















































































































































































Idir scoláireachtaí agus deiseanna iontacha fostaíochta, is iomaí buntáiste a thabharfaidh an Ghaeilge duit sa saol oibre!
An bhfuil Gaeilge agat? Cad faoi aon cheann de na gairmeacha iontacha seo?
» Na Meáin Ghaeilge
(m.sh. iriseoir, láithreoir, léiritheoir, dearthóir grafach, tuairisceoir spóirt, ceamradóir) Bileog 1
» An Córas Oideachais
(m.sh. stiúrthóir naíonra, múinteoir, cúntóir riachtanas speisialta oideachais, cigire scoile, síceolaí NEPS, COGG, Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta, Comhairle na Gaelscolaíochta) Bileog 2
» Earnáil an Aistriúcháin & Institiúidí an Aontais Eorpaigh
(m.sh. dlítheangeolaí, aistritheoir, ateangaire, cúntóir teanga) Bileog 3
» Na hEagraíochtaí Gaeilge
(m.sh. Conradh na Gaeilge, Gael Linn, Glór na nGael, Foras na Gaeilge, An tOireachtas, An Droichead. Samplaí de phoist: oifigeach forbartha, feidhmeannach cumarsáide, innealtóir.) Bileog 4
» An Státseirbhís & Eagraíochtaí Stáit
(m.sh. oifigeach feidhmiúcháin, innealtóir, publicjobs.ie, tréidlia, Garda, saighdiúir, an tAerchór, an Cabhlach) Bileog 5
» Cumarsáid/Margaíocht/Gnó
(m.sh. Gaillimh le Gaeilge, bainisteoir cumarsáide/margaíochta, oifigeach caidreamh poiblí, stiúrthóir acmhainní daonna, fiontraí) Bileog 6
» Deiseanna oibre sa Ghaeltacht
(níos mó eolais ar leathanach 2) Bileog 7
Tá eolas faoi thacaíochtaí breise eile ar fáil i mBileoga 8-12: Cúrsaí Ollscoile le Gaeilge (Bileog 8), Printíseachtaí agus Cúrsaí Breisoideachais (Bileog 9), Sparánachtaí agus Scoláireachtaí (Bileog 10), Scéimeanna Cónaithe (Bileog 11) agus Seicliosta Treoirghairme (Bileog 12).
Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi seo sa Leabhrán Gairmeacha atá ar shuíomh COGG ag agus ar an suíomh Careers Portal ag https://saoloibre.ie
Anuraidh...
» 945 post nua sa Ghaeltacht.
» 8,235 post san iomlán i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.
Cad a chiallaíonn sé seo?
» Tá borradh faoi na comhlachtaí Gaeltachta.
» Tá méadú ag teacht ar fhostaíocht.
» Go leor féidearthachtaí agus deiseanna iontacha ann do Ghaeilgeoirí!
Ar mhaith leat a bheith ag obair in aon cheann de na heagraíochtaí seo?
» Comharchumainn agus Eagraíochtaí Forbartha Pobail – Tugann na heagraíochtaí seo tacaíocht agus cúnamh don phobal, go háirithe i dtaobh na Gaeilge.
» Coláistí Samhraidh – Bíonn cinnirí, cúntóirí agus múinteoirí Gaeilge á lorg acu.
» Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) – Soláthraíonn CNNG seirbhísí Oideachais Luath-Óige trí mheán na Gaeilge.
» Ealaín na Gaeltachta – Tacaíonn an eagraíocht seo le forbairt na n-ealaíon sa Ghaeltacht.
» Muintearas – Eagraíocht oideachais agus oiliúna pobail a mbíonn róil éagsúla á bhfógairt acu (oibrithe óige, cúntóirí teanga, srl)
» Ionaid Seirbhísí Teanga – Cuirtear cúrsaí Gaeilge ar bun sna hionaid agus bíonn teagascóirí á bhfostú acu. Tá breis is 30 ionad sa Ghaeltacht.
» An Córas Sláinte – Tá dochtúirí, fisiteiripeoirí, teiripeoirí saothair, agus teiripeoirí urlabhra agus teanga a bhfuil Gaeilge acu á lorg, agus tá scoláireachtaí de luach €4,000 á dtairiscint acu, maoinithe ag Údarás na Gaeltachta.
» Gteic (Údarás na Gaeltachta) – An mol digiteach is mó in Éirinn. Cuirtear spásanna agus oifigí comhoibre ar fáil sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre.
» Cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta – Raon leathan earnálacha, mar shampla: turasóireacht, bia, TFC (ICT), eolaíochtaí beatha, déantúsaíocht nideoige, na meáin dhigiteacha agus chlosamhairc, próiseáil éisc agus uisceshaothrú, fuinneamh in-athnuaite.
» An Phleanáil Teanga – Roghnaíonn Údarás na Gaeltachta eagraíochtaí ar leith chun plean teanga a ullmhú agus a chur i bhfeidhm sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta agus sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta. Fostaítear Oifigigh Phleanála Teanga chomh maith, a bhíonn ag obair ar son na Gaeilge sa phobal. Tá an-éagsúlacht ag baint leis an obair seo!
Féach sa phóca laistigh. Bileog 7
Na Cumainn Ghaelacha: Clubanna Sóisialta Gaeilge in ollscoileanna agus in institiúidí ar fud na tíre. Cuirtear fáilte roimh chách – ní gá duit staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.
Bí páirteach i bpobal beo bríomhar na Gaeilge!
“Ag tús na paindéime, rinne mé an cinneadh mé féin a mholadh do ról ar choiste na Cuallachta Gaelaí in UCC. Ar deireadh, chaith mé dhá bhliain ar an gcoiste úd. Sa tréimhse sin, tháinig mé ar líonra mór Gaelach de chairde timpeall na tíre iomláine. D’fhorbair mé mo chuid scileanna eagrúcháin, comhoibrithe agus teanga. Táim an-bhuíoch go bhfuil na cairde sin fós agam anois, agus is cinnte gur chabhraigh an taithí agus na scileanna a fuair mé sa Chuallacht agus mé ag cur isteach ar phost mar theagascóir Gaeilge ICUF (Ireland Canada University Foundation) i gCeanada. Tá an Ghaeilge an-úsáideach sa saol mór!”
Antóin Ó Trinlúin, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
“Tá saol na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas... Gach seachtain, bíonn dhá chiorcal comhrá ar siúl ag an gCumann Gaelach. Anuas air sin, bíonn oícheanta sóisialta á reáchtáil againn, chomh maith le ceardlanna éagsúla. Tugtar deis do bhaill an Chumainn páirt a ghlacadh in imeachtaí náisiúnta chomh maith, amhail Oireachtas na Samhna agus Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge.”
Karin Mason, Reachtaire an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil Luimnigh
» Comórtas Náisiúnta Díospóireachta Ghael Linn
» Maidens na Gaeilge, Gael Linn (Comórtas díospóireachta)
» Corn Uí Chon Cheanainn (Comórtas amhránaíochta ar an sean-nós)
» Bréagchúirt Uí Dhálaigh, Gael Linn (Comórtas do mhic léinn tríú leibhéal ach go háirithe dóibh siúd atá ag gabháil don Dlí.)
» Glór na nGael: Comórtais na gCumann (Comórtas bliantúil idir cumainn Ghaelacha na n-institiúidí tríú leibhéal a chuireann dea-chleachtas sa phleanáil, forbairt pobail teanga agus gaol a chothú idir na coláistí chun tosaigh.)
An bhfuil tú ag smaoineamh ar chúrsaí ollscoile a bhfuil baint acu leis an nGaeilge nó leis an gcultúr Gaelach? Tá an t-ádh leat! Tá raon leathan cúrsaí fochéime agus iarchéime ar fáil timpeall na tíre a bhaineann leis na réimsí staidéir thíos. Luaitear cuid de na cúrsaí seo ar Bhileoga na nGairmeacha (1-7), ach tá a thuilleadh samplaí d’éagsúlacht na gcúrsaí ar Bileog 8
Na Bileoga Gairme (Bileoga 1-7)
Níos mó samplaí de chúrsaí tríú leibhéal le Gaeilge
Bileog 8
Cumarsáid agus na Meáin – Féach Teangacha agus Teangeolaíocht
Oideachas – Féach
Bileog 2
Bileog 1
Dlí agus Gaeilge
Aistriúchán agus Ateangaireacht – Féach Polaitíocht agus Socheolaíocht
Gnó agus Gaeilge – Féach
Bileog 6
Bileog 3
Stair
Béaloideas agus Léann na hÉireann
Ceol, Damhsa agus Drámaíocht
Matamaitic agus Ríomhaireacht
Máistir Gairmiúil san Oideachas (Ollscoil na Gaillimhe)
Ard-Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meán (SETU)
Ceol (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh)
Tá fáil ar liosta de bhreis is 130 cúrsa sa leabhrán cuimsitheach Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge ar shuíomh COGG ag
Tá tuilleadh eolais faoi na cúrsaí seo ar fáil ar shuíomh na n-institiúidí féin agus ag www.CAO.ie nó ag www.UCAS.com i gcás coláistí i dTuaisceart Éireann.
Scéim Scoláireachta do Phrintísigh (Údarás na Gaeltachta)
Is clár oiliúna agus oideachais atá sa phrintíseacht. Foghlaimíonn tú an cheird san áit oibre agus in institiúid oideachais agus oiliúna. Déantar ar a laghad leath den fhoghlaim phrintíseachta san áit oibre, agus íoctar tuarastal leat le linn d’oiliúna mar phrintíseach. Tá 66 cineál printíseachta ar fáil faoi láthair. Bronnann Údarás na Gaeltachta scoláireachtaí ar phrintísigh ar leith. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https:// apprenticeship.ie agus ag https://udaras.ie/oiliuint-fostaiocht/oiliuint/ deiseanna-sceim-na-bprintiseach/ Féach sa phóca laistigh.
» Luach níos mó ná €2,000 an ceann ag baint leis na scoláireachtaí.
» Dírithe ar dhaoine arb as an nGaeltacht dóibh.
» Ceirdeanna traidisiúnta chomh maith le printíseachtaí nua-aoiseacha.
Liosta de na printíseachtaí atá ar fáil ag an gcód QR seo!
Tugann cúrsaí breisoideachais deiseanna do dhaoine scileanna a fhoghlaim chun cáilíocht a bhaint amach agus post a fháil, nó chun dul ar aghaidh chuig coláiste tríú leibhéal trí chúrsaí rochtana. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na suíomhanna seo a leanas: plccourses.ie, nto.ie agus fetchcourses.ie
Féach liosta de chúrsaí breisoideachais a bhaineann leis na réimsí oibre thíos ar sa phóca laistigh.
» Cúrsaí Gaeilge
» Na hEalaíona agus Teagasc
» Ceol agus Rince
» Cúram agus Oideachas Luath-Óige
An Sruth Gaeilge: Coinnítear 10% de na háiteanna d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.
Tá sé fógartha ag an nGarda Síochána go bhfuil sé mar aidhm acu 100 Gaeilgeoir a earcú, mar chuid d’fheachtas nua.
Deiseanna eile
Tá deiseanna den scoth á gcur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirtíocht le hOllscoileanna, le comhlachtaí neamhspleácha, agus le scairshealbhóirí éagsúla. Féach thíos na cláir agus na scéimeanna atá ar fáil.
» Scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin
» CUMASÚ: Clár d’fhiontraithe mná sa Ghaeltacht
» CREW: Clár gorlainne d’fhiontraithe cruthaitheacha sa Ghaeltacht
» Ard-Dioplóma i nGaeilge Fheidhmeach agus san Aistriúchán (Europus/ATU)
» An Ghlúin Nua: Ciste maoinithe agus meantóireachta do stiúrthóirí, léiritheoirí agus scríbhneoirí nua
» Scéim na gCéimithe sna Comhlachtaí
» Forbairt Scileanna sna Seirbhísí Sláinte
» Scéim Forbartha Bainistíochta d’Oifigigh Turasóireachta
» Scéim Thacaíochta Oiliúna do Phleanálaithe Teanga, don Réimse Cúram Shóisialta agus don Réimse Luathbhlianta.
Tá go leor scoláireachtaí agus sparánachtaí ar fáil do Ghaeilgeoirí!
Mar shampla...
» Scoláireachtaí B.Oid. Gaeilge (UCC), maoinithe ag COGG – luach €2,000.
» Sparánacht MGO (Ollscoil na Gaillimhe), maoinithe ag COGG – luach €2,000 sa bhliain.
» Sparánacht an Bhlascaoid – luach €1,000.
» Duaiseanna an Dr T K Whitaker sa Ghaeilge (Ollscoil na hÉireann) – luach €2,000/€1,000.
Tapaigh an deis – liosta iomlán ar sa phóca laistigh.
Scéimeanna Cónaithe
Deiseanna is ea iad seo lóistín a roinnt le Gaeilgeoirí eile. Bíonn deontas nó scoláireacht i gceist i gcásanna áirithe. Ná caill do sheans! Níos mó eolais ar sa phóca laistigh.
» Ollscoil Mhá Nuad
» Coláiste na Tríonóide, BÁC
» An Coláiste Ollscoile, BÁC
» Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
» Ollscoil na Gaillimhe
» Ollscoil na Banríona, Béal Feirste
» Ollscoil Uladh
Cén fáth ar chuir tú isteach ar an Scéim Chónaithe?
Sular thosaigh mé mo chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide, bhí scéalta cloiste agam faoin
Scéim Chónaithe agus na rudaí a bheadh ar siúl acu. Bhí a fhios agam ón tréimhse sin go raibh mé ag iarraidh a bheith páirteach sa phobal seo agus pobal na Gaeilge san ollscoil.
Bhí an t-ádh dearg orm a bheith páirteach sa Scéim agus mé sa dara bliain agus sa tríú bliain, agus mé mar Mheantóir na Scéime sa tríú bliain freisin.
Cén saghas rudaí a bhíodh ar siúl agaibh?
D’eagraigh muid an méid sin imeachtaí éagsúla, cosúil le Tóraíocht Taisce, céilithe, Mic Oscailte agus a leithéid.
Chuireamar an Scéim Chónaithe chun cinn ar na meáin, Instagram agus TikTok ach go háirithe, agus tá ár bhfeachtas ‘Muintir na Scéime’ fós ag tarlú sa lá atá inniu. Bhí sé cosúil le clann mhór a aimsiú ar champas, agus is iad mo chairde ón Scéim mo chairde is fearr fós sa lá atá inniu ann.
Cén tábhacht a bhaineann leis an Scéim Chónaithe, dar leat?
An rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé ón taithí seo ná go bhfuil spás ann don Ghaeilge ar champas. Chomh maith leis sin, tá an Scéim Chónaithe tábhachtach chun a léiriú do chuile duine go bhfuil fáilte is fiche roimh an teanga agus an cultúr ar champas. Is teanga bheo í an Ghaeilge agus is eiseamláir den scoth í an Scéim Chónaithe do dhaoine atá ag caitheamh saol na hollscoile trí Ghaeilge agus ag baint spraoi as í a úsáid agus a roinnt le gach éinne.
Rinneadh gach iarracht a chinntiú go raibh an t-eolas atá ar fáil san fhillteán seo agus sa leabhrán ar líne cruinn ag an am a cuireadh le chéile é. Ní ghlacann COGG aon fhreagracht as aon earráid atá ann ná as aon athrú a tharla ó shin. Chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas is cruinne agus is nuashonraithe ag gach duine, moltar do scoláirí taighde a dhéanamh go rialta dóibh féin ar shuíomh na n-institiúidí féin.
Bileog 10 Bileog 11» An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) Leabhrán ar líne: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, Acmhainní Gairme eile ar An Tairseach.
» SaolOibre
Inneall cuardaigh a bhaineann le Careers Portal chun cúrsaí 3ú leibhéal a aimsiú agus próifíl ghairme a chruthú. Físeáin agus podchraoltaí faoi ghairmeacha le Gaeilge.
» Gaeloideachas
Eagraíocht a thacaíonn le forbairt an oideachais lán-Ghaeilge. Acmhainní do mhúinteoirí – bileog faoi ghairm an mhúinteora in iar-bhunscoil lán-Ghaeilge agus noda do mhúinteoirí i mbun iarratais ar phost i mbunscoil.
» Údarás na Gaeltachta
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge príomhchuspóir an Údaráis. Déantar é seo trí fhorbairt fiontraíochta agus fostaíocht a chothú, agus scéimeanna tacaíochta oiliúna agus printíseachtaí a chur ar fáil.
» An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Is ar an Roinn seo atá an fhreagracht fhoriomlán as cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, a thacaíonn le poist a chruthú do Ghaeilgeoirí, i measc rudaí eile.
» Foras na Gaeilge
Leabhrán eolais: Do Ghairm le Gaeilge
» Grad Ireland
Gairmeacha le Gaeilge: https://gradireland.com/careers-advice/careers-using-irish-language
Sraith físeán ar Youtube: Mo Ghairm le Gaeilge
» Publicjobs
Acmhainní agus eolas do dhaltaí scoile faoi ghairmeacha san earnáil phoiblí.
» Conradh na Gaeilge
Seó Bóthair/Gluaiseacht: Ceardlann idirghníomhach do dhaltaí. Tá Gairmeacha le Gaeilge ar cheann de na réimsí a bhíonn idir lámhá sa cheardlann. Cuirtear ceardlann gairmeacha ar fáil d’ollscoileanna agus d’institiúidí na tíre chomh maith.
» Peig
Bunachar sonraí d’fholúntais agus d’imeachtaí Gaeilge
Eolas ar Ghairmeacha le Gaeilge
» TG4
Sraith físeán: Gairm sna Meáin Ghaeilge
» Gael Linn
Cuimsíonn gníomhchlár Gael Linn trí phríomhréimse; an réimse oideachais, gníomhaíochtaí chun tacú le húsáid na Gaeilge agus réimse gnó na heagraíochta.
Arna fhoilsiú ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) 2023 Cód QR don leabhrán