NUACHTLITIR NOLLAIG 2003

Page 1

AN TOBAR

NUACHT LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH NOLLAIG 2003

AN TOBAR

NOLLAIG 2003

COLÁISTE AN PHIARSAIGH

Nollaig Shona Daoibh Go Léir

GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 1

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH NOLLAIG 2003 2003

EAGARFHOCAL: Fáilte romhaibh arís go dtí an dara eagrán den Tobar. Tá alán rudaí suimiúla le léamh anseo istigh. Tá turas an ceathrú bliain go Russagh Mills, tá agallamh le John Gardiner, iománaí le foireann shinsir Chorcaí agus mórán eile. Go deimhin féin tá obair mhillteanach curtha isteach i ngach pioc den eagrán seo. D’oibríomar go léir go fíor-dhian! Caithimid go léir ár mbuíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Céilleachair. Bhí sé ana cabhrach nuair a bhíomar i mbun oibre agus bhaineamar ana thaitneamh as gach rang a bhí againn leis. Tá buíochas tuillte ag an Máistir Ó Súilleabháin as ucht an ailt staire a scríobh sé gan trácht ar an gcabhair a thug sé leis an eagarthóireacht. Ba mhór againn an t-am a thug John Gardiner dúinn chun agallaimh a dhéanamh leis. An tráth seo bliana, go mór mhór, ba dheas linn dá gcuimhneodh sibh ar iarmhúinteoirí Choláiste an Phiarsaigh atá ar shlí na fírinne. Tá álan le léamh, mar sin léigh ar aghaidh! Nollaig shona. Ciara Ní Shúilleabháin, Eagarthóir.

Clúdach: An Mainséar os comhair na hoifige i gColáiste an Phiarsaigh, Nollaig 2003

Comórtas Motorola.

Foireann AN TOBAR Eagrán na Nollag

2003

Breathnach Tomás de Paor Owen Fradgley Daithí Ní Bhroin Cáit Ní Choimín Lisa Ní Chruálaí Searlín Ní Laoire Lisa Ní Mhurchú Lisa Ní Néill Aodhnait Ní Rinn Fiona Ní Shúilleabháin Ciara [Eagarthóir] Nic Chárthaigh Máire Laoise Nic Gabhann Orlaith Ó Ceallaigh Ross Ó hEathairn Déaglán Ó hUallacháin Naoise [Leas-eagarthóir] O Leocháin Eoin O Muirí Keith Ó Murchú Eoin Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair. Stiúrthóirí na hIdirbhliana 2003-2004: An Máistir Ó Tuama, Iníon Ní Dhonnchú,

A

g tosach na bliana thug an múinteoir ealaíone seans don rang ealaíne sa cheathrú bhliain cur isteach ar chomórtas Motorola. Bhí sé ar siúl mar ba bhreithlá Motorola a bhí i gceist. Bhí ar gach dalta pictúir a tharrac. Bhí rang dúbalta gach Aoine agus bhí mí againn chun tabhairt faoi. Bhí an múinteoir, Iníon Ní Chionaíola ann chun cabhair a thabhairt dúinn. Ar an gcéad lá ar ais ar scoil bhí nuacht aici faoin gComórtas. Nach raibh tríúr dalta ón rang tar éis buachaint. Comhghairdeas le ó chlé: Eoin ó Goibín, Lisa Ní Mhurchú agus Sean Mac Cathraigh. 2

COLÁISTE AN PHIARSAIGH, GLEANN MAGHAIR, CORCAIGH. 2003 © Ríomhphost: nuachtscoile@ yahoo.co.uk

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

AR CUAIRT Tháinig Dr.Ciarán Daws o n, I o na d na G a e i lg e Labhartha,An Dr.Barra ó Co nc hú ir , I n ne a lt ó ir e ac ht Próiseála/AMT agus Eimear Ní Arrachtáin,B.Sc.–Gnó-Iar dhalta, Choláiste an Phiarsaigh ar cuairt chun na scoile ar an gCéadaoin 15ú Deireadh Fómhair 2003. Tá an scoil páirteach i scéim na scoil i mbliana. Labhair siad le daltaí na hArdteiste agus phléigh siad saol na hollscoile idir acadúil, Ghaelach agus shóisialta agus d’fhreagair siad ceisteanna a bhí ag na daltaí. Is seisún Ó chlé: An Dr. Barra Ó Conchúir UCC, Martha comhairle é seo a chuireann Bord na Gaeilge, Nic Aodha, Rang Rónán, an Dr. Ciarán Dawson UCC agus Fay Nic Gearailt Rang Naoise. Ionad na hOllscoile Corcaigh ar fáil do mheán scoileanna.

Oíche Oscailte

Comóradh Bliana Braithimid uainn An Máistir Ó Súilleabháin fós i gColáiste an Phiarsaigh. Is beag laghdú a thagann ar an mbrón ón oíche a chualamar faoi bhás anabaí Sheáin. Cuimhnímid go háirithe ar mhór ghníomh a chuir sé i gcrích tamall roimh a bhás. Ghlac sé páirt i Maratón Bhaile Átha Cliath anuraidh. Bhí airgead á bhailiú aige dá dhlúth chara Aidan Con O’Sullivan. Ba dhual dó a bheith fial flaithiúil lena chuid ama gan amhras. Peileadóir atá i gcathaoir rothaí toisc gur gortaíodh é go tubaisteach ar ghort na himeartha is ea Aidan Con. Suaimhneas síoraí go raibh ag Seán

Bhí an áit plódaithe le daoine ag an oíche oscailte aréir, le thart ar chéad dalta ag teacht go dtí an scoil an bhliain seo chugainn. Ag siúl timpeall na scoile bhí ceol le cloisteáil ó gach cúinne. Bhí díospóireacht agus drámaíocht ar siúl chomh maith i roinnt seomraí. Bhí boladh álainn le fáilt ón seomra eacnamaíocht bhaile toisc an chócaireacht iontach a bhí ar siúl ag an dara bliain. Bhí roinnt turgnamh sa saotharlann agus rinne na daltaí ana imprisiún ar na tuismitheoirí leis an méid eolais faoin eolaíocht a léirigh siad. Bhí obair le daltaí an teastais shóisearaigh na bliana seo caite ar taispeáint ar na fallaí in aice leis an seomra ealaíne agus arís bhí an slua ana thógtha leis an obair iontach. Tá súil againn go bhfeicfimid na daoine a bhí inár measc aréir sa todhchaí. Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.

3


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

Obair Shóisialta Ar feadh leath den bhliain seo, tá mé ag déanamh m’obair shóisialta i Naíonra Bhaile Roisín. Is cuid d’obair an ceathrú bliain é seo. Thosaigh mé ar an obair seo ar an 16ú lá de Mheán Fómhair. Gach maidin dé Máirt téim go dtí an naíonra ón a naoi a chlog ar maidin go dtí a dó dhéag a chlog. Téim isteach agus bím ag súgradh leis na páistí ar feadh uair go leith. Ina dhiaidh sin múinim roinnt fo- Ó chlé:Cora Ní hEára, Pól Mac Meirbhic, Maude Ní Chéilleachair, cal Gaeilge dóibh. Bainim tait- Colleen Ní Fhiannachta agus Áine de Barra ag an óiche oscailte. neamh an domhain as. Is taithí iontach é. D’fheicfeá an difríocht a dhéanann sé don mhúinteoir agus d’fhorbairt na bpáistí. Tá an-bhéim ag an naíonra ar spórt. Spreagann cluichí um Shamhain agus um Nollaig na naíonáin chun spraoi a bhaint as an saol. Foghlamaíonn siad scileanna an tsaoil. Cothaíonn sé teagmháil eatarthu. Bhaineadar an-taitneamh as féasta na Samhna. Téann siad ar imeachtaí éagsúla, mar shampla go dtí an leabharlann. Is breá leo na leabhair a léamh agus féachaint ar na pictiúir. mo chosa go daingean ar an talamh. Is maith liom dul ann gach seachtain agus Cén chomhairle a thugann tú d’imritheoirí óga? beidh brón orm á fhágaint. An rud is tábhachtaí ná, nuair atá tú óg, bain Dalta sa cheathrú bhliain a scríobh.

Agallamh le John Gardener Cad iad na scoileanna gur fhreastail tú orthu? Bhí mé ag freastal ar Scoil Iosagáin, Fearann an Rí, ansin chuaigh mé go Fearann Phiarais agus anois tá mé ag freastal ar C.I.T ag déanamh staidéir ar Chúntasaíocht. Cén club go n-imríonn tú leis? D’imir mé leis Na Piarsaigh ó bhí mé cúig bliana d’aois. Chomh maith leis sin, d’imir mé le Fearann Phiarais agus C.I.T. Cé hiad na daoine ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ort i rith do shaoil? Thug mo thuismitheoirí alán cabhrach dom nuair a bhí mé ag fás suas agus mo thraenálaí iománaíochta. Coimeádann mo dheartháir David 4

taitneamh do chroí as an spórt agus bí ag éisteacht leis an traenálaí nuair a labhrann sé leat. An t-aon rud atá uait chun do chluiche a dhéanamh níos fearr is ea camán liathróid agus falla. An imríonn tú aon spórt eile? Níl go leor ama agam, ach nuair nach mbíonn aon chluiche agam, imrím beagáinín sacair don chraic. Cérbh é do laoch nuair a bhí tú óg? Bhí alán measa agam ar Tony O’ Sullivan agus Brian Corcoran toisc na rudaí a bhain siad amach i rith a saoil. Thug na daoine seo sprioc dom le baint amach. An cheist dheireanach duit; cad iad do smaointe faoin iománaíocht i gCorcaigh sa todhchaí? Ceapaim go bhfuil an todhchaí ag féachaint anmhaith. Tá an fhoireann go léir geall leis, faoi 26 bliain d’aois. Más féidir linn tógáil air, éireoidh go seoigh linn i rith na bliana seo.

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

Season’s Change. The wind is blowing, blowing over the plains. It shakes the barren deserts; the golden land shines. Where are you going wind? Far, Far away. Over the hills, over the edge of our world. Take me with you wind higher than the sky. I will go with you, I will be the-boy-of-the-wind, Into the sky, the vast sky and the boy. The rivers flowing, flowing over the gravel. Through the brooklime, the willow catkins, the silvery blue of our spring. Where are you going river? Far, Far away. Beyond the heather, sliding all night away. Take me with you river away with the starlight, I will go with you, I will be the bay-of-the-river. Down through the water, the clear water and the boy. In spring the fox is born, skipping, bouncing, playing. He scampers through the ditch, the grass rustles free. Where are you going fox? Far, Far away. Into the wood I go with thorns and briars. Take me Fox, Oh take me along your dark journey. I will go with you, I will be the boy-of-the-fox. In the deepness of the wood, the wood and the boy. A Phoenix lies in the evening sky, The clouds shine a golden red around it. I am here Phoenix I am running through the open grass. Oh take me with you Phoenix, dropping behind the dark woods. Far, Far away to heart of life, the silence. The shining circle of the Sun’s light. The Sun and the Boy.

Cumtha ag Daithí Fradgley, Bliain 4.

Aintín Dol áisín Ceist :Le déanaí chuaigh mé ag ól alcóil le mo chairde agus anois braithim an- chiontach. Cad a dhéanfaidh mé? Freagra : Bhuel tá tú i bhfad ró óg chun a bheith ag ól! Chomh maith le sin is dóigh liom go mbeadh sé níos fearr duit dul chuig deartháir nó deirfiúr nó fiú col ceathrar níos sine ná tú féin le haghaidh chomhairle. Ceist : Cabhraigh, braithim faoi bhrú de bharr an méid obair bhaile atá le déanamh againn. Bíonn alán spóirt ar súil agam freisin. Cad a dheánfaidh mé? Freagra : I mo thuairim tá ort roinnt den spórt atá ar siúl agat a laghdú má tá fonn ort d’obair bhaile go léir a dhéanamh i gceart. Ceist : Tá alán fadhbanna agam an Ghaeilge a fhoghlaim agus táim ag fáil alán ticéad Béarla chomh maith! Cabhraigh liom! Freagra : Ceapaim gur cheart duit dul ag caint le do mhúinteoir ranga agus an fhadhb a mhíniú dó/di. B’fhéidir go dtiocfadh sibh beirt ar réiteach ar an bhfadhb agus nach gá a bheith buartha ansin. 5

