua trádála a lorg. Bhíodh ceannairí na hEorpa santach freisin. Theastaigh uathu smacht a chur ar thíortha ‘nua’ chun a saibhreas féin a mhéadú. Bhí ní ba mhó talún agus sclábhaithe uathu. Bhí cathair shamhailteach an óir, El Dorado, á lorg ag cuid de na taiscéalaithe.

Cén fáth ar thosaigh an taiscéalaíocht ag an am seo?

Íomhá d’ollphéisteanna mara ó 1545.

Bealaí trádála 1500.

Reiligiún: Chonaic ceannairí Críostaí na hEorpa na Turcaigh agus grúpaí Moslamacha eile ag éirí láidir sa Mheánoirthear agus i dtuaisceart na hAfraice. Theastaigh uathu stop a chur le fás an Ioslam chun an Chríostaíocht a scaipeadh chuig tíortha nua. Teicneolaíochtaí nua: tháinig teicneolaíochtaí chun cinn a d’athraigh an loingseoireacht go deo.

Teicneolaíochtaí nua a chabhraigh le hathrú stairiúil

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. cairt

eolaí

snaidhm

cartagrafaí

réalteolaí

ceathramhán

macasamhail

seoltóireacht

domhanleithead

lonnaigh

loingseoireacht

comhthreomhar

126

Aistear Ama


Bhí eagla ar mhairnéalaigh dul ar thurais nua mara, de bharr easpa eolais nó eagla, faoina raibh rompu. Chabhraigh teicneolaíochtaí nua leis an eagla sin a laghdú. Astraláib agus Ceathramhán (¼): Thomhais na gléasanna seo na réaltaí agus an ghrian chun domhanleithead (fad ón meánlíne) a fháil. Sa tslí sin, bhí mairnéalaigh ábalta a oibriú amach cá háit a raibh a long ar an bhfarraige. Cairt Phortalach: Léirigh mappa mundi (léarscáil den domhan ó na Meánaoiseanna) foirgnimh, daoine, ainmhithe, ollphéisteanna agus ábhair a bhain leis an reiligiún. Níor léirigh siad eolas tíreolaíochta. Ansin, thosaigh daoine ag cruthú cairteacha portalacha, a raibh mioneolas orthu mar gheall ar na cóstaí, ar dhoimhneacht na farraige agus ar shuíomh na gcuan ab fhearr. Chabhraigh sé seo leis na mairnéalaigh a gcuid turas a phleanáil i gceart.

Radharc as Mappa Mundi Hereford.

Cairt Phortalach.

Lomán agus Líne: Thomhais sé seo luas na loinge. Chaith mairnéalach téad (rópa) a raibh snaidhmeanna ceangailte air (leis an spás céanna idir gach snaidhm) agus lomán ag an deireadh, isteach san fharraige. Ríomh mairnéalach luas na loinge trí chomhaireamh a dhéanamh ar an méid ama a thóg sé ar gach snaidhm dul trína lámha. Sin an chúis go ndéanaimid tomhas ar luas loinge i dtéarmaí knots (muirmhílte san uair) sa lá atá inniu ann.

Foclóir astraláib: astro

labe

Cairt Phortala doimhneacht:

ch: Portolan Ch

art

depth

lomán agus lín e: log and lin e feádóireacht: fathoming ríomh siad, (a imsir chaite, ríomh): they calculated feachtaí: curr ents

Feádóireacht: Bhí feádóireacht cosúil, ar bhealach, le lomán agus líne, ach thomhais sé doimhneacht na farraige – bhíodh píosa luaidhe ceangailte le bun na líne, in áit lomáin.

Ceist Leabhar Loinge: Bhí taithí riachtanach do mhairnéalaigh, chun tabhairt faoi thuras mara. Thuig mairnéalaigh, a thaistil ar thurais áirithe, cumhacht na bhfeachtaí agus na gaoithe ar na bealaí sin. Chun cabhrú le mairnéalaigh eile, scríobhadh captaen na loinge luas, fad, treo agus aon eolas eile i leabhar loinge fad is a bhíodh sé ar thurais. Bhí na leabhair seo tábhachtach chun eolas a scaipeadh mar gheall ar áiteanna nua.

Bhí leabhair loinge úsáideach do mhairnéalaigh, ach an bhfuil siad úsáideach don staraí, an gceapann tú? Cén saghas foinsí iad leabhair loinge?

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

127


Feabhas ar Longa Réamhcheacht: Feabhas ar Longa

An Ghramadach LONG (baininscneach)

An long (uatha)

Na longa (iolra)

Tuiseal Ainmneach

Tá an long ar an bhfarraige.

Tá na longa ar an bhfarraige.

Tuiseal Tabharthach

Tá mairnéalaigh ar an long.

Tá mairnéalaigh ar na longa.

Tuiseal Ginideach

Ar bord na loinge, bhíodh an saol crua.

Ar bord na long, bhíodh an saol crua.

I rith ré na taiscéalaíochta, rinneadh longa, ar ar tugadh carbhail nó báid phlainc. Cuireadh cláir adhmaid imeall le himeall ar thaobh an bháid. Bhíodh na carbhail éadrom agus mar sin bhíodh siad in ann longa ní ba mhó a dhéanamh. Bhí meascán de sheolta – cearnógach agus triantánach – ar na carbhail freisin. Bhíodh na seolta cearnógacha láidir i bhfarraigí garbha. Rug na seolta triantánacha ar an ngaoth go héasca, chun géarú ar luas na loinge.

Foclóir carbhal; bád Spáin

neach nó Portaingéalach: car avel stiúir siad; (aimsir chaite, stiúir): they steere d

Bhíodh stiúir ar na carbhail. Bhíodh ‘caisleán’ orthu chomh maith. B’ardáin iad na caisleáin seo ar an long, óna mbíodh mairnéalaigh in ann faire amach do longa an namhad. Níl aon sampla de charbhail ón am sin ar fáil inniu, agus mar sin níl aon fhianaise sheandálaíoch againn. Braitheann staraithe ar léaráidí agus ar fhianaise scríofa ón am, chun fáil amach faoi na carbhail.

Carabhal/Bád plainc.

Tasc: Cruthaigh léaráid Venn de na cosúlachtaí agus difríochtaí idir longa clinse na Lochlannach agus carabhail (báid phlainc).

Long clinse mar a bhí ag na Lochlannaigh.

128

Aistear Ama


Taiscéalaíocht na Portaingéile Réamhcheacht: An Phortaingéil

1 Tarraing léarscáil den Phortaingéil. 2 Cén tír atá in aice léi? 3 An bhfuil cósta fada nó gearr ag an bPortaingéil? 4 Cén fharraige atá in aice léi? 5 Cén ilchríoch ina bhfuil an Phortaingéil? 6 Cén tír nó ilchríoch atá ó dheas ón bPortaingéil? 7 Cad atá ar eolas agat faoi na háiteanna seo a leanas: na hAsóir, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Cabo Verde, Rinn Bojador, Rinn an Dóchais, Céinia, Calicut agus an Bhrasaíl. Bhí an-suim ag an bPrionsa Anraí Loingseora sa taiscéalaíocht. Ní dheachaigh sé féin ag taiscéalaíocht, d’ainneoin a ainm, ach bhunaigh sé scoil loingseoireachta ag Sagres, an pointe is faide siar ó dheas in ilchríoch na hEorpa. Bhailigh sé na cartagrafaithe, matamaiticeoirí, réalteolaithe agus mairnéalaigh ab fhearr a bhí ann. Bhí na Portaingéalaigh ag lorg bealach farraige timpeall chósta na hAfraice chuig an India agus na hOileáin Spiosraí (na Molacaí). •

Le hAnraí Loingseora mar phátrún, tháinig an Phortaingéil ar a lán áiteanna nua, mar shampla na hAsóir, na hOileáin Chanáracha, Oileáin Cabo Verde agus Rinn Bojador – ar chósta thiar na hAfraice. Cé go bhfuair Anraí Loingseora bás in 1460, lean na Portaingéalaigh ar aghaidh ag taiscéalaíocht ina dhiaidh sin.

Thimpeallaigh Bartolomeu Dias deisceart na hAfraice in 1487. Tugadh Rinn an Dóchais ar an gceantar sin ina dhiaidh sin.

Lean Vasco da Gama turas Dias. Lean sé air tar éis Rinn an Dóchais, áfach. Tháinig sé aníos cósta thoir na hAfraice. Ó cheantar na Céinia inniu, thrasnaigh sé an fharraige go Calicut san India. D’fhill da Gama ar an bPortaingéil dhá bhliain tar éis dó tosnú amach.

Lean Pedro Alvares Cabral turas da Gama, ach trí thimpiste, tháinig sé ar an mBrasaíl in 1500.

Taiscéalaíocht na Spáinne

Vasco da Gama

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. pearóid

pátrún

an Íoslainn

arbhar

pátrúnacht

Iamáice

anann/anainn

maoiniú

an Easpáinneoil

ilchríoch

dúchasach

San Salvador

mór-roinn

dúchasaigh

Slánaitheoir Naofa

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

129


1

Críostóir Colambas B’as an Iodáil do Chríostóir Colambas. Nuair a bhí sé 14 bliana d’aois, thosaigh sé ag obair ar longa. Chaith sé am sa scoil loingseoireachta ag Sagres. Sheol sé chomh fada leis an Íoslainn agus le hÉirinn sa bhliain 1477. Chreid Colambas go mbeadh sé in ann turas a dhéanamh chuig an India, dá seolfadh sé siar trasna an Atlantaigh. Lorg sé pátrúnacht dá thuras, dhá uair ó Rí na Portaingéile, Eoin II, dhá uair ó cheannairí na Spáinne, Ferdinand agus Isabella, agus ó cheannairí na Fraince agus Shasana. Ar deireadh, bheartaigh ceannairí na Spáinne turas Cholambas a mhaoiniú. In 1492 Columbus sailed the Ocean Blue...

Gan aon tuairim den mhéid a bhí rompu, d’fhág Colambas agus a chriú an Spáinn le trí long, an Niña, an Pinta agus an Santa Maria, agus an India á lorg acu. Níos mó ná dhá mhí tar éis dóibh an Spáinn a fhágáil, chonaic siad talamh – an India, dar leo. Thug Colambas San Salvador ar an gcéad áit a shroich siad. Leag sé cros ar an trá agus bhuail sé le dúchasaigh chairdiúla, na Táinigh. Thug sé ‘Indiaigh’ orthu. Chaith sé cúpla mí ag taiscéalaíocht ar na hoileáin sa cheantar, amhail an Easpáinneoil, Cúba agus Iamáice. Chuir sé na mairnéalaigh ag lorg cathracha móra na hÁise ach ní bhfuair siad iad. I ndáiríre, ba iad na hoileáin sa Mhuir Chairib a bhí bainte amach ag Colambas. Thug Colambas beagán óir, pearóidí, spíosraí nua, anainn, arbhar Indiach agus sclábhaithe ar ais chun na Spáinne. D’fhógair Ferdinand agus Isabella Colambas ina ghobhanóir ar aon talamh nua a d’aimseodh sé, agus ina Aimiréil ar na Farraigí.

An Phortaingéil An Spáinn

An tAigéan Atlantach

Murascaill Mheicsiceo Cúba

An Phoblacht Dhoiminiceach

Iamáice

Pórtó Ríce

Muir Chairib

Rinne Colambas trí thuras eile go dtí ‘an India’, mar a chreid sé. Níor thuig éinne ag an am go raibh ilchríoch (mór-roinn) ‘nua’ aimsithe aige. Tháinig Colambas ar na hoileáin seo a leanas ar thurais eile dá chuid: Oileán na Tríonóide, Pórtó Ríce, Guadalúp agus Murascaill Mheicsiceo, 昀椀ú. Cruthaíodh an t-ainm ‘Na hIndiacha Thiar’ ag an am, chun cur síos ar na hoileáin ar tháinig Colambas orthu. Thug Colambas an-chuid Spáinneach go dtí an Easpáinneoil, nó ‘an Domhan Nua’ mar a thug siad uirthi. 130

Aistear Ama

Foclóir na Táínigh; daoine as

oileáin Mhuir Chairib: people from Taíno

an Easpáinneoil: Hispan

iola

aimiréil: admiral Na hIndiacha Thiar: West Indies


Níor éirigh le Colambas ach píosa beag óir a aimsiú, agus le himeacht ama ba léir nach raibh Colambas san India in aon chor. D’éirigh sé feargach agus cruálach leis na Táinigh. Chuireadh na Spáinnigh na dúchasaigh ag sclábhaíocht i mianaigh ag lorg óir. Chuala Ferdinand agus Isabella faoin méid a bhí ag tarlú. Cuireadh Colambas ar ais chun na Spáinne i slabhraí. Bhain siad an teideal ‘Gobhanóir ar aon talamh nua’ de. Ceisteanna duitse!

1 Cad iad na téarmaí nua a ceapadh de bharr thurais Cholambas? 2 Thug siad an ‘domhan nua’ ar na ceantair ar tháinig Críostóir Colambas orthu, cé dóibh a raibh siad ‘nua’?

3 An raibh a reiligiún tábhachtach do Cholambas? Mínigh do fhreagra. 4 Féach siar ar chúiseanna a bhí leis an taiscéalaíocht. Céard a spreag Colambas chun turas a dhéanamh? Mínigh do fhreagra.

5 Liostaigh na 6 ‘S’. 6 Roghnaigh 3 cinn de na 6 ‘S’. Scríobh pointe eolais faoi gach ceann. Ansin, mínigh an nasc idir é agus taiscéalaíocht Cholambas.

7 Scríobh alt ar na torthaí a bhí ar thaiscéalaíocht Cholambas don Spáinn agus do na dúchasaigh.

2

Ferdinand Magellan

Is é turas Magellan an turas Spáinneach is mó cáil agus tábhacht, tar éis turas Cholambas. Bhí Magellan i gceannas ar an gcéad thuras thart ar an domhan. Chuaigh cabhlach Magellan An tAigéan An tAigéan Ciúin An tAigéan Ciúin Atlantach trasna an Atlantaigh, síos agus timpeall chósta An tAigéan Mheiriceá Theas, isteach Indiach san Aigéan Ciúin, ar aghaidh chuig na hOileáin Spíosraí, ina dhiaidh sin chuig Rinn an Dóchais, aníos cósta na hAfraice agus ar deireadh, shroich siad an ceann scríbe, an Spáinn. Thóg sé trí bliana (1519-1522) an turas seo a chríochnú agus maraíodh Magellan féin le linn an aistir. Ba é Elcano, a bhí ar an turas le Magellan, a chríochnaigh é, mar a fheic昀椀dh tú sa léarscáil thuas. Turas Magellan-Elcano

Conradh Tordesillas Bhí iomaíocht láidir idir an Phortaingéil agus an Spáinn, de bharr na taiscéalaíochta. Bhíodh an baol ann, ag an am sin, go dtarlódh cogadh idir an dá thír. Dhá thír Chaitliceacha a bhí iontu freisin, agus sa bhliain 1494 tháinig an Pápa ar réiteach – Conradh Tordesillas. Tharraing siad líne shamhailteach trí Mheiriceá Theas. Ba leis an Phortaingéil aon talamh ar thaobh amháin den líne sin, mar shampla an Bhrasaíl. Ba leis an Spáinn aon talamh ar an taobh eile den líne. Chinntigh sé seo nár thosaigh cogadh idir an dá thír. 7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

131


Tasc duitse: Is mairnéalach thú ar thuras le linn ré na taiscéalaíochta. Scríobh litir abhaile chuig do chara ag insint dó nó di faoi do thuras. I do litir, freagair na ceisteanna seo: •

An bhfuil tú ag dul ar thuras ar son na Portaingéile nó na Spáinne?

Cé hé captaen an turais?

Cén ceann scríbe atá agaibh?

Cad iad na tuairimí atá agat ar an bhfarraige agus ar an domhan?

Céard iad na teicneolaíochtaí nua atá in úsáid agaibh don turas?

Déan cur síos ar an saghas loinge atá agaibh.

Cad iad na deacrachtaí atá agaibh ar an turas?

Cé chomh fada a thógann sé oraibh bhur gceann scríbe a bhaint amach?

Tabhair cur síos ar an áit agus ar na daoine ag bhur gceann scríbe.

Céard a dhéanann sibh sa talamh nua seo?

Cad iad na hearraí a thugann sibh ar ais libh nuair a fhilleann sibh abhaile?

2 An Concas

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. concas

El Dorado

cáin/cánacha

Conquistador

sibhialtacht mheánaoiseach

ceantar

coilíneacht

coilíniú

sibhialtacht

treibh

treibheanna

comhghuaillíocht

íobairt

íobairtí daonna

dia/déithe

Tugaimid Conquistadore ar dhuine a ghabh smacht ar cheantar nó ar shibhialtacht le lámh láidir. Bhain siad saibhreas ón gceantar nó ón tsibhialtacht sin. Ba conquistadores cáiliúla iad Hernán Cortés agus Francisco Pizarro. Deirtear gurb iad na trí ‘G’ ba chúis lena dturais: ‘God, Gold and Glory.’ Bhí El Dorado, cathair shamhailteach an óir, á lorg acu.

Sibhialtacht Mheánaoiseach na nAstacach agus Hernán Cortés Bhí sibhialtacht mheánaoiseach na nAstacach suite sa cheantar ina bhfuil Meicsiceo inniu. Bhíodh idir chogaíocht agus chomhghuaillíocht idir na hAstacaigh agus treibheanna eile sa cheantar. Ba í Nachuáitlis teanga na nAstacach, agus ba í príomhtheanga an cheantair í faoi na 1350idí. Bhí sibhialtacht mheánaoiseach na nAstacach ag barr a réime idir 1300 agus 1521.

132

Aistear Ama

Grianghraf de thaispeántas ar Shibhialtacht na nAstacach in iarsmalann i gcathair Mheicsiceo. Tá léarscáil, déantáin agus macasamhail phríomhchathair na nAstacach le feiceáil ann.


Shroich Cortés Meicisiceo in 1519 le breis agus 500 saighdiúir, chun smacht a ghabháil ar shibhialtacht na nAstacach. De réir mar a rinne siad a mbealach isteach sa tír, rinne treibheanna áitiúla comhghuaillíochtaí leo. Bhí na treibheanna míshásta go mbíodh orthu íobairtí daonna a dhéanamh do dhéithe na nAstachach, agus míshásta leis na cánacha a ghearr na hAstacaigh orthu freisin. Chuir ceannaire na nAstacach, Montezuma, fáilte roimh Cortés agus thug sé bronntanais óir dó. Scaoileadh na Spáinnigh isteach sa phríomhchathair, Tenochtitlán, a bhí suite i lár Loch Texcoco, ach roimh i bhfad bhí ar na Spáinnigh éalú tar éis dóibh iarracht a dhéanamh Foclóir Montezuma a thógáil mar ghiall. Theip ar an iarracht ach d’fhill Cortés le harm Nachuáitlis; teanga na de 100,000 saighdiúir. Scrios siad Tenochtitlán. Thóg Cortés cathair Mheicsiceo ndaoine a chónaíonn ar shuíomh Tenochtitlán inniu. Cuireadh na hAstacaigh ag obair mar sclábhaithe. i ndeisceart Mheicsiceo agus i Meiriceá Láir: Nahuatl giall: hostage

Foinse 1: Rinneadh an léarscáil seo do Hernán Cortés i Nurnberg na Gearmáine sa bhliain 1524.

Ceisteanna: Féach ar na foinsí seo a leanas (Foinse 1 thuas, agus foinse 2 ar an gcéad leathanach eile) bunaithe ar chathair Tenochtitlán.

1 Mínigh an téarma ‘cairt phortalach’. 2 An cairt phortalach í an léarscáil seo? 3 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í an léarscáil seo? 4 Cén saghas fianaise í an léarscáil seo: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

5 Déan cur síos ar leagan amach chathair Tenochtitlán. 6 Ar chathair mhór nó bheag í, dar leat? Mínigh do fhreagra, le samplaí ón léarscáil. 7 Cén saghas tógálaithe agus innealtóirí ab ea na hAstacaigh, dar leat? Mínigh do fhreagra.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

133


Foinse 2: Is litir í foinse 2 a scríobh Cortés chuig Rí na Spáinne ag tabhairt cur síos ar an gcathair.

‘Tá cathair mhór Tenochtitlán (Meicsiceo) suite sa loch goirt seo, agus tá fad dhá léig ón mórthír go dtí na codanna is dlúithe de, is cuma cé acu bealach a dtéann tú. Tá ceithre ascaill, nó bealach isteach, go dtí an chathair, iad ar fad déanta de chabhsaí saorga, dhá shleá ar leithead. Tá an chathair chomh mór le Seville nó Cordova; tá na sráideanna, na príomhshráideanna atá i gceist agam, an-leathan agus díreach; tá roinnt acu seo, agus na cinn ar fad ar chaighdeán íseal, déanta le meascán de thalamh agus uisce, agus déanann daoine a mbealach thart ar chanúnna. Tá bearnaí rialta feadh na sráideanna, ritheann uisce tríothu, é ag trasnú ó shráid go sráid; tá roinnt de na bearnaí seo an-leathan agus tá droichid leathana acu, déanta de phíosaí móra láidre adhmaid, curtha le chéile go héifeachtach; d’fhéadfadh 10 gcapall dul trasna go leor de na droichid seo taobh le taobh … Tá go leor cearnóga poiblí sa chathair, ina mbíonn margaí, agus áiteanna eile díol agus ceannach. Tá cearnóg amháin dhá oiread níos mó ná an ceann i gcathair Salamanca, í timpeallaithe ag póirseáidí, áit a mbailíonn breis agus seasca míle duine gach lá, iad ag díol is ag ceannach; agus áit a mbíonn gach cineál earraí atá ar fáil ar domhan, riachtanais an tsaoil, amhail bia, mar aon le seoda óir agus airgid, luaidhe, prás, copar, stán, clocha lómhar, cnámha, sliogáin, seilidí agus cleití…’

Tá leagan Béarla ar fáil ag an nasc seo (an 3ú agus 4ú halt): https://rb.gy/e0io77 Ceisteanna

1 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í an litir seo? 2 Cén saghas foinse í an litir seo: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

3 An ndeachaigh Tenochtitlán i bhfeidhm ar (impress) Cortés? Mínigh do fhreagra ag tabhairt fianaise ón litir.

4 An aontaíonn Foinse 1 agus 2 maidir le méid chathair Tenochtitlán? Tabhair fianaise chun tacú le do fhreagra.

5 Scríobh Cortés an litir seo chuig Rí na Spáinne. Cén tionchar a bheadh aige sin ar an saghas eolais a chuirfeadh Cortés ina litir? Mínigh do fhreagra.

6 Cén fhoinse, foinse 1 nó 2, a bheadh níos úsáidí don staraí atá ag iarraidh foghlaim faoi na hAstacaigh ag an am seo? Mínigh do fhreagra ag úsáid fianaise ón dá fhoinse.

134

Aistear Ama


Sibhialtacht Mheánaoiseach na nInceach agus Francisco Pizarro Shín sibhialtacht mheánaoiseach na nInceach ó cheantar na Colóime sa tuaisceart go dtí an tSile sa deisceart. Ba í an tsibhialtacht mheánaoiseach ba mhó i Meiriceá Theas í. Rinne na hIncigh cogaíocht le treibheanna eile sa cheantar agus rinne siad concas orthu. D’íocadh treibheanna áitiúla cánacha leis na hIncigh. Bhí sibhialtacht mheánaoiseach na nInceach ag barr a réime ó 1200 go dtí na 1530idí. Thóg na hIncigh córas bóithre sna sléibhte agus ar an gcósta, chun smacht a choimeád ar an gceantar acu. Tá cuid den chóras bóithre sin, a dtugtar Conair na nInceach air, fós fágtha idir Cuscó, príomhchathair na nInceach, agus Machu Picchu. Sheol Pizarro go Peiriú in 1531 chun smacht a ghabháil ar shibhialtacht na nInceach. Chuaigh sé chomh fada le Cajamarca, áit a raibh ceannaire na nInceach, Atahualpa. Bhí Machu Picchu, cathair atá suite go hard sna hAindéis. Is Atahualpa díreach tar éis cogadh a bhuachan Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO é Machu Picchu. agus bhí a arm laghdaithe agus lag faoin am sin. Thóg 昀椀r Pizarro Atahualpa mar ghiall agus maraíodh é ní ba dhéanaí. Ansin, rinne Pizarro concas ar Chuscó agus bhunaigh sé cathair Líoma, príomhchathair na tíre inniu.

Foclóir

Is leor nod don eolach: PIP = Peiriú – Incigh – Pizarro

eallach: cattle

1 Cad iad na Láithreáin Oidhreachta Domhanda eile de chuid UNESCO, a bhfuil staidéar déanta agat orthu mar chuid de do chúrsa staire?

céachta/céachtaí

:

plough/ploughs

2 Arbh innealtóirí agus tógálaithe maithe iad na hIncigh, an gceapann tú? Tabhair dhá phíosa fianaise mar thaca le do fhreagra.

3 Cruthaigh léaráid Venn de na cosúlachtaí agus difríochtaí idir sibhialtacht mheánaoiseach na nAstacach agus sibhialtacht mhéanaoiseach na nInceach.

3 An Coilíniú An Ghramadach GRAMADACH

TÉARMA

CUR SÍOS

coilíneacht

an tír, nó an ceantar, leis na daoine nua ann

Ainmfhocal baininscneach

an coilíniú

An t-imeacht a tharla

Ainmfhocal 昀椀rinscneach

coilíneach/coilínigh

Na daoine a lonnaigh sa tír

Ainmfhocal 昀椀rinscneach

Briathar a léiríonn an méid a rinne na tíortha

Briathar

coilínigh

cumhachtacha i gceantair nár leo iad

Thug na Spáinnigh eallach, plandaí, céachtaí agus capaill go dtí na tíortha nua leo, chun tosú ag feirmeoireacht. Tháinig na céadta sagart, iad ag iarraidh na dúchasaigh a iompú ar an gCríostaíocht, agus chun freastal ar na Spáinnigh. Bhí sé i gceist ag na Spáinnigh seo fanacht go fadtéarma. Thug siad ainmneacha nua ar na ceantair a ndearna siad concas orthu. Tugadh ‘an Spáinn Nua’ ar cheantar na nAstacach, mar shampla. Tugadh ainmneacha nua ar na ceantair in iardheisceart Mheiriceá, ar ghabh na Spáinnigh smacht orthu freisin, mar shampla Los Angeles, San Francisco agus Las Vegas. Úsáidtear an téarma ‘coilíneacht’ don saghas seo lonnaíochta.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

135


Ceisteanna

1 Aimsigh Los Angeles, San Francisco agus Las Vegas ar léarscáil Mheiriceá agus scrúdaigh a dtimpeallacht: an bhfuil siad isteach ón gcósta nó in aice leis an bhfarraige? Cén fharraige?

2 Cad is brí leis na logainmneacha Spáinnise Los Angeles agus San Francisco?

3 Cén ceangal atá idir brí na logainmneacha agus scaipeadh na Críostaíochta?

Tionchar na gabhála agus an choilínithe ar Mheiriceá Theas Bás: Níl aon fhoinse phríomha ann a thugann eolas faoi líon na ndaoine a raibh cónaí orthu i Meiriceá Theas roimh ré na taiscéalaíochta. Tá sé deacair mar sin, uimhir chruinn a chur ar líon na ndúchasach a fuair bás ag an am. Measann staraithe gur laghdaigh daonra an cheantair idir 80% agus 90% áfach. Bhí cúiseanna éagsúla le bás líon ard dúchasach. Bhí uirlisí cogaidh na nEorpach, ar nós gunnaí agus canónacha, ní ba éifeachtaí ná uirlisí na ndúchasach. Nuair a ghabh na conquistadores smacht ar cheantar, chaith siad go cruálach leis na dúchasaigh. D’úsáid siad iad mar sclábhaithe, i mianaigh ag lorg óir, nó ar phlandálacha móra.

Astacaigh tinn le bolgach.

An chúis ba mhó a bhain le bás líon chomh hard dúchasach, ná galair na hEorpa. Bhí caighdeán maireachtála íslithe Foclóir ag na dúchasaigh, bruitíneach: measles de bharr na hoibre niúmóine: pneumonia sclábhaíochta, agus de eitinn: tuberculosis bharr easpa imdhíonacht diftéire: diphtheria nádúrtha. Fuair na pliúraisí: pleurisy milliúin dúchasach bás na bolgach: smallpox de bhruitíneach, 昀氀iú, niúmóine, eitinn, diftéire, pliúraisí agus den bholgach.

Plandálacha: baineadh an talamh de na dúchasaigh. Chruthaigh na Spáinnigh feirmeacha móra – haciendas. D’fhásadh siad barra, amhail cadás, siúcra, tobac agus caife. Faoin gcóras encomienda, bhíodh úinéirí na bplandálacha in ann na dúchasaigh a chur ag obair ar an talamh. Fuair na dúchasaigh oideachas Críostaí ach ní bhfuair siad aon phá. Chaith na Spáinnigh leo mar sclábhaithe, agus fuair go leor acu bás, dá bharr. Mar gheall air sin, b’éigean pobal nua a fháil chun an obair chrua thalmhaíochta a dhéanamh. Tradáil Sclábhaithe an Atlantaigh: roimh i bhfad bhí daonra na ndúchasach laghdaithe chomh mór sin, go raibh tuilleadh sclábhaithe ag teastáil do na haciendas. D’fhás tradáil sclábhaithe an Atlantaigh as seo. Bhí an Phortaingéil i gceannas ar thrádáil na sclábhaithe, agus tógadh 10-13 milliún sclábhaithe ón Afraic go Meiriceá Theas ón 16ú go dtí an 19ú céad. Bhíodh coinníollacha uafásacha ar bord na long. Bhíodh na sclábhaithe ceangailte le slabhraí, ba bheag spás a bhí

136

Aistear Ama


eatarthu agus bhí 昀椀r agus mná scartha ó chéile. Scaipeadh galair, amhail bruitíneach, 昀椀abhras agus an bholgach, go tapa ar na longa. Bhí easpa bia ar na sclábhaithe agus chuir na Portaingéalaigh pionós orthu go minic. Mar thoradh air sin, measann staraithe go bhfuair thart ar 2 mhilliún sclábhaí bás le linn na dturas ón Afraic go Meiriceá Theas. Ba lena ‘n-úinéirí’ iad na sclábhaithe agus a bpáistí, agus chuir na húinéirí iad ag obair ar na plandálacha. Mar gheall ar líon na sclábhaithe a tugadh go Meiriceá Theas ag an am sin, ba phobal ilchultúrtha é pobal an Domhain Nua.

Plean long sclábhaíochta Brookes ón mbliain 1787.

An bhfuil a fhios agat? Meiriceá Thuaidh

An Afraic Na hIndiacha Thiar

Meiriceá Theas

sir Michelle Ba sclábhaí í duine de shin sclábhaí ina a vini Mel Obama. Rugadh góir, déa ina í s Agu as. in Carolina The ir úiné lds, Shie ry tugadh í do Hen iriceánach, sclábhaithe Éireannach-Me Bhí mac . rgia Geo in naí a bhí ina chó . Rugadh rles Cha ainm bh ag Henry dar 16 ach í gan s agu a, mac do Melvini lds Shie rles Cha é Ba bliana d’aois. Dolphus ar athair an pháiste. Tugadh Shields sins phu Dol í Is an leanbh óg. Obama. e hell Mic air sin-seanmháth

Léarscáil de thrádáil sclábhaithe trasna an Atlantaigh.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

137


Teanga: Roimh choilíniú na Spáinne, meastar go raibh tuairim is 2,000 teanga á labhairt i Meiriceá Theas. Tá an uimhir sin laghdaithe go dtí os cionn 500 teanga sa lá atá inniu ann. Ba é Nachuáitlis príomhtheanga na nAstacach. Tá tuairim is 1,500,000 cainteoir ann sa lá atá inniu ann. Tagann na focail Spáinnise agus focail Bhéarla chocolate, chili, guacamole agus avocado ó Nachuáitlis. Thosaigh cláir chun Nachuáitlis a mhúineadh do dhaoine óga le déanaí i Meicsiceo.

Páistí, ar scoil i gCuscó, ag scríobh sa Cheatsuais agus éadaí traidisiúnta á gcaitheamh acu.

Ba í Ceatsuais príomhtheanga na nInceach. Tagann na focail Spáinnise agus focail Bhéarla condor, llama, puma agus alpaca ó Cheatsuais. Faoin 18ú céad, bhí cosc ar labhairt na Ceatsuaise sa pholaitíocht agus san oideachas. Sa lá atá inniu ann, labhraíonn idir 6 agus 8 milliún duine í, ach is teanga i mbaol í, de réir rangú UNESCO. I gCuscó, múineann scoileanna áirithe Ceatsuais. Is féidir éisteacht le samplaí de theangacha dúchais Mheiriceá Theas ag https://wikitongues.org/ Ceist Ba ghnách le daoine go leor de theangacha dúchais Mheiriceá Theas a scríobh le picteagraif, ach tar éis an choilínithe, bhain siad úsáid as aibítir na Laidine. Is iad an Spáinnis agus an Phortaingéilis príomhtheangacha Mheiriceá Theas sa lá atá inniu ann.

An bhfeiceann tú aon chosúlachtaí idir an Ghaeilg e agus Ceatsuais nó Nachuá itlis? Tabhair cur síos orthu.

Reiligiún: Ba phágánaigh iad na hAstacaigh agus na hIncigh. Anuas air sin, rinne siad íobairtí daonna chun na ndéithe, ina measc páistí, sclábhaithe agus príosúnaigh chogaidh. Nuair a tháinig na Conquistadores, chosain siad úsáid an fhoréigin i gcoinne na nAstacach, trí thagairt a dhéanamh do na híobairtí daonna a rinne na hAstacaigh. D’fhuadaigh na Conquistadores páistí na nAstacach agus chuir siad orthu iompú ar an gCríostaíocht. Foclóir Cháin 昀椀r eaglaise áirithe, ar nós Bartolomé de las Casas agus na concairí: conquerors Doiminicigh, an t-iompar seo. Scrios na concairí siombailí reiligiúnacha na ndúchasach, agus chuir siad siombailí na Críostaíochta ina n-áit. chosain siad, (aimsir chaite, cosain): they defended Uaireanta, scrios siad teampaill na ndúchasach go hiomlán agus thóg úsáid an fhoréigin: the use siad séipéil ina n-áit. Le himeacht ama, thóg an Chríostaíocht áit of violence reiligiún na ndúchasach mar phríomhreiligiún an cheantair. tagairt: reference d’fhuadaigh siad:, (aimsir chaite, fuadaigh): they

Cúpla céad bliain níos déanaí in 2015, agus an Pápa Francis ar cuairt sa Bholaiv, dúirt sé:

kidnapped cháin siad; (aimsir chaite, cáin): they criticised aiféala: regret tromchúiseach: serious maithiúnas: forgiveness go humhal: humbly mar dhea: so-called

‘Déarfaidh roinnt daoine, agus an ceart acu, ‘Nuair a labhraíonn an Pápa ar choilíneachas, déanann sé dearmad ar ghníomhartha na hEaglaise’. Deirim seo libh le haiféala: rinneadh go leor peacaí tromchúiseacha i gcoinne dhúchasaigh Mheiriceá in ainm Dé… Deirim freisin, agus ba mhaith liom a bheith an-soiléir anseo: iarraim maithiúnas go humhal, ní hamháin do choireanna na hEaglaise féin, ach freisin ar son coireanna a rinneadh ar na dúchasaigh i rith choncas (mar dhea) Mheiriceá.’

https://time.com/3952885/pope-francis-bolivia-poverty-speech-transcript/ 138

Aistear Ama


Ceisteanna

1 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í an chaint seo? 2 Cén saghas foinse í an óráid seo: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

3 Cén tsibhialtacht dhúchasach mheánaoiseach a bhí i réim i gceantar na Bolaive? Foclóir 4 Cén leithscéal a d’úsáid lucht concais chun na coireanna a rinne siad a chosaint, de réir an Phápa?

5 An ndeir an Pápa go raibh an Eaglais freagrach as coireanna i Meiriceá? Tabhair fianaise le do fhreagra.

cabhlach: navy chéiligh siad, (aims

ir chaite, céiligh): they mated

Tionchar choncas agus choilíniú an Domhain Nua ar an Eoraip An Phortaingéil: Mar gheall ar an taiscéalaíocht bhí impireacht ollmhór ag an bPortaingéil – 22 uair méid na Portaingéile féin i mbarr a réime! D’éirigh an Phortaingéil saibhir. Bhí an méid sin trádála ar siúl ag an bPortaingéil gur ainmníodh a taillte nua san Afraic as na hearraí a fuair siad ann, mar shampla an Cósta Éabhair, an Cósta Gráin (An Libéir), Cósta an Óir (Gána) agus Cósta na Scalábhaithe (Beinin). Chuaigh a lán Portaingéalach ar imirce chuig na coilíneachtaí nua, go háirithe an Bhrasaíl, ag lorg deiseanna nua.

An margadh sclábhaithe ag Lagos sa Phortaingéil. Is iarsmalann sclábhaíochta í sa lá atá inniu ann.

An Spáinn: Ar an iomlán, chuir conas agus coilíniú an Domhain Nua le saibhreas agus le cumhacht na Spáinne. D’éirigh an Spáinn saibhir ó bheith ag trádáil ór, airgead agus sheoda an Domhain Nua. Le himeacht ama, ba í an Spáinn an tír ba shaibhre agus ba chumhachtaí san Eoraip. Bhí impireacht agus cabhlach ollmhór aici. Fás na nImpireachtaí: Chabhraigh gníomhartha na Spáinne agus na Portaingéile ag an am, le cruthú eacnamaíocht domhanda, trí naisc thrádála a fhorbairt. Mar gheall ar an saibhreas a tháinig ón trádáil seo, lean tíortha eile na hEorpa sampla na Spáinne, trí impireachtaí dá gcuid féin a bhunú. D’éirigh an Eoraip ní ba shaibhre ná riamh. I measc na dtíortha eile a bhunaigh impireachtaí ag an am, bhí Sasana, an Fhrainc agus an Ísiltír. Roimh i bhfad, bhí sé ina choimhlint eatarthu do na taillte nua. Coimhlint: D’ionsaigh Sasanaigh, ar nós Sir Francis Drake agus Sir Walter Raleigh, longa Spáinneacha a bhí ag tabhairt óir ar ais chun na Spáinne. D’eascair coimhlint idir an Spáinn agus Sasana as seo. Chuir rí na Spáinne, Armáid na Spáinne (130 long), go Sasana chun an tír sin a ionsaí. Theip ar iarrachtaí Armáid na Spáinne mar gheall ar dhrochaimsir. Scriosadh cuid mhaith de longa na hArmáide ar chósta na hÉireann.

Turas Armáid na Spáinne.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

139


Is féidir teacht ar chuid de shonraí na long sin ag an seoladh seo: https://www.archaeology.ie/underwater-archaeology/wreck-viewer An bhfuil a fhios agat go bhfuil 昀椀nscéal ann a deir gur ón tréimhse seo a thagann capaillíní Chonmara? De réir an tseanchais, scriosadh a lán long ó Armáid na Spáinne ar chósta na Gaillimhe. Tháinig capaill Spáinneacha, a bhí ar bord, slán ón longbhriseadh agus chéiligh siad leis na capaillíní áitiúla. An dóigh leatsa gur mar sin a tharla?

Patrúin Athraitheacha: Bia agus Deoch Réamhcheacht:

Foclóir

1 Céard iad na trí bhia is fearr leat ón liosta thíos? 2 Céard iad na trí bhia is lú a thaitníonn leat ón liosta thíos? 3 Cérbh iad Sir Walter Raleigh agus Sir Francis Drake? 4 Tomhais cad iad na hilchríocha as ar tháinig na bianna ar an liosta thíos ar dtús: an Eoraip, an Áise, an Afraic, Meiriceá.

fanaile: vanilla péitseog/péitseoga: peache(s) eorna: barley coirce: oats malartú Colómach: Columbian exchange só-earra: luxury item

Práta milis, scuais, puimcín, turcaí, práta, tráta, arbhar, pis talún, piobar, anann, cacó, pónaire, fanaile, torthaí sitreacha, ológa, turnaipí, oinniúin, caife, péitseoga, piorraí, cruithneacht, rís, eorna, coirce.

Malartú Colómach Thug na hEorpaigh nithe leo go Meiriceá. Is féidir na nithe sin a roinnt ina dtrí chuid: ainmhithe, bia agus galair. Ansin thug siad plandaí, ainmhithe agus bianna nua ar ais leo chun na hEorpa. Bhí tionchar mór ag an malartú seo ar ilchríoch (mórroinn) Mheiriceá agus ar ilchríoch na hEorpa.

An Eoraip Meiriceá Thuaidh

An Afraic

Meiriceá Theas

Foinse: Marco Learning

Bhí na coinníollacha cearta (a lán talún, oibrithe agus aeráid oiriúnach) sa Domhan Nua chun barra áirithe a fhás, amhail siúcra agus caife. Fásadh na barra seo ar scála ollmhór ar phlandálacha nó haciendas. D’fhásadh siad tobac, bananaí, cacó agus cadás freisin. D’éilíodh obair na bplandálacha seo sclábhaithe i gcónaí. Roimh an tréimhse seo, ba shó-earra é an siúcra ach go háirithe. Ón am seo ar aghaidh, d’fhás go leor daoine siúcra chun é a ithe. D’fhás an rogha bia a bhí ar fáil freisin.

140

Aistear Ama


Bhí tionchar suntasach ag Malartú Colómach ar an Eoraip, ar an Áise agus ar an Afraic freisin. Ba ag an gcruithneacht a bhí an tionchar ba mhó, agus d’athraigh modhanna feirmeoireachta sna hilchríocha sin, dá bharr. Ba í an chruithneach ba chúis le fás an daonra agus le laghdú thionchar na ngortaí ar dhaoine. D’fhás trádáil na sclábhaithe mar gheall ar an gcruithneacht. D’úsáid siad í chun sclábhaithe a chothú ar an turas fada chuig an Domhan Nua. Ba é an práta príomhbhia na nInceach agus bhí tionchar suntasach ag teacht an phráta go hÉirinn ar an tír seo freisin. Bíonn dhá insint ar gach scéal agus tá cúpla scéal ann faoin tslí ar tháinig an práta go hÉirinn. Insint amháin ná gur thug Sasanach, ar nós Sir Walter Raleigh nó Sir Francis Drake, an práta go hÉirinn. Insint eile ná gur thug Spáinneach an práta anseo. Is é tuairim an staraí Tomás O’Riordan ‘…tugadh ‘an Spáinneach’ nó ‘an Spáinneach Geal’ ar an bpráta go luath i stair an bhia sin. Thabharfadh sé seo le 昀椀os gur ón Spáinn a tháinig sé, nó gur Spáinneach é an duine a thug an práta go hÉirinn.‘ Pé slí ar tháinig an práta go hÉirinn, níl aon fhianaise ann faoi, agus mar sin níl staraithe cinnte. Roimh i bhfad, ba é an práta príomhbhia na nÉireannach agus bhí torthaí fadtéarma aige sin ar stair na tíre. De réir cosúlachtaí, thug Preisbitéirigh Éireannacha-Albanacha an práta go Meiriceá Thuaidh den chéad uair in 1719. Bhí siad ag éalú ón ngéarleanúint reiligiúnach a bhain leis na Péindlíthe (dlíthe a bhain cearta bunúsacha ó Phreisbitéirigh agus ó Chaitlicigh araon). Ceisteanna duitse! Féach ar an bpictiúr thuas agus freagair na ceisteanna seo:

1 Céard atá ar eolas agat faoin logainm ‘Londonderry’? 2 Céard atá i gceist leis an téarma ‘an pháirc chomónta’? 3 Cén tréimhse lena mbaineann an téarma ‘an pháirc chomónta’? 4 Luaigh pointe amháin eolais faoin malartú Colómach, a chuir ionadh ort. 5 Tarraing pirimid an bhia leis na bianna agus plandaí ón malartú Colómach ann. 6 An gceapann tú go raibh aiste bia mhuintir an domhain ní ba shláintiúla roimh an malartú Colómach, nó ina dhiaidh? Mínigh do fhreagra.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

141


Comóradh agus Ré na Taiscéalaíochta Féach ar an dealbh seo, atá suite i Liospóin sa Phortaingéil. Tá Anraí Loingseora, da Gama agus Magellan le feiceáil ann.

Ceisteanna

1 Cén fáth ar thóg siad dealbh chomh mór sin, an gceapann tú? 2 Cén fáth ar roghnaíodh an suíomh seo don dealbh, dar leat? 3 Cérbh é Anraí Loingseora? 4 Cá bhfuil Anraí Loingseora le feiceáil ar an dealbh? Cén fáth? 5 Cé na siombailí atá le feiceáil i lámha na ndaoine éagsúla sa dealbh seo? 6 Cén cruth atá ar an dealbh? 7 Cé na mothúcháin a spreagann an dealbh seo i muintir na Portaingéile, an gceapann tú? díomá

brón

áthas

fearg

sceitimíní

dóchas

bród

ceiliúradh

éad

8 Mínigh na cúiseanna ar roghnaigh tú na mothúcháin sin. Comóradh: Lá Colambas Titeann Lá Colambas i mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Is lá saoire náisiúnta é, ar nós Lá le Pádraig in Éirinn. Thosaigh sé sna 1930idí i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar feadh i bhfad, bhí Meiriceánaigh tar éis a fhoghlaim gurbh é Colambas an chéad duine a d’aimsigh ilchríoch Mheiriceá, cé nach raibh sé sin fíor. Uaireanta, tarlaíonn agóidí mar gheall ar Lá Colambas. Ceiliúrann daoine eile Lá na nDaoine Dúchasacha ar an lá céanna.

142

Aistear Ama


Réamhcheacht:

Bileog Oibre Feabhas ar Longa

Long A

Long B

Aimsigh na Difríochtaí!

1 Cén ceann de na longa seo A nó B, atá níos sine, an gceapann tú? 2 Cén ceann de na longa seo a bhaineann le ré na taiscéalaíochta, dar leat? Mínigh do fhreagra.

3 Cén tréimhse lena mbaineann an long eile, dar leat? 4 Déan staidéar cúramach ar long B. Tabhair cur síos ar chruth na seolta. 5 Cén long a bhí in ann ní ba mhó meáchain a iompar? Cén fáth? 6 Féach ar long A arís. Cén saghas áite a bhfuil long A le feiceáil inti anois? 7 Cén saghas daoine a d’úsáid longa ar nós long A? 8 Is macasamhail é long B. Cad is brí leis an téarma ‘macasamhail’?

An Ghramadach Dúchasach (aidiacht agus ainmfhocal) Aidiacht

Ainmfhocal (昀椀r)

Uatha:

Is maith liom ceol dúchasach na hÉireann.

Is dúchasach é Séamas.

Iolra:

Tá pobail dhúchasacha ina gcónaí in Éirinn.

Is dúchasaigh iad an bheirt sin.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

143


Bileog Oibre Ré na Taiscéalaíochta, an Choncais agus an Choilínithe agus Teangacha

Foinse: Suíomhanna éagsúla idirlín (bunaithe ar fhigiúir na bliana 2019)

1 Cén bhliain a rinneadh an graf seo? 2 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é an graf seo? 3 Cén saghas foinse é graf: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

4 Cé chomh forleathan is a labhraítear an Spáinnis? 5 Cé chomh forleathan is a labhraítear an Phortaingéilis? 6 Mínigh an nasc idir coilíniú Spáinneach agus Portaingéalach idir 1400 agus 1600 AD agus líon na gcainteoirí Spáinnise agus Portaingéilise ar domhan inniu.

7 Cé chomh forleathan is a labhraítear an Béarla inniu? 8 Tá Sasana beag go leor, ach labhraíonn na milliúin duine an Béarla timpeall an domhain. Bunaithe ar an staidéar atá déanta agat ar an Spáinn agus ar an bPortaingéil le linn ré na taiscéalaíochta, mínigh leathadh an Bhéarla timpeall an domhain. Smaoinigh ar na ceisteanna seo:

144

Cén fáth ar scaip an Béarla timpeall an domhain? An raibh baint aige leis na 6 ’S’, cuir i gcás?

Conas a scaip an Béarla timpeall an domhain?

Cé a scaip an Béarla timpeall an domhain? An raibh conquistadores Briotanacha ann, cuir i gcás?

Cathain a scaip an Béarla mórthimpeall an domhain? Ag an am céanna le scaipeadh na Spáinnise nó na Portaingéilise, nó ina dhiaidh sin?

Agus tú ag pleanáil do fhreagra, smaoinigh ar leathadh an Bhéarla in áit na Gaeilge in Éirinn.

Aistear Ama


Bileog Oibre Ré na Taiscéalaíochta, an Choncais agus an Choilínithe agus Reiligiún Cuid A: Sliocht as litir a scríobh Hernan Cortés chuig Rí na Spáinne faoi theampaill Mheicsiceacha. ‘Ar fáil taobh istigh de na séipéil seo, tá roinnt de na híomhánna nó íola, cé go bhfuil go leor acu le fáil ar an taobh amuigh freisin, mar a luaigh mé cheana; thóg mé na príomhchinn, na cinn a bhfuil an creideamh is mó ag daoine iontu, nó an iontaoibh is mó astu, thóg mé ó na seastáin iad, agus chaith mé síos céimeanna an teampaill iad, chun na séipéil ina seasadh siad a íonghlanadh, mar go raibh siad ar fad truaillithe ag fuil dhaonna, doirte sna híobairtí. Ina n-áit siúd, chuir mé íomhánna den Mhaighdean Mhuire agus de na naoimh…’ Cortes Describes Mexica Temples and Rituals | AHA (historians.org)

Ceisteanna duitse!

Foclóir

1 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í an litir seo? 2 Cén saghas foinse í an litir seo: fianaise scríofa,

íol/íola: idol(s) tá iontaibh agam asat: I have

cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

con昀椀dence/trust in you seastán/seastáin: pedestal(s)

3 Céard a léiríonn gur scrios Cortés siombailí reiligiúnacha na nAstacach, de réir a litreach?

íonghlanadh: purifying truaillithe: polluted fuil dhoirte; (aidiacht

4 Céard a scríobh Cortés faoi íobairtí na nAstacach? 5 Céard a chuir Cortés in áit siombailí reiligiúnacha na

bhriathartha, doirt): spilt, shed blood íobairt/íobairtí: sacri昀椀ce(s)

ndúchasach?

6 Scríobh Cortés an litir seo chuig Rí na Spáinne. Cén tionchar a bheadh aige sin ar an saghas eolais a chuirfeadh Cortés ina litir? Mínigh do fhreagra.

An Ghramadach Ainmfhocal baininscneach

Uatha

Iolra

Siombail

an tsiombail

na siombailí

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

145


Cuid B: Déan staidéar ar an ngraf seo agus freagair na ceisteanna thíos.

10 dtír leis an líon is airde Críostaithe Daonra Críostaithe Céatadán den measta in 2010 daonra atá ina gCríostaithe

1 Cén bhliain a rinneadh an graf seo?

2 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é an graf seo?

3 Cén saghas foinse é graf: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

Céatadán de dhaonra an domhain ar Críostaithe iad

Stáit Aontaithe Mheiriceá

246,780,000

79.5

11.3

An Bhrasaíl

175,770,000

90.2

8%

Meicsiceo

107,780,000

95.0

4.9

An Rúis

105,220,000

73.6

4.8

Na hOileáin Fhilipíneacha

86,790,000

93.1

4.0

An Nigéir

80,510,000

50.8

3.7

An tSín

67,070,000

5.0

3.1

An Congó

63,150,000

95.7

2.9

An Ghearmáin

58,240,000

70.8

2.7

An Aetóip

52,580,000

63.4

2.4

Fo-iomlán na 10 dtír

1,043,880,000

40.4

47.8

Iomlán don chuid eile den domhan

1,140,180,000

6.3

52.2

Iomlán ar domhan

2,184,060,000

31.7

100.0

Fóram ar Reiligiún agus ar Shaol Poiblí de chuid Pew Research Center.

4 Cé mhéad de na tíortha ar an liosta atá suite i Meiriceá Theas? 5 De réir an ghraif, cé mhéad de dhaonra Mheicsiceo atá ina gCríostaithe? 6 Cé mhéad de dhaonra na Brasaíle atá ina gCríostaithe? 7 Mínigh an nasc idir an coilíniú Spáinneach agus Portaingéalach (1400-1600AD) agus líon na gCríostaithe i Meiriceá Theas inniu.

8 ‘Bhí tionchar fadtéarma ag iompú na ndúchasach ar an gCríostaíocht, ar Mheiriceá Theas’. An aontófá leis an ráiteas seo?

9 As na 10 dtír ar an ngraf, cad iad na tíortha a raibh impireacht acu? q Ba choilíneachtaí iad cuid de na tíortha eile ar an ngraf, a bhí faoi smacht ag tíortha Eorpacha. Líon an tábla thíos leis na tíortha a bhí ina gcoilíneachtaí faoi smacht impireachtaí na hEorpa. Impireacht

An Phortaingéil

An Spáinn

An Bhreatain

An Bheilg

Coilíneacht Cuid C: Seo an Ard-Eaglais Chathrach i gCathair Mheicsiceo. Déan staidéar ar an bpictiúr agus freagair na ceisteanna thíos.

1 Cén stíl ailtireachta atá ann, Rómhánúil nó Gotach? 2 Tabhair samplaí de na tréithe a bhaineann leis an stíl ailtireachta sin, atá le feiceáil san Ard-Eaglais Chathrach.

4 Tá an Ard-Eaglais seo suite i gcathair Mheicsiceo. Cad a bhí sa cheantar sin roimh chathair Mheicsiceo?

4 Cé a chuir tús le tógáil chathair Mheicsiceo?

5 Thosaigh an tógáil ar an Ard-Eaglais seo sa bhliain 1573. Cé mhéad bliain é sin tar éis choncas na Spáinneach ar na hAstacaigh?

Foclóir Ard-Eaglais Chathrach: Metropolitan Cathedral

146

Aistear Ama


Bileog Oibre Armáid na Spáinne – Bailiúchán na Scol Bhunaigh Coimisiún Béaloideasa Éireann Bailiúchán na Scol. Tionscadal a bhí ann chun eolas a bhailiú faoin stair béil, miotaseolaíocht, béaloideas, seanfhocail, cluichí, caithimh aimsire agus modhanna oibre in Éirinn. Stair béil: agallaimh taifeadta atá ar fáil chun taighde stairiúil a dhéanamh. Cabhraíonn an stair béil linn tuilleadh eolais a bhailiú, amhail an tionchar a bhíonn ag imeachtaí staire ar dhaoine aonair agus ar phobail. Cabhraíonn an stair béil linn pictiúr mór a fháil ar an stair, trí chur leis an eolas atá le fáil ó thai昀椀d rialtais, staitisticí, léarscáileanna, doiciméid agus foinsí eile. Taispeánann an stair béil na rudaí a d’athraigh le himeachta ama agus na rudaí eile nár athraigh. Chun an tionscadal seo a chur i gcrích bhailigh 50,000 dalta scoile as 5,000 scoil sna 26 contae in Éirinn, eolas faoina gceantair féin. Labhair siad le seandaoine sa bhaile, agus scríobh siad amach na scéalta a bhí acu. Ar deireadh, bhailigh siad os cionn 700,000 leathanach idir 1937 agus 1939. Is féidir na leathanaigh sin a fheiceáil ar an suíomh www.duchas.ie inniu.

Foinse: https://www.duchas.ie/en/cbes/4922366/4874721/5079856

Ceisteanna: Stair Béil as Bailiúchán na Scol agus na Spáinnigh i gCo. an Chláir

1 Ainmnigh an scoil a rinne taifeadadh ar an scéal seo. 2 Ainmnigh an múinteoir i bhfeighil. 3 Ainmnigh an scoláire a bhailigh an scéal seo. 4 Ainmnigh an duine a d’inis an stair béil seo don scoláire.

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

147


5 De réir na staire béil seo, cén bhliain a d’ionsaigh na Spáinnigh Sasana? 6 Briseadh dhá long de chuid na Spáinne, in aice le cósta Chontae an Chláir. Ainmnigh na háiteanna sin ar chósta Chontae an Chláir.

7 Cén tionchar fadtéarma a bhí ag briseadh na long ar an gceantar sin? (nod: logainm nua) 8 Cad a tharla do na Spáinnigh a bhí ar bord na long sin? 9 Cad iad na blianta a raibh Bailiúchán na Scol ar siúl? q Cé mhéad bliain atá idir an eachtra seo i gContae an Chláir agus tús Bhailiúchán na Scol? w An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é an stair béil seo? Mínigh do fhreagra. e Ní bhíonn an stair béil cruinn go minic. Cén fáth, an gceapann tú? r Cad is féidir leis an staraí a dhéanamh, chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas sa stair béil cruinn?

t Céard is féidir leat a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil an stair sa phíosa seo cruinn? y Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an stair béil á bailiú, dar leat? u Tá cartlann dhigiteach ag www.duchas.ie. Sa chartlann sin, is féidir tras-scríbhinn den téacs a aimsiú, chomh maith le grianghraf den bhundoiciméad. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach don staraí a bheith ábalta féachaint ar an mbundoiciméad?

i Téigh chuig an suíomh www.duchas.ie agus lorg stair béil a bhaineann le do cheantar féin. B’fhéidir go bhfuil stair béil ann faoi Armáid na Spáinne fiú!

o Céard é an rud is suimiúla a d’fhoghlaim tú faoi do cheantar ón stair béil a d’aimsigh tú? Súil siar

1 Ar léarscáil bhán den domhan, marcáil na háiteanna a bhí faoi smacht ag na himpireachtaí, a d’fhorbair as ré na taiscéalaíochta. Úsáid dath difriúil do gach impireacht. Impireacht na Portaingéile, Impireacht na Spáinne, Impireacht na Breataine, Impireacht na Fraince, Impireacht na hÍsiltíre.

2 Samhlaigh gur dúchasach thú sa Domhan Nua. Scríobh cuntas dialainne faoi theacht na nEorpach chuig d’áit dhúchais. •

An Inceach nó Astacach thú nó eile?

Tabhair cur síos ar chuma na Conquistadores a thagann chuig d’áit dhúchais.

Cén tslí a gcaitheann siad leat agus le do mhuintir?

Conas a athraíonn bhur nósanna oibre mar gheall ar theacht na Conquistadores?

Conas a athraíonn bhur dteanga mar gheall ar theacht na Conquistadores?

Conas a athraíonn bhur reiligiún mar gheall ar theacht na Conquistadores?

Conas a athraíonn bhur logainmneacha mar gheall ar theacht na Conquistadores?

Conas a mhothaíonn tú faoi na hathruithe seo?

3 Ba phágánaigh iad na hIncigh agus na hAstacaigh. Céard is brí leis an téarma ‘págánach’? 148

Aistear Ama


4 Ainmnigh sibhialtacht phágánach eile. 5 Deirtear gur shroich Eorpaigh eile ilchríoch Mheiriceá. Ainmnigh an tréimhse lenar bhain siad. Duine

Tréimhse

Naomh Bréanainn

Leif Erikson

6 Líon isteach an tábla seo faoi scaipeadh na Críostaíochta ag tréimhsí éagsúla. Na daoine a scaip an Chríostaíocht, a bhfuil staidéar déanta agam orthu.

Manaigh Éireannacha

Conquistadores

Cén tréimhse staire a bhí i gceist?

Cé na háiteanna ar scaip siad an Chríostaíocht?

Ar úsáid siad foréigean chun an Chríostaíocht a scaipeadh?

An Ghramadach: Muintir tíre An Spáinn:

Spáinneach/Spáinnigh

An Phortaingéil:

Portaingéalach/Portaingé

Éire:

Éireannach/Éireannaigh

Sasana:

Sasanach/Sasanaigh

Meiriceá Theas:

duine/daoine ó Mheiriceá

alaigh

Theas

7 . R é n a Ta i s c é a l a í o c h t a , a n C h o n c a i s a g u s a n C h o i l í n i t h e

149


Caibidil 1: Obair an Staraí

An Reifirméisean

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

C

ID AIB

IL 8

Príomhthoradh Foghlama: 3.8 machnamh a dhéanamh ar thábhacht an reiligiúin, agus béim ar leith ar an Reifirméisean agus gníomhartha leasaitheora amháin Torthaí Foghlama Ábhartha Eile: 3.11, 3.7, 3.1, 1.1, 1.2, 1.3, 1.4, 1.6, 1.9, 2.1, 2.6, 2.13

Réamhcheacht: Ceisteanna don obair aonair/ghrúpa

1 Cruthaigh meabhairmhapa den eolas is cuimhin leat faoi Éirinn Luath-Chríostaí. 2 Cruthaigh meabhairmhapa den eolas is cuimhin leat faoi chreideamh na Lochlannach. 3 Ar iompaigh na Lochlannaigh óna mbunchreideamh? 4 Cruthaigh meabhairmhapa den eolas is cuimhin leat faoi mhanaigh agus mná rialta sna Meánaoiseanna.

