CREAT CLEACHTAIS DO CHLÁIR CHÉIME TAIGHDE CMGS
#MICResearch
Timpeallacht bhríomhar taighde
Acmhainní taighde ardchaighdeáin
Timpeallacht thacúil iarchéime
Dea-chleachtas
Ardchaighdeán acadúil
Idirghníomhaíocht idir phiaraí
Idirnáisiúnú
CREAT CLEACHTAIS DO CHLÁIR CHÉIME TAIGHDE CMGS
“
Tá CMgS tiomanta d’oideachas
ardchaighdeáin na mac léinn
taighde agus do sholáthar
na tacaíochta agus na
n-acmhainní riach-
tanacha chun é
seo a bhaint
amach.’’
Is Coláiste Oideachais agus na Dána ag leibhéal na hOllscoile é Coláiste Mhuire gan Smál a bunaíodh i 1898, atá nasctha go hacadúil le hOllscoil Luimnigh. Is institiúid ilchampais é an Coláiste, le campais i Luimneach agus i nDurlas, le líon de bhreis is 5,000 mac léinn. Is soláthróir cláir iarchéime le fada an lá é CMgS ag leibhéal an Dioplóma, na Máistreachta agus na Dochtúireachta.
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Clár Réamhrá
1
Taighde Iarchéime ag CMgS
2
Fís CMgS
3
Tacaíocht Airgeadais
4
Céimeanna Taighde a Thairiscitéar
7
Prionsabail a thacaíonn leis an Oideachas Dochtúireachta
9
Saintréithe na gCéimithe Dochtúireachta
9
Cuspóir an Chreata
10
Creat Cleachtais CMgS
13
1.
Croílár Oideachas na Céime Taighde
14
2.
Bunús na nDámhachtainí Céime Taighde
16
3. Timpeallacht Taighdeora
17
4. Pobal Taighde
19
5. Forbairt an Taighdeora
20
6. Saincheapthacht na gClár Chéime Taighde
21
7.
22
Pleanáil don Rathúlacht
8. Tacú le Dul Chun Cinn agus le Gnóthachtáil
24
9. Córais um Dhearbhú Cáilíochta
25
Aguisín
26
7
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Réamhrá
“
Is buntáiste rítháb-
hachtach é do mhic
léinn agus iad i mbun a gcuid taighde
dochtúireachta i gCMgS an cumas atá ag pobal
beag comhtháite an Choláiste tacú lena gcuid iarrachtaí taighde.’’
Tá an-chuid ama, fuinnimh agus acmhainní caite ag Coláiste Mhuire gan Smál le blianta beaga anuas chun dea-chleachtas san oideachas dochtúireachta a fhorbairt. Forbairt thar a bheith tábhachtach sa phróiseas sin ba ea bunú na Scoile tiomanta Taighde agus Iarchéime i bhfoirgneamh John Henry Newman ar champas Luimnigh an Choláiste. Le hoscailt an spáis mhórthaibhseach tiomnaithe seo, tá oideachas dochtúireachta i gCMgS imithe ó neart go neart le líon méadaitheach mac léinn dochtúireachta agus le réimse éagsúil eagraíochtaí maoinithe ag soláthar tacaíochta do mhic léinn atá ag tabhairt faoi obair dhochtúireachta san institiúid. Tá céimeanna dochtúireachta fréamhaithe i dtóraíocht an eolais, sa riachtanas a bhaineann le hobair a chruthú ina léirítear bunsmaointeoireacht, agus i mbuntaighde neamhspleách. Is bunriachtanas í an dochtúireacht do thromlach na n-iontrálaithe sa saol acadúil agus tá sé mar bhonn ag aschur taighde ardchaighdeáin ar fud an gheilleagair agus na sochaí. Tá aird shuntasach tugtha ag an bhfoireann bhainistíochta laistigh den Scoil Taighde agus Iarchéime i gColáiste Mhuire Gan Smál do pholasaí taighde agus oideachas iarchéime chomh maith le prótacail agus le nósanna imeachta a thacaíonn le hobair na foirne agus na mac léinn araon sa réimse seo. Tugann Creat CMgS don Oideachas Dochtúireachta an obair seo go léir le chéile i gcáipéis amháin ina léirítear críochnúlacht taighde iarchéime an Choláiste. Táimid ag súil le forbairtí breise spreagúla san oideachas dochtúireachta laistigh de CMgS a eascraíonn as an mbonn láidir beartais agus nós imeachta seo.
An tOllamh Michael Healy Leas-Uachtarán Taighde An tOllamh Niamh Hourigan Leas-Uachtarán um Ghnóthaí Acadúla An tOllamh Jim Deegan Iar-Cheann na Scoile Iarchéime 1
Taighde Iarchéime i gColáiste Mhuire gan Smál Tairiscíonn Coláiste Mhuire Gan Smál (CMgS) cláir iarchéime ó dhioplómaí iarchéime, go Máistreachtaí múinte, go céimeanna taighde ag Leibhéal 9 (Máistreacht trí Thaighde) agus Leibhéal 10 (Céimeanna Dochtúireachta). Tá rialacháin acadúla maidir le gach gné de chláir CMgS suas go Leibhéal 10 (m.sh. rollú, clárú, measúnú, grádú, dul chun cinn agus céimniú) ag teacht le cinn Ollscoil Luimnigh1. Cuirtear comhlíonadh rialála agus nósanna imeachta riaracháin gaolmhara ag leibhéal iarchéime i bhfeidhm trí Scoil Taighde & Iarchéime CMgS ar an gcéad dul síos, agus tá baile acadúil gach mac léinn iarchéime taighde lonnaithe laistigh de cheann de ranna acadúla an Choláiste. Is buntáiste ríthábhachtach é do mhic léinn agus iad i mbun a gcuid taighde dochtúireachta i gCMgS an cumas atá ag pobal beag comhtháite an Choláiste tacú lena gcuid iarrachtaí taighde. 2
1
Oibríonn ranna acadúla agus foireann na Scoile Taighe agus Iarchéime i bpáirt lena chéile chun struchtúir éifeachtacha a sholáthar chun a chinntiú go dtugtar an méid tacaíochta agus is féidir do mhic léinn ina gcuid staidéir.
An Timpeallacht Iarchéime i gCMgS Feidhmíonn roinnt eochair-chomhpháirteanna mar bhonn agus mar thaca do rath na gclár dochtúireachta. Tábhachtach ina measc-siúd tá: • Timpeallacht bhríomhar taighde • Feitheoireacht acadúil a oireann don iarrthóir • Rochtain ar acmhainní taighde agus ar dheiseanna forbartha gairmiúla • Deiseanna d’idirghníomhaíocht idir phiaraí • Caighdeáin acadúla éilitheacha, ach cothrom
Lámhleabhar na Rialachán agus na Nósanna Imeachta Acadúla, Ollscoil Luimnigh https://www.ul.ie/policy-hub/sites/policyhub/files/user_media/documents/Handbook_Academic_Regulations_and_Procedures.pdf
Feitheoireacht agus An Saol Iarchéime: Fís ChMgS Tá caidreamh an mhic léinn dhochtúireachta lena bhfeitheoir/leis an bhfoireann fheitheoireachta ríthábhachtach maidir leis an turas dochtúireachta a thabhairt chun críche go rathúil. I gCMgS, cuireann an Coláiste réimse tacaíochtaí ar fáil dóibh siúd atá páirteach i bhfeitheoireacht iarrthóirí dochtúireachta. Cuirtear timpeallacht foghlama iarchéime den scoth ar fáil d'iarchéimithe taighde laistigh den Scoil Taighde agus Iarchéime ar Champas John Henry Newman CMgS. Laistigh den Scoil seo, tacaíonn foireann riarthóirí acadúla leo, ina meascsiúd tá Ceann Scoil na gCéimithe, Bainisteoir Cáilíochta Iarchéime Taighde agus sainfoirne tacaíochta eile a chabhraíonn chun an t-eispéireas taighde is fearr a sholáthar don mhac léinn iarchéime. Anseo, cuirtear acmhainní riachtanacha cosúil le: • Tacaíochtaí airgeadais • Treoir um fhorbairt ghairmiúil • hIdirghníomhú idir phiaraí • hOiliúint agus meantóireacht • Teagasc i scileanna inaistrithe ar fáil do gach duine aonair agus i dteannta a chéile do gach grúpa de mhic léinn taighde gach bliain. Tairiscíonn an Scoil Taighde agus Iarchéime deiseanna d’iarrthóirí dochtúireachta scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt i réimse leathan limistéir, ina measc-siúd tá:
1 2 3 4 5 6 7 8
Scileanna taighdeora
Modheolaíochtaí agus teicnící taighde
Conas leas a bhaint as an timpeallacht taighde Dea-bhainistíocht taighde
Éifeachtúlacht phearsanta
Scileanna cumarsáide
Straitéisí líonraithe/comhoibrithe
Obair ina bhfoirne
9 Pleanáil agus bainistiú gairme
3
Tacaíocht Airgeadais Iarchéime i gCMgS Tríd an Scoil Taighde & Iarchéime, tá roinnt scéimeanna i bhfeidhm ag CMgS chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do thaighdeoirí iarchéime. Is iad seo:
1 Dámhachtain Dochtúireachta CMgS Is é atá sa dámhachtain seo ná tuarastal bliantúil airgeadais agus tarscaoileadh táillí iomlán. Faoi láthair is féidir dámhachtainí a athnuachan ar feadh trí bliana ar a mhéad, le tarscaoileadh táillí sa cheathrú bliain de ghnáthchlárú. Tá Dámhachtainí Dochtúireachta bunaithe ar fhiúntas acadúil agus bronntar iad trí phróiseas iomaíoch ar iarrthóirí PhD i nDámh na nDán agus i nDámh an Oideachais. 2 Gradaim Scoláireachta CMgS Is é atá sna dámhachtainí seo ná tuarastal bliantúil airgeadais agus tarscaoileadh táillí iomlán. Faoi láthair is féidir dámhachtainí a athnuachan ar feadh trí bliana ar a mhéad, le tarscaoileadh táillí sa cheathrú bliain den ghnáthchlárú. Tairiscítear dhá Dhámhachtain gach bliain - an Scoláireacht Dochtúireachta agus an Scoláireacht Iarchéime. Bronntar scoláireacht amháin ar iarrthóirí PhD amháin; is féidir an dara ceann a bhronnadh ar iarrthóirí Mháistreacht trí taighde nó PhD. Tá Dámhachtainí Scoláireachta bunaithe ar fhiúntas acadúil agus bronntar iad trí phróiseas iomaíoch ar iarrthóirí PhD/Máistreachta i nDámh na nDán agus i nDámh an Oideachais.
4
3 Cúntóireachtaí Roinne CMgS (CR) Is é atá sna dámhachtainí seo ná tuarastal bliantúil airgeadais agus tarscaoileadh táillí iomlán. Tairiscítear Dámhachtainí CR trí na ranna acadúla. Déantar cinneadh faoin bpróiseas roghnúcháin agus faoina critéir do na dámhachtainí go háitiúil laistigh de gach roinn acadúil. D’fhéadfadh go molfadh ranna a gcuid CR a shannadh d’iarrthóirí Máistreachta Taighde nó d'iarrthóirí PhD. Tá sé de dhualgas ar shealbhóirí CR suas le 120 uair an chloig de chúnamh a sholáthar dá roinn acadúil baile i ngach bliain acadúil. Faoi láthair is féidir na dámhachtainí a athnuachan ar feadh trí bliana ar a mhéad, le tarscaoileadh táillí sa cheathrú bliain de ghnáthchlárú.
“
D’fhéadfadh go molfadh ranna a gcuid CR a
shannadh d’iarrthóirí
Máistreachta
Taighde nó d'iarrthóirí
PhD.’’
5
“
Sármhaitheas
comhsheasmhach i gcaighdeán taighde
agus oiliúna
iarchéime a
éascú.’’
6
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Céimeanna Taighde a Tairiscítear i gCMgS Cuireann CMgS céimeanna taighde ar fáil ag leibhéal na Máistreachta (trí thaighde agus thráchtas) agus ag leibhéal na Dochtúireachta. Ag leibhéal na Dochtúireachta, is é an PhD (trí thaighde agus tráchtas) an bealach um speisialachas ábhar is coitianta go céim na dochtúireachta. Anuas ar sin, tairiscítear roinnt cláir trí bhealach Dochtúireachta Struchtúrtha (SPhD). Aithnítear cláir SPhD mar go bhfuil modúil mhúinte iontu agus go gcuireann siad roghanna topaice taighde ar fáil laistigh den limistéar staidéir. Sna cláir seo tá léachtaí foirmiúla, seimineáir thaighde agus ceardlanna ag leibhéal na máistreachta agus/nó ag leibhéal na dochtúireachta le linn an chéad dhá bhliain, agus de ghnáth cuirtear tús leis an tionscadal taighde faoi fheitheoireacht tar éis na gnéithe múinte a bheith críochnaithe go rathúil. Anuas ar sin, cuireann CMgS Dochtúireacht Ghairmiúil, sainchlár ag Leibhéal 10 atá bunaithe ar chleachtas (nó cleachtóirbhunaithe) ina chuimsítear comhpháirt mhúinte agus taighde. De ghnáth, bíonn gnéithe múinte, cosúil le léachtaí, seimineáir, ceardlanna agus socrúchán bunaithe ar chleachtas, mar chuid de Dhochtúireachtaí Gairmiúla. Déantar measúnú foirmiúil ar na heilimintí seo trí mheascán d'obair chúrsa, de scrúduithe, de thaispeántais phraiticiúla agus de thráchtas. De ghnáth baineann an tionscadal taighde le saincheisteanna ón bhfíorshaol i gcomhthéacs an chleachtais ghairmiúil. Cosúil le cineálacha eile de chláir dhochtúireachta, i nDochtúireachtaí Gairmiúla is gá tionscadal taighde bunaidh i bhfoirm tráchtais a chur isteach i gcomhair scrúdaithe. Chomh maith leis na cineálacha clár thuasluaite, tá soláthar ag CMgS laistigh de rialacháin Ollscoil Luimnigh chun céimeanna PhD airteagal-bhunaithe a bhronnadh agus céimeanna PhD Oibreacha Cruthaitheacha, cé nach bhfuil siad seo ró-choitianta go dtí seo. Chomh maith leis sin, tá CMgS i mbun Comhdhámhachtainí PhD le roinnt Ollscoileanna Eorpacha.
7
“
Dámha, ranna agus aonaid
institiúideacha a
chumasú agus a
spreagadh chun
oibriú níos
dlúithe le
chéile’’
8
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Prionsabail a thacaíonn leis an Oideachas Dochtúireachta
Inniúlachtaí agus Saintréithe na gCéimithe Dochtúireachta
Cuireann Creat CMgS don Oideachas Dochtúireachta go díreach leis na cuspóirí atá i bPlean Straitéiseach CMgS 20232 agus i gComhshocrú Feidhmíochta CMgS-ÚAO 201820213. Tá baint ag Creat CMgS le polasaí ag an leibhéal náisiúnta, idirnáisiúnta agus Eorpach agus cuireann sé leis an gclár oibre a thugann cur i bhfeidhm Salzburg Principles, Recommendations and Challenges4 chun cinn trasna Limistéar Eorpach an Ardoideachais. Tá cur síos achomair ar na próisis agus ar na córais a úsáidtear chun caighdeáin cháilíochta feabhsaithe a bhaint amach i dtaighde iarchéime mar bhonn ag an gcreat-cháipéis a chuirtear i láthair anseo.
Is í an fhealsúnacht threorach do thaighde foirne agus iarchéime i gCMgS ná gur próiseas oideachasúil é an taighde go príomha atá deartha chun eolas nua a aimsiú trí imscrúdú córasach. Bunaítear agus déantar tástáil ar hipitéisí trí thaighde, cuirtear fíricí ar bun agus imscrúdaítear iad, nó moltar léirmhínithe nua ar shonraí nó ar théacsanna. Is próiseas é chun faisnéis a bhailiú agus a anailísiú, atá deartha chun forbairt, tástáil nó athbhreithniú a dhéanamh ar fhaisnéis. Tacaíonn taighde le hobair bhunaidh agus nuálaíoch i limistéir acadúla, ghairmiúla agus theicneolaíochta, na healaíona traidisiúnta agus na taibh-ealaíona ina measc. Mar sin, d’fhéadfadh taighde a bheith bunaithe ar dhisciplín nó ar chleachtas ach tuigtear go bhfuil comhtháthú cruinnis, machnaimh agus critice i gceist leis5. Ag obair laistigh den chomhthéacs seo, bíonn mic léinn taighde dochtúireachta beachtaithe go maith san oideachas agus san oiliúint a chothaíonn inniúlachtaí agus sainthréithe iontu atá uathúil dá gcohórt6.
2
3
4
5
6
Plean Straitéiseach 2023: Pobal Foghlama Faoi Bhláth, Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, 29 Márta, 2019. (https://issuu.com/micireland/docs/mic_strategic_plan_2019_full_eng_fn) Comhshocrú Feidhmíochta Miseanbhunaithe 2018-2021 idir Coláiste Mhuire gan Smál agus an tÚdarás um Ard-Oideachas (ÚAO). (https://hea.ie/assets/uploads/2017/06/Mary-Immaculate-College-Mission-Based-Performance-Compact-Final-2018-2021.pdf) Cumann Ollscoileanna na hEorpa (EUA), Prionsabail Salzburg na Comhairle um Oideachas Dochtúireachta (2005); Moltaí Salzburg (2010) agus Taking Salzburg Forward-Implementation and New Challenges (2016). Ar fáil ag https://eua-cde.org/reports-publications.html Creat Dea-Chleachtais do Chláir Chéime Taighde, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (2018). (https://www.tcd.ie/teachinglearning/quality/assets/pdf/QQI%20Framework%20of%20Good%20Practice%20for%20Research%20Degree%20Programmes.pdf) QAA: UK Quality Code for Higher Education, Part B: Assuring and enhancing Academic Quality (2013). (https://www.qaa.ac.uk/quality-code#)
9
Cuspóir Chreat CMgS
Spriocléitheoirí
Seo a leanas cuspóirí Chreat CMgS:
Seo a leanas spriocléitheoirí Chreata CMgS:
• Tacú le sármhaitheas comhsheasmhach i gcáilíocht an taighde agus na hoiliúna iarchéime, taighde a dhéantar ag leibhéal na Máistreachta agus na Dochtúireachta ina measc; • Dlúthchaidreamh oibre a éascú idir seirbhísí acadúla agus gairmiúla araon ar mhaithe le taithí agus le toradh foghlaimeora den scoth a sholáthar do gach taighdeoir iarchéime; • Infhostaitheacht iarchéimithe taighde a uasmhéadú trasna réimse earnálacha fostaíochta, ag cinntiú go gcuireann scileanna taighde agus inaistrithe le heolas sain-dhisciplíneach; • Luach agus ábharthacht na gcáilíochtaí Máistreachta agus Dochtúireachta taighde a threisiú i gcomhthéacs tosaíochtaí straitéiseacha institiúideacha, cláir oibre beartais taighde náisiúnta agus réaltachtaí domhanda san ardoideachas.
10
• Iad siúd atá freagrach as polasaithe, as rialacháin, as straitéisí agus as dearbhú cáilíochta a bhaineann le cláir chéime taighde ag leibhéal áitiúil agus earnála; • Mic léinn taighde iarchéime, feitheoirí, foireann seirbhísí gairmiúla ar thús cadhnaíochta maidir le taithí iarchéime ardchaighdeáin a sheachadadh, cláir acadúla agus an timpeallacht taighde ina measc; • Maoinitheoirí agus gníomhaireachtaí maoinithe ag tacú le céimeanna taighde iarchéime; • Daoine aonair, institiúidí agus gníomhaireachtaí rialála le suim acu in athchóiriú, in athnuachan agus i bhfeabhas leanúnach a chur ar chleachtais taighde iarchéime, le béim ar leith ar infheidhmeacht i ngnó, i dtionscal agus sa tsochaí, go réigiúnach agus níos faide i gcéin.
“
Infhostaitheacht iarchéimithe taighde
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
a uasmhéadú ar fud réimse
earnálacha fostaíochta, ag
cinntiú go gcomhlánaíonn
taighde agus scileanna inaistrithe eolas ar
leith a bhaineann le disciplín.’’
11
Framework of Practice for MIC Re
12
esearch Degree Programmes
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Creat Cleachtais CMgS Ag tógaint ar phrionsabail Creat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta de chuid an ÚAO agus ar na cleachtais ghaolmhara sa Chreat Dea-Chleachtais do Chláir Chéime Taighde ó Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, tá Creat CMgS eagraithe le tagairt do na toisí agus na luanna gaolmhara seo a leanas: (1) Croílár Oideachas na Céime Taighde; (2) Bunús na nDámhachtainí Céime Taighde; (3) Timpeallacht Taighdeora; (4) Pobal Taighde; (5) Forbairt an Taighdeora; (6) Saincheapthacht na gClár Chéime Taighde; (7) Pleanáil don Rathúlacht; (8) Tacú le Dul Chun Cinn agus le Gnóthachtáil; agus (9) Córais um Dhearbhú Cáilíochta. Leagtar Creat CMgS amach sna táblaí seo a leanas:
7
Creat Náisiúnta d’Oideachas Dochtúireachta, 2018. (https://hea.ie/assets/uploads/2017/04/national_ framework_for_doctoral_education_0.pdf)
13
Creat-thábla 1: Croílár Oideachas na Céime Taighde 1. CROÍLÁR OIDEACHAS NA CÉIME TAIGHDE
Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015):
Is é croílár an oideachais dochtúireachta dul i mbun rannpháirtíocht dhomhain ar cheist, ar fhadhb nó ar hipitéis ar leith ag teorainn an eolais, agus an teorainn seo a fhorbairt faoi threoir stiúradh saineolaíoch agus tiomanta. Chun céim dhochtúireachta a bhaint amach, ní mór don iarrthóir cur leis an eolas atá ar fáil cheana féin
14
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir le Croílár Oideachas na Céime Taighde:
Is próiseas é taighde a dhíríonn ar eolas nua a fháil amach, trí imscrúdú córasach. Déanann taighde freastal ar raon na ngníomhaíochtaí a thacaíonn le hobair bhunaidh agus nuálaíoch i réimse limistéir acadúla, gairmiúla agus teicneolaíochta, na healaíona traidisiúnta agus na taibh-ealaíona ina measc.
1.1 Tá cuspóirí soiléire ag cláir thaighde CMgS do mhic léinn taighde. 1.2 Forbraíonn CMgS inniúlachtaí agus tréithe na gcéimithe dochtúireachta le hinniúlacht taighde mar chroílár iontu. 1.3 Éascaíonn cláir chéime taighde CMgS an fhoghlaim trí phróiseas an taighde. 1.4 Meicníocht chun tacú le cruthaitheacht intleachtúil, le tiomantas marthanach, le bheith sásta dul i ngleic go hiomlán leis an tionscadal taighde agus le feitheoirí.
“
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Is próiseas é taighde a
dhíríonn ar eolas nua a
fháil amach, trí
imscrúdú
córasach.”
15
Creat-thábla 2: Bunús na nDámhachtainí Céime Taighde 2. BUNÚS NA nDÁMHACHTAINÍ CÉIME Prionsabal Slata Tomhais Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaCleachtas CMgS maidir le Bunús TAIGHDE sa Chreat Náisiúnta Chleachtais na hÉireann do Chláir na nDámhachtainí Céime Taighde: d'Oideachas Chéime Taighde (2018): Dochtúireachta (2015): Bronnfar an chéim dhochtúireachta má bhíonn an tráchtas taighde, ina mbeidh saothar infhoilsithe, tugtha chun críche agus toradh rathúil ar scrúdú an tráchtais.
16
Toisc go mbronntar céimeanna taighde mar thoradh ar an bhfoghlaim a dhéantar trí thabhairt faoin bpróiseas taighde, is é caighdeán agus ranníocaíocht an taighde sin, agus na scileanna a bhaintear amach atá mar bhonn ag an ndámhachtain. Baineann sé seo le céimeanna taighde Máistreachta agus dochtúireachta araon. Ní féidir céim thaighde a bhronnadh ach ar phíosa substaintiúil aschuir taighde.
2.1 Léiríonn formáid, déine agus críochnúlacht an scrúdaithe tráchtais an tábhacht a bhaineann leis an dámhachtain. 2.2 Mar chuid de nósanna imeachta measúnaithe is gá tráchtas/punann scríofa a chur isteach mar fhianaise ar ghnóthachtáil taighde. 2.3 Tá polasaí agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun sláine acadúil a chinntiú. 2.4 Tá próisis i bhfeidhm a chinntíonn go bhfuil eolas nua cruthaithe ag an mac léinn ar chaighdeán foilsithe, gur thug sé/sí faoi thaighde bunaidh, agus/nó gur cuireadh eolas reatha i bhfeidhm ar bhealach nua.
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Creat-thábla 3: Timpeallacht Taighdeora 3. TIMPEALLACHT TAIGHDEORA Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015): Tugtar faoi oideachas dochtúireachta i dtimpeallacht taighde ina bhfuil caighdeán agus infreastruchtúr acadúil ar ardchaighdeán agus áit a bhfuil sé ag teacht le straitéisí institiúideacha. Áiríonn feabhas acadúil stiúradh ar ardchaighdeán agus oiliúint do fheitheoirí.
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir leis an Timpeallacht Taighdeora:
Chun sprioc a bhaint amach oideachas taighde den scoth a sholáthar do gach mac léinn taighde in institiúid, is gá go bhfuil an leibhéal taighde is airde ar bun ag feitheoirí san institiúid ardoideachais, agus go bhfuil na struchtúir, acmhainní, timpeallachtaí riaracháin agus tacaíochtaí institiúideacha do na mic léinn agus na feitheoirí araon oiriúnach, éifeachtach agus cuimsitheach.
3.1 Tá CMgS tiomanta d'oideachas ardchaighdeáin mac léinn taighde agus do sholáthar na tacaíochta agus na n-acmhainní riachtanacha chun é seo a bhaint amach. 3.2 Trína pholasaithe taighde réamhghníomhacha agus tríd an córas eitice taighde, seasann CMgS le sláine taighde sa mhéid agus is féidir agus gearrtar pionóis ar sháruithe. 3.3 Tá an timpeallacht iarchéime i gCMgS bunaithe mar ionad foghlama agus táirgiúlachta taighde. 3.4 Cuireann CMgS rochtain ar acmhainní daonna, fisiciúla, acadúla, faisnéise, oiliúna agus airgeadais ar fáil chun tacú go hinbhuanaithe le tionscadail iarchéime ar aon dul leis na caighdeáin eiticiúla agus gairmiúla is airde. 3.5 Oibríonn an Scoil Taighde & Iarchéime agus na ranna acadúla go comhoibríoch agus go comhleanúnach chun tacú le mic léinn taighde agus lena bhfeitheoirí. 3.6 Is féidir teacht go héasca ar eolas cuimsitheach maidir le taighde iarchéime ar líne agus tríd an Scoil Taighde & Iarchéime.
17
“
Oibríonn an fhoireann le chéile
chun struchtúir éifeachtacha a
sholáthar chun a chinntiú
go dtugtar tacaíocht do
mhic léinn ina gcuid staidéir chomh
fada agus is
féidir.’’
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Creat-thábla 4: Pobal Taighde 4. POBAL TAIGHDE
Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015):
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir leis an bPobal Taighde:
Tugtar faoi oideachas dochtúireachta i bpobal foghlama ina bhfuil mais chriticiúil leordhóthanach de ghníomhaíocht taighde ag a bhfuil aitheantas idirnáisiúnta chun deis a thabhairt do mhic léinn teacht ar chlár oiliúna atá leathan go leor agus chun idirghníomhú le piaraí ina réimse, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a éascú.
Tá rath na mac léinn taighde nasctha le braistint chomhuintearais le pobal taighde i ndisciplín nó in institiúid; leis an gcumas noirm agus ionchais an phobail sin a thuiscint go tapaidh; agus le cáilíocht agus caighdeán an phobail taighde.
4.1 Cuireann CMgS ionduchtú agus cleachtadh ar fáil do gach mac léinn taighde ar bhonn leanúnach gach bliain. 4.2 Cinntíonn cruinniú tosaigh comhairleach idir an mac léinn agus an feitheoir go nglacann gach mac léinn nua páirt in ionduchtú ar thopaicí bunúsacha. 4.3 Baineann caighdeáin cháilíochta CMgS le taithí iomlán na mac léinn. Tá a gcuid tuairimí neadaithe i gcinnteoireacht institiúideach. 4.4 Déanann CMgS machnamh foirmiúil ar thorthaí suirbhéanna náisiúnta rannpháirtíochta mac léinn do mhic léinn taighde iarchéime.
19
Creat-thábla 5: Forbairt an Taighdeora 5. FORBAIRT AN TAIGHDEORA Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015): Cuireann oideachas dochtúireachta go mór le doimhneacht agus le fairsinge eolais na mac léinn ar a ndisciplín agus forbraíonn sé a saineolas i modheolaíocht taighde. Cuireann sé taithí ardchaighdeáin ar thaighde ar fáil agus oiliúint (clár comhtháite foirmiúil d'fhorbairt phearsanta agus ghairmiúil ina measc).
20
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir le Forbairt an Taighdeora:
Is ar fheitheoirí atá príomhfhreagracht deiseanna a threorú agus a sholáthar do mhac léinn chun forbairt a dhéanamh ar dhoimhneacht agus ar fhairsingeacht an eolais atá acu faoina ndisciplín. Tá ról láidir le himirt ag ceannairí agus ag feitheoirí disciplín riachtanais fhorbartha a aithint agus gnéithe den oideachas riachtanach a sheachadadh, deiseanna chun scileanna agus eolas a chleachtadh agus a neadú ina measc.
5.1 Comhtháthaíonn CMgS tacair shainscileanna inaistrithe le tagairt do mhúnlaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. 5.2 Forbraíonn feitheoirí scileanna modheolaíochta, scileanna disciplíneacha agus scileanna acadúla ina gcuid mac léinn taighde. 5.3 Cruthaítear pleananna forbartha aonair do gach mac léinn dochtúireachta. 5.4 Tá mic léinn dhochtúireachta CMgS eolach faoi agus comhlíonann siad forálacha an Rialacháin Ghinearálta um Chosaint Sonraí (RGCS; 2018). 5.5 Cuirtear mic léinn CMgS ar an eolas faoina mbainistiú gairme, agus tugann feitheoirí agus an Scoil Iarchéime tacaíocht dóibh chun scileanna den tsaghas sin a aimsiú. 5.6 Cuirtear oideachas san oideolaíocht ar fáil do gach mac léinn taighde CMgS. 5.7 Tacaíonn maoiniú comhdhála agus meantóireacht le scaipeadh taighde.
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Creat-thábla 6: Saincheapthacht na gClár Chéime Taighde 6. SAINCHEAPTHACHT NA GCLÁR CHÉIME TAIGHDE
Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015):
Aithnítear go bhfuil gach dochtúireacht uathúil, agus tá oideachas dochtúireachta solúbtha ionas gur féidir tacú le mic léinn laistigh de dhisciplíní aonair nó laistigh de ghrúpaí idirdhisciplíneacha nó ildisciplíneacha.
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir le Saincheapthacht na gClár Chéime Taighde:
Tá daonra na mac léinn taighde éagsúil. Tá go leor mac léinn ag tús a n-aistear léann ach is gairmithe i lár agus ag teacht i dtreo deiridh a ngairm iad céatadán ard na mac léinn; is daonra idirnáisiúnaithe é chomh maith; le réimse leathan de limistéir staidéir go leor le noirm laistigh díobh siúd atá éagsúil go mór óna chéile. Dá bhrí sin, caithfidh feidhmiú na gclár chéime taighde a bheith solúbtha chun freastal ar riachtanais na mac léinn agus na dtionscadal aonair
6.1 Déanann CMgS forálacha chun a chinntiú go nglacfar le agus go bhfreastalaítear ar an éagsúlacht (daoine faoi mhíbhuntáiste nó daoine faoi mhíchumas ina measc). 6.2 Tacaíonn tacaíochtaí acadúla agus neamh-acadúla iariontrála le mic léinn ó chúlraí éagsúla. 6.3 Úsáidtear tacaíochtaí ginearálta do mhic léinn CMgS go solúbtha agus go cothrom, ag tógaint riachtanais na mac léinn taighde san áireamh.
21
Creat-thábla 7: Pleanáil don Rathúlacht 7. PLEANÁIL DON RATHÚLACHT Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015): Sula nglactar le mic léinn dhochtúireachta breathnaítear ar ullmhacht an iarrthóra, fáil a bheith ar fheitheoir cáilithe, cumasach mar aon leis na hacmhainní riachtanach chun tabhairt faoin taighde
22
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir le Pleanáil don Rathúlacht:
Tá earcú agus iontráil na mac léinn taighde difriúil ó earcaíocht agus iontráil na mac léinn ar chláir mhúinte. Cinntíonn déine na bpróiseas a chuirtear i bhfeidhm maidir le measúnú ar oiriúnacht an iarrthóra, ar cháilíocht agus ar raon na faisnéise a chuirtear ar fáil agus an measúnú oibiachtúil, eolasach a déantar ar infhaighteacht na dtacaíochtaí acadúla agus eile, go bhfuil ar a gcumas acusiúd atá cláraithe ar chláir chéime taighde a chríochnú go rathúil agus in am trátha.
7.1 Cuirtear in iúl do mhic léinn ionchasacha cad a chiallaíonn sé tabhairt faoi chlár céime taighde, na dúshláin a bhaineann le taighde agus réimse na gconairí gairme 7.2 Fáiltíonn Ranna roimh mhic léinn ionchasacha ar mian leo cuairt a thabhairt roimh ré chun tionscadail agus áiseanna a fhiosrú agus chun labhairt le mic léinn reatha. 7.3 Cinntíonn nósanna imeachta go ndéileáiltear go héifeachtach agus go héifeachtúil le hiarratasóirí ionchasacha. 7.4 Faigheann mic léinn ionchasacha faisnéis faoi dheiseanna agus faoi choinníollacha taighde maoinithe. 7.5 Mínítear comhdhéanamh agus ballraíocht na bpainéal feitheoireachta. 7.6 Tá gnásanna casaoide agus nósanna imeachta achomhairc shoiléire i bhfeidhm. 7.7 Cuirtear polasaithe maidir le sláine acadúla agus taighde ar fáil. 7.8 Tá rochtain ag gach mac léinn taighde ar spás staidéir tiomnaithe, ar sheirbhísí leabharlainne agus ríomhaireachta agus ar an idirlíon.
“
Is é ár bhfócas ná rath agus folláine na mac
léinn agus freastal ar
riachtanais dhomhanda
in ionaid oibre
éagsúla.’’
23
Creat-thábla 8: Tacú le Dul Chun Cinn agus le Gnóthachtáil 8. TACÚ LE DUL CHUN CINN AGUS LE GNÓTHACHTÁIL
Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015):
Cuireann struchtúir bhunaithe tacaíocht ar fáil d'oideachas dochtúireachta mar a leanas: príomhfheitheoir a bheith i mbun stiúradh an tráchtais, agus painéal a bheadh faofa ag an institiúid mar thaca aige/aici de ghnáth; - monatóireacht fhoirmiúil ar dhul chun cinn ó thús go deireadh ar chritéir fhoilsithe, le tacaíocht ó shocruithe institiúideacha; - próisis scrúdaithe sainmhínithe go soiléir, lena mbaineann scrúdaitheoirí seachtracha, critéir mheasúnaithe agus torthaí dearbhaithe inar féidir an tráchtas a chur i láthair i bhformáidí éagsúla.
24
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir le Tacú le Dul Chun Cinn agus le Gnóthachtáil:
Nuair a ghlactar le mac léinn ar chlár céime taighde, tugtar tacaíocht do rath na mac léinn agus tacaítear le caighdeáin acadúla le feitheoireacht chuí, le monatóireacht éifeachtach ar dhul chun cinn agus le haghaidh a thabhairt ar cheisteanna a thagadh chun solais, agus measúnú atá ar aon dul le critéir idirnáisiúnta. Tá monatóireacht chúramach agus fhoirmeáilte ar dhul chun cinn riachtanach chun caighdeáin arda, rátaí agus amanna maithe críochnaithe a chinntiú mar aon le rátaí ratha arda a choimeád ó thaobh scrúduithe de.
8.1 Is é an/na feitheoir(í) laistigh de struchtúir na roinne/na Dáimhe atá freagrach as feitheoireacht. 8.2 Nósanna imeachta i bhfeidhm chun feitheoireacht éifeachtach a chinntiú. 8.3 Tá monatóireacht chórasach ar dhul chun cinn na mac léinn in áit le nósanna imeachta láidre agus le critéir shoiléire do dhul chun cinn agus d’aistriú mac léinn. 8.4 Soláthraítear treoir maidir le dea-chleachtas feitheoireachta. 8.5 Baineann force majeure le breithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn agus le ham críochnaithe a mheas. 8.6 Bunaítear nósanna imeachta do mheasúnacht/do scrúdú faoi rialacháin chomh maith le róil agus freagrachtaí na scrúdaitheoirí.
Creat Cleachtais do Chláir Chéime Taighde CMgS
Creat-thábla 9: Córais um Dhearbhú Cáilíochta 9. CÓRAIS UM DHEARBHÚ CÁILÍOCHTA
Prionsabal Slata Tomhais sa Chreat Náisiúnta d'Oideachas Dochtúireachta (2015):
Cuireann córas láidir dearbhaithe cáilíochta bonn láidir faoi gach soláthar dochtúireachta.
Ráiteas Gaolmhar i gCreat DeaChleachtais na hÉireann do Chláir Chéime Taighde (2018):
Cleachtas CMgS maidir le Córais um Dhearbhú Cáilíochta:
Eochair-ghnéithe de struchtúir agus de chleachtais eagraíochtúla a thacaíonn le dearbhú cáilíochta na gclár céime taighde.
9.1 Bunaítear treoirlínte maidir le dearbhú cáilíochta do chéimeanna taighde. 9.2 Tá dearbhú cáilíochta do chéimeanna taighde comhtháite le córas dearbhaithe cáilíochta níos leithne agus is cuid lárnach í de chultúr taighde na hinstitiúide. 9.3 Déanann Scoil Taighde & Iarchéime agus struchtúir riaracháin eile maoirseacht ar rialacháin. 9.4 Déanann Fochoiste Taighde Iarchéime maoirseacht ar nósanna imeachta cáilíochta, agus cinntíonn sé go gcuirtear na nósanna imeachta úd i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go héifeachtach, agus cuirtear in ionad iad siúd atá neamhéifeachtach. 9.5 Bailítear sonraí feidhmíochta do chláir thaighde. 9.6 Bunaítear rianú láidir ar thaifid na mac léinn. 9.7 Tacaíonn Nósanna Imeachta Oibríochta Caighdeánacha scríofa (féach Aguisín 1) agus ríomhfhoirmeacha atá soiléir, gonta agus sothuigthe le riarachán éifeachtach.
25
Aguisín 1 Liosta Samplach de Nósanna Imeachta Oibríochta Caighdeánacha do Chéimeanna Taighde i gCMgS
26
1
NIOC201 OSTI Master's Degree Thesis Submission
2
NIOC202 OSTI Doctoral Degree Thesis Submission
3
NIOC203 OSTI Thesis Submission DecPsyProfDoc.
4
NIOC204 OSTI PGR Annual Progression (Review)
5
NIOC205 OSTI PGR Annual Progression (Confirmation)
6
NIOC206 OSTI PGR Annual Progression (Appeal)
7
NIOC207 OSTI MIC PGR Merit Awards: Application & Selection
8
NIOC208 OSTI Departmental Assistantships
9
NIOC209 OSTI Allocation of PGR Study Spaces JHN Campus
10
NIOC210 OSTI Approval of New Postgraduate Research Programmes
11
NIOC211 OSTI Marketing New Postgraduate Programmes
12
NIOC212 OSTI PGR Leave of Absence & Readmission
13
NIOC213 OSTI PGR Withdrawal from a Programme
14
NIOC214 OSTI Endorsement of IRC Postgraduate Applications
15
NIOC215 OSTI Endorsement of IRC Postdoc Applications
16
NIOC216 OSTI Admission and Enrolment of New PGRs
17
NIOC217 OSTI Annual Enrolment of Continuing PGRs
“
Cuirfidh Creat CMgS ar chumas ár
gcéimithe dul i ngleic ar bhonn atá
comhleanúnach agus sofhreagrach le príomhcheisteanna i ndomhan ina bhfuil éagsúlacht shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíoch ag méadú, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.’’
#MICResearch
28
Framework of Practice for MIC Research Degree Programmes
Timpeallacht foghlama iarchéime den chéad scoth
Foireann tacaíochta speisialaithe
Tacaíochtaí Airgeadais
Treoir um Fhorbairt Ghairmiúil
Oiliúint agus meantóireacht
Comh-fheitheoireacht a reachtáil le hollscoileanna comhpháirtíochta
Teagasc i scileanna inaistrithe
Cuirfear fáilte roimh Dhochtúireachtaí trí mheán na Gaeilge
29
1
www.mic.ie 1
MIC Research & Graduate School