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

Muilte páipéir ghair.

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

i nGleann Ma-

Do Dhúchas

Sna 1770 óidí agus 1780 –óidí bhí thart ar 50 muileann páipéir in Éirinn. Bhí roinnt díobh i nGleann Maghair. Os rud é gurbh í cathair Chorcaí an margadh ba mhó don pháipéar i gCúige Mumhan agus go raibh aibhneacha ag rith trí Ghleann Maghair ba é seo príomh –ionad do dhéantús páipéir sa réigiún. Faoi 1841 bhí 11 muileann páipéar sa cheantar, sé cinn díobh ar abhainn Bhaile Buitléir, ceithre cinn díobh ar abhann Chill Ruáin Ostán John Barlycorn agus ceann amháin ar abhann na Glaise Buí. Go luath san 18ú haois, thóg Úgónach darbh ainm Lavit muileann páipéir i nGleann Maghair. (Cé Lavit i gCorcaigh) Tamall ina dhiaidh sin lig sé an muileann ar cíos do dhéantóir páipéir darbh ainm Bond i 1713 agus lig sé siúd ar cíos é le stáiseanóirí Chorcaí Phineas agus George Bagnall. Mhéadaigh na Bagnalls an muileann. Riverstown Lodge/Teach Riversdale/Ostán John Barlycorn Tógadh an teach sna 1700 aidí James Lane deántóir olla agus grúdaire a thóg é. Sna 1960 aidí rinne muintir Young óstán de. Ina dhiaidh sin ba le Chris ó Callaghan é. Faoi láthair is le muintir Loftus óstán John Barlycorn.

Na Cluichí Oilimpeacha Thosaigh an turas fada do na cluichí oilimpeacha níos mo ná 2,700 bliain ó shin. Léiríonn stair na gcluichí gur eagraíodh na chéad chluichí sa Ghréig timpeall 776 BC. Ba san ait úd a thosaigh na nósanna faoin spórt, sé sin gur teacht le chéile acmhainn an choirp agus na haigne a bhí i gceist. As na nósanna seo is ea a ceapadh na rialacha do na cluichí oilimpeacha. Ina measc bheadh cómórtas, spórt, síocháin, cultúr agus oideachas. Luachanna ba ea iad seo a bhí tabhachtach do na Gréigigh fadó. Leanann na luachanna sin sna cluichí inniu. I 1896 bhí na chéad chluichí oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl san Aithin agus ón am sin i leith eagráitear na cluichí céanna ar fud an domhain. I rith bliain bhisigh a chuirtear ar siúl iad. Is tráthúil go leor an scéal é, ag tús an triú mílaoise, go bhfuil na cluichí tar éis teacht ar ais chuig an tír ar reachtáladh ar dtúis iad. I 2004, beidh an domhan ag caitheamh súil ar an nGréig agus ag súil go leanfaidh spiorad na síochána atá cothaithe ag na cluichí seo le cuimhne na gcat. Go leana siad go deo. 6

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

Russagh Mills Bhí am iontach againn,(daltaí an ceathrú bliain) nuair a thugamar cuairt ar Russagh Mills sa Sciobairín ag deireadh mí mheán Fómhair.Brú óige agus ionad eachtraíochta atá ann. Nuair a shroicheamar an áit briseadh suas i dtrí ghrúpa sinn. Roghnaíomar ár seomraí féin. Tar éis tamaill bhig bhuaileamar leis na Am chun ár scíth a ligint agus cúrsaí an lae a phlé stiúrthóirí Noel,James,Mark agus Jessica.Daoine deasa ba ea iad, lán d' fhuinneamh. Tugadh post do gach duine; an an chéad oíche bhí fonn amhránaíochta chistin a ghlanadh, an bricfeasta a ullmhú, an orainn agus chaitheamar tamaill ag canadh lón agus an dinnéar a thabhairt amach agus dá réir. Lá ar na mhárach bhí gníomhachtaí d’oibríomar i ngrúpaí. Bhí seachtar i ngach éagsúla eagraithe dúinn. Bhí cuid againn ag grúpa. Chuamar ag súil sna coillte go rialta dreapadóireacht, bhí cuid againn ag curaagus bhí cead againn ansin dul go dtí an siopa chóireacht agus bhí daoine eile fós ag désa bhaile mór. Nuair a d’fhilleamar ón siopa anamh an bac-chúrsa. An dara oíche bhí seó faisean ar siúl againn. Ní gnáth cheann

Ó chlé: Clár Ní Chearnaigh, Ciara Ní Shúilleabháin, Searlín Ní Chrualaoi, An Máistir Ó Tuama agus Safie Karluk 7

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

Roibeard Ó Foghlú, bliain 4 ag baint taitnimh as an turas go Rossagh Mills sa Sciobairín, Co. Chorcaí.

a bhí ann mar bhí sé saghas ait. Bhí ar na cailíní gúna a dhéanamh as mála dubh plaisteach agus scragall stán. Chaitheadar smidiú agus bhí stíl gruaige " difriúil" acu. Cuireadh iallach orthu bailiú le chéile sa bhialann agus as san shiúladar amach ar ardán ag léiriú an stíl nua faisin a bhí acu. Ní gá dom a rá gur baineadh taitneamh an domhain as an méid sin. Chun an sméar mullaigh a chur air bhí comórtas eile againn, "Egg Drop" a

Ó chlé ar chúl: Seán Ó Caoimh agus Eoin Mac Carthaigh. Chun tosaigh: Lisa Ní Aodha, Seosamh de Fréine agus Eimear Ní Shúilleabháin 8

thugamar air. Is amhlaidh go bhfuair gach grúpa ubh agus bhí orthu cás dhéanamh dó as cochain agus seilitéip. An aidhm a bhí leis an ubh ná gur thosaigh gach grúpa ag ligint dó titim ó airde áirithe.D’árdaigh an airde de réir a chéile. Nuair a bhris an t-ubh bhí an grúpa san as an gcomórtas. Mar is gnáth rinne na múinteoirí caolais a. Nach raibh an t-ubh beirithe acu. A leithéid ní fhaca riamh i mo shaol! Trí "thimpiste" a fuaireamar an méid seo amach gan amhras nuair a sheas dalta as rang Aonghus (Safiye Karluk) ar an ubh. Bhí díomá orainn nuair a tháinig deireadh leis an turas. B’fhiú go mór é gan dabht. Bhí dlúth-chairdeas eadrainn ag filleadh dúinn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Máistir Ó Tuama, Iníon Ní Donnchú, Iníon Ní Leader agus an Máistir Ó Laighin as an gcabhair a thug siad. GO RAIBH MAITH AGAIBH!!

DÍOLACHÁN CÁCAÍ Bhí Rang Caoimhín ag díol cacaí ar an 25 Samhain 2003. Bhí feachtas ar bun acu chun airgead a bhailiú do dhileachtlann i Maldova. Tionscnamh O.S.S.P. a bhí i gceist. Bhí Iníon Ní Mhathúna i gceannas agus bhailíodar 185.00 . Bhí sé ar súil i seomra 16 agus bhí gach duine sa rang ag cabhrú. Bhí Leah, Eimear, Niamh agus Laura i gceannas ar an maragaíocht. Bhí ar Suzanne, Avelina, Devin agus Breifne an tionad a eagrú. Dhein Lisa, Maireád agus Tadhg na praghasanna amach. Bhí Seán, Luke, Ben agus Seosamh ag glanadh na háite nuair a bhí deireadh leis. Dhein Brian, Edwina, Seosaim-

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

Cabhraigh le Daidí na Nollag a sprioc a aimsiú sa lúbra seo!

S Á C G Z Ú S L J P M M D W Í B

P L U W F R É H P Í A F T K R Ó

Á S I H Í Á H P Ó R E X B O Y M

N O L L A I G P A Y E Á N M D A

P T E S Á L G I M P Y N W Í B I

H Ó A L T R G F A C T N B É Ó S

C R N O M H L M D A S S Q Í H I

U D A D A Í N A N O L L A G F Ú

M I L R I N L A W R T P Ó T U C

E N P H N F S N E A C H T A M H

R F G L G V X M F L H É Í F L Á

A H T R E Ó H L J R M F B T H N

P I N E A D T U R C A Í F L S E

Z A T A L B R L A W T S O P D C

I P F L A P I S S O H D A S P E

W R C T R T I N S I L P H C A D

Is lúbra focal é seo a bhaineann leis an Nollaig. Tá dhá fhocal déag le haimsiú agat. Go n-éirí leat:

Tinsil Turcaí Nollaig

Réalt Íosa Dadaí na Nollag

Bronntanas Sneachta

Aingeal Maraigh

9

Cuileann Maisiúchán

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003 2003

Na Réalta An Reithe; Márta 21-Aibrean 19 Tá duine ag lorg d’aire ach níl tú ag éisteacht. An mhí seo tá do shaol grá ag dul amach an fhuinneog! Tá obair le déanamh agat ar d’obair scoile, ach fan timpeall le haghaidh airgid atá ag teacht i do threo. An Dúilin Tarbh; Aibrean 20-Bealtaine 20 Beidh do phort seinnte an mhí seo. Tá tú fós ag troid le cara. Tá sé/sí buartha faoi. Fan agus feicfidh tú cad a tharlóidh eadraibh. Tá bronntanas ag teacht i do threo ó dhuine muinteartha. Fan glan amach ó shiopadóireacht d’ aon shaghas an mhí seo. An Cúpla; Bealtaine 21-meitheamh 21 Má tá cispheil á dhéanamh agat an mhí seo beidh an bua agat,ceapann na réalta go mbeidh tú ag cúlú áfach. Fan amach ó na daoine nach féidir múinín a bheith agat astu. An Portán; Meitheamh 22-Iúl 22 An mhí seo, má tá tú i ngrá nó má tá fonn ort a bheith le duine is é seo an mhí chun gníomhú. Cad é an rud is measa a tharlóidh ? Téigh sa tseans air agus déan mar a deireann do chroí leat. An Leon; Iúil23-Lúnasa22; Coiméad súil ar do chairde nó ar do pháirtí, uaireanta ní hiad na daoine is congaraí duit na daoine is fearr duit. Déan rud éigean tú fein, seas an fód! An Mhaighdean; Lúnasa 23-Méan Fomhair 22 Ta rud éigin chun tharlú an mhí seo go rabhais ag súil leis. Ce go raibh tú ag súil leis ná bí díomach leis an toradh. Bí ag súil le droch thorthaí. An Mheá.; 23ú Meán Fomhair – 22ú Deireadh Fomhair Braitheann tú leisciúil an mhí seo! Déan iarracht éirí ón dtolg ó am go ham agus tiocfaidh rudaí maithe chughat. An Scoirp; Deireadh Fomhair 23ú – Samhain 21ú; Déan iarracht níos fearr le d’obair bhaile. Tá ócáid mhór ag teacht suas duit, bí réidh! An Saighdiúr; 22úSamhain-21ú Nollaig Beidh ádh mór ar chara leat an mhí seo…ach ná bí éadmhar, beidh suim airgid ag teacht chughat i gceann seachtain nó dhó! An Gabhar; 22ú Nollaig- 19ú Eanair. Titeann tú i ngrá go tobann an mhí seo. Tóg go bog é, níl gach rud ar eolas agat fós. Braitheann cara leat aonarach. Éiríonn go han-mhaith leat sa spóirt. Déan céiliúradh anois! Na hÉisc; Feabhra 19ú- Márta 20ú Beidh duine éigin nach bhfuil feicthe agat ar feadh tamaill ag smaoineamh ort i dtreo deireadh na míosa. An tUisceadóir; Márta 21ú- Aibreán 19ú Braitheann tú fiosrach faoi rudaí faoi láthair, ach ná bí buartha, beidh gach rud ceart go leor. Beidh ionadh ort faoi rud éigin a dhéanann cara leat an mhí seo. 10

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN AN TOBAR TOBAR

NUACHT 2003 NUACHT LITIR LITIR CHOLÁISTE CHOLÁISTE AN AN PHIARSAIGH PHIARSAIGH NOLLAIG NOLLAIG 2003

SEAL DÁ RABHAS

An Grúpa Ceoil Thraidisiúnta a bhuaigh duais náisiúnta Iarnród Éireann i ‘Slógadh’ i 1993

Deirdre Ní Mhuirthile, iar scoláire Choláiste an Phiarsaigh, ag glacadh le Scoláireacht Chomórtha Seachtain na Cásca, (Toradh Ardteistiméireachta ab fhearr 1997) ón dTaoiseach, Bertie Ó hEachtairn agus an tAire Oideachais, Micheál Ó Mairtín

11

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


AN TOBAR

NUACHT LITIR CHOLÁISTE AN PHIARSAIGH NOLLAIG 2003

Spórt Scoile Cispheil : Faoi 16 Bhí an chéad chluiche faoi 16 ar siúl ar an 5ú lá de mí na Samhna in aghaidh Bhaile Fheitheáin. Cluiche cóngarach a bhí ann ach sa deireadh bhí an bua againn le dhá phointe dhéag. D’aimsigh Eoin Mac Aoghán thart ar 44 pointe as an iomlán de 56. Ar an 21ú lá de mhí na Samhna imríodh cluiche in aghaidh Choláiste Choilm. Bhí an chluiche á stiúriú ag Coláiste Choilm ó thús deireadh. Ba é an scór ar deireadh ná 40-45. Cispheil : Faoi 19 Imríodh an cluiche seo ar an 17ú lá de mhí na Samhna in aghaidh an Chóbh. Bhí a n io ma ío c ht go deo sa chluiche seo. Bhíomar ag buachaint d o n chluiche ar fad, suas go dtí an ceathrú deireanach nuair a bhuaigh Cóbh le pointe amhá in sa s e a c h t soicind deireanach! Cispheil : Faoi 19 Imríodh an cluiche seo ar an 26ú lá

in aghaidh Bun an Tábhairne. Bhí foireann láidir ag an bhfreasúra ach d’imir Coláiste an Phiarsaigh sár-chluiche go deo. Níor chailleamar ár gcuid misnigh ach an oiread. Ba é an scór ná: 39-63 Peil & Iomáint : Sinsir Ar an 13ú lá de mhí na Samhna d’imríomar i gcoinne Mhala. Bhíomar chun tosaigh sa chéad leath, ag aimsiú pointí ar mire. Ach faraor sa dara leath tháinig Mala ar ais le cabhair na gaoithe. Ní raibh sé ar ár gcumas coiméad suas leo agus ag deireadh an lae, bhuaigh an fhoireann ab fhearr

Foireann Chispheile na gCailíní(Sinsir) Buaiteoirí Craobh Chorcaí 2003

Ar chúl ó chlé: Lisa Ní Choimín, Ciara Ní Dhonnchú, Jackie Ní Bhaoill, Laoise Ní Éadromáin, Janice Ní Lionaird. Chun tosaigh ó chlé: Amy Ní Stíobhaird, Cáit Ní Chárthaigh, Máire Ní Choileáin agus Leah Ní hAllmhuráin

12

Aonad de chuid na hIdirbhliana is ea an tionscadal seo faoi stiúir an Mháistir Uí Chéilleachair.


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.