POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
2
Foghlaim Ghníomhach
Muintearas Pobail
Comhoibríoch
Cónascadh
Cultúr
Cruthaitheacht
Fás & Éagsúlacht
Scileanna Infhostaitheachta 3
Leanann CMgS ar aghaidh ag cur go mór le gach réimse den tsochaí ó thaobh an oideachais, na sochaí agus an chultúir de.
4
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
5
LEATHANACH ÁBHAIR
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Fáilte an Chathaoirligh
3
Réamhrá an Uachtaráin
4
Achoimre Fheidhmeach
6
Uaillmhian Bainte Amach: Plean Straitéiseach 2012-2017
8
Achoimre ar 2012-2018
16
Ráiteas Misin
18
Luachanna
20
Pobal Foghlama Faoi Bhláth a bhaint amach
22
Ár bhFís
24
1. Oidhreacht Chaitliceach & Luachanna Caitliceacha
28
2. Taithí Ardchaighdeáin agus Taithí Uile na Mac Léinn
29
3. Cultúr Taighde
33
4. Muintearas Pobail
36
5. Dearcadh Domhanda
39
6. Bonneagar Gairmiúil
41
7. Rialachas Eiticiúil & Ceannaireacht Nascaithe
44
Cur i bhfeidhm & Tuairisciú ar Dhul chun cinn
48
1
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLร TH
Fรกilte 2
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Fáilte an Chathaoirligh Thar ceann Iontaobhaithe agus Údarás Rialaithe Choláiste Mhuire gan Smál, cuirim faoi bhur mbráid ‘Pobal Foghlama faoi Bhláth’ – Plean Straitéiseach nua an Choláiste don tréimhse go 2023. Tá clú agus cáil ar Choláiste Mhuire Gan Smál (CMgS) mar gheall ar a bharr feabhais sa teagasc, foghlaim agus taighde agus an t-ionchur riachtanach a bhíonn aige i leanúntas an tsoláthair acadúil i gcomhar éifeachtach agus torthúil lena chomhpháirtithe san earnáil ardoideachais. Agus é bunaithe in 1898, ag Siúracha na Trócaire agus ag Easpag Luimnigh, Edward T. O’Dwyer, agus é nasctha go hacadúil le hOllscoil Luimnigh, is é Coláiste Mhuire gan Smál (CMgS) an institiúid oideachais is sine i Luimneach agus is eintiteas neamhspleách agus féinrialaitheach é ag leibhéal na hollscoile laistigh de chóras ardoideachais na hÉireann. I gcomhthéacs na hearnála ardoideachais in Éirinn, ní haon áibhéil é a rá go bhfuil fás leanúnach, thar cuimse tagtha ar CMgS in achar gairid ama. Is fíor a rá go bhfuil an tréimhse fháis seo atá tarlaithe le cúig bliana is fiche anuas tagtha tar éis cúlú doimhin inar thit líon na mac léinn síos go níos lú ná 300. Ach sa bhliain acadúil is déanaí (2018-19), tá rátaí cláraithe na mac léinn ardaithe go breis is 5,000. Mar thoradh ar an leathnú amach suntasach atá déanta le blianta beaga anuas téann tairiscintí an Choláiste amach thar dhá champas suntasacha, ceann atá suite i gcroílár Chathair Luimnigh agus ceann amháin eile i nDurlas, Co. Thiobraid Árann. I bpobal éagsúil mac léinn tá níos mó ná 5,000 foghlaimeoir, atá rannpháirteach i naoi gclár fochéime mar aon leis an iliomaid deiseanna iarchéime a dtéann go leibhéal na dochtúireachta. Tá an fhoireann acadúil ag gabháil do raon leathan de spéiseanna taighde a fheidhmíonn mar thaca don teagasc agus don fhoghlaim a bhíonn ar siúl sa Choláiste. Sa lá atá inniu ann, tá ról lárnach ag Coláiste Mhuire gan Smál san ardoideachas mar alma mater 40% dena múinteoirí gairmiúla atá ag obair i réimse leathan scoileanna ar fud na hÉireann agus tá an-thóir go deo ar chláir léinn an Choláiste in Éirinn. Iarracht éiteas agus timpeallacht a chur ar fáil ina bhfuil an tsaoirse agus an deis ag ár ndaltaí a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach ar mhaithe le saol faoi bhláth a chothú i mbun seirbhíse do dhaoine eile. Tá an Coláiste bródúil as a cháil mar institiúid a thugann aire dá phobal, áit ina léirítear fíor-imní faoin duine aonair agus áit ina mbíonn atmaisféar cairdiúil agus fáilteach ann. Is comhartha é seo de shainiúlacht CMgS mar an t-aon Choláiste Chaitliceach Oideachais agus na Dána sa tírdhreach ardoideachais anseo in Éirinn. De réir mar a léann tú ar aghaidh chun foghlaim faoinár n-uaillmhianta suntasacha do Choláiste Mhuire Gan Smál, tá súil agam go gceapfaidh tú, mar a cheapaimid, gur uaillmhianta fiúntacha agus spreagúla iad dár mic léinn, baill foirne agus don phobal i gcoitinne in Éirinn agus thar lear, agus sinn ag ullmhú le tabhairt faoin gcéad deich mbliana eile den 21ú haois. Le meas, Brendan Leahy = Easpag Luimnigh & Cathaoirleach, Iontaobhaithe CMgS & An tÚdarás Rialaithe
3
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
4
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Réamhrá an Uachtaráin Ar ócáid chomóradh 120 bliain ó bunaíodh Coláiste Mhuire Gan Smál, agus mar Uachtarán ar an institiúid leibhéalollscoile uaillmhianach seo, údar mór bróid dom ár bPlean Straitéiseach a chur faoi bhur mbráid, ina leagtar amach an clár oibre agus tosaíochtaí straitéiseacha atá againn do na chéad chúig bliana atá amach romhainn. Cuirimid an Plean seo ar an saol ónár ról mar rannpháirtí gníomhach agus nuálaíoch i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha ár gceantar máguaird agus mar rannpháirtí i dtírdhreach níos leithne an oideachais in Éirinn. Is é croílár an chlú atá orainn an cúram a thugaimid d’fholláine ár mac léinn agus is é an croíphrionsabal seo an ceann atá mar bhonn agus taca ag ár bPlean Straitéiseach nua. Tá an mac léinn lárnach i ngach rud a dhéanaimid anseo i gCMgS, a thagann leis an Misean atá againn, áit a ndéanaimid iarracht forbairt intleachtúil, spioradálta, phearsanta agus ghairmiúil na mac léinn a chothú laistigh de thimpeallacht chabhrach agus dhúshlánach a chuireann saoirse intleachtúil na foirne agus na mac léinn chun tosaigh. Cuirfear ár bplean cúig bliana, dar teideal ‘Pobal Foghlama faoi Bhláth’, i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as 7 bPiléar Straitéiseach. Aithneofar sinn mar institiúid d’ardchaighdeán ag leibhéal ollscoile, i gcomhréir lenár misean sainiúil mar Choláiste Caitliceach Oideachais agus na nDán, agus mar institiúid a sholáthraíonn ár gcláir do gach foghlaimeoir, is cumadh cén cúlra atá acu. Déanfar athbhreithniú ar ár gcláir acadúla, agus déanfar forbairt ar chinn nua, agus cinnteofar go bhfuil siad dírithe ar riachtanais oideachais agus ghairme ár mac léinn. Cinnteofar go mbeidh taighde d’ardchaighdeán mar bhonn dár gcuid oibre. Mar aon leis na caighdeáin is fearr foghlama agus teagaisc in institiúidí oideachais ardleibhéil. Déanfar cinnte de go gcuirfear acmhainní fisiceacha an Choláiste, i Luimneach agus Durlas ar aon - mar aon lenár saineolas – ar fáil dár gcomharsana agus don bpobal i gcoitinne. Beidh próifíl láidir idirnáisiúnta againn, le deiseanna curtha ar fáil do mhic léinn agus do bhaill foirne cuairt a thabhairt ar institiúidí i dtíortha eile, agus beidh ár gcampas féin níos saibhre de bharr na líonta níos airde de mhic léinn idirnáisiúnta a bheidh inár measc. Léireoidh ár bhfoireann den chéad scoth éagsúlacht ár sochaí. Cuirfear na leibhéil is fearr tacaíochtaí gur féidir linn a sholáthair ar fáil dóibh, mar chabhair dóibh chun obair den chaighdeán is airde a bhaint amach agus ar mhaithe lena bhfolláine mar dhaoine a chothú. Treoróimid an Coláiste ar bhonn atá freagrach, eiticiúil agus de réir na gcaighdeán is airde feabhais agus freagrachta. Sa phlean seo tá sé mar aidhm againn freastal ar ár bpobal foghlama mar phobal foghlama ina bhfuil an fhéidearthacht agus an acmhainn ag gach duine barr feabhais a bhaint amach agus, i gcás na mac léinn, an inniúlacht le gairm a bhaint amach agus le go n-éireoidh leo san ionad oibre san 21ú hAois. Taobh amuigh de sin, is é an phríomh-uaillmhian atá againn ná go mbeidh ár gcéimithe in ann taitneamh a bhaint as an saol agus iad faoi bhláth go leanúnach agus, go deimhin, tacú le dínit daoine eile. Cuireadh an plean seo le chéile i gcomhairliúchán leis na mic léinn, baill foirne, páirtithe leasmhara, gobharnóirí agus iontaobhaithe, i bpróiseas faoi stiúir an Ollaimh Michael Hayes, nach maireann. Thosaigh an próiseas dréachtaithe don phlean le fís straitéise an Ollaimh Hayes a dhíreodh ar ár mic léinn agus a cheanglódh go dlúth ár n-iarrachtaí i dtreo a gcuid folláine iomlánaí. Tá Pobal Foghlama Faoi Bhláth tiomnaithe do Michael agus déanfaimid a chuimhne a choimeád go buan agus é á chur i bhfeidhm againn. Is é an oidhreacht a bheidh fágtha aige ná an méid torthaí a bhainfear amach. Ar dheis dé go raibh a anam dílis. An tOllamh Eugene Wall Uachtarán 5
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Achoimre Fheidhmeach Tar éis na spriocanna uaillmhianacha go léir a bhí i bPlean Straitéiseach 2012-2017 a chur i bhfeidhm go rathúil, chuir CMgS tús le próiseas uileghabhálach agus ionchuimsitheach comhairliúcháin lena pháirtithe leasmhara, foireann agus mic léinn san áireamh, le gníomhaireachtaí rialtais agus leis an bpobal níos leithne. Cruthaíodh an cháipéis ‘Pobal Foghlama Faoi Bhláth’ mar thoradh ar an bpróiseas seo. Tá sé mar aidhm ag Pobal Foghlama Faoi Bhláth feabhas agus forbairt a chuir ar mhúnla an oideachais liobrálaigh agus taithí fhoirmiúil a thairiscint do mhic léinn i ndea-shuíomh leibhéal-ollscoile. Ag an am gcéanna tá sé mar aidhm ag an bPlean Straitéiseach freastal ar a phobal foghlama – baill foirne agus mic léinn ar aon – chun go mbeidh ar a gcumas ag gach duine barr feabhais a bhaint amach agus, i gcás na mac léinn, an inniúlacht le gairm a bhaint amach agus le go n-éireoidh leo san ionad oibre san 21ú hAois. Is é an tríú gné den phlean ná gach ball dár bpobal foghlama a chumasú chun smaoineamh orthu fhéin mar dhuine nach bhfuil teoranta laistigh de réimse scoláireachta faoi iamh nó nach bhfuilid in áit ina bhfuil lámh in uachtar ag ionstraimíocht dírithe ach go bhfuil an duine ina g(h)níomhaire ríthábhachtach den bpobal níos leithne ag an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda, agus, ina theannta sin, ina aisteoir rannpháirteach sa spás cathartha. Ar deireadh, is é sprioc an Phlean seo ná raon tacaíochtaí oiriúnacha atá ar ardchaighdeán a fhreagraíonn do riachtanais iomadúla a sholáthar do phobal mac léinn éagsúil a chuireann ar a gcumas, in éineacht leis an réimse leathan deiseanna don rannpháirtíocht acadúil, taitneamh a bhaint as taithí foghlama atá iomlánaíoch agus múnlaitheach. Tá céim an-spreagúil bainte amach ag Coláiste Mhuire gan Smál ar a aistear agus é imithe thar 120 bliain ó bhliain a bhunaithe. Cinnteoidh an Plean seo go gcothaíonn agus go ndéanann CMgS tuilleadh forbartha ar a áit mar institiúid shuntasach laistigh d'earnáil an ardoideachais in Éirinn agus, tharais san, ar a áit mar chuid de na tírdhreacha oideachais agus socheacnamaíocha níos leithne agus é ag leanúint ar aghaidh ag seachadadh físe atá sainthréitheach agus soiléir don tríú tréimhse deich mbliana den 21ú hAois.
6
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
7
Uaillmhian Bainte Amach: POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Plean Straitéiseach 2012-2017
8
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Láinseáil CMgS a chéad phlean straitéiseach i 2012 (Plean Straitéiseach 2012-2017) an t-am céanna nuair a thosaigh ré inar tharla athruithe ó bhonn don Choláiste agus do chúrsaí ardoideachais in Éirinn agus i gcoitinne. Forbraíodh an Plean i gcomhthéacs éiginnteachta móire, agus athchumraíocht an tírdhreacha ardoideachais, athbhreithniú tábhachtach agus stairiúil ar oideachas múinteoirí agus dúbail síos na mbeart déine agus gach ceann díobh chun tosaigh laistigh de mar ábhar na roghanna straitéiseacha. Sháraigh CMgS an chontúirt go mbeadh ‘gach rud glan ina éadan’ agus tháinig sé chun cinn in 2017 i suíomh láidir nach bhfacthas roimhe seo, agus bhí go leor bunúis thorthúil ann le fás as an
nua a dhéanamh.
Méadú & Éagsúlú an tSoláthair Ó thaobh institiúide aonair de, ba thréimhse ina raibh fás agus forbairt amach nach raibh ann riamh roimhe sin é an tréimhse 2012-2017.
as cuimse amach is
Cuireadh go suntasach le réimse an mhargaidh atá ag an gColáiste leis an gcampas nua i nDurlas —a chuireann ar chumas an choláiste an contanam iomlán de roghanna atá ar fáil in Oiliúint Tosaigh Múinteoirí a sholáthar. Mhéadaigh líon na mac léinn faoi dhó, mar a tharla le líon na gclár fochéime. Tá leibhéil iontacha coimeádtha agus dhul chun cinn á léiriú ag mic léinn atá ar aon dul leis na leibhéil is fearr san earnáil. Cuireadh straitéis idirnáisiúnta atá ag méadú gó mór i bhfeidhm chun a chinntiú go bhfuil an
rannpháirtíocht idirnáisiúnta, trí shoghluaisteacht mac léinn agus foirne, ríthábhachtach do sholáthar acadúil an Choláiste. Chuir bunú na Scoile Taighde agus Iarchéime timpeallacht atá feabhsaithe go mór ar fáil chun tabhairt faoi staidéar agus taighde ag an leibhéal iarchéime, leis an iliomaid chláir dhochtúireachta struchtúrtha á gcruthú agus níos mó ná 130 dochtúireacht bronnta le linn na tréimhse seo. 9
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Rannpháirtíocht Uileghabhálach Cuireadh tús le roinnt samplaí nuálacha de thiomantas seanbhunaithe an Choláiste don oideachas uileghabhálach sa tréimhse 2016-17, ina measc cruthaíodh roinn acadúil nua, Roinn Shíceolaíocht an Oideachais, an Oideachais Chuimsithigh agus Speisialta, ag baint leasa as an saineolas iontach atá ag an gColáiste sa réimse seo; cuireadh tús le tionscnaimh uileghabhálacha nuálaí cosúil leis an gClár um Rochtain ar Oideachas Múinteoirí d’fhoghlaimeoirí lánfhásta; agus le bunú an chláir Ceannaireachta um Chuimsiú sna Luathbhlianta (LINC) a chuireann Teastasú Sainfheidhme Leibhéal 6 (Ardoideachas) ar fáil do dhaoine atá ag obair le leanaí a bhfuil riachtanais bhreise acu i suíomhanna luath-óige ar fud na tíre a chuireann ar a gcumas feidhmiú mar Chomhordaitheoir Ionchuimsithe.
Tionscnaimh Rannpháirtíochta Sheachtracha atá Spriocdhírithe Faoin bPlean freisin, bhí fócas comhaontaithe curtha ar STEM/STEAM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Oideachas, Ealaíona, Matamaitic) a chur chun cinn trí sheilbh a ghlacadh ar an spás do fhíoridirghabhálacha oideachais ar go leor slite, trí chomhpháirtíochtaí leis na hearnálacha príobháideacha agus ENR (comhlachtaí mar Dell-EMC), mar shampla.
10
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Forbairt Chaipitil Fhairsing Baineadh amach na spriocanna forbartha eastáit a leagadh amach sa phlean straitéiseach deireanach ina n-iomláine. I 2012, laghdaíodh na ballaí ar teorann an champais i Luimneach mar iarracht d'aon ghnó agus siombalach chun naisc a athbheochan leis an bpobal i gcoitinne. Níos déanaí an bhliain sin, osclaíodh Amharclann Chrann Teile go hoifigiúil, amharclann nua-aimseartha úrscothach le 510 suíochán atá suite i gcroílár champas Luimnigh. Mar amharclann mhór, is eagraíocht shuntasach í laistigh den bhonneagar cultúrtha náisiúnta agus, go háirithe is gné thábhachtach í de shaol cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíoch Luimnigh agus an lár-iarthair trí chéile. Chomh maith le comhghabháil an champais i nDurlas, chuir príomhchampas Luimnigh go suntasach lena lorg trí shealúchas in aice láimhe a cheannach, Campas John Henry Newman (mar a ghlaoitear anois air) ina measc, ina bhfuil áiseanna iarchéime den chéad scoth lonnaithe. I láthair na huaire, síneann an campas ó phríomhbhealach Chathair Luimnigh chuig an príomhnasc artaireach, atá suite ar bhruach na Sionainne a nascann conairí oirthir agus iarthair na tíre.
11
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
An Timpeallacht Sheachtrach: Ag Seasamh Go Bródúil Fócas don láithreacht sheachtrach atá ag fás a bhí againn le linn na tréimhse 2012-2017 ná Cuibhreannas Shionainne de chuid CMgS, OL agus LIT, a athbhunaíodh mar Bhraisle an MheánIarthair d’institiúidí ardoideachais laistigh d’ollstruchtúr barrfheabhsaithe don tírdhreach earnála atá ag teacht chun cinn mar thoradh ar athruithe sa chóras. Ag tógáil ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis roimhe seo mar ardán don chomhoibriú straitéiseach idirinstitiúideach agus don chomhroinnt acmhainní oibríochtúil, feictear ar Chuibhreannas Shionainne go náisiúnta mar shampla den scoth de
mhúnla braisle. Tá fréamhacha curtha de chultúr comhpháirtíochta agus comhoibrithe leis an ROS agus an ÚAO a bhfuil fuinneamh ann arís agus tá baint mhór agus rialta ag an gColáiste leis an gcur i bhfeidhm praiticiúil de líon príomhréimsí polasaithe náisiúnta. Anuas ar seo, tá tionchar suntasach á imirt ag an gColáiste mar rannpháirtí sa rialachas áitiúil agus réigiúnach. Tá CMgS ag díriú, ach go háirithe, ar dhoiciméad treorach an Údaráis Áitiúil – Luimneach 2030: Plean Eacnamaíoch & Spáis do Luimneach. Tá an Coláiste mar shínitheoir freisin ar an gCairt um Chomhtháthú & Thiontú, creatlach chomhaontaithe a cheanglaíonn na príomhpháirtithe leasmhara reachtúla, poiblí agus príobháideacha le chéile.
12
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Institiúid Dinimiciúil, Uaillmhianach ag Leibhéal Ollscoile Baineadh amach gach ceann de na héachtaí seo trí Phlean uaillmhianach agus rathúil a bhí dírithe ar fhorbairt na gclár acadúla, ar feabhas a chur ar bhonneagar an champais, agus ar rannpháirtíocht chuimsitheach i gcaidrimh sheachtracha dírithe ar chomhpháirtíochtaí cathartha, rialachais agus earnála a chruthú. Táthar tar éis forbairt CMgS a phleanáil agus a chothú go cúramach sa mhéid is gur féidir a rá gur institiúid diniminicúil, uaillmhianach ag leibhéal ollscoile é inniu. Is mór an acmhainneacht agus an scóip atá anois ann chun leanúint ar aghaidh go dtí
an chéad
leibhéal eile maidir le barr feabhais agus le tionchar.
13
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Iontrálaithe fochéime nua 2017/2018 - 1,872 Lán-aimseartha Leibhéal 8
931 Oideachas 67%
25%
Na Dána 33%
75%
Lán-aimseartha Leibhéal 7
Páirt-aimseartha Leibhéal 6
39
902 LINC
BA (Cleachtas Luath Óige), Dámh an Oideachais
Dámh an Oideachais
100%
0.3% 99.7%
Líon iomlán na mac léinn ar an rolla - 4,836 Iomlán ar an Rolla
Campas Luimnigh
Campas Dhurlas
4,836
4,620
216
19%
81%
19%
81%
27%
73%
Líon iomlán na mac léinn ar an rolla - 4,836 Teastas ag Leibhéal 6 Céim ag Leibhéal 8
3,274
902
Iarchéim
511
(LINC) Céim ag Leibhéal 7 Rochtain
23
39
Ócáideach
87
(BA ECP)
5.61% (n=186)
8.0% (n=262)
Mic Léinn Lánfhásta Fhochéime, L7 & L8
Ráta Iomlán SED (HEAR), Fochéim L8
(n=128) Rátaí Iomlána Mhíchumais, Fochéim L8
8.7%
3.44% (n=32)
7.11% (n=69) Iontrálaithe Nua Lánfhásta, L7 & L8
3.91%
(n=81) Ráta Iomlán Iontrálaithe Nua SED (HEAR), Fochéim L8
Líon Iomlán Iontrálaithe Nua le Míchumas, Fochéim, L8
Le hiarratasóirí DARE & neamh-DARE san áireamh
14
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Rannpháirtíocht Idirnáisiúnta 2017/2018 Iarchéimithe Idirnáisiúnta Lán-aimseartha nua
Fochéimithe Idirnáisiúnta Lán-aimseartha nua
Mic Léinn Ócáideacha Idirnáisiúnta nua
Mic Léinn CMgS atá ag imeacht
Mic Léinn Idirnáisiúnta Nua ag teacht go CMgS
Mic Léinn CMgS atá ag fágáil
Iarchéim Lánaimseartha
Fochéim Lánaimseartha
Mic Léinn CMgS atá ag fágáil
17
9
60
Eorpach
43
Ócáideacha
87
NeamhEorpach
44
Gluaiseacht Staidéar Erasmus
52
Gluaiseacht Oibre Erasmus+
8
Bronnadh an chéad PhD sa Choláiste i 2002 20 15
Líon na nDochtúireachtaí
10 5
2002 2003 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018
15
Achoimre ar 2012-2108 POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
• Dhá chlár um Ealaíontóir Cónaithe * Seoladh Stiúideo Nuálaíochta Oideachais LEGO • Ardú suntasach ar iarratais LOI • Cláir nua: BA i gCleachtas Luath-Óige; Dioplóma Iarchéime san Aos Oideachas agus sa Bhreisoideachas; Máistir san Oideachas i gCeannaireacht agus i mBainistíocht an Oideachais; Máistir Gairmiúil san Oideachas.
• Insealbhú an Ollaimh Uí hAodha mar Uachtarán • Tháinig an Chéad Phlean Straitéiseach ó CMgS ar an saol
• Forbairt shuntasach déanta ar an gcampas le hoscailt áras cónaithe do Mhic Léinn Idirnáisiúnta mar chuid de
• Osclaíodh Amharclann Chrann Teile • Oscailt an Tigh Franc-Ghearmánach
14 20
12 20
• Institiúid an Léinn Éireannaigh seolta • Institiúid Léinn um Beartais Oideachais agus Sóisialta (PRISEM) seolta
• Athbhreithniú Rialachais • Comhghuaillíocht Straitéiseach um Chuibhreannas Shionainne • Institiúid Náisiúnta um Staidéir i gCúrsaí Oideachais (NISE) • Comóradh 21 Bliain ó bhunú an chláir BA sna Dána • Seoladh Institiúid Éireannach Léinn Chaitlicigh • Cláir Nua: Cúrsa Rochtana um Oiliúint Mhúinteoirí; Teastas i bhFoghlaim Ghinearálta & i bhForbairt Phearsanta; M. Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge; MA san Oideachas agus sna Dána. • Bunaíodh an Oifig Idirnáisiúnta
16
15 20
13 20 • Clár B.Oid 4 bliana athchoincheapaithe • Seoladh Chlár an Fhiontraí Shóisearaigh
• An 100ú PhD bronnta • Cláir Nua: (BA) i Léann na hAmharclannaíochta Comhaimseartha & Feidhmí; MA sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. • Bunú Roinn na Drámaíochta agus na hAmharclannaíochta • Téann líon na mac léinn thar 3,500
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
• Bronnadh conradh ar chuibhreannas faoi stiúir CMgS chun clár a sholáthar do Chomhordaitheoirí Ionchuimsitheacha i suíomhanna sna Luathbhlianta • Ionchorprú Choláiste Phádraig, Durlas • Curtha faoi dhó le líon na dTairiscintí Fochéime • Cláir Nua: Clár LINC; BA san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Chuntasaíocht; BA san Oideachas, i Staidéar Gnó agus sa Léann Reiligiúnach; BA san Oideachas, sa Ghaeilge agus i Staidéar Gnó; BA san Oideachas, sa Ghaeilge agus sa Léann Reiligiúnach; Máistir sna Dána in Oideachas agus i bhFolláine an Duine Bhreacaosta; Teastas Iarchéime i Staidéar ar Uathachas.
• An tOllamh Eugene Wall ceaptha mar an 10ú Uachtarán ar CMgS • Cláir Nua: PhD Struchtúrtha/M.Oid in Oideachas na Litearthachta; PhD Struchtúrtha sa Léann Éireannaigh; Dochtúireacht i Síceolaíocht an Oideachais agus an Pháiste; M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta; Teastas Iarchéime i gCeannaireacht Chríostaí san Oideachas; Dioplóma Iarchéime i Meantóireacht & i gCeannaireacht; BA san Oideachas, sa Mhatamaitic & sa Ghaeilge (CMgS Durlas).
• Téann líon na mac léinn thar 4,000 • Seoladh Scoláireachtaí Fochéime • Aonach Eolaíochta Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath reachtáilte don chéad uair i gCMgS • Athbhreithniú Institiúideach Timthriallach • Campas John Henry Newman forbartha
18 20
16 20
19 20
17 20 • Roinn Oideachas STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Oideachas, Matamaitic) agus Roinn Shíceolaíocht an Oideachais, an Oideachais Chuimsithigh agus Speisialta bunaithe
• Tagann ‘Pobal Foghlama Faoi Bhláth’, an dara Plean Straitéiseach de chuid CMgS, ar an saol
• Féile Teicneolaíochta Thiobraid Árann bunaithe • Cláir Nua: MA in Oideachas STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Oideachas, Matamaitic) • Téann líon na mac léinn thar 4,800 • Téann an tOllamh Mícheál A Ó hAodha, Uachtarán CMgS, ar shlí na Fírinne
17
Rรกiteas Misin POBAL FOGHLAMA FAOI BHLร TH
18
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Is Coláiste Caitliceach tríú leibhéal Oideachais agus Saorealaíon é Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, a bunaíodh in 1898. Cuireann pobal an Choláiste ardchaighdeán feabhais chun cinn ó thaobh na múinteoireachta, na foghlama agus an taighde de, ag an leibhéal céime agus iarchéime. Déantar iarracht forbairt intleachtúil, spioradálta, phearsanta agus ghairmiúil na mac léinn a chothú laistigh de thimpeallacht chabhrach agus dúshlánach a chuireann saoirse intleachtúil na foirne agus na mac léinn chun tosaigh. Tá sé mar aidhm ag an gColáiste, go háirithe, cothrom na féinne agus ómós a chothú ina chuid mac léinn, agus iad ag freastal ar dhaoine eile, chomh maith le bheith oscailte do na traidisiúin agus do na luachanna reiligiúnacha a bhíonn ag gach duine aonair. Cuireann an Coláiste féinaithne chun cinn a bhfuil traidisiún Caitliceach an Choláiste mar chuid shaibhir di, chomh maith le cultúir, teangacha agus traidisiúin na hÉireann agus tiomantas speisialta an Choláiste don Ghaeilge. Tá ómós ag Coláiste Mhuire gan Smál d’éagsúlacht cultúir. Oibríonn an Coláiste chun cothromaíocht a chur chun cinn sa tsochaí agus chun timpeallacht a chur ar fáil ina mbeidh an tsaoirse agus an deis ag gach duine a gcumas iomlán a bhaint amach.
19
Luachanna POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Feidhmeoidh ár bpríomhluachanna mar threoir agus mar chranntaca dár ngníomhartha chun an Plean seo a chur i bhfeidhm.
Traidisiún Intleachtúil Chaitliceach
Barr Feabhais
Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú
20
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Saol Faoi Bhláth
Pobal Ceartas Sóisialta
Saoirse Acadúil
21
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Pobal Foghlama Faoi Bhláth a bhaint amach go rathúil
22
Cuirfear an plean straitéiseach nua i bhfeidhm tríd na straitéisí trasréimseacha seo a leanas: • • • • •
Chun díriú ar an bhFoghlaimeoir Chun Acmhainní a sholáthar go héifeachtach agus go hinbhuanaithe Chun Cultúr Dearbhaithe Cáilíochta a Chothú Chun oibriú i gcomhpháirtíocht Chun Coimhdeacht a Chothú i gCinnteoireacht
Is féidir na straitéisí cumasaithe tras-réimseacha seo a fhorleagan anuas ar aon cheann de na seacht bPiléar straitéiseacha a thugann struchtúr don phlean. Cinntíonn sé seo comhtháthú agus comhsheasmhacht maidir le cur i bhfeidhm an Phlean.
Seacht bPiléar Straitéiseacha 1. Oidhreacht Chaitliceach agus Luachanna Caitliceacha 2. Taithí Ardchaighdeáin agus Taithí Uile na Mac Léinn 3. Cultúr Taighde 4. Muintearas Pobail 5. Dearcadh Domhanda 6. Bonneagar Gairmiúil 7. Rialachas Eiticiúil & Ceannaireacht Ghaolmhar Tá Spriocanna Ardleibhéil laistigh de gach piléar, le sraith de Chuspóirí Tosaíochta ag gach ceann acu, bainfear amach na sprocanna seo trí chur i bhfeidhm na bPríomhghníomhartha Cumasaithe ina leagtar amach spriocanna comhfhreagracha. Is féidir an plean ina iomláine a léamh ar www.mic.ie 23
“Ní coláiste beag é CMgS níos mó, is institiúid uaillmhianach ag leibhéal ollscoile í”
75
207 Príomhghníomhartha Cumasaithe
Plean AMHÁIN
bPiléar
20
Crosscutting Strategies
Sprioc
24
5
47
Cuspóir Tosaíochta
Straitéis TrasRéimseacha
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Fís Roinnte AMHÁIN Ár bhFís Bunaithe ar threoir agus ar luas na forbartha curtha i gcrích i gCMgS le linn na tréimhse is déanaí de stair an Choláiste, bunaithe ar tuiscint dhea-bhunaithe dár mbun-sheasamh laistigh de chóras ardoideachais na hÉireann, agus le tuiscint mhaith ar na deiseanna chun tuilleadh forbartha straitéisigh a dhéanamh ar ár mbun-mhisean, seo a leanas ár bhfís don institiúid i 2023: Is institiúid uaillmhianach, ag leibhéal ollscoile é CMgS sa traidisiún intleachtúil
Chaitliceach, ina sholáthraítear taithí foghlama uathúil laistigh de chomhthimpeallacht idéalach do rannpháirtíocht ardoideachais. Tá sé gníomhach i dtaighde a fheidhmíonn mar chrann-taca dá theagasc, agus cuireann sé go mór leis an saol acadúil. Is mian leis an gColáiste cur lena naisc idirnáisiúnta, agus is acmhainn é atá suite, go cuspóireach, i gcroílár na gcoimíneachta sibhialta. Is páirtí rannpháirteach gníomhach agus nuálaíoch é i bhforbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an dá cheantar máguaird agus i dtírdhreach níos leithne an oideachais in Éirinn, rud a chabhraíonn, go háirithe, chun spiorad ríthábhachtach an chomhoibrithe a chothú laistigh den chóras ardoideachais.
Tá an Coláiste ag iarraidh bealaí a thairiscint dá mhic léinn chun saol faoi
bhláth a bhaint amach tríd an caighdeán is airde rannpháirtíochta acadúla a sholáthar laistigh de chomhthéacs iomlán na rannpháirtíochta Iarrann an Coláiste ar phobal foghlama an Choláiste difríocht a dhéanamh sa domhan níos leithne, ag tógaint san áireamh ár n-oibleagáid iarrachtaí a spreagadh ar mhaithe le ceartais shóisialta a chothú agus le comhionannas a chur chun cinn do na daoine is mó ar an imeall. 25
PILÉAR A hAON POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Oidhreacht Chaitliceach & Luachanna Caitliceacha
26
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
PILÉAR A hAON: OIDHREACHT CHAITLICEACH & LUACHANNA CAITLICEACHA
Piléar a hAon | 2 Sprioc | 3 Thosaíocht | 10 nGníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 1.1 Beidh CMgS aitheanta agus beidh meas air mar Phríomhcholáiste Caitliceach Oideachais & na nDán ina bhfuil na sainthréithe den chuimsiú, d’iolracht léirithe na mball aonair uile dá phobal campais, agus an tsaoirse le dul sa tóir ar an bhfírinne.
Tosaíocht 1 Cuirfear deiseanna praiticiúla ar fáil chun éiteas agus aitheantas ár nInstitiúid mar Choláiste Oideachais agus na nDán sa traidisiún intleachta Caitliceach a léiriú. Gníomh: Go mbunófar Institiúid na hÉireann um Staidéar Séiplíneachta i gcampas Dhurlais de chuid CMgS.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 1.2 Beidh taithí bhunathraitheach oideachais ag ár mic léinn agus beidh siad aitheanta go forleathan mar dhaoine aonair dea-oilte, a bheidh ina saineolaithe ag machnamh go criticiúil, ag léiriú smaointe go snasta agus spreagtha go corrthónach le barr feabhais a bhaint amach, agus iad dea-ulllmhaithe do shaol faoi bhláth, do ghairm bheatha rathúil agus shásúil, agus beidh ionchur acu agus sochaí chóir á cruthú.
Tosaíocht 2 Go mbeidh sainthréithe barr feabhais ag ár gcéimithe, agus iad lán de thusicint faoin luach atá ag an traidisiún intleachta Caitliceach, leis an gcumas atá iontu ardsmaointeoireacht anailíseach a dhéanamh agus smaointe éifeachtacha a chur in iúl atá measta ó thaobh réasúin agus oibiachtúlachta de. Gníomh: Coincheapú ar chláir agus dearadh curaclaim
Tosaíocht 3 Go mbeidh deiseanna iomadúla ag baill ár bpobail mhac léinn le bheith rannpháirteach i bhfeidhmiú shaol an Choláiste chomh maith leis na riachtanais éagsúlachta de phobail sheachtracha trí dhifear a dhéanamh ach eolas a chomhroinnt, a scileanna agus buanna a léiriú, agus, go háirithe, trína muintearas gníomhach leis na baill is imeallaithe dár sochaí ilchineálach. Gníomh: Cruthófar deiseanna foghlama nua ó thaithí, tionscnaimh d’obair dheonach, agus bearta le héachtaí a aithint.
27
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Tosaíocht 4 Cuirfear ár bpobal foghlama ar a gcumas agus spreagfar iad le bheith i bhfách le ceartas sóisialta agus comhionannas, spreagtha ag tiomantas an Choláiste maidir le proiceaptaí an teagaisc shóisialta Chaitlicigh agus béim ar na neamhionannais agus an éagothroime a shárú agus bheith mar ghníomhaithe de na hathruithe a chuireann beocht sna cumhachtaí ceangailteacha den phobal. Gníomh: I gcomhréir le misean an Choláiste de cheartais shóisialta Chaitliceach agus ar a thiomantas meas a léiriú ar dhínit an duine daonna, cothóimid iarrachtaí comhoibríocha chun foirmiú eolais nua a ghiniúint a mbeidh éifeacht shuntasach aige.
28
PILÉAR A 2 A FLOURISHING LEARNING COMMUNITY
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Taithí Ardchaighdeáin agus Taithí Uile na Mac Léinn
29
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
PILÉAR A 2: TAITHÍ ARDCHAIGHDEÁIN AGUS TAITHÍ UILE NA MAC LÉINN Piléar a 2 | 4 Sprioc | 12 Tosaíocht | 53 Gníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 2.1 Déanfaimid ár réimse acadúil a athnuachan le cláir a gheallann dúshlán ar leith atá dian agus anintleachtúil dár mic léinn.
Tosaíocht 1 Athnuachan ar ár sraith clár, chun a chinntiú go bhfanann siad nuálach, gur léir go bhfuil siad ar ardchaighdeán agus fiúntach don mhac léinn, chomh maith leis na riachtanais shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta i gcoitinne dár sochaí Gníomh: Plean Acadúil 2019 – 2024 a chruthú.
Tosaíocht 2 Cuirfear le nósanna imeachta forbartha clár acadúla ionas go mbeidh siad fós éifeachtach, i gcomhréir leis na creatlaí rialála cuí agus oiriúint don fheidhm. Gníomh: Sraith chomhtháite de chórais faisnéise acadúla ar líne a fhorbairt.
Tosaíocht 3 Déanfaimid an chomhpháirtíocht mhúinteora-scoláire a láidriú idir an Coláiste agus a mhic léinn trí cur le tiomantas freagracht a roinnt do cháilíocht na dtorthaí foghlama agus cultúr táirgiúil de phlé agus de rannpháirtíocht fhoghlama. Gníomh: Cairt um Chomhpháirtíocht agus um Chomhphlé Foghlama nua a chur i bhfeidhm in áit Chairt Mac Léinn CMgS.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 2.2 Aithneofar teagasc agus foghlaim i gCMgS go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar eisleamáir de dheachleachtas sa dhá réimse agus aithneofar an dea-chleachtas seo don nuálaíocht agus don taighde a ghabhann leis.
Tosaíocht 4 Teicneolaíochtaí, spásanna agus oideolaíochtaí foghlama a fhorbairt faoi stiúr an Ionaid um Fheabhsú Foghlama agus um Fhorbairt Acadúil a bheidh treoraithe ag dea-chleachtas, ag taighde idirnáisiúnta agus ag modheolaíochtaí nuálaíocha.. Gníomh: Straitéis nua Foghlama & Teagaisc a fhorbairt. 30
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 2.3 Beifear den tuairim go bhfuil taithí uathúil, inmhianaithe agus luachmhar le fáil ag ár mic léinn a bhfuil an-tóir ar de bharr na sar-thacaíochtaí cáilíochta agus fealsúnachta a fheidhmíonn mar phréamhacha dá gcur chuige comhtháite maidir le foirmiú acadúil, cultúrtha, sibhialta agus gairmiúil.
Tosaíocht 5 Faoi 2021, tairisceoidh CMgS ceann de na clár um thaithí mac léinn is fearr a roghnaíonn iarrthóirí céaduaire ar an ardoideachas. Gníomh: Straitéis Rathúlachta Mac Léinn a chur i bhfeidhm faoi 2020
Tosaíocht 6 Léireofar an leibhéal ceánna sásaimh le taithí na mac léinn i gCMgS ar gach campas, agus trí chéile beidh sé sa chéatadán is airde de dhea-thaithí mac léinn laistigh de chóras ardoideachais na hÉireann léirithe ag céimithe ag fágáint an chórais úd. Gníomh: MICloud a fhorbairt do gach mac léinn ina mbeidh Timpeallacht Fhíorúil Foghlama phearsanta mar chuid de.
Tosaíocht 7 Beidh rátaí coimeádtha mac léinn seasmhach agus i measc na leibhéil fheidhmíochta inchomparáide foriomláine is airde atá tuairiscthe ag an earnáil ardoideachais. Gníomh: Déanfar forbairt ar Straitéis Sláinte agus Folláine na Mac Léinn
Tosaíocht 8 Díreoidh an Coláiste aird ar leith orthu-siúd go bhfuil an baol ann nach ndéanfaidh siad dul chun cinn ina staidéir de bharr cúiseanna éagsúla a bhaineann le hairgead, le sláinte nó le haon easnaimh eile. Gníomh: Déanfar forbairt ar RAPHAEL (Prótacal Mearfhreagartha do Mhic Léinn atá i mBaol Riosca nó Leochaileacht Mhothúchánach), prótacal nua do bhainistiú comhordaithe ar imeachtaí géarchéime a bhaineann le mic léinn, méala obann ina measc.
Tosaíocht 9 Beidh infhostaitheacht mar fhócas dúinn ar son gach mac léinn - iontrálaithe lánfhásta agus foghlaimeoirí páirtaimseartha nó cumaisc ina measc. Cuirfear ar a gcumas a bheith ullamh chun gairme le heochair-scileanna inaistrithe do láthair oibre na hAoise seo. Gníomh: Cruthófar Seirbhís Gairmeacha lán-acmhainnithe nua.
Tosaíocht 10 Cothófar agus aitheofar an fhéidearthacht a bhaineann le sármhaitheas acadúil, spóirt agus cultúrtha, mar aon le comhpháirteachas poiblí. Gníomh: Tionscnaimh Scoláireachta agus Dhámhachtana nua d’ardchaighdeán a chruthú.
31
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 2.4 Déanfar athnuachan ar ár bpunann acadúil le cláir a thugann dúshláin dhian, uathúla agus láidre intleachtúla dár mic léinn.
Tosaíocht 11 Tiocfaidh ardú ar rátaí coibhneasta rannpháirtíochta ó dhaoine ag gach céim den saolré, le fócas ar leith orthusiúd nach féidir leo teacht ar dheiseanna ardoideachais, de bharr cúiseanna a bhaineann le haois, le náisiúntacht, le heitneacht agus le tréithe socheacnamaíocha nó cultúrtha. Gníomh: Déanfar forbairt ar straitéis rannpháirtíochta nua níos leithne agus níos cuimsithí - WELCOME (Ag Leathnú Iontrála ar Dheiseanna um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil agus ar Dheiseanna Gairme trí CMgS).
Tosaíocht 12 Rachfaidh an Coláiste i ngleic ar bhonn atá gníomhach agus éifeachtach le páirtithe leasmhara seachtracha atá dírithe ar rannpháirtíocht níos leithne san ardoideachas a chur chun cinn. Gníomh: Déanfaidh an Coláiste forbairt ar socruithe straitéiseacha comhpháirtíochta leis na hearnálacha reachtúla, pobail agus na nÚdarás Áitiúla ar mhaithe le deiseanna rochtana a chur ar fáil ar bhonn atá comhordaithe chun cabhrú le trasdal na mac léinn ón mBreisoideachas go dtí Ardoideachas.
32
PILÉAR A 3 A FLOURISHING LEARNING COMMUNITY
Cultúr Taighde
33
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
PILÉAR A 3: CULTÚR TAIGHDE
Piléar a 3 | 3 Sprioc | 10 dTosaíocht | 41 Gníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 3.1 Cruthófar timpeallacht ina dtuigtear an luach atá ag rannpháirtíocht agus feidhmíocht taighde sa tsaol acadúil gairmiúil a chuireann le agus atá mar chranntaca ag forbairt intleachtúil ár mic léinn go dtí an leibhéal is airde agus ar mhaithe le leas ár bpobal trí chéile.
Tosaíocht 1 Déanfar rannpháirtíocht na foirne sa taighde a ionchorprú mar chuid de Shamhail Leithdháilte Ualaí Oibre Acadúla. Gníomh: Córas ualaí oibre inbhuanaithe a thógáil chun rannpháirtíocht taighde méadaithe a chothú ag foireann a sholáthraíonn meicníochtaí solúbthachta chun srianta féideartha a leagan amach a bhaineann le freagrachtaí teagaisc agus riaracháin laistigh den seimeastar
Tosaíocht 2 Chun ceannaireacht agus bearta tacaíochta praiticiúla a chur ar fáil a éascóidh rannpháirtíocht na foirne sa taighde. Gníomh: GROW (Deiseanna ó Dheontas go Taighde: Aonad Eolais & Tacaíochta Scríbhneoireachta) a bhunú, aonad um tairiscintí taighde laistigh den Scoil Taighde & Iarchéime
Tosaíocht 3 Cuirfear le haitheantas, le clúdach agus le tionchar aon fhaisnéis nua a eascraíonn as saothar an phobail thaighde i gColáiste Mhuire gan Smál. Gníomh: Síolchiste a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do chomhoibriú gairmiúil.
Tosaíocht 4 Daingneofar ár mbonn taighde a bhfuil cáil air le straitéisí dea-shaothraithe scaipthe mar aon le húsáid a bhaint as institiúidí taighde comhordaithe agus dea-acmhainnithe. Gníomh: Straitéis Aistrithe Eolais soiléir agus dea-chomhtháithe a fhorbairt chun cur le ranníocaíocht an Choláiste, trí thaighde, don saol acadúil, don tsochaí, don chultúr, don bheartas poiblí agus don eacnamaíocht.
34
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 3.2 Déanfaimid forbairt ar chreatlach don oideachas dochtúireachta atá dírithe ar fhorbairt acmhainní taighde i gcomhar le scileanna taighde agus scileanna inaistrithe ar mhaithe le feabhas a chur ar dheiseanna na mac léinn a bheith rathúil sna gairmeacha a roghnaíonn siad sa todhchaí.
Tosaíocht 5 Forbairt ar Chreat nuálach, ardchaighdeáin don Oideachas Dochtúireachta. Gníomh: Creat don Oideachas Dochtúireachta a chruthú
Tosaíocht 6 Forbairt acmhainne um chláir dhochtúireachta a chur chun cinn, ina n-áirítear creataí forbartha taighdeoirí, cleachtais fhorbartha um chláir chomhroinnte agus prótacail idirghabhála agus abhcóideachta. Gníomh: Creat Forbartha do thaighdeoirí dáimhe a fhorbairt bunaithe ar an gCairt Eorpach do Thaighdeoirí.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 3.3 Forbróimid cur chuige straitéiseacha comhordaithe d'fhonn mic léinn iarchéime a mhealladh, a earcú, agus a choimeád ag tagairt do riachtanais shóisialta, chultúrtha agus eacnamaíocha, go réigiúnach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Tosaíocht 7 CMgS a fhorbairt agus a chur chun cinn mar lócas a bhfuil ardmheas air agus mar phobal chleachtais do thaighde agus do staidéar dochtúireachta. Gníomh: Plean Forbartha Caipitil CMgS do Champas John Henry Newman a chríochniú.
Tosaíocht 8 Feabhsóimid agus cuirfimid le héagsúlacht ár straitéisí earcaíochta agus coimeádtha maidir le mic léinn iarchéime. Gníomh: Straitéis nua forbartha agus earcaíochta mac léinn um chláir nua iarchéime a fhorbairt.
Tosaíocht 9 Mic léinn idirnáisiúnta a earcú trí rannpháirtíocht le pobail dhochtúireachta Gníomh: Scéim ambasadóra alumni idirnáisiúnta iarchéime a fhorbairt.
Tosaíocht 10 Comhoibriú, lenár gcomhpháirtithe réigiúnacha, ar mhaithe le comhchláir dhochtúireachta a fhorbairt. Gníomh: Forbairt a dhéanamh ar Scoil Chéimithe Chónaidhme Luimnigh (SCCL) ag Cuibhreannas Shionainne chun gur féidir comhchláir struchtúrtha Dochtúireachta a chruthú i gcomhar le OL agus le hInstitiúid Teicneolaíochta Luimnigh 35
PILÉAR A 4 POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Muintearas Pobail
36
STRATEGIC PLAN 2023
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
PILÉAR A 4: MUINTEARAS POBAIL
Piléar a 4 | 3 Sprioc | 5 Thosaíocht | 34 Gníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 4.1 Acmhainní ábhair, intleachta agus cultúrtha an Choláiste a lonnú laistigh den tsochaí ionas gur féidir leis an bpobal níos leithne leas agus úsáid a bhaint astu.
Tosaíocht 1 Cur le rochtain ar ár n-eastát agus cur le réimse na n-áiseanna ar champas atá ar fáil do rannpháirtíocht shóisialta, chultúrtha agus chathrach ár bpobal. Gníomh: Spás idirghníomhach, poiblí, dinimiciúil do chomhtháthú na n-ealaíon cruthaitheach le hoideachas STEM - CRAFT (Na hEalaíona Cruthaitheacha/Teicneolaíochtaí don Todhchaí) a bhunú mar ‘spás déantóra’.
Tosaíocht 2 Caidrimh fhoghlama nua a bhunú leis na pobail máguaird a chabhróidh le haistriú ár gcaipitil eolais go suíomhanna áitiúla agus pobail seachas laistigh de theorannacha an champais amháin. Gníomh: Bearta um oideachas ionchuimsitheach a dhíriú ar ár bpobail nua inimirceacha agus ar an Pobal Taistil mar aon le comhpháirtíocht nua a bhunú le tionscnamh 'City Connects' de chuid Boston College atá dírithe i dtreo thionscnaimh oideachasúla chuimsithe chomhoibríocha.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 4.2 Ár gcomhphlé buan le pobail áitiúla agus níos leithne a mhéadú ar mhaithe le cur le forbairt áitiúil, le feabhsú rialacháin agus le rannpháirtíocht ghníomhach sa tsochaí trí chéile.
Tosaíocht 3 Chun ceannaireacht a sholáthar, laistigh dár mbun-réimsí inniúlachta, i gcomh-thionscnaimh a imríonn tionchar suntasach ó thaobh an oideachais, na sochaí agus an chultuir de ar Chathair Luimnigh, mar aon le tionchar réigiúnach, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Gníomh: Forbairt a dhéanamh ar straitéisí nua saincheaptha an oideachais eolaíochta dírithe ar dheiseanna nua a chur ar fáil do rannpháirtíocht choincheapúil agus phraiticiúil leis an gcéad ghlúin eile dena teicneolaíochtaí.
37
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Tosaíocht 4 Mar eochair-pháirtí leasmhara agus mar chomhpháirtí i rialachán agus i bhforbairt áitiúil, déanfaimid ár misean, ár bPlean Straitéiseach agus ár dtuairisciú ar thorthaí a chomhtháthú le pleananna forbartha na bpríomh-ghníomhaireachtaí ábhartha laistigh den réigiún. Gníomh: Spriocanna straitéiseacha CMgS a chomhtháthú le Plean Straitéiseach Ceantair an Iarthair Láir 2012-2030, le Pleananna áitiúla Eacnmaíochta agus Pobail na nÚdarás Áitiúla máguaird agus le Luimneach 2030: Plean Eacnamaíoch agus Spásúil.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 4.3 Ár rannpháirtíocht nua le comhlachtaí fiontraíochta, le hearnáil na tionsclaíochta, le comhlachtaí Stáit agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha a leathnú amach trí dheiseanna nua do chomhoibriú agus rannpháirtíocht a lorg ar mhaithe le spriocanna roinnte a bhaint amach.
Tosaíocht 5 Cinntigh go bhfuil faisnéis, saineolas agus taithí na foirne agus na mac léinn sa choláiste le feiscint go soiléir agus ceangailte le réimse leathan chomhpháirtithe earnála ábhartha. Gníomh: Deiseanna il-leibhéil a chruthú lenár gcomhpháirtithe thar réimse na n-earnálacha ar mhaithe le deiseanna um fhorbairt chomhoibríoch agus um chomhordú idir-earnála a chruthú agus a chíoradh.
38
PILÉAR A 5 A FLOURISHING LEARNING COMMUNITY
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Dearcadh Domhanda
39
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
PILÉAR A 5: DEARCADH DOMHANDA
Piléar a 5 | Sprioc Amháin | 4 Thosaíocht | 16 Gníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 5.1 Chun dearcadh domhanda a spreagadh i ngach gné de ghnó an Choláiste. Is féidir é seo a bhaint amach trínar líonra de chomhpháirtíochtaí straitéiseacha ar fud an domhain a neartú agus trí phobal ár gcampas a idirnáisiúnú trí ghluaiseacht isteach agus amach na mac léinn agus na Foirne Acadúla agus Gairmiúla a láidriú.
Tosaíocht 1 Chun líon na mac léinn idirnáisiúnta atá ag freastal ar chláir léinn i gCMgS a dhúbailt faoi 2021 (fochéim, iarchéim agus gearrthréimhseach). Gníomh: Straitéis nua idirnáisiúnaithe a fhorbairt do 2019-2024.
Tosaíocht 2 Líon na mac léinn i gCMgS atá ag baint leasa as taithí foghlama idirnáisiúnta a mhéadú faoi dhó faoi 2021. Gníomh: Deiseanna nua a aithint do mhalartuithe mac léinn thar lear agus d’intéirneachtaí dár mic léinn
Tosaíocht 3 Soghluaiseacht idirnáisiúnta a mhéadú d’fhoireann CMgS chun gur féidir leo leas a bhaint as deiseanna a bhaineann le líonrú idir piaraí, le teagasc agus foghlaim agus le taighde. Gníomh: Straitéis soghluaiseachta a fhorbairt d’fhoireann CMgS le síolchiste do thaighde agus do líonrú idir piaraí mar chuid de.
Tosaíocht 4 Cláir nua a chruthú dírithe ar thaithí foghlama idirnáisiúnta a chur ar fáil. Gníomh: Comhchláir a fhorbairt le hinstitiúidí comhpháirtíochta idirnáisiúnta
40
PILÉAR A 6 A FLOURISHING LEARNING COMMUNITY
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Bonneagar Gairmiúil
41
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
PILÉAR A 6: BONNEAGAR GAIRMIÚIL
Piléar a 6 | 4 Sprioc | 8 dTosaíocht | 38 Gníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 6.1 Tabharfaimid tacaíocht ghníomhach do shármhaitheas gairmiúla ár bhfoireann acadúla agus ár bhfoireann um sheirbhísí gairmiúla, chun bearta reatha éagsúlachta foirne a ardú agus chun cáilíocht leas an fhostaí sa láthair oibre a fheabhsú.
Tosaíocht 1 Deiseanna nua a sholáthar maidir le forbairt ghairme mar aon spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don sármhaitheas gairmiúil. Gníomh: Postanna um ardú céime nua a thabhairt isteach le leibhéil an Léachtóra Shinsearagh agus an Phríomhléachtóra anuas ar athbhreithniú seachtrach ar struchtúir ghrádaithe na Seirbhísí Gairmiúla.
Tosaíocht 2 Leanúint ar aghaidh ag giniúint na cothromaíochta ó thaobh deiseanna agus torthaí de d’fhostaithe in earnálacha na hAcadúlachta agus na Seirbhísí Gairmiúla de ar mhaithe le foireann ionchuimsitheach agus éagsúil a chruthú Gníomh: Plean Gníomhaíochta ‘Athena Swan’ 2020-2023 ag leibhéal institiúide a chur i bhfeidhm.
Tosaíocht 3 Timpeallacht shláintiuil agus dhearfach a chruthú do gach fostaí de chuid an Choláiste a chothaíonn cothromaíocht oibre is saoil agus rannpháirtíocht fhéin-threisithe d’ardchaighdeán, trí a bheith oscailte don nuálaíocht agus don dea-chleachtas comhaimseartha. Gníomh: Glacadh le Cairt nua um Chothromaíocht Oibre is Saoil.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 6.2 Cuirfimid eastát den chaighdeán is airde ó thaobh na cáilíochta, na rochtana agus na háilleachta de ar fáil dár bpobal foghlama, dár gcuairteoirí agus don bpobal i gcoitinne.
Tosaíocht 4 Máistirphlean Forbartha Ilchampais a fhorbairt a sholáthraíonn coimheas níos mó ná 8.0 m2 in aghaidh 1.0 Coibhéis Lánaimseartha mac léinn. Gníomh: Tús a chur le Leabharlann/Ionad Acmhainní Foghlama nua a thógáil ar Champas Luimnigh.
42
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Tosaíocht 5 Chun a bheith freagrach don chomhshaol agus a bheith tiomanta do choincheap an chúraim dhaonna inár mbaile comónta. Gníomh: Straitéis cúig bliana a fhorbairt do bhainistíocht chomhshaoil
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 6.3 Chun feabhas a chur ar bhainistíocht agus ar éifeachtacht ár gcumarsáid seachtrach agus inmheánach, mar aon le córais comhroinnte faisnéise agus seachadadh seirbhíse a fhorbairt d’fhoghlaimeoirí ionchasacha, do mhic léinn reatha agus alumni, do bhaill foirne reatha agus dóibhsiúd atá ar scoir, do phairtnéirí, do phiarí agus don phobal trí chéile.
Tosaíocht 6 Go gcruthófar bonneagar nua um chumarsáid dhigiteach agus chomhroinnt faisnéise. Gníomhartha: Meicníochtaí nua a chruthú chun cabhrú le sruthú eolais inbhuanaithe agus seasmhach idir na comhlachtaí cinnteoireachta agus le pobal an choláiste tríd na fóra éagsúla atá ann;
Tosaíocht 7 Léireoidh ár gcampas agus gníomhaíochtaí ár bpobal foghlama an bhéim úrnua atá idir lámha chun cultúir, teangacha agus traidisiúin na hÉireann a athbheochanú, le béim ar leith ar úsáid na Gaeilge. Gníomh: Tabhairt faoi athbhreithniú iomlán agus cuimsitheach a dhéanamh ar ár Straitéis Dátheangach agus ar ár mBeartas Dátheangachais, a fheidhmeoidh mar thiománaithe do thionscnaimh trí mheán na Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál.
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 6.4 Déanfar athnuachan ar an mbéim a chuirfear ar dhearbhú cáilíochta leanúnach agus oibreoimid mar phobal chun ár gcuid oibre a lonnú i gcomhthéacs straitéiseach, chun luach a chur ar ár n-éachtaí agus chun iad a cheiliúradh, chun tuairimí ár bpobal a aimsiú agus chun a bheith samhlaíoch inár n-iarrachtaí teacht ar bhealaí chun feabhas a chur ar an ngné seo dár saothar.
Tosaíocht 8 Chun bonneagar agus creatlach straitéiseach a chruthú atá riachtanach chun cultúr dearbhaithe cáilíochta a bhunú atá ag an leibhéal is airde ó thaobh an fheabhais de. Gníomh: Plean Feabhsaithe Cáilíochta don institiúid trí chéile a chur i bhfeidhm, le timthriall athbhreithnithe 7 mbliana um cháilíocht inmheánach mar chuid de.
43
PILÉAR A 7 POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Rialachas Eiticiúil & Ceannaireacht Nascaithe
44
STRATEGIC STRATEGIC PLAN PLAN 2023 2023
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
PILÉAR A 7: RIALACHAS EITICIÚIL & CEANNAIREACHT NASCAITHE Piléar a 7 | 3 Sprioc | 5 Thosaíocht | 16 Gníomh SPRIOC ARDLEIBHÉIL 7.1 An caighdeán rialachais is airde a sholáthar, le tiomantas dár n-éiteas agus dár misean institiúide, d’fhísiú saoithiúil, do cheannaireacht stuama agus eiticiúil, do chomhfhreagracht agus d’ionadaíocht chuimsitheach, le cothromas inscne údarach agus éifeachtach a chinntíonn go bhfuil comhionannas deiseanna ann do gach duine a bhfuil baint acu le misean agus le gníomhaíochtaí an Choláiste.
Tosaíocht 1 Go mbeidh struchtúr rialachais CMgS oiriúnach don fheidhm, bainte amach ina iomláine agus freagrach, agus déanfar a rathúlacht a mheas bunaithe ar an leibhéal tacaíochta coláisteach a bhfaigheann sé. Gníomh: Moltaí atá i dTuarascáil Féinmheastóireachta Institiúide 2016 a chur i bhfeidhm
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 7.2 Chun bainistíocht agus cinnteoireacht éifeachtach, éifeachtúil agus trédhearcach a chinntiú atá comhtháite agus nascaithe agus a lonnaíonn freagracht ag na leibhéil oiriúnacha laistigh den institiúid de réir phrionsabail na coimhdeachta.
Tosaíocht 2 Na Próisis a bhaineann le pleanáil, le cinnteoireacht agus le dul chun cinn a rianú a chórasú. Gníomhartha: Cultúr bainistíochta tionscadal a fhorbairt agus a chórasú
SPRIOC ARDLEIBHÉIL 7.3 Chun ár dtiomantas maidir le comhoibriú le hInstitiúidí Ardoideachais agus le comhlachtaí seachtracha eile a leathnú amach agus a dhoimhniú ar mhaithe lenár misean agus ár spriocanna a chur chun cinn agus ar mhaithe le cur le tosaíochtaí náisiúnta agus riachtanais bheartais, go háirithe in earnáil an oideachais.
45
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Tosaíocht 3 Téigh i dteagmháil le hOllscoil Luimnigh, i gcomhpháirtíocht le cothroime measa mar chuid lárnach de, ar mhaithe lenár nascacht acadúil a láidriú. Gníomh: Comh-athbhreithniú a dhéanamh ar Mheabhrán Tuisceana CMgS-OL.
Tosaíocht 4 Leanúint lenár dtiomantas go gcoimeádfar Cuibhreannas Shionainne mar phríomhshocrú braisle le méadú comhfhreagrach i líon na gcomhthionscnamh agus ar sheachadadh comhroinnte seirbhíse bunaithe ar dhea-chleachtas, ar thorthaí den chaighdeán is airde agus ar phríomhchuspóirí straitéiseacha léirithe ag leibhéil institiúideacha agus réigiúnacha. Gníomh: Oibriú lenár gcomhpháirtithe ar mhaithe le fís ar leith, nuálaíoch agus réamhbhreathnaitheach a fhorbairt do Chuibhreannas Shionainne le riachtanais áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta mar bhonn do agus bunaithe ar láidreachtaí ar leith gach ceann de na hinstitiúidí a nascadh le chéile.
Tosaíocht 5 A bheith i bpáirt le comhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta chun cáilíocht saoil sóisialta, chultúrtha agus eacnamaíochta a fheabhsú trí leas a bhaint as saineolas agus as acmhainní institiúideacha i dtionscnaimh straitéiseacha comhoibríocha atá deartha chun torthaí a uasmhéadú trí chomhordú agus trí chomhtháthú gníomhaíochtaí. Gníomh: Oibriú le Tionól Réigiúnach an Mheán-Iarthair agus leis na hÚdaráis Áitiúla i Luimneach, sa Chlár agus i dTiobraid Árann, in éineacht lenár gcomh-shínitheoirí ar Limerick Charter for Change, chun straitéis a chomhréiteach agus chun áiseanna a roinnt
46
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
47
Cur i bhfeidhm & Tuairisciú ar Dhul chun cinn POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
48
PLEAN STRAITÉISEACH CMgS 2023
Bhí Plean Straitéiseach 2019-2023 de chuid CMgS faofa ag an Údarás Rialaithe i nDeireadh Fómhair 2018 agus beifear á sheoladh agus á chur i bhfeidhm go hoifigiúil ar 29 Márta 2019. Tá Spriocanna Ardleibhéil laistigh de gach piléar, le sraithe de Thosaíochtaí a mbainfear amach trí chur i bhfeidhm na mBunghníomhartha agus na Spriocanna Criticiúla a ghabhann leo. Áireofar iad seo, mar aon le gníomhaíochtaí tacaíochta breise, i Máistirphlean Oibre Bliantúil an Choláiste (Pleananna Oibre Bliantúla) le linn gach bliain de chur i bhfeidhm ‘Pobal Foghlama faoi Bhláth’. Cuirfear tuairiscí ráithiúla maidir le stádas feidhmithe faoi bhráid Údarás Rialaithe CMgS le Tuarascálacha Bliantúla carnacha a chuirtear ar fáil ag deireadh gach Bliain Acadúil.
49
POBAL FOGHLAMA FAOI BHLÁTH
Leanann CMgS ar aghaidh ag cur go mór le gach réimse den tsochaí ó thaobh an oideachais, na sochaí agus an chultúir de. 50
Cumasú
STRATEGIC PLAN 2023
Gníomhú Seachtrach
Cuimsiú
Idirnáisiúnú
Ceannaireacht
Foghlaim ar feadh an tsaoil
An chéad ghlúin eile
Scileanna na hAoise seo 51
51
www.mic.ie