Sean-Nós
na Fearsaide Aoine 21 Feabhra Luan 24 Feabhra 2020 Áras Mhic Reachtain Béal Feirste TEANGA EALAÍONA CEARDLANNA COMÓRTAS AIRNEÁL
Dúirt Róisín McDonough, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, “Tá lúcháir ar an Chomhairle Ealaíon a bheith ina phríomh-mhaoinitheoir ar Shean-Nós na Fearsaide. Cuireann an fhéile seo, chomh maith le gach imeacht eile de chuid Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, ealaíona traidisiúnta na hÉireann ar chéim is airde, agus os comhair lucht féachana úr i dTuaisceart na hÉireann. Cuireann an fhéile seo go mór le treisiú na n-ealaíon dúchasach a bhfuil éagsúlacht shaibhir le fáil iontu, agus le soláthar deiseanna cruthaitheacha dearfacha a fheabhsaíonn an chomthuiscint chultúrtha agus a dhéanann caidreamh níos dlúithe idir daoine agus pobail”.
Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, “Dar le Foras na Gaeilge go bhfuil sé antábhachtach deiseanna a chur ar fáil do dhaoine le Gaeilge, le teacht i gceann a chéile i suíomhanna sóisialta, le gréasáin shóisialta a fhorbairt le daoine eile a bhfuil na spéiseanna céanna acu. Tugann Sean-Nós na Fearsaide an deis sin do dhaoine i mBéal Feirste agus as gach cearn den tír teacht le chéile i suíomh sultmhar sóisialta agus, ag an am chéanna, ceiliúradh a dhéanamh trí Ghaeilge ar cheann de na traidisiúin is ársa dá bhfuil againn, amhránaíocht ar an tsean-nós. Tá Foras na Gaeilge an-sásta a bheith ábalta tacaíocht a chur ar fáil do SheanNós na Fearsaide agus guímid gach rath ar an fhéile”.
AOINE 21 FEABHRA 6:30in
Ceardlann le Máire Ní Choilm
7:15in
Ceardlann le Doimnic Mac Giolla Bhríde
Táille £5 don dá cheardlann
8:00in
Oscailt Oifigiúil Sean-Nós na Fearsaide 2020
Á sheoladh ag Caoimhe ‘ceol’ Ní Chathail agus Ray Mac Mánais (fear an tí). Fáilte agus ceol le Conor Caldwell agus Frances Morton.
8:30in
Taispeántas: Buaiteoirí Agallamh Beirte (OnaS 2019)
Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill
Aithris Scéil: Buaiteoir Scéalaíochta (OnaS 2019)
Gearóidín Bhreathnach
Taispeántas: Buaiteoirí na Lúibíní (OnaS 2019)
Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill
9:30in
Casadh an tSúgáin: Cur i láthair ó amhránaithe ar an traidisiún sean-nóis
Máire Ní Choilm, Éamon Ó Donnchadha, Máire Ní Chéileachair, Gearóidín Breathnach, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Éabha Ní Mhonacháin agus aíonna eile.
10:30in - mall
Clann Mhic Corraidh
SATHARN 22 FEABHRA 10:30rn Corn Cuimhneacháin Sheáin Mhic Aindreasa Amhránaíocht ar an tsean-nós d’iomaitheoirí atá faoi bhun 18 mbliana d’aois ar lá an chomórtais. Táille iomaíochta £5
An chéad duais: Corn Mhic Aindreasa, bonn, iontráil shaor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna 2020 agus dearbhán don tsiopa leabhar, An Ceathrú Póilí.
An dara duais: Bonn agus dearbhán don tsiopa leabhar, An Ceathrú Póilí.
Moltóirí Máire Ní Choilm Doimnic Mac Giolla Bhríde 12:30in Corn Cuimhneacháin Uí Chriagáin Amhránaíocht ar an tsean-nós d’iomaitheoirí atá os cionn 18 mbliana d’aois. Táille iomaíochta £10
An chéad duais: Corn Cuimhneacháin Uí Chriagáin, £300 (urraithe ag Raidió Fáilte), iontráil shaor in aicse don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna 2020 & ticéad deireadh seachtaine d’Oireachtas na Samhna. An dara duais: £150 & ticéad deireadh seachtaine d’Oireachtas na Samhna 2020.
Moltóirí Éamon Ó Donnchadha Mairéad Ní Cheallaigh 15:30in Corn an Oireachtais Comórtas cór do dhaoine fásta. Duaiseanna a chuimsíonn Corn an Oireachtais agus £500 (urraithe ag Glór na nGael).
Móltóir Daithí Ó Nuanáin (Anúna)
7:30in
CAIBIDIL: Cá bhfuil ár dtriall?
Tomás Ó Monacháin faoi agallamh ag Fionntán de Brún.
“Chuir Cearta Gael an dlí i bhfeidhm. Nuair a tchí tú comharthaí bóthair i nGaeilge amháin anois sa Ghaeltacht, cuimhnigí ar Chearta Gael.”
Tá cuid mhór dá shaol caite ag Tomás Ó Monacháin ag cur chun cinn na Gaeilge. Beidh Tom ag caint ar na heachtraí agus na héachtaí, na grúpaí agus na heagraíochtaí, na feachtais agus na streachailtí a raibh baint aige leo: Cumann Chluain Árd, stailc ocrais ar son na Gaeilge, aistriú go Gaeltacht Thír Chonaill, Cearta Gael, Oireachtas na Gaeilge agus mórán eile. Pléifidh sé fosta an treo ina bhfuil muid ag dul mar Ghaeil.
9:30in go mall Ceolchoirm: Oíche Airneáil (Barr a’ Tí) Le cuid de bhuaiteoirí agus d’iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais agus le haíonna eile Máire Ní Choilm Buaiteoir Chorn Uí Riada 2019 Máire Ní Chéileachair Buaiteoir Chorn Uí Riada 2018 Éamon Ó Donnchadha Buaiteoir Chorn Uí Riada 1997, 2003 & 2005 Gearóidín Bhreathnach Buaiteoir Chorn Uí Riada 1996 & 2004 Doimnic Mac Giolla Bhríde Buaiteoir Chorn Uí Riada 2009
SATHARN 22 FEABHRA 9in | Seoladh albaim (Seomra na hÉigse) Seolfaidh An Dr Art Hughes An Clár Bog Déil (Gradam Nóis Albam na Bliana: Amhráin Thraidisiúnta) le Claire Nic Ruairí in éineacht le ceoltóirí Ciarán Ó Ceallaigh & Seán Ó Gallachobhair. Saorchead isteach. 10in | Seisiún ceoil (Seomra na hÉigse) Le ceoltoirí de chuid Ghaeltacht Ráth Chairn Deirdre Ní Dhonnchadha, Caitlín Ní Mhéalóid agus Caoileann Ní Dhonnchadha. Fáilte roimh achan uile dhuine.
Róisín Elsafty Buaiteoir Chomórtas na mBan 2019 Ray Mac Mánais & Joe Ó Dónaill Buaiteoirí Lúibíní & Agallamh Beirte 2019 Ruadhán Ó Flatharta Buaiteoir Rince Aonair 2019 Nada Ní Chuirrín Buaiteoir Rince Aonair 2018 Fear an tí Ray Mac Mánais Ticéid £5 | Eventbrite.com
LUAN 24 FEABHRA 10:30rn Corn an Oireachtais Comórtas chóir na mbunscoileanna
Táille iontrála: £20
Duaiseanna ann a chuimsíonn seilbh shealadach ar Chorn an Oireachtais, boinn agus teastais.
Moltóir Doimnic Mac Giolla Bhríde
1:15in
Corn Mhic Reachtain Comórtas aonair ar an tsean-nós d’iomaitheoirí atá faoi bhun 12 bhliain d’aois ar lá an chomórtais.
Táille iontrála: £5
Corn Mhic Reachtain agus duaiseanna eile le buachan a chuimsíonn: boinn; iontráil shaor in aisce don chomórtas chuí ag Oireachtas na Samhna 2020; agus dearbháin don tsiopa leabhar, An Ceathrú Póilí.
Moltóir Doimnic Mac Giolla Bhríde
An tEarrach Thiar MÁIRTÍN Ó DIREÁIN
LIAM Ó MAONLAÍ & JOHNNY ÓG CONNOLLY AOINE 6 MÁRTA | 8:30IN
TICÉID £10 EVENTBRITE ÁRAS MHIC REACHTAIN
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain (CCMR) a bhunaigh Sean-Nós na Fearsaide in 2014 leis an traidisiún agus an stíl dhúchasach amhránaíochta is ársa dá bhfuil againn sa tír seo a cheiliúradh, a chothú agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste. Chuige sin, oibríonn CCMR i gcomhar le hOireachtas na Gaeilge faoi láthair chun cuid de bhuaiteoirí agus d’iarbhuaiteoirí phríomhchomórtais an Oireachtais a chur os comhair mhuintir Bhéal Feirste ar bhonn bliantúil. Tugtar blaiseadh de stíl an tsean-nóis idir amhránaíocht agus damhsa agus de chúlra amhráin ársa an traidisiúin sin trí chomórtais, trí cheardlanna agus trí imeachtaí sóisialta.
Tuilleadh eolais Áras Mhic Reachtain 283-289 Bóthar Aontroma Béal Feirste BT15 2GZ (028) 90749688 daithi@mhicreachtain.com www.antoireachtas.ie | eventbrite.com Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain