8 minute read
Gaeilge | Nua-Ghaeilge (Modern Irish
Gaeilge | Nua-Ghaeilge (ábhar ó ghrúpa 4) CAO Code: MH101 | CAO Points 2021: 338
Íosriachtanais iontrála: H4, ar a laghad, sa Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta (nó a chomhionann) riachtanach le staidéar a dhéanamh ar an Nua-Ghaeilge. Níl sruth do thosaitheoirí ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Tá na sonraí go léir ar fáil ar leathanach 42.
> Déanann mic léinn na Nua-Ghaeilge staidéar ar an teanga (labhartha agus scríofa) agus ar ghnéithe den litríocht agus den chultúr. > Foghlaimíonn ár mic léinn faoin ilghnéitheacht agus faoin oidhreacht shaibhir atá ag an nGaeilge, chomh maith le scileanna a bheidh úsáideach dóibh le linn a saoil, is cuma cén ghairm a roghnóidh siad. Baineann siad an méid sin amach i Roinn atá cairdiúil agus oscailte agus atá tiomanta don Ghaeilge agus don fhoghlaim. > Tá ról lárnach ag an nGaeilge scríofa agus labhartha inár gcúrsa agus tugtar gach spreagadh do mhic léinn a scileanna labhartha agus scríofa a fheabhsú. Chuige sin, caitheann mic léinn tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht de ghnáth. > Tugtar modúil ar an litríocht chomhaimseartha ionas gur féidir le mic léinn eolas grinn a chur ar fhilíocht, ar phrós agus ar dhrámaíocht na Gaeilge. Cuirtear modúil ar fáil fosta ar an litríocht a bhaineann le tréimhsí níos luaithe, ina measc sin, filíocht na mBard, an
Fhiannaíocht, filíocht an 17ú haois, an 18ú haois agus an 19ú haois. Tá modúil roghnacha ar fáil ar Ghaeilge na hAlban agus ar ainmneacha pearsanta agus logainmneacha na hÉireann.
Mar aon le ceardlanna praiticiúla agus ranganna teagaisc ar an nGaeilge scríofa agus labhartha, cuirimid modúl ar shochtheangeolaíocht na Gaeilge agus ar chanúineolaíocht na nuatheanga ar fáil.
Struchtúr an chúrsa
An chéad bhliain
BA Baitsiléir Ealaíon – Nua-Ghaeilge – Dhá Mhórábhar, Mórábhar/Mionábhar nó Mionábhar
Déantar staidéar ar an Nua-Ghaeilge agus ar ábhar amháin eile don chéim. Níl an NuaGhaeilge ar fáil do thosaitheoirí. Ní mór do mhic léinn H4, ar a laghad, a fháil sa Ghaeilge san Ardteistiméireacht (nó a chomhionann) le staidéar a dhéanamh ar an Nua-Ghaeilge. > 15 creidiúint sa Nua-Ghaeilge > Suas le trí ábhar eile nó Scileanna Criticiúla a roghnú ó chúig ghrúpa na n-ábhar (ábhar amháin ó gach grúpa ar a mhéad - féach tábla na ngrúpaí ar lch 45) > Nua-Ghaeilge > Déantar staidéar ar an Nua-Ghaeilge (agus ábhar amháin eile, seachas Scileanna
Criticiúla) sa dara bliain agus i mbliain na céime mar cheann de Dhá Mhórábhar, mar
Mhórábhar/Mionábhar nó mar Mhionábhar
> Sruth roghnach 10 gCreidiúint ar fáil sa dara bliain (féach lch 13) Cuirtear modúil roghnacha éagsúla ar fáil sa dara bliain agus i mbliain na céime
An dara bliain agus bliain na céime Bliain na céime
Rogha don Erasmus nó don Staidéar Thar Lear i ndiaidh na dara bliana
Téigh chuig lch 45 le breathnú ar thábla ábhair MH101
Cuid de na réimsí a phléitear
An chéad bhliain An dara bliain
> Teanga agus Litríocht na Gaeilge > Nualitríocht > Litríocht na Sean-Ghaeilge > Drámaíocht agus Úrscéalaíocht > An Nua-Ghaeilge Mhoch > Sochtheangeolaíocht na Gaeilge > Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge
Bliain na céime
Cén fáth a ndéanfá staidéar ar an ábhar seo?
> Trí mheán na Gaeilge a bhíonn na léachtaí, na ranganna teagaisc agus na ceardlanna ar fad, agus déantar gach cumarsáid leis an Roinn trí mheán na Gaeilge. Cé go gcuireann cúrsa na chéad bhliana béim shuntasach ar an teanga scríofa (i.e gramadach), ní theastaíonn réamheolas ar an ngramadach uait.
> Tá ionad tacaíochta Gaeilge, An Droichead, ar fáil a chuireann cabhair ar fáil do mhic léinn, mic léinn na chéad bhliana go háirithe, atá ag streachailt leis an teanga. Piartheagasc atá i gceist, agus mic léinn na dara agus na tríú bliana i mbun grúpaí beaga a stiúradh. Ní bhíonn níos mó ná cúigear mac léinn i ngach grúpa agus bíonn deis ag mic léinn ceisteanna a chur, cleachtadh a dhéanamh ar struchtúir, srl.
> Tá traidisiún Gaeilge i Má Nuad a théann i bhfad siar. Bunaíodh an Ollúnacht le Gaeilge in 1804, go luath tar éis do Choláiste Phádraig teacht ar an bhfód. Dá bhrí sin, tá an Ghaeilge á múineadh ar an gcampas le breis is dhá chéad bliain.
> Is iomaí gné de léann na Gaeilge a ndéantar taighde uirthi sa Roinn, idir theanga agus litríocht, idir shean agus nua, chomh maith le réimsí léinn atá gaolmhar don teanga. Orthu sin tá, mar shampla, an Teangeolaíocht, an Béaloideas,
An Chritic Liteartha, Gaeilge na hAlban, an
Nua-Ghaeilge Mhoch, Logainmneacha agus
Ainmneacha Pearsanta na Gaeilge. Pléitear leis an nGaeilge mar theanga bheo agus mar chuid luachmhar d’oidhreacht chultúrtha na hÉireann agus na hEorpa.
Deiseanna tar éis na céime?
> Tá scileanna teanga, scileanna taighde, anailíse agus cur i láthair fite fuaite sa chéim agus bíonn ardmheas orthu i ngairmeacha éagsúla.
> Éiríonn lenár gcéimithe poist a bhaint amach i réimsí lena n-áirítear na meáin, aistriúchán, ateangaireacht, múinteoireacht ag an mbunléibheal agus ag an dara leibhéal, an státseirbhís, i réimsí na ríomheolaíochta agus sa Roinn Gnóthaí Eachtracha.
> Tá na cláir iarchéime seo a leanas á dtairiscint ag an Roinn faoi láthair: M.Litt sa Nua-Ghaeilge (mórthráchtas), MA sa Nua-
Ghaeilge (miontráchtas, obair chúrsa agus scrúduithe), PhD sa
Nua-Ghaeilge. D’éirigh le mic léinn dár gcuid maoiniú a bhaint amach thar na blianta le staidéar a dhéanamh ag na leibhéil seo a leanas: MA, M.Litt., MSc agus PhD.
Tá Nua-Ghaeilge ar fáil mar chuid de na cúrsaí seo chomh maith
MH109: BA Staidéar ar na Meáin lch 171
MH502 LWD: BCL (Dlí agus na hEalaíona) lch 184
Déan teagmháil linn
Roinn na Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad + 353 1 708 3666
nua.ghaeilge@mu.ie www.maynoothuniversity.ie/nua-ghaeilge-modern-irish @NuaGhaeilgeOMN @nua-ghaeilge-modern-irish
Seans go mbeadh spéis agat sna hábhair seo
Léann Síneach lch 56 An Fhraincis lch 68 An Ghearmáinis lch 76 An Léann Ceilteach lch 94 An Spáinnis lch 108
Gaeilge | Nua-Ghaeilge (Modern Irish) (group 4 subject) CAO Code: MH101 | CAO Points 2021: 338
Minimum entry requirements: Leaving Certificate H4 in Irish (or equivalent) required to study Nua-Ghaeilge. No beginner stream in Nua-Ghaeilge. For full details about entry requirements see p. 42.
> Students of the Modern Irish course study the language (spoken and written) and aspects of literature and culture. > Our students learn about the diversity and rich heritage of the Irish language, and also acquire skills which will be advantageous to them throughout their lives, irrespective of which career they choose. They will accomplish this in a friendly, open Department that has a strong commitment to Irish and to learning. > Spoken and written Irish are obviously central to our course and students are given every encouragement and support to improve their oral and written skills. To this end, students normally spend a period of residence in the Gaeltacht. > Our modules allow students to gain a deep appreciation of contemporary Irish literature – poetry, prose and drama. Modules are also offered on earlier periods of Irish literature, including Bardic Poetry, the Fenian Cycle and poetry of the 17th, 18th and 19th centuries. There also are optional modules on Scottish Gaelic and on Irish personal and place-names. In addition to practical workshops and tutorials on written and spoken
Irish, we also offer modules on the sociolinguistics of Irish and on the phonology and dialectology of the modern language.
Course structure
1st year
BA Bachelor of Arts – Nua-Ghaeilge – Double Major, Major/Minor or as a Minor
Nua-Ghaeilge and another subject to degree level. Students are required to have a minimum H4 in Leaving Certificate Irish, or equivalent, to study Nua-Ghaeilge. > 15 credits of Nua-Ghaeilge > Choose up to 3 other subjects or
Critical Skills from the 5 groups available (maximum 1 subject per group – see groups table p. 45) > Nua-Ghaeilge > Continue with 1 of your 1st year subjects (excluding Critical Skills) as part of a
Double Major, Major/Minor or as a Minor > Optional 10 credit Elective in 2nd year (see p. 13 for details)
2nd year and Final year
Erasmus/Study Abroad option after 2nd year
For MH101 subject groups table go to p. 45
Possible topics
1st year 2nd year
> Irish Language and Literature > Modern Literature > Early Irish Literature > The Play and the Novel > Early Modern Irish > Irish Sociolinguistics > Contemporary Irish Literature
Final year
Why choose this subject? > All lectures, tutorials and workshops are through the medium of the Irish language, as is all communication with the Department, and while the first year course places significant emphasis on the written language (i.e. grammar), no prior knowledge of grammar is necessary.
> There is an Irish language support centre,
An Droichead, which provides assistance to students, first year students in particular, who are struggling with the language. This works on a peer-tutoring basis, with second and third year students tutoring groups of no more than five students – allowing students to ask questions, to practice structures, etc.
> Maynooth has a long-standing tradition of Irish.
The Professorship of Irish was established in 1804, shortly after St Patrick’s College was founded. As such, Irish has been taught on the campus for over two hundred years.
> Many aspects of Irish studies are researched in the Department, both language and literature, old and new, as well as other related areas of study. Among the courses offered are Linguistics,
Folklore, Literary Criticism, Scottish Gaelic, Early
Modern Irish, Irish Place and Personal Names.
Irish is studied both as a living language and as a valuable part of Irish and European cultural heritage.
Options after graduation?
> Advanced language and analytical skills, researching, and presentation skills are all embedded into the degree and are highly valued in various professions.
> Our graduates have secured jobs in areas including the media, translation, interpretation, teaching at primary and secondary level, in the civil service, in areas of computer science and in the
Department of Foreign Affairs.
> The following postgraduate programmes are currently offered by the
Department: M.Litt. in Modern Irish (major thesis), MA in Modern
Irish (minor thesis and coursework/examinations), PhD in Modern
Irish, and our students have been successful in securing funding to study at MA, M.Litt., MSc and PhD levels.
Nua-Ghaeilge also available in
MH109: BA Media Studies p. 171 MH502 LWD: BCL (Law and Arts) p. 184
Contact us
Maynooth University Department of Modern Irish + 353 1 708 3666
nua.ghaeilge@mu.ie www.maynoothuniversity.ie/nua-ghaeilge-modern-irish @NuaGhaeilgeOMN @nua-ghaeilge-modern-irish
You might also like
Chinese Studies p. 56 French p. 68 German p. 76 Medieval Celtic Studies p. 94 Spanish and Latin American Studies p. 108