Mistéir an Mháistir Bashō
Gabriel Rosenstock
MATSUO BASHŌ (1644 – 1694)
[GLUAIS Gaeilge-Béarla lch 37)
1
Sa seachtú haois déag a bhláthaigh an máistir mór Bashō. Níl aon easpa ábhair ina thaobh sna leabharlanna ná ar an Idirlíon. Fútsa atá sé, más mian leat, eolas a chur ar a shaol agus ar a shaothar. Sa leabhar seo, díreofar ar a chuid haiku. Feicfidh tú an saol trí shúile an mháistir mhóir agus seans maith go bhfeicfidh tú iontais nach bhfaca tú cheana – agus mistéirí, go deimhin – i do shaol féin agus sa domhan atá thart orainn, le linn duit an leabhar seo a léamh agus ar feadh i bhfad ina dhiaidh. Bí ag faire amach le haghaidh na gcáilíochtaí seo a leanas sna haiku a léifidh tú sa leabhar seo: Sabi: Tá gaol ag an bhfocal seo le ‘meirg’. Braithimid sabi i haiku nuair a bhraithimid cumha ann, nó uaigneas, an tuiscint sin go bhfuil gach aon ní gearrshaolach, neamhbhuan. Nó an tuaigneas sin a bhraitheann an té atá as tiúin leis an gcuid eile den chomhluadar. Samhlaigh na crainn silíní faoi bhláth agus ina measc tá crann eile ina sheasamh, crann nach dtagann bláth ar bith air: uaigneas – ina sheasamh i measc na mbláthanna crann cufróige
Má ba bhocht go minic iad na máistrí haiku (haijin) a thug an bóthar fada bán orthu féin, is minic an-sona ina n-aigne, leis, iad agus áilleacht an dúlra á blaiseadh acu san iargúil. Thugadar neamh is talamh níos cóngaraí dá chéile:
gealbhain sna bunsoip lucha sa tsíleáil – ceol neimhe
2
Fiú má bhí uaigneas go minic sna radhairc a chonaiceadar agus sna fuaimeanna go léir ar thug siad éisteacht dóibh, guth na cuaiche, sruthán sléibhe, nó an dá fhuaim le chéile, bhí siad saor ó dhualgas an ghnáthshaoránaigh. Nach raibh? Sin is sabi ann mar sin agus faightear an prionsabal sin ní hamháin i haiku ach sna healaíona Seapánacha go léir – potadóireacht, peannaireacht agus mar sin de. Baineann sabi chomh maith leis an gcuimhne atá againn ar ár n-óige. Bhí gach aon rud níos glé an uair sin, nach raibh? Ní raibh dusta agus castacht an tsaoil tar éis doiléiriú a dhéanamh ar gach aon rud. Tá a fhios againn ó na tráchtais a scríobh duine de dheisceabail an Mháistir, Hattori Tohō, go raibh an-mheas go deo ag Bashō ar ‘aigne an tosaitheora’. ~ Wabi: Pian níos mó ná cumha, b’fhéidir, a bhraitear nuair a bhraithimid wabi. Uaireanta cuirtear le chéile iad mar aon fhocal amháin, wabi-sabi. An phian a bhraithimid nuair atá rud éigin neamhiomlán, rud éigin ar iarraidh, rud éigin cearr linn féin nó leis an saol. Bochtaineacht an chiall a bhain le wabi ar dtús, bochtaineacht na manach agus na ndíthreabhach ach go háirithe. D’fhéadfá leabhar iomlán a scríobh ar na téarmaí sin amháin agus a dtionchar ar ealaíona traidisiúnta na Seapáine agus ina dhiaidh sin ar ealaíona an Iarthair. Saothar a mbaineann wabi-sabi leis, líonann sé le dúil sa tsíoraíocht sinn, cuir mar sin é. Chomh maith leis sin, an té a bhfuil tionchar ag wabi-sabi ar a shaol, aimseoidh sé áilleacht sa rud is lú agus sa rud is comónta amuigh! Bí ag faire amach sa leabhar seo le haghaidh rudaí comónta a spreag Bashō chun haiku a scríobh ina dtaobh, rudaí a mheall chucu é sa tslí gur thum sé é féin iontu i bhfaiteadh na súl. Is minic agus dánta á léamh againn ar scoil go mbíonn meafar nó siombail á lorg againn. Ach sa haiku, bíonn cuid de na heachtraí chomh simplí sin – más féidir eachtraí a thabhairt orthu – go bhfiafraíon an léitheoir de féin, An é sin é? Freagra:
3
sin é! Sea. Ach níl aon rud chomh simplí is a fhéachann sé. Léigh arís é agus arís. Lig don haiku a rún a nochtadh duit. Chun tuiscint cheart a fháil ar wabi-sabi, smaoinigh ar a mhalairt, is é sin an domhan cosmaideach. Clúdaímid fabhtanna. Ceilimid an drochbholadh, ceilimid an t-éasc. Ceiliúrann wabisabi na fabhtanna céanna seachas iad a cheilt.
greamaithe den bheacán duilleog ó chrann anaithnid
gé fhiáin scartha tamall óna compánach ag néalta
Faighimid léargas ar mhíorúiltí an domhain sa haiku, míorúiltí beaga is móra an dúlra i gcaitheamh na bliana, agus léargas orainn féin chomh maith. Uaireanta, imíonn nithe ó léargas – an ghé sa haiku sin thuas agus scamaill á ceilt, tamall. Is iad na tamaillíní sin is cás leis an haijin, an máistir haiku, tamaillíní léargais, tamaillíní lánléargais, tamaillíní neamhléargais is na tamaillíní eatarthu. Sa seachtú haois déag a bhláthaigh Bashō. Bain úsáid as an Idirlíon, nó as do leabharlann áitiúil, chun teacht ar eolas faoina shaol is faoina shaothar, an taisteal go léir a dhein sé, na deisceabail a bhí aige, na daoine a d’fhág a lorg air (an sagart Saigyo, abair, agus filí eile) agus na háiteanna a chuaigh i bhfeidhm air. Sa leabhar seo, is ag breathnú ar a chuid haiku a bheimid agus ag dul isteach sa mhistéir álainn a bhaineann leo.
4
nach tanaí é solas na gréine trí dhuilleoga óga
Foghlaimeoimid sa leabhar seo conas an domhan a fheiceáil trí shúile an mháistir haiku agus iontais a fheiceáil nach bhfacamar riamh cheana, iontais inár saol féin! Tá spiorad an haiku go lonrach sa sampla thuas. Glac leis an spiorad sin agus athróidh sé thú, athróidh sé an bealach ina bhféachann tú ar an saol. ~ Is minic a thugann píosa léitheoireachta gach aon rud duit, cur síos iomlán nó míniú iomlán. Ní hin mar a fheidhmíonn an haiku, áfach. Fágtar gan lánstad ag an deireadh é. Fágtar oscailte é. Caithfidh tusa an spás sin a líonadh, an haiku a chríochnú, más maith leat, le do shamhlaíocht féin, le do thaithí féin, leis an tuiscint atá agat féin don saol. Ma a thugtar ar spás sa haiku. Má fhéachann tú ar leabhar a bhaineann le garraíodóireacht na Seapáine nó ailtireacht nó péintéireacht na Seapáine, feicfidh tú an leas a bhaineann an Seapánach as ma. Dúirt mé go n-athróidh spiorad an haiku tú agus creidim go n-athróidh. Más mian leat go n-athróidh sé thú, athróidh. Bhuail mé le daoine nár theastaigh uathu athrú a dhéanamh. Bhí eagla orthu. Ionann sin agus eagla ar chrisilid a bheith ina féileacán. D’athraigh spiorad an haiku mise. Is mar seo a tharla. Bhíos i mo mhac léinn ollscoile i gCorcaigh ag an am agus chaitheas seal in aon tíos le duine darbh ainm Roderic Campbell. Carachtar ab ea an Caimbéalach. Bhí spéis aige i gcultúr na Seapáine. Léirigh sé dráma Noh i gCorcaigh, páirt bheag agam féin ann mar shagart. Ní raibh aon ghá le drugaí ná aon ní dá shórt – bhíomar ar phláinéad iontach dár gcuid féin. An domhan. Trí shúile nua.
5
I measc na leabhar a bhí ag Roderic (agus is aige a bhí an bailiúchán breá) bhí stair an haiku de chuid R H Blyth, Sasanach. Chuaigh na leabhair sin, ceithre imleabhar, i bhfeidhm ar leithéidí J W Hackett agus Jack Kerouac, beirt mháistrí haiku a d’aistríos go Gaeilge i bhfad ina dhiaidh sin. Mheas Blyth go raibh saothar Hackett inchurtha leis na máistrí Seapánacha. Thugas cuireadh dó Jim Hackett teacht go hÉirinn. Tháinig. Chun blas a fháil ar scríbhinní Blyth, b’fhéidir gur leor an sliocht seo: ‘The sun shines, snow falls, mountains rise and valleys sink, night deepens and pales into day, but it is only very seldom that we attend to such things. . . . When we are grasping the inexpressible meaning of these things, this is life, this is living. To do this twenty-four hours a day is the Way of Haiku. It is having life more abundantly.’ Caithfidh go raibh an-éifeacht ag Blyth orm má tá leabhar mar seo ar an maistir Bashō á scríobh agam breis is dhá scór bliain i ndiaidh dom a shaothar a bhlaiseadh an chéad uair. ar an mbóthar seo nach siúlann éinne eile air oíche fhómhair
Leanaimis an bóthar sin anois, féachaint cá dtabharfaidh sé sinn! ~
ar ghéag lom thuirling préachán tráthnóna fómhair
6
Ar ghéag lom. Loime! Rud lán de Zen is ea an loime chéanna. Lomlán! Faightear sa Chríostaíocht leis é: ‘Lom sé é féin…’ (Litir Naomh Pól chuig na Filipigh, 2.7) Féach (agus braith!) cé chomh lom is atá an haiku thuas. Bhí Bashō 36 ag an am agus tuiscint cheart anois aige dá ghairm – cé gur lean a éabhlóid mar fhile haiku go dtí lá a bháis. Chun dul isteach i loime an radhairc sin, bhí ar Bhashō féin a bheith lom, istigh ann féin. Bhí air é féin a lomadh, rud a dhein, an bóthar fada bán a thabhairt air féin, cúl a thabhairt lena bhothán, arís is arís eile, a bheith ‘ina chreatlach bheo’ mar a dúirt sé féin, ag imeacht leis ó áit go háit, ina ridire bóthair. Tá loime sa radharc agus tá loime san fhoirm, sa struchtúr, an loime sin a mheabhródh luathliricí dúlra na Gaeilge duit. Tugtar faoi deara an friotal lom simplí neamhornáideach ann. Haiku ón mbliain 1680 is ea é. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is go bhfuil an briathar ann san aimsir chaite. Is gnách gur san aimsir láithreach a bhíonn an briathar; breactar síos an feiniméan san aimsir láithreach, díreach agus é ag tarlú, gan smaoineamh, faoi mar a tharraingeodh laoch samurai an claíomh as an truaill. I bhfaiteadh na súl! B’in an chomhairle a thug Bashō féin dá dheisceabail haiku, b’in an tsamhail ar bhain sé leas aisti. (Thuig sé cad ba chlaimhteoireacht ann ach roghnaigh sé bealach an haiku ina háit). Uaireanta tagraítear don fhiach dubh seachas don phréachán sa haiku thuas. Deir an Zen-Mháistir Suzuki Daisetz faoin haiku seo a d’athraigh stair an haiku sa mhéid is gur thug sé uaisleacht is doimhneacht don fhoirm, tréithe a bhí in easnamh uirthi cuid mhaith go dtí sin: ‘There is a great Beyond in the lonely raven perching on the dead branch of a tree. All things come out of an unknown abyss of mystery and through every one of them we can have a peep into the abyss . . .’ Tá sé ráite go diail ansin aige. Tá’s agamsa daoine a bhíonn ag caitheamh anuas ar an haiku. ‘Níl faic ann!’ Caint den saghas sin. Ag caitheamh anuas orthu féin a bhíonn siad. Níl faic ann? Tá gach aon rud ann. Osclaíonn sé an chruinne go léir duit.
7
Cúbann daoine siar ón aibhéis, áfach, ar chúis éigin, ón kogarashi, gaoth an gheimhridh:
gaoth an gheimhridh trí na céadrais – faobhar ar charraigeacha kogarashi ni | iwa fukitogaru | sugima kana Tagann gach aon ní as aibhéis mhistéireach nach eol dúinn agus osclaíonn an dea-haiku an aibhéis sin don léitheoir íogair, an léitheoir oscailte. ~ An aimsir láithreach! Bíonn an haiku suite san aimsir láithreach. Is gnách gur san aimsir láithreach a bhíonn an briathar ann. Sea, ach cad is brí leis an aimsir láithreach? Uaireanta sleamhnaíonn laethanta ón aimsir anallód isteach san aimsir láithreach, sa haiku gleoite seo cuir i gcás: péacáin bhambú – agus sceitsí díobh a dheineas is mé óg Ina dhiaidh sin is uile, feictear dom gur tháinig na sean-sceitsí sin chuige d’aon seáp amháin, gan choinne, agus nach dhá radharc is iad scartha óna chéile iad seo dáiríre ach aon radharc amháin, na heilimintí ann comhleáite ina chéile. Tá pléisiúr iontach sa chomhleá sin, sa tsíoraíocht is anois ann.
tonnta á mbualadh ag maidí rámha reonn m’ionathar – deora oíche
8
Oíche fhuar in Fukagawa. Tá sé faoi mar a bheadh an fuacht á threisiú ag fuaim na maidí rámha sa gharbh-uisce. Agus ansan, an chodarsnacht idir sin agus na deora míne sa líne dheireanach. Haiku corraitheach. Ní mór dúinn tumadh sna haiku seo agus tumadh go domhain iontu. Deir Sam Hamill: ‘The more deeply the reader enters into the authentic experience of the poem, the more the poem reveals . . .” (The Sound of Water, Haiku by Bashō, Buson, Issa and others, Shambhala Centaur Editions 2006). Tá an ceart aige. Tum sa rud atá ar eolas agat, lá i ndiaidh lae, agus gheofá tuirseach de. Tum sa mhistéir, an mhistéir atá i bhfíor-haiku, agus ní gheofá tuirseach de go deo. Feicfimid amach anseo cé chomh domhain is a théann Bashō féin agus é á thumadh féin sa bheatha. Tugtar mono-noaware ar an gcráiteacht sin a bhaineann lenár dtabhairt faoi deara – nuair a fheicimid cé chomh leochaileach is chomh gearrshaolach is atá na feiniméin a nochtar dúinn ar bhóthar na beatha. Faightear an chráiteacht chaoin sin in an-chuid de na haiku seo. Ina dhiaidh sin is uile, tá doimhneas agus éadroime araon sa haiku is cáiliúla leis:
sean-lochán léimeann frog glór uisce
‘Conas tá cúrsaí?’ arsa a mháistir Zen, Buccho, le Bashō. D’fhreagair Bashō: ‘Is glaise anois é an caonach ó bhí báisteach ann.’
9
‘Cén Zen a bhí ann sula raibh an caonach níos glaise?’ arsa Buccho ar ais leis. Díreach ansin is ea a léim an frog, deirtear, agus tháinig an haiku thuas uaidh. D’fhéadfá scata leagan den haiku sin a dhéanamh dá mbeifeá á aistriú go teanga eile. Ar shlí níl tugtha ag an máistir ach leideanna dúinn. Caithfimidne an pictiúr a líonadh dúinn féin. linn ársa léimeann frog – gliog! An cuimhin leat an focal sabi a d’úsáideamar i dtús an leabhair? Ón mbriathar ‘sabir’, a chiallaíonn ‘meirgiú’, rud a bhfuil meirg air nó cuma na haoise. Tá sabi anseo mar sin, leis an bhfocal ‘sean’ nó ‘ársa’. Cé chomh sean? Cé chomh hársa? Chomh sean leis an gceo! Agus tá Bashō ag féachaint ar an linn ársa seo agus go tobann rud nua – frog – ag léim sa linn sin, ag léim san ársaíocht sin mas maith leat. An t-am atá caite agus an t-am i láthair. Plap! Tagann siad le chéile. Tá breis is 20 leagan Béarla feicthe agam ó leithéidí Alan Watts, Cid Corman, Harold G. Henderson, D. T. Suzuki, Donald Keene, R H Blyth, Kenneth Rexroth, William J. Higginson, Lucien Stryk, Lafcadio Hearn (a raibh baint nach beag aige le hÉirinn), Robert Hass, Jane Reichhold, Allan Ginsberg David Landis Barnhill –cuid bheag de na treoraithe a bhí agam féin ar bhealach an haiku is ea an dream sin. Is é Thomas Hoover a thug an léamh is fearr (atá feicthe agamsa) ar an haiku thuas: ‘To write this type of poem, the artist must completely disengage – if only for an instant – all his interpretive faculties. His mind becomes one with the world around him, allowing his craft to operate instinctively in recording the image he perceives. For a moment he is privy to the inexpressible truth of Zen – that the transient is merely part of the eternal – and this instantaneous perception moves directly
10
from his senses to his innermost understanding, without having to travel through his interpretive faculties . . .’ Sea, go díreach! Gan dul trí na hacmhainní léirmhínitheacha! Braithim go bhfuil sé sin an-spéisiúil. Is cur síos an-mhaith é ar bhealach an haiku. Daoine a bhíonn ag brath an t-am ar fad ar a n-acmhainn léirmhínitheach, ní thuigeann siad haiku. Agus féach arís ar an meid seo, ‘His mind becomes one with the world around him, allowing his craft to operate instinctively…’ Bheith aontaithe leis an saol thart orainn. Ní scríobhfaidh sé haiku móra an té atá deighilte ón saol ach más aontaithe leis an saol atá a aigne, feidhmeoidh ceird an haiku dó go hinstinneach. Luaigh mé Alan Watts thuas. Is féidir teacht ar chaint bhreá a thug Alan Watts (1915-1973) ar an haiku ach an tIdirlíon a chuardach, caint ina ndeir sé gurb é an haiku an seánra litríochta is simplí ach fós is sofaisticiúla dá bhfuil ann. ‘Strict limitation of form is a condition of great artistry,’ a deir sé. Tá ábhar machnaimh ansin. Ní ligeann an haiku duit breith air, a deir Watts, faoi mar a ligeann nithe eile duit breith orthu. Coinnigh é, cuimhnigh air, agus éireoidh sé stálaithe. Éist féin le Watts agus é ag caint ar an bhfrog thuas agus ar mushin – an staid sin, staid gan aigne, an file haiku neamhscartha ón ábhar haiku aige. Luamar an claíomh agus bealach an laochais (bushido). Bhain mushin leis an trodaí sár-oilte chomh maith. Giorrú is ea mushin ar mushin no shin, an ‘aigne gan aigne’. Bíonn deacrachtaí ag muintir an Iarthair leis an gcoincheap sin. An té a thuigeann mushin, tuigfidh sé haiku. Ar shlí, teanga an haiku is ea mushin! An aigne nach bhfuil gafa le smaoineamh ar leith nó le mothúchán ar leith, beidh sí oscailte do gach aon rud. Sin aigne an fhile haiku duit. Aigne an tosaitheora, mar a déarfadh Shunryu Suzuki (1904 – 1971), cara le Watts thuasluaite. Luamar ‘aigne an tosaitheora’ cheana: fear darb ainm Tohō a scríobh An Leabhar Dearg ina dtugtar léargas dúinn ar aigne an Mháistir, deir sé gur leag Bashō béim ar aigne an tosaitheora.
11
síonbhuailte pollann an ghaoth mo cholainn go croí ionam Ní hionann ‘aigne gan aigne’ (mushin) is a bheith gan chroí; níl ann ach go bhfeidhmíonn an croí ar bhealach eile. Is léir nach neach gan mhothú é Bashō sa haiku thuas. Tá páis á fulaingt aige. D’fhéadfadh sé fanacht sa bhaile agus a chuid deisceabal go léir ag tabhairt aire dó. Ina áit sin thug sé an bóthar air féin, arís is arís eile, ina scamall dó, ina ghaoth, mar a bheadh manach gan mhainistir ann. Bóthar na síoraíochta a thug sé féin ar bhóthar sin a chuid oilithreachtaí go léir; agus d’fhág sé prós agus haiku ina dhiaidh a raibh meas chomh mór sin orthu gur fhógair an creideamh Sinteo ina dhia é sa bhliain 1793!
sileann drúcht sileann drúcht amhail is go nglanfadh sé dusta an domhain
Drúcht ag sileadh. Cé againn atá ina fhinné a thuilleadh ar mhíorúiltí beaga an tsaoil? Ach is é sin go díreach a thug ar Bashō imeacht agus an domhan a bhlaiseadh. Drúcht! gort cadáis faoi mar a bhláthaigh an ghealach
12
An domhan a bhlaiseadh, ar maidin, i lár an lae, um thráthnóna, istoíche, ó cheann ceann na bliana. oighear goirt dóthain chun a scornach a fhliuchadh – francach camra
An domhan á bhlaiseadh ag Bashō agus an domhan á bhlaiseadh ag nithe eile ina thimpeall. Francach agus uisce goirt an chamra á bhlaiseadh aige! Ní á shlogadh siar atá sé, díreach ‘dóthain chun a scornach a fhliuchadh’. Sin an tumadh a luamar i dtús an leabhair seo, Bashō agus é tumtha sa bheatha – ní san ‘áilleacht’, ní san fhealsúnacht – sa bheatha, sa chamra féin. Dóthain chun an scornach a fhliuchadh a fhaighimid sa haiku, leis, is dócha, seachas cúpla pionta! Mushin – an aigne gan aigne, thabharfadh sé áit ar bith thú mar níl an aigne ann a thuilleadh, an aigne a dhéanfadh an rogha, an cinneadh . . . nó an chinsireacht. Tumadh is ea é, tumadh gan smaoineamh. báisteach gheimhridh ar chró na mbó – scairteann an coileach
Deirtear go bhfuil éifeacht ag mushin ar néaróin na hinchinne. I bhfocail eile, má tá néaróin na hinchinne gafa le seo siúd is eile, conas a láimhseálfá claíomh, conas a chumfá haiku? Conas a dhéanfá aon rud i gceart? Caithfidh na néaróin a bheith saor chun an jab a dhéanamh. ~ Is minic a thugtar dhá ní éagsúla le chéile sa haiku agus gan aon cheangal eatarthu ar an gcéad amharc. Sinne a chaithfidh an ceangal sin a dhéanamh. Ní hé go mínítear an ceangal dúinn – ní
13
gá go mbeadh aon mhíniú air. Bímid i gcónaí ag lorg brí, bíonn míniú uainn i gcónaí. Ní gá go mbeadh brí le gach rud. ná déan aithris orm – chomh leamh le dhá thaobh an mhealbhacáin
Dhá thaobh an mhealbhacáin, dhá thaobh an úill, róchosúil lena chéile. Ná déan aithris orm, arsa Bashō. Ceann de na difríochtaí móra idir an Chríostaíocht agus an Búdachas is ea an méid seo: Leanaigí mise, a dúirt Íosa. (‘Tagaigí i mo dhiaidh …’ Matha, 4.19). Ná leanaigí mise, a dúirt an Búda. Bígí féin mar lóchrann daoibh féin, ar sé ar leaba a bháis. solas na gealaí ar sceabha trí gharrán bambúnna – guth na cuaiche
Mistéir faoi thrí ansin, solas na gealaí, garrán bambúnna agus ansin guth na cuaiche, mistéir i ngach ceann díobh agus mistéir mhór iad a bheith i dteannta a chéile. Agus an dá fhocal iontacha sin, ‘ar sceabha’. Ní caitheamh aimsire liteartha amháin a bhí sa haiku, dar le Bashō ach fūga, bealach an tslánaithe, bealach an díthreabhaigh inar féidir teacht ar fhírinní síoraí sa dúlra. gealach is bláthanna is iad is dílse is iad na máistrí iad
14
Ní gá Bashō a leanúint. Lean an ghealach. Lean na bláthanna. Dúirt sé féin an méid sin. Is iad a mhúinfidh gach aon ní duit ar chonair an haiku. Compánach na gceithre ráithe a thug sé air féin agus an lucht fūga a lean é – na furabo – d’fhéach sé orthu mar dhaoine a bhí scuabtha thall is abhus, daoine nach raibh aon bhaile daingean acu sa saol seo. Sa mhéid sin, thuig Bashō spiorad an Dao, fealsúnacht a bhláthaigh sa tSín, agus bhí sé fein ag iarraidh an spiorad sin a leanúint, a bheith mar dhuine ‘nár chuir bás ná beatha isteach air, ná brabús is caillteanas, ach é féithfhuar san fhómhar agus cumhra san earrach’ mar a chuirtear síos ar an Duine Foirfe sa Zhuangzi. Scuabtha, sractha. Is mar sin a bhíonn an crann bananaí (bashō) sa tSeapáin, crann nach dtugann toradh uaidh, cuma na hainnise ar na duilleoga nuair a shéideann an ghaoth, nuair a thiteann an bháisteach. Nach breá ar fad mar ainm cleite (haigo) is mar fhéinphortráid é. Ba é an tríú haigo aige é agus 36 bliain d’aois a bhí sé nuair a ghlac sé leis an ainm sin. cad a mhothaíonn na héisc, na héin, n’fheadar? deireadh na bliana