5 An gceapann tú go raibh an creideamh tábhachtach do dhaoine sna tréimhsí staire thuasluaite (ceisteanna 1-4)? Mínigh do fhreagra agus tabhair samplaí, a léiríonn na slite a raibh, nó nach raibh, an creideamh tábhachtach do dhaoine ag na hamanna sin.

6 Cén tslí a bhfuair an Eaglais Chaitliceach airgead le linn na Meánaoiseanna? 7 Bhí pápaí ina bpátrúin ag ealaíontóirí le linn na hAthbheochana. Fíor nó bréagach? 8 Ainmnigh ealaíontóir amháin ón Athbheochan a fuair pátrúnacht ó Phápa. Ainmnigh an Pápa chomh maith.

9 Ainmnigh dhá shaothar nó dhá phíosa ealaíne ón Athbheochan, a raibh téama an reiligiúin le feiceáil iontu. Ainmnigh na healaíontóirí a chruthaigh na saothair/píosaí sin.

q Cérbh é an pátrún ba mhó a bhí ag Albrecht Dürer? w Céard é an píosa ailtireachta is cáiliúla de chuid Michelangelo? e Tabhair cur síos ar obair Nicolaus Copernicus agus ar an mbaint a bhí aige leis an Eaglais Chaitliceach.

r Tabhair cur síos ar obair Ghalileo san eolaíocht. Mínigh céard a tharla dó nuair a thacaigh sé le tuairimí Copernicus.

t Cén teanga a d’úsáid daoine san Eaglais Chaitliceachi rith na Meánaoiseanna? y Céard í an nuálaíocht teicneolaíochta ba thábhachtaí in aimsir na hAthbheochana? u Cad iad na torthaí a bhí ar an nuálaíocht teicneolaíochta sin? i Ainmnigh áit in Éirinn, a raibh nó a mbíonn easaontas ann, mar gheall ar reiligiún. o Baineann na róil seo thíos leis an Eaglais Chaitliceach. Cuir iad in ord a léiríonn an chumhacht a bhaineann leis an ról. Tosaigh leis an duine/na daoine is cumhachtaí. mná rialta, pápa, easpaig, cairdinéil, sagairt, manaigh.

150

Aistear Ama


Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. deighilt

cumhacht

gníomh/gníomhartha

mór-roinn

tromlach

peaca/peacaí

teastas

mionlach

cogaíocht

gaol/gaolta

deachú

míchleachtas

cleachtadh

naofa

昀椀níochas

neamhláithreachas

cleachtas

iolrachas

An Reifirméisean

An Ghramadach

Ba thréimhse staire é an Rei昀椀rméisean, inar Duine/Daoine tháinig athrú ar reiligiún mhuintir na hEorpa. Ag Caitliceach/Caitlicigh tús an rei昀椀rméisin, ba Chaitlicigh iad tromlach Protastúnach/Protastúnaigh mhuintir na hEorpa. Ach bhí an-chuid fadhbanna san Eaglais Chaitliceach. Thosaigh manach Gearmánach, Martin Luther, ag ceistiú chumhacht an Phápa. D’fhás deighilt san Eaglais Chaitliceach dá bharr sin. Bunaíodh reiligiún nua – an Protastúnachas – de bharr ghníomhartha Luther. Lean daoine eile é, agus tháinig athrú ar chreideamh na ndaoine. Faoi dheireadh an Rei昀椀rméisin, bhí scoilt ar mhór-roinn na hEorpa maidir le reiligiún.

Reiligiún Caitliceachas Protastúnachas

Cúiseanna leis an Reifirméisean Loghanna: ba theastais iad seo, a dhíol an Eaglais, agus a raibh de chumhacht acu, dar le Caitlicigh, peacaí daoine a ghlanadh. Chreid na gnáthdhaoine go sroich昀椀dís neamh ní ba thapa dá gceannóidís iad. Bhí daoine in ann loghanna a cheannach dá ngaolta freisin. Dúirt manaigh áirithe 昀椀ú, go bhféadfadh duine loghanna a cheannach sula ndéanfadh sé peaca! Deirtear go ndúirt Johannes Tietzel, a dhíol loghanna ag an am, “When a penny in the coffer rings, A soul from Purgatory springs.” Chuir sé isteach ar na gnáthdhaoine, go mbíodh orthu costas a íoc chun dul ar neamh, agus an tromlach acu beo bocht.

Dealbh de Martin Luther sa Ghearmáin.

An Ghramadach Tuiseal Ainmneach

Tuiseal Ginideach

An Rei昀椀rméisean: is tréimhse

An Rei昀椀rméisin: Tharla go leo

staire í an Rei昀椀rméisean.

Logha

athruithe i rith an Rei昀椀rméisin.

Neamh

An Domhan

Purgadóir

Ifreann

8. An Reifirméisean

151


Ceisteanna:

1 Cén teanga ina bhfuil an logha seo scríofa, an gceapann tú? 2 Tá ainm an duine a dhíol an teastas seo le feiceáil ag an mbun ar dheis. Cérbh é?

3 Cén saghas foinse í seo: foinse phríomha nó foinse thánaisteach?

Logha a díoladh.

Saibhreas: Anuas ar dhíol na loghanna d’éirigh an Eaglais an-saibhir ó bheith ag bailiú deachúna mórthimpeall na hEorpa thar na blianta. Bhí a lán talún ag an eaglais san Eoraip freisin. Bhain aon trian de thalamh na Gearmáine leis an Eaglais Chaitliceach le linn na Meánaoiseanna. Chuir an saibhreas seo isteach ar ghnáthdhaoine agus ar na huaisle araon.

Foclóir ag bailiú deachún

a: collecting the tith e

Iompar Bhaill na hEaglaise: ní raibh iompar maith ag roinnt easpag, ná pápaí ach an oiread. Chaith cuid de na heaspaig agus cairdinéil saol galánta, fad a bhí gnáthdhaoine mórthimpeall orthu beo bocht. Cé nach mbíodh cead acu pósadh, bhíodh mná agus páistí ag a lán den chléir. Thuill an Pápa Julius II an leasainm ‘Warrior Pope’ mar gur chaith sé an méid sin ama i mbun cogaíochta. Na Míchleachtais: bhí míchleachtais áirithe ann a chuir isteach go mór ar an bpobal. Ba iad sin 昀椀níochas, iolrachas, neamhláithreachas agus siomóntacht. Ciallaíonn 昀椀níochas easpaig nó pápaí a bheith ag tabhairt poist san eaglais dá ngaolta. Rinne an Foclóir Pápa Pól III cairdinéil de bheirt nia leis, iad 14 agus 16 bliana 昀椀níochas: nepotism d’aois. Ciallaíonn síomóntacht poist san eaglais a dhíol agus iolrachas: pluralism a cheannach. D’éirigh an Pápa Benedict IX as ról an phápa, neamhláithreachas: absenteeism agus ansin dhíol sé an phápacht le sagart eile! Ciallaíonn síomóntacht: simony neamhláithreachas go mbíodh sagairt nó easpaig as láthair pápacht: papacy óna ndeoisí. Mar sin, rinne siad faillí ar na deoisí sin. Ciallaíonn deoise/deoisí: diocese(s) iolrachas sagairt nó easpaig a bheith i gceannas ar ní ba mhó rinne sé faillí: he neglected ná paróiste amháin. Rinne siad faillí sna paróistí sin. Tionchar na hAthbheochana: le linn na hAthbheochana, thosaigh daoine ag ceistiú seantuairimí agus eolas nua á lorg acu. Thaispeáin obair Copernicus agus Galileo, go bhféadfadh an Pápa agus an Eaglais Chaitliceach a bheith mícheart. Lean nós an cheistiúcháin seo le linn an rei昀椀rméisin. An Clóphreas: chabhraigh an clóphreas le tús a chur leis an Rei昀椀rméisean, trí eolas nua a chur ar fáil do dhaoine go tapa. Nuair a thosaigh Martin Luther, Gearmánach, ag ceistiú chumhacht na hEaglaise in 1517, clódh a 95 Téis (95 moladh chun an eaglais a fheabhsú). De bharr an chlóphreasa, bhí cóipeanna de na 95 Téis le fáil i Londain 17 lá ina dhiaidh sin. Ar an tslí seo, chuaigh smaointe nua i bhfeidhm ar dhaoine. Anuas air sin, thuig siad go raibh daoine i dtíortha eile, a raibh na smaointe nó na fadhbanna céanna acu. Idir 1518 agus 1525, ba scríbhinní le Luther iad aon trian de na leabhair ar fad a díoladh sa Ghearmáin. Díoladh 5,000 cóip dá leagan siúd den Bhíobla laistigh de choicís. Aontaíonn staraithe gurbh é Luther an chéad údar a raibh leabhar sárdhíola aige! Dúirt Luther féin “Is í an chlódóireacht an tíolacadh is fearr ó Dhia.’ Dá mbeadh sé beo inniu, céard iad na modhanna cumarsáide a d’úsáidfeadh Luther chun a smaointe a scaipeadh, an gceapann tú?

152

Aistear Ama

Foclóir es téis/téiseanna: thesis/thes book lling t-se leabhar sárdhíola: bes ate gift an tíolacadh is fearr: the ultim


Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. reiligiún

peaca

ár Slánaitheoir

creideamh

peacúil

San Salvador

Críostaíocht

Protastúnach/Protastúnaigh

slánú

Caitliceach/Caitlicigh

Protastúnachas

diagacht

Caitliceachas

séanadh

diagaire

Rei昀椀rméisean

Aifreann

fíréanú

neamh

ifreann

coinnealbhá

Sainmhínithe Úsáideacha Slánú/fíréanú: dul go háit mhaith tar éis an bháis, mar shampla neamh. Diagacht: staidéar ar Dhia agus ar chreideamh. Diagaire: duine a dhéanann staidéar ar Dhia agus ar chreideamh. Coinnealbhá (a bheith faoi choinnealbhá): nuair nach mbíonn cead ag duine páirt a ghlacadh sna hócáidí a bhíonn ag an Eaglais Chaitliceach, mar shampla an tAifreann. Bulla = litir ón bPápa. Diet = cruinniú de cheannairí na Gearmáine.

Gníomhartha Martin Luther – Cúrsa an Reifirméisin

An Ghramadach AINMFHOCAL

Uatha

Iolra

reiligiún = creideamh

reiligiúin: Is reiligiúin/creidimh iad an

reiligiún: Is reiligiún/creideamh é an

Caitliceachas agus an Protastúnachas

Caitliceachas AIDIACHT

reiligiúnach: Oideachas reiligiúnach;

Is duine cráifeach é (aidiacht a chuireann

seirbhís reiligiúnach; ócáid reiligiúnach;

síos ar dhuine)

téacs reiligiúnach

Foclóir Rugadh Martin Luther in 1483 sa tSacsain, sa Ghearmáin. Chuaigh sé isteach sna hAgaistínigh chun a bheith ina mhanach.

Sacsain: Saxony Agaistínigh: Au gustinians cráifeach: relig ious slánú/fíréanú = salvation fíréanú trí chre ideamh amháin: justi昀椀cation by faith alone

Cé gurbh fhear an-chráifeach é Luther, chreid sé i gcónaí go raibh sé lag peacúil agus nach raibh Dia sásta leis. Rinne sé staidéar ar an mBíobla, chun fáil amach conas ab fhéidir leis neamh a bhaint amach. Ón staidéar seo, tháinig sé ar fhreagra gurbh é aon t-aon bhealach amháin chun slánú a fháil ná chun creideamh a bheith aige i nDia. Thug sé ‘Fíreánú trí Chreideamh Amháin’ ar an bhfreagra a fuair sé. Ba fhreagra é sin a bhí an-difriúil le freagra na hEaglaise Caitlicí, dar le Luther. 8. An Reifirméisean

153


Sa bhliain 1517, tháinig manach darbh ainm Johannes Tietzel, go Wittenberg sa Ghearmáin, ag díol loghanna chun íoc as costas tógála Bhaisleac Pheadair sa Róimh. Faoin am seo, bhí Luther ag múineadh diagachta in ollscoil Wittenberg. Chuir gníomhartha Tietzel fearg ar Luther. Níor thaitin loghanna leis, mar chreid sé nach bhféadfaí slánú a cheannach. Ba ghá, dar le Luther, slánú a thuilleamh trí chreidiúint i nDia. Chreid sé freisin gur thug loghanna muinín gan bhonn do dhaoine go rachaidís ar neamh. Mar gheall air seo, scríobh Luther doiciméad ar ar tugadh na ‘95 Téis’. 95 moladh a bhí iontu seo, chun feabhas a chur ar an Eaglais Chaitliceach. Is sampla é téis 86, de na 95 Téis a scríobh Luther: Cén fáth nach dtógann an Pápa, a bhfuil saibhreas níos mó aige ná mar a bhí ag Crassus, cén fáth nach dtógann sé Baisleac Pheadair lena chuid airgid féin, seachas le hairgead na gcreidmheach bochta? Is féidir na 95 Téis a léamh ag an nasc seo: https://www.luther.de/en/95thesen.html Scríobh Luther freisin, gurbh é an tslí ab fhearr do dhuine chun foghlaim faoi Dhia ná an Bíobla a léamh dó féin. Chroch Luther na 95 Téis ar dhoras an tséipéil in Wittenberg ionas go bhfeicfeadh daoine a chuid moltaí. Scaip cóipeanna de na 95 Téis timpeall na Gearmáine go tapa mar gheall ar an gclóphreas. Mar gheall ar scaipeadh na 95 Téis, chuir an Pápa ionadaí, Cairdinéal Cajetan, chun cainte le Luther. Ina dhiaidh sin, chuir an Pápa ionadaí eile, John Eck chun cainte le Luther. Chuaigh Luther i mbun díospóireachta leis na diagairí seo ach bhí an toradh céanna ar na díospóireachtaí - dhiúltaigh Luther a thuairimí a shéanadh. Ina dhiaidh sin arís, chuir an Pápa Leo X bulla chuig Luther, inar ordaigh sé dó a thuairimí a shéanadh. Arís dhiúltaigh Luther é sin a dhéanamh. Ina áit sin, dhóigh sé bulla an Phápa go poiblí. Chuir an Pápa Luther faoi choinnealbhá.

Foclóir , tuill): to earn a thuilleamh; (in昀椀nideach se of security muinín gan bhonn: false sen believers creidmhigh bhochta: poor séan): to deny a shéanadh; (in昀椀nideach, dhuine coinnealbhá; cosc a chur ar intí: aim sacr sna páirt a ghlacadh excommunication

154

Aistear Ama

In 1521, bheartaigh Séarlas V, an tImpire Naofa Rómhánach, cuireadh a thabhairt do Luther teacht chuig Diet Worms. D’iarr an tImpire Séarlas ar Luther a thuairimí a shéanadh arís. An lá dár gcionn, thug Luther freagra air ag rá:

‘Impím ort, trí thrócaire Dé, a chruthú dom trí scríbhinní na bhfáithe agus na n-aspal, go bhfuil dul amú orm. Chomh luath agus a bheidh mé cinnte, tarraingeoidh mé siar gach botún atá déanta agam, agus is mise an chéad duine a thógfaidh mo chuid scríbhinní agus a chaith昀椀dh ar an tine iad.’


Foclóir

An seomra agus deasc i gcaisleán Wartberg, áit ar aistrigh Luther an Bíobla.

B’shin an deis dheireanach impím; (aimsir láithreach, a fuair Luther. Fógraíodh impigh): I implore ina eisreachtaí é. Chuirfí trócaire Dé: God’s mercy pionós ar aon duine a fáidh/fáithe: prophet(s) chabhródh leis éalú. Bhí aspal: apostle Feardorcha na Sacsaine eisreachtaí: outlaw ag tacú le Luther go dtí Feardorcha: Frederick comhghuallaithe: allies seo. Ghabh sé Luther ar a suntas: signi昀椀cance shlí abhaile ón Diet agus éileamh/éilimh: demand(s) choimeád sé i bhfolach é i gCaisleán Wartberg. Chaith Luther a chuid ama ann ag aistriú an Bhíobla ón Laidin go dtí an Ghearmáinis.

D’úsáid Luther teanga shimplí san aistriúchán, ionas go mbeadh an Bíobla soléite do gach duine. Bhí canúintí éagsúla sa Ghearmáinis, mar atá sa Ghaeilge, agus mar sin, b’éigean do Luther leagan amháin den teanga a chruthú a bheadh sothuigthe do gach duine. Ar an tslí sin, bhí tionchar mór ag Luther ar an nGearmáinis a úsáidtear inniu!

An bhfuil a fhios agat? Níor athraigh Wittenberg mórán ó aimsir Luther. Le linn an Dara Cog adh Domhanda, bheartaigh na comhghuail lithe gan an chathair a ionsaí, mar gheall ar an suntas stairiúil a bhain léi mar thúsphointe an Rei昀椀rméisin!

Wittenberg sa lá atá inniu ann.

An bhfuil a fhios agat? Ainmníodh Martin Luther King Jr as Martin Luther. In 1966, rinne Martin Luther King Jr aithris ar ghníomh Martin Luther ag Wittenberg nuair a chroch sé liosta éilimh ar Halla na Cathrach in Chicago!

Réamhcheacht: Smaoinigh ar aon ócáid reiligiúnach (Aifreann na Nollag, mar shampla) a bhíonn ar siúl i do cheantar nó ar fhreastal tú uirthi, agus pléigh na ceisteanna seo a leanas:

1 Cén teanga a bhí in úsáid ag an ócáid reiligiúnach sin? 2 Cé a léigh an téacs reiligiúnach (téacs amhail an Bíobla nó an Quran) ag an ócáid reiligiúnach sin?

3

Martin Luther King Foinse: Nobel Foundation

Foclóir Ola na nEaslán: anointi

ng

Ar léigh tú féin aon chuid de théacs reiligiúnach, amhail an Bíobla nó an Quran, i d’aonar?

4 An bhfuair tú féin, (nó an bhfuil aithne agat ar dhuine a fuair) aon cheann de na sacraimintí seo a leanas: baisteadh, faoistin, cóineartú, an Eocairist, Ola na nEaslán, pósadh, oirniú.

of the sick oirniú; sacraimint ina ndéantar sagart d’fh

ear:

ordination

8. An Reifirméisean

155


Difríochtaí idir na reiligiúin sa Rei昀椀rméisean Tugaimid ‘Liútarachas’ ar chreideamh Luther.

Conas is féidir slánú a fháil?

An Eaglais Chaitliceach

An Liútarachas

Braitheann slánú ar dhá ní:

Braitheann slánú ar rud amháin:

(i) Creideamh a bheith agat i nDia Creideamh a bheith agat i nDia. (ii) Dea-oibreacha a dhéanamh.

Conas is féidir eolas agus treoir a fháil faoi Dhia?

Is féidir eolas agus treoir faoi Dhia Is féidir eolas agus treoir faoi Dhia a fháil ón gcléir. a fháil ón mBíobla.

Teanga na hEaglaise An Laidin agus an Bhíobla

Teanga na ndaoine

Líon na Sacraimintí

7 gcinn: baisteadh, faoistin, cóineartú, eocairist, ola na n-easlán, pósadh, oirniú.

2 cheann: baisteadh agus eocairist

Pósadh

Níl cead ag an gcléir pósadh ná clann a bheith acu.

Tá cead ag ministrí pósadh. Phós Luther Katherine Von Bora, iarbhean rialta agus bhí clann acu.

Roimh i bhfad, foilsíodh creideamh Luther i ndoiciméad darbh ainm Faoistin Augsburg. Thacaigh go leor prionsaí i dtuaisceart na Gearmáine leis an Liútarachas. Tar éis do Luther bás a fháil, bhris cogadh cathartha amach sa Ghearmáin, cogadh a mhair Foclóir ar feadh naoi mbliana, mar gheall ar na difríochtaí creidimh. Tháinig deireadh leis an gcogadh nuair a síníodh conradh ar leasaitheoir: reformer Cailvíneachas: Calvinism ar tugadh ‘Síocháin Augsburg’. De réir an chonartha seo, bhí réamhchinniúint: predesti saoirse ag gach ceannaire, reiligiún a cheantair féin a roghnú. nation agó id phoiblí: public protest B’éigean do Chaitlicigh i gceantair Phrotastúnacha a reiligiún a údarás: authority athrú nó an ceantar a fhágáil agus b’éigean do Phrotastúnaigh i gceantair Chaitliceacha an rud céanna a dhéanamh. Leasaitheoirí Eile Fuair leasaitheoirí eile inspioráid ó Luther. Chuir Ulrich Zwingli tús leis an Rei昀椀rméisean in Zurich san Eilvéis nuair a bhunaigh sé a reiligiún féin. D’éalaigh an Protastúnach, Jean Calvin, ón bhFrainc (tír Chaitliceach), go dtí an Ghinéiv san Eilvéis. Bhunaigh sé a reiligiún féin, an Cailvíneachas. Chreid Cailvin sa réamhchinniúint. Ciallaíonn sé sin go ndéanann Dia cinneadh roimh bhreith an duine, cé acu an rachaidh sé ar neamh nó nach rachaidh. Chuir Calvin cosc ar rince, ealaín, uirlisí ceoil, amharclanna agus éadaí ildaite, i measc rudaí eile. Ghlac daoine leis na rialacha déine seo mar réitigh Calvin, agus an reiligiún nua, go leor de na fadhbanna sóisialta a bhí sa Ghinéiv. Is é an bhrí is bunúsaí a bhaineann le Protastúnach ná duine a dhéanann agóid phoiblí. Tagraíonn an téarma Protastúnachas do na creidimh nua ar fad a bunaíodh de bharr an Rei昀椀rméisin a cheistigh údarás an Phápa.

156

Aistear Ama


Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. ceannaire

dealbh/dealbha

iar-bhunscoileanna/meánscoileanna

cinneadh/cinntí

príosúnú

cliarscoileanna

comhairle

míchleachtas

aineolach

todhchaí

mionlach/mionlaigh

d’easaontaigh

troscadh

cúistiúnacht

Íosa

d’fhulaing

céasadh

Íosánaigh

An Frith-Rei昀椀rméisean Ba é an frith-Rei昀椀rméisean freagra na hEaglaise Caitlicí ar scaipeadh an Phrotastúnachais. Cuireadh athruithe i bhfeidhm san Eaglais Chaitliceach agus úsáideadh an chúistiúnacht agus na hÍosánaigh chun scaipeadh an Phrotastúnachais a stopadh.

Athruithe – Comhairle Trento Ba shraith cruinnithe faoin gcreideamh é Comhairle Trento, a tharla i mbaile Trento san Iodáil. Seo roinnt samplaí de chinntí a tógadh ann: •

Bhí na míchleachtais i gcoinne dhlí na heaglaise.

Ba chóir pictiúir agus dealbha a choimeád sna séipéil chun scéalta ón mBíobla a mhíniú.

Bhunófaí cliarscoileanna chun oideachas ní b’fhearr a chur ar shagairt.

Foclóir : Frith-Rei昀椀rméisean tion Counter-Reforma

Na hÍosánaigh Ceisteanna duitse! Pléigh: •

Cé mhéad bliain a chaitheann dochtúir san ollscoil ag foghlaim leighis?

Cé mhéad bliain a chaitheann sagart san ollscoil ag foghlaim diagachta?

Naomh Ignatius Loyola, péintéireacht le Peter Paul Rubens

B’ord de shagairt Chaitliceacha iad na hÍosánaigh, a bhí páirteach sa Fhrith-Rei昀椀rméisean. Bhunaigh Iognáid Loyola, saighdiúir, an t-ord agus d’eagraigh sé na hÍosánaigh mar arm – tugadh an leasainm ‘saighdiúirí Dé’ agus ‘ginearáil’ ar na sagairt. Roimh an Rei昀椀rméisean, bhí go leor sagart aineolach ar chúrsaí creidimh. Chaith sagart Íosánach 15 bliana i mbun traenála, áfach. Chaith oird eile Caitliceacha a gcuid ama ag guí agus ag troscadh, ach bhí na Íosánaigh difriúil. Dhírigh siad ar oideachas a chur ar mhic na n-uasaicmí, chun a chinntiú go mbeadh ceannairí na todhchaí ina gCaitlicigh. Is samplaí iad Coláiste Belvedere, Coláiste Gonzaga, agus Coláiste Choill Chluana Gabhann d’iar-bhunscoileanna a bhunaigh na hÍosánaigh in Éirinn. Bhí na hÍosánaigh páirteach i scaipeadh an chreidimh thar lear freisin, go háirithe sa Domhan Nua.

8. An Reifirméisean

157


Foclóir

An Chúistiúnacht

Coláiste Choill Chluana Gabhann: Cúirt chreidimh a bhí i gceist leis an gcúistiúnacht. Cuireadh Clongowes Wood College daoine, a d’easaontaigh leis an gcreideamh Caitliceach, nó a raibh céasadh daoine: people were reiligiún difriúil á chleachtadh acu, ar a dtriail ann. Céasadh agus tortured cuireadh téarma príosúnachta ar dhaoine chun brú a chur orthu ‘admháil’ a thabhairt faoi reiligiún. Uaireanta, b’éigean do dhaoine éadach buí (sanbenito) a chaitheamh. Dódh daoine go poiblí, ag an stáca. Ba chúistiúnacht de chuid Ferdinand agus Isabella na Spáinne an chúistiúnacht ba mhó cáil. D’fhág a lán Giúdach an Spáinn ag an am, in áit iompú ar an gCríostaíocht.

Torthaí an Rei昀椀rméisin

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. cogadh/cogaí

rí/ríthe

deisceart

cumhacht

Albain

an tSualainn

oideachas

an Eilvéis

an Danmhairg

ealaín

Preispitéireachas

an Iorua

ailtireacht

tuaisceart

an Ísiltír

1. Scaipeadh agus bunú reiligiúin nua Réamhcheacht: Féach ar an ngrafaic eolais ar leathanach 159 agus freagair na ceisteanna seo:

1 Cad as ar tháinig an t-eolas chun an ghrafaic eolais seo a chruthú? 2 Cén bhliain a rinneadh an suirbhé? 3 Ainmnigh 4 thír ina bhfuil níos mó Protastúnach ná Caitliceach. 4 An bhfuil na tíortha sin suite den chuid is mó a) i ndeisceart na hEorpa nó b) i lár na hEorpa nó c) i dtuaisceart na hEorpa?

5 Ainmnigh 4 thír ina bhfuil níos mó Caitliceach ná Protastúnach. 6 An bhfuil na tíortha sin le fáil den chuid is mó a) i ndeisceart na hEorpa b) i lár na hEorpa c) i dtuaisceart na hEorpa?

7 Cén bhliain a chroch Martin Luther an 95 Téis? 8 Cé mhéad bliain atá idir crochadh an 95 Téis agus an suirbhé seo? 9 An raibh tionchar fadtéarma ag gníomhartha Martin Luther ar an Eoraip ón uair a chroch sé na 95 Téis, dar leat? Mínigh do fhreagra.

158

Aistear Ama


Protastúnaigh lonnaithe i dtuaisceart na hEorpa, na Caitlicigh sa deisceart

An tSualainn An Fhionlainn

Níos mó Protastúnach ná Caitlicigh

An Iorua

Níos mó Caitliceach ná Protastúnaigh Gan claonadh reiligiúnach den chuid is mó

An Danmhairg Éire

An Ríocht Aontaithe

An Ísiltír

An Ghearmáin An Bheilg

An Fhrainc

An Eilvéis

An Ostair

An Iodáil

An Phortaingéil

An Spáinn

Foclóir gan mhachna

mh: inadvertently

buan: perm

Rinneadh an suirbhé idir Aibreán agus Lúnasa 2017 i 15 thír.

Dar leis na staraithe Eugene F. Rice, Jr. agus Anthony Grafton: ‘Gan mhachnamh, go cinnte agus go buan, scoilt na leasaitheoirí Protastúnacha aontacht mhílaoiseach na Críostaíochta Eorpach.’ The Foundations of Early Modern Europe 1460-1559, Second Edition, (WW Norton & Company, 1994) lch. 146, alt 1.

anently aontacht mhí laoiseach; an aontacht re iligiúnach Críostaíoch: millenial unity Preispitéire

achas: Presbyteria n cogadh cath artha: civil w ar

Roimh i bhfad, scaip an creideamh nua go tíortha eile, go háirithe i dtuaisceart na hEorpa. Anuas air sin, spreag Luther leasaitheoirí eile chun an Eaglais Chaitliceach a cheistiú, a cháineadh agus chun a reiligiúin féin a bhunú, 昀椀ú. Céad bliain tar éis do Luther na 95 Téis a scríobh, bhí an Eoraip scoilte. I dtuaisceart na hEorpa, bhí tromlach na ndaoine ina bProtastúnaigh, agus ba Chaitlicigh iad tromlach na ndaoine i ndeisceart na hEorpa. Féach thíos ar an amlíne a léiríonn scaipeadh agus bunú reiligiúin nua. 1519: Bunaíonn Ulrich Zwingli a reiligiún féin in Zurich na hEilvéise. 1531: Iompaíonn an tSualainn ar an Liútarachas 1534: Bunaíonn Anraí VIII Eaglais Shasana. Ceapann sé é féin ina cheannasaí ar an eaglais seo. 1536: Bunaíonn Jean Calvin a reiligiún féin, an Cailvíneachas sa Ghinéiv san Eilvéis. 1537: Fógraítear an Liútarachas ina phríomhreiligiún sa Danmhairg agus san Iorua. 1571: Tagann an Protastúnachas chun cinn san Ísiltír. 1572: Tugann John Knox reiligiún Calvin ar ais go hAlbain leis. Tugtar Preispitéireachas ar an leagan den Phrotastúnachas a thagann chun cinn in Albain ag an am. 8. An Reifirméisean

159


2. Cogaí Creidimh Tharla cogaí a bhain le creideamh sna 16ú, 17ú agus 18ú haoiseanna. Chuir rialtóirí dlíthe i bhfeidhm i gcoinne aon chreideamh, nárbh é a gcreideamh féin é. Spreag imeachtaí mar seo fuath agus fearg trasna na hEorpa. Tugadh cogaí creidimh orthu, cé gur bhain na cogaí seo le cumhacht, talamh agus saibhreas freisin. Tharla cogaí cathartha i Sasana, Ár Lá Fhéile Bairtliméid i bPáras na Fraince (St Bartolomew’s Day in Albain, sa Fhrainc, san Eilvéis Massacre), péintéireacht le Francois Dubois, Protastúnach, a d’fhág an chathair go luath tar éis na n-imeachtaí seo. agus sa Ghearmáin, mar a chonaiceamar. Bhris cogaí amach idir tíortha le reiligiúin dhifriúla freisin: •

As an Reifirméisean agus as an iomaíocht sa Domhan Nua, d’eascair coimhlint idir an Spáinn (Caitliceach) agus Sasana (Protastúnach). Chuir rí na Spáinne, Armáid na Spáinne (130 long), go Sasana chun an tír sin a ionsaí in 1588.

Cogadh na dTríocha Bliain (1618-1648): Bhris cogadh amach sa Ghearmáin (an Impireacht Naofa Rómhánach) idir stáit Chaitliceacha agus stáit Phrotastúnacha. Measann staraithe gur cailleadh aon trian de dhaonra na Gearmáine de bharr an chogaidh seo. Roimh i bhfad, tarraingíodh tíortha eile Eorpacha isteach sa chogadh freisin.

Chuir Síocháin Westphalia deireadh leis na cogaí creidimh ar mhór-roinn na hEorpa. Chinntigh sí go bhfuair mionlaigh an ceart a reiligiún a chleachtadh go príobháideach.

3. Imirce Chuaigh a lán ball de na reiligiúin nua Protastúnacha ar imirce de bharr géarleanúna, nó chun deiseanna nua a fháil in áiteanna difriúla. Bhog grúpa mór Preispitéireach ó Albain go Cúige Uladh in Éirinn – foghlaimeoimid níos mó faoi sin sa chéad chaibidil eile. Tá a gcreideamh fós an-láidir i dTuaisceart Éireann sa lá atá inniu ann. Chuaigh Piúratánaigh (Protastúnaigh Shasanacha) ar imirce go New England, agus bhunaigh siad Ollscoil Harvard ann. D’fhág Úgónaigh (Protastúnaigh Fhrancacha) an Fhrainc chun éalú ó ghéarleanúint. Chuir cuid acu fúthu i gcathair Chorcaí agus i mBaile Átha Cliath. An reilig Úgónach i lár chathair Chorcaí, idir Shráid Theampall na bhFrancach agus Lána Uí Chiara.

Foclóir géarleanúint: perse

cution

Úgónaigh: Huguen

ots

maoin, saibhreas:

possessions

Barócach; stíl ealaí

ne ina bhfuil béim ar ornáidíoc ht: Baroque stíl na ré Barócaí: Baroque style

160

Aistear Ama


4. Cumhacht na Ríthe Le cur i bhfeidhm Shíocháin Augsburg, bhí deireadh le cumhacht an Phápa i dtíortha a d’iompaigh ar an bProtastúnachas. Sna tíortha sin, thóg ríthe, ar nós hAnraí VIII i Sasana, maoin na heaglaise (séipéil, mainistreacha agus talamh) agus d’éirigh siad ní ba shaibhre. Go minic, chuir ríthe iad féin mar cheannasaithe ar an reiligiún freisin. I Sasana bhunaigh Anraí VIII Eaglais Shasana. Ní hamháin go raibh sé ina cheannaire ar an tír, ach bhí sé ina cheannaire ar an reiligiún a bhunaigh sé freisin (Eaglais Shasana.) Fiú i gcás na dtíortha Caitliceacha, bhíodh an chumhacht ag na ceannairí, reiligiún na dtíortha sin a athrú, agus mar sin, laghdaigh cumhacht an Phápa go suntasach.

5. Ailtireacht D’ionsaigh Protastúnaigh séipéil Chaitliceacha, agus scriosadh dealbha, ealaín agus na foirgnimh féin i dtíortha éagsúla san Eoraip. Mar thoradh air sin, tháinig dhá stíl dhifriúla ailtireachta chun cinn sna séipéil.

Dealbh a briseadh ag an am seo.

Na Séipéil Chaitliceacha

Na Séipéil Phrotastúnacha

Bhíodh a lán maisiúchán agus a lán ealaíne, amhail freascónna agus dealbha, le feiceáil i séipéil Chaitliceacha. Bhíodh fuinneoga daite i gcuid acu agus chaith sagairt éide mhaisithe ildaite.

Bhíodh stíl shimplí, íostach i séipéil Phrotastúnacha. Ní bhíodh mórán tábhachta ag baint le dathanna, freascónna, dealbha ná fuinneoga daite sna séipéil seo.

Úsáideadh na gnéithe seo chun scéalta ón mBíobla a mhíniú do phobal neamhliteartha, chun a chur i gcuimhne do dhaoine go raibh na naoimh agus Íosa Críost gar dóibh i gcónaí, chun dúthracht a spreagadh, agus chun an creideamh a cheiliúradh.

Chreid Protastúnaigh gur chuir maisiúcháin isteach ar an nguí agus gur chur amú airgid a bhí iontu.

Ag an am, tháinig stíl ealaíne na Ré Barócaí chun cinn. Stíl í a bhí thar a bheith ornáideach. Úsáideadh an stíl sin in an-chuid séipéal Caitliceach. Séipéal Protastúnach san Ísiltír sa lá atá inniu ann.

Séipéal Barócach i Vín san Ostair sa lá atá inniu ann.

8. An Reifirméisean

161


6. Oideachas Bhí Protastúnaigh den tuairim gur cheart go mbeadh gach duine in ann an bíobla a léamh dóibh féin chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar a gcreideamh. Thuig an Eaglais Chaitliceach gurbh é aineolas na sagart ceann de na cúiseanna ar thosaigh an Rei昀椀rméisean, agus gur ghá oideachas a chur ar na sagairt. Dá bharr sin, mhéadaigh líon na ndaoine a fuair oideachas ag an am. An Ghaeilge ag an am Faoin am seo, bhí an Protastúnachas agus an Preispitéireachas in Éirinn, agus bhí smacht iomlán ag ceannairí Shasana ar Éirinn. Ní raibh cead ag Caitlicigh aon ábhar a chur i gcló. Mar sin, ba leabhar faoin gcreideamh Preispitéireach é an chéad leabhar a chlódh as Gaeilge. Meabhairmhapa súil siar Pointe tosaigh

An Eaglais Chaitliceach Creideamh an tromlaigh san Eoraip An Pápa

1517 Scríobhann Mar琀椀n Luther 95 téis

Anraí VIII – Cosantóir an Chreidimh

Frith-Rei昀椀rméisean An Pápa Pól III Máire na Fola

An Ísil琀r

An Protastúnachas Liútarachas An Ghearmáin

Ní bhfuair Anraí VIII colscaradh ón eaglais Chaitliceach, mar sin bhunaigh sé reiligiún nua.

Máire I An Caitliceachas 1516-1558

Comhairle Trento 1545-1563

Na hÍosánaigh Úgónaigh – An Fhrainc

Jean Calvin – An Cailvíneachas – An Eilvéis

Anraí VIII – Eaglais Shasana

John Knox – Preispitéirigh – Albain

Piúratánaigh – Sasana

Éadbhard VI Eaglais Shasana – 1537-1553

An eaglais Chaitliceach Reiligiúin nua Cúis na n-athruithe ar fad

162

Aistear Ama

Éilís I 1533-1603 An tAnglacánachas

Iognáid Loyola

An Chúis琀椀únacht


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Gníomhartha Martin Luther

Líon na Bearnaí Bhaisleac

moladh

bulla

Diet

slánú

eisreachtaí

dhiúltaigh

shéanadh

Feardorcha

Ghearmáin

loghanna

Wittenberg

mBíobla

Wartberg

Laidin

choinnealbhá

Tietzel

Ghearmáinis

1517

Téis

hAgaistínigh

ionadaí

Fíreánú

shéanadh

Rugadh Martin Luther sa __________. Chuaigh sé isteach sna __________ chun a bheith ina mhanach. Cé gurbh fhear an-chráifeach é Luther, chreid sé i gcónaí go raibh sé peacúil agus nach raibh Dia sásta leis. Rinne sé staidéar ar an ____________, chun fáil amach conas ab fhéidir leis neamh a bhaint amach. Ón staidéar seo, tháinig sé ar fhreagra gurbh é aon t-aon bhealach chun __________ a fháil ná chun creideamh a bheith aige i nDia. Thug sé ‘________ trí Chreideamh Amháin’ ar an bhfreagra a fuair sé.

Sa bhliain _________ tháinig manach darbh ainm Johannes _____________ go Wittenberg sa Ghearmáin, ag díol ________ chun íoc as costas tógála ____________ Pheadair sa Róimh. Faoin am seo, bhí Luther ag múineadh diagachta in ollscoil ___________. Chuir gníomhartha Tietzel fearg ar Luther.

Scríobh Luther doiciméad ar ar tugadh na ‘95 ________’. 95 _________ a bhí iontu seo, chun feabhas a chur ar an Eaglais Chaitliceach. Chroch Luther na 95 Téis ar dhoras an tséipéil in Wittenberg. Mar gheall ar scaipeadh na 95 Téis, chuir an Pápa _______, darbh ainm an Cairdinéal Cajetan chun cainte le Luther. Ina dhiaidh sin, chuir an Pápa ionadaí eile, John Eck chun cainte le Luther. Chuaigh Luther i mbun díospóireachta leis na diagairí seo ach bhí an toradh céanna ar na díospóireachtaí – _________ Luther a thuairimí a ___________. Ina dhiaidh sin arís, chuir an Pápa Leo X _________ chuig Luther, inar ordaigh sé dó a thuairimí a shéanadh. Arís dhiúltaigh Luther é sin a dhéanamh. Ina áit sin, dhóigh sé bulla an Phápa go poiblí. Chuir an Pápa Luther faoi ____________.

In 1521, bheartaigh Séarlas V, cuireadh a thabhairt do Luther teacht chuig _______ Worms. D’iarr an tImpire Séarlas ar Luther a thuairimí a _________ arís. B’shin an deis dheireanach a fuair Luther. Fógraíodh ina ___________ é. Chuirfí pionós ar aon duine a chabhródh leis éalú. Bhí __________ na Sacsaine ag tacú le Luther go dtí sin. Ghabh sé Luther ar a shlí abhaile agus choimeád sé i bhfolach é i gCaisleán __________. Chaith Luther a chuid ama ann ag aistriú an Bhíobla ón ___________ go dtí an __________.

86. . AAnn RAe ti h f ibr h meéoi cs h ean

163


Bileoga Oibre

Bileog Oibre An Rei昀椀rméisean: Súil Siar Cuid 1: Ceangail na téarmaí ar chlé leis na sainmhínithe ar dheis. Téarma

Sainmhíniú

1 Loghanna

a cruinniú de cheannairí na Gearmáine

2 Finíochas

b Dar le Luther ba é aon t-aon bhealach amháin chun slánú a fháil ná chun creideamh a bheith agat i nDia.

3 Síomóntacht

c freagra na hEaglaise Caitlicí ar scaipeadh an Phrotastúnachais

4 Iolrachas

d nuair a bhí sagairt nó easpaig i gceannas ar ní ba mhó ná paróiste amháin

5 Neamhláithreachas

e De réir an chonartha seo, bhí saoirse ag gach ceannaire, reiligiún a cheantair féin a roghnú.

6 An Clóphreas

f

7 Bulla

g Cúirt chreidimh a bhí ann; cuireadh daoine, a d’easaontaigh leis an gcreideamh Caitliceach ar a dtriail ann.

8 Faoistin Augsburg

h easpaig nó pápaí a bheith ag tabhairt post san eaglais dá ngaolta

9 Réamhchinniúint

j

10 An Chúistiúnacht

k Chreid Calvin go ndéanann Dia cinneadh roimh bhreith an duine, cé acu an rachadh sé ar neamh nó nach rachadh.

11 Na hÍosánaigh

l

12 An Frith-Rei昀椀rméisean

m go mbíodh sagairt nó easpaig as láthair óna ndeoisí

13 Fíreánú trí Chreideamh Amháin

n litir ón bPápa

14 Síocháin Augsburg

o chabhraigh sé seo le tús a chur leis an Rei昀椀rméisean, trí eolas nua a chur ar fáil do dhaoine go tapa.

15 Diet

p poist san eaglais a dhíol

164

Aistear Ama

B’ord de shagairt Chaitliceacha iad a bhí páirteach sa Fhrith-Rei昀椀rméisean

Chreid na gnáthdhaoine go sroich昀椀dís neamh ní ba thapa dá gceannóidís iad.

foilsíodh creideamh Luther sa doiciméad seo


Bileoga Oibre

‘Beeldenstorm’ (Ollainnis), ‘Dealbh-bhriseadh’, ‘Bildersturm’ (Gearmáinis), ‘The Iconoclastic Fury’

Cuid 2: Na Séipéil

1 Déan staidéar cúramach ar an bpictiúr thuas. Scríobh alt ag míniú an méid atá ag tarlú sa phictiúr.

2 Liostaigh cúig dhifríocht idir séipéil Chaitliceacha agus séipéil Phrotastúnacha. 3 Dear séipéal do do reiligiún féin! Smaoinigh ar na ceisteanna seo: Cén cruth a bheidh ar do shéipéal? An mbeidh cruth cearnógach, cruth ciorclach, cruth croise nó aon chruth eile air? Cén stíl ailtireachta a bheidh ann? An mbeidh ealaín nó dealbha sa séipéal? Cé na dathanna a chuirfeá sa séipéal?

8. An Reifirméisean

165


Patrúin Lonnaíochta

Caibidil 1: Obair an Staraí

Torthaí Foghlama: 1.3, 1.4, 1.5, 1.6, 1.8, 1.10, 1.11, 2.11, 3.10

C

ID AIB

IL 9

Príomhthoradh Foghlama: 2.1 an chaoi a raibh tionchar ag patrúin lonnaíochta agus phlandála ar fhéiniúlacht oileán na hÉireann, ag tagairt do shampla amháin de phatrún lonnaíochta, forbairt cathracha, mar shampla agus do phlandáil amháin. Torthaí Foghlama Eile: 1.1, 1.2, 1.3, 1.4, 1.6, 1.9, 1.11, 3.2, 2.3, 2.4, 2.5, 3.6, 3.8

Réamhcheacht: obair aonair/obair ghrúpa/obair scríofa/obair bhéil Smaoinigh siar ar na topaicí eile a bhfuil staidéar déanta agat orthu, amhail na Meánaoiseanna, aimsir na taiscéalaíochta, an choncais agus an choilínithe, agus an rei昀椀rméisean. Ansin, freagair na ceisteanna seo a leanas.

1 Mínigh an focal ‘concas’. 2 Mínigh an focal ‘conquistador’ agus ainmnigh conquistador amháin. 3 Mínigh an focal ‘coilíniú’. 4 Ainmnigh trí áit a ndearnadh coilínithe astu. 5 Ainmnigh trí impireacht ón stair. 6 Rinne tú staidéar ar an téarma ‘plandáil’ nuair a bhí tú ag foghlaim faoi ré na taiscéalaíochta, an choncais agus an choilínithe. Cén bhrí a bhain le ‘plandáil’ ag an am sin?

7 Cad is cuimhin leat faoin Ridire Walter Raleigh? 8 Thosaigh an Reifirméisean sa bhliain 1517. Cá fhad a mhair sé? 9 Cad atá ar eolas agat faoi Anraí VIII, Rí Shasana? q Cén tréimhse staire inar tháinig na Normannaigh go hÉirinn? w Cá fhad a bhí na Normannaigh lonnaithe in Éirinn faoin mbliain 1500? e Cad iad na sloinnte Normannacha a bhí in Éirinn? Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. patrún

treibh/treibheanna

lonnaíocht

pátrún

tiarna

gealltóir

daingean

tiarna talún

an Mhumhain/Cúige Mumhan

bábhún

tiarna talún neamhchónaitheach

deisceart

gníomhaire

Tír Eoghain

Deasumhan

línéadach

Tír Chonaill

seirbhís

tromlach

Dún na nGall

seirbheoir

mionlach

Ulaidh/Cúige Uladh

166

Aistear Ama


Éire roimh an bpatrún nua lonnaíochta Tá sé deacair a rá cé mhéad duine a raibh cónaí orthu in Éirinn sa 16ú haois, mar gheall ar easpa foinsí, ach meastar gur chónaigh faoi bhun aon mhilliún duine sa tír. Ag an am sin, ní raibh aon Taoiseach ná ceannaire ná rí amháin i gceannas ar Éirinn. Ina áit sin, bhí an tír roinnte i gcodanna éagsúla i measc treibheanna difriúla. Bhris coimhlintí amach idir na treibheanna seo ar bhonn rialta agus iad ag iarraidh smacht a fháil ar thalamh a chéile. Bhí daonra na hÉireann roinnte i dtrí ghrúpa ag an am sin: na Gaeil, na hAngla-Éireannaigh agus Muintir an Pháil. Na Gaeil

Na hAngla-Éireannaigh

Muintir an Pháil

Ba Normannaigh iad seo, a tháinig go hÉirinn as Sasana sna Meánaoiseanna. Chruthaigh siad an-chuid de na bailte in Éirinn agus mar sin, chónaigh siad i mbailte, ach go háirithe. Faoin am seo, bhí na hAngla-Éireannaigh tar éis éirí ní ba Ghaelaí ná na Gaeil iad féin!

Thug daoine an Pháil ar Bhaile Átha Cliath agus ar an gceantar timpeall air, áit a raibh teanga, nósanna agus dlíthe Shasana i bhfeidhm. B’ann a chónaigh Sasanaigh nach raibh i bhfad in Éirinn. Ba í seo an t-aon chuid den tír a raibh smacht iomlán ag Sasana uirthi.

Cúlra agus Áit Chónaithe

Ba iad seo na daoine a raibh cónaí orthu in Éirinn roimh theacht na Normannach. Chónaigh siad ar fud na hÉireann, go háirithe faoin tuath.

Reiligiún

Caitlicigh ab ea na Gaeil, Caitlicigh ab ea na hAngla- Nuair a tháinig nár athraigh a gcreideamh Eireannaigh nár athraigh an Rei昀椀rméisean in aimsir an Rei昀椀rméisin. a gcreideamh in aimsir an d’iompaigh siad ar an Rei昀椀rméisin. bProtastúnachas.

Dlíthe agus Talamh

D’úsáid siad dlíthe na mbreithiúna (an Féineachas) – na dlíthe a bhí in úsáid in Éirinn ó aimsir na gCeilteach. Bhain an talamh ar fad leis an treibh. Thug an treibh ‘taoiseach’ ar an gceannaire a thogh siad. Bhí an talamh roinnte i measc bhaill na treibhe.

D’úsáid siad dlíthe na mbreithiúna (an Féineachas).

D’úsáid siad an dlí coiteann (dlí Shasana). Bhain an talamh ar fad leis an rí, a roinn an talamh sin leis an tiarna. Tar éis bhás an tiarna, aistríodh an talamh go dtí an mac ba shine.

Nósanna agus Traidisiúin

Gaelach

Gaelach

Sasanach

Teanga

Gaeilge

Gaeilge agus Béarla

Béarla

Sloinnte samplacha

Ó Néill, Ó Domhnaill, Ó Súilleabháin, Mac Cárthaigh

Mac Gearailt, Mac Muiris, de Búrca, de Barra

Barnewall, Fleming, Pluincéad

9. Patrúin Lonnaíochta

167


Oileán na hÉireann 1450 Talamh i seilbh na nGael Talamh i seilbh tiarnaí Angla Éireannach Talamh i seilbh rí Shasana

An Ghramadach Treibh

Uatha

Iolra

Tuiseal

Treibh: Ba leis an

Treibheanna: Ba leis na

Ainmneach

treibh an talamh.

treibheanna an talamh in Éirinn.

Tuiseal

Talamh na treibhe

Talamh na dtreibheanna

Ginideach

a bhí ann.

a bhí ann.

Ceisteanna duitse!

1 Rólimirt: Samhlaigh gur duine de mhuintir an Pháil thú agus gur Angla-Éireannach é/í do chara. Cuir agallamh ar do chara faoina shaol/saol. Cuir ceisteanna mar seo: Cén teanga a labhraíonn tú? Cá bhfuil cónaí ort? An imríonn tú iománaíocht? Cén sloinne atá ort? Cad a cheapann tú de Rí Shasana? Cén reiligiún atá agat? Cé na dlíthe a úsáideann tú?

2 Féach ar an eolas faoi dhlíthe na mbreithiúna agus ar an dlí coiteann ar leathanach 167. Cén córas dlí is mó a thaitníonn leat? Mínigh do fhreagra.

3 An tú an mac is sine i do theaghlach? Faigh amach cé mhéad duine sa rang, arb iad an mac is sine ina dteaghlach iad. Cén buntáiste a bhain leis sin sa dlí coiteann?

Na Cúiseanna a bhain le concas Shasana ar Éirinn (i)

Bhí saibhreas agus talamh na hÉireann ó na Sasanaigh.

(ii) Ba chuid den pholasaí a bhain le leathnú impireachta é concas a dhéanamh ar Éirinn. Dar leis an staraí G.A. Hayes-McCoy ‘Bhí Sasana in éad le cumhacht mhór na Spáinne, agus de réir a chéile ní raibh ar intinn na Sasanach ach cur lena dtalamh féin – agus an trádáil – thar lear. Ghlac cumhachtaí Shasana na chéad chéimeanna chun impireachtaí a bhunú ar na hoileáin seo. Ba í Éire an chéad sprioc d’fhiontar agus do choilíniú Shasana. Fuair ceannairí na gcoilíneachtaí luath i Meiriceá Thuaidh – an Ridire Walter Raleigh, an Ridire Humphrey Gilbert, Ralph Lane – an bhuntaithí in Éirinn, agus d’fhoghlaim na Sasanaigh conas iad féin a bhunú ar an taobh eile de Mhuir Éireann, sular léim siad trasna an Atlantaigh.’ (The Course of Irish History, Caibidil 11, lgh 139-140) (iii) Tír Phrotastúnach ba ea Sasana faoin am sin. Bhí ceannairí Shasana buartha go ndéanfadh an Spáinn – an tír Chaitliceach ba láidre – ionsaí orthu, trí thír Chaitliceach na hÉireann. Mar sin, b’éigean dóibh Éire a chur faoi smacht chun Sasana a choimeád sábháilte. (iv) Chreid na Sasanaigh go raibh na Gaeil neamhshibhialta, barbartha agus go raibh cultúr Shasana ní b’fhearr ná cultúr na hÉireann. 168

Aistear Ama


Concas míleata

Foclóir

Ba chlann chumhachtach Angla-Éireannach í clann Mhic Gearailt i gCúige Laighean, clann a d’eagraigh éirí amach i gcoinne an rí. Bhuaigh an Rí Anraí VIII ar Thomás an tSíoda Mac Gearailt, ghabh na Sasanaigh smacht ar chaisleán Mhaigh Nuad agus bhí deireadh le cumhacht na nGearaltach i gCúige Laighean ina dhiaidh sin.

leathnú: expa

nsion

cuir le: add to 昀椀ontar: enterp

rise

ceannairí na

gcoilíneachta í luath: leaders of the early colonies buntaithí: 昀椀rst experience bunaigh sé; (a imsir chaite. bunaigh): he established

D‘eagraigh clann Mhic Gearailt ó Chúige Mumhan dhá éirí neamhshibhia lta: uncivilise d amach, fad a bhí Eilís I ina banríon ar Shasana. Bhí Séamas Mac Muiris Mac Gearailt i gceannas ar na hiarrachtaí sin. B’fhear é Mac Muiris Mac Gearailt a labhair Gaeilge amháin – dhiúltaigh sé a chuid Béarla a úsáid. I rith an dara éirí amach (1579-1583), tháinig longa de shaighdiúirí Spáinneacha agus Iodálacha (ar íoc an Pápa Gregory XIII astu), i dtír ag Cuan Ard na Caithne (Smerwick) ar chósta Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí. Thimpeallaigh fórsaí na banríona iad áfach, agus buadh orthu. Lean léirscrios i gCúige Mumhan: maraíodh na mílte sibhialtach, dícheannaíodh Iarla Dheasumhan – cuireadh a cheann chuig an mbanríon agus crochadh a chorp ar bhallaí chathair Chorcaí. De bharr na troda, dódh go leor de thalamh na cúige, Foclóir rud a chúisigh gorta. Ceaptar go bhfuair suas le haon trian de Silken Thomas dhaonra Chúige Mumhan bás le linn an dara éirí amach. Tomás an tSíoda: tion léirscrios: destruc ch: thousands na mílte sibhialta

Athrú ó choncas míleata go polasaí plandála

of civilians

Bheartaigh ceannairí Shasana athrú ó choncas míleata, agus díriú ina áit sin ar phlandáil. Thuig siad go bhféadfadh an dá chlann (na Gearaltaigh i gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan) éirí amach eile a thosú sa todhchaí, agus thuig siad mar sin, nach raibh iarrachtaí míleata ró-éifeachtach go fadtéarmach.

(aimsir chaite dícheannaíodh é; heannaigh): saorbhriathar, díc he was decapitated msir chaite, chúisigh sé sin; (ai sed cúisigh): that cau

Ceist duitse! Céard a bhí i gceist le

Bhí úsáid an airm in Éirinn i bhfad róchostasach.

polasaí plandála?

Bhí dhá chéim i gceist chun plandáil a chur i gcrích: Céim 1: Na Taoisigh Ghaelacha a bhaint óna dtailte. Céim 2: Daoine a chur ar an talamh sin a bheadh dílis don rí, nó don bhanríon. Uaisle Protastúnacha ab ea iad, de ghnáth. Tugadh ‘gealltóirí’ ar na huaisle seo,

Céim 1: Na Taoisigh

mar gheall siad go bhfanfaidís dílis Ghaelacha a bhaint óna dtailte féin. don choróin, go labhróidís Béarla, go scaip昀椀dís an Protastúnachas, agus go n-úsáid昀椀dís an dlí coiteann agus nósanna Shasana.

Céim 2: Daoine dílse a chur ar an talamh in áit na nGael.

Chosnódh na gealltóirí a dtalamh nua ó na Gaeil trí fhoirgnimh speisialta a thógail. Thug siad ‘daingean agus bábhún’ ar na foirgnimh speisialta sin.

9. Patrúin Lonnaíochta

169


Tús na bplandálacha Bunaithe faoi Mháire I (1556)

Chuir an Bhanríon Máire I tús leis na plandálacha sa bhliain 1556. Thosaigh an polasaí plandála i gCo. Laoise agus i gCo. Uíbh Fhailí mar aisfhreagra ar ionsaithe ó chlanna Gaelacha ar an bPáil. Ba é plandáil na Mumhan an dara plandáil. Chuir an Bhanríon Éilís I plandáil i bhfeidhm sa bhliain 1586, tar éis éirithe amach na nGearaltach/Dheasumhan. Tugadh eastáit idir 4,000 agus 12,000 acra talún do ghealltóirí éagsúla. Ba é an Ridire Walter Raleigh an gealltóir ba mhó cáil. Fuair sé 42,000 acra mórthimpeall ar bhaile Eochaill i gCorcaigh agus Lios Mór i bPort Láirge.

Bunaithe faoi Éilís I (1586) Bunaithe faoi Shéamus I (1609) Bunaithe faoi Shéamus I (1619-20) Plandáil phríobháideach

Is ionann acra amháin agus 60% de pháirc pheile! Cé mhéad páirc pheile a bheadh ag an Ridire Walter Raleigh lena 42,000 acra? Faigh amach ag an nasc seo!

https://www.justintools.com/unit-conversion/area.php?k1=&k2=football-昀椀elds

Tionchar na chéad phlandálacha Ní raibh na chéad phlandálacha ró-éifeachtach ar chúpla cúis. An chúis ba mhó ná nár tháinig go leor gealltóirí chun cónaí in Éirinn. Le himeacht ama, d’fhág cuid de na gealltóirí a gcuid talún agus d’fhill siad ar Shasana. Tugadh ‘tiarnaí talún neamhchónaitheacha’ orthu mar nár chónaigh siad ar a dtailte in Éirinn a thuilleadh. D’fhostaigh siad gníomhaire talún chun an cíos a bhailiú ó na tionóntaí, agus chuir na gníomhairí an cíos ar aghaidh go dtí an gealltóir sa Bhreatain. Ba sna bailte a chónaigh na Prostastúnaigh a bhí fágtha, rud a thug cosaint ní b’fhearr dóibh. Réamhcheacht: Ceisteanna duitse!

1 Cé mhéad contae atá i gCúige Uladh? 2 Ainmnigh iad. 3 Cé mhéad contae atá i dTuaisceart Éireann? 4 Ainmnigh iad. 5 Cad iad na contaetha atá i gCúige Uladh, ach nach bhfuil i dTuaisceart Éireann? 6 In Ulaidh, cad iad na contaetha is cóngaraí don Bhreatain Mhór? 7 An bhfuil na contaetha sin níos cóngaraí d’Albain, do Shasana nó don Bhreatain Bheag? 8 Céard is brí leis an téarma ‘gild’? Cén tréimhse staire lena mbaineann sé?

170

Aistear Ama


An Ghramadach Cúige

Tuiseal Tabharthach

Tuiseal Ginideach

*Is é foirm an tuisil

Ulaidh

in Ulaidh

Cúige Uladh

ghinidigh an leagan is

An Mhumhain

sa Mhumhain

Cúige Mumhan

coitianta a úsáidimid de

Laighin

ar Laighin

Cúige Laighean

chúigí na hÉireann.

Connachta

i gConnachta

Cúige Chonnacht

Cúige Uladh Bhí cáil ar Chúige Uladh as a bheith ar an gcúige ba Ghaelaí in Éirinn. Ar na clanna Gaelacha ba chumhachtaí sa chúige, bhí muintir Uí Néill i gceannas i dTír Eoghain agus muintir Uí Dhomhnaill i dTír Chonaill (Dún na nGall). Rinne beirt Albanach, Montgomery agus Hamilton, plandáil phríobháideach in Ulaidh sa bhliain 1606. D’éirigh leo a lán Albanach a mhealladh go Contae Aontroma agus go Contae an Dúin. Tá cuid mhaith de shliocht na nAlbanach fós ag cur fúthu sa cheantar céanna sa lá atá inniu ann. Uathu siúd a tháinig an teanga ‘Ultais’ nó ‘Ulster Scots.’

Cogadh na Naoi mBliana D’éirigh Aodh Ó Néill, Iarla Thír Eoghain, agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill buartha, go ndéanfaí plandáil ar an gcuid eile de Chúige Uladh. Thosaigh an bheirt Aodh cogadh i gcoinne riail Shasana sa bhliain 1594, agus d’éirigh go maith leo ag an tús. Mar gheall air sin, scaip an t-éirí amach ar fud cuid mhaith den tír. Anuas air sin, bheartaigh Rí na Spáinne tacaíocht a thabhairt do na taoisigh Ghaelacha. Shroich 3,500 saighdiúir Spáinneacha Cionn tSáile i gContae Chorcaí in 1601. Thimpeallaigh arm Shasana iad ag Cionn tSáile, áfach. B’éigean d’airm na dtaoiseach Gaelach siúl fad na hÉireann, 300 míle, i ndrochaimsir an gheimhridh. Shroich siad Cionn tSáile Oíche Nollag, 1601. Bhí an lámh in uachtar ag fórsaí Shasana, áfach. Ní raibh a fhios ag na taoisigh ag an am, ach ba é Cath Chionn tSáile a chruthaigh an deighilt idir Éire Ghaelach agus Éire na coilíneachta. (Ón am sin, go dtí 1922, bheadh arm Shasana suite in Éirinn.) Tháinig deireadh le Cogadh na Naoi mBliana sa bhliain 1603, nuair a shínigh Aodh Ó Néill Conradh na Mainistreach Móire. D’fhág Aodh Ó Néill mar aon le Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus suas le 100 duine eile Éire ó Ráth Maoláin ar chósta Dhún na nGall in 1607. D’fhág siad chun cabhair mhíleata a

Cogadh na 9 mBliana 1–3: Cathanna an Chogaidh Turas Uí Dhómhnaill Turas Uí Néill Na Spáinnigh

‘An Cúige ba Ghaelaí’ 1: Cluain Tiobrad 1595

2: Béal an Átha Bhuí 1598

3: Cionn tSáile 1601

Na Spáinnigh

Príomhchathanna Chogadh na Naoi mBliana Cath 1: Bua ag na taoisigh Ghaelacha Cath 2: Bua ag na taoisigh Ghaelacha Cath 3: Bua ag fórsaí Shasana

9. Patrúin Lonnaíochta

171


fháil i dtíortha Caitliceacha na hEorpa don uair a d’fhill昀椀dís. Úsáidtear an dá théarma, Imeacht na nIarlaí agus Teitheadh na nIarlaí chun cur síos ar an eachtra seo. Scríobh an tAthair Tadhg Ó Cianáin, a bhí ar bord na loinge a d’fhág ó Ráth Maoláin, dialann faoin turas. Is é an teideal a thug sé ar an dialann ná Turas na dTaoiseach nUltach as Éirinn.

Imeacht na nIarlaí

Ceisteanna

1 Cé mhéad cath a bhuaigh na taoisigh Ghaelacha? 2 Cé a bhuaigh an cogadh? 3 Cad iad na tíortha Caitliceacha, a raibh na taoisigh Ghaelacha chun cabhair a lorg uathu, an gceapann tú? Mínigh do fhreagra.

4 Féach ar an léarscáil thuas agus liostaigh na tíortha Eorpacha a ndeachaigh na taoisigh Ultacha tríothú le linn Imeacht na nIarlaí.

4 Cén fáth ar bheartaigh Ó Cianáin dialann a scríobh faoin turas, dar leat? 5 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í dialann? 6 Cén saghas fianaise í dialann: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

Plandáil Uladh Ó tharla go raibh príomhthaoisigh Chúige Uladh imithe, d’fhág sé sin go raibh an cúige réidh le plandáil. Thosaigh Seámas I ar Ulaidh a phlandáil sa bhliain 1609, agus ceachtanna foghlamtha aige ó na chéad phlandálacha. Thug sé talamh do thrí ghrúpa daoine sna sé chontae seo: Doire, Dún na nGall, An Cabhán, Tír Eoghain, Fear Manach agus Ard Mhaca. Bhí sé i gceist nach mbeadh aon Ghael páirteach sa phlandáil seo. Cé gur tháinig i bhfad ní ba mhó gealltóirí go hUlaidh ná mar a tháinig sna plandálacha eile, níor tháinig go leor díobh. Mar sin, b’éigean talamh a thabhairt do na Gaeil dhílse freisin.

172

Aistear Ama


Na Grúpaí a bhí páirteach i bPlandáil Uladh Grúpa

Cérbh iad?

Coinníollacha

Gealltóirí

Tháinig siad ó Albain nó ó Shasana

Bhíodh cead acu tionóntaí Albanacha nó Sasanacha a chur ar a gcuid tailte. Gheall gealltóir go dtógfadh sé daingean le bábhún timpeall air.

Caisleán Tully, Contae Fear Manach, daingean le bábhún timpeall air.

Seirbheoirí

Ba shaighdiúirí iad seo a thug seirbhís in arm Shasana le linn Chogadh na Naoi mBliana. Fuair siad an talamh mar íocaíocht as an tseirbhís sin.

Bhí an rogha ag na seirbheoirí tionóntaí Sasanacha nó Gaelacha a bheith acu ar a gcuid talún. Gheall seirbheoirí freisin, go dtógfaidís bábhún le teach mór cloiche istigh ann.

Teach cloiche agus bábhún.

Gaeil Dhílse

Tugadh talamh do thaoisigh Ghaelacha a thaispeáin go raibh siad dílis le linn Chogadh na Naoi mBliana.

Bhíodh cead acu tionóntaí Gaelacha a bheith acu ar a gcuid tailte. D’íoc siad dhá oiread an chíosa a d’íoc na gealltóirí. Tugadh talamh dóibh in aice le seirbheoirí. Gheall na Gaeil dhílse go dtógfaidís bábhún.

9. Patrúin Lonnaíochta

173


Gildeanna Londain

Theastaigh ó Rí Séamas I go Tháinig 12 ghild de cheardaithe éagsúla ó dtiocfadh feabhas ar eacnamaíocht Londain go Doire, agus lonnaigh siad ann. an cheantair. Chuige sin, chreid sé gur ghá ceardaithe le scileanna nua a thabhairt go hÉirinn.

Foclóir ers undertak gealltóirí: t the Fligh í: a na nIarl Imeacht rls of the Ea ors irí: servit seirbheo ille: aigh Cho Ceithearn es woodkern

Gildeanna i nDoire.

Ceisteanna: 1

An foinse phríomha nó foinse thánaisteach í an léarscáil thuas?

2

Cén saghas 昀椀anaise í an léarscáil seo: 昀椀anaise scríofa, cluasfhianaise, 昀椀anaise thadhlach, 昀椀anaise ó bhéal nó 昀椀anaise físe?

Dar ndóigh, níor tugadh talamh do na Gaeil a bhí mídhílis le linn Chogadh na Naoi mBliana agus mar sin, bhí orthu dul chun cónaí ar an talamh ba mheasa, amhail na coillte. Tugadh ‘ceithearnaigh choille’ orthu. Ceisteanna

1 An ionann na contaetha a ndearna an Rí Séamas I plandáil orthu, agus na contaetha i dTuaisceart Éireann sa lá atá inniu ann?

2 Cén fáth, dar leat, ar cuireadh na Gaeil dhílse ar eastáit in aice leis na seirbheoirí, seachas in aice leis na gealltóirí?

Patrún Lonnaíochta – Réamhcheacht: obair aonair/ghrúpa

1 Cruthaigh meabhairmhapa den eolas is cuimhin leat, faoi na foirgnimh sna mainistreacha in Éirinn luath-Chríostaí.

2 Cruthaigh meabhairmhapa den eolas is cuimhin leat, faoi fhorbairt bailte agus cathracha in aimsir na Lochlannach.

3 Cruthaigh meabhairmhapa den eolas is cuimhin leat, faoi bhailte sna Meánaoiseanna. 4 Cad is cuimhin leat faoi phatrún lonnaíochta na Normannach in Éirinn? 5 Céard is cuimhin leat faoi fhorbairt chathair Bhaile Átha Cliath in aimsir na Normannach? 6 Tá staidéar déanta agat ar an téarma ‘pátrún’. Cad ba bhrí leis? Cad é an difríocht idir ‘patrún’ agus ‘pátrún’?

7 Luaigh aon logainm Spáinnise, a thug na Spáinnigh ar an talamh a ghabh siad i Meiriceá Theas.

174

Aistear Ama


Forbairt Bailte agus Cathracha Mar chuid de Phatrún Lonnaíochta na bPlandálacha Ba é an chiall a bhain le baile plandála ná baile nua, le leagan amach áirithe, pleanáilte.

Gnéithe na mBailte agus Cathracha Plandála

1 Ballaí: Tógadh ballaí timpeall bailte agus cathracha móra chun na gealltóirí a chosaint ó ionsaithe na nGael. Cuireadh canónacha ar na ballaí (sna hurdhúnta). Bíodh geataí mar chuid de na ballaí freisin.

2 Sráideanna Díreacha: Bhíodh sráideanna na mbailte plandála díreach, leathan. Bhí siad leagtha amach i bhfoirm greille. Chónaigh na ceardaithe ar na sráideanna seo.

3 An Chearnóg nó an Diamant: I lár na mbailte agus na gcathracha, ag an bpríomhchrosbhóthar, bhíodh spás mór leathan oscailte. Bhíodh cruth cearnógach nó triantánach air. Tugadh ‘cearnóg’ nó ‘diamant’ ar na spásanna seo, mar shampla ‘an Diamant’ i dTír Eoghain nó Muineachán.

3 Foirgnimh: Bhí na foirgnimh thábhachtacha lonnaithe timpeall na cearnóige nó timpeall an diamaint, ina measc (i) an Teach Cúirte agus Príosún – áit ar cuireadh aon duine a bhris an dlí coiteann, (ii) an Eaglais Phrotastúnach – bhí eaglais Phrotastúnach i ngach baile chun cabhrú le scaipeadh an chreidimh nua.

4 Na Tithe: Bhíodh na tithe leagtha amach ar ardáin. Chónaigh na ceardaithe i dtithe dhá stór, iad déanta sa stíl Shasanach, le ballaí déanta as clocha agus adhmad, díon déanta as sclátaí, agus simléir déanta as brící dearga.

5 Logainmneacha: Go minic, chuireadh na gealltóirí ainmneacha neamhGhaelacha ar bhailte agus ar shráideanna in Éirinn. Samplaí iad Virginia (Achadh an Iúir), Queenstown (An Cóbh), Philipstown (Daingean), Maryborough (Port Laoise). Seicliosta chun baile nó cathair phlandála a aithint

Foclóir s) nta: bastion( urdhún/urdhú : terrace(s) ardán/ardáin

1

Cearnóg/diamant i lár an bhaile

2

Sráideanna díreacha, leathana

3

Ballaí, timpeall an bhaile, a mbíodh urdhúnta do chanónacha iontu

4

Foirgnimh thábhachtacha

5

Tithe dhá stór, sa stíl Shasanach

6

Ainm Sasanach/éagsúil ar an mbaile

An Ghramadach Focal

Míniú

Patrún

Dearadh, nó struchtúr, faoi leith (lonnaíocht sa chás seo) atá athdhéanta. Is féidir linn eolas a fháil ó phatrúin lonnaíochta.

Pátrún

Duine saibhir a thugadh airgead d’ealaíontóirí chun go ndéanfadh siad saothar ealaíne dóibh. Mar shampla, ba phátrún é Lorenzo de Medici ar Leonardo da Vinci agus ar Michelangelo.

9. Patrúin Lonnaíochta

175


Cás-Staidéar: Forbairt Chathair Dhoire Tógadh go leor bailte nua in Ulaidh ag an am seo, amhail Dún na nGall agus Leifear, ach ba é Doire an baile ba thábhachtaí de chuid na Plandála agus an chéad bhaile pleanáilte in Éirinn. Na gnéithe de bhaile pleanáilte atá le feiceáil ann ná: 1 Tá cearnóg mhargaidh le feiceáil i lár na cathrach, a bhfuil foirgneamh cosanta suite inti. 2 Tá sráideanna díreacha, leathana ann, iad leagtha amach i bhfoirm greille. 3 Tá ballaí timpeall na cathrach. Tá urdhúnta do chanónacha, mar aon le geataí, sna ballaí. Breis agus 400 bliain ó tógadh iad, tá na ballaí fós ann agus is féidir siúl orthu (tá fad aon mhíle amháin iontu). Is iad seo na ballaí is tábhachtaí ón 17ú haois, a mhaireann fós sa lá atá inniu ann, in Éirinn nó sa Bhreatain Mhór. Ní raibh cead ag na dúchasaigh a bheith ina gcónaí laistigh de bhallaí an bhaile, agus mar sin chuir siad fúthu ar an talamh riascach lasmuigh de na ballaí. Tugaimid Taobh an Bhogaigh (the Bogside) ar an gceantar sin. Sa lá atá inniu ann, tá cathair Dhoire tar éis fás go mór taobh amuigh de na ballaí, ach tá na daoine scartha de réir reiligiúin go fóill, agus iad ina gcónaí sna háiteanna ar chuir a sinsir fúthu 400 bliain ó shin. Is ceantar Caitliceach é Taobh an Bhogaigh fós sa lá atá inniu ann. Léiríonn an léarscáil ar dheis an patrún lonnaíochta maidir le reiligiún i nDoire. 4

Cuireadh foirgnimh thábhachtacha ann, amhail teach an mhargaidh. Tógadh

176

Aistear Ama

Figiúirí ó dhaonáireamh 1991.

0-20% Caitliceach 21-40% Caitliceach 41-60% Caitliceach 61-80% Caitliceach 81-100% Caitliceach


ardeaglais nua, Ardeaglais Naomh Cholm Cille, sa bhliain 1633. Ba í seo an chéad ardeaglais Phrotastúnach a tógadh in iarthar na hEorpa. 5

Tá ainm Sasanach ar an mbaile. D’athraigh ainm chathair Dhoire le himeachta ama, agus tá an logainm sin ar cheann de na logainmneacha is conspóidí in Éirinn sa lá atá inniu ann. ‘Doire Calgaigh’ an chéad leagan a bhí air fadó, fadó. Níos déanaí, ceanglaíodh ainm naomh Cholm Cille – a bhunaigh mainistir ann – leis an áit agus úsáideadh an t-ainm ‘Doire Cholm Cille’. Nuair a tháinig na gildeanna ó Londain, athraíodh logainm na cathrach go ‘Londonderry’. Go minic sa lá atá inniu ann, tugann Caitlicigh nó náisiúnaithe ‘Derry’ ar an gcathair, agus tugann Protastúnaigh nó Aontachtaithe ‘Londonderry’ ar an gcathair. Déantar iarracht meascán de dá ainm a úsáid freisin, mar shampla ‘Derry-Londonderry’ nó ‘DerryLondonderry-Doire’. Cuireadh logainmneacha nua eile ar bhailte, ar nós Salterstown, a ainmníodh as gild na Salters.

Tasc duitse! Dear do bhaile plandála féin! Úsáid an seicliosta. Cum ainm Béarla don bhaile, agus is féidir leagan Gaeilge a chumadh freisin.

Torthaí Phlandáil Uladh Daonra D’fhoghlaim Séamas I ceachtanna ó na chéad phlandálacha, agus dá bharr sin, bhí Plandáil Uladh i bhfad ní b’éifeachtaí. Tháinig a lán Protastúnach ó Shasana agus Preispitéireach ó Albain. Bhí daonra d’aon mhilliún duine ina gcónaí i gCúige Uladh agus faoin mbliain 1640 b’Albanaigh iad 40,000 díobh. Lean Albanaigh orthu ag teacht go hUlaidh le linn an 17ú haois déag. I gCúige Uladh, ba thromlach iad Protastúnaigh agus Preispitéirigh agus ba mhionlach iad Caitlicigh. Mar gheall air sin, d’athraigh Cúige Uladh ón gcúige ba Ghaelaí go dtí an cúige ba Phrotastúnaí agus ba dhílse don Choróin. Ó aimsir na bplandálacha ar aghaidh, bhí cumhacht iomlán ag ceannairí Shasana ar an gceantar. Tá roinnt de na contaetha, a ndearnadh plandáil orthu ag an am sin, ina gcuid den Bhreatain fós sa lá atá inniu ann. Tugtar ‘Tuaisceart Éireann’ ar na contaetha sin le chéile. Pobal dúchasach Chaill Caitlicigh, na huaisle Gaelacha ach go háirithe, go leor rudaí ag an am seo – chaill siad a saibhreas, a dtalamh, a saoirse, a n-áit chónaithe, a stádas agus cailleadh go leor acu féin, 昀椀ú. Ba chine den dara grád iad Caitlicigh tar éis na plandála. Chothaigh sé seo míshocracht sa chúige. Bhíodh Caitlicigh ag faire amach don chéad deis eile a bheadh acu 昀椀lleadh ar an gcineál saoil a bhíodh acu roimh an bplandáil. Ar an taobh eile, bhíodh Protastúnaigh ag faire amach don chéad ionsaí eile a dhéanfadh Caitlicigh orthu. Mhéadaigh an teannas i measc an dá phobal agus bhris coimhlintí amach eatarthu. Éirí Amach 1641 Bhí Plandáil Uladh ar cheann de na cúiseanna ar thosaigh éirí amach 1641 in Ulaidh. D’fhulaing Protastúnaigh go mór de bharr an éirí amach, agus maraíodh na mílte díobh. Faoin am a fuair Sasanaigh amach faoi sin, bhí áibhéil ollmhór déanta ar líon na bProtastúnach a maraíodh. Mhúnlaigh an t-éirí amach seo an fhéiniúlacht Phrotastúnach. Deir staraí amháin: ‘Ar nós bua Rí Liam ag Cath na Bóinne (1690) agus Cath an Somme (1916), bhí tábhacht faoi leith ag ‘sléachtanna’ 1641, maidir le féiniúlacht chomhchoiteann Phrotastúnach/Bhriotanach a chruthú agus a choinneáil i gCúige Uladh.’ (Why are the 1641 Depositions Important? https://1641.tcd.ie/index.php/using-faq/)

9. Patrúin Lonnaíochta

177


Bailte Bunaíodh níos mó ná 昀椀che baile nua sna contaetha a phlandáladh, agus mar sin d’éirigh daonra Chúige Uladh ní ba uirbí ná an chuid eile den tír. Feirmeoireacht Tugadh modhanna nua feirmeoireachta go hÉirinn, amhail barra a fhás in áit ainmhithe a thógáil. Thosaigh feirmeoirí ar líon a fhás chun línéadach a dhéanamh. D’fhás sé sin ina thionscal tábhachtach i gCúige Uladh, tionscal a mhair ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.

Foclóir Cath na Bóinne: Battle of the Boyne sléacht/sléachtanna: massacre(s) féiniúlacht chomhchoiteann; an fhéiniúlacht chéanna ag gach duine: common identity

Tábhacht Phlandáil Uladh Líon isteach an tábla thíos, bunaithe ar na hailt thuas. Roimh an bPlandáil

1609 Tar Éis na Plandála P

Ulaidh: an chúige ba Phrotastúnaí agus ba dhilse do Shasana

L

Daonra: +40,000 Albanach faoi 1640

Tromlach an daonra: Caitlicigh

A

Saibhreas, saoirse, talamh, stádas, áit chónaithe ag uaisle Gaelacha

N

Gan mórán bailte

D Á

Barra a fhás, amhail líon

I L

Imeachtaí a tharla tar éis Phlandáil Uladh Plandálacha eile: toisc go raibh an-rath ar Phlandáil Uladh, rinneadh plandáil ar chontaetha eile freisin. Faoin mbliain 1620, bhí plandálacha curtha i gcrích i gcontaetha Loch Garman, Longfoirt agus Liatroma. Plandáil Chromail: ba í Plandáil Chromail an phlandáil mhór dheireanach a rinneadh. Tháinig Cromail go hÉirinn in 1649, ag iarraidh díoltas a bhaint amach as éirí amach 1641, agus chun a shaighdiúirí a íoc. Rinne sé sléacht ar bhailte, ar nós Droichead Átha agus Loch Garman, inar mharaigh a chuid fórsaí páistí, mná agus seandaoine. Ba í Gaillimh an baile deireanach a ghéill dó. B’éigean do na huaisle Gaelacha a bhí fágtha dul ‘go hIfreann nó go Connachta’ roimh an gcéad lá de Bhealtaine, 1654. Ceithre bliana ní ba dhéanaí, bhí 25% de dhaonra na hÉireann marbh – ba chéatadán ní ba mhó é sin ná céatadán na ndaoine a fuair bás sa Ghorta Mór. Cuireadh 50,000 Éireannach chuig oileáin, ar nós Montsarat, Iamáice agus Barbadós sa Mhuir Chairib, mar shearbhóntaí faoi dhintiúr. Ciallaíonn sé sin go mbíodh orthu tréimhse Tá oidhreacht 7 mbliana (de ghnáth) a chaitheamh, ag obair gan phá, chun a saoirse Éireannach ag an amhránaí Rihanna. a thuilleamh. Labhair na hÉireannaigh an Ghaeilge ar na hoileáin sin, Cuireadh a sinsir i bhfad tar éis dóibh Éire a fhágáil. Ceiliúrann na daoine Lá le Pádraig go Barbadós le linn Phlandáil Chromail. ar Montsarat go dtí an lá atá inniu ann! 178

Aistear Ama


Léigear Dhoire: ba chathair láidir Phrotastúnach í Doire faoin mbliain 1688, í timpeallaithe ag ceantair Chaitliceacha. Nuair a rinne an Protastúnach, Liam Oráiste, iarracht an chumhacht a bhaint de Rí Caitliceach Shasana, Séamas II, bhris cogadh amach. Rinne trúpaí Shéamais II iarracht cathair Dhoire a ghabháil, ach dhún 13 printíseach óg geataí na cathrach. Chuir Séamas II léigear, a mhair trí mhí, ar chathair Dhoire. Bua Protastúnach a bhí ann. Chuir an bua seo, a ndéantar ceiliúradh air fós sa lá atá inniu ann, go mór leis an bhféiniúlacht Phrotastúnach.

