Breac - Márta 2021 - Eisiúnt 1

Page 1

BREAC MÁRTA 2021 • EISIÚINT 1

COMHRÁ LE KNEECAP

PODCHRAOLADH LE BRÍD BROWNE

MOTLEY X AN CHUALLACHT

EALAÍN SRÁIDE CORCAIGH


ÁR BHFOIREANN Foireann Ealaíona Hilary Barry Sarah Cremin Diego Leon

Príomheagrathóiri Oonagh Ní Mhuirí Niamh De Brún Emer Walsh

Eagarthóirí Grace Claro Orla Ní Laochdha Ava Ní Loinsigh Darragh Ó Caoimh Ella Ní Chuirtín

Míle buíochas le scríóbhneoirí Breac Siobhán Ní Chróinín Mairéad Kearney Seán Ó hUallacháin Conor Ruth Mark Ó hAirtrí Holly Buckley Ava Ní Loingsigh Íseult Ní Fhoighil Niamh Ní Léidí Lucy Ní Shíocháin Orla Ní Laochdha Saoirse Ní Dhonnchadha Jane Holland Cárthach Ó Faoláin Antóin Ó Trinlúin Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin

Maincíní: Culann McCarthy Amy Heffernan Is foilsiúcháin de chuid Motley Magazine, The Hub, Coláiste Ollscoile Chorcaí, Western Road, Corcaigh í Breac. Gach ceart ar chosaint. Cuireann na húdaráis cosc géar ar macsamhlacha a eisiúnt ar aon cuid den bhfoilsiúcháin seo. Rinneadh gach iarracht fíricí beachta agus praghasanna cruinne a chinntiú roimh priontáil. Ní ghlacann Breac freagracht ar aon earráid a thagann chun cinn. Tagann na híomhanna ó unsplash.com, veicteoirí ó Vecteezy.com agus Freepik.com.

Breac

2


ábhar

17

12 40 EAGARTHÓIRÍ

04

CURSAÍ REATHA

08

SIAMAÍOCHT

14

TUAIRIMÍ

21

FAISEAN

39

3

14


Eagarthóirí

Oonagh Ní Mhuirí

Príomheagrathóir A chairde Gaeil, Faoi dheireadh thiar thall táim ar muin na muice an t-iris seo a roinnt libh! Ba mhaith liom aird a tharraingt ar an obair den chéad scoth a bhí curtha isteach ag mo chomhghleactha Niamh agus Emer sa tionscnamh seo – cinnte ní bheadh an t-iris seo curtha le chéile gan iad. Comh maith le sin ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an bhfoireann Motley, as ucht a n-am agus a dtaithí a roinnt linn. Gan amhras, caithfidh mé mo bhuíochas a chur in iúl do Hilary ó thaobh an obair iontach dearadh a bhí déanta aici. Thosaigh an tionscnamh seo thar an tsamhraidh agus ní chreidfeá an méid oibre atá I gciest le iris a chuir le chéile. Gach bliain eile, b’fhéidir go mbeadh an fheachtais do-dhéanta, ach de bharr Covid-19, bhí beagáinín níos mó ama agam ná mar a bheadh ag na Cathaoirligh de ghnáth agus I mo thuairimse, ‘sé coiste na Cuallachta 20/21 an coiste b’fhearr riamh. I ndútahir, chabhriagh siad liom go mór mhór. Cé go bhfuil mé ag gearán agus airneáil faoi láthair táim an-bhuíoch go raibh mé bainteach leis an bhfeachtais seo ón dtús. Bhraith mé gach aon chineál mothúcháin agus an t-iris seo idir láimhe agam. Ar dtús, bhíos lán d’fhuinneamh agus muiníneach agus bhí mé an-sceitimíneach tosú. Ach ansin, nuair a thuigeas go mbeadh obair na gcapaill ag teastáil, bhraitheas cuíosach amhrasach mar ní raibh mé cinnte an mbeinn in ann do. Ach tar éis dom bualadh leis an bhfoireann, cinnte níor bhraith sé comh scanrúil. Is dócha go bhfuil fírinne sa seanfhocal ar scáth a chéile a mhairimíd. (Ná bac leis an móramh de na seanfhocail sin, níl iontu ach ráiméis.)

Beagán fúm féin agus mo chuid Gaelinne, má’s cuma libh in aon chor. Is as Contae an Chláir mé ó dhúchais agus de thaitin an Ghaeilge liom go mór sa bhunscoil. D’aithin mo shean-phríomhoide é seo agus de mhol sí dom frestal ar Choláiste Íde (scoil chónaithe sa Daingean Uí Chúis – is dócha go mbeadh sibh in ann é sin a dhéanamh amach trí aird a thógaint de mo chanúint). Ambaiste, d’fhreastail mé ar Choláiste Íde ar feadh sé bhliana agus is ansin a d’fhás mo ghrá don teanga. Táím I mo chónaí faoi láthair in Áras Uí Thuama agus is mise Cathaoirleach na Cuallachta. Súil agam go mbeidh mé ag plé le cúrsaí Gaeilinne ar feadh na blianta! Faoin iris áirithe seo, ‘sé seo ceann de na gaiscí go bhfuilim is bródúil astu. Is é an eispéir atá agam ná go bhfreastalóidh mé ar Choláiste na hOllscoile Chorcaigh I gceann deich nó fiche mbliain agus go mbeidh ‘Breac’ fós á fhoilsiú go mbliaintiúil. Pé scéal é, ní choimeádfaidh mé sibh in aon chor. Cas an leathanach ( fiú má tá sé go leictreonach) agus bain taitneamh as!


Emer Breathnach

Príomheagarthóir Ag Athcruthú an Taithí Gaeilge. “An rud is giorradh don chroí, ‘sé is giorradh don bhéal.” Tráth dá raibh, agus mé i mbun na hArdteiste, tuigtear dom don chéad uair gurb í an Ghaeilge mo theanga dhúchais. Chuir an tuiscint sin gliondar ar mo chroí. Dhá bhliain bheag roimhe, ní raibh ach cúpla focal agam mé féin. Bhí easpa suime agam agus, chreid mé, easpa ábaltachta freisin. Níor tógadh mé leis an teanga, agus ní raibh mórán deiseanna agam í a chloisteáil nó a chleachtadh ach an oiread. Ach d’athraigh mo mheon ina iomlán ag tús an chúigiú bhliain. I bhfad rómhinic, cloisim go bhfuil an slí ina mhúintear ár dteanga chomh seanaimseartha go bhfuil sé gan tairbhe, agus faraor, aontaím. Ní spreagfadh an ghnáthstíl mhúinteoireachta sa Ghaelainn grá teanga in éinne. Ach bhí an t-ádh dearg liom. A bhfuaireamar muinteoir nua, nár thaitin an curaclam Ardteiste léi, a thosaigh mé ag foghlaim an teanga. Ní raibh sí ann chun díospóireacht nó filíocht nó drámaíocht a mhúineadh, bhí sí ann chun an Ghaeilge a mhúineadh. Tar éis cupla seachtain bheag léi, shíl mé don chéad uair riamh go raibh mé lámh le líofacht sa Ghaeilge. Bhí mé ábalta an teanga a thabhairt abhaile liom, a fheiscint agus a úsáid lasmuigh den seomra ranga. Thosaigh me ag smaoineamh as Gaeilge, ag brionglóid as Gaeilge agus ag caint liom féin as Gaeilge. Is ansin amháin gur éirigh liom áilleacht ár dteanga a thuiscint ar deireadh thiar thall. Ach, faraor, tuigim nach bhfuil an taithí seo ag gach duine. Mar sin féin, is é sin sprioc na hirise seo. Ba mhaith linn áilleacht na Gaeilge a roinnt leat, an léitheoir. Is é an aidhm atá againn an Ghaeilge a chur chun chinn inár saoil agus inár bpobail, do gach duine. Ba mhaith linn taithí spéisiúil, chroíúil, a chruthú daoibh, murab ionann is an taithí leamh, liosta, ar a bhfuil aithne ag mórán daoine ón scoil. Tá meas tuillte ag ár dteanga dhúchais, meas nach bhfuil faighte aici le fada-ní bhfuair sí é ó na Sasanaigh, agus ní bhfaigheann sí inár gcóras oideachais fós é. Mar sin, gan a thuilleadh mhoille, is le bród an domhain a chuirim féin, Niamh, agus Oonagh an iris Breac os bhur gcomhair! Tá mé fíorbhuíoch go raibh an deis agam páirt a ghlacadh i mbunú Breac, agus ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil lena heagarthóirí agus scríobhneoirí a chuidigh linn iris dochreidte a chruthú. Deirtear go minic, “Tig maith mór as moill bheag,” agus tá súil againn nach bhfuil sé ródhéanach duit athchuairt a thabhairt ar an teanga ba áille, dar liom, ar domhain. Is fearr mall ná go brách.

Niamh De Brún Príomheagrathóir

Is iriseoir mé le Motley le dhá bhlian anuas. Fuarthas taithí san iriseoireacht agus mé ag obair leis an iris san ollscoil, grá mo chroí. Idir cheolchoirmeacha, agallamheanna agus léirmheasanna, bhí spás cruthaitheach agam i gconaí i leathanacha Motley. Tá saol an mac léinn deacair, go háirithe le linn an phandéim, ach bhí déis agam le Motley féinléiriú pearsanta a chruthú. Le chúrsaí reatha, tuaraimí agus gné alt, siamsíocht agus faisean, bhí réimse leathan cursaí le plé againn i Breac agus táim an buíochasach páirt a ghlacadh san iris seo. I dteannta an iriseoireacht, is í an Ghaeilge grá eile mo shaol. Chreidim gur seoid í ár dteanga dhúchas. Mar a dheirtear i Spáinis: ‘Cada lengua falta otra lengua’ - go bhfuil gach teanga ag lorg rud ó teanga eile. Ní hamháin an teanga a nimíonn nuair nach labhraítear í, ach chaillfear an an chultúr, na nósanna, is na mothúchán atá ann i ngach theanga. Tá saibhris le haimsiú i ngach theanga, go hairithe leis an Ghaeilge, ceann de na theangacha is sine san Eoraip a bhfuil fós in úsáid againn. Mar sin, táim fíor brodúil Breac a foilsiú beirt príomh eagrathóirí eile, Oonagh Ní Mhuirí agus Emer Walsh. Spéirbean an bheirt acu. Le linn an pandéim, bhíomar go léir sa bhaile, ag déanamh staidéar ar líne, agus ag lorg thionscadal úr nua. Bhí an Chuallacht ag lorg tionscnamh a bhíoch sábhálta a bheith i mbun agus bhí Motley ag lorg rudaí nua a cruth a bheidh eagsúlacht, difríul, agus le béim ar frithchultúr. Is leis an iomhá seo a chruthaíomar an iris lán-ghaeilge Breac. Iris mac léinn atá scríte go hiomlán as gaeilge, le téamaí spreagathach, nua aimsirthe, gan trácht ar bith ar na hábhair leadránach a gheofá i léamhtuiscintí na hÁrdteistiméaracht. Conas a bhféidir leat an mheon seo a léiriú le focail amháin? Agus cén fáth gur roghnaigh sibh focail i gcomhar iasc Bhuel, an laideoreacht atá ag Motley ná go gcuirfimíd béim ar an bhfrithchultúr. Tá aithne againn ar an saoirse atá le fáil nuair a bhíonn béim ar an éagsúlacht. Roghnaíomar an teideal Breac leis an meoin céanna. Breac Ballach, chomh folláin le Breac, bó bhreac, cuilt breac, tá an áit breac ballach le daoine, éadach a bhreacadh, páipéar a bhreacadh le scríbhinn, ag breachan. Tá fuinneamh spraoímhear ag baint leis an focail seo, tá sí breacadh. Ba mhaith liom chéad míle fáilte a chur roimh chách mar phríomheagrathóir an chéad iris Breac. Fiú má tá tú i do shean- ghaeilgeoir, nó le cúpla focail, nó le fuck all, tá spás ann duit san iris seo. Má tá tú sean nó óg, gaeilgeor de dath, tógtha aníos leis an teanga, aerach, aiteach - tar isteach, tá chuile rud sna leathanaigh seo le fiosrú. Ar an scáth chéile a mhaireann na ndaoine.


Eagarthóirí

Eagarthóirí

Breac

DARRAGH Ó CAOÍMH

AVA NÍ LOINGSIGH

Dia dhaoibh, a chairde! Is mise Darragh Ó Caoímh. Táim ag tabhairt faoi chéim Dlí agus Gaeilge anseo i gCorcaigh. Táim an-bhainteach go deo leis an nGaeilge agus táim thar a bheith buíoch go raibh mé páirteach sa tionscnamh seo. Bhaineas an-taitneamh as mo bhliain a chaith mé mar Chathaoirleach na Cuallachta anuraidh agus na himeachtaí go léir go raibh mé bainteach leo. Go háirithe, de thaitin díospóireacht an Oireachtais liom agus bhain mé an-sult go deo as Bhréagchúirt Uí Dhálaigh 2019 fosta. Mar aon le sin, tá roinnt mhaith oibre déanta agam le TG4 agus GaeltachtX ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Súil agam go mbaineann sibh taitneamh as mo roinn!

Is mac léinn dara bliana í Ava. Tá sí ag déanamh staidéar ar gnnó agus an Fhraincís. Is file dháthteagach Ava, scríobhann Ava dánta gearra greanmhar (nó ag iarraidh a bheith grannmhar ar aon ós!) as Gaeilge agus as Béarla. Tá a obair le fáil i Motley, The Quarryman, Uprooted, in irishleabhar litríochta sgus i gcúpla nuachtán. Thosaigh saol na scríobhnóireachta Ava sa triú blian nuair a phioc a múintóir Béarla ceann dá haistí le léamh ag a bainise. D'fhloghlaim Ava a chuid Gaeilge ar scoil (i scoileanna lán Béarla ach de thraidisúin Gaelach) agus chuir sí feabhas ar a cuid Gaeilge i gConnamara an áit ina rinne sí cúpla dos na cairde is fearr atá aici. Beidh Ava ag coimead súil ar an Roinn Siamsíochta i mbliana ag déanamh cinnte nach mbeidh aon rud ró-dáiríre ann!

Eagarthóir tuairmíochta is Gné-alt

6

Eagarthóirí Siamsíochta


ORLA NÍ LAOCHDHA

ELLA NÍ CHUIRTÍN

GRACE CLARO

Is scoláire as an chéad bhliain í Orla, tá sí ag baint chéim amach sa dlí agus Gaeilge. Tá áthas an domhain uirthí a bheith ag obair le Breac. Is aoibhinn léi an Ghaeilge mar baineann stair mhórluachach léi agus is rud anspeisiúil í ár dteanga dúchais dúinn mar daonra. Ina theannta sin, is teanga álainn í. Spreag a múinteoir don Ardteist a grá don Ghaeilge le ranganna díospóireachta agus óráidíochta. Ghlac Orla páirteach i gCraobh Díospóireachta Gael Linn 2020 agus bhí sí mar láthair oíche amháin ar Raidió Rí-Rá, le tacaíocht na Cuallachta. De réir Orla, bíonn sé an-tábhachtach gach duine iad féin a chur in iúl agus tugann faisean an seans sin dúinn. Tá Orla ag tnúth go mór leis a grá don Ghaeilge agus faisean a roinnt le na léitheoirí, le súil go mbainfidh sibh an-taitneamh as a roinnt san iris seo!

Is scoláire leighis mé anseo a bhfuil an-dúil sa Ghaelainn agam. Fuaireas mo chuid Gaelainn óm’ mháthair críonna, agus bhí tionchar mór aici ar mo shaol agus mé im’ ghearrcach óg. Bhí saibhreas na Gaelainne aici agus thug sí blas breá Gaelainn na Mumhan dom. Anois, is Eagarthóir Chúrsaí Reatha mé le Breac, agus tá sceitimíní orm toradh an tionscadail seo a thabhairt daoibh. Táim an-thógtha le filíocht Raiftearaigh agus saothar an gaiscígh áitiúil Séan Ó Ríordáin, agus ‘sé an leabhar is fearr liom ná ‘Fiche Bliain ag Fás.’ Do chaitheas seal sa Fhrainc anuraidh ar thaithí oibre agus ‘sé mo bhrionglóid ná bogadh anall ann nuair a bheidh mo chéim bainte amach agam. Seans go mbunfadsa an chéad cheantar Gaeltachta sa Fhrainc fad is mé a bheith ann!

Tá ról na muinteora agam agus mé ag obair le Breac. Mar eagarthóir ghaeilge déanam roinnt ceartúcháin ar gramadach agus litríocht, agus cuirim snas na teanga isteach sna haltanna nuair is gá. Nuair a chuala mé faoi bhunúchán an iris lán-ghaeilge nua seo, bhí mé ar bís agus thapaigh mé an deis páirt a ghlacadh inti. Tá éacht bainnte amach ag Niamh, Emer, Oonagh agus Orla agus an bhfoireann uile chun an bhfoilsiúcháin seo a chuir le chéile i measc na dálaí ainnis seo. D’oibríomar go hiomlán ar-líne agus bhí cruinnuithe fíorúil againn thar líne. Chomh maith leis sin eagraíodh griangraifeanna don gcuid faisean go hiomlán ó chian agus tá na pictiúirí ar fheabhas. Táim anbhródúil as an iris seo agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as na leathanaigh seo a léamh

Eagarthóirí Faisean

Eagarthóir Cúrsaí Reatha

7

Eagarthóir Gaeilge


Cursaí Reatha

Obair Sa Bhaile

Réiteach don todhchaí?

LE ORLA NÍ LAOCHDHA In am an ghátair, tagaimid le chéile chun réiteach d’ár bhfadhbanna a aimsiú. Feictear seo leis an víreas corónach; tá vacsaín againn lú de bhliain amháin ón gcéad dhianghlasáil. Cé nach mbaineann mórán torthaí dearfacha leis an bpaindéimeach, is suntasach an rud é go bhfuil laghdú ar na sceitheadh carbóin san atmaisféar. Le tabhairt isteach srianta dhianghlasála leibhéil a cúig, níl éinne seachas na hoibrithe riachtanacha ag teastáil chun obair a dhéanamh. Ghlac na hoibrithe eile le hathrú an tsaoil oibre. Chuir siad feabhas ar a scileanna ríomhaireachta chun freastal ar na cruinnithe ar líne agus an obair a dhéanamh lasmuigh de na háiteanna oibreacha. Bhí dualgas ar na scoláirí staidéar a dhéanamh lasmuigh den scoil. Mar is eol do chách, rinneamar ár ndícheall cloí leis na hathruithe inár saoil agus dá bhrí sin, chonaiceamar buntáiste láidir amháin – slí féideartha chun na hastuithe carbóin a laghdú níos luaithe. Thar na blianta, dúirt na saineolaithe go raibh fadhb uafásach againn – athrú aeráide. Is fíor a rá nár thugamar aghaidh ar an bhfadhb seo; mar shampla i rith an Tíogair Cheiltigh, mhéadaigh na hastuithe. De réir an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO), mhéadaigh sceitheadh an iompair níos mó ná sceitheadh ar bith eile ag an am. Ní hé sin le rá gur thug gach mac máthar agus iníon athar neamhaird ar an bhfadhb; bhí dream beag ag iarraidh éabhlóid a chruthú. I Meán Fómhair 2018, tháinig cailín amháin ón tSualainn go dtí an spotsolas. Greta Thunberg ab ainm di. Chuaigh sí ar stailc ón scoil, agus chruthaigh sí an éabhloid a bhí á lorg ag an dream beag sin. Tharraing a feachtas aird ó gach cearn den chruinneog, bhí an pobal ag caint faoin timpeallacht agus tháinig na polaiteoirí le chéile chun pleananna a chur i gníomh san Aontas Eorpach agus sna tíortha ar fud an domhain. Don chéad uair, bhí gluaiseacht dearfach i gceist. I bpreabadh na súl, cuireadh an timpeallacht ar an méar fada ar feadh tamaill. Thángamar le chéile mar dhaonra chun déileáil leis an bpaindéimeach. D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú

Breac

Comhshaoil (EPA) tuairisc shuntasach i mí Eanáir; de réir a taighde, bhí laghdú 17% ar bhreith sceitheadh bainteach le cúrsaí iompair i 2020 i gcomparáid le 2019 ar oileán na hÉireann. Bhí caitheamh peitreail 27% níos ísle ná i 2019. Tá a fhios ag na madraí sa bhaile gur thoradh é seo ar an obair a rinneamar sa bhaile in ionad an áit oibre. B’iad na sceitheadh i 2020 na sceithe is ísle ó 2011, a bhuí sin leis an bpaindéimeach. Caithfear a admháil go raibh laghdú ollmhór ag an tSín chomh maith, ach nuair a tháinig an tír amach as a dianghlasáil, d’fhás an geilleagar arís agus mhéadaigh na sceitheadh. I mí Eanair 2019, sheas Greta Thunberg roimh an World Economic Forum san Eilvéis agus dúirt sí go raibh ár dteach trí thine. Ní féidir a shéanadh go bhfuil ár bpláinéid faoi bhagairt a bhuí le hathrú aeráide. Spreag tuairisc ón EPA agus Climate Case Ireland i mí na Samhna 2020, breithiúnas ón gCúirt Uachtarach i mí Lúnasa 2020 nach raibh Éire ag baint a spriocanna amach. Ní hí an timpeallacht an chloch is mó ar phaidrín an rialtais anois de bharr an phaindéimigh, ach, agus sinn ag teacht thar n-ais chugainn féin ón víreas, is léir go mbeidh sé riachtanach díriú isteach ar chur chuige nua a chruthú chun an tsochaí níos slántiúla atá feicthe ag Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, a shroiceadh. Tugtar le fios ón taighde atá déanta ag an EPA go bhfuil tús maith curtha againn ar ár n-iarrachtaí dul i ngleic leis an bhfadhbh seo. Nuair a bhíomar ag obair sa bhaile, ag gearradh amach an taistil go dtí agus ón áit oibre, bhí laghdú tábhachtach ar na sceithe biniúla. Mhúin an dianghlasáil dúinn conas maireachtáil i slí níos fearr d’ár dtimpeallacht. Cuimhnímis nach mbronntanas ónár dtuismitheoirí é ár bpláinéid, ach go bhfuil sé ar iasacht againn ónár bpáistí, mar a deir na saineolaithe. Tá dualgas orainn an timpeallacht a chaomhnú don todhchaí. An é an freagra ná obair sa bhaile? Cliseadh na sceithe de réir Sustainability Association of Ireland (SEAI) - bíonn na sceitheadh is mó ag baint le húsáid fuinnimh (agus mar sin obair lasmuigh den bhaile)

8


‘Níl Teora ins an Gaisce atá Ionat’ In omós do laoch Chorcaí agus seoid i gcoróin na hÉireann LE ELLA NÍ CHUIRTÍN Tháinig scamall anuas ar mhuintir Chorcaí agus ar dhomhain an Chumann Lúthchleas Gael le fógairt bháis Éamonn Uí Riain (Ryan), iar-phríomhoide Scoil Náisiúnta Cnocán na Biolraí, iar-Oifeagach Forbartha an CLG anseo i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus, sa ról inar bhain sé aitheantas agus cáil amach go forleathan sa tír, iar-bhainisteoir fhoireann peil na mban Chorcaí. Tá a bhás ar an 14ú d’Eanáir na bliana seo fós ina néal os ár gcionn, agus is ar fhocail Thomáis Uí Chromhthain a smaoiním nuair a labhraítear faoin oidhreacht a d’fhág sé nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne; “Ní bheidh (a) leithéad arís ann.” Rugadh agus tógadh an gaiscíoch seo i gCnochán na Biolraí sa bhliain 1941. Bhí dúil sa CLG i gcónaí aige, agus chaith sé geansaí foireann peile Chorcaí sna seascadaí. In aineoinn na ngaiscí áitiúla agus náisiúnta a thuillfeadh sé thar na blianta, déarfadh sé i gcónaí gurb é bua an chontae i 1974 le foireann shóisearach Cnocáin na Biolraí buaic na glóire dó. Sin an saghas fear a bhí i gceist; fear lách, fear uamhal, fear séimh, agus cainteoir líofa Gaeilge leis. Le céim sa bhunmhúinteoireacht, do chaith sé a shaol ag treabhadh leis chun scileanna lúthchleasaíochta, scileanna acadúla, agus scileanna pearsanta a fhorbairt sna glúnta go raibh an t-ádh leo bualadh leis. Deirtear gur treise an dúchas ná an oiliúint, ach is deacair an tionchair a bhí aige ar na himreoirí idir óg agus aosta féna chúram a shéanadh. Bhí sé ina bhainisteoir fhoireann peil na mban Chorcaí ó 2004-2015, agus le linn na tréimhse san, do tháinig Corn Brendan Martin go bruach na Laoi deich n-uaire. Bhí na cailíní seo ina mbanraíona craobh peil na mban, agus bhéarfaidís mionna gurb é Ryan é fhéin ba chúis leis, Ryan agus an sprid agus an comhluadar a chruthódh sé ar an bpáirc peile, agus lasmuigh de. Cé go raibh níos mó ratha ag mná Chorcaí ná a bhí ag aon fhoireann nó pearsa spóirt eile ag an am san, is ag snámh in aghaidh easa a bhíodar chun aitheantas ar bith a bhaint amach, go háirithe sna meáin; ba chosúil go rabhadar “dofheithce,” ar shí, ar a shon is gur chailíní a bhí i gceist. Ach ní raibh dabht ar domhan in aigne Ryan go raibh a chuid banpheileadoirí chomh maith le haon fhear a bhí á phlé ar an ‘Sunday Game.’ Dúirt iarpheileadóir Chorcaí Valerie Mulcahy san ‘Irish Examiner’ gur dhein sé comparáid idir a cuid gaiscí féin agus gaiscí an Gooch agus Maurice Fitzgerald, rud nach ndéanfadh iriseoirí spóirt ag an am san in aon chor. Do chreid sé go daingean go raibh an meas céanna tuillte ag mná agus fir i ndomhain an CLG, agus ba cheannródaí ceart é san aimsir san. Deirtear go bhfuil gach dalta mar a oiltear, agus bhí Ryan i bhfad níos mó ná bainisteoir peile i shaoil na n-imreoirí a d’imigh i mbun peile agus iománaíochta leis.

Feabhlsamh a bhí i gceist, agus chuaigh a chuid searmóin go mór i bhfeidhm ar an slua a bhí bailithe chun éisteacht leis, bíodh san sa seomra feistis nó i halla na scoile. Bhí raidhse leathan scéalta ina cheann aige, ar nós an mheafair a bhain le stíl eitilte scata ghé agus an gaol idir ghrúpa daoine, agus d’úsáid sé na scéalta siúd chun an foireann a bhí faoina stiúir a spreagadh chun glóire. Bhí cuma nádúrtha air agus é ag tabhairt a óráide, ach ba dhíograiseach an cleachtadh a dhéanfadh sé roimh ré; chreid sé go mór i ndiansaothrú. Bhí tionchar aige ar shaol pearsanta na n-imreoirí i slí nach mbeadh ag gnáth-bhainisteoir eile. Dúirt iarpheileadóir Chorcaí Rena Buckley in agallamh le ‘Breac’ gur fear bríomhar, báúil agus séimh a bhí ann, agus bua na scéalaíochta aige; chruthódh sé dlúthcheangail le daoine go héasca. Nuair a chuirfeá aithne níos fearr air mar thraenálaí, d’fhéadfadh sé bheith dian agus éilitheach, ach sin de dheasca go mbíodh sé ag gríosadh a chuid imreoirí i gcónaí lena lánacmhainneacht a chomhlíonadh. Theastaigh uaidh go dtiocfaidís fé bhláth i ngach gné den saol. Shín sé an lámh chúnta dos na cailíní ar an bpáirc peile, agus lasmuigh de. Chabhraigh sé le Rena snas a chur ar a scileanna cur i láthair, lena cuid oibre mar fhisteiripeoir, agus lena taithí mar thraenálaí í féin. Fear mór spóirt a bhí ann, ach ba é a fhláithiúlacht an bua is mó a bhain leis. ‘Níl teora ins an gaisce atá ionat,’ ab ea mana Ryan sa saol, agus do spreag sé glúin imreoirí lena fhocail fáidhiúla. Bua na múinteoireachta a bhí ag an bhfear seo, a mhúnlaigh domhain an spóirt, agus domhain spóirt na mban ach go háirithe, dúinne, agus do shliocht ár sleachta. Fear críonna, fear lách, fear uamhal a bhí ann, ach ní raibh ann ach fear ag deireadh an lae; níl luibh ná leigheas in aghaidh an bháis, agus i measc na Naomh anois atá sé. Ní bhíonn in aon rud ach seal, ach ré órga peil na mban a bhí sa seal a chaith an gaiscíoch Éamonn Ryan inár measc. I lámhaibh Dhéidh go raibh sé.

9


An Daonlathas agus Uganda

Tír fé smacht na míleata

LE JANE HOLLAND Is deacair an rud é smaoineamh faoi na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag na daoine a chónaíonn in Uganda fé láthair. Ní féidir íomhá de Uganda a chruthú gan teannas foréigneach de shaghas éigint a bheith intuigthe, toisc nár bhlais an tír seo daonlathas liobrálach ó bunaíodh an stát tar éis é a bheith coilínithe ag na Sasanaigh. Ag an am sin níor cuireadh gnéithe daonlathais líobrálaigh ar nós saoirse na meáin chumarsáide i bhfeidhm de bharr easpa brú ó bhaill an rialtais. Chomh maith leis sin, is cóir nach mbeadh sé deacair vóta a chaitheamh i dtoghchán; ach is amhlaidh atá an scéal in Uganda toisc nach mbíonn na ceannairí i gcónaí ionraic, agus is minic a bhíonn amhras faoin mbuaiteoir, go háirithe mar go bhfuil Museveni tar éis bheith ina Uachtarán Uganda le nach mór daichead bliain. Mar bharr ar an donas, níl éinne ann chun seasamh in aghaidh Museveni; má deireann duine go bhfuil an rialtas tíoránta, nó muna aontaíonn duine leis go poiblí, caitheann Museveni i bpríosún iad. Mar sin, is cinnte go bhfuil daonlathas aindleathach i gceist le rialtas Uganda, mar a fheictear san Ungáir, le Viktor Orbán, agus le Vladimir Putin sa Rúis. Gan aon agó, cuireann na samplaí seo práinn agus baol poinc Uganda in iúl do chách, agus is cóir dúinn an scéal a phlé. Is minic in Éirinn nach n-aithnítear an tábhacht a bhaineann leis na meáin chumarsáide chun an fhírinne a insint don phobal i gcoitinne. Baineann tábhacht le lucht na nuachta, mar deimhníonn said go mbíonn an rialtas i gcónaí freagrach as gach feachtas atá curtha i bhfeidhm acu. In Uganda, níl na meáin chumarsáide in ann aon rud mar gheall ar Museveni a rá, gan a bheith i bponc. Chomh maith leis sin, i rith an toghcháin is déanaí ní raibh éinne in Uganda in ann an idirlíon a úsáid toisc go raibh sé dúnta ag an rialtas; ní raibh na daoine in ann é a úsáid arís go dtí gur toghadh Museveni mar Uachtarán. Cé go raibh seans maith ann nach mbeadh sé rathúil agus go mbeadh an bua ag an réalt popcheoil Bobbi Wine, bhí an rialtas ag iarraidh nach mbeadh éinne in ann tuairimí a scaipeadh mar gheall ar chursaí an toghcháin. Tá cur i gcrích an daonlathais liobrálaigh le feiscint i ngach stát iartharach atá mar dhaonlathas, mar shampla sa raic i Mhéiriceá le déanaí le hiarrachtaí Donald Trump a tháinseamh as an ról a bhí aige mar Uachtarán na Stáit Aontaithe. Cé gur theip ar an Seanad é sin a dhéanamh, is cinnte nach mbeadh ar Trump déileáil le torthaí na bhfocal a usáideann sé gan an brú ó na meáin, cé go mbíonn sé de shíor ag iarraidh an bonn a bhaint uathu. Is é an rud dainséarach in Uganda ná gur éirigh le Museveni stad a chur leis na meáin le dhá bhliain agus fiche scór. Sin an fáth go gceapann an chuid is mó den daonra sa tír sin nach fiú é vóta a chaitheamh agus airgead a chailliúnt á dhéanamh, in ionad a bheith ag obair chun béile a chur ar an mbord dá gclanna.

Breac

Tá an saol seo uafásach dos na daoine ar fad atá ina gcónaí in Uganda, ach ag an am céanna níl taithí ag muintir na tíre seo ar chineál saoil ar bith eile. Sular tháinig Museveni ar an láthair bhí Idi Amin i gceannas ar Uganda, fear a bhí i bhfad níos measa ná Museveni agus a spreag faitíos i measc an phobail. Mharaigh sé a dhaoine féin, agus is deacair cur síos a dhéanamh ar an saghas céasta a rinne sé gan chinedhíothú a thabhairt air, mar is é sin go díreach cad a rinne sé leis na mílte duine (tá an uimhir daoine a mharaigh sé i bhfad ró-ard le figiúr cruinn a thabhairt air). Mar sin, is é an ‘Coup d’état’ an slí is dleachtaí (cé nach bhfuil sé) a bhí in úsáid in Uganda riamh chun cumhacht a choimeád, toisc gurb é sin an slí ina fuair an bheirt acu, Museveni agus Idi Amin, an teideal de dheachtóir Uganda. Níl taithí ag rialtas Uganda ar dhaonlathas ceart toisc nár bhlais said riamh é; síleann said go dtagann cumhacht leis an méid daoine atá san arm agat, an méid fola a doirtear, nó an méid foréigin a úsáideann tú. Ní fíor é sin, ach más forleathan atá na smaointí seo in Uganda, conas is féidir leo treabhadh in aghaidh cad atá i ndán don tír? Is cinnte nach bhfuil freagra na ceiste seo simplí, agus ní dóigh liom go sásófar gach ball den phobal le hathrú ar rialacha agus feidhmniú na tíre sin, ach is cóir go mbeadh muintir Uganda in ann seasamh dá gcearta. Cé nach bhfuil Bobbi Wine foirfe agus go bhfuil íomhá saghas seanfhaiseanta ina cheann aige le haghaidh todhchaí Uganda, n’fheadar an féidir le héinne a shéanadh go spreagann a chuid ceoil dóchas i muintir na tíre. Tá súil agam go mbeidh sé in ann Uganda a ghríosadh chun gnímh ó thaobh na saoirse agus an chomhionannais atá uatha.

10


An t-Aontas Eorpach & An Ghaeilge LE SAOIRSE NÍ DHONNCHADHA Idir an chéad chás riamh as Gaeilge sa Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach agus deireadh an mhaolaithe Gaeilge, is léir go bhfuil stádas na Gaeilge ag feabhsú ar fud na hEorpa. Tá an taoide ag casadh don Ghaeilge san Aontas Eorpach. D’éist Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach an chéad chás riamh as Gaeilge i Lucsamburg i mbliana. I dtéannta sin, tiocfaidh deireadh leis an maolú ar an nGaeilge san Aontas Eorpach ag deireadh na bliana, a laghdaíonn úsáid na Gaeilge san Aontas. Is cinnte go bhfuil úsáid na Gaeilge ag dul chun cinn san Aontas Eorpach. Cé gur teanga oifigiúil don Aontas Eorpach í an Ghaeilge, níor éist Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach cás as Gaeilge riamh ó tháinig Éire isteach san Aontas Eorpach sa bhliain 1973. Tharchuir an Ard Chúirt cás as Gaeilge chun na Cúirte i Lucsamburg sa bhliain 2019 áfach agus d’éist Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach é in Eanáir i mbliana. Sheoladh na doiciméid go léir go dtí an Chúirt i Lucsamburg as Gaeilge agus bhí an éisteacht as Gaeilge freisin. Aistríodh an éisteacht ag an am céanna do na breithiúna. Dírigh an cás ar theip an stáit rialacha an Aontais Eorpach ar chur i bhfeidhm maidir le lipéadú dátheangach ar leigheas tréidliachta in Éirinn. Is léir go raibh Éire ag sárú dlí an Aontais Eorpach ach rachaidh an dlí sin in éag sa bhliain 2022. Caithfidh an Chúirt cinneadh a dhéanamh ar dá mbeadh cead ag an Ard-Chúirt in Éirinn neamhaird a thabhairt ar an sárú sin toisc go bhfuil an dlí ag teacht chun deiridh go luath. Ceaptar go dtabharfaidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach cinneadh go gairid. Tá an cás seo an-suntasach do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Bhí an t-iarratasóir, Peadar Mac Fhlannchadha,

an-sásta leis an gcás as Gaeilge agus dúirt sé go gcuirfidh sé feabhas ar stádas dlí na Gaeilge. D’athdhearbhaigh Feisirí Pharlaimint na hEorpa Billy Kelleher a smaointe agus dúirt sé gur ócáid “iontach agus tábhachtach” a bhí i gceist d’Éire. Níl an cás seo an t-aon athrú tábhachtach do stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i mbliana. Ó tharla gur teanga oifigiúil san Aontais Eorpach í an Ghaeilge, rinneadh maolú a ligeann do na institiúidí na cáipéisí atá le haistriú a roghnú. Tá an maolú sin ag teacht chun deiridh faoin 31 Nollaig 2021 áfach agus bheadh stádas dlí iomláin ag an teanga. Rud eile a d’fhéadfadh cabhrú úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach ná an Breatimeacht. Beidh níos lú tábhacht ag baint leis an mBéarla mar gheall ar Bhreatimeacht agus dá bharr is dócha go mbeadh níos mó béime ar an nGaeilge, mar ár dteanga náisiúnta. Beidh go leor postanna agus deiseanna le fáil san Aontas Eorpach do chainteoirí Gaeilge sa todhcaí dá bharr. Tá súil agam go mbeidh níos mó suime sa Ghaeilge mar gheall ar an aitheantas seo san Aontas Eorpach. Nuair a fheicfidh daoine an ról tábhachtach na Gaeilge ar fud na hEorpa b’fhéidir go dtosóidh ag tabhairt faoi deara tábhacht na Gaeilge in Éirinn chomh maith. Léiríonn úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach nach bhfuil an Ghaeilge caillte dúinn agus nach labhraítear Gaeilge ach i nGaeltachtaí amháin, is féidir í a úsáid ar fud na tíre agus anois ar fud na hEorpa. Le cúnamh Dé réiteoidh an cás seo sa Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach an bealach do chásanna eile as Gaeilge sa Chúirt agus sna cúirteanna in Éirinn chomh maith. Is cosúil go bhfuil stádas na Gaeilge ag dul i bhfeabhas san Aontas Eorpach agus go mbeidh go leor cásanna mar seo ag siúl as Gaeilge sa Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpach sa todhcaí.

11


Phelan agus Bennett

Damáiste Comhthaobhach Chórais Sláinte na hÉireann

LE ELLA NÍ CHUIRTÍN Sin a cheistigh Síle Ní Dhubhghaill, ionadaí gníomhach des na Daonlathaithe Sóisialta, nuair a tháinig an tuairsc is déanaí mar gheall ar na hÁrais Máithreacha agus Leanaí chun solais i dtús na bliana seo. Bhí cuma ar an scéal ag an am san go raibh cúrsaí ar tí athrú, ach cleas an philibín a bhí i gceist, mar is gnáth. Ní gá ach féachaint chomh fada le cruachás Vicky Phelan agus Lynsey Bennett chun aithint go bhfuil an rialtas fós ag déanamh faillí ar mhná na tíre seo, go bhfágtar ar leataoibh na daoine is leochaillí inár sochaí. Is sa bhliain 2014 a d’iompíodh saol Vicky Phelan bun os cionn, le fáthmheas ailse cheirbheacs; ach rud nár thuig sí ag an am, ná go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag cur an dallamullóg ar mhíle bean a bhí cloíte go maith ag tuairisceoireacht éigrinn a gcuid tástáil smearaidh. Trí bliana i ndiaidh san, d’airigh sí go raibh a cuid dochtúirí ag caitheamh anuas uirthi, agus go bhfuair sí toradh bréagdhiúltach i scrúdú sa bhliain 2011. Idir an dá linn, bhí gach seans go leigheasfadh í le cúram dochtúra; ach níor ligeadh di an deis san a thapú. Is ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán, agus dhein Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte iarracht an phraiseach ina raibh an córas a cheilt uaithi, agus uainn uilig. Dúradh léi go raibh a rás rite aici; go mbeadh sí i gcré na cille, ag iompar na bhfód, i gceann bliana. “An rud nach bhfuil leigheas air, caithfear cur suas leis,” a deirtear, ach níor bhuail cumadóir an natha san le Phelan, a déarfainn; banríon agus gaiscíoch, ionadaí na mban seo ar caitheadh ar charn aoiligh na beatha iad ag ár rialtas, agus í fós ag stocaireacht an chóir a éileamh ar son mná na hÉireann. Is de dheasca feachtais Phelan go bhfuil íobartaigh an scannail ailse cheirbheacs in ann troid in aghaidh an todhchaí réamhcheaptha atá leagtha os a gcomhair amach. Í siúd a streachail go dtí go raibh an druga ceannródach ‘pembrolizumab,’ ar fáil di féin agus dos na mnáibh uilig a bhí ag streachailt léi. Í siúd a nochtaigh an scannal nuair a bhí na héinne ag iarraidh é a choiméad fé rún daingean. Í siúd anois atá díbeartha go Maryland sna Stáit Aontatha chun páirt a ghlacadh i dtriail chliniciúil de bharr neamhairde ár gcórais sláinte anseo. Tá traidisiún láidir againn sa tír seo mná a chur fé chois agus faillí a dhéanamh orthu, agus is léir ó chás Phelan nach gcífimid iompadh na taoide san in aicearracht. Bhí uirthi a clann a fhágaint taobh thiar di agus bóthar a bhualadh i lár paindéim Covid-19, aimsir lán de chontúirt agus buairt. Beidh trí drugaí á thógaint aici sa triail seo, rud nach bhfuil taithí aici leis, agus is rud imníoch di bheith ina haonair, trí mhíle míle ó bhaile, agus dall ar chonas mar a rachaidh an teiripe seo i bhfeidhm ar a corp sna laethanta amach roimpi. Ach is cumhachtach an bhean í Phelan. Níl sí chun éinne nó aon rud a ligint an lámh in uachtar a fháil uirthi.

Breac

Aithnítear cara i gcruatan, agus deir sí go dtugann a clann agus a cairde sa bhaile, maraon le beannachtaí an phobail i gcoitinne, misneach di treabhadh léi. Do gheall an rialtas an ghrian agus an ghealach dos na mná a thréigeadar, ach táid fós dá dtarraingt tríd na gcúirteanna, mar a chonaicemar i gcás Lynsey Bennett le déanaí. “Seans nach mbeadsa i bhur dteannta ar ball beag,” a dúirt sí go cróga lasmuigh den Ard-Chúirt, agus chuir muintir na hÉireann ár gcinn fúinn le náire gur chuireamar bean bhreoite shoghanta sa chruachás seo. Fágann an tslí gur chaith rialtas na hÉireann le mná na tíre máchail ghránna ar stair an oileáin seo againne. Fágaimid slán le Bennett agus í ar thóir idirghabháil teireapacha i Meicsiceo a thabharfaidh blúirín beag ama eile di chun bheith ina máthair dá beirt iníonacha mhuirneacha. Scapaithe timpeall na cruinne atá sliocht na hÉireann ó aimsir an Ghorta Mhóir, ach ní féidir na Sasanaigh a lochtú an uair seo. “Mór mo bhrón: d’éag an dream inar chuireas dóchas,” a dúirt an Piarsach, ach anois is sinne a thréig ár muintir féin, agus is scannal é. Guímid gach rath oraibh, a Vicky agus a Lynsey, ár spéirmhná agus ár ngaiscí, agus sibh amuigh thar sáile ag troid ar son bhur gclann, agus ar son mná ar fud na tíre. An té a bhfuil builín aige, gheobhaidh sé scian lena ghearradh, agus le cúnamh Dé, tiocfaidh sibh slán sábháilte thar n-ais chugainn. Tá na coinnle ar lasadh anseo daoibh. Tá na húrnaí á rá. Seasaimid uilig libh. Nár laga Dia sibh.

12


‘Go n-éirí an bóthar leat Go raibh an ghaoth go brách ag do chúl Go lonraí an ghrian go te ar d'aghaidh Go dtite an bháisteach go mín ar do pháirceanna Agus go mbuailimid le chéile arís, Go gcoinní Dia i mbos a láimhe thú.’ 13


Siamsaíocht

Comhrá le Bríd Browne Tá sá in am léim ar bord na Bandwagons! LE HOLLY BUCKLEY Is mór an onóir dom a fháil agallamh le Bríd Browne. Is podchraoltóir, léiritheoir teilifíse agus Gaeilgoir dílis as Loch Garman í. Tá aithne uirthi mar leath amháin an phodchraoladh íocónach pop cultúrtha darb ainm Bandwagons, a óstáil sí le Fionnuala Jones. Mura n-éist tú riamh, caithfidh tú chomh luath agus is féider leat! Tabharfaidh sé sonas beag níos mó do do shaol, go háirithe le linn na n-amanna crua seo. Le linn an chomhrá, d’inis Bríd dom faoi Bandwagons, a taithí oibre ar léirucháin TG4 agus RTÉ agus go leor eile. Ag tús an comhrá, labhraíomar faoi an podchraoladh agus cad a bhfuil sé ar fad faoi. Le breis agus leath mhilliún íoslódálacha, tá sé sábháilte a rá go bhfuil Bandwagons ar cheann de na podchraoltaí Éireannacha is fearr ann faoi láthair. Míníonn Bríd go bhfuil Bandwagons dianchúrsa i ngach rud a bhfuil gach duine eile ag caint faoi: “Is podchraolta pop cultúrtha é, bíonn muid ag plé na rudaí a bhíonn gach duine eile ag labhairt faoi, ó theilifís go hinbhuanaitheacht agus gach rud eatarthu. Déanaim é le mo chara Fionnuala agus ár léiritheoir Shane agus bíonn an méid is mó craic againn”. Is é an rud is mó a thaitníonn liomsa faoi Bandwagons ná an rogha ollmhór ábhar a clúdaíonn siad, tá

Breac

rud éigin ann do gach duine. Is é ‘The Den (with Ian Dempsey & Francie Boylan)’ an eipeasóid is fearr liom go pearsanta. Chuir mé ceist ar Bríd cad a bhfuil an ghné ab fhearr léi faoi an podchroaladh a dhéanamh. D’fhreagair sí: “Thosaigh muid é so bheadh leithscéal againn chun labhairt lena a chéile uair amháin sa tseachtain ar a laghad. Bíonn craic iontach againn nuair atá muid ag taifead lena chéile so an rud is fearr liom faoi ná an t-am a chaitheann muid lena chéile”. Bíonn Bríd agus Fionnuala an-ghreannmhar i ngach eipeasóid – péire foirfe atá ann! Braithníonn tú go bhfuil tú ag suí timpeall ag gáire le do chairde nuair a mbíonn tú ag éisteacht. De réir mar a rinneadh an t-agallamh tríd Gaeilge, theastaigh uaim a fháil amach an bhfuil aon phleananna ag Bríd chun seó a dhéanamh trí na Gaeilge… Deir sí: “Bhí sé ar intinn agam cheann a dhéanamh thart ar Lá Fhéile Pádraig ach níor tharla sé. Tá caighdeán maith Gaeilge ag Fionnuala freisin so b’fhéidir tarlóidh sé am éigin sa todhchaí”. Coinneoimid trasna ár méara go dtarlaíonn sé seo… coimead súil amach! Toisc gur Gaeilgóir í Bríd, d’iarr mé uirthi insint faoina caidreamh leis an teanga Gaeilge agus an obair a rinne sí ar léiriúcháin Éireannacha: “Fuair mé mo chuid Gaeilge ó na cúrsaí agus an obair a rinne mé sa Ghaeltacht i gConamara le Spleodar. Tá sé go hálainn thall ansin agus bhain mé an-sult as a bheith ann leis na mná tí agus na cinnirí eile. Ní bheidh an méid sin neamhspleáchas agus craic agam ríomh arís. Chomh maith le sin, bhain mé céim amach sa Ghaeilge agus na Meáin in Ollscoil na Cathrach, BÁC. Táim beagáinín as cleachtadh le mo chuid Gaeilge faoi láthair faraor, so táim ag déanamh cúrsa le Gaelchultúr chun mo líofacht a fháil ar ais. D’obair mé le comhlacht léiriúchán ar feadh dhá bhliain, bhíodh sé an comhlacht céanna ná a rinne Pioc do Ride. Le linn na tréimhse a chaith mé ansin d’obair mé ar Blasta agus Creative Company do TG4. Bhí sé go hiontach le bheith ag obair agus ag bualadh le Gaeilgeoirí ar fud na tíre. Rinneamar a lán taisteal i rith na dtaifead so bhí mé i nDún na nGall lá amháin agus an Daingean an chéad lá eile”. Mar fhocal scoir, toisc go bhfuil paisean ag Bríd i gcomhair pop gcultúr agus an Ghaeilge araon, d’fhiafraigh mé di cad é an clár TG4 ab fhearr leí: “Pioc do Ride, ar ndóigh! Is cuimhin liom nuair a bhí mé i mo dhéagóir bhí mé gafa le Paisean Faisean, is dóigh go bhfuil na cuimhneacháin chéanna ag neart cailíní m’aois. Le déanaí, bhí mé féin agus mo dheartháir ag breathnú ar Bean an Tí freisin, is clár sár greannmhar é anois mar bhí sé taifeadta blianta ó shin”. Más mian leat níos mó de Bríd a chloisteáil, is féidir leat í a fháil ar Instagram @bridboo. Is féidir leat éisteacht le Bandwagons pé áit a mbíonn podchraoltaí ar fail. Is féidir lean na cailíní ar gach meain socialta ag @bandwagonspodcast.

14



Paisean Faisean

Ag feachaint siar ar sheod cultúrtha LE HOLLY BUCKLEY Ah, na noughties, an ré ina raibh sé faiseanta gúna a chaitheamh thar jeans agus an am a shiúil tú timpeall ag éisteacht le hamhráin angsty Avril Lavinge ar do Walkman. Gan amhras, bhí tú ag rith abhaile ar luas lasrach chun féachaint ar The Den tar éis am scoile, ach an cuimhin leat an sheod cultúrtha Paisean Faisean? I ndáiríre, conas a d’fhéadfá dearmad a dhéanamh ar Paisean Faisean? Is Paisean Faisean beagnach cosúil le brionglóid fiabhras domsa. Seó tipiciúil noughties a bhí i gceist. Fresin, bhí sé mar deasghnáth aistriú saoil do mhúinteroirí uaillmhianach thimpeall na tíre. Mura bhfaca tú ar Paisean Faisean riamh, go bunúsach, seó geandála a bhí ann inar roghnaigh cailín amháin dáta le buachaill ar bhonn a cumais siopadóireachta. Cuireadh de chúram ar gach buachaill aon chulaith amháin a cheannach agus a chur le chéile ó shiopa amháin leis an tsuim fhlaithiúil €400 (a méadaigh go €500 i séasúr a ceathair). Freisin, is é an rud is íorónta faoi Paisean Faisean ná ní raibh aon iomatheoir riamh paiseanta faoin fhaisean. Ní raibh clú dá laighaid acu. Ó thaobh an lae inniu de, is buntuiscint seanaimseatha agus stáilaithe é, agus is dócha gurb é an seó Tíogair Cheilteach is mó a bhí ann riamh. Is cuir amú airgid é an méad sin airgid a chaitheamh ar chulaith amháin! Níl aon chomhtharlú ann gur bhuail Paisean Faisean a luaithe a bhuail an cúlú eacnamaíochta toisc go raibh sé chomh daor. Ag amharc siar, tá súil agam go bhfuil aiféala orthu gan beagán níos mó airgid a chur isteach sa léiriú iarbhír, go háirithe an obair cheamara. Ba é an rud a fuair mé an-suntasach ag féachaint siar ar eipeasóidí de Paisean Faisean ná obair an cheamara! An raibh oibreoir an cheamara ag caitheamh rud éigin?

Breac

Tógfaí timpeall caoga gearradh i ngach comhrá dhá nóiméad ó gach uillinn a d’fhéadfá a shamhlú riamh. Gach uair a rachadh Aoife go suíomh nua bheifeá beannithe le huillinn randamach chlaonta a thógtar ón urlár! Ag smaoineamh ar anois, gabhann an gluaiseacht leanúnach agus an súmáil isteach agus amach an fuinneamh chaotic atá bun agus barr Paisean Faisean. Mar sin féin, tá sé thar a bheith siamsúil chun breathnú siar ar na héadaí lofa agus an náireacht i ginearálta. Má tá tú fiosrach anois, is féider leat féachaint ar gach éipeasóid anois ar an TG4 player.

16


COMHRA LE

KNEECAP. KNEECAP. KNEECAP.

GRIANGHRAFADÓIR PEADER GILL

17


N

KNEECAP.

LE NIAMH DE BRÚN uair a shuigh mé síos ag mo ríomhaire, bhí sceitimíní orm. Bhíos chomh neirbhíseach. Ach, ar an dtaobh eile den glaoch, d’oscail Mo Chara canna Gallaghad. Ag an bpointe sin, bhíos go hiomlán cinnte go mbeadh an comhrá seo fucking gas. Tá Kneecap ina messers cearta. Ag gach pointe go bhfuil siad álbalta cuir isteach ar an rialtas, ar TG4, na Gardaí, ar chursaí polaitíochta, Arlene Foster srl. Deannan siad é. Sílim gur iad na rockstars deireanacha atá fós againn. Tá siad ina gcuid laochra móra mílteacha. Conas a bhuaileadar le chéile? ‘Grindr... Bhuail muid ar Grindr i gcomhair gaeilgeoirí. D'oscail mé oíche amháin é agus just tháinig mé ar an lad seo agus... we’ve just never looked back since’. Ansin go dairíre, deireann Mó Chara: ‘bhí seisin ar scoil liom-sa. Bhí sé abhairín níos sine ná mise. Agus ansin bhíomar ag ól lena chéile ag seshenna lena chéile’ a insíonn Móglaí Bap: ‘agus thugamar teagmháil ar a chéile.’ Bhí an chéad scéal níos fearr dar liom. Cén fáth gur leanadar ar aghaidh leis an gceoil? Bhí an chéad amhrán acu – C.E.A.R.T.A, bhuel, bhí sé conspóideach. Bhí muintir an tuaiscirt ag tabhairt amach mar ghlaotar ‘The RUC’ ar lucht an PSNI agus bhí muintir an deiscirt ag tabhairt amach mar bhí an amhrán ag cur cuma cool ar drugaí. ‘Mar gheall gur chuir sé isteach ar dhaoine’ a mhíníonn Mo Chara. ‘Aye the craic as well’ a dheireann Moglaí Bap. Leanann Mo Chara ar aghaidh ‘Is aoibhinn linn cás maith den “fuckaround”. Níl faic eile le deanamh’ Rógairí cearta an bheirt acu- tá siad beirt ar an glaoch ag caitheamh agus ól (tá sé a haon a chloig san iarnóin). An í an chuis le Kneecap an teanga a scaipeadh nó a bheith cur isteach ar daoine? ‘ Ní théimid as ár slí é sin a dheanamh. Nílimid ag lorg é sin a dheanamh.’ Tá Moglaí Bop an-dairíre nuair a deireann sé

Breac

18

é seo ach n’fheadar an creidim é sin lads. ‘Ach an rud is fearr faoi ná go raibh polaiteoirí, muinteoirí, tuismitheoirí is a leithéad ag roinnt C.E.A.R.T.A nuair a tháinig sé amach mar níor thuigeadar é. Ansin bhí siad ar buile.’ Deireann Mo Chara ‘Yeah bhí siad ag ceapadh go raibh sé deas dearfach’. Ó thoabh cursaí polataíocht, cá sheasann na buachaillí- cad a ceapann sibh faoi Arlene Foster mar shampla? ‘Is brea liom í’ a deireann Mo Chara. ‘Le deich mbliain anuas, tá sí tar éis níos mó a dheanamh don gluaiseacht poblachtánach ná aon daoine eile.’ ‘Yeah tá sí ina absolute laoch’ deireann Moglaí Bop. Shilim go bhfuil an ceart ag Mo Chara: ‘Cad is féidir leat rá fuithi? Níl aon ionadh orm anois nuair a deireann sí rud éigint.’ Ach an gceapann na lads go bhfuil aithne ag Arlene orthu? Bíonn Mo Chara ag smaoineamh ‘Ní dóigh liom é. Ach is álainn an smaoineamh é.’ Tá meangadh gáire ar a n-aghaidheanna ‘Tá súil agam é’. Deireann Móglaí ‘Táim cinnte go bhfuil aithne aici agus Chrissy Stalford (Christopher Stalford polaiteor DUP) orainn. Nuair a cuireann tú a ainm isteach I Google tagann ár n-amhrán suas. Má théann sé ar Google ag lorg a anim féin beidh an-díoma ar.’ Ach muna bhfuil fonn ar Kneecap cuir isteach ar daoine, nó an teanga a scapadh, cén fáth go bhfuil fonn orthu a bheith mar Kneecap? Deireann Moglaí Bop, ‘Well we love attention. Sin an chéad rud’. Ansin deireann Mo Chara ‘Sin abhairín fucking existential’. Tá neart na focail ag an mbeirt acu gan dabht. An thaitinn an saol seo leo? ‘Aye bhuel just tosnaíomar á déanamh agus bhíomhar go maith chuige. That’s all life is.’ Deirtear nach dtagann ciall roimh aois ag b’fheidir go dtagann sé ar an sesh? So thaitin an saol seo leis na buachaillí. Bhí an t-ádh dearg orthu gur thit a slí beatha ar a nglúine nuair a bhí siad óg. Cad iad na rudaí is fearr leo faoi saol na gceoilteorí? Ag seinm ag féilí nó cheoilchoirmeacha? ‘Ahhh tá sé sin deacair’ a deireann Móglaí Bap. ‘Tá dhá


buzzanna difriúla I gceist’. Chonaic mé Kneecap ag Electric Picnic agus chonaic mé iad i Cyprus Avenue agus táim mé féin idir dhá comhairle ó thaobh cén buzz atá níos fearr. Deireann Mo Chara ‘Ah bhí Cyprus Avenue dóchreidte. Mar níl ach 500 daoine ann, agus tá siad go léir ann i gcomhair Kneecap. Ach í bhféile bíonn daoine ag siúl isteach is amach ón puball.’ Aontaíonn Moglaí Bop, ‘Yeah agus tá níos lú undercover guards’. An mbeidh aon suim acu a bheith san Eurovision I gcomhair Éire aontaithe? ‘Yeah deanfainn é sin. Jesus what a mark.’ deireann Mo Chara. Cúis eile i fabhar Éire aointaithe. C’mon lads. Deireann Móglaí Bap ‘Yeah cosúil le Daniel O'Donnell.’ Shílim mé fhéin go pearsanta go bhfuil na buachaillí an-difriúl Ó Daniel O’ Donnell, aineonn gur mhaith le seandaoine an dá rud. ‘Agus má raibh an praghas right’. Is docha go gheobhaidh siad votanna ó na Catalans is ná Basques. Aon phobal san Eoraip atá ag lorg neamhspléachas. ‘Sin smaoineamh maith. Ba cheart duinn é seo a eagrú’. Bhí gig Kneecap Corcaigh sna Opera House curtha ar cheall. An bfhuil fonn ar na buachaillí buail ar ais chuig contae na réabhlóidí? Deireann Mo Chara ‘Ní dóigh liom an

bhfuil aon rud pleannaithe againn i mbliana.’ Deireann Moglaí Bop, ‘Chomh maith le sin bhí sé eagraithe ag an Cork Opera House agus bíonn cathaoireacha ann agus ní thógann siad na cathaoireacha amach go micnic. So níl ‘fhios agam an scéal.’ Tá brón orm é sin a chlos agus táim cinnte go mbeidh díoma ag lucht leanúna na mbuachaillí I Corcaigh. Mar a deireann an meme ar a idirlín ‘Feel like pure shit just want her back’. ‘Ach b’fheidir beidh gig againn I Cyprus arís má théann gach rud ar aghaidh I Méain Fomhair.’ Bhí an saol a bhí ag Kneecap roimh an pandéim dochreidte. Bhí siad ag taistil ó chathair go cathair, tír go tír, bhí siad i Nua Eabhrac nuair a raibh orthu teacht abhaile ar chúis Covid. Tá sé salach soiléir go bhfuil ionadh agus athás orthu an saol seo a bheith acu. Cad a bheadh sibh muna raibh an saol seo agaibh? ‘Virgins’. Coinnigh súil amach i gcomhair mixtape nua Kneecap le DYRT.

19


Na Leabhar as agus faoin Gaeilge is Fearr le Fáil Faoi Láthair Dar Liom

LE AVA NÍ LOINGSIGH

A Ghost in the Throat

Motherfoclóir

D’inis mé bréag ag an dtús… Níl an leabhar seo go hiomlán as nó faoin Gaeilge. Is é an leabhar seo an leabhar is mo laibhraítear faoi ar Twitter faoi láthair; “A Ghost in the Throat”. Leabhar iontach is ea í. Cruthaíonn Doireann Ní Ghríofa domhan nua lena focail agus faigheann létheoir léargas ar a saol. Cosúil le Peig is téacs feimineach é seo agus tá scéalaíochta dochreidte ann chomh maith! Freisin tá an cuid is mó den scéal suite i gCorcaigh agus mar sin is mar brionglóid d’aon ‘Corconian’ é. Feimineachas, Corcaigh, dán álainn Gaelach agus UCC céard eile a mbeadh ag teastáil uainn?

Is é an leabhar “Motherfóclóir: Dispatches from a Not So Dead Language” an céad leabhar ar ár liosta. Tosnóidh mé le sin mar is leabhar deas greanmhar é, níl sé ró-dháiríre agus tá sé trí Béarla faoin Gaeilge, mar sin bheadh sé an oirúineach do thosaitheoirí. Ritheann an leabhar sin trí na focail is tábhachtaí i saol na Gaeilge le cruinneas ‘s i slí neamhfhoirmúil, greanmhar. Oireann an leabhar sin d’aon labhraidóir nó fiú foghlaimóir na Gaeilge. Leabhar suimúil, eadaeachasúil is ea é an leabhar seo ach seachas gach rud mar sin, an rud is fearr faoin leabhar ná go spreagach sé grá don Ghaeilge!

DOIREANN NÍ GHRÍOFA

DARACH Ó SÉAGHDHA

Peig

Selected Poems

Cad é an chéad leabhar eile ar an liosta ach “Peig” … Tá fhios agam, ná taispéain an liosta seo do aon duine a rinneadh an ardteist roimh 1999 ach níl an ‘bad rep’ a fhaigheann Peig cothrom in aon chorr! Nílim ag dhéanamh staidéar ar an Gaeilge (i.e ní raibh orm Peig a léamh) ach thug mo sheanathair an leabhar dom agus tá áthas an domhain orm go rinne sé sin! Ba bhean iontach cróga, greannmhar í Peig agus nuair a bhí sí óg, rógaire beag! Ghoid sí cáca nuair a ag an am sin (bhí orm an píosa sin a léamh arís agus arís chun dhéanamh cinnte gur leigh I gceart mé é). Ach gan aon rud eile is Scéalaí iontach í Peig.

Ag labhairt faoi UCC, tá’n chéad leabhar eile scríofa le (b’fhéidir) an Léachtóir Gaeilge is cáilúila ó UCC; Séan Ó Ríordáin. Sa cnuasach filíochta seo; “Selected Poems; Séan Ó Ríordáin”, is féidir linn éalú ón fíor scéal. Tugann Ó Ríordáin saorise dúinn sa leabhar seo agus tugann a chuid dánta léargas iontach dúinn do Corcaigh (arís Corconians, féach anseo) agus d’Éireann ag an am sin. Díríonn na dánta seo ar saoirse agus Séan sé féin mar príomh ábhair agus faoi láthair nach an oriúineach atá siad (ansin nuair nach bhfuil alán Saoirse againn agus níl rogha againn ach chun a bheith ‘inbhreithnitheach’. Tóg sos beag ó d’aigne féin agus té ag ransú aigne Séan Ó Ríordáin ar feadh tamaill!

PEIG SAYERS

Breac

SEÁN Ó RÍORDÁIN

20


Trumptaí Dumptaí agus an Falla Mór

Gluaiseacht

“Trumpataí Dumptaí agus an Falla Mór”: Leabhar iontach topicúil atá ann sa leabhar seo ó Ré Ó Leigheas. (An Fhear a scríobh; An Punk agus An Rún). Níl dealbha céir sa leabhar seo ach tá na caractéir atá ann níos áibhéalacha ná aon [living satue of Barry McGuiggan]. Sa lá atá inniu ann tá’n chuma ar an scéal nach bhfuil gá le aoir a thuilleadh nuair a mbíonn an fíor-saol chomhchraicáilte! (Tá labhair scríofta faoi Obama ag Ré chomh maith dá mbeifeá ag lorg leabhar eile cosúil le sin tar éis é a léamh; “Osama, Obama, Ó, a Mhama”).

“Gluaiseacht”: Labhair den scoth is ea é Gluaiseacht. Leabhar Gaelach i stíl (cosúil le) ‘Michael Morpurgo.’ San Aifric tugann seans do ghrúpa beag éalú as an fóréigean atá iontú agus ‘An Eoraip’ a fháil? Is iontach an leabhar don éalúaíocht é Glusiaseacht chomh maith. Greannmhar, álainn agus eadóichaiseach arís. Scríofta le an fhear iontach Irish Times sé féin ‘Alan Titley’ ní bheidh tú in ann an leabhar a chur

RÉ Ó LAIGHLÉIS

ALAN TITLEY

Gaeilge: A Radical Revolution CAOIMHÍN DE BARRA

21

“Gaeilge a Radical Revolution”: Níl a fhios agam cé chomh radachach atá labhairt na Ghaeilge sa lá atá inniu ann… ach ní chaithfidh tú a bheith i do ‘Rebel without a Cause’ níos mó, seo é do sheans, leigh an leabhar seo agus bheartaigh chun éirí an-mhaith sa gramadach!


Aisteoireacht sa nGaeilge

Niamh Ní Léidí : Feidireachtaí sa gColáiste LE NIAMH NÍ LÉIDÍ Nuair a bhí mé sa chéad bhliain in UCC ní raibh sé ar eolas agam go raibh cumann ann a dhéanann drámaí as Gaeilge. D’iarr mo chara orm dul go dráma deireadh na bliana agus bhí mé an-fiosrach mar gheall ar. Chuas ann leí agus bhí mé cinnte go raibh mé chun a bheith páirteach sa dráma a dhéanfaí agus mé sa dara bliain. Anuairdh bhí mé sa dara bliain agus glac mé páirt i dhá drámaí leis an gCumann Dramaíochta sular tháinig covid-19. Bhí an craic ‘mighty’ mar a déarfa! Bhí páirt Móna agam sa dráma ‘Tráthnóna le Móna’ (agus cé nach raibh an phríomhpháirt agam, bhí mé bródúil go bhfuair mé an páirt atá luaite sa teideal!) agus sa dráma ‘Faoi Dheireadh Thiar Thall’ bhí páirt Sally agam. Bhain mé an-taitneamh as a bheith páirteach; táim beagnach ag caoineadh ag smaoineamh faoi agus bhraith go mór uaim a bheith suas ar an stáitse ós comhair lucht féachana. Ach anois, mar is eol do chách, tá cuma difriúl ar fad ar an scéal agus táimid go léir i ngéibheann sa bhaile i láthair na huaire. Is dócha go bhfuilim ag scríobh an ailt seo ionas go mbeimid in ann féac ar ais agus cuimhnigh ar an am sin, agus gach rud ag tarlú ar líne. Go dtí seo i mbliana, rinne an Cumann Dramaíochta cupla rudaí difriúla. Bhí orainn a bheith cruthaíocht agus déan suas le rudaí le deánamh ar líne, mar a chaith gach cumann déanamh. Mar sin, rinneamar Comórtas Feistis, ‘Oíche Scanriúl’ (saghas) i gcomhair Oíche

Breac

Samhna, agus Drama ar an Raidió! Anuas ar sin, táimid ag cruthú dráma virtual fé láthair, darbh ainm ‘Rún Idir Tiúr’ a mbeadh á taifeadadh againn ar Zoom. Tá lúcháir orainn cé nach mbeimid in ann a bheith ar an stáitse i mbliana. In ainneoin na cúinsí, táímid fós ag déanamh ár ndícheall le gach rud drámatúil!

22


Feidireachtaí Náisunta: Rubaí LE ÍSEULT NÍ FHOIGHIL Chaith mé go leor go mo chuid ama le linn an chéad dianghlasái lag féachaint siar ar an spraoi a bhí agam in sa saol roimh an víreas, mar a rinne go leor againn. Rinne mé machnamhar na scannáin is fear liom agus breathnaigh mé othru arís. Is na ‘classics’ a bhí i gceist ar nós High School Musical, Love Actually agus Camp Rock ar ndóigh. Ní raibh móran scannáin Gaelige i m’intinn ach shocraigh me breathnú ar an gearrscannán Rubaí oíche amháin tar éis dhom ríocht amach as cláranna molta ag Netlfix. Ní raibh Rubaí feicthe agam ar feadh blianta, fiú go raibh mo dheirfiúr í fhéin ina réalt ann. Is beag nach ndearna mé dearmad ar an sár-jab a bhí deanta ag Louise Ní Fhiannachta is í ag stiúradh an scannan álainn a bhrisfeadh croí aon duine. Cé go mbíonn an scannán ag déileáil le teamaí trom cosúil le bás agus reiligiún, éirenn leis scéalaíocht dóchasac agus simiúil a choinneáil. Léiríonn sé seo an talún atá ag baint le scríbhneoireacht Antoin Beag Ó Colla. Cé go bhfuil mé claonta, déanann an príomh aisteoir,

Doireann Ní Fhoighil mar Rubaí, job den chéad scoth ag léiriú dearcadh cailín óg is í ag dul tríd brisedh croí. Bíonn sí ag iarradh ciall a dheanmh as an saol le linn an scanann. Is carictear ceanndána í gan imní urith roimh a mathair(Brídín Nic Dhonncha) , an múinteoir (Dara Devaney) nó an sagart (Donncha Crowley). Is iad na carictear seo a chuireann leis an scéal in oiread leis an tuiscint a léireann said i ngach radharc. Is an creideamh ládir atá ag Rubaí inti féin seachas an Caitliceachas atá simiúil. Tá meascán greann, brón chomh maith leis an deireadh croíúil a chuireann leis an oiread. Mollaím dhaoibh tissue a bheith le bhur dtaobh má shocraíonn sibh breathnú air le linn on triú dianghlasáil… nó cibé ceann atá amach romhainn.

23


Tuairimí

Dúchas Montana CÁRTHACH Ó FAOLÁIN Leagan cuimsithe de ‘mhaoldhuanaireacht’ faoi mo sheal i Missoula1 agus i gceantar bundúchasach eile na treibhe Séliš agus Ql’ispé 4 i Montana sna Stáit Aontaithe i 2019.

mar aon leis an síorshioc a leagfadh mic tíre na coille. Bhí sé taitneamhach mar gur cumhacht ‘mhara’ a thabharfainn air, cé gurb fhada i gcéin mé ón mbraon sáile a bhí daingean ar mo ghrua ó rugadh mé, a chosain ón bhfuacht mé go n-uige sin. Le faobhair faoi mo bhróig is maidí i mo ghlaic, cuireadh eolas orm ó radharc na **Sléibhe Gile go bun abhann an bhaile.

1Nemissoolatakoo - ‘Abhainn an Luíocháin’ 3Salish/ Flathead - 4Pend d’Oreille/Kalispel Is cineál luibh í Sṕeⱦm. I bhFraincís: Racine Amère. Tugtar Cumar na Fréimhe Seirbhe ar an áit inniu: The Bitteroot Valley.

*ČiliỳaÌálqw **Ch’pa-qn (EN: Squaw Peak)

Talamh a’ tSléibh’ Daoibhse a bhí liom ann nó sa mbaile. ~ B’ann a bhí mé tráthnóna le hais locha, le hómar corcra ón ngréin caite ar na sléibhte. Sléibhte geala creagacha, a shín in airde agus chomh fada le radharc na súl uait. B’iad na beanna bána a mhealladh an lonnra leo trí chlapsholas an lae óna gcuid cumar agus a gcuid caoldromanna géara ar fad dá mbreáthacht. Chaitheadarsan a scáil, a lonnraigh flannóir ar an leac fairsing oighir go hOiléan na gCapall. Ní capall ná caoire a bhí le feiscint ach pocfhia ag preabadh soir siar ar an leac oighir agus eilit seasta ag stánadh ar iascaire lice a bhí tarraingt tí ar fhaobhair ina dhiaidh.

*An Com Maighreach a thugtaí ar an áit ar foinse éisc go fóill í. Ach níl amhras ach gur meidhreach a bhí cúrsaí - pé acu faoi ráig síne nó faoin mbreacadh é, leann agus ceirtlis úr á dtaoscadh de shíor ann. Ní raibh cruatan an gheimhridh ag déanamh ball chruaidh den mball bog i gcónaí: Ba bhinne gliogarnach na habhann mar aon le glór ard na bhfia agus na gcúnna allta a dh’aireofaí istoíche i do shuan duit. *Nłᕈaycčstm: ‘Ceantar an Ruabhric Bhig’ Cá bhfaighfí in aon áit gach maghar ‘na bhreac Is gach breac go cíocarach faoi shruth na mbradán Búiríl na bhFia Móire le beithíg ina ndiaidh Is sa gcoill is glaise, mórphangar bán

A Thalamh a’ tSléibh’, nach cráite do bhí mé Fénar thit mo shúil ar an Ré In ómar an tráthnóna Ar bhruach an Locha Leathain Nó gur shuigh mé le hais toir Ar ghéarfhána an ghleanna Síorbhrat bán breactha ag na crainn Agus sioscarna na gaoithe lem’ chluais

Ann a gheobhair radharc d’iolra na n-iolar buí Le gach gáth thiocfadh fead a dh’aireofá faoi thrí Taibhsítear móruaisleacht le síorphúdar geal faoi Is binne agus is deise duan an ghabhailín ...Geallaimse daoibhse gurab deacair aon fhaoiseamh Go bhfuaireasa comhairle ó Thalamh a’ tSléibh…

B’ann a chuireamar fúinn ar bóthar dúinn, agus nárbh bhreá mar a réitíodh sinn chun codlata. Le m’ais bhí gort silíní, crainn mhóra mhaorga mar scáth gaoithe orainn agus corrthor fraocháin ag cumhra na hoíche. Nochtaigh an Ré agus lasadh an leac leathan ina bogsholas chiúin. B’ait go raibh radharc fairsing ar Bhóithrín na Bó Finne, a d’fhuin conair trí chúirt na sléibhe a bhí inár dtimpeall.

Ón talamh fiáin theas go lochanna an tuaiscirt, trí *‘Chumar na nGael’, siar chomh fada leis an **Lochsa, d’umhlaidh mé do bhuabhaill ollmhóra ar chluainte, mús mór spágach, thrasnaigh tréad mórfhia romham ar snámh agus mé i gcoite faoi shruth. Chonaic mé romham pléascáin uisce, gal á séideadh, linnte teouisce i lúb na coille, easanna dom’ bhinnbhodhradh, béar ar dhath an phic, clocha ildaite agus crainn síorghlasa bána agus barra sléibhe géara na mbánghabhar.

A Thalamh a’ tSléibh’, a dhúthaigh na mbeann A dhísirt i scáth ar dual duit gach suairc Ag faire ó thuaidh dhom ó mhaolchreag fhuar argail Dh’éireodh aon rian de dhonas is duairc

*Dublin Gulch, Butte **Niimíipuu/Nez Perce: ‘Uisce Garbh’ Séliš: Ep Smɫí: ‘Tá Bradán Inti’

Nuair a chas mé ar an ngleann, in aice le *Cumar na Sailí Buí, cad a shéideadh trí bhearna an ghleanna ach lán báid den bhfuacht ba mharfaí agus ba nimhní dár bhraith mé ariamh - Anfa a dhódh do chluais, agus a leath sneachta agus síon,

Breac

Bliain is lá amárach ‘sea do dh’fhágas mo thír Go dúthaigh a dh’oirfeadh do lucht breá na bhFiann Mí agus ráithe do chaith mé ar mo thriall Óir tháingeas ‘dtí’n dúiche a bhainfeadh gach cian

24


25


Yvonne Ní Chonchubhair Cailín ó na portaigh go Laoch na Filíochta. LE ANTÓIN Ó TRINLIÚIN Shuíos síos le Yvonne roimh an bpaindéim agus chaitheamair súil siar ar a saol mar chailín óg ag fás aníos i lár na tíre, mar mháthair ar naonúr Corcaíoch agus mar scríbhneoir agus ealaíontóir mór le rá i saol na hÉireann agus i saol na Gaelainne. “Tar isteach, a stór,’’ a chloisim ón tseomra suí, an guth íseal ag teacht tríd na painéil ghloine ar an sean-doras. Tá stair ag an dtigh seo, is féidir na scéalta a bhrath ó na fallaí. Tá Yvonne ina suí cois tine, grianghraf os a comhair aici, agus cupán tae taobh léi. Tá saothair ealaíne dá cuid ag crochadh ar gach balla, agus tá pictiúir dá teaghlach i ngach cúinne den tseomra seascair seo. Tá Yvonne ina haonar sa tigh anois, agus is deacair dom a chreidiúnt go mbíodh aon duine dhéag suite sa tseomra so na haon oíche, tráth. “Thánag ar an bpictiúr so le déanaí,’’ arsa Yvonne, agus an grianghraf ina lámha aici. Tá sí le feisicint ann, í sé bliana d’aois, i ngúna galánta. A Céad Chomaoineach a bhí ann. ‘Bhí gliondar ar chách an lán san,’’ a deir sí. “Tháinig comharsa, a bhí tar éis tréimhse a chaitheamh i Nua-Eabhrac, chun mo ghrianghraf a ghlacadh lena ceamara; an t-aon cheann sa bhaile! Seoladh mé go teach na gcomharsan ionas go mbeidís in ann súil a chaitheamh ar mo chuid ‘stíle’’’. “Antics péacóga a bhí ar siúl agam an lá san, i ndáiríre, ach bhíos ar bís le mo bhróga nua, agus iad ag glioscarnach fén ngrian. Táim fós ar buile nach féidir iad a dh’fheiscint sa phictiúr san!’’ a deir sí, agus í sna trithí ag gáire. “Fuaireas sé phingine ó mo sheanathair. Cheannaíos buidéal liomanáide agus paicéad brioscaí. Tháinig mé amach as an tsiopa le 3p de shóinseáil, samhlaigh é!’’ D’fhás Yvonne aníos i gCluain Leisc, Suí an Róin, Contae Uíbh Fháilí, agus cuimhníonn sí go maith an saol a bhí aici ann. “Chaitheadh m’uncail cóip den Independent isteach sa ghairdín gach maidin ón dtraein; an chéad chóip sa bhaile. Bhailíodh na comharsan go léir inár dteach chun nuacht an lae a dh’fheiscint- is cuimhin liom scéalta fé de Valera sa Dáil.’’ “Bhíodh cácaí déanta ag mo mháthair agus bhíodh daoine ag insint scéalta, ag casadh ceoil, ag rince. Bhí sé ar nós an Opera House! Chasadh Mam agus mo chol ceathrar amhrán darb ainm ‘Young Caroline from Edinburgh Town’ agus bhíodh deora i ngach súil sa tseomra.’’ “A new tune took flight, out the window, into the bleak bog night…’’ Sliocht as dán de chuid Yvonne Tháinig Yvonne go Corcaigh i ndiaidh an chogaidh. Bhuail sí lena fear chéile i bpáirc spraoi i dTiobraid Árann agus

Breac

í ceithre bliana déag d’aois. Phósadar i gCorcaigh agus bhí naonúr clainne acu. “Bhí muintir na tuaithe an-mhaith dom i gcónaí,’’ arsa Yvonne. “Thagaidís ar cuairt le húlla agus málaí móna ón bportach dom. Tá a lán dóibh tar éis bás a dh’fháilt, áfach, agus braithim uaim go mór iad.’’ “Bhí muintir Chorcaí ana-dheas dom ón dtús. Is aoibhinn liom an chathair seo. Is Corcaígh iad mo pháistí agus mo gharpháistí. Dá mbeadh Corcaigh ag imirt in aghaidh Uíbh Fháilí, is cinnte go mbeadh dearg agus bán á gcaitheamh agam anois!’’ arsa í, le meangadh gáire ar a haghaidh. Agus í i gCorcaigh ar dtús, d’oibrigh Yvonne mar thimire Ghaelainne don ICA. “Théinn timpeall na háite ar an mbus nó ar an dtraein a d’iarraidh An Ghaelainn a chur chun cinn,’’ a deir sí. “Mhúininn paidreacha dos na sluaite chun bunchloch sa teanga a thabhairt dóibh.’’ Tá Yvonne dóchasach fé thodhchaí na teanga. “Ní hamháin go bhfuil sí beo- tá sí ag fás. Tá níos mó suime sa teanga anois ná mar a bhí riamh i mo shaol. Tá grá ag daoine dá dteanga dhúchais.’’ Níor thosnaigh Yvonne ag scríobh nó ag péintéireacht go dtí go raibh sí ina daichidí. “B’iad Yvonne agus Conchubhair an bheirt dheireanach a bhí agam, agus ba chúpla iad,’’ arsa Ní Chonchubhair. “Sin as ar tháinig an t-ainm cleite atá agam. Nuair a shiúladar amach an doras ar a gcéad lá scoile, fuaireas an clóscríobhán, agus thosnaíos ag scríobh don gcéad uair.’’ Foilsíodh dhá bheart filíochta de chuid Yvonne agus bhí a cuid scríbhneoireachta le feiscint i leabhair agus nuachtáin ar fuaid na tíre. “Bhíos bréin dom fhéin théis tamaill!’’ a deir Ní Chonchubhair, agus í ag sciotaráil. Bhuaigh Yvonne an oiread san duaiseanna le linn a saoil nach bhféadfaí iad go léir a lua, ach ina measc bhí trí bhronnaire dhéag ón ICA, mar shampla cinn don iriseoireacht, don bhfilíocht agus dá staidéar ar an nádúr. “Bhí an nádúr i gcónaí le feiscint i mo chuid scríbhneoireachta. Ag fás aníos fén tuath bhínn ag piocadh sútha talún, agus ag súgradh sna goirt ó cheann ceann an lae. Tá áit lárnach ag an nádúr i m’anam agus i m’ealaín’’ “Bímse i gcónaí i mbun léitheoireachta. Is aoibhinn liom a leithéid de Shakespeare, Kavanagh agus Keats- agus foghlaimím focail nua uatha i gcónaí!’’ Deireann Yvonne chomh maith go gcuireann tragóid lena cuid oibre. “Nuair a fuair m’athair bás, bhíos croíbhriste, ach thug sé ionspráid dom, ní hamháin do mo chuid scríbhneoireachta, ach sa saol i gcoitinne,’’ arsa Yvonne. “Nuair a chailltear duine éigin cóngarach leat, is féidir a lán ceachtanna a dh’fhoghlaim i measc an chumha.

26


“A new tune took flight, out the window, into the bleak bog night…’’ Sliocht as dán de chuid Yvonne Thuigeas i ndiaidh a bháis cé chomh beag ‘s a bhí na fadhbanna s’agamsa’’. “Thaispeáin sé dom ná féidir airgead a iompar leat chuig an uaigh. Thaispeáin sé dom ná féidir duine a dh’fháilt thar n-ais nuair a chailltear iad. Gan an tragóid i mo shaol, bheinn ana-dhifriúil anois.’’ “Cheap m’athair go rabhas ana-chliste. I ndáiríre, ní raibh ach píosa ‘cop-on’ agam!’’ arsa Ní Chonchubhair. “Bhí ana-shuim aige sa scríbhneoireacht. Is mór an trua é ná raibh a fhios aige gur scríbhneoir a bhí ina iníon féin. Déarfainn go mbeadh sé ana-bhródúil asam.’’ D’fhreastail Ní Chonchubhair ar fuaid na cruinne le linn a saoil, ó hIosrael go Fatima, An Vatacáin go Nua-Eabhrac. Creid nó ná creid, bhí sí ar an gcéad eitleán a d’eitil ó Aerfort Chorcaí nuair a osclaíodh é sna seascaidí. “Bhuamar comórtas de chuid Jacob’s. Bhí ar mo mháthair aire a thabhairt dos na páistí ar feadh an lae. Bhí imní an domhain orm, ach bhí ana-lá amach againn, turas timpeall mhonarchan Jacob’s i mBaile Átha Cliath agus dinnéar saor in aisce san áireamh, leis na réaltaí is mó sa tír!’’ “Is cuimhin liom na soilse ar an rúidbhealach, is

dócha go bhfuil sceitimíní orm fós!’’ Tá luí na gréine ag lonrú an tseomra anois, agus tá sé beag nach in am don Nuacht i dTigh Uí Chonchubhair. “Cén phleananna atá ag Yvonne Ní Chonchubhair anois?’’ arsa mise. “Rachaidh mé aon áit gur féidir liom i mo chathaoir rotha!’’ a fhreagraíonn sí, a haghaidh lonraithe ag an ngrian íseal. “Chuas chuig Féile an tSnagcheoil le déanaí agus bhí sé sin ar fheabhas. Tá go leor ionspráide agam fós do mo chuid scríbhneoireachta. Agus tá clann ollmhór, iontach agam. Táim chomh bródúil astu.’’ “Aon teachtaireacht dos na léitheoirí?” arsa mé féin. Casann sí agus féachann sí díreach isteach i mo shúile; “The least said is the easiest mended. Fan ar thaobh an tsíocháin i gcónaí.’’

27


An Éifeacht atá ag an Víreas ar Scoláirí sa Chéad Bhlian LE MAIRÉAD KEARNEY Tagann an Luain agus tagann na ranganna. Dúisím, táim sa choláiste anois, ba chóir go mbeadh féidearachtaí an lae gan teoireann. Tuigim faoi deara an réaltacht... nílim i gCorcaigh.. táim sáinnithe istigh i mo sheomra , mo bhréagáin líonta timpeall thart orm ag stanadh ar an scáiléan ar mo ríomhaire. Mo ríomhaire nach mothaigh an saghas úsáid seo riamh. Fógraíodh san nuacht nach mbeimis in ann fanacht in oideachas go fisiciúil nuair a bhí mé sa ghnó i meanscoil. An maidin sin, d’fhéachamar ar ár leas-príomhoide agus é ag déanamh taispéantas dúinn ar chonas do lámha a ní. Go nadúrtha, inár n-intinn bhí sé sin saghas siamsaíocht agus muid ag féachaint ar fhear meánaosta ag tógail am ranga chun an coincheap uilíoch ‘ sláinteachas láimhe’ a phlé. An tráthnonna sin ritheamar abhaile , dhá seachtaine sa bhaile.... bhí sé tuillte againn. Bheimis in ann staidéar a dhéanamh agus ár scíth a ligeann. Is annamh a fhaightear an deis sin sa séu bhliain! Ní fhéadfá a shamlú an éifeacht a bhí ag an saoire “coicíse” seo ar dhaoine atá sa chéad bhliain i gcoláiste. Gan dabht fulaingímid go léir ach ceapaim go bhfuil an am tagtha chun plé a dhéanamh ar an éifeacht intinne atá ag an gcoróinvíreas ar scoláirí sa chéad bhlian. Ar dtús, mothaímid ar strae. Bhuel, ar pháipéir táim i gCorcaigh ach i ndáiríre níor fhreastail mé ar léacht ann riamh. Chuaigh mé mar lucht féachanna chuig níos mó cluichí cheannais na Mumhan i gCorcaigh ná imeachtaí ollscoile. Shamhlaigh mé mo leathanta i gcoláiste na hollscoile i gCorcaigh mar ghnóthach , ag bualadh le daoine eile a mhaireann lasmuigh mo theoireannacha dúchais, ag éisteacht le léachtóirí suimiúla ag blathú le bród agus iad ag sceipeadh an ghlóir a bhaineann lena n-ábhar. Nuair a smaoiním ar an radharc samhlaithe agus an réaltachas agus conas a bhíonn siad ag cur salach ar a chéile mothaíonn mo chroí neamhiomlán, buartha , éiginnte. Seasann an cheist “cén lá in a mbeidh gach rud “gnáth” arís ?” i mo cheann de shíor. Gan dabht, tá an deighilt idir cursaí mar a tá agus cursaí mar ba chóir dóibh a bheith mar foinse mearbhaill do chéad bhlian, saghas éiginnteacht a bhímid ag feidmhiú le gach aon lá. Anuas ar sin gach duine, cá bhfuil an craic ?. Mar Éireannaigh glacann an spraoi chuid lárnach inár saol. Teastaíonn uait fianaise faoi sin ? Bhuel, féachaigí ar ár bhféilte, ár gcoisirí agus fiú ár sochraidí!. I mo shaol, bíonn tionól poiblí lán le tábhacht dom. In Éirinn bíonn na hoícheanta amuigh fiú deasgnáthaíoch. An t-ullmhúchán roimh, ag déanamh iarracht feisteas a phiocadh amach ón gcarn eadaí ar an úrlar, ag sciúradh donnú bréige i gcosúil le go bhfuil do shaol ag brath air nuair a thuigeann tú go bhfuil tú beagánín ró-oráiste. I ndeireadh an lae, ní shantaíonn tú a bheith mar aisteoir ag

Breac

obair do Willy Wonka!. Agus ansin buaileann tú do chairde, cén áit? Is cuma. Méadaíonn an sceitiminí, pléitear cé atá ag dul amach agus cén áit ina mbeidh sibh ag dul.. ansin tagann an tacsaí. Ó Mhárta níor mhothaigh mé an mothúchán sin. Feidhmhíonn an oiche tar éis an tacsaí mar mheicníocht chun bualadh le daoine as gach cúlra gan néaróg ná eagla. Sa chéad bhlian dhéanfaimis an iomaí chairde ach anois tá moill ar an bpróiseas. Féachaim ar liosta daoine a bhíonn ag éisteacht le mo léachta agus ní fheicim aon rud ach strainséirí , strainséirí a mhothaíonn i bhfad uaim. Níl aon rud in ann a bheith san iomaíocht leis an teaghmháil fisiciúil. Cé go bhfuil méadú doshamhlaithe taghta ar an teicneolaíocht ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an bhfírinne go bhfuilimid daoine . Tá an teagmháil fite fuaite leis an daonnacht. Gan dabht, fulaingíonn na scoláirí sa chéad bhliain de bharr an coróinvíreas. I mo thaithí, mothaím ar strae agus tá an craic in easnamh orm!

28


An Saol mar Mhac Léinn Céad Bhliana 2020-2021 LE SIOBHÁN NÍ CHRÓINÍN Nach maith an chuimhne atá agam ar an 12 Márta 2020 – an lá inar athraigh na haon rud beo. Shiúlamar amach doras na scoile agus sinn go léir chomh sásta le ríthe. Dhá seachtaine saor ón scoil – aoibhneas na bhflaitheas! Ach cé a cheapfadh go mbeimist fós i lár na paindéime seo bliain níos déanaí? Go mbeadh Ardteist 2020 curtha ar ceal? Go mbeadh formhór mór chúrsaí ollscoile ar líne? Is mé ag scríobh an talt seo, is deacair liom a thuisicint cé chomh difriúil is atá an saol anois, agus an coróinvíreas inár measc. Dar liomsa, tréimhse thar a bheith deacair is ea í do lucht na chéad bhliana, go háirithe. Thosnaigh sé le neamhchinnteacht na hArdteiste, a lean ar aghaidh ar feadh cúpla mí. Ach, bhíomar dóchasach. Thiocfadh mí Mheán Fómhair, bheadh an chuid is measa curtha dínn agus bheimist go léir ag baint ana-shúip as na gnéithe éagsúla de shaol na hollscoile. Faraoir, ní mar sin a thit rudaí amach. Agus mé ag labhairt le mic léinn difriúla fén mbliain aisteach seo, ní haon ionadh gurb í an chianfhoghlaim an chéad rud a thagann suas sna

comhráite i gcónaí. Is cinnte go bhfuil sí ag dó na geirbe ag cuid mhór mac léinn ollscoile fé láthair - is cuma cén bhliain ina bhfuilir. Bíonn sé ana-dhúshlánach díriú ar an ríomhaire don lá ar fad, gan trácht ar fhadhbanna teicneolaíochta agus a leithéid. Chomh maith leis sin, tá an ghné shóisialta go mór in easnamh. Is rud é seo a bhíonn ag cur isteach ar lucht na chéad bhliana go háirithe, dar liomsa. Tá sé go hiomlán mínádúrtha go bhfuilimid i lár mhí Feabhra agus nach bhfuilim tréis bualadh sa bhfíorshaol le formhór na ndaoine sa chúrsa céanna liom. Is iontach an rud í an teicneolaíocht, ach gan dabht d’fhéadfadh sí a bheith ana-uaigneach nuair nach mbíonn tú ag bualadh le daoine go rialta. Ní mór dom a rá, áfach, go bhfuil an t-ádh dearg liom le bheith ag cur fúm in Áras Uí Thuama i mbliana. D’éirigh liom cairde iontacha a dhéanamh agus is minic a bhímid ag caint agus ag cabaireacht fé chúrsaí an tsaoil. Ach, smaoiním ar lucht na chéad bhliana atá age baile fé láthair. Níl cuid díobh tar éis bualadh le haon duine sa chúrsa céanna leo, fiú san ollscoil céanna leo, b’fhéidir. Is bocht an scéal é agus níl sé nádúrtha ar chor ar bith.

Bliain is ea an chéad bhliain le bualadh le daoine nua, le tú féin a chur chun cinn agus le taithí a dh’fháilt ar shaol na hollscoile. Faraoir, ní bhfaighimid an seans an bhliain sin a dhéanamh i gceart choíche. Ar na himeachtaí éagsúla i saol na hollscoile atá caillte againn i mbliana, ritheann cúpla ceann ar leith liom. Is mó scéal greannmhar atá cloiste agam fé Sheachtain na nGiobal agus fén spórt agus an spraoi a bhaineann léi. Chomh maith leis sin, is cuimhin liom mo dheartháir ag rá liom mar gheall ar an bhfuadar a bhíonn fé mhic léinn ticéidí dos na báil éagsúla a dh’fháilt. Smaoiním ar na rudaí simplí chomh maith – bualadh le daoine sa bhfíorshaol nó dul go dtís na léachtaí gan smaoineamh ar Microsoft Teams. Is rudaí iad seo atá caillte againn go léir, ach cuimhním go truamhéalach orainne - lucht na chéad bhliana. Tá an oiread san rudaí caillte againn i mbliain a bheadh lán de spórt, de spraoi, de chraic agus de chairdeas go hiondúil. Le cúnamh Dé, beidh an tréimhse seo curtha dínn go luath agus fillfimid ar chúrsaí mar a bhí tráth. Siobhán Ní Chróinín.


Breac

30


Ráflaí Cois Laoi LE GORMFHLAITH NÍ SHÍOCHÁIN NÍ BHEOLÁIN Plean Ceart Teangan le Fógairt Inniu “Is coincheap é an t-am. Rud a chiallaíonn gur féidir linn neamhshuim a dhéanamh ar an nGaoluinn go dtí 2121. Hah!” – Urlabhraí ón Rialtas, faid is a bhí an t-iriseoir seo ag plubaireacht isteach ina cóip féin de Ghraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí. Rialacha Nua Scrúduithe ag UCC Tá sé fógartha inniu ag Coiste um Úsáid Graificí san Ollscoill go nglacfar go hiomlán le hemojis mar fhreagraí i scrúduithe an tsamhraidh. “Is cóir sampla an aire sláinte a leanúint i ngach cuid den saol. Má thugann mac léinn ordóg in airde, gheobhaidh siad an chéad onóir agus masc le haghaidh Stephen Donnelly air.” – Cathaoirleach an choiste. ‘Brónsies’ – Ursula van der Leyen Áiféala ar Ursula bhocht fén rud san ar fad le Tuaisceart na hÉireann. “Ba do dhuine éigint eile an téacs sin a stór,” a dúirt sí le Breac inniu. Nuair a chuir an t-iriseoir seo ceist uirthi conas go raibh ‘uimhir ghutháin’ Thuaisceart na hÉireann aici, sheachain sí an cheist agus dúirt ‘Nach cuma? Cairde go brách anois muid! Féach ar mo bhráisléad cairdis!’. Níor eisigh Tuaisceart na hÉireann aon ráiteas in dtaobh an méid a dúirt Ursula. Tá sé oifigiúil: slat draíochta seachas baton a bhíonn ag stiúrthóir ceolf hoirne (URRAITHE) Cén míniú eile atá agat ar chaoga duine ag seimint in am le chéile? Admhaigh é. Deineann sé ciall. (Urraithe ag lucht leanúna Harry Potter™).

Achrann in Áras na Laoi

Coiníní! Staidéar ó MIT

Níl Seán agus Gearóid, mic léinn tarna bliana ar an gcúrsa Dlí agus Gaeilge, UCC, ag labhairt lena chéile a thuilleadh. Deir duine acu cur cirte madra a thabhairt ar an ainmhí ársa a deir ‘woof ’, agus deir an duine eile gur foirm níos stairiúla atá sa bhfocal ‘gadhar’. Táid chun bréagchúirt a reachtáil ar Zoom, más suim le héinne é, cur DM chucu. Tá Neasa idir dhá chomhairle ar chóir di an focal ‘cú’ a chur i gcuimhne dóibh.

Fógraíodh le déanaí go bhfuil coiníní na hÉireann níos sona iontu féin anois ná mar a bhí le céad bliain. N’fheadar éinne cén fáth, ach is cinnte ná leanfaidh sé i bhfad, mar is speiceas duairc iad ó dhúchas, dar le príomh-thaighdeoir an staidéir in MIT.

Círéibeacha ar Chnoc Bhréanainn D’eagraigh grúpaí i bhfábhar Trump in Éirinn círéib ar Chnoc Bhréanainn chun tacú le hiarrachtaí lucht tacaíochta Trump i Meiriceá. Ar an ndrochuair níor éirigh le héinne a chéile a aimsiú, mar sin chuaigh an chuid is mó acu abhaile láithreach. É sin ráite, d’fhan cúpla dílseoir ar an gcnoc ar feadh tamaill eile chun cúpla masla a chaitheamh le caora nó dhó, agus cic maith a thabhairt dos na clocha áitiúla. Tá beirt de lucht na gcíréibeacha in ospidéal Thrá Lí inniu, iad ag fulaingt le méaranta coise briste. “Dob’ fhiú é!” – Dónal an Trumpa ag labhairt le Breac óna leabaidh in ospidéal Thrá Lí. Buartha fé Chóivid? Léigh é seo! Níor chóir a bheith buartha fé Cóivid i gcomparáid le sciúirse eile atá ar a shlí. “Focal amháin. Zoom! Bíonn gach duine thar a 30 ag béicigh isteach ann, seachas ag labhairt. Mar shampla m’athair, ArdChoimisinéir an Tuisil Ghinidigh. Cé a dhéanfaidh a jab siúd nuair a thiocfaidh scórnach thinn air?” . B’in mar a labhair Annie de Faoite (21) ó Charna le Breac ar maidin. (I ndáiríre scrígh sí síos dúinn é ar eagla go bhfaigheadh sí scórnach thinn.)

31

Tá buachaill ag mo chara. Táimse liom féin. An bhfuil míniú ag éinne? Tinder. Faid suntasach curtha le méar f hada an mhic léinn Tá méadú suntasach tagtha ar fhaid na méire fada ag mic léinn in Éirinn, toisc go bhfuil oiread le déanamh acu ná fuil déanta acu fós. Chomh maith leis sin, tá breis meáchain ar an méar fhada rud a chiallaíonn go bhfuil seans níos mó ann go mbrisfear í nuair a thosnaíonn na mic léinn ar aistí a scríobh chun brú a bhaint ón méar fhada. Fáinne fí atá ann, más mian leat cabhrú cuir DM go dtí Coiste na bhFadhbanna, BÁC.


Ceol traidisiúnta na hÉireann sa tSeapáin An turas fada ó Kyoto go Corcaigh

LE SEÁN Ó HUALLACHÁIN Tá clú agus cáil ar cheol traidisiúnta na hÉireann ar fud an domhain, agus is mó ceoltóir thar sáile a bhaineann triail as ár gceol ársa draíochtúil a sheinnt. Tír amháin ina bhfuil ceol na hÉireann ag dul ó neart go neart ná an tSeapáin. Bhí deis agam labhairt le Narumi Campbell, bean arb as an tSeapáin di ó dhúchas agus a bhog go hÉirinn sa bhliain 2006. D’inis Narumi a scéal dom, ag trácht ar thionchar an cheoil Ghaelaigh uirthi agus ar a saol. Deineadh ár n-agallamh as Béarla, ach thug Narumi lán-chead dom an t-agallamh a aistriú go Gaelainn. Cad as a dtáinig do shuim i gceol na hÉireann? Nuair a bhí mé i mo pháiste beag bhí suim láidir ag mo sheanmháthair i gcultúr na hAlban agus is cuimhin liom go maith an lá ar bhronn sí léine tartan orm. An gcreidfeá, chaithinn ar scoil gach aon lá í. D’fhéadfá a rá gan dabht go raibh suim agam in Albain sula raibh aon spéis agam i gcultúr na hÉireann, ach nuair a bhí mé ar thóir tithe tábhairne Albannacha i mo bhaile dúchais, Kyoto, ní raibh ann ach tithe tábhairne Sasanacha agus pubanna Éireannacha. Bheartaigh mé dul isteach i gceann de na Irish pubs lá amháin dárb ainm ‘The Hill of Tara’, agus ní raibh mé in ann é a chreidiúint cé chomh cosúil is a bhí an ceol ann le ceol traidisiúnta na Seapáine. Fiú amháin, tá roinnt de na poirteanna mar an gcéanna, mar shampla, bhí Auld Lang Syne á sheinnt istigh i gceann de na pubanna, amhrán a thagann as Albain dár ndóigh, ach

Breac

tá an tiúin chéanna i gceann de na hamhráin thraidisiúnta atá againn sa tSeapáin, dárb ainm ‘Hotaru no Hikari’. Thug mé faoi deara go raibh cosúlachtaí eile idir an dá thraidisiúin, agus bhí a fhios agam ansin gur theastaigh uaim tuilleadh a fhoghlaim. An bhfuil ceol traidisiúnta na hÉireann agus cultúr na nGael an-cháiliúil sa tSeapáin? Tá agus níl. Bíonn cur amach ag roinnt daoine air, go háirithe sna caithreacha móra, agus bíonn paráid sách mór ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig in Tokyo gach bliain. Is ar an ollscoil go dtagann an-chuid daoine óga ar an gceol sa tSeapáin, toisc go bhfuil an oiread sin clubanna sna hollscoileanna, clubanna cheoil thraidisiúnta ina measc. B’fhéidir nach mbeadh mórán cur amach ag muintir na hÉireann ar shochaí na Seapáine, ach uaireanta is áit anuaigneach í. Sin é an fáth go dtéann ceol

32

traidisiúnta na hÉireann i bhfeidhm ar Sheapáinigh chomh mór sin, i mo thuairim, ar aon nós. Tá sé chomh beo bríomhar agus oscailte sin go gcuireann sé iontas an domhain ar Sheapáinigh. Is breá leo é. Teastaíonn uathu a bheith páirteach ann. Bíonn tusa ag seinnt go minic, ná bíonn? Bíonn! Thosaigh mé amach ar na píobaí ach is í an fhidil an uirlis is ansa liom anois. Gan amhras ó thús na paindéime is beag deis a bhíonn agam a bheith ag seinnt lasmuigh den teach, ach sular thosaigh an ráig uafásach seo bhínn amuigh ag seinnt chomh minic agus ab fhéidir. Conaím i gCorcaigh agus gan dabht tá an trad scene go hiontach anseo. Airím uaim na laethanta roimh an bpaindéim, agus airím uaim mo sheanchairde a mbínn ag seinnt leo anois is arís ar nós Noel Hill, Mick Daly, agus Matt Cranich. Táim ag súil go mór leis na laethanta atá amach romhainn, nuair a bheimid ar ais ag seinnt le chéile sa chathair. Baochas ó chroí le Narumi Campbell as ucht a cuid ama is as ucht a léargais.


33


TUAIRIM

Cén fáth a bhfágann Éire iad siúd is mó i mbaol ar leataobh? LE CONOR RUTH

Breac

34


A

g breathnú siar ar stair na hÉireann, feictear oileán faoi chuing na daoirse. Is scéal lán le ganntannas é - easpa cearta, easpa saibhris, easpa riachtanas bunúsach. Bhíodh muintir na hÉireann ag bun liosta na dtosaíochtaí i gcónaí - más féidir fiú tosaíocht a ghlaoch orthu. Ach anois, agus ó am na saoirse, arís is arís eile, feictear go bhfágtar iad siúd is mó i mbaol ar imeall na sochaí, gan cúnamh ná comhar. Nár fhoghlaimíomar aon rud ó stair dhubh na tíre seo? De réir Focus Ireland, tá thart ar 8,000 duine in Éirinn gan dídean faoi láthair. Páistí is ea níos mó ná 2,000 acu. Cén fáth? Is teip í seo a bhaineann le cúrsaí polaitíochta; i rith na géarchéime seo, ní raibh fonn ar an rialtas, agus an tAire Ó Murchú ach go háirithe, tithe a thógáil, ar bhonn idéeolaíochta. Nach olc an smaoineamh é sin; daoine gan dídean mórthimpeall, ach bhí an chuma ar an scéal go raibh cúrsaí idéeolaíocha níos tábhachtaí ná cearta daonna. Buíochas le Dia, is cosúil go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal, go mall. Níor chóir go mbeadh daoine gan dídean in Éirinn, Éire ina bhfuil ceann de na GDPs per capita is airde ar domhan – 190% de mheánGDP an Aontais Eorpaigh. Déanann Éire na gcomhlachtaí móra - Apple, Facebook agus Google – an fíorscéal a chur i bhfolach; ní mór díriú orthu siúd ar na sráideanna in áit Zuckerberg et al. Ag tús na bliana seo, foilsíodh tuairisc ar scannal na nÁras Máithreacha is Leanaí in Éirinn. Tréimhse náireach, bhrónach, agus chiontach i stair na hÉireann. Cruálacht, mídhaonnacht, agus forcheilt, déanta ag an Stát agus an Eaglais, le cabhair ó fhuarchúis na sochaí. In ainm Críostaíochta, rinneadh rudaí neamhchríostaíocha. É sin ráite, is féidir comparáid a dhéanamh leis an gcóras ‘Soláthar Díreach’ atá in úsáid i leith lucht iarrtha tearmainn. Cuirtear i bhfoirgnimh iad, le caighdeán maireachtála íseal, gan cead obair ná airgead a thuilleadh. Fágtar ann iad ar feadh na mblianta, ag costas mór dá saol. Cheapfá go mbeadh ceacht foghlamtha againn, agus go mbeadh fonn orainn deis a thabhairt dóibh siúd atá leochaileach sa tsochaí - go háirithe mar gheall ar scéal na nÉireannach thar lear. Ní féidir an tréimhse scannalach ó 1921 go 1998 a cháineadh muna bhfuil tú réidh gníomhú i gcoinne an tsoláthair dhírigh.

Ní chuirtear deireadh leis an scéal anseo, áfach. Is féidir sampla i ndiaidh sampla a lua den easpa chúraim atá léirithe ag an stát; is féidir neamhionannais an stáit a fheiceáil go láidir sa chaoi a gcaitear le muintir an luchta siúil. Ón am a rugtar iad, tá ionchais saoil i bhfad níos lú acu – de réir staidéir ar a sláinte, tá ionchas saoil na bhfear ón lucht siuil inniu mar an gcéanna le hionchas saoil an phobail choitianta sa treimhse 1945-47 - mar gheall ar eitneacht na ndaoine. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ionchas saoil na bhfear ón lucht siúil ceithre bliana déag níos lú na fear ón bpobal coitianta. Tá leibhéal na bhfadhbanna meabhairshláinte níos coitianta ina measc; tá an ráta báis mar thoradh ar mheabharshláinte 5.75 uair níos mó i measc an luchta siúil. Tagann fadhb an chiníochais chun cinn go laethúil – cuimhnigh ar Pheadar Casey sa toghchán Uachtaránachta in 2018; caith súil ar an gcás a tháinig os comhair an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, áit ar deimhníodh go ndearnadh leithcheal ar bhean ón lucht siúil agus í ag cur óstáin in áireamh dá bainis; nó, arís eile, i mo cheantar féin ar Facebook i ndiaidh socraid nár lean le cúraim an rialtais i leith na paindéime – ní fhéadfainn an cineál teanga a bhí in úsáid a rá, ach is féidir leat a shamhlú ceard a bhí i gceist. An bhliain seo caite, tháinig gluaiseacht dhomhanda chun cinn i gcoinne an chiníochais – ní mór do shochaí na hÉireann níos mó a dhéanamh anseo sa bhaile, gan amhras. Ní bheadh sé ceart ná cóir críochnú gan dul chun cinn a aithint; ar bhonn caighdeáin saoil, tá Éire mar thír ‘ardfhorbartha’ ar scála HDI na Náisiún Aontaithe (is fiú a lua go dtógtar ionchas saoil agus blianta oideachais san áireamh anseo, rud a chiallaíonn nach dtagann fírinne an scéil i leith na ndaoine is leochailí chun cinn mar atá thuasluaite), tá córas cánach fhorásaigh againn, deimhnithe ag an OECD arís agus arís eile, agus tá athruithe geallta i gClár an Rialtais chomh maith – ar nós deireadh a chur leis an gcóras ‘soláthar díreach’, agus tithe sóisialta a thógáil. Ní mór don stát gníomhú ar son na maitheasa, áfach, agus iad siúd is mó i mbaol a chur chun cinn i ngach polasaí – is éasca an rud é tacaíocht a thabhairt ó bhéal, ach b’fhearr liomsa athruithe suntasacha a fheicéail.

35


Darragh Mac Conchoille

An tae nach bhfuil Éireannach ní foláir dó a bheith inbhuanaithe

LE MARK Ó HAIRTRÍ Conas bheith níos inmharthana agus tú i do mhac léinn sa lá atá inniu ann; comhairle ó shaineolaí óg. I láthair na huaire is dócha nach gcloisimid aon rud seachas caint ar thodchaí na cruinne agus an bhagairt atá ann don timpeallacht de bharr truaillithe. Le astaíochtaí gás ceaptha teasa ag dul i méid, stailceanna aeráide faoi lán seoil ar fud an domhain agus plaisteach ag déanamh ionradh ar gach gné den saol, bíonn sé éasca dearmad a dhéanamh ar na céimeanna dearfacha atá curtha i bhfearas ag daoine ar nós Darragh Mac Conchoille, 23 bliain d’aois, atá mar mhac léinn de chuid na teangacha domhanda anseo i gColáiste na hOllscoile Corcaigh. Cé go bhfuil sé sa Fhrainc faoi láthair mar chuid den bhliain Erasmus, thug sé spléachadh dúinn ar a shaol féin agus na nithe bheaga a dhéanann sé chun a lorg carbóin a laghdú, leis na rudaí a itheann sé ach go háirithe. Thug sé faoina aiste bia iomlán a athrú thart ar cúig bliana ó shin chun a bheith ina veigeán agus bhí sé mar fheoilséantóir ar feadh dhá nó trí bliana roimhe sin. “Ag an am, bhí mé fíor-thógtha le cearta ainmhithe ach anois cuirim níos mó béime ar chúrsaí timpeallachta agus mé féin á chothú le slánbhia atá taghta ó phlandaí.” arsa Darragh. Ní raibh aon pointe suntasach spreagúil amháin aige le linn a shaoil a bhí mar chúis leis an athrú seo. Nuair a fhiafraíodh de cad as a thagann a shuim i gcúrsaí folláine agus bídh dúirt sé “chun an fhírinne a rá, níl a fhios agam! Níor ith mé ach prátaí agus ispíní agus mé an-óg, mar sin ní féidir liom a rá gur rugadh mé leis an bpaisean sin!” Cuireann sé cuid den mhilleán ar an eacnamaíocht bhaile, a bhí mar ábhar aige sa mhéanscoil. “Bhain mé an-taitneamh as agus bhí múinteoirí den scoth agam a mhúscail an tsuim sin ionam.” Munar leor é sin, cuid lárnach den saol aige sa bhaile freisin is ea deachothú. “Tá bia mar chuid de gach rud atá ag tarlúint – picnicí, cóisirí, dinnéir, gach rud! Bíonn béilí mhaithe ann i gcónaí agus níl dabht ar bith ach go raibh tionchar dearfach aige sin ar an dearcadh atá agam anois.” Thosaigh sé blag in 2017 chun a chuid tuairimí agus

Breac

smaointí a chuir in iúl i slí saghas difriúil. Dar leis, bíonn sé “i gcónaí ag féachaint ar YouTube ach ní dóigh liom go mbeinn ró-mhaith ag déanamh vlaganna! Mar sin, bheartaigh mé ar bhlag a thosnú. Tá sé cosúil le dialann ar líne agus táim in ann labhairt mar gheall ar pé rud gur mhaith liom, mar shampla oidis, cúrsaí timpeallachta, agus rudaí eile freisin.” Baineann sé úsáid as a chuntas Instagram chun fógraíocht a dhéanamh don bhlag agus chun scéalta agus tuairimí daoine eile a roinnt agus tá ag éirí go maith leis mar tá 39,345 duine tar éis alt dá chuid a léamh, leath acu siúd ag cur futhu in Éirinn. Agus é ag trácht ar na buntáistí a bhaineann le haiste bia atá bunaithe ar phlandaí a leanúint, admhaíonn sé nach dochtúir atá ann ach go bhfuil sé “go mór den tuairim go bhfuil gá le níos mó plandaí a ithe chun corp sláintiúil a chothú.” agus gur cheart dúinn “an iomad bia próiseáilte” a sheachaint agus “níos mó béime a chur ar bhia cosúil le torthaí, glasraí, pónairí, cnónna, agus síolta.” Níos tábhachtaí fós, gnóthaíonn aiste bia mar seo i bhfad níos lú gáis ceaptha teasa agus “déanann sí maitheas don phláinéad.” Nuair a cuireadh ceist air mar gheall ar vegeanáir, thug sé le fios nach bhfuil sé ró-cheanúil air mar ní thaitníonn rúin na hathbhliana leis go ginearálta. Tá sé den tuairim nach

36


maith an rud é do shaol ar fad a athrú ag tús na bliana. É sin ráite, molann sé an treocht seo “toisc go gcuireann sé béim ar shlite itheacháin an phobail agus ardaíonn sé ceisteanna maidir le hinbhuanaitheacht chomh maith le heiticí an tionscail bídh.” Is minic nach éiríonn le daoine leanúint leis don bhliain ar fad. Ní gá go mbeadh sé sin mar sprioc ag éinne ach tá Darragh den tuairim “go bhfuil sé fíor-thábhachtach tú féin a cheistiú agus a rá leat féin ‘Cén fáth go bhfuil fonn orm é seo a dhéanamh?’ Mar shampla, b’fhéidir go bhfuil tú ag iarraidh oidis nua a thriall nó b’fhéidir go dteastaíonn uait níos mó glasraí a ithe. Pé cúis atá agat, smaoinigh ar sin agus tú ag déanamh vegeanáir. Tá sé tábhachtach roghanna a dhéanamh atá oiriúnach duit agus ní do dhuine eile. Molaim go h-ard éisteacht le do chorp féin agus dul le sin.”

Tá comhairle thábhachtach aige do mhic léinn atá ag iarraidh níos lú feola a ithe. “Muna bhfuil mórán muiníne agat ó thaobh do scileanna cócaireachta de, tá go leor áiseanna ar fáil ar líne, mar shampla oidis ar YouTube nó Instagram; faigh cúpla oidis a thaitníonn leat agus bain triail astu! Bain triail as na béilí a bhfuil suim agat iontu cheanna féin, mar shampla curaí le tófú nó sicphiseánaigh in ionad sicín! Ina theannta sin, tá an méid sin roghanna sna bialanna anois, béilí veigeánacha agus a leithéid. Ith iad!” Tá an méid sin rudaí gur féidir a dhéanamh go héasca agus gan mórán airgid nó go hiomlán saor in aisce ach an rud a mholfainn go mór ná dul isteach sa chistin agus do bhéilí a réiteach tú féin in ionad iad a cheannach sa siopa nó sa bhialann. Is rogha í atá i bhfad níos saoire agus níos sláintiúla. Tógann an chócaireacht níos mó ama i gcomparáid le béile réamh-ullmhaithe a cheannach, ach ar an iomlán tá an chócaireacht níos fearr duit agus don timpeallacht. Rudaí eile gur féidir leat a dhéanamh chun a bheith níos inmharthana ná éadaí a cheannach i siopaí carthanachta/siopaí sesanré agus gan iad a cheannach ó chomhlachtaí mearfhaisean, laghdú a dhéanamh ar an

37

méid dramhaíola atá i do shaol mar shampla do chupán féin a thabhairt go dtí an caifé in ionad cupán aon úsáide a thógaint, agus ‘vótáil’ a dhéanamh le do chuid airgid, sé sin le rá tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí áitiúla agus an geilleagar áitiúil a fhorbairt leis na rudaí atá á cheannach agat. Nuair a fhiafraíodh de faoi tháirgí inbhuanaithe, chuir sé béim ar thábhacht na gcómhábhar áitiúla seachas rudaí iompórtáilte ó thíortha i bhfad i gcéin a cheannach. Dúirt sé nach mholann sé “aon rud faoi leith!” ach go bhfuil sé “go hiomlán i ngrá le bainne coirce” agus go bhfuil “na seacláidí de chuid ‘Nobó’ dochreidte ar fad!” Más rud é go bhfuil fonn ort do chuid nósanna

bídh a athrú ar mhaithe leis an timpeallacht, tá go leor áiseanna ar fáil anois idir leabhair, podchraoltaí, físeáin agus a thuilleadh nach iad agus is é an moladh is mó a bhíonn ag Darragh i gcónaí ná “an focal ‘veigeán’ a chuardach ar Google.” Dar leis, “tiocfaidh na mílte rudaí suas, tá gach rud ann!” Comh maith leis sin, ó thaobh eolais agus oideas de, molann sé daoine cosúil le The Happy Pear, Roz Purcell, Max La Manna, Lauren Singer, Jack Harries, agus Gaz Oakley. Ina theannta sin, tá Darragh ag tabhairt íomhá nua-aimseartha, mealltach agus dearfach don veigeánachas. Níl aon amhras ann go dtiocfaidh borradh ar líon na ndaoine a bheidh á chleachtadh agus go mbeidh an inbhuanaitheacht faoi bhláth fad is a bheidh Darragh á chur chun cinn. Má chuirimid cuid de na hathruithe bheaga seo i bhfeidm mar aon leis na rudaí atá ar eolas againn cheana féin: laghdaigh, athúsáid, athchursáil… céim chun tosaigh ollmhór i slánú an phlainéid a bheadh ann gan dabht. Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Darragh ar www. plantpoweredhuman.ie


An Pocaire Gaoithe LE ANTÓIN Ó TRINLÚIN Ag cothrom na súl a bhíos le pocaire gaoithe, É ag ainliú thar Ghleann Glas na hUidhre; Féachadóir Dé ar crochadh ag bruach na spéire. Beannaithe ag an bhfoighne; Súil an chreachadóra ag faire na faille, Gan chorraí Sular thit sé Trí aithleá binn an tsamhraidh I dtreo na Siúire; Splanc aibhléise fé anáil na saoirse. Anois- neadaímse idir bhallaí; Clutharaithe ó thinneas, Agus mhaidineacha dúgheimridh. Ach nach mise atá ite ag éad, Agus mé ag taibhreamh fé fhabhcún Timpeallaithe ag Parthas.

Breac

38


FAISEAN

Na Dlíthe Chostais* in Éirinn sa 16ú hAois Déag LE GRACE CLARO Déanann Grace Claro cur síos ar an tslí a rinneadh na húdaráis Sasanacha iarracht na hÉireannaigh a chur faoi smacht sna 1500í trí srianta ar feisteas agus stíl gruaige a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Chuir rí Henry VIII na Bhreataine dlíthe costais i gcrích in Éirinn sna 1540í. Ba dlíthe iad a chuir srian ar an chuma a bhí ar dhaoine, an sórt feisteas a chaitheadar, an tslí a ghléasadh duine, agus an stíl gruaige a chaitheadar fiú. Bhíodh na dlíthe seo i bhfeidhm sna sochaí fheodach ó am na meán-aoiseach . Bhíodar an-éifeachtach le smacht a chur ar na daoine de bharr gur insigh chulaith a chaith duine cén stádas a bhí acu sa sochaí; an duine bocht nó duine den locht uasal iad. Mar shampla, ní raibh cead ag éinne seachas an rítheaghlach éadaí costasach ar nós síoda le snathaid óir inti a chaitheamh orthú féin. Anois, nuair a thugaimíd aghaidh ar Éireann sa 16ú aois, bhí Dlíthe na mBreithiúna faoin úsáid agus chaith formhór den phobail éadaí traidisiúnta le dúchas Ceilteach. Bhí an droch steiréaphláta faoi na hÉireannaigh a chruthadh Geraldus (scríobhneoir Anglo-Normannach ón 12ú aois) gur locht fiáin, fíochmhar iad na hÉireannaigh agus nach rabhadar in ann sochaí ceart a eagrú dóibh féin. Shíl sé gur chóir smacht a chur ar na ndaoine seo trí rialacha nua eachtrannach a chur i bhfeidhm. Lean an droch-mheoin seo ar aghaidh ar feadh na céadta blianta. Agus é mar rí Shasana, theastaigh Henry VIII fo-órdú a chuir ar Éirinn. Léirigh culaith dúchasach dlúthpháirtíocht agus aontacht i measc na hÉireannaigh agus ba shiombal ceannairceach é in adhaigh an tseilbh a bhí ag na Bhreatannaigh ar Éire. D’iarr Henry VIII gur cheart éadaí agus faisean Sasanach a chaitheamh ar gach duine. Bhí sé an thréan ar éadaí tradisiúnta ar nós an fallaing agus an torc Éireannach a chosc. D’úsáid an rí na dlíthe costias chun cumhacht a léiriú agus a láimhseáil. D’éirigh air dlíthe a chur i bhfeidhm sa tír idir na blianta 1535 agus 1537 a chur dian-srianadh ar na hÉireannaigh maidir le éadaí, nósanna, agus teanga na Sasanaigh a úsáid. Theastaigh uaidh go ghéillfidh na ndaoine in aghaigh na srianta agus dlíthe smachtúil seo. Sna 1530í bhí ar na saighdiúirí Éireannach a gcuid gruaige a ghearradh níos giorra ach leanadar ar aghaidh ag caitheamh gruaig fada, rud

nár thaithin leis na Sasanaigh ar aon chor. Ba iad na srianta seo ceann dos na chéad beartaí cóilíneach in aghaidh na hÉireannaigh ón 15ú aois ar aghaidh tríd na plandálacha. Ba iarracht iad na dlíthe chostais smacht a chur ar an oileán trí léirscrios a dhéanamh ar dhúchas agus féiniúlacht locht na hÉireann. Má tá fonn agat níos mó a léamh ar an ábhar seo, tá an alt seo le Margaret Jaster fíor-shuimúil: Jaster, Margaret, “Breeding Dissoluteness and Disobedience: Clothing Laws as Tudor Colonialist Discourse,”Critical Survey 13, No. 3, (2001): 61-77. (*Sumptuary Laws)

39


GRAFFITI

NA NGAEL LE DIEGO LEON

Nuair a smaoiníonn tú faoi muintir na nGael, is minic a thagann íomhá de muintir Daingean Uí Cúis nó Connamara chugat. Ach, le linn na tréimhse seo, tá níos mó gaeilgeoirí ag maireachtáil sna chatharacha. Chuigh Griangrafador Diego Leon chuig sraideanna cathar Chorcaí chun graffiti na nGael a aimsiú.

Breac

40


41


Breac

42


43


3 Cúis

Chun Gléasadh Suas Gach Maidin LE LUCY NÍ SHÍOCHÁIN An bhfuil tionchar ag ár gcleachtaí faisin ar ár meabhairsláinte agus muid sáite sa bhaile?

I

s beag ábhar céiliúrtha a thug 2020 dúinn, cuireadh lánstad ar cuid mhór don ghnáthshaol mar thoradh. Anuas ar sin chuireadh stop le gnáth nósanna faiseanta. Tá sé éasca dúinn sleamhnú isteach sna brístí reatha gach maidin agus muid sáite sa bhaile. Ach cén éifeacht atá ag ár roghanna faisin ar ár meabhair sláinte, an féidir linn a bheith ró-chompáirdeach? Ar ndóigh bhí sé deas fanacht sna culaith óiche ar feadh na maidine ar dtús, ach tar éis bliain fada

1

Bliain na Féincúrama

Tháinig nós faiseanta an féincúram chun tosaigh i rith na paindéime is iontach an rud é daoine a fheicáil ag díriú orthu féin. Casadh ár dtithe isteach i só-spánna agus muid ag déanamh cúram gruaige agus cóireáil aghaidhe sa bhaile. Anuas air sin, bíonn daoine ag déanamh níos mo aclaíocht, mar shampla ag déanamh iarracht 10,000 céim a sroichint gach lá. Tá dearcadh na hÉireannaigh tar éis athrú ó thaobh cúrsaí féincúrama. É sin go léir ráite, níl aon duine ag díriú ar an bhfaisean! Deir siceolaithe faisin gur fhoirm féíncúram é an gléasadh suas. Nuair a feicimid muid gleoite galánta mothaímid go bhfuil fiúntas déanta againn agus tá smacht againn ar ár saol. Is rud tábhachtach é seo sna amannta éiginnte atá ann.

2

Cabhraíonn sé linn a bheith in Ord is in Eagar

Tá sé tábhachtach chun gnáthnósanna dearfacha a chruthú dúinn féin agus muid sáinnithe sa bhaile. Déanta na firinne tá sé deacair teorainn a chruthú idir ár n-obair agus ár am scíthe lenár áit staidéir in aice na leapa. Is féidir lenár gcleachtaí faiseanta cabhrú linn fad a chur idir an saol oibre agus ár am saor. Caithimid éadaí áirithe agus muid ag déanamh acláíocht cén fáth nach caithimid éadaí áirithe agus muid ag obair? Tá sé riachtannach éirí as an culaith óíche ar feadh an lae oibre chun scarrúint a dhéanamh idir an dhá pháirt difrúil dár tsaol. Deir Carolyn Mair, síceolaí, go bhfuil nasc díreach idir roghanna faiseanta agus rátaí táirgiúlachta. Dá bhrí sin, cuir ort léíne deas maidin dé Luan agus is féidir leat sleamhnú ar ais isteach sa bhristí reatha um thráthnóna.

Is amhlaidh diomsa go bhfuil tábhacht ag baint lenár roghanna faiseanta caithfear cothromaíocht a aimsiú idir compord agus stíl chun cabhrú linn meanga a cur orainn le linn na hammanta deacair atá romhainn. Tá muid ag

Breac

dorcha, táimid go léir braon bailithe de. I rith na paindéime fásadh meabhair sláinte daltaí tríú léibhéal níos measa mar a bhí riamh agus tá féincúram níos tábhachtaí anois ná a bhí cheana. Is minic a deireann mo chairde liom ní fiu é agus mé suite sa bhaile. Ach de réir na siceolaithe faisin is fiú é, tar éis beagainín taighde a dhéanamh ar an ábhar fuaireas amach cé chomh tábhachtach atá ár n-éadaí ó lá go lá.

3

Is furasta nós a dhéanamh as!

Is deas an rud é a bheith ag féachaint snasta. Is aoibhinn linn go léir spléacadh a fháil dúinn féin sa scáthain agus muid gléasta go péacach. Ní féidir a shéanadh go bhfuil difríocht ollmhór idir cad a fheictear sna scátháin agus ar na scáileáin na laeantha seo, tá ár n-amlíntí ar Instagram plódaithe le tionchairí gléasta go barr na méar in éadaí gleoite galánta. Agus muid ag gliúcracht agus ag gliocaireacht ar na scáiléain deirimid ó b’aoibhinn liom a bheith gléasta suas cosuil le Roz Purcell nó Sophie Murray agus is féidir linn. Is cinneadh é éirí ar maidin agus feisteas deas a chuir orainn féin. Is dea-cleachtadh é agus cabhróidh sé linn triail a bhaint as roinnt stíl nó aestéitic éagsúil. Mar thoradh éireoimid as an dianghlasáil níos faiseanta ná bhíomar riamh!

gléasadh dúinn féin agus níl aon locht ag baint le sin. Ta dualgas againn go léir tabhairt aire dúinn féin le linn na paindéime é agus impím orainn go léir na brístí reatha a bhaint, is coir iad in aghaidh na faisin iad!

44


45


STÍL NA NGAEL

Griangraifeanna: Niamh De Brún Diego Leon Grace Claro

Maincíní:

Míle Buíochas le: Doon Dah Vail Póg the Kiss Hoopla Focal Execute Exist

Culann McCarthy Amy Heffernan

Breac

46


47



49



Turn static files into dynamic content formats.

Create a flipbook
Issuu converts static files into: digital portfolios, online yearbooks, online catalogs, digital photo albums and more. Sign up and create your flipbook.