Cad is brí le bheith i dtiúin leis na séasúir, leis an dúlra, leis na hainmhithe, leis na héin, leis na héisc, le gach sníomhaí snámhaí ar domhan? Insíonn an haiku thuas dúinn é. Fiosracht. Comhbhá. Seachas neamhfhiosracht, neamhchúis. Tá Bashō fiosrach anseo. An dtéann an domhan agus na séasúir i bhfeidhm ar bheathachruthanna eile sa tslí chéanna ina dtéann siad i bhfeidhm ar an duine? Ní gá go mbeadh Críostaithe róbhuartha faoin gceist sin, is dócha, ach is ceist lárnach sa Bhúdachas é sa mhéid is go bhféadfá a bheith i d’ainmhí sa chéad ionchollú eile! Múineann an Búdachas dúinn, áfach, gan a bheith ceangailte den ní a dhúisíonn comhbhá ionainn! Dála Saigyō,
15
file mór ón dara haois déag a chuaigh i bhfeidhm air, bhraith Bashō uaigneas an tsaoil seo chomh maith le cách. Fánaithe ab ea iad beirt cuid mhaith den am agus is í an fhánaíocht a mhúin grá don dúlra dóibh agus neamhspleáchas spioradálta. Ach corruair feicimid coimhlint i gcroí na beirte; é seo, abair, ó Saigyō:
nuair a chloíonn an croí seo le rud éigin: anois – arís eile – nach gráiniúil é an saol seo Dán cúig líne eile anois ón sagart Saigyō a léireoidh a raibh comónta eatarthu beirt ó thaobh braistintí is stíle de: fiú an té a bheadh saor ó phaisean chorrófaí chun uaignis é – tráthnóna fómhair sa riasc naoscacha ag léim san aer Is radharc é sin a chífeá, leis, in Éirinn. Níl aon ní sa dán sin nach dtuigfeadh liriceoirí Gaeilge an 9ú haois. gairdín sa gheimhreadh an ghealach chomh tanaí le snáth – feithidí ag canadh
uaigneas an gheimhridh i ndomhan aondathach fuaim na gaoithe
16
Fiú i lár an gheimhridh, tá an bheatha ann, cuisle éigin. Focal a bhí i mbéal an Mháistir Bashō is ea zoka. Tá zoka, cuisle na beatha, i ngach aon ní agus is é an zoka a aontaíonn mise is tusa, tusa agus an crann, tusa agus an caisearbhán. Agus éinne a bhfuil spéis aige san fhilíocht nó sa haiku, tá a fhios aige go bhfuil zoka, leis, i mbriathra, i bhfocail. Bheith i dtiúin leis an zoka atá sa chrann, abair, sa zoka atá ionainn fein agus sa zoka atá sa teanga, is é sin atá le cur romhainn againn, a deir sé. Is mar seo a shainmhínigh David Barnhill zoka: ‘...the creative force of nature that has the spontaneous tendency and ability to exhibit transformations that are beautiful. These transformations occur at different levels, from the four seasons to the changes in a scene that occur from moment too moment.’ Aithnítear zoka i ngach aon ní nuair a bhíonn an tsúil dúisithe. Féach ar an haiku seo ón mbliain 1684: uma wo sae / nagamuru yuki no / ashita kana mo shúile tarraingthe ag capall fiú – an mhaidin sneachta seo Má léimse i gceart é, ní thabharfadh sé capall faoi deara sa ghnáthshlí ach anois – agus an sneachta gach áit – seasann gach aon ní amach. Tá an fuacht tar éis é a dhúiseacht, leis, ní foláir. Nuair a léann tú Bashō agus na máistrí eile, tuigeann tú gur bhraitheadar go raibh a cháilíocht féin ag gach aon ní, a phearsantacht féin más maith leat, agus d’éirigh leis na máistrí haiku, na haijin, an cháilíocht sin a bhrath, a inmheánú agus a chur in iúl mar splanc. Is sampla iontach é seo a leanas den rud atá á rá agam:
17
is uaigní ná an pheirsil í an tsailchuach cois uaighe
Nach bhfuil an-íogaireacht go deo ansin! Tá sé faoi mar a leagadh an bhacainn a bhíonn idir an breathnóir agus an rud a bhfuil sé ag breathnú air. Cén bhacainn í sin? An tOllamh Barnhill arís agus é an-bheacht, dar liom: ‘The strict split between subject and object, subjectivity and objectivity, is not part of the East Asian tradition. It certainly is not part of the Buddhist tradition, which emphasises that the dichotomy between the ego-self and the world-outthere is the principal delusion that causes suffering and desires . . .’ Ábhar machnaimh arís! Dúisítear na céadfaí go léir ar chonair an haiku: dorchaíonn an mhuir is tá glór na lachan i leith na báine
Cén bháine í seo?