Foclóir searbhónta faoi dhintiúr; searbhónta a raibh conradh oibre fadtéarma aige: indentured servant mallacht/mallachtaí: curse(s) oidhreacht: heritage sinsear/sinsir: ancestor(s)

Torthaí Fadtéarma na bPlandálacha ar Éirinn Úinéireacht na Talún: Ón uair a tharla an chéad phlandáil sa bhliain 1556, go dtí céad bliain tar éis Phlandáil Uladh, d’athraigh úinéireacht na talún in Éirinn go hiomlán. Roimh na plandálacha, ba leis na Gaeil agus na hAngla-Éireannaigh an talamh, ina ndiaidh, bhíodh úinéireacht na talún bunaithe ar reiligiún. Faoi 1703, bhain 86% de thalamh na hÉireann le Protastúnaigh, cé nach raibh iontu ach 10% de dhaonra na tíre. Impireacht na Breataine: Tháinig éad ar cheannairí Shasana le méid an tsaibhris agus le méid na cumhachta a bhí bainte amach ag impireachtaí na Spáinne agus na Portaingéile. Chleacht ceannairí Shasana a gcuid polasaithe coilíneachta in Éirinn ar dtús. Bhunaigh gealltóirí a tháinig go hÉirinn, ar nós an Ridire Walter Raleigh agus an Ridire Humphrey Gilbert, coilíneachtaí i Meiriceá Thuaidh. Dar leis an staraí Mícheál Ó Siochrú: ‘Go luath sa 17ú céad, thosaigh na Sasanaigh ag cur lena gcuid tailte trasna an domhain… Ar go leor bealaí, ba chosúil le saotharlann í Éire don Impireacht, mar gur bhain na Sasanaigh triail as a gcuid polasaithe nua in aice láimhe sula ndeachaigh siad ní b’fhaide ó bhaile leo.’

0-24% Caitliceach 25-49% Caitliceach 50-100% Caitliceach

Tionchar Chromail ar úinéireacht na talún in Éirinn

An Ghaeilge: Roimh na plandálacha, ba í an Ghaeilge teanga an phobail. Anuas air sin, ba í teanga an oideachais, teanga an dlí, teanga an riaracháin agus teanga an reiligiúin í. Le linn na bplandálacha, tháinig athrú air sin. Scríobh an Ridire John Davies in 1612: ‘Is féidir linn a shamhlú, agus tá súil againn go dtarlóidh sé, gur Sasanaigh a bheidh sa chéad ghlúin eile, i dteanga agus ó chroí; ionas nach mbeidh de dhifríocht ná d’idirdhealú eadrainn ach Muir Éireann.’ Céad bliain ní ba dhéanaí, níorbh í an Ghaeilge teanga an oideachais, teanga an dlí, teanga an riaracháin ná teanga an reiligiúin a thuilleadh. Ceanglaíodh an Ghaeilge le bochtanas agus neamhshibhialtacht. Ar an lámh eile, bhí Béarla ag teastáil chun post maith a bhaint amach. D’ainneoin seo, d’fhan an Ghaeilge mar theanga an phobail ar feadh i bhfad ina dhiaidh sin.

Foclóir samhlaigh; (m

odh ordaitheach,

samhlaigh): to imagine glúin: genera

tion idirdhealú: di stinction eadrainn: betw een us

9. Patrúin Lonnaíochta

179


Féiniúlachtaí

Fiosrú Focal Féach ar na focail thíos. An aithníonn tú iad? Déan liosta d’fhocail eile atá cosúil leo. An bhfuil focail cosúil leo le fáil in aon teanga eile? Cén teanga? Muna n-aithníonn tú na focail, bris síos i bhfocail níos lú iad. náisiún

mórshiúl

aon

náisiúnaí

nós/nósanna

aontú

neamhspleách

Ulaidh/Cúige Uladh

aontaithe

dílis

Ultais

Aontachtaí

dílseacht

féiniúlacht

féin

tine chnámh/tinte cnámh

Is teanga í Ultais a d’fhorbair ó theanga na ndaoine a tháinig go hUlaidh ó Albain. Bain triail as tráth na gceist ar an Ultais ag an nasc seo go bhfeic昀椀dh tú an aithníonn tú aon fhocal ann. https://discoverulsterscots.com/language-games/wheen-o-wurds-1/index.html D’fhorbair dhá shaghas féiniúlachta ar oileán na hÉireann tar éis Phlandáil Uladh. Bhain féiniúlacht amháin leis an gcreideamh Caitliceach, leis an nGaeilge, mar aon le cultúr agus nósanna na nGael. Bhí náisiún ag teastáil ó na daoine seo a bheadh neamhspleách ar Shasana. Inniu, tá Cumann Lúthchleas Gael, an Ghaeilge, mar aon le rince agus ceol Gaelach, anláidir i measc náisiúnaithe i gCúige Uladh. Ar an taobh eile, d’fhorbair féiniúlacht eile, a bhain leis an bProtastúnachas, leis an mBéarla, le hUltais agus le dílseacht do Shasana. Bhí na daoine seo ag iarraidh go bhfanfadh an tír ina cuid den Ríocht Aontaithe. Inniu, bíonn mórshiúlta agus tinte cnámh na nAontachtaithe ar siúl gach samhradh, chun cultúr na bProtastúnach in Éirinn a cheiliúradh. Seinneann siad druma Lambeg sna mórshiúlta, é maisithe le híomhánna atá tábhachtach don fhéiniúlacht Aontachtach. Tá tionchar tar éis a bheith ag na féiniúlachtaí difriúla seo, a d’fhorbair as Plandáil Uladh, ar an oileán seo go dtí an lá atá inniu ann. Druma Lambeg

180

Aistear Ama


Ceisteanna duitse! Féach ar na pictiúir thuas. Léiríonn siad siombailí agus imeachtaí a bhaineann le náisiúnaithe nó le hAontachtaithe. Cé na siombailí a bhaineann le náisiúnaithe, dar leat? Cad iad na siombailí agus na himeachtaí a bhaineann le hAontachtaithe, dar leat?

Mínigh na téarmaí seo a leanas: Angla-Éireannach _______________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Muintir an Pháil ________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Polasaí Plandála ________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Gealltóir ______________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Cogadh na Naoi mBliana _________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Imeacht na nIarlaí ______________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Daingean _____________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Seirbheoir ____________________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Ceithearnaigh choille ____________________________________________________________ _____________________________________________________________________________ Gildeanna Londain ______________________________________________________________ _____________________________________________________________________________

9. Patrúin Lonnaíochta

181


Bileoga Oibre

Bileog Oibre Patrún Lonnaíochta agus forbairt bailte agus cathracha Ceisteanna duitse!

1 Cé na slite a raibh an baile meánaoiseach difriúil leis an mbaile plandála? 2 Cé na slite a raibh an baile meánaoiseach cosúil leis an mbaile plandála? 3 Cé na gnéithe cosanta a bhaineann le bailte nó cathracha plandála? Tasc: Roghnaigh baile plandála ón liosta seo thíos. Freagair na ceisteanna sa tábla thíos trí thaighde a dhéanamh ar an mbaile a roghnaíonn tú. Tá ceann amháin déanta mar shampla duit. Tulach an Iarainn (Tallow), Mala (Mallow), Achadh an Iúir (Virginia), Ros Mhic Triúin (New Ross), Port Laoise, Droichead na Bandan, Eochaill, Longfort, Baile na hInse, Carraig Fhearghais (Carrickfergus), Cill Áirne, Trá Lí, Lios Mór, Co Phort Láirge, An Neidín, An Daingean, Co Chiarraí. An Ráth / Ráth Luirc / Charleville, Co Chorcaí Ceisteanna

Freagraí Samplacha

Leagan amach An raibh baint ag forbairt an bhaile seo le plandáil nó le duine áirithe?

Cheannaigh Richard Boyle talamh sa cheantar seo le linn Phlandáil na Mumhan.

Cathain a pleanáladh an baile seo?

Bheartaigh Roger Boyle, mac le Richard, baile pleanáilte a thógáil ann sa bhliain 1661.

Cén leagan amach a bhí ar an mbaile? An bhfuil cearnóg nó diamant ann? An bhfuil ballaí nó geataí timpeall ar an mbaile?

Is baile margaidh é an Ráth fós sa lá atá inniu ann. Tá sráideanna leathana díreacha comhthreomhara fós ann, Broad Street a thugtar ar cheann de na sráideanna.

Ba é Ráth an Ghogánaigh an chéad ainm a bhí ar an mbaile. Tugadh ainm nua ar an gceantar, Ar athraigh ainm an bhaile le himeachta ama? le teacht céad Iarla Orrery, Roger Boyle, sa Cad iad na tréimhsí staire lena mbaineann na bhliain 1661. Thacaigh Roger Boyle le Cromail hathruithe sin? i gcoinne rí Shasana. Nuair a bhí an rí ar ais i gcumhacht i Sasana, b’éigean do Roger Boyle An bhfuil an t-ainm Gaeilge ar an mbaile a dhílseacht a léiriú. Chuige sin, d’ainmnigh difriúil nó cosúil leis an ainm Béarla? sé an baile in onóir an rí. Is focal Fraincise é An bhfuil aon sráidainmneacha ann a ‘ville’ a chiallaíonn baile, agus bhí an rí sin tar bhaineann le ceirdeanna nó le seanfhoirgnimh? éis roinnt ama a chaitheamh sa Fhrainc. ‘Baile Shéarlais’ an chiall atá leis an ainm a chuir Roger Boyle ar an mbaile. Logainmneacha

Tugtar An Ráth nó Ráth Luairc ar an mbaile i nGaeilge sa lá atá inniu ann.

182

Aistear Ama


Cad iad na foirgnimh a tógadh sa bhaile pleanáilte seo? Cá bhfuil siad suite?

Thóg Roger Boyle séipéal Protastúnach, scoil Phrotastúnach, Weaver’s Cottages agus teach mainéir, áit ar chónaigh sé. Bhunaigh sé tionscal an lín agus olla.

Níl aon rian de na foirgnimh sin fágtha inniu. Lonnaíochtaí Eile An raibh aon lonnaíocht eile sa cheantar seo roimhe? Mar shampla, ar lonnaigh na Ceiltigh, na Lochlannaigh nó na Normannaigh ann? Nó an raibh mainistir luath-Chríostaí ann? Aon eolas suimiúil eile faoi stair an bhaile seo?

Lonnaigh na Normannaigh ann. Faoin gcóras feodach, tugadh talamh do chlann Miles de Cogan ann, tar éis ionradh na Normannach sa 12ú haois.

Bileog Oibre Dearcadh Gealltóra ar Phlandáil Uladh Léigh an fhoinse thíos. Scríobh an Ridire John Davies é sa bhliain 1612. Bhí sé páirteach in eagrú Phlandáil Uladh. …i gCúige Uladh, cé gurbh í an áit ba ghairbhe neamhleasaithe in Éirinn í, agus láthair an éirí amach mhóir dheireanaigh, tá na tailte bunaithe agus eagraithe níos fearr anois ná mar atá in aon chúige eile… Mar, cé go raibh sé chontae iomlán le heagrú, níor thug an Rí tír ná contae iomlán d’aon duine faoi leith… Mar níor tugadh dó féin ach 3000 acra don ghealltóir Briotanach ab fhearr, agus cumhacht mainéar a chruthú agus Cúirt Bharúin a bheith aige; cé go raibh pór agus cáilíocht chomh maith céanna sna gealltóirí seo is a bhí sna thaiscéalaithe ab fhearr sa chéad choncas. Arís, níor fhág an Rí na dúchasaigh as an bplandáil seo go hiomlán, agus é i gceist fáil réidh leo ar fad, mar a fágadh na hÉireannaigh amach as na céad choilíneachtaí Sasanacha, ach rinne sé plandáil mheasctha le Briotanaigh agus Éireannaigh, ionas go bhfásfaidís le chéile in aon náisiún amháin; ach amháin gur aistríodh na hÉireannaigh in áiteanna áirithe ó na coillte agus na sléibhte go dtí na machairí agus an talamh oscailte, sa tsúil is go bhfásfaidís, mar a dhéanann crainn 昀椀áine torthaí, níos boige agus go mbeadh sliocht níos fearr acu. Agus is é seo an sárshaothar agus an chuid is fearr den saothar…cinnteoidh sé síocháin na hÉireann, geallfar do Choróin Shasana go deo í, agus ar deireadh, déanfar ríocht shibhialta shaibhir, chumhachtach rafar di. Agus ní luaim anseo teacht isteach na Corónach, airgead cinnte agus sealadach araon, ar tháinig dúbailt ar a sciar… Leagan Béarla ar fáil ag an nasc seo: https://celt.ucc.ie/published/E610003/index.html

Ceisteanna:

1 Cén saghas foinse í an fhoinse seo: foinse phríomha nó foinse thánaisteach? Mínigh do fhreagra.

2 Cad iad na focail a úsáideann Sir John Davies chun cur síos ar Chúige Uladh ag tús na foinse seo? 9. Patrúin Lonnaíochta

183

Bileoga Oibre

Seanfhoirgnimh


Bileoga Oibre

3 Cén eachtra atá i gceist aige, nuair a deir sé ‘láthair an éirí amach mhóir dheireanaigh’? 4 Ar theip ar Phlandáil Uladh nó ar éirigh léi, de réir líne 2? 5 Cé mhéad acra a fuair gealltóir i bPlandáil Uladh? 6 Cén dá rud a d’fhéadfadh gealltóir le 3,000 acra a dhéanamh? 7 Cén eachtra a d’fhéadfadh a bheith i gceist ag an údar nuair a deir sé ‘sa chéad choncas’? 8 De réir an údair, conas a bhí Plandáil Uladh difriúil leis na plandálacha eile? 9 Deir an t-údar faoin bplandáil mheasctha in Ulaidh ‘cinnteoidh sé síocháin na hÉireann’. An raibh an ceart aige? Mínigh do fhreagra.

q Deir an t-údar freisin: ‘geallfar do Choróin Shasana go deo í (Éire)’. An raibh an ceart aige? Mínigh do fhreagra.

w Tabhair láidreacht agus laige amháin a bhaineann leis an bhfoinse seo agus sinn ag iarraidh tuiscint a fháil ar Phlandáil Uladh.

Bileog Oibre Éirí Amach 1641 Is samplaí iad seo thíos, d’íomhánna a léiríodh i Sasana, mar gheall ar an slad a rinneadh ar Phrotastúnaigh le linn an éirí amach in 1641.

Ceisteanna

1 Athscríobh an téacs sna híomhánna thuas. 2 Cad iad na slite a bhfuil Béarla an ama sin difriúil le Béarla an lae inniu? 3 Cad iad na mothúcháin a mhúsclaíonn na híomhánna seo ionat? 4 Cad iad na mothúcháin a mhúscail na híomhánna seo i bProtastúnaigh ag an am, dar leat? 5 Cad is brí leis an téarma ‘bolscaireacht’? 6 Cad iad na deacrachtaí, a bhaineann le húsáid foinsí mar seo, don staraí?

184

Aistear Ama


Bileoga Oibre

Ceisteanna bunaithe ar phictiúir

1 Athscríobh an téacs sa phéintéireacht/sa mhúrmhaisiú.

2 Cén reiligiún atá i gceist leis na focail ‘The Church of Rome’?

3 Cén bhliain atá i gceist sa phéintéireacht?

4 An bhfeiceann tú aon chosúlacht idir na híomhánna d’Éirí Amach 1641 agus an phéintéireacht?

5 Cé chomh sean is atá an phéintéireacht, dar leat? 6 Cén tábhacht a bhaineann leis na heachtraí foréigneacha a tharla na céadta bliain ó shin in Ulaidh, do mhuintir Thuaisceart Éireann sa lá atá inniu ann? Mínigh do fhreagra.

1 Cén téarma a úsáidimid d’fhoirgneamh mar seo?

2 Cén téarma a úsáidimid do na daoine a thóg foirgnimh mar seo?

3 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é foirgneamh mar seo?

4 Cén saghas fianaise é an foirgneamh seo: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

Tá an foirgneamh seo i gContae Liatroma.

5 An foinse phríomha nó foinse thánaisteach é grianghraf mar seo? 6 Cén saghas fianaise é an grianghraf seo: fianaise scríofa, cluasfhianaise, fianaise thadhlach, fianaise ó bhéal nó fianaise físe?

9. Patrúin Lonnaíochta

185


Bileoga Oibre

Ceisteanna: Fill Arís Rugadh Seán Ó Ríordáin, 昀椀le, i nGaeltacht Mhúscraí sa bhliain 1916. Seo thíos sliocht as dán a chum sé.

Fill Arís Fág Gleann na nGealt* thoir, Is a bhfuil d’aois seo ár dTiarna i d’fhuil, Dún d’intinn ar ar tharla Ó buaileadh Cath Chionn tSáile, Is ón uair go bhfuil an t-ualach trom Is an bóthar fada, bain ded’ mheabhair Srathar shibhialtacht an Bhéarla, Shelley, Keats is Shakespeare. * Logainm é Gleann na nGealt a chiallaíonn

Corca Dhuibhne

‘gleann ina bhfuil daoine atá as a meabhair’. Tá Gleann na nGealt suite i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

1 Cad a tharla ag Cath Chionn tSáile? 2 Cén bhliain ar tharla Cath Chionn tSáile? 3 Tá an file ag iarraidh orainn ár n-intinn a dhúnadh ar rud éigin.

Foclóir thoir: ba ck east aois seo ár dTiarn a: this age of our Lo rd ualach: lo ad bain ded ’ mheabh air: take from you r mind srathar: yoke, bu rden

Cad é? Cén fáth, meas tú?

4 Rugadh an file sa bhliain 1916. Cén aois ina bhfuil 1916? 5 An gceapann an file go raibh torthaí fadtéarma ar Chath Chionn tSáile? Mínigh do fhreagra. Cad iad na torthaí fadtéarma sin, dar leat?

6 Céard is brí leis an téarma ‘sibhialtacht’? 7 Ainmnigh sibhialtacht amháin. 8 Cad atá i gceist ag an bhfile nuair a deir sé ‘sibhialtacht an Bhéarla’, dar leat? 9 Cérbh é Shakespeare agus cén tréimhse staire lena mbaineann sé? q Cén t-imeacht clúiteach a tharla in Éirinn sa bhliain a rugadh Seán Ó Ríordáin? Ceisteanna

1 Cad iad na cosúlachtaí atá idir na tionchair a bhí ag (i) gabháil agus coilíniú na Spáinne agus na Portaingéile ar Mheiriceá Theas agus (ii) concas Shasana ar Éirinn?

2 Dear Druma Lambeg duit féin ag baint úsáid as siombailí a bhaineann leis an bhféiniúlacht Phrotastúnach nó Aontachtach in Ulaidh.

3 Ba thromlach iad Protastúnaigh agus Preispitéirigh i gCúige Uladh tar éis Phlandáil Uladh. Faigh amach an tromlach iad fós sa lá atá inniu ann i dTuaisceart Éireann.

186

Aistear Ama


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.