3 minute read

Oidhreacht Rann na Feirste

Next Article
GAA Junior Academy

GAA Junior Academy

Seanchaithe, Filí agus Amhránaithe Rann na Feirste

Image: aislannrannnafeirste.ie

Advertisement

I Rann na Feirste bhí scéalta fada agus gairide ann, scéalta na Tána agus scéalta fada Fiannaíochta, a raibh anam agus corp iontu. Bhí an seanscéal, an t-úrscéal, an scéal staire, na seanphaidreacha agus na Laoithe Fiannaíochta go fairsing ag na seandaoine. Níl na Laoithe Fiannaíochta chomh fairsing sin anois agus is mór an trua nó b’ansin a bhí saibhreas na Gaeilige. Cumadh go leor filíochta, mín agus garbh agus raiméis ráscánta nár cureadh i gcló riamh. Bhí scéalaithe fir agus mná ann agus tá go fóill i measc na hóige. I gcuid de cheantair eile Gaeltachta a raibh an scéalaíocht láidir ann ba bheag bean a raibh an ghairm sin aici. Ní raibh an líonmhaire ann a bhí i Rann na Feirste. Thart faoi chéad teach atá i Rann na Feirste anois, mórán tithe úra tógtha le tamall. Bheadh an méid céanna ann i dtús an chéid seo caite sular ghéaraigh imirce na gcaogaidí agus béaloideas de chineál inteacht in achan cheann acu. D’ainneoin an liosta fhada is cinnte go bhfuil daoine fágtha ar lár agus go leor ar an choigríoch nach bhfuair an deis riamh a gcuid scéalta a chur ar taifead. D’imigh beagán teaghlach fosta go Meiriceá nach mbeadh fuíoll ábhair orthu. Má chuaigh mórán den tseandream chun na huaighe thug a gclann leo cuid den oidhreacht luachmhar a bhí acu. Is sampla amháin de sin, Donnchadh Ó Baoighill (Donnchadh Chassie), mac dearthára do Mhicí Sheáin Néill a bhain an chéad áit i scéalaíocht an Oireachtais dornán blianta ó shin. Déarfainn anois gur Bríd Anna Ní Bhaoighill, Máire Ní Ghairbheith agus iad an triú glúin ón dream a d’éirigh aníos i m’amsa a bhfuil ceannródaíocht á dhéanamh acu i gcur chun cinn na scéalaíochta agus na filíochta. Is mór an tuar dóchais é ag am a bhfuil brú ag an Bhéarla ar na pobail Ghaeltachta. Tá cuma air gur sin an teanga a bhrúigh An Bord Náisiúnta Oideachais fadó agus nach bhfuil tosaíocht dhearfach ó thaobh na Gaeilge de ó Roinn Oideachais na huaire seo, gur seo an dream atá againn anois agus go bhfuil Roinn Oideachais na haimsire ag brú an Bhéarla orthu in éadan a dtola agus go bhfuil an Béarla i gcuid mhór áiteacha i measc na hóige cineál san fhaisean. Sílim go dtiocfaidh athrach air sin má thig tosaíocht dhearfach ó Roinn Oideachais na tíre do scoltacha na Gaeltachta. Is ón ceathrú glúin, na daoine atá luaite agam cheana féin, mar Chaoimhe Ní Ghiolla Bhríde, Cassie Anna Nic Giolla Easpaig, Eoghan Mac Suibhne, dream óg na haimsire seo a bheas ag leanstan leis an scéalaíocht a tháinig anuas ó ghlúin go glúin i Rann na Feirste. Táimid faoi chomaoin mhór acu agus ag a muintir as dúshraith láidir a leagan le healaíon a sinsir a chothú agus a chur chun cinn i measc na hóige. Ba chóir daofa seo bheith bródúil as bheith ag caomhnú na hoidhreachta luachmhaire sin agus na seanamhráin dhúchasacha sin a chraobhscaoileadh do phobal na hÉireann. Chum Séamas Ó Domhnaill caoineadh ach bhí sé ábalta amhráin bhríomhara a chumadh chomh maith. Ach sula dtig mé a fhad leis sin, ní féidir a rá ach oiread go raibh lucht an ama seo ar chúl scéithe i dtaca le healaíon nua-aimseartha na haoise seo. Tá páirt ghníomhach glactha acu i gcúrsaí raidió agus teilifíse, aitheantas agus clú tábhaithe acu i gcláracha mar CU Burn ar TG4 agus Cois Cuain ar Raidió na Gaeltachta, Niall Mac Eachmharcaigh agus Aodh Óg Ó Duibheanaigh agus go leor eile mar Dinny Dhomhnaill anseo. Is mór an gar go bhfuil sin ann agus gur léirigh siad cumas eile a bhí i Rann na Feirste, sin ealaíon na drámaíochta. Go n-éirí leo sna blianta atá romhainn. (Oidhreacht Rann na Feirste 1, Pádraig Ó Baoighill, Preas Uladh Muineachán 2011)

BRÍD

This article is from: