5 minute read
Plean Teanga Chiarraí Thiar
Luíochán Lios Póil Trí Shúile Ógánaigh
Roibeard Ó Cathasaigh
Advertisement
Bláthfhleasc á leagadh
Grianghraf le Tony Bergen Ag leanúint óm alt ar Luíochán Lios Póil san eagrán déanach de Chorca Dhuibhne Beo, seo tuairisc ar an luíochán ó bhéal Mhicil Uí Bhriain (1907-’93), a bhí ina ógánach ceithre bliana déag lena linn. 1 Roibeard: Anso lem ais tá ár seanachara Micil Ó Briain ósna Dúnta, agus tá sé chun labhairt linn inniu fé Chogadh na Saoirse mar a bhí sé sa pharóiste anso. Cogar, a Mhicil, a raibh aon bhaint agatsa leis na hÓglaigh? Micil: Ara, bhíos óg, dosaen bliain nó mar sin an uair sin. Bhíos sna Boy Scouts a ghlaoidís orainn. R: Agus cé bhí in bhur bhfeighil? M: Ahh, i Lios Póil do bhí Jack Sullivan ó Bhaile Ístínigh, bhí Tom Day ann, bhí John Devane thuas in Arda Mór, Mícheál Ó Cathalláin anso thuas ó Ghoulán – bhí sé ina oifigeach iontu. Bhíodh buíon – bhí céad ceann acu i Lios Póil an uair sin, bhí cheithre bhuíon déanta dhóibh. R: Desna leaideanna óga? M: Sea, bhíomarna thíos ar an Min Aird, ceathrú Baile na Saor soir, bhí ceathrú eile siar bun na gcnoc, ceathrú eile taobh Chinn Aird – cheithre cheathrú ar fad ’na Boy Scouts an uair sin. Ach ansan, nuair a tháinig na Tans ’on nDaingean do bhí drochfhuadar fúthu agus bligeardaíocht á thaibhreamh dóibh… R: Thugadar fé Mhuintir an Droichid leis, nár dhein? M: Dheineadar, Domhnach, is thánadar amach ar an nDroichead thiar, bhí na leaideanna ansan timpeall an Droichid, bhídis in airde ar Stábla Chasey, bhídis ag imirt chártaí ann. Ansan ag ceann an Droichid, agus ambaiste, chuireadar amach ar an mbóthar iad, cheanglaíodar suas iad, chaiteadar isteach i seanathigh Tomáisín Fitz iad, agus dhúnadar amach an doras orthu, bhíodar caite isteach ar an úrlár acu ar nós seanachearca. Ach, bhí an bligeardaíocht sin ar siúl acu, ach, dheineadar suas ansan go dtabharfaidis fúthu. Gan dabht ansan, an Cathallach ó Thrá Lí, b’in é an brigadier anso – Paddy Cahill – b’in é an ceann, agus chuireadar a gcinn le chéile go ndéanfaidís ambush anso thiar orthu an Domhnach so, agus an oíche roimh ré thánadar ón Leitriúch, agus thánadar ó Thrá Lí, is thánadar ó Chaisleán na Mainge, is thánadar ó gach aon áit. R: ’B’é sin an Domhnach, ab ea? M: Dé Sathairn, agus chaitheamar slí a dhéanamh dóibh, bhí ceathrar againn fhéin acu, ach go háirithe, bhí dhá leaba i seomra againn, ón Leitriúch ab ea iad san. Ach ar maidin ansan, maidin Dé Domhnaigh, maidin lá arna mhárach, ní raibh ’fhios againn-ne éinní nuair a thángamair ón aifreann. Bhíodh an t-aifreann déanach an uair sin, aon déag a chlog a thosnaíodh sé, agus cuimhním go maith air, thángamair abhaile ón aifreann, bhí sé dó dhéag a chlog is dóigh liom, is hanam ’on diabhal, nuair a thánga isteach, bhí an tigh istigh, ceathrar nó cúigear istigh is raidhfilí caite
16 Corca Dhuibhne Beo
anso is caite ansúd timpeall an tí. Dh’aithníos iad, dh’aithníomair iad, ón nDaingean ab iad san, Micheál Cleary is Tommy Fitz is Mick Harrington, Seán Kennedy ó Bhaile na Buaile – seanashaighdiúir ó arm Shasana ab eá é sin – ana-ana fhear gunna ab ea Seán. Bhí mo mháthair a déanamh té dhóibh. Líon an bóthar suas leo ansan, bhailíodar anuas is fuaireadar ullamh. Sure, bhí na gunnaí thoir i dtigh – pé gunnaí a bhí acu – thoir i dtigh béal a’ dorais againn, Tigh a’ Ghearaltaigh. Agus fuaireadar ullamh ansan, an bóthar siar leo, sinn ag féachaint orthu, agus bhíodar ár gcoinne anoir an bóthar, agus gunna ages na h-aon duine acu – an cnoc suas. Shocraíodar iad fhéin ansan thiar ansan (an t-agallamh ar siúl againn i nGarraí Ard) sa seanascoil (Scoil Arda Mór cois sáipéil) thiar ansan, bheadh na Tans a teacht amach timpeall a dó a chlog – sa seanascoil thiar agus sa seanabhóthar thuas (an cúlbhóthar laistiar den sáipéal ón nDroichead go Gráig go Garraí na dTor). Ambaiste, bhíomair a’ feitheamh go gcloisfimis na piléir, is níor tháinig aon philéar. Timpeall a dó dhéag a chlog a thiocfaidís amach. Níor thánadar amach in aon chor an lá san. Ach, scaipeadar amach ansan aríst an oíche sin, chuadar siar go Cinn Aird, suas go Gualainn, go Lios Deargáin, go Goulán is gach aon áit, anso is ansúd i dtithe. Ach, Dé Luain, níor thánadar amach – na Tans. Ach an tríú lá ansan Dé Máirt, b’in é an lá ansan a thánadar amach. Ach bhí focal fachta acu go rabhadar a’ feitheamh leo i Lios Póil, agus cad a dheineadar, ach chuadar suas go barra an Chonaire i lorraí Dé Máirt agus na gloiní acu is bhíodar ag féachaint síos ar Lios Póil. Ara, chonaiceadar nach aon chor a dheineadar thíos fúthu, leis an gloiní. D’itheadar an dinnéar ansan is thánadar amach, agus chuadar isteach, ambaist, thiar go dtí’n Máistir 2 i Lios Póil, d’fhágadar an lorraí ar an mbóthar. Agus an ceann a bhí orthu, bhí sé ráite gur in Abhainn a’ Scáil a tógadh é, Hamilton, mac ministir ab ea é, saighdiúir glan, ana-shaighdiúir, saighdiúir glan ab ea é – agus chuir sé isteach focal go dtí an Máistir gan aon leanaí scoile a ligint amach, go mbeadh na piléir á gcaitheamh. Ní dhein, ambaist. Thánadar i leith an bóthar a siúl ansan, scoilteadar ansan, chuaigh leath acu síos, bóthar Johnny Barrett síos (Cluain Chumhra) taobh so, chuaigh an leath eile suas drom bhur dtighne soir (Cathasaigh, Páirc an Teampaill). Bhí machine gunna ag ceann acu, agus thosnaigh sé sin ar an seanabhóthar mar a raibh na leaideanna, agus th’anam ’on diabhal, bhí sé ina chogadh dearg ar feadh cúpla uair a chloig, sin é mar a bhí an scéal acu. Ach, buaileadh an t-Ághasach agus buaileadh Tommy Hauley ó Thrá Lí, agus buaileadh fear eile ón Leitriúch, tháinig sé sin isteach go dtí do mháthair chríonna Cáit (Sítheach ó Chathair Phiarais, Uí Shúilleabháin) agus fuil ag imeacht leis, ach strac sí braillín agus cheangail sí suas an lámh, ansan sa ghoulainn a bhí sé buailte – Cáit ‘Curney’ do sheanamháthair críonna – agus cheangail sí suas é, ambaist, bhí beirt nó triúr ina theannta – drom a tí, an cúldoras amach ansan leo, agus sara dh’imigh sé amach, chuir sí leathphiúnt fuiscí síos ina phóca i gcóir a bhóthair. Agus chuaigh sé go Meirice ina dhiaidh sin, agus tháinig sé abhaile i gceann deich mbliana agus tháinig sé isteach anso thoir (Tabhairne Uí Shúilleabháin, Garraí na dTor) lá agus bhí sé a lorg t’athair críonna Joe, ní raibh sé timpeall, ach pé duine acu a bhí istigh, n’fheadar arbh é Tony nó Kathleen, dúirt sé cérbh é fhéin, Mac Uí Dhálaigh ón Leitriúch ab ea é, agus woundálach san ambush é, agus do sheanmháthair chríonna a shábháil a anam leis an leathphiúnt fuiscí a thug sí dhó. Bhí san fíor, glan – bhí, Mac Uí Dhálaigh!