FORUM Gaeltacht Newsletter Winter 2013

Page 1

FORUM Gaeltacht Newsletter Winter 2013_FORUM Newsletter Summer 2011 final 19/12/2013 10:52 Page 1

NuachtlitirSAOR Geimhreadh 2013

Grúpa ag freastal ar an gcúrsa “Defibrillator”

Aonach Ceardaiochta na Nollag sa Seanscoil Ag togáil sos ag Ionad Eachtraiochta an Chaolaire

Bhí comhfhiontar idir Forbairt Pobail an Spidéal Teo agus Croíline Chois Fharraige ar mhaithe traenáil aitheanta in úsáid Defibrilator a chuir ar fáil do scór grúpaí pobail agus daoine aonaracha. Mar chomhfhiontar idir FORUM agus Údarás na Gaeltachta (50:50) agus á bhainistiú ag Muintearas Teo cuireadh Cúrsa Gaibhneoireachta ar fáil ag An Sean Chearta, Indreabhán.D’freastal sé dhuine dhéag ar an gcúrsa sin agus ba é an gabha gairmiúil Peadar Ó Cualáin a bhí ag teagaisc ann.

I gcomhphairtiocht leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta cuireadh Clár Críochnaithe Scoile ar fáil san meanscoil i gCarna. Lean an cursa seo ina raibh breis is scór páirteach ar feadh ocht seachtainí agus chriochnaigh sé le turas go dtí Ionad Eachtraiochtra an Chaolaire.

Ag druidim le deireadh na bliana agus le tacaiocht ó FORUM Connemara agus Údárás na Gaeltachta chuir Comharchumann Shailearna Aonach Ceardaíochta na Nollag ar siúil sa Seanscoil ar an 7ú & 8ú Nollaig. Ba deis iontach é seo do cheardaithe na h’áite a gcuid saothar a dhíol. Eamonn Ó hÉanaigh, Údarás na Gaeltachta. Séan Ó Coisdealbha, Príomhfheidhmeannach Muintearas Teo. Peadar Ó Cualáin,Teagascóir agus roinnt de rannpháirtithe a d'fhreastail ar an gCúrsa Gaibhneoireachta.

Le comhmhaoiniú 50/50 ó FORUM Connemara agus Údarás na Gaeltachta d’eagraigh CDS Teo Seiminear Eolais & Turas Lae go dtí an Bealach Glas i Maigh Eó le gairid. Is in Ionad an Mháma ar an 13ú Samhain a cuireadh an seiminear ar fáil. Chuir Rosaleen Ní Shuilleabháin ó FORUM, Tadgh Ó Conghaile ó Údarás na Gaeltachta, Mark Keane RRO Maigh Eó. Michael Gibbons ó Connemara Walks, Brian Quinn ó Fáilte Ireland agus Pádraig Philbin ó Chomhairle Chontae Mhaigh Eo saineolas ar fail don tinrimh.

Ar an Bealach Glas i Maigh Eó. Sprioc 3 - Cúrsa Fiontair & Forbairt Gnó: Rannpháirtí ar an gcúrsa Fiontair & Forbairt Chuir FORUM Chonamara i gcomhar le Westbic ceithre chúrsa Gnó Í Cor na Móna

Rannpháirtithe ar an gcúrsa ECDL ag Ionad Ríomhaireachta Mhuintearas

fiontair agus forbairt gnó ar fáil i gceantar Chonamara le bliain anuas, í Rosmuc, Cor na Móna, Maigh Cuilinn agus ceann eile ar an gCeathrú Rua , do dhaoine a bhí ag bualadh faoi fhéinfhostaíocht nó a bhí ag tosnú gnó nua. Spreagann an cúrsa seo daoine agus cuireann sé ar an eolas iad faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ag baint le féinfhostaíocht. Bíonn go leor ábhar clúdaithe ar an gcúrsa seo, m.sh., An Dlí, Cúrsaí airgeadais & Cáin, Tacaíocht na Stáit, Taighde agus Scileanna Margaíochta, Scileanna Díolacháin agus Tráchtála, Tús maith, ag Bainistiú Riosca sa Staid Forbartha, agus go leor eile. Ghlac 57 duine ar fad páirt sna cúrsaí seo a bhí dhá teangach agus de réir an aiseolas ó na rannpháirtí bhain siad ann tairbhe astú. Faoin Sprioc seo freisin chuir FORUM cúrsa cuntasaíochta bunúsach ar fáil don sprioc ghrúpa seo.

Mar chomhfhiontar idir an Roinn Choimirce Sóisialaí agus FORUM cuireadh cúrsa ríomhaireachta aitheanta ECDL ocht seachtaine ar fáil do 12 rannpháirtithe. Cuireadh an cúrsa seo ar fáil ag Muintearas agus ba é Máirtín Ó Mocháin an teagascóir agus ag tabhairt Lucht freastal ar chúrsa oiliúna Oige na Gaeltachta tacaíocht theicniúil ar an suíomh.

Cuireadh Cúrsa Oiliúna i Modúl úsáid Spóirt do chinnirí na gClubanna Óige agus Ceárdlann oiliúna ar fáil do na Clubanna Óige sa réimse Cluichí & Spóirt.


FORUM Gaeltacht Newsletter Winter 2013_FORUM Newsletter Summer 2011 final 19/12/2013 10:52 Page 2

Sprioc 1. Eolas a chur ar fáil faoi agus úsáid a bhaint as réimse leathan de sheirbhísí atá á sholáthar ag eagraíochtaí Faoin sprioc seo fuair na grúpaí seo leanas tacaíocht ón CFAP i leith imeachtaí sóisialta don aosach agus daoine le mí chumas. Tearmann Éanna- cuireadh cúrsa Ceardaíochta & Ealaíona ar fáil do dháréag ó ionad cónaitheach na heagraíochta ar an Tulach.

Chuir Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn turas bus ar fáil do dhá scór dhaoine aosta a úsáideann an t-ionad lae sa cheantar sin. Bhain Coiste Aosaigh Rosmuc leas as an sprioc seo chun imeacht sóisialta a sholáthar do ghrúpa aosaigh as an gceantar. Faoin sprioc seo freisin chuir Buaille Cheoinín cúrsa damhsaithe aitheanta ón Institiúid Laban Bartenieff do ghrúpa ón ionad cónaithe sin. Bhí an cúrsa a cuireadh ar fáil ar FETAC leibhéal a trí agus déanadh seachadadh ar an gcúrsa ar an Cheathrú Rua.

Le tacaíocht ón tsraith chaiteachais seo sholáthar Coiste Spreagadh na nAosach- Carna turas bus go Cnoc Mhuire do ghrúpa aosach a fhreastalóinn ar an ionad lae i gCarna.

Le tacaíocht ón CFAP chuir Tearmann Éanna cúrsa Gairneoireacht aitheanta ar fáil do cheathrar déag le deacairéachtaí foghlama agus is i gCasla a bhí an láthair oiliúna lonnaithe. I gcomhar le Forbairt Mhaigh Cuilinn Teo agus Sonas cuireadh turas lae ar fáil do lucht freastal an t-ionad lae i Maigh Cuilinn.

Mar chomhfhiontar idir Ionad Lae Ros Muc agus Ionad lae Chamuis cuireadh turais lae ar fáil do cheathrar déag a úsáideann an dá ionad.

Faoin réimse caiteachais seo chuir Tearmann Éanna turais lae do ghrúpaí aosach chuig Tobar Naomh Anna, Gairdín Bhríde agus an Clochán. Ar thalamh le taobh Ionad Churam Leanaí Charna agus mar chomhfhiontar idir Forbairt Chonamara Láir agus an Coiste an Ionad Aoisoideachais (Glinsce) cuireadh traenáil phracticiíúil sa réimse gairneoireachta ar fáil do naoínur ón Ionad.

I mbliana tháinig FORUM agus Oige na Gaeltachta le chéile ar mhaithe sraith chúrsaí oiliúna a sholáthar don oige sa Ghaeltacht.

Ag tús Mí Meán Fómhair cuireadh Cúrsa Garchabhair FETAC L.5 ar fáil do thuismitheoirí agus cinnirí nua-aimsithe na gClubanna Óige. Bhí an cúrsa seo oscailte do na Clubanna agus cuireadh Seisiún Eolais ar dhrugaí, Alcól agus tiomáint sábháilte ar fáil do na daoine óga.

Sprioc 2. Rochtain a mhéadú i leith oideachas foirmiúla & neamhfhoirmiúla, imeachtaí caitheamh aimseartha, imeachtaí cultúrtha agus acmhainneach.

Faoin ngníomh seo lean Ionad Oideachais Pobail an Caiseal & Glinsce leis an chúrsa ríomhaireachta ag FETAC Leibhéal 3 a thosaigh i 2012 mar chúrsa iontrála. Lean an cúrsa ar feadh 36 uair an chloig thar dháréag seachtain le naonúr rannpháirtíthe.

Ar an Mám chuir “Maam Childrens Playscene” cúrsa oiliúna do thuismitheoirí,cúntóirí óga agus cuntoirí deonacha eile i leith a bheith ag obair go deonach le paistí.

Faoin réimse caiteachais seo chuir Clifden Hedz Academy cúrsa gruaigaireacht ar fáil do dháréag ó Charna agus An Fháirche. Is ar an Clochán a cuireadh an cúrsa seo ar fáil. Le tacaíocht ón mbuiséad seo agus mar chuid den straitéis litearthacht atá ag Pléraca cuireadh tacaíocht ar fáil i leith leabhair a cheannach ar mhaithe scileanna agus nósanna leithoireacht a chothú.

Le cuidiú ó FORUM chuir Forbairt Chonamara Láir Teo cúrsa Scriobhneoireacht agus Litearthachta ar fáil do dhaltaí scoile san aoisghrúpa 10 go 14 bliana. Cuireadh an cúrsa ar fáil tar éis gnáth uaireanta scoile agus is ag Ionad Cúram Leanaí Charna a seachadadh an cúrsa.

Faoin réimse caiteachais seo thug FORUM tacaíocht do Pastime Chonamara i leith cúrsa Deileadh Adhmaid & Ceardaíocht a reachtáil. Le cunamh ó FORUM d'fhreastail trí dhuine déag ar an cúrsa seo agus is i Seanscoil na Minna a cuireadh an cúrsa ar fáil doibh. Mar pháirt de sprioc 2 tá FORUM na Gaeltachta agus na Galltachta ag co oibriú ar mhaithe le cúrsa talmhiochta a sholathar ar an Sraith Saileach do 22 feilmeirí óga.Nuair a bheas an cúrsa seo criochnaithe acu beidh an “Teastas Glas” bainte amach acu agus beidh buntáistí faio leith le fáil acu maidir le cursai dleacht stampa agus eile. Is faoi stiúir Breandán Ó Máille atá ríaradh an chursa seo.

Tá Coiste na nEalaiona Dhuchasacha in Iorras Aithneach ag fáil cunamh faoin sprioc 2 i leith sraith Ceardlainn Dramaiochta a chuir ar fáil ag Scoil Phobail Mhic Dara. Tá na dramaí ag deiláil le mí-úsáid substaintí, méala agus bulaiochta.

Le tacaiocht FORUM tá agus mar thoradh ar iarratas ón scoil tá Cúrsa Matamatica theis Scoile curtha ar fáil ag Coláiste Choilmcille in Indreabhán ar mhaithe cur le cumas matamatic na scoláiri. Tá tús curtha leis na ranganna do ghrúpa an Teastas Sóisearaigh agus na hÁrdteiste gach tráthnóna Dé Luain idir 4 & 6 i.n.

Faoi scáth Óige na Gaeltachta cuireadh seisiún ar ciberbhullaíocht chomh maith le seisiún ar dhrugaí alcól agus tiomáint sábháilte ar fáil ag i Muintearas.

Ag eascairt as taighde i measc fostóirí cuireadh Cúrsa TAS Books ar fáil do dheichniúir ag Ionad Ríomhaireachta Mhuintearas. Is dianchúrsa a bhí ann agus ba é an cuntasóir agus comhairleoir cánach Máirtín Breathnach a bhí mar theagascóir. Tá buíochas mór ag dul do bhainistíocht Mhuintearas as ucht an réimse leathan teicneolaiocht a chuir ar fáil. Ag díriú ar thuismitheoirí chomh maith cuireadh Cúrsa ar ‘Cyber Bullying’ do dhaoine óga agus na tuismitheoirí. Bhí sé seo ar siúl i gCill Chiaráin agus ar An Cheathrú Rua agus d’fhreastal na Clubanna Óige ó Carna, Cois Fharraige, An Cheathrú Rua agus Corr na Scoláirí ag freastal ar Clár Críochnaithe Scoile Móna. Tús an chúrsa TAS Books

Ag togáil sos ag Ionad Eachtraiochta an Chaolaire.


FORUM Gaeltacht Newsletter Winter 2013_FORUM Newsletter Summer 2011 final 19/12/2013 10:52 Page 3

Sprioc 2; Tacaíocht do Thionscnaimh bunaithe ar Óige

Sprioc 2. Rochtain a mhéadú i leith oideachas foirmiúla & neamhfhoirmiúla , imeachtaí caitheamh aimseartha, imeachtaí cultúrtha agus acmhainneach.

Faoin réimse caiteachais seo chuir Muintearas Cúrsa Cinnireachta Óige ar fáil do 16 rannpháirtithe a bhíonn ag obair le daoine óga, ar bhonn deonach nó mar slí bheatha. Cuireadh béim ar thábhacht Cosaint agus Sábháilteacht an Linbh ag gach duine atá ag obair leis an duine óg. Mar chuid den chúrsa tugadh eolas agus scileanna praiticiúla don fhoghlaimeoir chun post a bhaint amach mar chomhordaitheoir/cinnire óige/cúntóir i Campa Samhraidh, Club Óige nó Coláiste Gaeilge sa réimse forbartha óige.

Faoin sprioc seo fuair Maam Childrens Playscene ar an Mám cúnamh i leith cúrsaí scileanna puipéadóireachta & Circuis do scór dhaoine óga on gceantar sin.

Leanfar ar aghaidh leis an gClár Críochnaithe Scoile ar an Fháirche agus Carna chomh maith agus meastar go mbainfaidh 38 dalta leas as an gclár seo. Is i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta atá an clár seo curtha ar fáil.

1. Sprioc 3 - Seirbhís Idirghabhála Fostaíochta Tá an tseirbhís seo á chuir ar fáil ag an oifigeach idirghabhlaí fostaíochta faoi Sprioc 3 den chlár CFÁP, in oifig FORUM Chonamara atá lonnaithe sna Forbacha (ar chúl oifigí an Údaráis) agus tá fáil ar an tseirbhís freisin ag trí oifig fo-rochta ar fud cheantar Chonamara, Leitir Móir (uair sa mhí), Cor na Móna (chuile choicís), agus Carna (uair sa tseachtain). Mar chuid den obair sin bíonn an t-oifigeach idirghabhlaí fostaíochta ag forbairt Cuid de na rannpháirtíthe a fuair teastais sa chúrsa gnó agus ag cur i bhfeidhm córas tacaíochta, chun cúnamh a thabhairt don sprioci gColáiste Chuimhneachán An Phiarsaigh i Rosmuc. chliaint, i.e. lucht dífhostaithe, daoine ar bheagán fostaíochta, teaghlaigh fheirm bheaga/iascairí, daoine faoi mhíchumais, agus mná ag filleadh ar obair, go haonarach chun a gcuid roghanna maidir le fostaíocht/féinfhostaíocht agus traenáil/oideachas a iniúchadh. Is seirbhís chéad teaghmhála é do dhaoine ina ndéantar plé ar a gcuid roghanna roimh a gcuirtear ar aghaidh iad chuig a roghanna cuí. Oibríonn FORUM go dlúth le heagraíochtaí eile cosúil leis an Roinn Choimirce Sóisialaí, Údarás na Gaeltachta agus na Comharchumainn maidir le folúntais ar scéimeanna fostaíocht pobail agus scéimeanna eile. Bíonn comhoibriú freisin idir FORUM agus eagraíochtaí cosúil le Muintearas agus an Choiste Gairm Oideachais maidir le cúrsaí traenála a chuir ar fáil trí Ghaeilge í Conamara. Ar an tSraith Saileach cuireadh cúrsa Dearadh & Cothabháil Gréasáin ar fáil do dheichniúir mar thoradh ar thaighde a déanadh i measc fostóirí ar bhearnaí scileanna i measc iad siúd atá ag lorg fostaíocht. Arís is comhfhiontar é seo idir an FORUM na Gaeltachta agus na Galltachta agus ba í Cathy Keane ón oifig i Leitir Fraic a rinneadh bainistiú ar an togra seo.

Bunaithe ar an taighde céanna i measc na bhfostóirí cuireadh Seimineár Margaíochta ar fáil ag Ionad Pobail an Mháma, an tSraith Saileach dóibh siúd atá féin fhostaithe nó ag obair le comhlachtaí beaga sa cheantair. Ba é an saineolaí margaíochta Pearse Flannery a bhí i mbun teagaisc agus ghlac dháréag páirt sa seimineár.

Le hairgeadú ó FORUM faoin CFAP chuir Muintearas cúrsa IT ar fáil dírithe ar dhaoine di fhostaithe idir 18 agus 25 bliana daois. Cuireadh béim ar cruthú Aipp. dearadh suíomh idirlíne agus úsáid na meáin shóisialta. Ba chúrsa iontrála i seo agus ag brath ar dul chun cinn agus éileamh tá sé i gceist cúrsa creidiúnaithe a chuir ar fáil níos déanaí. Mar aguisín cuireadh cúrsa gairid ar na Meáin Sóisialta ar fáil do chúigear di fhostaithe ar feadh chuig seisiúin ar mhaithe scileanna aimsithe poist a thabhairt dóibh.

Faoin réimse caiteachais seo chuir Ionad Oideachais Pobail an Caiseal & Glinsce cúrsa Oiliúint ar Láimhsiú Sábháilte do dheichniúir ar an láthair thraenála i nGlinsce agus chuir Cumann Luath Chleas Charna cúrsa Garchabhair ar fáil do chóitseáilí an chumainn. Chuir Comharchumann Shailearna Teo cúrsa Comharthaíochta, Soilsiú agus Gardála ag Oibreacha Bóthair ar fáil d’ochtar thar tréimhse trí lá móide Cúrsa FETAC 3 Sláinte & Sábháilteacht ag Oibreacha Bóthair. Is comhfhiontar a bhí anseo idir Údarás na Gaeltachta agus FORUM ar mhaithe daoine dífhostaite nó ar bheagán fostaíocht a réiteach chun poist. Rinne scór breise an cheana i Márta chomh maith. Bunaithe ar éileamh ó Chomharchumann Dhúiche Sheoigeach Teo (CDS Teo) cuireadh cúrsa Tiomána Trealamh Lódála d’ochtar dífhostaithe as ceantair Chor na Móna.

Faoin réimse caiteachais seo cuireadh cúrsa aitheanta (EHOA Primary Course in Food preparation) Sábháilteacht & Ullmhú Bia ar fail d’fhoireann an Chlúid agus d’fhoireann an Naíonra a bhíonn ag réiteach bia. Cuireadh Cúrsa Cócaireacht do dáréag duine fásta ar fáil chomh maith le béim faoi leith ar chostas agus cothú cothrom. !"#$%&'&%()*)+(+,-%./+$01-2%34+$,1&01#"&51%4)%61&/"7&517%!1)8&'&$&% !9:;<:=%

>?%@9;%ABC%

:A%

!&$8&%

6&51%>D&8%4)8%'1-%

E$F8%%*%%G+F8%

!)$%8&%AH8&%

@&$&%I%!/&71$J%!K&4&)+8%

E$F8%%*%%G+F8%

4)%,&51%'-% !/&87&$%8&%8L+"/#+8%

:8%7$-J%@K&$4&)+8%4)8%

E$F8%%*%%G+F8%

'1-% M-)88%(#+"%&$%&8%)+(+,/&51%2&8%0N$-)'1%)+(+,%28&%O)$0&51&%,&51%"#%/+"/F% OH8P%%QER*GSSQGE%&,D2%QTS*SEGUSVS%% =-)'1%N1)27P%'FD+41)'18&+""W()$D'5)88/'&$&F+/% !

Sprioc 3 - Tacaíocht agus seirbhís idirghabhlach do tealaigh feirm beaga /Iascairí: Tugann FORUM Chonamara tacaíocht agus treoir d’fheiliméirí /iascairí chun a gcuid teidlíochtaí a fháil agus cuir lena n-ioncam. D’eagraigh FORUM ceithre sheisiún eolais maidir le cúrsaí cánach d’fheiliméirí agus d’iascairí i gceantair Rosmuc, Cor na móna, Indreabhán agus Tír an Fhia le bliain anuas. Faigheann feiliméirí eolas maidir le ’íocaíochtaí leasa shóisialaigh , m.sh., Liúntas Cúnamh Feirme, Scéim Shóisialta Tuaithe, & rl le cur lena gcuid ioncaim. Samplaí de chuid dos na cúrsaí faoin Sprioc seo; Sábháilteacht Feirme, Cúrsa Sábháilteacht Tine ,Garchabhair agus Slándáil Beatha d’Íascairí, Safe Pass, Cúrsa Loingseoireacht (Navigation), eolais agus cúnamh maidir leis an tástáil teoirice do feithicil í catagóir B le leantóir, &rl.


FORUM Gaeltacht Newsletter Winter 2013_FORUM Newsletter Summer 2011 final 19/12/2013 10:52 Page 4

SEIRBHÍSÍ DO DHAOINE DÍFHOSTAITHE

Sprioc 3 - Tacaíocht agus treoir a thabhairt do dhaoine leas a bhaint as oideachas & oiliúint: Cuid mhór d’obair FORUM ná cabhrú le daoine atá dífhostaithe nó ar bheagán fostaíochta dul í dtreo oideachas agus traenáil. Tugtar eolas do na daoine seo faoi na roghanna atá ar fáil dóibh ó na heagraíochtaí stáit difriúil, m.sh., FÁS, Coiste Gairmoideachais, agus an Roinn Choimirce Sóisialaí. Cuirtear eolas ar fáil dóibh freisin maidir le scéimeanna ar nós An Scéim Intéirneachta, Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas, Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an obair agus deiseanna oiliúna Rannpháirtí ar an gcúrsa Scileanna Gairmoideachais. Ó thosaigh FORUM ag feidhmiú sa Ghaeltacht tá tacaíocht faighte ag suas le 140 Teagaisc í gCarna rannpháirtí aonaracha as an gciste traenála chun cuir lena gcuid féidearthachtaí post a fháil. Roinnt de na rannpháirtí a bhain leas as seo ná daoine a bhí fostaithe san earnáil tógála agus a bhí ag iarradh scileanna nua a fhoghlaim chun a bheith in ann post a ghlacadh in earnáil eile ina raibh folúntais. Bhí cuid eile a d’fhág na scoile go luath agus a bhí ag iarradh dul ar ais agus cáilíochtaí a bhaint amach dóibh féin agus cuir lena seans post a fháil amach anseo. Sampla de chuid de na cúrsaí a fuair tacaíocht; Cúrsaí farraige, ríomhaireachta, ceachtanna agus ceadúnas bus, trucail agus cóistí a bhaint amach, cúrsaí sláinte & sábháilteachta, gruagaireacht, sláinteachas bia, scileanna teagaisc, &r l.

Martha Williamson ag obair ar a cuid potaireacht, tá sí lonaithe sa Sliding Rock ag Ceardlann an Spidéil áit a bhfuil a gnó nua lonnaithe

Sprioc 3: -Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar obair (féinfhostaíocht) Spreagann an scéim seo daoine atá ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe dul i mbun féinfhostaíochta. Coinníonn daoine atá ag glacadh páirt sa scéim seo céatadán dá n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar feadh 2 bhliain. Tugann oifigeach fiontair FORUM comhairle don rannpháirtí ar bhun aonarach maidir le tosnú suas gnó nó bualadh faoi fhéinfhostaíocht. Cuid den tacaíocht sin ná plé a dhéanamh ar an ngnó / féinfhostaíocht atá siad chun bualadh faoi, plean gnó a chuir le chéile, foirmeacha liúntas fiontraíochta um fhilleadh ar obair a líonadh agus clárú leis na coimisinéirí ioncaim. Bíonn idirghabháil leanúnach ar siúl leis na daoine seo agus bíonn tacaíocht traenála agus deiseanna oiliúna ar fáil dóibh freisin. Cuireann FORUM Cúrsa Fiontair & Forbairt Gnó ar fáil trí Ghaeilge do na daoine seo ina gceantar féin le hiad a chur ar an eolas maidir le gach gné den fhéinfhostaíocht. Faigheann na daoine seo eolas freisin ar chúnamh ó eagraíochtaí agus cláir eile ar nós Údarás agus an clár LEADER. Ó hIúil 2012 tá 45 duine tagtha tríd an Sprioc seo agus díobh sin tá 38 duine tosaithe ar a ngnó féin de bharr an tacaíocht a fuair siad ó FORUM.

Sprioc 3:- Comhphlé le Fostóirí an Cheantair: Bíonn comhphlé agus teagmháil rialta ag FORUM le fostóirí an cheantair agus tá sé ríthábhachtach go mbeadh siad timpeall an bhoird ag plé cur chun cinn aon straitéis a bhaineadh le fostaíocht. Cuireann foireann FORUM pacáistí eolais, suas go dáta, chuig fostóirí an cheantair go rialta le heolas a thabhairt dóibh ar scéimeanna fostaíochta atá ar fáil a chuirfeadh ar a gcumas daoine dífhostaithe go fadtéarmach a fhostú. Chomh maith leis sin iarradh ar fhostóirí eolas a sheoladh ar ais chuig FORUM maidir le aon fholúntais a bheadh acu agus FORUM a choinneáil suas go dáta maidir le heaspa scileanna. D’eagraigh FORUM seisiún eolas ar mhaithe le fostóirí ina ndearna oifigí ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ón gCoiste Gairm Oideachais cuir í láthair ar na scéimeanna ar fad a chuireann siad ar fáil dóibh, chomh maith leis sin Daoine as Conamara ag an lá eolais ar an gCeathrú tugadh cuireadh do fhostóirí Chonamara chuig seisiún eolais a d’eagraigh FORUM í gcomhair le hÚdarás na Rua ina raibh eagraíochtaí difriúil ag tabhairt eolais Gaeltachta ar an gCeathrú Rua do dhaoine dífhostaithe/beagán fostaíocht ina raibh deis ag fostóirí labhairt faoina gcuid seirbhísí: go díreach le daoine a bhí ag lorg post. 6. 1. Sprioc 3 – Riachtanais a aithint/tacaíocht leanúnach do dhaoine dífhostaithe nó ar bheagán fostaíochta go fad thearmach: Tugann an tseirbhís seo cúnamh agus eolas dos na sprioc ghrúpaí seo ionas gur féidir leo bualadh faoi fhostaíocht a lorg agus cuir lena gcuid ioncaim. Faigheann na daoine seo comhairleoireacht ar bhun aonarach chun a gcuid roghanna a fhiosrú maidir le fostaíocht, oideachas agus traenáil agus cur lena gcuid féidearthachtaí i leith phost a fháil. Ó am go ham cuirtear daoine ar aghaidh le haghaidh seisiún gairmthreorach nuair nach mbíonn siad cinnte cén ghairim a oireann dóibh. Cuireadh seisiún eolais ar fáil don sprioc ghrúpa seo ag tús 2013 ina raibh fáil acu ar eolas faoi scéimeanna, cúrsaí agus roghanna oideachais. Tugadh na heagraíochtaí cuí ar fad le chéile, An Roinn Choimirce Sóisialaí, Coiste Gairm Oideachais, Skillnet, GMIT, Muintearas, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, agus go leor eile, ina ndearna siad ar fad cuir í láthair ar na roghanna difriúla a bhíonn siad ag cuir ar fáil. Bhí seastán ag gach eagraíocht freisin ar an lá agus bhí daoine in ann bualadh leis na hoifigí éagsúla ar bhun aonarach chun a gcuid ceisteanna pearsanta féin a phlé leo. D’fhreastal suas le 190 duine ar an lá eolais sin agus ón aiseolas a fuair muid bhain siad tairbhe as. Faoin Sprioc seo freisin cuireadh dhá chúrsa “Signage & Lighting” ar fáil do dhaoine dífhostaithe í gcomhair le Muintearas d’fhir/mná as ceantar Chonamara. Sprioc 4; Meantóireacht, Comhairle, Oiliúint, agus Tacaíocht do Ghrúpaí Pobail agus Eagraíochtaí Deonacha. Faoin ngníomh seo lean Ionad Oideachais Pobail an Caiseal & Glinsce le Cúrsa Éigeandála & Sabháilteacht do dhaoine a chríochnaigh an Cúrsa Sábhailteacht anuraidh. Fuair Coiste pobail Charna i gcomhar le Forbairt Chonamara Láir Teo cúnamh ó bhuiséad FORUM CFAP i leith theacht le chéile Scoil Ghlinncse. Rinne an Scéim Fostaíochta Pobail agus an Scéim Sóisialta Tuaite suirbhé cuimsitheach a fhad is a bhí na h’imeachtaí ar siúil ar mhaithe eolas a bhailiú maidir le húsáid an Ghaeilge agus an tionchar atá aice ar eisimirceací ag teacht abhaile. Mar chomhfhiontar idir FORUM agus Údarás na Gaeltachta tá Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo ag reachtáil sraith ceardlainn sa sráidbhaile ar mhaithe turasóireacht a fhorbairt agus rannpháirtíocht an pobal a chothú. Tá tábhacht faoi leith leis an rannpháirtiocht seo mar beidh Comórtas Peile na Gaeltachta á reachtáil i Maigh Cuilinn i 2014. Is é an comhlacht Bane Mullarkey atá fostaithe mar áisitheoirí dos na ceardlainn. Le tacaiocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus FORUM tá an grúpa forbartha Forbairt Chonamara Láir Teo ag seachadadh Cúrsa Síolrú ag leibhéil FETAC 3 ag an dá eastát tithíochta i gCarna.Tá dháréag rannpháirtithe ar an gcúrsa agus tá tacaiocht faighte ó Choiste Gairmoideachais na Gaillimhe agus an Scéim Filleadh ar Oideachas. Fuair Scéim Uisce Loch hIrbirte & Leitir Mealláin Teoranta tacaíocht ó FORUM i leith cuid den chostas córas bainistíochta ISO9001 a chuir i bhfeidhm san eagraíocht nua bhunaithe. Baineadh amach an sprioc sin le gairid agus tá árd mholadh ag dul do gach eagraiocht a bhí páirteach, an Comhairle Contae, na hinnilteoirí,Muintearas agus go speisialta an bainisteóir sealadach Seán Corrigan as ucht an gradam sin a bhaint amach. Anois tá fiseán feasachta agus pacáiste eolas a fhoilsiú ag an grúpscéim seo ar mhaithe áird an phobail a dhiriú ar thabhacht an solathar uisce, ta 520 tithe ag brath ar Scéim Úisce Loch hIrbirte & Leitir Mealláin Teoranta chun go mbeadh solathar uisce sábhailte le n’ól acu.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Gearóid de Faoite 087 6921211, Mairead Ui Dhomhnaill 087 7952747


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.