Cearta Teanga Toghcháin na hEorpa 2014 Language Rights European Elections 2014
A chairde,
Tá ár gcearta teanga i mbaol. Tá uair na cinniúna buailte linn ó thaobh na Gaeilge de. Is mithid dúinn cinneadh a dhéanamh — ar chóir dúinn an teanga a ligean le sruth na staire, nó glacadh le fírinne an scéil agus dul i ngleic leis an gceist faoi dheireadh is faoi dheoidh. Agus is é an fhírinne sin go labhraíonn breis is 77,000 duine an teanga gach uile lá, idir laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht, agus gur gné lárnach de shaol na hÉireann í. Is í príomhtheanga an Stáit í, agus tá sí aitheanta mar theanga oifigiúil i dTuaisceart Éireann chomh maith. An 1 Eanáir 2007 deonaíodh stádas oifigiúil don teanga san Aontas Eorpach. Déantar plé sa cháipéis seo ar roinnt ceisteanna atá fós le réiteach i leith na Gaeilge san Aontas Eorpach. • Aibhsíodh an cruachás ina bhfuilimid faoi láthair nuair a d’éirigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, as a phost anuraidh de dheasca go raibh ag teip ar an Rialtas dualgais teanga a chomhlíonadh, ar dualgais iad a leag an Rialtas féin síos fiú amháin. • Deireadh a chur leis an maolú atá curtha ag Rialtas na hÉireann ar stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach. Táimid ag tnúth go mór leis na ceisteanna seo a ardú leis na hiarrthóirí uile sna seachtainí roimh na toghcháin ar an 23 Bealtaine, agus go ceann roinnt míonna ina ndiaidh chomh maith. Beirigí bua agus go n-‐éirí libh, _______________________ ________________________ Joe O’Connor Feidhlim Seoighe Uachtarán Leasuachtarán don Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Éilimh an Aosa Óig:
1. Lánstádas Oifigiúil don Ghaeilge mar Theanga Eorpach Tá de cheart ag FPEanna Éireannacha labhairt os comhair na Parlaiminte trí mheán na Gaeilge. Ach ní chaithfidh ach rialacháin chomhchinnidh a chur ar fáil as Gaeilge faoi láthair mar thoradh ar mhaolú 5 bliana in-‐athnuaite, arna iarraidh ag Rialtas na hÉireann. Míníodh ag an am go raibh gá leis an maolú de dheasca ganntanas saineolaithe sa Ghaeilge. Ní ann dá leithéid de ghanntanas a thuilleadh. Bhí sé beartaithe ar dtús go gcuirfí deireadh leis an maolú ag deireadh 2011, ach síníodh go dtí deireadh 2016 é. Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé iarraidh ar an Aontas Eorpach go hoifigiúil gan an maolú a athnuachan, agus ní mór dóibh an cinneadh sin a dhéanamh go luath ionas go bhféadfaí feachtas earcaíochta a riar mar ba cheart idir seo agus 2017. Is mithid beart a dhéanamh gan mhoill. Tá an tAontas Eorpach ag earcú daoine i láthair na huaire (m.sh. tá 10 bpost do dhlítheangeolaithe le líonadh le linn 2014). Bheadh 180 folúntas sa bhreis le líonadh faoin 1 Eanáir 2017 dá gcuirfí deireadh leis an maolú, áfach. Ní bheidh lánstádas oifigiúil ag an nGaeilge san Aontas Eorpach go dtí go rachfar i ngleic leis an gceist seo, agus ní chaithfear na cáipéisí dlí ar fad a aistriú go Gaeilge dá bharr sin. Ba theanga chonartha í an Ghaeilge sular deonaíodh stádas oifigiúil di agus níor éilíodh ach na cáipéisí ar an leibhéal ab airde a chur ar fáil as Gaeilge. Ina theannta sin, ní raibh de cheart ag ionadaithe Éireannacha Gaeilge a úsáid san Aontas Eorpach de dheasca easpa ateangairí. Glacadh leis an Máltais mar theanga oifigiúil sa bhliain 2004, agus d’éirigh leo deireadh a chur leis an maolú ar an teanga sin laistigh de 3 bliana. Tugadh conarthaí sealadacha do roinnt mhaith saineolaithe sa Mháltais le héascú dóibh tríú teanga a fhoghlaim agus iad ag obair in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Caithfidh tú trí theanga a bheith agat chun post buan a fháil mar shaineolaí teanga.
Cé na buntáistí breise d’Éirinn a d’eascródh as deireadh a chur leis an maolú ar stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach? • Bheadh an Ghaeilge ar chomhchéim leis na 24 teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais Eorpaigh, an Mháltais, an Eastóinis agus an Laitvis ina measc. • Chuirfí 183 post ardluacha ar fáil idir seo agus 2017 (103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaí agus 4 ceann aonaid) gan ghá do Rialtas na hÉireann oiread is cent amháin a chaitheamh.
•
•
Bhainfeadh Éire leas fadtréimhseach as tionchar méadaithe san Aontas Eorpach de bharr go leanfadh cuid de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist ina mbeadh freagracht orthu as réimsí beartais san Aontas Eorpach. D’fheabhsódh sé stádas na Gaeilge agus íomhá na teanga i measc an phobail in Éirinn, go háirithe i measc daoine óga ar scoil agus san oideachas tríú leibhéal.
2. Cearta Comhionanna do Chainteoirí Gaeilge Aibhsíodh an easpa tacaíochta a thugann an tSeirbhís Phoiblí do chainteoirí Gaeilge nuair a d’éirigh an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin as anuraidh. Eagraíodh roinnt agóidí i gConamara, i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste le gairid chun tacú le seasamh an iar-‐Choimisinéra, ach chun aird a tharraingt ar na deacrachtaí a bhíonn ag cainteoirí Gaeilge freisin nuair a dhéanann siad iarracht a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge. Táimid ag iarraidh go dtacódh an Stát leis an gceart atá ag cainteoirí Gaeilge chun Gaeilge a labhairt ina saolta laethúla. Is éard atá i gceist againn i ndáiríre gur cóir cearta comhionanna a thabhairt do chainteoirí Gaeilge gan cheist, gan choinníoll agus na seirbhísí céanna a chuirtear ar fáil i mBéarla cheana a chur ar fáil trí Ghaeilge. 3. Acht Teanga do Thuaisceart Éireann I dtuarascáil a foilsíodh le déanaí, chuir Comhairle na hEorpa in iúl go bhfuil ‘dearcadh naimhdeach’ fós ann i gcoinne na Gaeilge i dTionól Thuaisceart Éireann. Luaigh an Coimisiún chomh maith gurb ionann na moilleanna atá curtha le hiarratais ar ainmneacha sráide dátheangacha agus sárú ar chairt na gceart. Tá sé tugtha le fios ag an Aire Cultúir, Cáral Ní Chuilín, go dtabharfaidh sí isteach an reachtaíocht faoina ndéanfar foráil do chearta cainteoirí Gaeilge. Is é an príomhchúis nach bhfuil aon bheart déanta go fóill ná nach raibh an tionól cumhachtroinnte in ann teacht ar chomhréiteach i ndáil leis an aighneacht. Cuireadh in iúl i dtuarascáil na Comhairle gur cóir don Tionól níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann. Tá an Tionól ag sárú Chomhaontú Chill Rìmhinn chomh maith sa chaoi go bhfuil ag teip air an Ghaeilge a chur ar bhonn reachtúil. Teastaíonn ó gach uile dhuine ar oileán na hÉireann cearta teanga.
Ceisteanna le cur ar Iarrthóirí
1. Dá dtoghfaí mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa thú, an mbeifeá toilteanach nós a dhéanamh agus Gaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint? 2. Mura bhfuil tú sásta le caighdeán do chuid Gaeilge faoi láthair, an dtabharfaidh tú faoi ranganna nó faoi chúrsaí féinmhúinte ar líne d’fhonn do chuid Gaeilge a fheabhsú ionas go mbeadh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh do phobal na Gaeilge mar ba chuí, go háirithe i bParlaimint na hEorpa? 3. An bhfuil tú toilteanach fógairt go poiblí mar chuid de d’fheachtas toghcháin gur mian leat go gcuirfí deireadh leis an maolú ar stádas oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh na bliana 2016?
“Má labhraítear le fear i dteanga a thuigeann sé, bainfidh sé meabhair as. Má labhraítear leis ina theanga féin, bogfaidh sé anás a chroí.” Nelson Mandela