2 minute read
SeachtainnaGaeilge2023leisan gCuallacht
LE ORLA LEAHY | EAGARTHÓIR GAEILGE
San alt seo, bíonn Orla ag caint le Oisín Ó Síocháin, Cathaoirleach na Cuallachta Gaelaí
Cad é aidhm na Cuallachta timpeall ar Sheachtain na Gaeilge gach bliain agus cén difríocht atá idir an aidhm atá agaibh an tseachtain seo agus aidhm na seachtainí eile i rith na bliana?
"Is é sprioc na Cuallachta i rith Sheachtain na Gaeilge deiseanna a chur ar fáil do dhaoine a gcuid Gaelainne a úsáid, agus cúrsaí teangan a phlé, trí imeachtaí a reáchtáil Gan dabht, ó thus go deireadh na bliana is iomaí imeacht a bhíonn ar bun againn, idir imeachtaí sóisialta, imeachtaí oideachais, turais agus eile Tá eolas anfhorleathan ar Sheachtain na Gaeilge, áfach, agus dá bharr san is iontach an deis é níos mó daoine a mhealladh i dtreo na teangan agus i dtreo na Cuallachta, chomh maith "
Cad iad na heachtraí agus imeachtaí a bheidh ar siúl agaibhse i mbliana?
"Beidh an clár iomlán le fáil ar ár leathanach Instagram, chomh maith le meáin shóisialta Aontas na Mac Léinn féin Beidh aoichainteoirí ag teacht chugainn ó gach cuid don dtír chun gach gné de shaol na Gaeilge a phlé. Beidh roinnt imeachtaí sóisialta ar bun againn, agus beimid ag obair i gcomhpháirt le Cumainn eile ar réimse imeachtaí eile Agus dar ndóigh, beidh buaicphointe na bliana againn ar an 15ú Márta, nuair a bhaileoidh ár mbaill in Óstán an Metropole ar Shráid Mhic Churtáin do Bhál mór na nGael!"
Do scoláirí nach bhfuil acu ach cúpla focal, an bhfuil deiseanna sa Chuallacht do dhaoine a bhaineann le gach leibhéal Gaolainne a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge?
"Tá gan dabht! Bíonn fáilte roimh chách sa Chuallacht, beag beann ar a gcumas Gaelainne Tá roinnt oícheanta scannáin eagraithe againn le linn na bliana, oícheanta a mhealann daoine le beagán Gaelainne chomh maith le cainteoirí líofa Bíonn Ciorcal Comhrá againn gach Luan sa Seomra Caidrimh ar a 1 a chlog; atá oscailte don uile dhuine. Chomh maith leis sin, eagraímid oícheanta do mhic léinn idirnáisiúnta, chun léargas a thabhairt ar chultúr na nGael is ar an dteanga féin."
Cad é an eachtra nó cad iad na himeachtaí is mó a bheidh agaibhse i mbliana?
"Ó thaobh uimhreacha de, níl aon dabht ach gurb é Bál na Gaeilge an t-imeacht is mó Cuirfidh an Bál críoch le Seachtain na Gaeilge, agus níl aon amhras ach gur oíche den scoth a bheidh ann Chomh maith leis sin, d’eagraíomar dhá thuras mhóra le linn 2022/2023; ceann amháin go dtí Oireachtas na Samhna agus ceann eile go Béal Feirste Bhí a lán oibre i gceist leis na turais gan dabht, ach tá sé ríthábhachtach dúinn go gcífeadh is go gcloisfeadh ár mbaill an Ghaelainn á labhairt taobh amuigh de Chorcaigh "
Inis dom faoin iris Breac, irisleabhar atá ar an bhfód le 3 bliana anuas.
"Is é Breac iris bhliantúil na Cuallachta Cuirimid fáilte roimh altanna ó mhic léinn na hollscoile, ar réimse mór ábhar – altanna nó aistí, píosaí próis, dánta, agallaimh agus eile! Ní mór go gcloisfí glór na n-óg, guthanna na mac léinn, agus tugann Breac an deis do dhaoine a gcuid a rá agus a dtuairimí a chur i gcló!"
Do scoláirí le suim sa Choiste féin, cathain a bheidh an deis acu a bheith páirteach mar chuid den Choiste sin?
"Beidh Cruinniú Cinn Bliana na Cuallachta á reáchtáil i mí Aibreáin Mholfaimis do gach éinne a bhfuil spéis acu sa Ghaelainn, a bhfuil a gcroí sa teanga, agus ar mian leo í a chur chun cinn san ollscoil, páirt a ghlacadh sa Choiste sin Tá ceithre phost déag ar an gCoiste, go gach bliainghrúpa Coimeád súil amach don data sin!"
An bhfuil aon eolas eile le roinnt agaibhse linn?
"Is féidir an Chuallacht a leanúint ar Instagram ag @anchuallachtucc - bígí linn a chairde!"