18
‘… it is the poetic figuration of the primal emptiness and s tillness the poet perceives when hearing the faint voices of wild ducks fading into the boundless seascape.’ (Bashō and the Dao le Peipei Qiu, University of Hawaii Press, 2005) Is trí mheafair ón dúlra nach meafair iad dáiríre ach gnéithe den dúlra mar a fheiceann sé is mar a bhraitheann sé is mar a chloiseann sé iad a chuireann sé a chomhbhá in iúl le gach aon ní beo: róba seaca air an ghaoth mar mhata codlata – leanbh tréigthe
piliúr féir gadhar, leis, faoin mbáisteach fhuar oíche ghlórach Mheabhródh cuid de na haiku seo mánlacht agus cneastacht Issa duit, mórmháistir haiku eile:
gíocs is iad ag freagairt do na gealbhain óga – lucha i nead
Is gá moilliú a dhéanamh tar éis duit haiku mar sin a léamh. Ní féidir léim ar aghaidh go dtí an chéad haiku eile – ní ceart – mar tá domhan iomlán sa trí líne sin. Tar éis dom na mílte is na mílte haiku a léamh is a aistriú, ní thuirsímse riamh díobh mar tá domhan úr á chruthú i ngach aon dea-haiku, á chruthú is á
19
athchruthú de shíor. Domhan gréine, domhan gaoithe, domhan fearthainne, domhan sneachta, domhan seaca:
an raibh an bambú reoite i gcaitheamh na hoíche? sioc maidine
(Agus sioc maidine/morning frost is ainm don chnuasach haiku de chuid Jack Kerouac, máistir Meiriceánach, a d’aistríos agus a d’fhoilsigh Arlen House). Domhan gan chorraí, domhan an chiúnais. Domhan aicsin is gníomhaíochta:
cuach: ag canadh is í ag eitilt nach í atá cruógach
Domhan oíche. Domhan maidine. Domhan clapsholais. Domhan na gceithre ráithe. Samhlaigh an máistir cois trá anois, gile an éisc ghil agus gile na maidine: breacadh an lae – iasc geal, orlach amháin de ghile
Fan tamall agus lig don haiku sin tú a ghealadh! ~
20
Domhan na gceithre ráithe. Tá cosaint ag an gcuid is mó againn ar an aimsir; táimid loite, d’fhéadfá a rá – teas lárnach sa gheimhreadh, aeroiriúnú sa samhradh. (Ar ndóigh, tá taithí anois againn ar an tionchar atá ag an téamh domhanda ar an aimsir). Meabhraíonn Bashō dúinn conas mar a bhí ag oilithrigh agus ag fánaithe mar é agus iad ag siúl na mbóithre, soineann nó doineann, sa mhionphictiúr seo dá shaol:
spíonlach giúise á dó chun tuáille láimhe a thriomú – an fuacht
Cruatan, cinnte. Ach i ndomhan an haiku, ní fada uainn an faoiseamh: tá ina earrach ní foláir – ceobhrán tanaí sna sléibhte gan ainm
domhan cumhra – ar ghéag na mbláthanna plumaí dreoilín
21
sa ghort gréine amháin a eitlíonn an féileacán
na bláthanna go léir feoite nach uaigneach: síolta na bhfiailí ag sileadh
nach fiáin í an mhuir is os cionn Oileán Sádó Bealach na Bó Finne
22
gealach lán ag siúl timpeall na linne an oíche go léir D’fhéadfaí duanaire téagartha a líonadh le haiku a bhaineann leis an ngealach agus céimeanna éagsúla na gealaí. Bua an haiku ná gur féidir níos mó ná léamh amháin a dhéanamh air. Is é atá sa haiku thuas, ar an gcéad léamh, díreach an méid atá á rá aige. Léamh eile is ea siúl timpeall na linne mar shiúlóid mhachnamhach agus an ghealach lán ag seasamh don aigne ghlé gan teimheal – agus tá ceangal idir an dá fheiniméan. Tá dhá leibhéal mhistéireacha ag baint leis an gcéad haiku gealaí eile seo chomh maith: gealach an tsamhraidh – le bualadh bos fógraím breacadh an lae
Sa chéad haiku eile, is léir go bhfuil dhá bhrí le ‘dúiseacht’ ann; dúiseacht as suan, cinnte, agus dúiseacht chomh maith as an támh sin a bhíonn orainn go léir nuair nach inár ndúiseacht i gceart atáimid is sinn inár ndúiseacht mar dhea:
oíche sheaca dúisithe ag scoilt an chróca
23
Deir Lucien Stryk agus tá sé ráite go paiteanta aige: ‘Bashō strove to place his reader within an experience whose unfolding might lead to revelation, the eternal wrested from the phenomenal world.’ Tá sé sin suimiúil. Ní cur síos amháin atá sa haiku mar sin ach eachtra – ‘an experience’ – eachtra a roinntear linne. (Is focal é a bhí ag Sam Hamill níos luaithe agus a bheidh ag Robert Aitken ar ball). Cad a thiocfaidh as an eachtra sin? Foilsiú éigin? Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag taisteal agus é ag iarraidh teacht ar na radhairc sin agus ar na heachtraí sin arbh fhiú cuntas a scríobh ina dtaobh, i bhfoirm haiku nó i bhfoirm haibun, prós a mbriseann an haiku tríd ó thráth go a chéile. Mar a deir sé féin: ‘Taistealaithe síoraí iad an ghealach agus an ghrian. Na blianta, fiú, is iad ar fán i gcónaí. Mo shaol ar fad caite agam i mbád, ag imeacht le sruth, nó im sheanaois dom is capall traochta á threorú agam isteach sna blianta, gach lá ina aistear, agus is baile dom é an t-aistear féin . . .’ Mheabhródh sé na filí Gaeilge duit, tráth a ndíshealbhaithe. ~
Is minic nach bhfaighimid uaidh ach ráiteas nó cur síos air féin, ar nós: bliain eile imithe – hata an taistealaí orm cuaráin tuí
Mar sin féin, bhraithfeá buíoch de as an méid sin féin de chur síos a thabhairt dúinn. Achoimre ar a shaol é ar shlí.
24
mo chos á dreapadh ag portáinín abhann – uisce glé
an chéad sneachta dóthain chun duilleoga lus an chromchinm a chamadh
Is beag nár ghabh an haiku sin thar sheacht siolla déag. Dá raghadh ní haiku a bheadh ann, bheadh an teannas scaoilte as.
ní leor an lá fada muise don fhuiseog cheolmhar
i lár an ghoirt is gan aon ní le cloí leis – canann fuiseog
Gan aon ní le cloí leis. Mantra an scríbhneora haiku é sin, ar shlí. ~
25
Léimis cúpla haiku anois ar ár suaimhneas agus gan mórán tráchtaireachta nó tráchtaireacht ar bith orthu:
imíonn an ghealach go gasta braonta báistí fós i mbarr na gcrann
leath slí go Kyótó i lár na spéire scamaill shneachta
dá mbeadh guth maith cinn agam chanfainn go scaipfeadh na bláthanna silíní
glór an phiasúin – is géar mar a bhraithim uaim iad m’athair is mo mháthair
26
lá breithe an Bhúda tagann oisín ar an saol
féar feoite – lonrú beag teasa orlach nó dhó
istoíche, faoi sholas na gealaí, castán á pholladh ag péist go ciúin Máistreacht ar an mistéir a léiríonn Bashō ansin. Is meafar é, ar shlí, don rud is haiku ann, an domhan thuas, domhan na spéire, agus an domhan thíos, domhan na talún, an phéist agus an castán á pholladh aici, go ciúin; sin díreach an obair a bhíonn ar siúl ag an haijin ina chuid haiku, mistéir an domhain á polladh aige, mistéir a chroí féin.
na lampróga seo ar nós na gealaí i ngort ríse
27
seamaidí féir – a luaithe is a thuirlingíonn sí eitlíonn léi: lampróg
deirim rud éigin agus is fuar iad mo bheola – gaoth an fhómhair
ar an mbóthar seo is gan éinne faram – tráthnóna fómhair fothrach scríne – ardaíonn an crann cnó capaill a chuid coinnle i gcónaí
Nach breá an chodarsnacht a fhaighimid ansin. Tá keijo ann chomh maith. Is é is keijo ann ná tírdhreach nó timpeallacht agus an mothúchán a dhúisíonn an radharc áirithe sin ionainn. Tá na milliúin haiku amuigh ansin agus keijo in easnamh orthu; níl iontu ach mar a bheadh grianghraf nó seat folamh ann. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de na mothúcháin.
28
deireadh an earraigh caoineadh na n-éan deora i súile an éisc
29
An dúlra, an saol nádúrtha trí shúile an fhánaí a fhaighimid i haiku an Mháistir Bashō. Mar a deir Robert Aitken: ‘He wrote of dusty roads, bird songs, and cool breezes; of ideas, emotions, and recollections; of folklore, ancient poetry and Japanese history – playing with these forms and their words in a way that resonates deep experience …’ An taithí dhomhain sin a luann Aitken, is féidir an taithí sin a fhoghlaim ó na máistrí haiku, conas an taithí dhomhain sin a bheith againn féin agus an t-eispéireas sin a bhrath san fheiniméan is lú agus is gearrshaolaí dá bhfuil ann:
féara samhraidh a bhfuil fágtha de bhrionglóidí na laoch
a leithéid de chiúnas a phollann an charraig – glór na ciocáide An mbraithimid éifeacht Zen ar an haiku thuas? ‘Is feascarluch mé, ní luch ná éan mé,’ a dúirt sé; is é a theastaigh uaidh a rá linn ansin nár shagart Zen é ná tuata ach an oiread. Níor ligeadh isteach i scrín Sinteo é mar go raibh sé gléasta mar shagart Zen. Bhí cúis mhaith aige gléasadh mar shagart. Bhí na bóithre dainséarach go maith ag an am agus níorbh fhiú do na tóraithe sagart bocht a ionsaí is gan aige ach hata tuí, cuaráin tuí is uirlisí peannaireachta dá dhánta. A leithéid de chiúnas a phollann an charraig! Tá Zen ansin cinnte. Sa chiúnas. Sa pholladh. I mbeagán focal, sáraítear focail, tarchéimnítear focail nó, más maith leat, téann an haijin go dtí foinse na bhfocal, an ciúnas, an tost.
30
gan fágtha den chiocáid ach a blaosc –ar chan sí í féin ina neamhní? Is mar sin is cóir haiku a scríobh – go dtí nach ann duit níos mó! (Tá leabhar iomlán scríofa agam a mhíníonn an cleas sin, leabhar dar teideal Haiku, the Gentle Art of Disappearing, Cambridge Scholars Publishing, 2009).
critheann an tuama leis – is é gaoth an fhómhair é mo ghlór caointeach
snáthaid mhór – ní éiríonn léi socrú síos ar an bhféar
31
cumhracht na bplumaí – go tobann tagann an ghrian amach bóthar sléibhe
éagann cloig an teampaill fanann na bláthanna cumhra – tráthnóna gan cháim
gaoth i measc na ngiúiseanna – spíonlach ag titim ar fhuaim fhionnuar na habhann
is fánaí mé bíodh sin mar ainm orm – an chéad bhailc gheimhridh
Deir Carrie-Ann Thunell (SP Quill Quarterly Magazine, 2005): ‘Through invoking powerfully juxtaposed images of nature, Bashō strove to achieve amari-no-kokoro, the state a poem reaches when the heart and soul of a poem leaps at us from a place beyond the words themselves to leave an ‘aftertaste’ in the center of the reader that is haunting.’ Táimid ag druidim i dtreo dheireadh an leabhair anois. Tá súil agam go bhfuair tú blas ar haiku an mháistir mhóir agus iarbhlas dá mhistéir. An ciúnas iontu. An mhistéir a bhaineann le gach séasúr:
32
tá cosa an ghrúis níos giorra – báisteach earraigh
scaraim leat faoi bhrón – breallach stróicthe dá shliogán – imím liom leis an bhfómhar
An ghluaiseacht: guth na cuaiche ar sceabha – á! an t-uisce anonn Tá draíocht éigin sna focail ‘ar sceabha’, dar liom. Is minic a thagraítear don ‘tobainne’ sa haiku. Fuaim éigin, radharc éigin, braistint éigin, boladh éigin agus sin sin, tá sé thart. Uaireanta, áfach, is féidir feiniméan éigin a leanúint níos faide ná sin.
splanc thintrí glór Mháire Fhada ag eitilt i dtreo an dorchadais
33
Nuair a chuirtear dhá íomhá, dhá fheiniméan, dhá tharlú le hais a chéile mar sin, cruthaítear an draíocht a bhaineann le haiku. Ba bhotún mór é tabhairt faoina leithéid d’eamhnú a chruthú duit féin, áfach; caithfidh sé tarlú, go nádúrtha, agus d’fhéadfá a bheith ag fanacht fiche bliain sula dtarlódh a leithéid thuas agus fiú ansin, mura mbeifeá lánairdeallach, seans go gcaillfeá é. Paratacsas, dála an scéil, a thugtar ar dhá rud a thabhairt le chéile sa haiku agus gan aon ní comónta eatarthu ar an gcéad amharc. Splanc thintrí agus ansin corr éisc. B’fhiú duit uair éigin dul tríd an leabhar seo arís agus an tréith thábhachtach sin, paratacsas, a lorg ann. Cruthaíonn paratacsas teannas éigin mistéireach sa haiku. ~ Beidh na boicht linn i gcónaí. Cé a dúirt? ‘Ní bheidh an tír choíche gan bhochtán’, a deir Deotranaimí (15:11) agus ‘bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí’, a deir Matha (26.11). Ná ceaptar go raibh na máistrí haiku dall ar dhán an duine, ar chás an duine, an duine bocht, an duine uaigneach, an duine dearóil. Ba mhinic bocht dearóil iad féin:
chím a haghaidh anois . . . seanbhean, tréigthe gan de chompánach aici ach an ghealach ~ ‘Haiku brings us the birth and death of each moment …’ Patricia Donegan
deargáin shaillte fuar go dtí na gumaí – seilf an mhangaire éisc
34
Féach an bhfuil fírinne sa ráiteas sin. Téigh siar – tabhair sracfhéachaint ar chúpla haiku sa leabhar seo a thaitin leat. Féach an bhfuil tarlú éigin ann, mioneachtra éigin, agus tusa i d’fhinné (mar a bhí Bashō) ar chruthú an nóiméid sin agus ar a éag. Fiafraíodh de an raibh haiku báis cumtha aige. Ar seisean: ‘Tá an nós ann le sinsearthacht haiku báis a fhágáil i do dhiaidh, agus b’fhéidir gur cheart domsa a leithéid a dhéanamh. Ach is í an mhóimint dheireanach í gach móimint dá bhfuil ann; haiku báis is ea gach haiku…’
ar aistear dom is mé tinn brionglóidí amháin atá ar fán – sliabh lom Tá an deireadh ag teacht, deireadh lena sheal abhus. Ach mairfidh a shaothar go brách. Cuirimis clabhsúr ar an leabhar beag seo le haiku a bhaineann le ceann de na hainmhithe is lárnaí i litríocht na Gaeilge, an fia. Onamataipé atá san fhocal ‘bí’ sa bhunleagan ach sa traslitriú, tá brí eile tugtha agam don fhocal, is é sin – bí, bí ann, bí sa haiku, bí san fheiniméan (mar a mhol Bashō dúinn a dhéanamh), do dhá chluas is do dhá shúil ar oscailt:
35
bí! a deir siad nach uaigneach! búiríl na bhfianna istoíche
36
FOCLÓIR achoimre: summary acmhainn léirmhínitheach: interpretive faculty aibhéis: abyss ainnise: misery aistear: journey aithris: imitation amhail is: as if anaithnid: unknown anallód: of yore ársa: ancient ar sceabha: slantwise bacainn: barrier bailc: heavy shower beacán: mushroom beathachruth: life form blaosc: shell braistint: feeling cadás: cotton cáilíocht: quality caisearbhán: dandelion cam: to bend camra: sewer caonach: moss castán: edible chestnut céadfaí: senses ceil: conceal cinneadh: decision ciocáid: cicada clabhsúr: end claimhteoireacht: swordmanship cneastacht: kindness codarsnacht: contrast coimhlint: conflict comhbhá: compassion
37
comhleáigh: fuse comónta: common conair: path corraitheach: moving cosmaideach: cosmetic cráiteacht: torment creatlach: skeleton crisilid: chrysalis cruatan: hardship cruógach: busy cuarán: sandal cuisle: pulse cufróg: cypress cumha: loneliness díshealbhaigh: dispossess díthreabhach: hermit, recluse doineann: foul weather dualgas: duty duanaire: anthology éabhlóid: evolution éag: death eamhnú: twinning éasc: flaw eispéireas: experience fabht: flaw fánaí: wanderer feascarluch: bat feiniméan: phenomenon fiailí: weeds finné: a witness foilsiú: revelation foirfe: perfect friotal: expression
38
garrán: grove gealbhan: sparrow gearrshaolach: short-lived gné: aspect go diail: splendid(ly) gráiniúil: hateful grús: crane (éan) iargúil: remote place iasc geal: whitefish inchurtha le: comparable to íogair: sensitive ionathar: entrails ionchollú: incarnation lampróg: firefly laochas: valour léargas: insight leochaileach: fragile lóchrann: torch loime: bareness loite: spoiled luathliricí: early lyrics machnamh: reflection (thought) mánlacht: gentleness meafar: metaphor mealbhacán: melon neach: a being neamhbhuan: transitory neamhchúis: indifference neamhní: nothing néarón: neuron páis: passion, suffering paratacsas: parataxis péacán: a shoot peannaireacht: penmanship peirsil: parsley
39
ráithe: season sailchuach: violet sainmhínigh: define samhail: simile saoránach: citizen scrín: shrine seáp: dash seat: shot Sinteo: Shinto síonbhuailte: weatherbeaten sníomhaí snámhaí: creepy crawly soineann: fair weather spíonlach giúise: pine needles támh: stupor tarchéimnigh: transcend teimheal: blemish tionchar: influence tráchtaireacht: commentary tréith: quality treoraí: guide truaill: sheath tuata: layman
40
41
Saothar haiku le Gabriel Rosenstock (Achoimre) Haiku Enlightenment (Cambridge Scholars Publishing, 2009) Haiku, the Gentle Art of Disappearing (Cambridge Scholars Publishing, 2009) Géaga Trí Thine (Comhar, 2005, eagrán nua ó shin foilsithe ag Original Writing) Cold Moon (Brandon, 1993, eagrán nua ó shin ag Domhan Books, Nua-Eabhrac) Where Lights Begins (OW 2012) The Invisible Light (Silver Strand Press, 2012) Forgotten Whispers/ Cogair Dhearúdta (Anam Press, 2003) Haiku, Más é do thoil é! (An Gúm, 2013) The Naked Octopus (Evertype 2013) Che: Haiku Glimpse (Kindle) Trungpa: Haiku Glimpse (Kindle)
Filí haiku aistrithe go Gaeilge i bhfoirm leabhair: J W Hackett, Jack Kerouac, J. W Sexton, K. Ramesh, Kala Ramesh, Petar Tchouhov, Janak Saptoka.
Haiku i ndíolaimí: Haiku in English: The First Hundred Years (W W Norton & Co, 2013) Kamesan’s World Haiku Anthology on War, Violence and Human Rights Violation (Kamesan Books, 2013) Eile: Sa bhliain 2013 chuir sé tús le haiku an lae i bhfoirm tvuíte. Is féidir haiku le Issa agus scata eile móide fóta-haiga a léamh ar a bhlag: roghaghabriel.blogspot.ie
NUA: Téigh go dtí The Onslaught Press, Oxford
42