4 minute read
Leadership+ Issue 133 - Page5
Anois ar theacht an tSamhraidh…
MARC DE GRÁS PRÍOMHOIDE, GAELSCOIL NA NDÉISE, PORT LÁIRGE
Nach bhfuil an t-ádh linn a bheith ag obair leis na páistí lá i ndiaidh lae ag cur teanga, cultúr agus oidhreacht na tíre chun cinn? In ainneoin na dúshláin, bíonn sé de phribhléid againn ardchaighdeán tumoideachais a chur ar fáil i suíomh taitneamhach, nádúrtha agus spreagúil freisin.
Ag an tráth seo den bhliain, bímid ag féachaint ar aghaidh ar laethanta fada an tSamhraidh le dóchas, ag smaoineamh ar imeachtaí an tSamhraidh mar aon leis an scoilbhliain atá le teacht! Cad atá romhainn? Cén ábhar dóchais atá againn?
Dar liomsa, is ábhar dóchais, dearfach é an Polasaí don Oideachas lánGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht (POLG) atá le teacht.
Ach cad atá ag teastáil sa POLG le cinntiú go mbainfear amach ionchais arda a chothóidh eispéiris foghlama den scoth dár bpáistí ag an mbunleibhéal? Seo iad na mianta a bheadh agamsa a chabhródh le mo scoil:
Na Naíonraí
Is dóigh liom go bhfuil sé in am na naíonraí a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais mar a tharlaíonn go forleathan i ndlínsí eile. Is dóigh liom go gcabhródh sé seo leis na deacrachtaí atá ann cosúil le maoiniú, earcaíocht inbhuanaithe agus buncháilíochtaí teanga na múinteoirí a fheabhsú. Leagfadh sé seo bunchloch níos láidre sa luaththumoideachas.
Leanúnachas
Tá sé criticiúil go ndéanfar freastal fiúntach ar an leanúnachas idir an naíonra, an gaelscoil agus an gaelcholáiste. Tá sé riachtanach go mbeadh plean cuimsitheach sa POLG do fhorbairt na naíonraí agus na gaelcholáistí ionas go mbeadh an tsoláthar ar chomhchéim leis na gaelscoileanna.
Earcaíocht & Forbairt Proifisiúnta Braitheann na gaelscoileanna ar soláthar foirne le hardchumas teanga agus atá inniúil ar an tumoideachas. Ba cheart go gcuirfeadh an POLG deiseanna in-seirbhíse ar fáil do na baill foirne reatha a scileanna teanga agus teagaisc a fheabhsú. Chun dul i ngleic le deacrachtaí soláthair, is gá líon na mic léinn ar an gcúrsa B (Oid) Trí Mheán na Gaeilge a mhéadú. Braithfidh an POLG go mór ar cheannaireacht éifeachtach, inbhuanaithe agus is gá forbairt a dhéanamh ar na deiseanna forbartha proifisiúnta atá ann do cheannairí na ngaelscolaíochta.
Clár Teanga Iomlánaíoch
Tá clár cuimsitheach, spreagúil, ábhartha ag teastáil a fhreastlódh ar chéimeanna forbartha teanga na bpáistí sa suíomh tumoideachais lasmuigh den Ghaeltacht.
Páistí le Riachtanais Breise
Is céim dearfach, ionchuimsitheach é go bhfuil níos mó páistí le riachtanais breise ag freastal ar ghaelscoileanna. Ba bhreá liom go dtabharfaidh an POLG deiseanna oiliúna do na múinteoirí ar conas is fearr freastal ar riachtanais leathan na bpáistí seo sa dara teanga.
Múinteoireacht Bhreise
Táthar ag súil go dtugtar tacaíocht litearthachta breise sa Ghaeilge agus sa Bhéarla cé nach bhfuil sé seo aitheanta go cuí sa chóras atá ann chun na huaireanta teagaisc breise seo a ríomh. Ba cheart go mbeidh aitheantas sa POLG ar na hionchais breise seo agus go mbeidh uaireanta teagaisc breise curtha ar fáil chun freastal orthu sna gaelscoileanna.
An Ghaeilge sa Phobal
Bíonn tionchar teoranta againn ar an nGaeilge inár scoileanna mura mbíonn deiseanna ag na páistí í a úsáid mar teanga cumarsáide lasmuigh den scoil. Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh teacht ag tuismitheoirí ar scéimeanna cosúil le ‘Teanga Tí’ i ngach gaelscoil.
Mar fhocal scoir, tá obair na gcapall déanta san earnáil le fada an lá chun í a neartú ach tá go leor fós le déanamh. Ceapaim go dtabharfaidh an POLG deis dúinn ár n-éachtaí a chéiliúradh agus ár réimsí forbartha a aithint. Faraor, beidh tacaíochtaí córasach uainn tríd an POLG chun an fhorbairt seo a dhéanamh agus bheinn dóchasach go dtiocfaidh siad anois ar theacht an tSamhraidh!
Más mian leat teagmháil a dhéanamh le Marc maidir leis an bpíosa seo, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuige ag marcdegras2016@gmail.com