3 minute read

Réamhrá

Geallann Ollscoil Mhá Nuad don fhoireann agus do mhic léinn timpeallacht eagrúcháin agus chultúrtha trína gcruthófar ollscoil atá ionchuimsitheach tríd is tríd ina saibhríonn éagsúlacht an phobail champais an scoláireacht agus an fhoghlaim.

Tuigimid go bhfuil píosa maith le dul fós chun é sin a bhaint amach go hiomlán, ach creidimid go mbainfidh gach duine tairbhe as infheistíocht inár ndaoine, inár gcultúr agus inár bpobal.

Príomhchomhartha de ghealltanas na hOllscoile agus den tábhacht a shamhlaítear leis an sprioc sin a bhaint amach is ea bunú na hoifige um Chomhionannas, Éagsúlacht, Cuimsiú agus Idirchultúrachas (EDI). Trí oifig thiomnaithe a bhunú bhíomar in ann cur chuige ar fud na hinstitiúide a ghlacadh chun a chinntiú go ndéantar prionsabail EDI a leabú i ngach gné de straitéis, beartas, próisis, córais agus feidhmeanna na hOllscoile.

Ar an 11 Márta 2020 dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an ráig den choróinvíreas (COVID-19) ina phaindéim dhomhanda. Ó shin i leith, tá bearta gan fasach tugtha isteach ag rialtas na hÉireann d’fhonn cabhrú le scaipeadh an víris a mhoilliú. As sin tháinig slí mhaireachtála nua agus neamhghnách do shaoránaigh na hÉireann, lena n-áirítear scaradh sóisialta, féin-aonrú, coraintín, obair ón mbaile, scolaíocht baile do pháistí, cailleadh post agus, i gcás roinnt daoine, cailleadh baill teaghlaigh agus cairde. Is léir go bhfuil tionchar chun donais ag an ráig COVID-19 ar an saol sóisialta, eacnamaíoch agus síceolaíoch, agus cheana féin tá na chéad chomharthaí ann go bhfuil éifeachtaí inscneacha aige.

Tá an phaindéim tar éis solas a lonrú ar thionchar na bochtaineachta ar mhic léinn agus ar mhic léinn ionchasacha agus ar an tslí a bhfuil sé de chumas ag an ngéarchéim seo tionchar diúltach a imirt ar na daoine is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus ar imeall na sochaí thar aon ghrúpa eile. Tá fíor-riosca ann go gcealófar sna míonna agus sna blianta amach romhainn go leor de na gnóthachain a baineadh amach le 20 bliain anuas ó thaobh rochtain ar ardoideachas a leathnú. D’fhonn an tionchar seo a mhaolú, ní mór díriú ar riachtanais na ndaoine is imeallaithe, agus caithfidh ár bhfócas agus ár ngealltanas maidir le EDI a bheith láidir i gcónaí.

I measc na bpríomhimeachtaí a tharla le linn thréimhse na tuarascála seo tá an ghluaiseacht Black Lives Matter agus an fócas láidir ar a chinntiú go bhfuil cultúr institiúideach an champais sábháilte, measúil agus tacúil. Tá cur chuige iomlánaíoch glactha againn i leith an dá rud seo, ní amháin chun a chinntiú go mbíonn próiseas tuairiscithe soiléir agus tacaíochtaí inaitheanta ann i gcás eachtraí mí-iompraíochta ciníche/gnéasaí; ach freisin chun oibriú lenár gcuid mac léinn agus foirne chun oideachas a chur orainn féin faoin gciníochas/gnéasachas struchtúrtha; feasacht a mhéadú faoi idirghabháil ó dhuine atá ag dul thar bráid; agus chun gach duine a chumhachtú chun an comhionannas agus an ionchuimsitheacht a leabú i ngach gné dár scoláireacht agus dár dteagasc. Tá cúram ar an uile dhuine as EDI, agus tá ról le comhlíonadh ag gach duine dínn.

Tugann an tuarascáil seo léargas ar an sár-obair a bhí ar siúl san Ollscoil ag ár bhfoireann agus ár mic léinn maidir le EDI i rith na bliana 2019 agus sa chéad leath de 2020 (rud a chuirfidh ár dtuairisciú i gcomhréir leis an mbliain acadúil). Tá sé deacair gach a bhfuil ar siúl a ghabháil i dtuarascáil amháin, mar sin cuirfear nuashonruithe rialta ar fáil i bhfoirm nuachtlitreach ó Oifig EDI in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil.

Tá an-áthas orainn an obair seo a thaispeáint agus táimid ag tnúth le dul chun cinn a dhéanamh san obair seo sna blianta amach romhainn.

An tOllamh Philip Nolan

Uachtarán

An Dr Gemma Irvine

Leas-Uachtarán um Chomhionannas agus Éagsúlacht

This article is from: