An chéad chló 2013 ag The O’Brien Press Ltd 12 Terenure Road East, Rathgar, Dublin 6, Ireland. Fón: +353 1 4923333; Facs: +353 1 4922777 Ríomhphost: books@obrien.ie Cóipcheart an téacs © Gabriel Rosenstock 2013 Cóipcheart léaráidí, dearadh clúdaigh agus leathnaigh: The O’Brien Press Ltd ISBN: 978-1-84717-317-1 Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den saothar seo a atáirgeadh, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó ar aon chóras thaiscthe agus athfhála, gan cead i scríbhinn a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 13 14 15 16 17 18 Clódóireacht: Finidr Ltd.
Tá The O’Brien Press buíoch de Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge
Faigheann The O’Brien Press cabhair ón gComhairle Ealaíon
-
CLAR
An Cás
10
Ag Tosú ar an gCás
15
Tuairimí 16 Luach Saothair
19
Fiosrú 22 An Zombaí
25
Scaob an Salachar
31
As a Mheabhair?
35
Na Cuileoga
37
An Misean
40
Ag Faire
42
An Réiteach
44
FEARAS AN BHLEACHTAIRE
6
UIRLISI-NA CEIRDE 7
NA BLEACHTAIR IIs mise Brian. Is mise a thug Na Bleachtairí le chéile. Is mise a thugann na smaointe go léir don ghrúpa. Tá mé thar a bheith cliste. Coimeádaimse sárleabhar nótaí ar gach aon chás. Beidh sé luachmhar lá éigin.
BRIAN
Is mise Lakshmi. Tá mise ciúin, ach tá mé smaointeach agus éirimiúil. Tá cluas easóige agam. Agus tá mé an-chróga.
LAKSHMI 8
Is mise Tomáisín. Is maith liom a bheith ag ithe!
TOMÁISÍN
Is mise Síle. Is aoibhinn liom saol an bhleachtaire. Tá ceamara agus iPad agam. Úsáidimse iad i ngach aon chás. Ceapann Brian gurb eisean a réitíonn gach cás. Sea, muise!
SÍLE
IS SINNE NA BLEACHTAIR -I! 9
-
AN CAS
‘Ní uaimse atá sé ag teacht,’ arsa Tomáisín. ‘Ná bígí ag féachaint ormsa!’ ‘Bhuel, cad as don bholadh lofa mar sin?’ arsa Síle. ‘Úúú! Ní bheadh masc ag éinne, an mbeadh?’ Chuir sí lámh lena béal. ‘Hmmm . . .’ arsa Lakshmi. ‘Measaim go bhfuil cás spéisiúil againn anseo ceart go leor!’ ‘Cás?’ arsa Síle. ‘Cáis, b’fhéidir. Cáis lofa! Tá fonn orm caitheamh amach,’ ar sise agus a lámh lena béal aici. ‘Ná caith amach anseo!’ arsa Tomáisín.
10
Is i dteach Thomáisín a bhíomar. Chuir sé téacs chugainn níos luaithe mar go raibh fadhb aige – nó ag a thuismitheoirí, ba cheart dom a rá: Tagaigí láithreach! Tá drochbholadh sa teach. Boladh uafásach. Ní raibh a dheirfiúr, Aingeal, in ann an drochbholadh a sheasamh. Bhog sí amach. Ag fanacht le cara léi a bhí sí. Dúirt sí nach bhfillfeadh sí ar an teach go dtí go mbeadh an boladh glanta.
AIGÍ TAG EACH! HR L ÁIT DROCHTÁ LADH BHO EACH. SA T ADH BOL ACH. ÁS UAF
11
Bhí na brioscaí go léir ite ag Tomáisín agus bhí an chuid eile againn beagáinín cancrach, ní nach ionadh. Ní maith linn a bheith ag obair ar bholg folamh. ‘Tá brón orm gur itheas na brioscaí,’ arsa Tomáisín. ‘Bhí pláta mór brioscaí agam daoibh ach níl a fhios agam conas a tharla sé – d’itheas iad go léir, gan fhios dom féin!’ ‘Gan fhios duit féin?’ arsa mise ag gáire, go searbhasach. ‘Ní tharlaíonn rudaí gan fhios don bhleachtaire! Nach ea, a Thomáisín?’
12
‘Ar aon chuma, tá an boladh sin ag cur isteach ar mo ghoile,’ arsa mise. ‘Ní fhéadfainnse féachaint ar bhriosca.’ ‘Ná mise,’ arsa Lakshmi. ‘Mise ach oiread,’ arsa Síle. ‘Sea, nach uafásach é?’ arsa Tomáisín. ‘Tá sé chomh bréan le pluais an mhadra rua,’ arsa mise. ‘Oscail fuinneog!’ arsa Síle. Sheas Tomáisín agus d’oscail fuinneog. Bhí géarghá le haer úr.
13
Cás breá mistéireach a bhí anseo againn. Chuimil mé mo dhá lámh dá chéile. Bhí mé ag tnúth go mór leis. ‘Seasaimis!’ arsa mise. ‘An bhfuilimid réidh, a bhleachtairí?’ arsa mise. ‘Réidh!’ arsa an triúr eile. ‘Le chéile tiocfaimid ar réiteach,’ arsa mise (ach, i ndáiríre, theastaigh uaim féin teacht ar réiteach, neamhspleách ar an triúr eile). ‘Le chéile tiocfaimid ar réiteach!’ arsa an triúr eile. Chuir Síle an-bhéim ar le chéile.
14
-
-
AG TOSU Ar AN gCAS ‘Anois, a Thomáisín, inis an scéal go léir dúinn,’ arsa mise. Bhí mo leabhar nótaí ar oscailt agam. Mo bhadhró réidh. Ceist a haon – ‘Cathain a fuair sibh an drochbholadh seo?’ ‘Arú inné,’ arsa Tomáisín. Scríobh mé an méid sin i mo leabhar nótaí. Ceist a dó – ‘An i ngach seomra nó sa seomra suí amháin atá sé?’ ‘Sa seomra suí is mó ach tá sé ar fud an tí dáiríre,’ arsa Tomáisín. Nóta eile scríofa síos agam. Ceist a trí – ‘An raibh boladh mar seo sa teach cheana?’ ‘Ní raibh. Ach bíonn boladh uaireanta ó m’Uncail Toby.’ Scríobh mé síos: boladh uaireanta ón uncail.
15
TUAIRIMI‘Tuairim ag éinne?’ arsa mise. ‘Gás?’ arsa Síle. Bhreacas síos an focal gás i mo leabhar nótaí. Tús ab ea é. ‘Bhí lucht an gháis anseo inné. Níl aon fhadhb leis an ngás,’ arsa Tomáisín. ‘Draenacha?’ arsa Lakshmi. Bhreacas síos an focal draenacha. ‘Bhí lucht na ndraenacha anseo chomh maith. Níl aon rud cearr leis
gás draenac ha’
na draenacha ná leis an leithreas.’ Chuir mé líne trí na focail gás agus draenacha.
16