Finscéalta hÉireann na
Eithne Massey
Ealaín le Lisa Jackson
Leagan Gaeilge le Patricia Nic Eoin
Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Má Nuad í Eithne Massey, a bhfuil spéis sa mhiotaseolaíocht aici ar feadh a saoil. Tá cónaí uirthi idir Éirinn agus an Bhriotáin. Tá na leabhair eile a leanas scríofa aici: The Secret of Kells, Legends of the Cliffs of Moher, The Dreaming Tree, The Silver Stag of Bunratty, Where the Stones Sing, Blood Brother, Swan Sister, Legendary Ireland agus The Turning of the Year.
Ba i mBaile Átha Cliath a rugadh Lisa Jackson agus d’fhás sí aníos i dtuaisceart Chontae Chill Mhantáin. Rinne sí staidéar ar bheochan chlasaiceach ar feadh ceithre bliana ag an gColáiste Sinsearach i mBaile Formaid, agus ansin thosaigh sí ag plé le beochan, dearadh grafach agus greannáin. Is ag maisiú leabhair do pháistí a bhíonn sí anois.
Is as Cinn Mhara, i gcontae na Gaillimhe í Patricia Nic Eoin agus tá go leor leabhar do pháistí aistrithe ón mBéarla agus ón bhFraincis go Gaeilge aici. Tá a comhlacht féin aici, scoil Gaeilge ar líne darb ainm
All About Irish (www.allaboutirish.ie), agus bíonn sí ag múineadh
Gaeilge ar líne do dhaoine fásta in Éirinn agus ar fud an domhain.
Clár
An Bradán Feasa 4
Conas Mar a Fuair
Cú Chulainn a Ainm 12
Clann Lir 20
Labhraí Loingseach 30
Fionn agus an Fathach 38
An Cú Faoil Bán 46
Oisín 56
AN Bradán Feasa l
l m
Fadó, bhí buachaill ann darbh ainm Fionn, agus
bhí sé fiosrach faoi gach rud faoin spéir. Ní raibh deireadh lena chuid ceisteanna. D’éirigh a mháthair tinn tuirseach dá chuid fiosrachta.
Mar sin, chuir sí Fionn chun cónaithe le beirt
bhan feasa. Mhúin an bheirt bhan feasa go leor rudaí dó. Ansin, lá breá amháin, d’éirigh siadsan tinn tuirseach dá chuid ceisteanna chomh maith.
Mar sin, chuir siad chun cónaithe leis an bhfear ba chríonna in Éirinn é. Finnéigeas ab ainm dó.
Ach fiú, Finnéigeas, ní raibh gach eolas faoin spéir aige. Agus d’éirigh seisean tinn tuirseach den síorcheistiú chomh maith.
‘Conas is féidir liom fios a bheith agam faoi gach rud? arsa Fionn. ‘Gach rud faoin spéir?’
‘Ní féidir liom é sin a insint duit,’ arsa Finnéigeas. (Ach bhí rún ag Finnéigeas.)
Rinne Fionn an obair ar fad sa teach. Níor thaitin sé leis a bheith ag cócaireacht ná ag glanadh, ach thaitin sé go mór leis a bheith amuigh faoin aer ag seilg agus ag iascaireacht. B’iomaí uair a d’iarr Finnéigeas air dul ag iascaireacht i linn bheag ar Abhainn na Bóinne. Ba bhreá le Fionn an tráthnóna a chaitheamh cois abhann, é ina shuí faoi scáth seanchrann coill. Chaitheadh sé an tráthnóna ag féachaint ar chnónna coill ag titim isteach san abhainn. Anois is arís d’fheicfeadh sé bradán ar dhath an airgid ag ithe na gcnónna sula n-imeodh siad le sruth.
Agus ansin, lá amháin, rug Fionn ar an mbradán.
Bhí sceitimíní ar Fhinnéigeas nuair a chonaic sé an t-iasc. ‘Cuir ar an tine go beo é,’ ar seisean, ‘ach ná hith aon chuid de. Dom féin amháin an t-iasc seo.’
Cheap Fionn nach raibh sé seo ceart ná cóir.
Bradán ollmhór a bhí ann, agus ba eisean a rug air. Ach ba é Finnéigeas a mháistir, agus mar sin, ní raibh an dara rogha aige ach an rud a theastaigh óna mháistir a dhéanamh.
Las Fionn tine, agus leag sé an bradán anuas uirthi. Bhí boladh an-bhlasta uaidh, ach mar sin féin, níor bhlais Fionn aon chuid de. Ach nuair a bhí sé ag tógáil an bhradáin den tine dhóigh sé a ordóg ar chraiceann te an éisc. Chuir sé a ordóg ina bhéal chun an phian a leigheas. Agus ansin thug sé an t-iasc d’Fhinnéigeas.
‘Níor ith tú aon chuid den bhradán, ar ith?’ a d’fhiafraigh Finnéigeas go hamhrasach.
‘Níor ith,’ arsa Fionn.
‘Níor bhlais tú den chraiceann fiú, ar bhlais?’ a d’fhiafraigh Finnéigeas ansin.
Bhí Fionn ar tí a rá nár bhlais. Ach ansin, chuimhnigh sé gur bhlais. ‘Chuir mé mo mhéar i mo bhéal nuair a dhóigh mé ar an gcraiceann í,’ ar seisean. ‘Ach níor ith mé aon chuid de.’
Bhí Finnéigeas spréachta. ‘Anois, is agatsa atá sé! Is agatsa atá an fios ar fad!’ a bhéic sé. ‘Cad?’ arsa Fionn, ‘Cad atá i gceist agat?’
‘Ba é sin an Bradán Feasa,’ arsa Finnéigeas.
‘D’ith sé na cnónna ón seanchrann coill. Tá fios an domhain sna cnónna coill sin. Agus beidh an fios sin ar fad ag an gcéad duine a bhlaiseann den bhradán.’
Bhí ionadh an domhain ar Fhionn. ‘Is féidir leat an chuid eile de a ithe,’ ar seisean. Bhí sé ag mothú go dona.
‘Níl aon mhaitheas ann anois,’ arsa Finnéigeas. ‘Is ionann anois é agus aon bhradán amaideach eile. Tá an fios ar fad istigh ionatsa anois.’
‘Ní dóigh liom é,’ arsa Fionn. ‘Mothaím mar an gcéanna.’ ‘Cén mhéar a dhóigh tú?’ arsa Finnéigeas.
‘M’ordóg,’ arsa Fionn, agus an ordóg á hardú aige.
‘Cuir isteach i do bhéal í,’ a d’ordaigh Finnéigeas.
D’fhéach Fionn ar a ordóg. Agus ansin, go réidh, chuir sé isteach ina bhéal í. Chomh luath agus a bhí a ordóg ina bhéal mhothaigh sé go raibh fios an domhain ag sileadh isteach ina cheann.
Ní raibh air ach smaoineamh ar cheist –ceist ar bith – agus bheadh freagra na ceiste sin aige ar an bpointe boise.
Finnéigeas bocht! D’ith siad an chuid eile den iasc le chéile ar aon nós.
Ní raibh Finnéigeas in ann mórán a ithe, áfach. Ar feadh a shaoil theastaigh ó Fhinnéigeas fios an domhain a bheith aige. Ach bhí a fhios aige anois go raibh an deis sin caillte aige.
Ina ionad sin, ba ag buachaill óg a bhí fios an domhain.
Ba ghaiscíoch agus sealgaire den chéad scoth é Fionn nuair a d’fhás sé aníos.
Ba cheannaire críonna ar na Fianna a bhí ann chomh maith. Ba iad na Fianna an bhuíon gaiscíoch ba mhó le rá a bhí in Éirinn riamh. Agus, am ar bith a bhí Fionn ag iarraidh fios a bheith aige faoi rud éigin – rud ar bith faoin spéir – ní raibh le déanamh aige ach a ordóg a chur ina bhéal.
Bhí críoch lena chuid ceisteanna faoi dheireadh thiar. 11