7 minute read

Bíonn Dhá Insint ar Gach Scéal

Roibeard Ó Cathasaigh

Dhá thuairisc ar bhabhta seana-chaide/caid bhóthair a imríodh i nDún Chaoin ó bhéal beirte – Micil Ó Briain (1907-’93) Dún Chaoin is Na Dúnta, agus Peig Sayers (1873-1958) An Blascaod Mór is Dún Chaoin.

Advertisement

Comhthéacs

B’é mo phríbhléid taifead a dhéanamh ar an tuairisc seo a leanas ó bhéal Mhicil Uí Bhriain1, Dúnta na Min Airde i 1984, Bliain an Chéid CLG, le linn dom beagán taighde a dhéanamh ar stair CLG Lios Póil. Tráchtann an cuntas seo ar bhabhta seana-chaide, nó caid bhóthair a imríodh i nDún Chaoin, agus a foilsíodh le déanaí i Laochra Lios Póil 2. Ó bhéal an scéalaí cáiliúil Peig Sayers an tarna hinsint, mar atá ar fáil san atheagrán de Beatha Pheig Sayers 3 a scríobh Mícheál Ó Gaoithín síos óna mháthair c.1940.

a) Insint Mhicil

Dhera, bhí a lán scéalta, ansan, bhíodh scéal a thit amach thiar i nDún Chaoin, chloisinn go minic é sin. Bhí dhá thaobh an pharóiste, bhí An Cheathrú agus Baile na hAbha ón dtaobh so, an paróiste ag síneadh siar ó dheas ansan an chuid eile dhó, an dtuigeas tú. Agus an Domhnach so bhailíodar an áit san barra na haille, Móinteán, caitheadh an chaid san aer san áit san, ach go háirithe, agus am baiste féin, bhí sé seo, Scanlon ab é ón gCeathrú, ó Micil Ó Briain, Na Dùnta: bhí sé ar nós éin chun léime, an diabhal fhéin Íomhá reoite le de cheol ann. Joan Horgan a ghlaoidís ar a

Roibeard Ó Cathasaigh mháthair sin, ceathrar mac a bhí aici. Ach bhí an mac so Muirisín, bhí ceol an diabhail fhéin ann chun caide. Ach bhí an chaid aige sin agus bhí sé ag rith i dtreo a bhaile fhéin gan dabht, agus bhí an gleann mór doimhin síos mar sin, trí, ó Bhaile an Ghleanna síos go Baile na Rátha go Béal Átha – Gleann Dearg a ghlaonn siad air. Ach bhíodar á theanntú i gcoinne an ghleanna, an dtuigeas tú, agus bhí a fhios acu ná féadfadh sé an gleann a léimeadh leis an gcaid. Níor dhein sé aon diabhal faic, a mhic ó, ach, bhí an chaid faoina ascaill aige, agus thug sé faoin ngleann agus léim sé leis an gcaid é, dhá throigh is fiche, agus bhí cith ag titim, agus bhí an tóir ina dhiaidh, chaitheadar stad, n’fhéadfaidís féachaint ar an ngleann, bhí sé róleathan dóibh. Luíodar i gcoinne an chlaí ansan sa bhfoithin. Ach dh’iompaigh sé timpeall leis an gcaid ag magadh fúthu, agus ’sé dúirt sé leo: ‘Éinne ná fuil léim mhaith anois aige, féadfaidh sé a dheireadh a thabhairt don gclaí!’ Shiúlaigh sé leis abhaile leis an gcaid. Bhí an tAll-Ireland buaite aige an lá san.

b) Insint Pheig Sayers

Áit nótálta chun peile ab ea Dún Chaoin. Is beag Domhnach nó lá saoire ná bíodh sí dá imirt i mball éigin. Bhídís ag teacht aduaidh is aneas; aoinne go mbíodh aon mhaith ann ní bheadh sé sásta mura bhfeicfí i measc na bhfear ag Crosaire Bhaile na hAbha é. Is minic do mheall fear acu bean mar do bhíodh na mná óga agus aosta bailithe ann ina gcomhthionól, is ní díomhaoin a bhídís: bhíodh a súil ar bhuachaill éigin. An fear is fearr a d’imreodh an chaid an lá san is air sin a bheadh mná óga an pharóiste ag caint. Deirim leat go molfaí é agus is minic a bhíodh titeam amach acu féin le chéile mar gheall air. Do bhí fear áirithe sa pharóiste agus sin é do chaitheadh anairde an chaid. Ar chlaí an bhóthair bhíodh na mná ina seasamh. Do tharlaigh go raibh an chaid dá imirt i nDún Chaoin lá áirithe agus do bhailigh na sluaite aduaidh agus aneas go bhfeicfidís an cluiche is go rabhadh cuid acu ag imirt. Tháinig na mná, óg agus críonna, ag féachaint orthu. Nuair a bhíodar bailithe ag Droichead Bhaile na hAbha do tháinig Griaire Ághas amach as

14 Corca Dhuibhne Beo

an slua agus an chaid ina láimh. Thug sé ordú dos na fir a bhí ina seasamh go cíocrach féachaint amach dóibh féin, is gan feall a dhéanamh ar éinne ach an lá do chur isteach is an cluiche do chríochnú fé mar do dheineadh a seana-mhuintir do tháinig rompu. Ansan do chaith sé anáirde an chaid os cionn na bhfear. Sin é an uair a bhí an gíotam agus an cibeal, is an dul trí chéile, ag droichead Bhaile na hAbha. Fé mar cuirtaí an chaid suas an bóthar do churtaí an fhaid chéanna síos i ndiaidh a gcúil iad. Bhí an lá ag dul ar an muintir thuaidh. Is leo san a bhí muintir Bhaile na hAbha is na Ceathrún ag cabhradh. San am san do bhí táilliúr ar an gCeathrúin. Do mhuintir Scanláin ab ea é. Siobhán Ní Argáin an bhean a bhí pósta aige. Bhíódh sé ag díol aráin bháin agus té, agus ní raibh fear b’fhéidir chomh lúfar leis ag dul ó aon taobh ’on Daingean. Deireadh daoine nár tháilliúr rómhaith é chun balcaisí éadaí a dhéanamh, ná tugaidís caitheamh ceart uathu a thabharfaidís dá mba tháilliúir go mbeadh a dhintiúirí aige do dhéanfadh iad. Do bhí an táilliur i measc lucht na himeartha an lá san agus do chonaic sé go raibh an lá ag dul ar a mhuintir fhéin. Pé cuma gur casadh an chaid ina threo fuair sé greim docht uirthi. Agus seo leis trasna páirce agus an chaid aige. Seo an chuid eile dos na fearaibh ar a thóir, an táilliúr rompu is iad thiar lena shála. Do bhí sé ag coimeád rompu go dtí gur chuadar go dtí an nGleann Dearg, gleann mór lán do sceacha i lár pharóiste Dhún Chaoin. Tá an gleann so ocht troithe déag ar leithead ó scéimh thuas an ghleanna go dtí an port thall. Cheapadar go raibh an táilliúr sáraithe acu, go staonadh sé go raghadh sé go scéimh an ghleanna is go mbainfidís an chaid do. Ach b’fhada siar in intinn an táilliúra a leithéid a dhéanamh. Ní raibh de mhachnamh aige is é ag déanamh ar an nGleann dearg ach a raibh aoinne ina dhiaidh sa tóir do léimfeadh an gleann, má bhí go raibh sé féin sáraithe. Seo leis chun an ghleanna. Do chaith sé uaidh an chaid anoon is d’éirigh sé féin do léim ar nós an éin ó scéimh an ghleanna nó go bhfuair sé leithead bhoinn a dhá chois ar an dtaobh thall don ngleann. Bheir ar an gcaid go móréiseach agus dhéanfadh sé an bheart mar ní raibh aon fhear eile d’fhéadfadh an léim a chaitheamh, mara mbeadh Seana-Pheaidí Ó Freála is é ina dhuine aosta. D’éirigh amach as an gclaí agus do ghreamaigh sé an táilliúr agus do choinnibh ansan é nó gur tháinig an chuid eile dos na fearaibh suas. ‘… Dia leat, a Pheaidí Ó Freála,’ arsa a bhean ag teacht amach as an ngasra mhór ban a bhí tagaithe ar an láthair, mura mbeadh tu bheadh buaite glan ag an muintir thuaidh orainn… Beidh léim an táilliúra sa Ghleann Dearg mar chuimhne againn, pé duine againn is sia a mhairfidh ar imirt an lae inniu.’

Clabhsúr

Faighimid pictiúr gléineach d’imirt peile/caide sa dá thuairisc bheoga seo, ar ghné thábhachtach de shaol soisialta ár muintire romhainn, agus gné den saol atá ceilte orainn fé láthair de bharr Covid. Éiríonn go leor ceisteanna as an dá insint, ach ceal spáis anso, díreod ar cheann acu, i dtaobh laoch na h-imeartha – an Scanlánach ón gCeathrú – atá luaite sa dá insint. Micil: ‘Scanlon ab é ón gCeathrú, Joan Horgan a ghlaoidís ar a mháthair … an mac so Muirisín …’; Peig: ‘Do mhuintir Scanláin ab ea é. Siobhán Ní Argáin an bhean a bhí pósta aige.’ B’é’n 25 Feabhra 1883 dáta breithe Mhaurice Scanlon i gClárleabhar na mBaistí do Pharóiste an Fheirtéaraigh, Johanna Horgan a mháthair agus Patrick Scanlon a athair, a fhágann fíricí Mhicil cruinn ina insint siúd den eachtra. Dá réir sin, má chuirimid scór bliain le 1883, seans gur ag casadh an chéid seo chaite a tharla an babhta caide atá i gceist anso. Ar an dtaobh eile den scéal, dá mba Phádraig laoch na h-imeartha, agus ag cur san áireamh gur sna 1860í a tógadh Droichead Bhaile na hAbha, is dóichí gur idir 1860 agus 1890 a tharla an t-eachtra 4. Ar deireadh, seans go bhfuil scéal eile folaithe in insint Pheig nuair a luann sí gur ‘dhuine aosta’ ‘do ghreamaigh’ agus ‘do choinnibh’ an t-óigfhear a bhí i mbláth a shaoil – ceist do lá níos faide anonn, b’fhéidir!

1 Saolaíodh Micil i nDún Chaoin, ach d’aistrigh a mhuintir ón gCeathrú go Dúnta na Min Airde fé Acht Wyndham,1911. Pádraig (Bobby) Ó Briain (18711953) a athair agus Siobhán Ní Charthaigh (1873-1959) ó Chom Dhíneol a mháthair. Is dóichí gur óna mhuintir fhéin a fuair Micil an seanchas caide seo. 2 Pádraig Ó Grífín, Laochra Lios Póil (CLG Lios Póil 2020), 349-50. 3 Liam P. Ó Murchú (eag.), Beatha Pheig Sayers (an Sagart, An Daingean 2019), 60-1. 4 Táim buíoch do Dháithí de Mordha, Dún Chaoin, a threoraigh mé i dtreo an eolais seo.

This article is from: