An tUan Beag Dubh ó Chonamara

Page 1

The Little Black Sheep: 180 x 242 Spine 4.2

Níl an t-uan beag dubh cinnte faoin dath difriúil atá air.

O’BRIEN

EAGRÁN ÚRNUA DE SHÁRLEABHAR GLEOITE

Ach lá garbh amháin tugann sé tarrtháil ar na caoirigh go léir, agus AN tUAN BEAG DUBH Ó CHONAMARA

ritheann smaoineamh iontach leis an aoire i ngeall air ...

An tUan Beag Dubh o Chonamara

ELIZABETH SHAW

ISBN 978-1-78849-338-3

obrien.ie FICSEAN DE LEANAÍ

9 781788 493383

Elizabeth Shaw



An tUan Beag Dubh o Chonamara


I mBéal Feirste a rugadh Elizabeth Shaw agus chaith sí mórchuid a saoil i mBeirlín. Is iomaí gradam litríochta a bronnadh uirthi le linn a gairme, Duais Käthe Kollwitz ón Acadamh Ealaíne, Beirlín, ina measc, chomh maith le Bonn Airgid Leipzig, Duais Hans Baltzer agus Duais Ealaín DDR. Tá dea-cháil ar fud an domhain ar an iliomad leabhar do pháistí a scríobh agus a mhaisigh sí, agus tá a saothar foilsithe i raon leathan teangacha. Is clasaic é An tUan Beag Dubh atá aistrithe agus foilsithe i dtíortha éagsúla, an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Laitvia, Meicsiceo, Poblacht na Cóiré, an Phortaingéil, an tSeapáin, an tSín agus an tSualainn ina measc.


An tUan Beag Dubh o Chonamara

Elizabeth Shaw Aistrithe go Gaeilge ag Daire MacPháidín


Bhí aoire ina chónaí ar na sléibhte fadó.

Bhí madra aige. Póló ab ainm dó. Thug an t-aoire agus Póló aire do na caoirigh. 4


Thug Póló aire an-mhaith do na caoirigh, go speisialta nuair a bhí an t-aoire ag cniotáil.

Chniotáil sé blaincéid, stocaí agus scairfeanna le díol. 5


6


Nuair a chonaic an t-aoire caoirigh ag dul ar strae, shéid sé feadóg adhmaid. ‘Fííííí!’ Bhí a fhios ag Póló ansin go raibh sé in am na caoirigh a bhailiú ar ais. Mhothaigh sé go raibh sé an-tábhachtach.

7


Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi, bhailigh Póló na caoirigh agus léim siad isteach sa chró.

Chuntas an t-aoire na caoirigh ar fad. 8


Bhí dath bán ar na caoirigh go léir. Ach bhí uan beag amháin ann a raibh dath dubh air.

Níor éist an t-uan beag dubh seo le Póló ar chor ar bith. Chuir sé seo fearg ar an madra!

9


‘Ní maith liom an t-uan beag dubh sin!’ arsa Póló leis an aoire. ‘Ní éisteann sé liom!’

10


‘Ní maith le Póló mé,’ arsa an t-uan beag dubh leis an aoire, ‘mar go bhfuil mé dubh.’

‘An féidir leat geansaí bán a chniotáil dom agus ansin beidh mé cosúil leis na caoirigh eile?’ 11


‘Ach is breá liom an dath atá ort,’ arsa an t-aoire leis.

‘Tá sé difriúil. Is féidir liom tú a fheiceáil i gcónaí.’ 12


Ach lean Póló ag troid leis an uan beag dubh. ‘Ní maith liom tú. Ní éisteann tú liom. Ní bheidh tusa anseo rófhada,’ arsa Póló leis.

13


14


D’fhéach an t-uan beag dubh suas sa spéir agus chonaic sé scamaill mhóra dhubha ag teacht. ‘Tá báisteach ag teacht,’ a dúirt sé. ‘Níl aon bháisteach ag teacht,’ arsa Póló leis go feargach.

15


Tar éis cúpla nóiméad thosaigh stoirm mhór. Bhí sé ag cur sneachta go trom.

Rith an t-aoire agus Póló ar ais chuig an teach ar nós na gaoithe. 16


Bhí an bheirt acu fliuch báite. Shuigh siad os comhair na tine. ‘Beidh na caoirigh ceart go leor,’ arsa an t-aoire. ‘Tá cótaí móra orthu.’

17


Chuaigh Póló agus an t-aoire a chodladh an oíche sin.

‘Ná bí buartha faoi na caoirigh,’ arsa Póló. ‘Fanfaidh siad ar an sliabh.’ 18


Ach bhí eagla ag teacht ar na caoirigh. ‘Cá bhfuil Póló?’ a dúirt siad. ‘Cad a dhéanfaimid?’

‘Ná bí buartha,’ arsa an t-uan beag dubh. ‘Sílim go bhfuil pluais anseo in áit éigin. Lean mise.’ 19


Lean na caoirigh an t-uan beag dubh suas go dtí an phluais.

D’fhan siad ansin ar feadh na hoíche. ‘Tiocfaidh an t-aoire ar maidin,’ arsa an t-uan beag dubh leis na caoirigh eile. 20


An chéad mhaidin eile bhí sneachta ar fud na háite.

Ní raibh Póló ná an t-aoire ábalta na caoirigh a fheiceáil. Bhí dath bán ar gach rud. 21


‘Ní aoire maith mé,’ arsa an t-aoire le Póló. ‘Chaill mé na caoirigh ar fad!’

‘Beidh siad cráite, caillte gan mise,’ arsa Póló leis. 22


Ach ansin chonaic siad spota beag dubh ar bharr na sléibhte.

‘B’fhéidir gurb é sin an t-uan beag dubh,’ arsa an t-aoire agus áthas air. Bhrostaigh sé suas an sliabh. 23


Bhí an-áthas ar an aoire nuair a chonaic sé an t-uan beag dubh agus na caoirigh eile.

‘Is uan beag iontach tú,’ a dúirt sé leis. ‘Shábháil tú na caoirigh eile!’ Ach ní raibh Póló sásta é a fheiceáil arís. 24


Tháinig an ghrian amach agus d’imigh an sneachta. ‘Siúlaigí abhaile!’ a d’ordaigh Póló.

D’iompair an t-aoire an t-uan beag dubh síos an sliabh. ‘Bheinn caillte gan tú!’ a dúirt sé leis. 25


Nuair a tháinig an samhradh arís bhí ar an aoire na caoirigh a lomadh. ‘Tá sé in am an t-uan beag dubh a dhíol,’ arsa Póló nuair a chonaic sé an olann dhubh. ‘Níl sé cosúil leis na caoirigh eile.’ ‘Níor mhaith liom é a dhíol,’ arsa an t-aoire leis. ‘Tá smaoineamh eile agam.’

26


27


28


‘Is féidir liom éadaí áille a chniotáil leis an olann dhubh agus bhán,’ arsa an t-aoire. Chniotáil sé blaincéid, stocaí agus scairfeanna – iad ar fad dubh agus bán. Dhíol sé iad ag an margadh. Cheannaigh sé caoirigh dubha eile leis an airgead.

29


Faoi dheireadh bhí caoirigh bána aige, caoirigh dubha agus caoirigh le spotaí orthu! Bhí siad go hálainn mar go raibh siad ar fad difriúil.

30


31


An chéad chló 2022 ag The O’Brien Press Ltd, 12 Bóthar Thír an Iúir Thoir, Ráth Garbh, Baile Átha Cliath 6 D06 HD27, Éire. Fón: +353 1 4923333; Facs: +353 1 4922777 Ríomhphost: books@obrien.ie; Suíomh gréasáin: www.obrien.ie An chéad chló i mBearla 1985. Is ball de Publishing Ireland é The O’Brien Press. Cóipcheart an téacs Bhéarla agus léaráidí © Elizabeth Shaw Estate Cóipcheart eagarthóireacht agus leathnaigh © The O’Brien Press Ltd Aistrithe go Gaeilge ag Daire MacPháidín ISBN: 978-1-78849-338-3 Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den saothar seo a atáirgeadh ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó ar aon chóras taiscthe agus athfhála, gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir. 654321 26 25 24 23 22 Clóite Drukarnia Skleniarz, an Pholainn. Foilsithe i


Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.